European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1624

19.6.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1624 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Bealtaine 2024

maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is í Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an phríomhionstraim dlí lena gcoisctear úsáid chóras airgeadais an Aontais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta. Leis an Treoir sin leagtar amach creat dlíthiúil cuimsitheach, a neartaíodh a thuilleadh le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá ag teacht chun cinn agus trédhearcacht na húinéireachta tairbhiúla a mhéadú. D’ainneoin na n-éachtaí faoin gcreat dlíthiúil sin, is léir ón taithí a fuarthas gur cheart feabhsuithe breise a thabhairt isteach chun rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a mhaolú go leordhóthanach agus chun iarrachtaí coiriúla chun mí-úsáid a bhaint as córas airgeadais an Aontais chun críoch coiriúil a bhrath go héifeachtach.

(2)

Is é an príomhdhúshlán a sainaithníodh i leith chur i bhfeidhm fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 lena leagtar síos oibleagáidí ar eintitis faoi oibleagáid, nach bhfuil na rialacha a leagtar amach sna forálacha sin infheidhme go díreach agus go bhfuil an cur chuige ilroinnte ar bhonn náisiúnta. Cé gurbh ann do na rialacha sin agus gur tháinig forbairt orthu in imeacht tríocha bliain, tá siad fós á gcur chun feidhme ar bhealach nach bhfuil iomlán comhsheasmhach le ceanglais margaidh inmheánaigh chomhtháite. Dá bhrí sin, rialacha maidir le hábhair a chumhdaítear faoi láthair i dTreoir (AE) 2015/849 a d’fhéadfadh a bheith infheidhme go díreach ag na heintitis faoi oibleagáid lena mbaineann, is gá aghaidh a thabhairt orthu i Rialachán chun aonfhoirmeacht inmhianaithe an chur i bhfeidhm a bhaint amach.

(3)

Tá an ionstraim nua seo mar chuid de phacáiste cuimsitheach arb é is aidhm dó creat an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta (‘AML/CFT) a neartú. Nuair a chuirtear an Rialachán seo agus Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) le chéile le Rialacháin (AE) 2023/1113 (7) agus (AE) 2024/1620 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cruthófar creat dlíthiúil lena rialófar ceanglais AML/CFT a bheidh le comhlíonadh ag na heintitis faoi oibleagáid agus a bheidh mar bhonn taca faoi chreat institiúideach AML/CFT an Aontais, lena n-áirítear an tÚdarás um fhrithsciúradh airgid agus um chomhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (‘AMLA’) a bhunú.

(4)

Is minic is i gcomhthéacs idirnáisiúnta a dhéantar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Bheadh tionchar an-teoranta ag bearta a ghlacfaí ar leibhéal an Aontais, gan comhordú ná comhar idirnáisiúnta a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta a ghlacann an tAontas sa réimse sin a bheith comhoiriúnach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a bheith ar a laghad chomh dian céanna leo. Agus gníomhaíocht á déanamh ar leibhéal an Aontais, ba cheart leanúint d’aird ar leith a thabhairt ar mholtaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus ar ionstraimí de chuid comhlachtaí idirnáisiúnta eile atá páirteach go gníomhach i gcomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. D'fhonn éifeachtúlacht chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a threisiú, ba cheart gníomhartha dlí ábhartha an Aontais, i gcás inarb iomchuí, a ailíniú leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac arna nglacadh ag FATF i mí Feabhra 2012 (‘Moltaí athbhreithnithe FATF’) agus leasuithe ina dhiaidh sin ar na caighdeáin sin.

(5)

Ó glacadh Treoir (AE) 2015/849, rinneadh forbairtí le déanaí ar chreat dlí choiriúil an Aontais a rannchuidigh le cosc agus comhrac an sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a neartú. De bharr Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) thángthas ar chomhthuiscint ar choireacht an sciúrtha airgid agus a chionta preideacáide. Le Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) sainmhínítear coireanna airgeadais lena ndéantar difear do leas airgeadais an Aontais, agus ba cheart a mheas gur cionta preideacáide iad freisin i leith an sciúrtha airgid. Le Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) thángthas ar chomhthuiscint ar choireacht an mhaoinithe sceimhlitheoireachta. Ós rud é go dtugtar soiléiriú anois ar na coincheapa sin i ndlí coiriúil an Aontais, ní gá sainmhíniú a thabhairt anois ar sciúradh airgid, a chionta preideacáide ná maoiniú sceimhlitheoireachta i rialacha AML/CFT an Aontais. Ina ionad sin, ba cheart creat AML/CFT an Aontais a bheith go hiomlán comhleanúnach le creat dlí choiriúil an Aontais.

(6)

Leis an gcomhchuibhiú i réimse ábhartha an dlí choiriúil, cumasaítear cur chuige láidir comhleanúnach ar leibhéal an Aontais maidir le sciúradh airgid agus a chionta preideacáide, lena n-áirítear éilliú, a chosc agus a chomhrac. An tráth céanna, áirithítear leis an gcur chuige sin gur féidir leis na Ballstáit a ghlac cur chuige níos leithne maidir leis an sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí coiriúla ar cionta preideacáide i leith sciúradh airgid iad leanúint de chur chuige den sórt sin a chur i bhfeidhm. Ar an gcúis sin, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1673, maidir le haon chineál rannpháirtíochta inphionóis i ndéanamh ciona preideacáide i leith sciúradh airgid arna choiriúlú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart sin a mheas freisin mar ghníomhaíocht choiriúil chun críoch na Treorach sin agus an Rialacháin seo.

(7)

Tá an teicneolaíocht ag forbairt go leanúnach, rud a thairgeann deiseanna don earnáil phríobháideach táirgí agus córais nua a fhorbairt lenar féidir cistí nó luach a mhalartú. Cé gur dearfach an feiniméan é sin, is féidir go nginfear rioscaí nua maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta dá dheasca sin, de réir mar go mbíonn coirpigh de shíor ag aimsiú bealaí chun teacht i dtír ar leochaileachtaí d'fhonn cistí aindleathacha a cheilt agus a aistriú timpeall an domhain. Tá soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus ardáin sluachistiúcháin neamhchosanta ar mhí-úsáid na mbealaí nua le haghaidh gluaiseacht airgid aindleathaigh agus tá siad in áit mhaith chun na gluaiseachtaí sin a bhrath agus na rioscaí a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme reachtaíocht an Aontais a leathnú chun eintitis den sórt sin a chumhdach, i gcomhréir le caighdeáin FATF i ndáil le cripteashócmhainní. An tráth céanna, le dul chun cinn sa nuálaíocht, mar shampla forbairt na meiteachruinne, cuirtear bealaí nua ar fáil chun coireanna a dhéanamh agus chun na fáltais a sciúradh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach forairdeall a dhéanamh maidir leis na rioscaí a bhaineann le soláthar táirgí nó seirbhísí nuálacha, cibé acu ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, nó ar leibhéal na n-eintiteas faoi oibleagáid.

(8)

Bíonn ról ríthábhachtach ag na hinstitiúidí agus na daoine a chumhdaítear leis an Rialachán seo mar mhaoir geataí chóras airgeadais an Aontais agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, na bearta uile is gá a dhéanamh chun ceanglais an Rialacháin seo a chur chun feidhme d’fhonn cosc a chur ar choirpigh fáltais a ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú leo. Ba cheart bearta a chur ar bun freisin chun maolú a dhéanamh ar aon riosca a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.

(9)

Leis an sainmhíniú ar idirghabhálaí árachais faoi Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), cumhdaítear raon leathan daoine nádúrtha nó dlítheanacha a théann i mbun na gníomhaíochta dáilte árachais nó a shaothraíonn an ghníomhaíocht sin. Téann roinnt idirghabhálaithe árachais i mbun gníomhaíochtaí dáilte árachais faoi fhreagracht iomlán gnóthas árachais nó idirghabhálaithe árachais agus cuireann siad gníomhaíochtaí i gcrích faoi réir a mbeartas agus a nósanna imeachta. I gcás nach mbailíonn na hidirghabhálaithe sin préimheanna nó méideanna atá beartaithe don chustaiméir, don sealbhóir polasaí nó do thairbhí an pholasaí árachais, ní bhíonn siad in ann dícheall cuí fóinteach a dhéanamh ná idirbhearta amhrasacha a bhrath agus a thuairisciú. I bhfianaise an róil theoranta sin agus ós rud é go n-áirithíonn na gnóthais árachais nó na hidirghabhálaithe árachais, ar faoina bhfreagracht a sholáthraíonn siad seirbhísí, cur i bhfeidhm iomlán cheanglais AML/CFT, níor cheart idirghabhálaithe nach láimhseálann cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a mheas mar eintitis faoi oibleagáid chun críoch an Rialacháin seo.

(10)

Cuideachtaí sealbhaíochta a dhéanann gníomhaíochtaí measctha agus a bhfuil fochuideachta amháin ar a laghad ar eintiteas faoi oibleagáid í ar áireamh ina bhfochuideachtaí, ba cheart na cuideachtaí sin a áireamh mar eintitis faoi oibleagáid i raon feidhme an Rialacháin seo. Chun a áirithiú go ndéanfaidh maoirseoirí airgeadais maoirseacht chomhsheasmhach, i gcásanna ina n-áirítear institiúid creidmheasa amháin nó institiúid airgeadais amháin ar a laghad sna fochuideachtaí de chuid cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochta measctha, ba cheart don chuideachta sealbhaíochta féin cáiliú mar institiúid airgeadais freisin.

(11)

Is féidir idirbhearta airgeadais a dhéanamh freisin laistigh den ghrúpa céanna mar bhealach chun airgeadas grúpa a bhainistiú. Mar sin féin, ní dhéantar na hidirbhearta sin vis-à-vis custaiméirí ná ní cheanglaítear cur i bhfeidhm beart AML/CFT leo. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a aithint nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí airgeadais ná seirbhísí airgeadais eile arna soláthar ag comhaltaí grúpa do chomhaltaí eile den ghrúpa sin.

(12)

Ba cheart do ghairmithe dlí neamhspleácha a bheith faoi réir an Rialacháin seo agus páirt á glacadh acu in idirbhearta airgeadais nó corparáideacha, lena n-áirítear agus comhairle chánach á soláthar, toisc go bhfuil riosca ann go mbainfear mí-úsáid as na seirbhísí atá á soláthar ag na gairmithe dlí sin chun fáltais gníomhaíochta coiriúla a sciúradh nó an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. Ba cheart, áfach, díolúintí a bheith ann ó aon oibleagáid a bhaineann le faisnéis a thuairisciú roimh imeachtaí breithiúnacha, lena linn nó ina ndiaidh, nó le linn dóibh staid dhlíthiúil cliaint a fhionnadh, toisc go gcumhdaítear faisnéis den sórt sin le pribhléid dlíodóra. Dá bhrí sin, ba cheart comhairle dlí fós a bheith faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina bhfuil an gairmí dlí rannpháirteach i sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, ina soláthraítear an chomhairle dlí chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, nó i gcás ina bhfuil a fhios ag an ngairmí dlí go bhfuil comhairle dlí á lorg ag an gcliant chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Is féidir eolas agus cuspóir den sórt sin a thuiscint as imthosca fíorasacha oibiachtúla. Ós rud é go bhféadfaí comhairle dlí a bheith á lorg cheana féin ag céim na gníomhaíochta coiriúla as a n-eascraíonn fáltais, tá sé tábhachtach go n-áirítear le cásanna a eisiatar ón bpribhléid dlíodóra cásanna ina gcuirtear an chomhairle dlí ar fáil i gcomhthéacs na gcionta preideacáide. Níor cheart a mheas gur comhairle dlí chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta í comhairle dlí a lorgaítear i ndáil le himeachtaí breithiúnacha leanúnacha.

(13)

Chun urraim a áirithiú do na cearta a ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), i gcás iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach, ar daoine iad, i mBallstáit áirithe, atá i dteideal cliant a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh ar chliant i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha nó staid dhlíthiúil cliaint a fhionnadh, níor cheart an fhaisnéis a fhaigheann siad le linn fheidhmiú na gcúraimí sin a bheith faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe. Mar sin féin, maidir leis na heisceachtaí a bhfuil feidhm acu maidir le nótairí agus dlíodóirí, ba cheart feidhm a bheith ag na heisceachtaí céanna maidir leis na gairmithe sin i gcás ina mbíonn siad ag gníomhú chun an ceart chun cosanta a fheidhmiú nó nuair a dhéanann siad staid dhlíthiúil cliaint a fhionnadh.

(14)

Ba í Treoir (AE) 2018/843 an chéad ionstraim dlí lenar tugadh aghaidh ar na rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le cripteashócmhainní san Aontas. Leis an Treoir sin, cuireadh le raon feidhme chreat AML/CFT dhá chineál soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní: soláthraithe i mbun seirbhísí malairte idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat agus soláthraithe tiachóg taisceánach. De dheasca forbairtí teicneolaíocha gasta agus an dul chun cinn i gcaighdeáin FATF, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige sin. Baineadh amach an chéad chéim chun creat dlíthiúil an Aontais a chomhlánú agus a nuashonrú le Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), lenar leagadh síos ceanglais le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar mian leo cur isteach ar údarú chun a seirbhísí a sholáthar sa mhargadh inmheánach. Ina theannta sin tugadh isteach leis sainmhíniú ar chripteashócmhainní agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní lena gcuimsítear raon níos leithne gníomhaíochtaí. Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2023/1113 rinneadh ceanglais inrianaitheachta a leathnú chuig aistrithe cripteashócmhainní a dhéanann soláthraithe seirbhisí cripteashócmhainní a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/1114, agus leasaíodh Treoir (AE) 2015/849 chun ceangal a chur ar na Ballstáit na heintitis sin faoi oibleagáid a dhéanamh de na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sin. Ba cheart na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sin a chumhdach leis an Rialachán seo freisin, chun aon riosca go mbainfí mí-úsáid as cripteashócmhainní chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a mhaolú.

(15)

Ní ach le deireanas a cruthaíodh margaí i gcripteashócmhainní uathúla neamh-idirmhalartacha agus níor tháinig ann fós do reachtaíocht lena rialaítear a bhfeidhmiú. Tá faireachán á dhéanamh ar éabhlóid na margaí sin agus tá sé tábhachtach nach mbeidh rioscaí nua sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ann nach ndéanfaí a mhaolú i gceart. Faoin 30 Nollaig 2024, tá an Coimisiún le tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na forbairtí is déanaí i ndáil le cripteashócmhainní, lena n-áirítear measúnú ar fhorbairt na margaí i gcripteashócmhainní uathúla neamh-idirmhalartacha, cóireáil rialála iomchuí na gcripteashócmhainní sin, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanaí agus a indéanta atá sé soláthraithe seirbhísí a bhaineann le cripteashócmhainní uathúla neamh-idirmhalartacha a rialáil. Más iomchuí, tá togra reachtach ón gCoimisiún le gabháil leis an tuarascáil sin.

(16)

Na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta arna n-eascairt as leochaileachtaí ardán sluachistiúcháin, tá siad cothrománach agus bíonn tionchar acu ar an margadh inmheánach ina iomláine. Go dtí seo, tháinig cineálacha cur chuige éagsúla chun cinn ar fud na mBallstát ó thaobh bainistíocht a dhéanamh ar na rioscaí sin. Cé go gcomhchuibhítear le Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) an cur chuige rialála le haghaidh infheistíocht ghnó agus ardáin sluachistiúcháin iasachtbhunaithe ar fud an Aontais agus go dtugtar isteach leis roinnt coimircí chun déileáil le rioscaí féideartha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, mar shampla dícheall cuí na n-ardán sluachistiúcháin i leith úinéirí tionscadail agus laistigh de nósanna imeachta údarúcháin, cruthaítear bearnaí agus lagaítear coimircí AML/CFT an Aontais mar gheall ar easpa creata dhlíthiúil chomhchuibhithe lena ngabhann oibleagáidí láidre AML/CFT d’ardáin sluachistiúcháin. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh gach ardán sluachistiúcháin, lena n-áirítear iad siúd atá ceadúnaithe cheana féin faoi Rialachán (AE) 2020/1503, faoi réir reachtaíocht AML/CFT an Aontais.

(17)

Tá idirghabhálaithe sluachistiúcháin, a oibríonn ardán digiteach chun cisteoirí a mheaitseáil le húinéirí tionscadal, amhail comhlachais nó daoine aonair a bhfuil cistiú á lorg acu, nó chun an mheaitseáil sin a éascú, tá siad neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Fágtar gnóthais nach bhfuil ceadúnaithe faoi Rialachán (AE) 2020/1503 neamhrialáilte faoi láthair nó tá siad faoi réir cineálacha cur chuige rialála éagsúla ar fud na mBallstát, lena n-áirítear i ndáil le rialacha agus nósanna imeachta chun dul i ngleic le rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, ba cheart idirghabhálaithe den sórt sin a bheith faoi réir oibleagáidí an Rialacháin seo, go háirithe chun nach n-atreorófar cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 nó cripteashócmhainní arna dtiomsú ag coirpigh chun críoch aindleathach. Chun rioscaí den sórt sin a mhaolú, tá feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le raon leathan tionscadal, lena n-áirítear, inter alia, tionscadail oideachais nó chultúrtha agus bailiú na gcistí nó na gcripteashócmhainní sin chun tacú le cúiseanna níos ginearálta, mar shampla sa réimse daonnúil, nó chun imeacht sóisialta nó ócáid teaghlaigh a eagrú nó a cheiliúradh.

(18)

Le Treoir (AE) 2015/849 féachadh le maolú a dhéanamh ar na rioscaí maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le híocaíochtaí móra in airgead tirim trí dhaoine a thrádálann in earraí a áireamh i measc eintitis faoi oibleagáid i gcás ina ndéanann nó ina bhfaigheann siad íocaíochtaí in airgead tirim os cionn EUR 10 000, agus cead á thabhairt do na Ballstáit bearta níos déine a thabhairt isteach. Léiríodh go raibh an cur chuige sin neamhéifeachtach i bhfianaise na dothuisceana ar cheanglais AML/CFT agus dhroch-chur i bhfeidhm na gceanglas sin, easpa maoirseachta agus an lín theoranta idirbheart amhrasach a thuairiscítear chuig an Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (FIU). Chun maolú leordhóthanach a dhéanamh ar rioscaí a dhíorthaíonn ó mhí-úsáid suimeanna móra in airgead tirim, ba cheart teorainn uile-Aontais le híocaíochtaí móra in airgead tirim is mó ná EUR 10 000 a leagan síos. Mar thoradh air sin, ní bheidh ar dhaoine a thrádálann in earraí a bheith faoi réir oibleagáidí AML/CFT a thuilleadh, cé is moite de dhaoine a thrádálann i miotail lómhara, clocha lómhara, earraí eile ardluacha agus earraí cultúrtha.

(19)

Tá catagóirí áirithe de dhaoine a thrádálann in earraí an-neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta mar gheall air gur minic a bhíonn ardluach sna hearraí beaga iniompartha a ndéileálann siad leo. Ar an gcúis sin, ba cheart daoine a bhíonn ag déileáil ar mhiotail lómhara agus clocha lómhara agus earraí ardluacha eile a bheith faoi réir cheanglais AML/CFT, i gcás inar gníomhaíocht rialta nó príomhghníomhaíocht ghairmiúil í an trádáil sin.

(20)

Is earraí iad mótarfheithiclí, árthaí uisce agus aerárthaí sna deighleoga is airde den mhargadh, atá leochaileach i leith rioscaí mí-úsáide sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i bhfianaise a n-ardluacha agus a n-iniomparthachta. Dá bhrí sin, ba cheart daoine a thrádálann in earraí den sórt sin a bheith faoi réir cheanglais AML/CFT. Tá cineál iniompartha na n-earraí sin fíortharraingteach chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i bhfianaise a éasca is féidir na hearraí sin a bhogadh thar theorainneacha an Aontais nó lasmuigh díobh, agus ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain éasca ag údaráis inniúla ar fhaisnéis faoi na hearraí sin i gcás ina gcláraítear i dtríú tíortha iad. Chun rioscaí a mhaolú go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as earraí ardluacha san Aontas chun críoch coiriúil agus chun infheictheacht maidir le húinéireacht na n-earraí sin a áirithiú, is gá a cheangal ar dhaoine a thrádálann in earraí ardluacha tuairisciú ar na hidirbhearta a bhaineann le díol mótarfheithiclí, árthaí uisce agus aerárthaí a dhéanann siad. Soláthraíonn institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais seirbhísí atá bunriachtanach chun díol nó aistriú úinéireacht na n-earraí sin a thabhairt i gcrích, agus ba cheart a cheangal orthu freisin na hidirbhearta sin a thuairisciú don FIU. Cé nár cheart earraí ar chun críoch gníomhaíochtaí tráchtála a shaothrú atá siad beartaithe a bheith faoi réir faoi réir nochtadh den sórt sin, níor cheart díolacháin chun críoch úsáide príobháidí neamhthráchtála a bheith teoranta do chásanna inar duine nádúrtha é an custaiméir, ach ba cheart baint a bheith acu freisin le díolacháin le heintitis dhlítheanacha agus le socruithe dlíthiúla, go háirithe nuair a bhunaítear iad chun rachmas a n-úinéara thairbhiúil a riar.

(21)

Tugtar oibreoirí imirce infheistíochta ar chuideachtaí príobháideacha, comhlachtaí nó daoine a ghníomhaíonn nó a idirghníomhaíonn go díreach leis na húdaráis náisiúnta atá inniúil ar chearta cónaithe a dheonú thar ceann náisiúnaigh tríú tír nó a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála do náisiúnaigh tríú tír atá ag iarraidh cearta cónaithe a fháil i mBallstát mar mhalairt ar aon chineál infheistíochtaí, lena n-áirítear aistrithe caipitil, maoin a cheannach nó a fháil ar cíos, infheistíocht i mbannaí rialtais, infheistíocht in eintitis chorparáideacha, deonú nó dearlacadh gníomhaíochta lena rannchuidítear le leas an phobail agus ranníocaíochtaí le buiséad an stáit. Bíonn rioscaí agus leochaileachtaí sciúrtha airgid, éillithe agus imghabhála cánach ag baint le scéimeanna cónaithe infheisteora. Is measa iad na rioscaí sin de dheasca na gceart trasteorann atá bainteach le cónaí i mBallstát. Dá bhrí sin, ní mór d'oibreoirí imirce infheistíochta a bheith faoi réir oibleagáidí AML/CFT. Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna saoránachta infheisteora, as a dtagann sealbhú náisiúntachta mar mhalairt ar na hinfheistíochtaí sin, mar ní mór a mheas go bhfuil an bonn á bhaint leis na scéimeanna sin de stádas bunúsach shaoránacht an Aontais agus comhar dílis idir na Ballstáit.

(22)

Cé gur institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais iad creidiúnaithe morgáiste agus tomhaltais de ghnáth, is ann d’idirghabhálaithe creidmheasa tomhaltais agus morgáiste nach gcáilíonn mar institiúidí creidmheasa ná institiúidí airgeadais agus nach raibh faoi réir cheanglais AML/CFT ar leibhéal an Aontais, ach a bhí faoi réir na n-oibleagáidí sin i mBallstáit áirithe mar gheall go bhfuil siad neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Ag brath ar an tsamhail gnó atá acu, is féidir go mbeidh na hidirghabhálaithe creidmheasa tomhaltais agus morgáiste sin neamhchosanta ar rioscaí suntasacha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla agus atá neamhchosanta na rioscaí sin, go mbeidh siad cumhdaithe le ceanglais AML/CFT, gan beann ar cibé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn siad mar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais. Dá bhrí sin, is iomchuí idirghabhálaithe creidmheasa tomhaltais agus morgáiste a áireamh, ar idirghabhálaithe iad nach institiúidí creidmheasa ná institiúidí airgeadais iad ach atá, de dheasca a ngníomhaíochtaí, neamhchosanta ar rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. In a lán cásanna, áfach, is thar ceann na hinstitiúide creidmheasa nó na hinstitiúide airgeadais a dheonaíonn agus a phróiseálann an iasacht a bhíonn an t-idirghabhálaí creidmheasa ag gníomhú. Sna cásanna sin, níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais AML/CFT maidir le hidirghabhálaithe creidmheasa tomhaltais agus morgáiste, níor cheart feidhm a bheith acu ach maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa nó na hinstitiúidí airgeadais amháin.

(23)

Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú, ní mór a shoiléiriú cé na heintitis san earnáil infheistíochta atá faoi réir cheanglais AML/CFT. Cé gur tháinig gnóthais chomhinfheistíochta faoi raon feidhme Threoir (AE) 2015/849 cheana féin, is gá an téarmaíocht ábhartha a ailíniú le reachtaíocht reatha an Aontais maidir le ciste infheistíochta, eadhon Treoracha 2009/65/CE (16) agus 2011/61/AE (17) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Toisc go bhféadfaí cistí a chomhdhéanamh gan pearsantacht dhlítheanach a bheith acu, ní mór a mbainisteoirí a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais AML/CFT gan beann ar an bhfoirm ina gcuirtear aonaid ná scaireanna i gciste ar fáil lena gceannach san Aontas, lena n-áirítear i gcás ina dtairgtear aonaid nó scaireanna go díreach nó go hindíreach d’infheisteoirí atá bunaithe san Aontas nó ina dtaisctear iad leis na hinfheisteoirí sin ar thionscnamh ón mbainisteoir nó thar ceann an bhainisteora. Ós rud é go dtagann cistí agus bainisteoirí cistí araon faoi raon feidhme cheanglais AML/CFT, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart dúbláil iarrachtaí a sheachaint. Chuige sin, níor cheart na bearta AML/CFT arna ndéanamh ar leibhéal an chiste agus ar leibhéal a bhainisteora a bheith mar an gcéanna, ach ba cheart dóibh leithdháileadh na gcúraimí idir an ciste agus a bhainisteoir a léiriú.

(24)

Bíonn gníomhaíochtaí na gclubanna sacair ghairmiúil agus na ngníomhairí sacair neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus a chionta preideacáide mar gheall ar roinnt tosca a bhaineann go dlúth le hearnáil an tsacair, amhail an tóir dhomhanda atá ar an sacar, na suimeanna, na sreafaí airgid thirim agus na leasanna airgeadais suntasacha lena mbaineann, leitheadúlacht idirbheart trasteorann, agus struchtúir úinéireachta atá doiléir uaireanta. A bhuí leis na tosca sin go léir, féadfaidh coirpigh mí-úsáid a bhaint as an sacar chun cistí aindleathacha a dhlisteanú agus, dá bhrí sin, chun an spórt a bheith leochaileach i leith an sciúrtha airgid agus a chionta preideacáide. Ar na príomhréimsí riosca tá, mar shampla, idirbhearta le hinfheisteoirí agus urraitheoirí, lena n-áirítear fógróirí, agus aistriú imreoirí. Dá bhrí sin, ba cheart do chlubanna sacair ghairmiúil agus gníomhairí sacair bearta láidre frithsciúrtha airgid a chur ar bun, lena n-áirítear dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh ar infheisteoirí agus urraitheoirí, lena n-áirítear fógróirí, agus ar chomhpháirtithe agus contrapháirtithe eile lena ndéanann siad idirbheart. Chun aon ualach díréireach a sheachaint ar chlubanna beaga nach bhfuil chomh neamhchosanta céanna ar rioscaí mí-úsáide coiriúla, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, ar bhonn riosca íseal cruthaithe go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta, díolúine a thabhairt do chlubanna sacair ghairmiúil áirithe ó cheanglais an Rialacháin seo, bíodh sin ina n-iomláine nó i bpáirt.

(25)

Mar gheall ar ghníomhaíochtaí na gclubanna sacair ghairmiúil atá san iomaíocht sna ranna is airde dá sraitheanna náisiúnta sacair, bíonn siad níos neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus a chionta preideacáide i gcomparáid le clubanna sacair a ghlacann páirt i rannáin níos ísle. Mar shampla, déanann clubanna sacair ardleibhéil idirbhearta airgeadais níos substaintiúla, mar shampla aistrithe imreoirí agus margaí urraíochta ardluacha, d’fhéadfadh struchtúir chorparáideacha níos casta a bheith acu agus sraitheanna éagsúla úinéireachta ann agus is mó an seans go ndéanann siad idirbhearta trasteorann. Fágann na tosca sin go mbíonn na clubanna ardleibhéil sin níos tarraingtí do choirpigh agus go gcuirtear níos mó deiseanna ar fáil iontu chun cistí aindleathacha a cheilt. Dá bhrí sin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann díolúine a thabhairt do chlubanna sacair ghairmiúil atá rannpháirteach sa roinn is airde ach i gcásanna riosca ísil chruthaithe agus ar choinníoll go bhfuil láimhdeachas níos lú ná EUR 5 000 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta ag na clubanna sin i ngach ceann den 2 bhliain roimhe sin. Mar sin féin, ní leis an roinn amháin, is é sin an roinn ina bhfuil an club sacair ag imirt, a chinntear an riosca go dtarlódh sciúradh airgid. Is féidir le clubanna i ranna níos ísle a bheith neamhchosanta freisin ar rioscaí suntasacha go dtarlódh sciúradh airgid agus a chionta preideacáide. Dá bhrí sin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann, dá bhrí sin, clubanna sacair a dhíolmhú ó cheanglais an Rialacháin seo ach amháin i ranna níos ísle lena mbaineann riosca íseal cruthaithe maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta.

(26)

Leis an Rialachán seo, comhchuibhítear na bearta atá le cur ar bun chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc ar leibhéal an Aontais. An tráth céanna, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais bhreise a fhorchur i gcásanna teoranta ina mbeidh rioscaí sonracha rompu. Chun a áirithiú go ndéanfar rioscaí den sórt sin a mhaolú go leordhóthanach, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bhfuil a gceannoifig lonnaithe i mBallstát eile ceanglais bhreise den sórt sin a chur i bhfeidhm, cibé acu trí shaoirse bunaíochta nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a oibríonn siad sa Bhallstát eile sin, ar choinníoll go bhfuil bonneagar acu ann. Ina theannta sin, chun an gaol idir na saoirsí sin sa mhargadh inmheánach a shoiléiriú, tá sé tábhachtach a shoiléiriú cad iad na gníomhaíochtaí arb ionann iad agus bunaíocht.

(27)

Le bheith comhsheasmhach le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mura leagtar amach go sonrach sa reachtaíocht earnála í, ní gá bunaíocht a bheith i bhfoirm fochuideachta, brainse nó gníomhaireachta, ach is féidir gur oifig í arna bainistiú ag foireann dhílis de chuid eintitis faoi oibleagáid nó ag duine atá neamhspleách ach údaraithe chun gníomhú ar bhonn buan ar son an eintitis faoi oibleagáid. De réir an tsainmhínithe sin, lena gceanglaítear go saothraítear gníomhaíocht eacnamaíoch go hiarbhír in áit bhunaíochta an tsoláthraí, ní bunaíocht é murach ann ach bosca litreach. Ar an gcuma chéanna, ní bunaíocht iad oifigí nó bonneagar eile a úsáidtear chun tacú le gníomhaíochtaí, nach iontu mar shampla ach oibríochtaí cúloifige, moil TF nó lárionaid sonraí arna n-oibriú ag eintitis faoi oibleagáid. Os a choinne sin, i bhfianaise a laghad trealaimh fhisiciúil a theastaíonn ó oibreoirí a riarann ar a gcustaiméirí go príomha tríd an idirlíon, mar a dhéanann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, is bunaíocht iad gníomhaíochtaí lena ndéantar, mar shampla, soláthar seirbhísí cripteashócmhainní trí uathmheaisíní bainc.

(28)

Tá sé tábhachtach go mbeidh feidhm ag ceanglais AML/CFT ar bhealach comhréireach agus go mbeidh forchur aon cheanglais comhréireach leis an ról is féidir a bheith ag eintitis faoi oibleagáid maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe an Rialacháin seo, oibreoirí áirithe a dhíolmhú ó cheanglais AML/CFT, i gcás ina bhfuil rioscaí ísle maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéanann siad agus i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí de chineál teoranta. Chun a áirithiú go gcuirfear na díolúintí sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart sásra a chur ar bun lena gceadaítear don Choimisiún riachtanas na ndíolúintí atá le deonú a fhíorú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún na díolúintí sin a fhoilsiú ar bhonn bliantúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(29)

A bhuí le tacar rialacha comhsheasmhach maidir le córais agus rialuithe inmheánacha ar tacar é is infheidhme maidir leis na heintitis uile faoi oibleagáid a oibríonn sa mhargadh inmheánach, neartófar comhlíonadh ceanglais AML/CFT agus cuirfear le héifeacht na maoirseachta. Chun maolú leordhóthanach ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a áirithiú, chomh maith le rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, ba cheart creat rialaithe inmheánaigh a bheith i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid arb é a bheidh ann beartais, nósanna imeachta agus rialuithe rioscabhunaithe agus roinnt shoiléir freagrachtaí ar fud na heagraíochta. I gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe an Rialacháin seo, ba cheart na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe sin a bheith comhréireach le cineál an ghnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chastacht, agus méid an eintitis faoi oibleagáid agus ba cheart dóibh freagairt ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá roimh an eintiteas, lena n-áirítear, i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, idirbhearta le tiachóga féinóstáilte.

(30)

Le cur chuige rioscabhunaithe iomchuí ceanglaítear ar eintitis faoi oibleagáid na rioscaí bunúsacha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe atá rompu a shainaithint de bhua a ngnó chun iad a mhaolú go héifeachtach agus chun a áirithiú go mbeidh a mbeartais, a nósanna imeachta agus a rialuithe inmheánacha iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin a bhaineann leo. Ar an mbealach sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid na saintréithe a bhaineann lena gcustaiméirí, na táirgí, na seirbhísí nó na hidirbhearta a thairgeann siad, lena n-áirítear, i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, idirbhearta le seoltaí féinóstáilte, na tíortha nó na limistéir gheografacha lena mbaineann agus na bealaí dáileacháin a úsáidtear a chur san áireamh. I bhfianaise chineál athraitheach na rioscaí, ba cheart an measúnú riosca sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

(31)

D’fhonn tacú le cur chuige comhsheasmhach éifeachtach i leith shainaithint na rioscaí a dhéanann difear dá ngnó a dhéanann eintitis faoi oibleagáid, ba cheart do AMLA treoirlínte a eisiúint maidir leis na híoscheanglais d’ábhar an mheasúnaithe riosca uileghnó agus foinsí breise faisnéise atá le cur san áireamh D’fhéadfaí a áireamh sna foinsí sin faisnéis ó shocraitheoirí caighdeán idirnáisiúnta i réimse AML/CFT, mar shampla tuarascálacha meastóireachta frithpháirtí FATF, agus foinsí inchreidte agus iontaofa eile a sholáthraíonn faisnéis maidir le típeolaíochtaí, rioscaí atá ag teacht chun cinn agus gníomhaíocht choiriúil, lena n-áirítear éilliú, mar shampla tuarascálacha ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó na meáin agus ón saol acadúil.

(32)

Is iomchuí saintréithe agus riachtanais eintiteas beag faoi oibleagáid a chur san áireamh, agus an chóireáil is iomchuí maidir lena riachtanais shonracha, agus cineál an ghnólachta, a áirithiú. Chuige sin, d’fhéadfaí a áireamh leis sin eintitis áirithe faoi oibleagáid a dhíolmhú ó mheasúnú riosca a dhéanamh i gcás ina bhfuil an-tuiscint ar na rioscaí lena mbaineann san earnáil ina n-oibríonn an t-eintiteas.

(33)

D’fhorbair FATF caighdeáin lenar féidir le dlínsí na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil fhéideartha na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata a shainaithint agus a mheasúnú, agus chun gníomhaíocht a dhéanamh chun na rioscaí sin a mhaolú. Maidir leis na caighdeáin nua sin a thug FATF isteach, ní ghabhann siad ionad na gceanglas dian ar thíortha atá ann cheana ná ní bhaineann siad an bonn díobh, lena gceanglaítear orthu smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme chun na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (‘CSNA’) a chomhlíonadh, is é sin rúin a bhaineann le leathadh agus maoiniú arm ollscriosta a chosc, a chur faoi chois agus a shuaitheadh. Maidir leis na hoibleagáidí sin, mar a chuirtear chun feidhme iad ar leibhéal an Aontais le Cinntí 2010/413/CBES (18) agus (CBES) 2016/849 (19) ón gComhairle agus le Rialacháin (AE) Uimh. 267/2012 (20) agus (AE) 2017/1509 (21) ón gComhairle, leanann siad de bheith ceangailteach ar na daoine nádúrtha agus dlítheanacha uile laistigh den Aontas. I bhfianaise na rioscaí sonracha a bhfuil an tAontas neamhchosanta orthu nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint, is iomchuí an measúnú ar rioscaí a leathnú chun na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe uile a ghlactar ar leibhéal an Aontais a chuimsiú. Le cineál riosca-íogair bhearta AML/CFT maidir le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, ní bhaintear an oibleagáid riailbhunaithe atá ar gach duine nádúrtha nó dlítheanach san Aontas cistí nó sócmhainní eile a reo agus gan iad a chur ar fáil, go díreach ná go hindíreach, do dhaoine ná d’eintitis ainmnithe.

(34)

Chun a áirithiú go ndéanfar na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme agus imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a mhaolú go hiomchuí, tá sé tábhachtach bearta a leagan amach nach mór d’eintitis faoi oibleagáid a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta chun a mbonn custaiméirí a chur i gcomparáid le liostaí na ndaoine nó na n-eintiteas arna n-ainmniú faoi smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe. Leis na ceanglais atá ar eintitis faoi oibleagáid faoin Rialachán seo, ní bhaintear an oibleagáid riail-bhunaithe atá orthu cistí agus sócmhainní eile a reo agus gan iad a chur ar fáil, go díreach ná go hindíreach, do dhaoine aonair ná d’eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhfuil feidhm acu maidir le gach duine nádúrtha nó dlítheanach san Aontas. Ina theannta sin, níl sé beartaithe ceanglais an Rialacháin seo a chur in ionad na n-oibleagáidí a bhaineann le scagadh custaiméirí chun críche cur chun feidhme smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

(35)

Chun na forbairtí is déanaí a rinneadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú, tá ceanglas le tabhairt isteach leis an Rialachán seo chun rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil fhéideartha smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe ar leibhéal eintitis faoi oibleagáid a shainaithint, a thuiscint, a bhainistiú agus a mhaolú.

(36)

Chun liostú nó ainmniú daoine aonair nó eintiteas, arna ndéanamh ag CSNA nó ag Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe, a chomhtháthú i ndlí an Aontais, úsáidtear cinntí agus rialacháin arna nglacadh faoi Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus faoi Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) faoi seach, ar cinntí agus rialacháin iad lena bhforchuirtear smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe ar dhaoine aonair agus ar eintitis den sórt sin. Leis an bpróiseas chun na gníomhartha sin a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, ní mór fíorú a dhéanamh an gcomhlíonann an t-ainmniú nó an liostú na cearta bunúsacha a dheonaítear faoin gCairt. Idir an tráth a fhoilseoidh na Náisiúin Aontaithe liostuithe nó ainmnithe agus an tráth a thiocfaidh gníomhartha an Aontais lena dtrasuitear iad i bhfeidhm, chun cur i bhfeidhm éifeachtach smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chumasú, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid taifid a choimeád ar na cistí nó sócmhainní eile atá á gcoinneáil acu do chustaiméirí atá liostaithe nó ainmnithe faoi smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe, nó do chustaiméirí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú daoine aonair nó eintitis arna liostú nó arna n-ainmniú, ar aon iarracht ar idirbheart a dhéanamh agus ar idirbhearta a rinneadh ar son an chustaiméara, cuir i gcás idirbheart chun bunriachtanais an chustaiméara a shásamh.

(37)

Agus measúnú á dhéanamh maidir le custaiméir ar eintiteas dlítheanach é, an bhfuil sé faoi úinéireacht nó faoi rialú daoine aonair arna n-ainmniú faoi smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid aird a thabhairt ar na Treoirlínte ón gComhairle maidir le bearta sriantacha (smachtbhannaí) a chur chun feidhme agus a mheas faoi chuimsiú chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais agus na Dea-Chleachtais maidir le bearta sriantacha a chur chun feidhme go héifeachtach.

(38)

Tá sé tábhachtach go ndéanfadh eintitis faoi oibleagáid gach beart is gá ar leibhéal a mbainistíochta chun beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a chur chun feidhme agus chun ceanglais AML/CFT a chur chun feidhme. Cé gur cheart comhalta den chomhlacht bainistíochta a shainaithint mar an duine atá freagrach as beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid a chur chun feidhme, ba cheart, sa deireadh, an fhreagracht as ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh a bheith ar chomhlacht bainistíochta an eintitis. Ba cheart sannadh na freagrachta sin a bheith gan dochar d’fhorálacha náisiúnta maidir le comhdhliteanas sibhialta nó coiriúil na gcomhlachtaí bainistíochta. Cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme laethúil bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha AML/CFT an eintitis faoi oibleagáid, ba cheart iad a chur ar an oifigeach um chomhlíonadh.

(39)

Ba cheart gach Ballstát a bheith in ann a leagan síos ina dhlí náisiúnta gur féidir le heintiteas faoi oibleagáid atá faoi réir rialacha stuamachta lena gceanglaítear oifigeach um chomhlíonadh nó ceann feidhme iniúchóireachta inmheánaí a cheapadh feidhmeanna agus freagrachtaí oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT agus feidhm iniúchóireachta inmheánaí a chur de chúram ar na ndaoine sin chun críoch AML/CFT. I gcás rioscaí níos mó, nó i gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar mhéid an eintitis faoi oibleagáid, ba cheart a bheith in ann freagrachtaí na rialuithe comhlíonta agus oibriú laethúil bheartais agus nósanna imeachta AML/CFT an eintitis faoi oibleagáid a chur de chúram ar bheirt éagsúla.

(40)

Chun bearta AML/CFT a chur chun feidhme go héifeachtach, tá sé ríthábhachtach freisin go mbeidh tuiscint ag fostaithe eintiteas faoi oibleagáid, agus ag a ngníomhairí agus a ndáileoirí, ag a bhfuil ról sa chur chun feidhme, go mbeidh tuiscint acu ar na ceanglais agus na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm san eintiteas. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid bearta a chur ar bun, lena n-áirítear cláir oiliúna, chuige sin. I gcás inar gá, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid oiliúint bhunúsach maidir le bearta AML/CFT a chur ar fáil dóibh siúd go léir a bhfuil ról acu i gcur chun feidhme na mbeart sin. Áirítear leis seo ní hamháin fostaithe na n-eintiteas faoi oibleagáid ach a ngníomhairí agus a ndáileoirí freisin

(41)

Daoine aonair ar a gcuirtear cúraimí a bhaineann le ceanglais AML/CFT a bheith á gcomhlíonadh ag eintiteas faoi oibleagáid, ba cheart measúnú a dhéanamh ar a scileanna, ar a n-eolas, ar a saineolas, ar a sláine agus ar a n-iompar. Is féidir go dtiocfaidh coinbhleachtaí leasa as agus go mbainfear an bonn de shláine an chórais nuair a dhéanann fostaithe in eintiteas faoi oibleagáid cúraimí i ndáil le custaiméirí a bhfuil dlúthghaolmhaireacht phríobháideach nó ghairmiúil acu leo ar cúraimí iad a bhaineann le creat AML/CFT a bheith á chomhlíonadh ag an eintiteas sin. D’fhéadfadh sé gur ann cheana don ghaolmhaireacht sin tráth a bunaíodh an ghaolmhaireacht gnó, ach d’fhéadfadh sé gur ina dhiaidh sin a thosaigh sí freisin. Dá bhrí sin, ba cheart nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart a áirithiú, leis na nósanna imeachta sin, go gcuirfí cosc ar fhostaithe aon chúram a chur i gcrích a bhaineann le comhlíonadh chreat AML/CFT ag an eintiteas faoi oibleagáid i ndáil leis na custaiméirí sin.

(42)

D’fhéadfadh cásanna tarlú ina soláthródh daoine aonair, a cháileodh mar eintitis faoi oibleagáid, a gcuid seirbhísí go hinmheánach do ghnólachtaí nach dtagann a ngníomhaíochtaí faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ós rud é nach mar gheatóirí ar chóras airgeadais an Aontais a ghníomhaíonn na gnólachtaí sin, tá sé tábhachtach a shoiléiriú nach gcumhdaítear fostaithe na ngnólachtaí sin, mar shampla dlíodóirí inmheánacha, le ceanglais an Rialacháin seo. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart daoine aonair a dhéanann gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mheas mar eintitis faoi oibleagáid as a gceart féin nuair a dhéantar na gníomhaíochtaí sin i gcomhthéacs a bhfostaíochta in eintiteas faoi oibleagáid, mar shampla i gcás dlíodóirí nó cuntasóirí atá fostaithe i ngnólacht dlí nó cuntasaíochta.

(43)

Tá sé ríthábhachtach beartais agus nósanna imeachta AML/CFT uileghrúpa a chur chun feidhme go comhsheasmhach chun bainistíocht láidir agus éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta laistigh de ghrúpa. Ba cheart don mháthairghnóthas, chuige sin, beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Ba cheart a cheangal ar eintitis laistigh de ghrúpa faisnéis a mhalartú nuair atá an chomhroinnt sin ábhartha chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Ba cheart comhroinnt faisnéise a bheith faoi réir ráthaíochtaí leordhóthanacha ó thaobh na rúndachta, na cosanta sonraí agus na húsáide faisnéise de. Ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA dréachtchaighdeáin rialála a tharraingt suas lena sonraítear na híoscheanglais maidir le nósanna imeachta agus beartais uileghrúpa, lena n-áirítear íoscheanglais maidir le comhroinnt faisnéise laistigh de ghrúpa agus na critéir lena sainaithnítear máthairghnóthais na ngrúpaí sin a bhfuil a gceannoifig lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach.

(44)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach cheanglais AML/CFT a áirithiú maidir le roinnt eintiteas faoi oibleagáid atá nasctha le chéile go díreach nó go hindíreach agus ar grúpa eintiteas iad, nó ar cuid de ghrúpa eintiteas iad, ní mór breithniú ar an sainmhíniú is leithne is féidir ar ghrúpa. Chun na críche sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid cloí leis na rialacha cuntasaíochta is infheidhme, lena gceadaítear struchtúir ag a bhfuil cineálacha éagsúla nasc eacnamaíoch a mheas mar ghrúpaí. Cé go n-áirítear i ngrúpa traidisiúnta máthairghnóthas agus a fhochuideachtaí, tá cineálacha eile grúpstruchtúr ann atá chomh hábhartha céanna, mar shampla grúpstruchtúir ina bhfuil roinnt máthaireintiteas ar leo fochuideachta aonair, ar ar tugadh eintitis bhuanchleamhnaithe le comhlacht lárnach in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), nó le hinstitiúidí airgeadais ar comhaltaí iad den scéim cosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) den Rialachán sin. Is grúpaí iad na struchtúir sin go léir i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta agus dá bhrí sin ba cheart iad a mheas mar ghrúpaí chun críoch an Rialacháin seo.

(45)

Chomh maith le grúpaí, is ann do struchtúir eile, mar shampla líonraí nó comhpháirtíochtaí, a bhféadfadh eintitis faoi oibleagáid úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann agus rialuithe coiteanna um chomhlíonadh a chomhroinnt iontu. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud na n-earnálacha agus ró-ualú ar na hearnálacha sin á sheachaint, ba cheart do AMLA na staideanna sin a shainaithint ina bhfuil feidhm le bheith ag beartais uileghrúpa chomhchosúla maidir leis na struchtúir sin, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

(46)

In amanna bíonn brainse agus fochuideachta ag eintiteas faoi oibleagáid atá lonnaithe i dtríú tír inar lú déine íoscheanglais AML/CFT, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le cosaint sonraí, ná creat AML/CFT an Aontais. Sna cásanna sin, agus chun cosc iomlán a chur le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus chun a áirithiú go gcosnófar sonraí pearsanta shaoránaigh an Aontais ar an leibhéal is airde caighdeán, ba cheart do na brainsí agus do na fochuideachtaí sin ceanglais AML/CFT a leagtar síos ar leibhéal an Aontais a chomhlíonadh. I gcás nach gceadaítear le dlí an tríú tír na ceanglais sin a chomhlíonadh, mar shampla de dheasca teorainneacha le cumas an ghrúpa faisnéis a rochtain, a phróiseáil nó a mhalartú de dheasca leibhéal neamh-leordhóthanach cosanta sonraí nó dlí maidir le rúndacht baincéireachta sa tríú tír sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid bearta breise a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh na brainsí agus na fochuideachtaí atá lonnaithe sa tír sin na rioscaí a láimhseáil go héifeachtach. Ba cheart é a chur de chúram ar AMLA dréachtchaighdeáin rialála theicniúla a fhorbairt lena sonraítear cineál na mbeart breise sin, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

(47)

Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cúraimí a bhaineann le feidhmiú ceanglais AML/CFT áirithe a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhíse. I gcás ina ndéantar gaolmhaireachtaí seachfhoinsithe ar bhonn conarthach idir eintitis faoi oibleagáid agus soláthraithe seirbhíse nach gcumhdaítear le ceanglais AML/CFT, ní thagann aon oibleagáid AML/CFT ar na soláthraithe seirbhíse sin chun cinn ach amháin ón gconradh idir na páirtithe agus ní ón Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart an fhreagracht as ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh a fhágáil go hiomlán ar an eintiteas faoi oibleagáid. Ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid go háirithe a áirithiú, i gcás ina mbeidh soláthraí seirbhíse rannpháirteach chun críoch sainaitheanta custaiméara cianda, go n-urramófaí an cur chuige rioscabhunaithe. Ní mheasfar go bhfuil seachfhoinsiú i gceist le próisis nó socruithe a rannchuidíonn le comhlíonadh ceanglais faoin Rialachán seo, i gcás nach é an soláthraí seirbhíse a chomhlíonann an ceanglas féin, cuir i gcás bogearraí tríú páirtí a úsáid nó a fháil nó rochtain a bheith ag an eintiteas faoi oibleagáid ar bhunachair sonraí nó ar sheirbhísí scagtha.

(48)

Leis an bhféidearthacht cúraimí a sheachfhoinsiú chuig soláthraí seirbhíse, ceadaítear d’eintitis faoi oibleagáid cinneadh a dhéanamh faoi conas a n-acmhainní a leithdháileadh chun an Rialachán seo a chomhlíonadh ach ní dhíolmhaíonn sin iad ón oibleagáid tuiscint a bheith acu ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann na bearta a dhéanann siad, lena n-áirítear na bearta sin a sheachfhoinsítear chuig soláthraithe seirbhíse, maolú ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a sainaithníodh, agus cé acu atá nó nach bhfuil na bearta sin oiriúnach. Chun a áirithiú go mbeidh an tuiscint sin ann, is ag an eintiteas faoi oibleagáid is ceart na cinntí deiridh a fhágáil i gcónaí maidir le bearta a mbíonn tionchar acu ar chur chun feidhme beartas, nósanna imeachta agus rialuithe.

(49)

Ní thuigfear as fógra a thabhairt don mhaoirseoir faoi shocruithe seachfhoinsithe go nglacfar leis an socrú seachfhoinsithe. D’fhéadfadh maoirseoirí an fhaisnéis atá san fhógra sin a chur san áireamh, áfach, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chórais agus rialuithe an eintitis faoi oibleagáid, agus nuair a bheidh an phróifíl riosca iarmharach á cinneadh acu nó nuair a bheidh siad ag ullmhú le haghaidh iniúchtaí, agus go háirithe i gcás ina seachfhoinsítear feidhmeanna criticiúla go córasach nó ina seachfhoinsíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid a chuid feidhmeanna féin.

(50)

Ionas go bhfeidhmeoidh gaolmhaireachtaí seachfhoinsithe go héifeachtúil, tá gá le soiléireacht bhreise maidir leis na coinníollacha ar dá réir a tharlóidh an seachfhoinsiú. Ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA treoirlínte a fhorbairt maidir leis na coinníollacha faoinar féidir le seachfhoinsiú tarlú, agus maidir le róil agus freagrachtaí na bpáirtithe faoi seach chomh maith. Chun a áirithiú go ndéanfar formhaoirseacht chomhsheasmhach ar chleachtais seachfhoinsithe ar fud an Aontais, leis na treoirlínte ba cheart soiléireacht a sholáthar freisin ar conas atá maoirseoirí leis na cleachtais sin a chur san áireamh agus comhlíonadh ceanglais AML/CFT a fhíorú nuair a ghabhann eintitis faoi oibleagáid i dtuilleamaí na gcleachtas sin.

(51)

Tá ceanglais maidir le dícheall cuí do chustaiméirí fíor-riachtanach chun a áirithiú, maidir le gaolmhaireachtaí gnó le cliaint a bhíonn ag eintitis faoi oibleagáid agus i ndáil leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis na gaolmhaireachtaí sin, go sainaithneoidh agus go bhfíoróidh na heintitis faoi oibleagáid iad agus go ndéanfaidh siad faireachán orthu. Tá sainaithint agus fíorú cruinn sonraí custaiméirí ionchais agus custaiméirí atá ann cheana fíor-riachtanach chun tuiscint a fháil ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le cliaint, cibé acu is daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid tuiscint a bheith acu freisin ar cén duine nó daoine ar thar a cheann nó thar a gceann nó chun a leasa a dhéantar idirbheart, mar shampla i gcásanna ina soláthraíonn institiúidí creidmheasa nó airgeadais cuntais do ghairmithe dlí chun cistí a gcliant a fháil nó a choinneáil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366. I gcomhthéacs an díchill chuí do chustaiméirí, ní hé an duine ar chun a leasa a dhéantar idirbheart nó gníomhaíocht faighteoir nó tairbhí an idirbhirt arna dhéanamh ag an eintiteas faoi oibleagáid dá chustaiméir.

(52)

Is gá caighdeán ard aonfhoirmeach a bhaint amach maidir le dícheall cuí do chustaiméirí san Aontas, agus a bheith ag brath ar cheanglais chomhchuibhithe chun custaiméirí a shainaithint agus a gcéannacht a fhíorú, agus éagsúlachtaí náisiúnta a laghdú chun cothrom iomaíochta a bheith ann ar fud an mhargaidh aonair agus forálacha a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais. An tráth céanna, tá sé fíor-riachtanach go gcuirfidh eintitis faoi oibleagáid bearta maidir le dícheall cuí do chustaiméirí i bhfeidhm ar bhealach rioscabhunaithe. Ní cur chuige rócheadaitheach é an cur chuige rioscabhunaithe le haghaidh eintitis faoi oibleagáid. Cuimsítear leis cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise a úsáid chun díriú níos éifeachtaí ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá roimh an Aontas agus rompu siúd atá ag oibriú ann.

(53)

Rannchuidíonn eagraíochtaí sochaí sibhialta a dhéanann obair charthanachta nó dhaonnúil i dtríú tíortha le spriocanna an Aontais maidir le síocháin, cobhsaíocht, daonlathas agus rathúnas a bhaint amach. Tá ról tábhachtach ag institiúidí creidmheasa agus ag institiúidí airgeadais maidir lena áirithiú gur féidir leis na heagraíochtaí sin leanúint dá gcuid oibre, trí rochtain a chur ar fáil ar an gcóras airgeadais agus ar sheirbhísí airgeadais tábhachtacha lena gceadaítear cistiú forbartha agus daonnúil a sheoladh chuig limistéir atá i mbéal forbartha nó limistéir choinbhleachta. Cé gur cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith ar an eolas go bhfágann gníomhaíochtaí a dhéanann siad i ndlínsí áirithe iad neamhchosanta ar riosca níos airde go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, níor cheart dó eascairt as oibríochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí sochaí sibhialta sna dlínsí sin, astu féin, go ndiúltófaí seirbhísí airgeadais a sholáthar dóibh ná go bhfoirceannfaí na seirbhísí sin, ós rud é go n-éilítear leis an gcur chuige rioscabhunaithe go ndéanfaí measúnú iomlánaíoch ar na rioscaí a bhaineann le gaolmhaireachtaí gnó aonair, agus go gcuirfí i bhfeidhm bearta leordhóthanacha chun na rioscaí sonracha a mhaolú. Cé go bhfuil sé de shaoirse ag institiúidí creidmheasa agus ag institiúidí airgeadais i gcónaí cinneadh a dhéanamh cé leis a ndéanfaidh siad gaolmhaireacht chonarthach, ba cheart dóibh aird a thabhairt freisin ar an ról lárnach atá acu i bhfeidhmiú an chórais airgeadais idirnáisiúnta agus cumasú gluaiseachta cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 nó cumasú gluaiseachta cripteashócmhainní ar mhaithe leis na spriocanna tábhachtacha forbartha agus daonnúla a bhíonn á saothrú ag eagraíochtaí sochaí sibhialta. Dá bhrí sin, ba cheart d’institiúidí den sórt sin úsáid a bhaint, ar bhealach comhréireach, as an tsolúbthacht a cheadaítear faoin gcur chuige rioscabhunaithe chun na rioscaí a bhaineann le gaolmhaireacht gnó a mhaolú. Níor cheart, in imthosca ar bith, cúiseanna AML/CFT a agairt chun údar a thabhairt le cinntí tráchtála a mhéid a bhaineann le cliaint ionchais nó cliaint atá ann cheana.

(54)

Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid bearta réasúnacha a shainaithint agus a dhéanamh chun céannacht an úinéara thairbhiúil a fhíorú trí úsáid a bhaint as doiciméid iontaofa agus foinsí iontaofa faisnéise. Trí chláir lárnacha um fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil (‘cláir lárnacha’) a cheadú, cumasaítear d’eintitis faoi oibleagáid comhsheasmhacht a áirithiú leis an bhfaisnéis a fhaightear tríd an bpróiseas fíoraithe agus níor cheart é sin a bheith mar phríomhfhoinse fíoraithe an eintitis faoi oibleagáid. Nuair a shainaithníonn eintitis faoi oibleagáid neamhréireachtaí idir faisnéis a choimeádtar sna cláir lárnacha agus an fhaisnéis a fhaigheann siad ón gcustaiméir nó ó fhoinsí iontaofa eile le linn dóibh dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh, ba cheart dóibh na neamhréireachtaí sin a thuairisciú don eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach ábhartha ionas go bhféadfar bearta a dhéanamh chun na neamhréireachtaí a réiteach. Cuireann an próiseas sin le cáilíocht agus le hiontaofacht na faisnéise a shealbhaítear sna cláir sin, mar chuid de chur chuige ilghnéitheach chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá i gcláir lárnacha cruinn, leordhóthanach agus cothrom le dáta. I gcásanna ísealriosca agus i gcás inarb eol don eintiteas faoi oibleagáid na húinéirí tairbhiúla, ba cheart eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann ligean don chustaiméir neamhréireachtaí a thuairisciú ina sainaithnítear miondifríochtaí ina bhfuil earráidí clóghrafacha nó de chineál teicniúil comhchosúil.

(55)

Ní mór na rioscaí a bhaineann le heintitis dhlítheanacha eachtracha agus socruithe dlíthiúla eachtracha a mhaolú go leordhóthanach. Maidir le heintiteas dlítheanach arna chruthú lasmuigh den Aontas nó iontaobhas sainráite nó socrú dlíthiúil comhchosúil arna riar lasmuigh den Aontas nó iontaobhaí de chuid ceann acu sin nó an duine i bpost coibhéiseach, i gcás ina bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas nó ina bhfuil sé nó sí bunaithe lasmuigh den Aontas, agus é nó í ar tí dul i mbun gaolmhaireacht gnó le heintiteas faoi oibleagáid, ba cheart a chur de réamhchoinníoll air an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a chlárú i gclár lárnach Ballstáit chun dul isteach sa ghaolmhaireacht gnó. Le haghaidh eintitis dhlítheanacha arna gcruthú lasmuigh den Aontas, áfach, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas ach amháin i gcás rioscaí meánarda nó ardrioscaí sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le catagóir an eintitis dhlítheanaigh nó leis an earnáil ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid. Ba cheart clárú na faisnéise faoi úinéireacht thairbhiúil a bheith ina réamhchoinníoll chun leanúint de ghaolmhaireacht gnó le heintiteas dlítheanach arna chruthú lasmuigh den Aontas i gcás ina dtagann rioscaí meánarda nó ardriosca den sórt sin chun cinn maidir leis an ngaolmhaireacht sin tar éis a bunaithe.

(56)

Is é a chuireann tús leis an bpróiseas chun gaolmhaireacht gnó a bhunú nó na bearta is gá a dhéanamh chun idirbheart ócáideach a chur i gcrích an custaiméir a bheith ag cur spéis in iúl i dtáirge a fháil nó i seirbhís a fháil ó eintiteas faoi oibleagáid. Ar na seirbhísí a chuireann gníomhairí réadmhaoine ar fáil, tá cabhrú le custaiméirí teacht ar mhaoin chun an mhaoin sin a cheannach, a dhíol, nó a fháil ar cíos nó ar léas. Tagann na seirbhísí sin ábhartha chun críoch AML/CFT i gcás ina léiríonn na páirtithe go bhfuil siad toilteanach dul ar aghaidh leis an gceannach, an díol, an cíos nó an léasú nó leis na céimeanna ullmhúcháin is gá a dhéanamh. D’fhéadfadh sin tarlú, mar shampla, an tráth a dhéanfadh páirtí tairiscint agus a ghlacfadh páirtí eile leis an tairiscint sin chun an mhaoin a cheannach nó a fháil ar cíos. Roimhe sin, ní bhíodh sé riachtanach dícheall cuí a dhéanamh ar aon chustaiméir ionchais. Ar an gcaoi chéanna, ní bhíodh sé comhréireach dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh ar dhaoine nár léirigh suim go dtí sin dul ar aghaidh le maoin shonrach a cheannach ná a fháil ar cíos.

(57)

Tá idirbhearta réadmhaoine neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Chun na rioscaí sin a mhaolú, ba cheart oibreoirí réadmhaoine a dhéanann idirghabháil chun maoin dhochorraithe a cheannach, a dhíol agus a ligean ar cíos a bheith faoi réir cheanglais an Rialacháin seo, gan beann ar a n-ainmniú nó ar a bpríomhghnó nó ar a ngairm, lena n-áirítear forbróirí maoine nuair a dhéanann siad idirghabháil agus a mhéid a dhéanann siad idirghabháil maidir le maoin dhochorraithe a cheannach, a dhíol agus a ligean ar cíos.

(58)

Mar gheall ar an anaithnideacht a bhaineann le táirgí áirithe ríomh-airgid, bíonn siad neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Tá difríochtaí suntasacha ann ar fud na hearnála, áfach, agus níl an leibhéal céanna riosca ag baint le gach táirge ríomh-airgid. Mar shampla, d’fhéadfadh rioscaí ísle sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bheith ag baint le táirgí áirithe ríomh-airgid ar íseal a luach, cuir i gcás cártaí bronntanais réamhíoctha nó dearbháin réamhíoctha. Chun a áirithiú go bhfuil na ceanglais a fhorchuirtear ar an earnáil i gcomhréir lena riosca agus nach é a bhíonn i gceist leo go gcuireann siad isteach ar a hoibriú, ba cheart é a bheith indéanta, in imthosca áirithe lena ngabhann riosca íseal cruthaithe agus faoi dhianchoinníollacha maolaithe riosca, na táirgí sin a dhíolmhú ó bhearta áirithe díchill chuí do chustaiméirí, amhail an custaiméir agus an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint agus a fhíorú, ach ní ó fhaireachán a dhéanamh ar idirbhearta ná ar ghaolmhaireachtaí gnó. Níor cheart maoirseoirí a bheith in ann an díolúine sin a dheonú ach amháin tar éis dóibh riosca íseal cruthaithe a fhíorú ag féachaint do thosca riosca ábhartha atá le sainiú ag AMLA agus ar bhealach lena maolaítear go héifeachtach aon riosca go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus lena gcoisctear imghabháil rialacha AML/CFT. In aon chás, ba cheart aon díolúine a bheith coinníollach ar theorainneacha dochta maidir le huasluach an táirge, ar a úsáid eisiach chun earraí nó seirbhísí a cheannach, agus ar choinníoll nach féidir an méid a stóráiltear air a mhalartú ar luach eile.

(59)

Níor cheart a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí a chur i bhfeidhm maidir le custaiméirí a dhéanann idirbhearta ócáideacha nó nasctha faoi bhun luach áirithe, mura rud é go bhfuil amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta. De bharr go bhfuil feidhm ag an tairseach EUR 10 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, maidir leis an gcuid is mó de na hidirbhearta ócáideacha, eintitis faoi oibleagáid a oibríonn in earnálacha nó a dhéanann idirbhearta lena mbaineann riosca níos airde go dtarlódh sciúradh airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, ba cheart a cheangal orthu bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta ag a bhfuil tairseacha níos ísle. Chun earnálacha nó idirbhearta a shainaithint chomh maith leis na tairseacha leordhóthanacha le haghaidh na n-earnálacha nó na n-idirbheart sin, ba cheart do AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála thiomnaithe a fhorbairt.

(60)

Is ann do chásanna sonracha nach bhfuil an téarma custaiméir teoranta, chun críoch díchill chuí do chustaiméirí, don duine a dhéanann an t-idirbheart leis an eintiteas faoi oibleagáid. Is cás acu sin, mar shampla, an cás nuair nach mbíonn ach nótaire amháin páirteach in idirbheart réadmhaoine. I gcásanna den sórt sin, chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha leordhóthanacha ar an idirbheart chun cásanna féideartha sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bhrath, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid an ceannaitheoir agus an díoltóir araon a mheas mar chustaiméirí agus bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm ar an dá pháirtí. Ba cheart a chur ar fáil leis an Rialachán seo liosta de na cásanna nach é an custaiméir custaiméir díreach an eintitis faoi oibleagáid nó nach bhfuil an téarma custaiméir teoranta don chustaiméir díreach. Ba cheart do liosta den sórt sin an tuiscint ar cé hé an custaiméir i gcásanna tipiciúla a chomhlánú agus níor cheart a thuiscint go gcuimsíonn sé léirmhíniú uileghabhálach ar an téarma. Ar an gcaoi chéanna, chun gaolmhaireacht gnó a bheith ar bun, níor cheart caidreamh conarthach nó rannpháirtíocht fhoirmiúil eile a bheith ag teastáil fad agus a sholáthraítear na seirbhísí arís agus arís eile in imeacht ama ionas go mbíonn gné den mharthanacht i gceist. I gcás ina gcuirtear leis an dlí náisiúnta cosc ar eintitis faoi oibleagáid ar oifigigh phoiblí iad dul i mbun caidrimh chonarthacha le custaiméirí, níor cheart an dlí náisiúnta a fhorléiriú mar thoirmeasc ar na heintitis faoi oibleagáid déileáil le sraith idirbheart mar ghaolmhaireacht gnó chun críoch AML/CFT.

(61)

Maolaítear na rioscaí a bhaineann le íocaíochtaí móra in airgead tirim a úsáid trí theorainn uile-Aontais a thabhairt isteach maidir leis na híocaíochtaí sin. Mar sin féin, tá eintitis faoi oibleagáid a dhéanann idirbhearta in airgead tirim faoi bhun na teorann sin fós leochaileach i leith rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta toisc go soláthraíonn siad pointe iontrála i gcóras airgeadais an Aontais. Dá bhrí sin, is gá a cheangal go gcuirfear bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm chun na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid airgid thirim a mhaolú. Chun a áirithiú go bhfuil na bearta comhréireach leis na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta ar lú a luach ná EUR 10 000, ba cheart na bearta sin a bheith teoranta do shainaithint agus fíorú an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil agus idirbhearta ócáideacha in airgead tirim dar luach EUR 3 000 ar a laghad á ndéanamh acu. Ní dhíolmhaíonn an teorainn sin an t-eintiteas faoi oibleagáid ó gach beart díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm aon uair a bhíonn amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, nó ó idirbhearta amhrasacha a thuairisciú don FIU.

(62)

Is ann do shamhlacha gnó áirithe atá bunaithe ar ghaolmhaireacht gnó a bheith ag an eintiteas faoi oibleagáid le ceannaí ina dtairgtear seirbhísí tionscanta íocaíochta trína n-íoctar an ceannaí as earraí nó seirbhísí a sholáthar, ach ní le custaiméir an cheannaí, arb é a údaraíonn an tseirbhís tionscanta íocaíochta chun idirbheart aonair nó aonuaire leis an gceannaí a thionscnamh. Sa tsamhail gnó sin, is é an ceannaí custaiméir an eintitis faoi oibleagáid chun críche rialacha AML/CFT seachas custaiméir an cheannaí. Dá bhrí sin, maidir le seirbhísí tionscanta íocaíochta, ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid na bearta maidir le dícheall cuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm vis-à-vis an ceannaí. Maidir le seirbhísí airgeadais eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear i gcás ina soláthraíonn an t-oibreoir céanna iad, ba cheart a chinneadh cé hé an custaiméir ag féachaint do na seirbhísí a sholáthraítear.

(63)

Bíonn gníomhaíochtaí cearrbhachais éagsúil ó thaobh cineáil, raon feidhme geografach agus rioscaí gaolmhara de. D’fhonn cur i bhfeidhm comhréireach agus rioscabhunaithe an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann seirbhísí cearrbhachais ar íseal a rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint, amhail crannchuir Stáit nó crannchuir phríobháideacha, nó gníomhaíochtaí cearrbhachais Stát-riartha, agus cinneadh a dhéanamh gan ceanglais uile an Rialacháin seo, nó cuid díobh, a chur i bhfeidhm maidir leo. I bhfianaise na n-éifeachtaí trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ag eisceachtaí náisiúnta, is gá cur chuige dian rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Chuige sin, ba cheart cur ar chumas an Choimisiúin cinntí na mBallstát a fhormheas, nó iad a dhiúltú nuair nach dtugann riosca íseal cruthaithe údar leis an eisceacht. I gcás ar bith, níor cheart aon eisceacht a dheonú i ndáil le gníomhaíochtaí a bhfuil ardrioscaí ag baint leo. Is amhlaidh atá i gcás gníomhaíochtaí amhail casaíní, cearrbhachas ar líne agus gealltóireacht spóirt, ach ní i gcás ina riarann an Stát gníomhaíochtaí cearrbhachais ar líne, cibé acu trí na seirbhísí sin a sholáthar go díreach nó trí rialáil a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar na seirbhísí cearrbhachais sin a eagrú, a oibriú agus a riar. I bhfianaise na rioscaí don tsláinte phoiblí nó rioscaí gníomhaíochtaí coiriúla ar féidir leo a bheith bainteach leis an gcearrbhachas, féadfaidh bearta náisiúnta lena rialáiltear eagrú, oibriú agus riar an chearrbhachais rannchuidiú, i gcás ina saothraítear spriocanna an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí go dáiríre, le laghdú na rioscaí a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin.

(64)

Comhlíontar an tairseach EUR 2 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí cearrbhachais is cuma cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an custaiméir idirbheart amháin den mhéid sin ar a laghad nó roinnt idirbhearta beaga ar fiú san iomlán iad an méid sin. Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cearrbhachais a bheith in ann idirbhearta a fhágáil ar chustaiméir ar leith fiú mura bhfuil céannacht an chustaiméara fíoraithe acu go fóill, ionas go mbeidh siad in ann a chinneadh cé acu a baineadh nó nár baineadh amach an tairseach sin agus cathain a baineadh amach í. Dá bhrí sin, ba cheart córais a bheith i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cearrbhachais lenar féidir idirbhearta a fhágáil ar chustaiméir agus faireachán a dhéanamh ar idirbhearta sula gcuirfear i bhfeidhm an ceanglas díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh. I gcás casaíní nó áitreabh fisiciúil cearrbhachais eile, is féidir leis a bheith neamhphraiticiúil céannacht an chustaiméara a sheiceáil ar gach idirbheart. Sna cásanna sin, ba cheart a bheith in ann an custaiméir a shainaithint agus céannacht an chustaiméara a fhíorú ar theacht isteach san áitreabh cearrbhachais dó, ar choinníoll go bhfuil córais i bhfeidhm chun idirbhearta a dhéantar ag an áitreabh cearrbhachais, lena n-áirítear cnaipí cearrbhachais a cheannach nó a bhabhtáil, a fhágáil ar an gcustaiméir sin.

(65)

I dTreoir (AE) 2015/849, d’ainneoin go ndearnadh rialacha na mBallstát sa réimse a bhaineann le hoibleagáidí maidir le sainaithint custaiméara a chomhchuibhiú go méid áirithe, níor leagadh síos rialacha mionsonraithe i ndáil leis na nósanna imeachta atá le leanúint ag eintitis faoi oibleagáid. I bhfianaise ríthábhacht na gné sin agus sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta á gcosc, is iomchuí, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, forálacha níos sonraí agus níos mionsonraithe a thabhairt isteach maidir le sainaithint an chustaiméara agus fíorú chéannacht an chustaiméara, bíodh sin i ndáil le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, socruithe dlíthiúla mar shampla iontaobhais, nó eintitis ag a bhfuil inniúlacht dhlítheanach faoin dlí náisiúnta.

(66)

Le forbairtí teicneolaíocha agus dul chun cinn sa digitiú cumasaítear sainaithint agus fíorú slán cianda nó leictreonach ar chustaiméirí ionchais agus custaiméirí atá ann cheana agus is féidir seoladh cianda an díchill chuí do chustaiméirí a éascú. Leis na réitigh shainaitheanta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), cumasaítear modhanna slána agus iontaofa sainaitheanta agus fíoraithe custaiméara le haghaidh custaiméirí ionchais agus custaiméirí atá ann cheana agus is féidir seoladh cianda an díchill chuí do chustaiméirí a éascú. An tsainaithint leictreonach a leagtar amach sa Rialachán sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid í a chur san áireamh agus glacadh léi le haghaidh an phróisis sainaitheanta custaiméara. Maidir le húsáid na modhanna sainaitheanta sin, i gcás ina mbeidh bearta maolaithe riosca iomchuí i bhfeidhm, is féidir an leibhéal riosca a laghdú go leibhéal caighdeánach nó leibhéal íseal. I gcás nach bhfuil an tsainaithint leictreonach sin ar fáil do chustaiméir, mar shampla mar gheall ar chineál a stádais cónaithe i mBallstát ar leith nó mar gheall ar chónaí a bheith air i dtríú tír, ba cheart fíorú a dhéanamh trí sheirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha.

(67)

Chun a áirithiú go gcuirfidh creat AML/CFT cosc le teacht isteach cistí aindleathacha sa chóras airgeadais, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh sula rachaidh siad i mbun gaolmhaireachtaí gnó le cliaint ionchais, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe. Mar sin féin, ionas nach gcuirfear moill gan ghá ar ghnáthsheoladh gnó, ba cheart eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann an fhaisnéis a bhailiú ón gcustaiméir ionchais le linn dó gaolmhaireacht gnó a bhunú. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a bheith in ann an fhaisnéis is gá a fháil ó na custaiméirí ionchais nuair a bheidh an ghaolmhaireacht bunaithe, ar choinníoll nach ndéantar idirbhearta a thionscnamh go dtí go mbeidh próiseas an díchill chuí do chustaiméirí curtha i gcrích go rathúil.

(68)

Níl próiseas an díchill chuí do chustaiméirí teoranta do shainaithint ná fíorú chéannacht an chustaiméara. Roimh dhul i mbun gaolmhaireachtaí gnó nó sula ndéantar idirbhearta ócáideacha, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid measúnú a dhéanamh freisin ar chuspóir agus cineál na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh. Faisnéis réamhchonarthach nó faisnéis eile faoin táirge nó faoin tseirbhís bheartaithe a chuirtear in iúl don chustaiméir ionchais, is féidir léi cuidiú leis an gcuspóir sin a thuiscint. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann measúnú a dhéanamh i gcónaí ar chuspóir agus cineál na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh ionchais ar bhealach gan débhrí. I gcás ina gcuireann an tseirbhís nó an táirge arna tairiscint nó arna thairiscint ar chumas do chustaiméirí cineálacha éagsúla idirbheart nó gníomhaíochtaí a dhéanamh, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach a fháil maidir le rún an chustaiméara i ndáil leis an úsáid atá le baint as an ngaolmhaireacht sin

(69)

Chun éifeachtacht chreat AML/CFT a áirithiú, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaightear óna gcustaiméirí, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe. Is dócha go bhforbróidh gaolmhaireachtaí gnó de réir mar a athróidh imthosca an chustaiméara agus na gníomhaíochtaí a dhéanann siad tríd an ngaolmhaireacht gnó le himeacht ama. Chun tuiscint chuimsitheach a choinneáil ar phróifíl riosca an chustaiméara agus grinnscrúdú fóinteach a dhéanamh ar idirbhearta, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaightear óna gcustaiméirí, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe. Ba cheart na hathbhreithnithe sin a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil ach ba cheart freisin athruithe in imthosca ábhartha an chustaiméara iad a spreagadh, nuair a thugtar le fios le fíorais agus le faisnéis go bhféadfaí próifíl riosca nó mionsonraí aitheantais an chustaiméara a athrú. Chuige sin, ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhad custaiméara mar fhreagairt ar athruithe ábhartha, amhail athrú ar na dlínsí a ndéantar idirbheart leo, ar luach nó ar mhéid na n-idirbheart, ar iarrataí ar tháirgí nó seirbhísí nua atá an-difriúil ó thaobh riosca de nó tar éis athruithe ar an úinéireacht thairbhiúil.

(70)

I gcomhthéacs na gcliant a ndearnadh bearta díchill chuí do chustaiméirí ina leith le déanaí, ba cheart a bheith in ann bearta díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh trí dheimhniú a fháil ón gcustaiméir nár athraíodh an fhaisnéis agus na doiciméid atá sna taifid. I gcásanna ina bhfuil muinín ag an eintiteas faoi oibleagáid nár tháinig aon athrú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an gcustaiméir, éascaíonn an modh oibre sin cur i bhfeidhm oibleagáidí AML/CFT, mar tá ar eintitis faoi oibleagáid a áirithiú go ndéanfaidh siad bearta leordhóthanacha díchill chuí do chustaiméirí. I ngach cás, ba cheart an deimhniú a fhaightear ón gcustaiméir, agus aon athruithe ar an bhfaisnéis a choinnítear ar an gcustaiméir, a thaifeadadh.

(71)

D’fhéadfadh eintitis faoi oibleagáid níos mó ná táirge nó seirbhís amháin a sholáthar i gcomhthéacs gaolmhaireacht gnó. Sna himthosca sin, is ar an ngaolmhaireacht gnó ina iomláine seachas ar tháirge ar leith nó ar sheirbhís ar leith atá an ceanglas faisnéis, sonraí agus doiciméid a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta dírithe. Is faoi na heintitis faoi oibleagáid atá sé measúnú a dhéanamh, ar fud raon na dtáirgí nó na seirbhísí a sholáthraítear, nuair a thagann athrú ar imthosca ábhartha an chustaiméara, nó nuair a chomhlíontar coinníollacha eile lena spreagtar an dícheall cuí do chustaiméirí a thabhairt cothrom le dáta, agus dul ar aghaidh le hathbhreithniú a dhéanamh ar chomhad an chustaiméara i ndáil leis an ngaolmhaireacht gnó ina hiomláine.

(72)

Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid córas faireacháin a chur ar bun freisin chun go mbraithfear idirbhearta a d’fhéadfadh a bheith amhrasach maidir le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta. Chun éifeachtacht an fhaireacháin ar idirbhearta a áirithiú, le gníomhaíocht faireacháin eintiteas faoi oibleagáid ba cheart i bprionsabal na seirbhísí agus na táirgí uile a thairgtear do chustaiméirí agus na hidirbhearta uile a dhéantar thar ceann an chustaiméara nó atá tairgthe don chustaiméir ag an eintiteas faoi oibleagáid, ba cheart iad a chumhdach. Mar sin féin, ní gá grinnscrúdú a dhéanamh ar na hidirbhearta uile ina n-aonar. Le déine an fhaireacháin ba cheart an cur chuige rioscabhunaithe a urramú agus ba cheart í a bheith deartha bunaithe ar chritéir bheachta ábhartha agus, go háirithe, saintréithe na gcustaiméirí agus leibhéal an riosca atá bainteach leo, na táirgí agus na seirbhísí a thairgtear, agus na tíortha nó na limistéir gheografacha lena mbaineann á gcur an áireamh. Ba cheart do AMLA treoirlínte a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh déine an fhaireacháin ar ghaolmhaireachtaí gnó agus idirbhearta leordhóthanach agus comhréireach le leibhéal an riosca.

(73)

Tríd an ngaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh nuair nach féidir bearta díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh, laghdaítear neamhchosaint an eintitis faoi oibleagáid ar rioscaí a bhaineann le hathruithe féideartha ar phróifíl an chustaiméara. Mar sin féin, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann nár cheart an foirceannadh a shaothrú mar gheall ar spriocanna maidir le leas an phobail. Is amhlaidh atá, mar shampla, i ndáil le conarthaí árachais saoil, i gcás inar cheart d’eintitis faoi oibleagáid, i gcás inar gá, mar mhalairt ar fhoirceannadh, bearta a ghlacadh chun an ghaolmhaireacht gnó a reo, lena n-áirítear trí thoirmeasc a chur ar aon seirbhísí breise a sholáthar don chustaiméir sin agus an íocaíocht amach le tairbhithe a choinneáil siar, go dtí gur féidir bearta díchill chuí do chustaiméirí a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ceanglaíonn táirgí agus seirbhísí áirithe ar an eintiteas faoi oibleagáid leanúint de chistí an chustaiméara a choinneáil nó a fháil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366, mar shampla i gcomhthéacs iasachtaí, cuntais íocaíochta nó glacadh taiscí. Níor cheart amharc orthu sin, áfach, mar bhac ar an gceanglas an ghaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh, rud is féidir a bhaint amach trína áirithiú nach ndéantar aon idirbheart ná gníomhaíocht don chustaiméir.

(74)

Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a tharraingt suas maidir le dícheall cuí do chustaiméirí. Leis na caighdeáin theicniúla rialála sin ba cheart an tacar íosta faisnéise atá le fáil ag eintitis faoi oibleagáid a leagan amach ionas go bhféadfaidh siad dul i mbun gaolmhaireachtaí gnó nua le custaiméirí nó cinn leanúnacha a mheasúnú, de réir leibhéal an riosca atá bainteach le gach custaiméir. Thairis sin, leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ba cheart soiléireacht leordhóthanach a sholáthar chun go bhféadfaidh gníomhaithe margaidh modhanna slána, inrochtana agus nuálacha a fhorbairt chun céannacht custaiméirí a fhíorú agus dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh, lena n-áirítear go cianda, agus prionsabal neodracht na teicneolaíochta á urramú. Tá na cúraimí sonracha sin i gcomhréir le ról agus freagrachtaí AMLA mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2024/1620.

(75)

Le comhchuibhiú beart díchill chuí do chustaiméirí rannchuideofar le tuiscint atá comhsheasmhach, agus éifeachtach go comhsheasmhach, a fháil ar na rioscaí a bhaineann le custaiméir atá ann cheana nó le custaiméir ionchais gan beann ar an áit a n-osclaítear an ghaolmhaireacht gnó san Aontas. Leis an gcomhchuibhiú sin ba cheart a áirithiú freisin nach n-úsáideann eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis a fhaightear agus dícheall cuí do chustaiméirí á dhéanamh chun cleachtais dí-ríoscaithe a shaothrú as a bhféadfadh imchéimniú oibleagáidí dlíthiúla eile teacht, go háirithe na cinn a leagtar síos i dTreoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) nó Treoir (AE) 2015/2366, gan cuspóirí an Aontais a bhaint amach ó thaobh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc. Chun maoirseacht chuí ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le dícheall cuí do chustaiméirí a chumasú, tá sé tábhachtach go gcoimeádfaidh eintitis faoi oibleagáid taifead ar na gníomhaíochtaí a dhéantar agus ar an bhfaisnéis a fhaightear le linn phróiseas an díchill chuí do chustaiméirí, gan beann ar cibé acu a bhunaítear nó nach mbunaítear gaolmhaireacht gnó nua leo agus cibé acu a chuir nó nár chuir siad tuairisc ar idirbhearta amhrasacha isteach tar éis dóibh diúltú gaolmhaireacht gnó a bhunú. I gcás ina gcinnfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid gan dul i mbun gaolmhaireacht gnó le custaiméir ionchais, nó gaolmhaireacht gnó atá ann cheana a fhoirceannadh, ina ndiúltaíonn sé idirbheart ócáideach a dhéanamh, nó bearta malartacha a chur i bhfeidhm maidir le gaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh, ba cheart na forais leis an gcinneadh sin a áireamh sna taifid ar dhícheall cuí do chustaiméirí. Ar an gcaoi sin cuirfear ar chumas d’údaráis mhaoirseachta measúnú a dhéanamh ar cibé acu a chalabraigh nó nár chalabraigh eintitis faoi oibleagáid a gcleachtais maidir le dícheall cuí do chustaiméirí go hiomchuí agus conas a fhorbraíonn an neamhchosaint atá ag an eintiteas ar riosca, chomh maith le cuidiú le fianaise staidrimh a bhailiú maidir leis na rialacha a bhaineann le dícheall cuí do chustaiméirí arna gcur i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid ar fud an Aontais.

(76)

Is cur chuige rioscabhunaithe é cheana féin an cur chuige atá i bhfeidhm sa chreat AML/CFT reatha chun athbhreithniú a dhéanamh ar chustaiméirí atá ann cheana. Mar gheall ar an riosca níos airde atá ann go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le struchtúir idirghabhála áirithe, áfach, d’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann, leis an gcur chuige sin, rioscaí a bhrath agus a mheasúnú go tráthúil. Tá sé tábhachtach mar sin a áirithiú go ndéanfar faireachán ar bhonn tráthrialta ar chatagóirí dea-shonraithe de chustaiméirí atá ann cheana.

(77)

Tá an riosca féin athraitheach de réir a chineáil, agus féadfaidh na hathróga, astu féin nó i gcomhcheangal, an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéadú nó a laghdú, agus ar an tslí sin tionchar a bheith acu ar leibhéal iomchuí na mbeart coisctheach, mar shampla bearta díchill chuí do chustaiméirí.

(78)

I gcásanna lena mbaineann riosca íseal, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann bearta simplithe a chur i bhfeidhm maidir le dícheall cuí. Níl sé i gceist leis sin go mbeadh díolúine ó bhearta díchill chuí do chustaiméirí ann ná go mbeadh na bearta sin in easnamh ar fad. Is é atá i gceist leis, go deimhin, tacar beart grinnscrúdúcháin simplithe nó laghdaithe, lenar cheart aghaidh a thabhairt, mar sin féin, ar gach comhpháirt den ghnáthnós imeachta díchill chuí. I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann ina dhiaidh sin minicíocht nó déine a ngrinnscrúdúcháin ar chustaiméirí nó ar idirbhearta a laghdú, nó a bheith in ann dul ar iontaoibh toimhdí leordhóthanacha maidir le cuspóir na gaolmhaireachta gnó nó táirgí simplí a úsáid. Ba cheart a leagan amach sna caighdeáin theicniúla rialála maidir le dícheall cuí do chustaiméirí na bearta simplithe sonracha a bhfuil eintitis faoi oibleagáid in ann iad a chur chun feidhme i gcás staideanna lena mbaineann riosca níos ísle a sainaithníodh sa mheasúnú riosca ar leibhéal an Aontais a rinne an Coimisiún. Le linn dó dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ba cheart do AMLA aird chuí a bheith aige ar chaomhnú an chuimsithe airgeadais agus shóisialta.

(79)

Ba cheart a aithint go bhfuil riosca níos mó go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag baint le staideanna áirithe. Cé gur cheart céannacht agus próifíl ghnó gach custaiméara a shuí le cur i bhfeidhm tráthrialta na mbeart díchill chuí do chustaiméirí, tá cásanna ann ina mbeidh gá le nósanna imeachta atá thar a bheith docht maidir le sainaithint agus fíorú custaiméirí. Dá bhrí sin, is gá rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na bearta feabhsaithe díchill chuí sin, lena n-áirítear bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha le haghaidh gaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann.

(80)

Is é is saintréith gaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann le hinstitiúid tríú tír is freagróir gur de chineál leanúnach athdhéantach atá siad. Thairis sin, ní bhíonn an leibhéal céanna riosca maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta ag baint le gach seirbhís baincéireachta comhfhreagraí trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart déine na mbeart feabhsaithe díchill chuí a chinneadh trí phrionsabail an chur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, an cur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm nuair a bhítear ag idirghníomhú le hinstitiúidí tríú tír is freagróirí nach bhfuil aon láithreacht fhisiceach acu san áit inar bunaíodh iad, ná le heintitis neamhchláraithe nó neamhcheadúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní. I bhfianaise an riosca aird go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta in institiúidí caocha, institiúidí creidmheasa, agus institiúidí airgeadais, ba cheart gaolmhaireacht chomhfhreagrach lena leithéid d’institiúid chaoch a sheachaint, mar aon le gaolmhaireacht chomhfhreagrach le contrapháirtithe i dtríú tíortha a cheadaíonn d’institiúidí caocha a gcuntais a úsáid. Chun mí-úsáid chóras airgeadais an Aontais chun seirbhísí neamhrialáilte a sholáthar a sheachaint, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áirithiú freisin nach n-úsáideann malartuithe neadaithe a gcuntais agus ba cheart beartais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun aon iarracht den sórt sin a bhrath.

(81)

I gcomhthéacs fheidhmiú a bhfeidhme formhaoirseachta, d’fhéadfadh maoirseoirí cásanna a shainaithint ina gcruthaítear rioscaí do chóras airgeadais an Aontais nuair a sháraíonn institiúidí tríú tír is freagróirí ceanglais AML/CFT, nó nuair is ann do laigí i gcur chun feidhme ceanglais AML/CFT. Chun na rioscaí sin a mhaolú, ba cheart AMLA a bheith in ann moltaí a dhíriú ar institiúidí creidmheasa agus d’institiúidí airgeadais san Aontas chun iad a chur ar an eolas faoina thuairimí maidir le heasnaimh na n-institiúidí tríú tír sin is freagróirí. Ba cheart na moltaí sin a eisiúint i gcás ina gcomhaontaíonn AMLA agus maoirseoirí airgeadais san Aontas gur dócha go ndéanfaidh na sáruithe agus na laigí sna hinstitiúidí tríú tír is freagróirí difear do neamhchosaint ar riosca na ngaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúidí creidmheasa agus le hinstitúidí airgeadais san Aontas, agus ar choinníoll go raibh deis ag an institiúid tríú tír is freagróir agus ag a maoirseoir a dtuairimí a chur ar fáil. Chun dea-fheidhmiú chóras airgeadais an Aontais a chaomhnú, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus d’institiúidí airgeadais bearta leordhóthanacha a dhéanamh mar fhreagairt ar mholtaí ó AMLA, lena n-áirítear trí staonadh ó ghaolmhaireacht chomhfhreagrach a dhéanamh nó leanúint de ghaolmhaireacht chomhfhreagrach mura rud é gur féidir leo bearta maolaitheacha leordhóthanacha a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arb í an ghaolmhaireacht chomhfhreagrach is cúis leo.

(82)

I gcomhthéacs na mbeart feabhsaithe díchill chuí, ní hionann formheas a fháil ón mbainistíocht shinsearach chun gaolmhaireachtaí gnó a bhunú, agus a thabhairt le fios, i ngach cás, go bhfuiltear ag fáil formheasa ón mbord stiúrthóirí. Ba cheart do dhuine, ag a bhfuil eolas leordhóthanach ar neamhchosaint ar riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta an eintitis agus a bhfuil sinsearacht leordhóthanach aige chun cinntí a dhéanamh a dhéanfadh difear dá neamhchosaint ar riosca, an formheas sin a thabhairt.

(83)

Chun feidhmiú cuí chóras airgeadais an Aontais a chosaint ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun tríú tíortha, a léiríonn a n-easnaimh ina gcórais náisiúnta AML/CFT bagairt ar shláine mhargadh inmheánach an Aontais, a shainaithint. Is de chineál athraitheach atá bagairtí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta ar as críoch lasmuigh den Aontas a thagann siad agus éascaíonn forbairt leanúnach na teicneolaíochta agus na modhanna atá ar fáil ag na coirpigh iad, agus ar an ábhar sin ní mór oiriúnuithe tapa leanúnacha a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil a mhéid a bhaineann le tríú tíortha chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar na rioscaí atá ann cheana agus cosc a chur le rioscaí nua a bheith ag teacht chun cinn. Ba cheart don Choimisiún, mar bhunús dá mheasúnú, faisnéis ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó shocraitheoirí caighdeán i réimse AML/CFT a chur san áireamh, mar shampla ráitis phoiblí FATF, meastóireacht fhrithpháirteach nó tuarascálacha measúnaithe mionsonraithe nó tuarascálacha leantacha foilsithe, agus a mheasúnuithe a oiriúnú do na hathruithe iontu, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don Choimisiún gníomhú laistigh de 20 lá tar éis easnaimh i gcóras AML/CFT tríú tír a fhionnadh ar bagairt iad ar shláine mhargadh inmheánach an Aontais.

(84)

Maidir le tríú tíortha atá ‘faoi réir glao ar ghníomhaíocht’ ag an socraitheoir caighdeán idirnáisiúnta ábhartha, eadhon FATF, feictear easnaimh straitéiseacha shuntasacha mharthanacha ina gcreataí dlíthiúla agus institiúideacha AML/CFT agus i gcur chun feidhme na gcreataí sin ar dócha go mbainfidh ardriosca leo do chóras airgeadais an Aontais. Le cineál marthanach na n-easnamh straitéiseach suntasach sin, lena léirítear an easpa tiomantais nó mainneachtain leanúnach an tríú tír dul i ngleic leo, léirítear leibhéal méadaithe bagartha a thagann ó na tríú tíortha sin, agus leis sin éilítear freagairt mhaolaitheach éifeachtach, chomhsheasmhach agus chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid an tacar iomlán de bhearta feabhsaithe díchill chuí atá ar fáil a chur i bhfeidhm i leith idirbhearta ócáideacha agus gaolmhaireachtaí gnó a bhfuil na tríú tíortha ardriosca sin bainteach leo d’fhonn na rioscaí foluiteacha a bhainistiú agus a mhaolú. Thairis sin, tugann an leibhéal ard riosca údar cuí leis na frithbhearta sonracha breise a chur i bhfeidhm, cibé acu ar leibhéal na n-eintiteas faoi oibleagáid nó na mBallstát. Sheachnódh an cur chuige sin éagsúlacht le linn do na frithbhearta ábhartha a bheith á gcinneadh, rud a d'fhágfadh iomláine chóras airgeadais an Aontais neamhchosanta ar rioscaí. I gcás ina sainaithníonn na Ballstáit rioscaí sonracha nach bhfuil maolaithe, d’fhéadfadh siad a bheith in ann frithbhearta breise a chur i bhfeidhm, agus sa chás sin ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith sin. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil na rioscaí sin ábhartha don mhargadh inmheánach, d’fhéadfadh sé a bheith in ann an gníomh tarmligthe a thabhairt cothrom le dáta chun na frithbhearta breise is gá a áireamh chun na rioscaí sin a mhaolú. I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil gá leis na frithbhearta sin agus go mbainfidís an bonn d’fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an Aontais, ba cheart an chumhacht a thabhairt dó a chinneadh go gcuirfeadh an Ballstát deireadh leis an bhfrithbheart sonrach. Sula ngníomhachtófar an nós imeachta le haghaidh an chinnidh sin, ba cheart don Choimisiún deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a thuairimí a chur isteach maidir le breithniú an Choimisiúin. Mar gheall ar a shaineolas teicniúil, is féidir le AMLA ionchur áisiúil a sholáthar don Choimisiún chun na frithbhearta iomchuí a shainaithint.

(85)

Tá laigí maidir le comhlíonadh i gcreat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT agus i gcur chun feidhme an chreata i dtríú tíortha atá faoi réir ‘faireachán méadaithe’ ag FATF soghabhálach lena ndúshaothrú ag coirpigh. Is dóigh gur riosca sin do chóras airgeadais an Aontais, agus caithfear an riosca sin a bhainistiú agus a mhaolú. Trí thiomantas a bheith á léiriú ag na tríú tíortha sin maidir le haghaidh a thabhairt ar laigí sainaitheanta, ach gan deireadh a chur leis an riosca an tráth céanna, tugtar údar le freagairt mhaolaitheach a úsáid ina leith, nach mbeadh chomh dian céanna leis an gceann is infheidhme maidir le tríú tíortha ardriosca. I gcás ina ngeallann na tríú tíortha sin aghaidh a thabhairt ar na laigí a sainaithníodh, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm i leith idirbhearta ócáideacha agus gaolmhaireachtaí gnó le linn dóibh a bheith ag déileáil le daoine nádúrtha nó le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe sna tríú tíortha sin, idirbhearta a bheidh saincheaptha do na laigí sonracha a sainaithníodh i ngach tríú tír. Ach na bearta feabhsaithe díchill chuí a bheidh le cur i bhfeidhm a shainaithint de réir a chéile, d’áiritheofaí leis sin freisin, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, go mbeadh na bearta i gcomhréir leis an leibhéal riosca. Chun cur chuige comhsheasmhach agus comhréireach den sórt sin a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a shainaithint cé na bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha a bheidh de dhíth d’fhonn rioscaí tírshonracha a mhaolú. I bhfianaise shaineolas teicniúil AMLA, is féidir leis ionchur áisiúil a sholáthar don Choimisiún chun na bearta feabhsaithe díchill chuí iomchuí a shainaithint.

(86)

D’fhéadfadh bagairt shonrach thromchúiseach a bheith ag baint le tíortha nach sainaithnítear go poiblí a bheith faoi réir glaonna ar ghníomhaíocht nó faireacháin mhéadaithe ag FATF, ar bagairtí iad ar shláine chóras airgeadais an Aontais, arbh é is cúis leis sin, b'fhéidir, laigí sa chomhlíonadh nó easnaimh straitéiseacha shuntasacha mharthanacha ina gcóras AML/CFT. Chun na rioscaí sonracha sin a mhaolú, ar rioscaí iad nach féidir a mhaolú trí bhearta is infheidhme maidir le tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha orthu nó tíortha ar a bhfuil laigí maidir le comhlíonadh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhú in imthosca eisceachtúla trí na tríú tíortha sin a shainaithint, bunaithe ar thacar soiléir critéar agus le tacaíocht ó AMLA. De réir an leibhéil riosca do chóras airgeadais an Aontais, ba cheart don Choimisiún a cheangal go gcuirfí i bhfeidhm na bearta feabhsaithe díchill chuí agus na frithbhearta tírshonracha uile, i ndáil le tríú tíortha ardriosca, nó bearta díchill chuí tírshonracha feabhsaithe, i ndáil le tríú tíortha ar a bhfuil laigí maidir le comhlíonadh, mar shampla.

(87)

Chun sainaithint chomhsheasmhach na dtríú tíortha ar bagairt shonrach thromchúiseach iad ar chóras airgeadais an Aontais a áirithiú, ach gan iad a bheith sainaitheanta go poiblí mar thíortha atá faoi réir glaonna ar ghníomhaíocht nó faireachán méadaithe ó FATF, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an mhodheolaíocht chun tríú tíortha a shainaithint in imthosca eisceachtúla, a leagan amach. Ba cheart a áireamh sa mhodheolaíocht sin go háirithe conas a dhéanfar measúnú ar na critéir agus an próiseas don idirghníomhaíocht le tríú tíortha den sórt sin agus do rannpháirtíocht na mBallstát agus AMLA i gcéimeanna ullmhúcháin na sainaitheanta sin.

(88)

Ós rud é go bhféadfadh athruithe a bheith ann ar chreataí AML/CFT na dtríú tíortha a shainaithnítear faoin Rialachán seo nó ar a gcur chun feidhme, mar shampla mar thoradh ar thiomantas na tíre aghaidh a thabhairt ar na laigí sainaitheanta nó mar gheall ar bhearta AML/CFT ábhartha a ghlacadh chun dul i ngleic leo, rud a d’fhéadfadh cineál agus leibhéal na rioscaí a thagann uathu a athrú, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar shainaithint na mbeart feabhsaithe díchill chuí sonrach sin chun a áirithiú go bhfuil siad comhréireach agus leordhóthanach fós.

(89)

Ní ó thríú tíortha amháin a thagann na bagairtí seachtracha féideartha ar chóras airgeadais an Aontais, ach is féidir leo teacht chun cinn freisin i ndáil le tosca riosca a bhaineann le custaiméirí nó táirgí, seirbhísí, idirbhearta nó bealaí seachadta sonracha a fheictear i ndáil le limistéar geografach sonrach lasmuigh den Aontas. Is gá dá bhrí sin treochtaí, rioscaí agus modhanna sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint, a bhféadfadh eintitis faoi oibleagáid an Aontais a bheith neamhchosanta orthu. Is é AMLA is fearr a bheidh in ann aon típeolaíocht sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a thagann chun cinn ó lasmuigh den Aontas a bhrath, chun a bhforbairt a fhaire d’fhonn treoraíocht a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid an Aontais maidir leis an ngá bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm atá dírithe ar na rioscaí sin a mhaolú.

(90)

D’fhéadfadh an earnáil airgeadais a bheith neamhchosanta ar rioscaí suntasacha dlí agus clú mar gheall ar ghaolmhaireachtaí le daoine aonair a mbíonn feidhmeanna poiblí tábhachtacha acu nó a mbíodh feidhmeanna poiblí tábhachtacha acu, laistigh den Aontas nó go hidirnáisiúnta, agus go háirithe daoine aonair ó thíortha ina bhfuil éilliú forleathan. Tugann an iarracht idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an éilliú údar freisin leis an ngá aird ar leith a thabhairt ar na daoine sin agus bearta feabhsaithe díchill chuí iomchuí a chur i bhfeidhm i leith daoine a gcuirtear nó ar cuireadh feidhmeanna poiblí suntasacha de chúram orthu sa bhaile nó ar an gcoigríoch agus i leith daoine sinsearacha in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is gá bearta a shonrú ar cheart d’eintitis faoi oibleagáid iad a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta nó gaolmhaireachtaí gnó le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil. Chun an cur chuige rioscabhunaithe a éascú, ba cheart é a chur de chúram ar AMLA treoirlínte a eisiúint maidir le measúnú a dhéanamh ar an leibhéal rioscaí atá bainteach le catagóir áirithe de dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil, a mbaill teaghlaigh nó daoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad.

(91)

Níl na rioscaí a bhaineann le daoine a gcuirtear nó ar cuireadh feidhmeanna poiblí suntasacha de chúram orthu teoranta don leibhéal náisiúnta amháin; is féidir leo a bheith ann freisin ar leibhéil réigiúnacha nó bhardasacha. Is fíor sin go háirithe ar an leibhéal áitiúil i gcás limistéir dhlúthdhaonra, mar shampla cathracha, ar minic a bhainistíonn siad, in éineacht leis an leibhéal réigiúnach, cistí poiblí suntasacha agus rochtain ar sheirbhísí nó ceadanna criticiúla, agus riosca éillithe agus sciúrtha airgid ghaolmhair a bheith ann mar thoradh air sin. Dá bhrí sin, maidir le ceannairí na n-údarás réigiúnach agus na n-údarás áitiúil, lena n-áirítear grúpálacha bardas agus réigiún cathrach, ina bhfuil 50 000 áitritheoir ar a laghad, is gá iad a áireamh i gcatagóir na ndaoine a gcuirtear nó ar cuireadh feidhmeanna poiblí suntasacha de chúram orthu. An tráth céanna, ba cheart a aithint go bhfuil éagsúlacht shuntasach ann maidir le heagrú tíreolaíoch agus riaracháin na mBallstát, agus ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann, i gcás inarb iomchuí, tairseach níos ísle a leagan síos chun na húdaráis áitiúla ábhartha a chumhdach ar bhonn riosca. Nuair a chinnfidh na Ballstáit tairseacha níos ísle a shocrú, ba cheart dóibh na tairseacha níos ísle sin a chur in iúl don Choimisiún.

(92)

Is féidir le comhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid fiontar atá faoi rialú an stáit, nó na n-údarás réigiúnach nó na n-údarás áitiúil a bheith neamhchosanta ar rioscaí éillithe agus sciúrtha airgid ghaolmhair freisin. I bhfianaise méid buiséid fiontar den sórt sin agus na gcistí atá faoi bhainistíocht acu, tá na rioscaí sin thar a bheith ard i ndáil le comhaltaí feidhmiúcháin sinsearacha i bhfiontair atá faoi rialú an stáit. Is féidir le rioscaí teacht chun cinn freisin i ndáil le fiontair de mhéid shuntasach atá á rialú ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla. Mar thoradh air sin, ba cheart na feidhmeannaigh shinsearacha i bhfiontair atá faoi rialú údarás réigiúnach nó áitiúil a mheas mar dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil i gcás ina gcáilíonn na fiontair sin mar ghnóthais nó grúpaí meánmhéide nó móra mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). Mar sin féin, agus aitheantas á thabhairt do na difríochtaí eagraíochtúla geografacha agus riaracháin, agus do na cumhachtaí agus na freagrachtaí a bhaineann leis na fiontair sin agus lena bhfeidhmeannaigh shinsearacha, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tairseach láimhdeachais bhliantúil níos ísle a shocrú ar bhonn riosca. Sa chás sin, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh sin.

(93)

Chun daoine san Aontas atá faoi riteacht pholaitiúil a shainaithint, ba cheart do na Ballstáit liostaí a eisiúint ina léirítear na feidhmeanna sonracha a cháilíonn mar fheidhmeanna poiblí suntasacha, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, le rialacháin náisiúnta agus le forálacha riaracháin. Ba cheart do na Ballstáit a iarraidh ar gach eagraíocht idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar a gcríoch liosta de na feidhmeanna poiblí suntasacha san eagraíocht idirnáisiúnta sin a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta. Ba cheart é a chur de chúram ar an gCoimisiún liosta a thiomsú agus a eisiúint, liosta ba cheart a bheadh bailí ar fud an Aontais, maidir le daoine ar cuireadh feidhmeanna poiblí suntasacha ar a n-iontaoibh in institiúidí nó i gcomhlachtaí de chuid an Aontais. Chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le feidhmeanna poiblí suntasacha a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. an fhormáid atá le húsáid le haghaidh fógraí ó na Ballstáit a leagan amach, agus ba cheart é a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar na catagóirí d’fheidhmeanna poiblí suntasacha a shainaithnítear leis an Rialachán seo, i gcás ina bhfuil siad coitianta ar fud na mBallstát.

(94)

Nuair nach gcuirfear feidhm phoiblí shuntasach ar iontaoibh custaiméirí a thuilleadh, féadfaidh siad riosca ard a chruthú fós, mar shampla mar gheall ar an tionchar neamhfhoirmiúil a d’fhéadfaidís a fheidhmiú fós, nó toisc go bhfuil na feidhmeanna a bhí acu roimhe seo agus na feidhmeanna reatha atá acu nasctha. Tá sé fíor-riachtanach go gcuirfeadh eintitis faoi oibleagáid na rioscaí leanúnacha sin san áireamh agus go gcuirfidís beart feabhsaithe díchill chuí amháin nó níos mó i bhfeidhm go dtí go meastar nach bhfuil aon riosca eile ag baint leis na daoine aonair, agus in aon chás ar feadh nach lú ná 12 mhí tar éis an ama a scoirtear de chúram maidir le feidhm phoiblí shuntasach a chur orthu.

(95)

Ní minic a bhíonn gaolmhaireachtaí cliant ag cuideachtaí árachais le tairbhithe na bpolasaithe árachais. Ba cheart dóibh a bheith in ann cásanna lena mbaineann riosca níos airde a shainaithint, áfach, amhail nuair a ghabhann fáltais an pholasaí chun tairbhe duine atá faoi riteacht pholaitiúil. Chun a chinneadh an é sin an cás, ba cheart bearta réasúnacha a áireamh sa pholasaí árachais chun an tairbhí a shainaithint, amhail agus gur chliant nua é an duine sin. Ba cheart a bheith in ann na bearta sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná tráth na híocaíochta nó tráth shannadh an pholasaí.

(96)

D’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint as dlúthghaolmhaireachtaí príobháideacha agus gairmiúla ar mhaithe le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta. Chuige sin, ba cheart feidhm a bheith ag bearta a bhaineann le daoine faoi riteacht pholaitiúil maidir lena mbaill teaghlaigh agus le daoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad freisin. D’fhéadfadh go mbraitheann sainaithint chuí na mball teaghlaigh agus na ndaoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad ar struchtúr socheacnamaíoch agus cultúrtha thír an duine atá faoi riteacht pholaitiúil. Ina fhianaise sin, ba cheart an cúram a chur ar AMLA treoirlínte a eisiúint maidir leis na critéir a úsáidfear chun daoine ar cheart iad a mheas mar dhlúthchomhlaigh a shainaithint.

(97)

Áirítear le gaolta le baill teaghlaigh a bhféadfadh daoine atá faoi riteacht pholaitiúil mí-úsáid a bhaint astu, ní hamháin iad siúd le tuismitheoirí agus sliochtaigh ach d’fhéadfaí iad siúd le siblíní a bheith san áireamh freisin. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás catagóirí daoine atá faoi riteacht pholaitiúil agus a bhfuil poist shinsearacha rialtais láir acu. Agus aird á tabhairt, áfach, ar struchtúir éagsúla shocheacnamaíocha agus chultúrtha atá ann ar an leibhéal náisiúnta, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an bhféidearthacht go mbainfí mí-úsáid as gaolta siblíní, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann raon feidhme níos leithne a chur i bhfeidhm chun siblíní a ainmniú mar bhaill teaghlaigh daoine faoi riteacht pholaitiúil chun na rioscaí go mbainfí mí-úsáid as na gaolta sin a mhaolú go leordhóthanach. Nuair a chinneann na Ballstáit raon feidhme níos leithne a chur i bhfeidhm, ba cheart dóibh mionsonraí an raoin feidhme níos leithne sin a chur in iúl don Choimisiún.

(98)

Na ceanglais a bhaineann le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, a mbaill teaghlaigh agus daoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad, is ceanglais iad de chineál coisctheach agus ní de chineál coiriúil, agus níor cheart a thuiscint astu go bhfuil daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, a mbaill teaghlaigh nó a ndlúthchomhlaigh rannpháirteach i ngníomhaíocht choiriúil. Tá sé contrártha do théacs agus meon an Rialacháin seo diúltú do ghaolmhaireacht gnó a dhéanamh le duine díreach ar bhonn cinneadh gur duine é nó í atá faoi riteacht pholaitiúil nó ball teaghlaigh nó duine arb eol gur dlúthchomhlach é nó í le duine atá faoi riteacht pholaitiúil.

(99)

I bhfianaise leochaileacht scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí i leith sciúradh airgid, coireanna cánach, éilliú agus imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, agus i leith na mbagairtí slándála suntasacha chomh maith a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo don Aontas ina iomláine, is iomchuí go ndéanfadh eintitis faoi oibleagáid dícheall cuí feabhsaithe sonrach, ar a laghad, maidir le custaiméirí ar náisiúnaigh tríú tír iad a chuir tús le próiseas chun iarratas a dhéanamh ar chearta cónaithe i mBallstát faoi chuimsiú na scéimeanna sin.

(100)

Le soláthar seirbhísí pearsantaithe bainistithe sócmhainní do dhaoine aonair a bhfuil ardleibhéal rachmais acu, d’fhéadfaí institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais nó soláthraithe seirbhísí iontaobhais agus cuideachta a bheith neamhchosanta ar rioscaí sonracha lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as cineál casta agus pearsantaithe na seirbhísí sin go minic. Is gá, dá bhrí sin, sraith de bhearta feabhsaithe díchill chuí a shonrú ar cheart iad sin, ar a laghad, a chur i bhfeidhm nuair a mheastar go bhfuil ardriosca go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag baint leis na gaolmhaireachtaí gnó sin. Agus é á chinneadh an bhfuil sócmhainní ag a bhfuil luach EUR 50 000 000 ar a laghad, nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta nó eachtrach, ag custaiméir, cuirtear san áireamh sócmhainní airgeadais agus in-infheistithe lena n-áirítear airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim, bídís á gcoinneáil mar thaiscí nó i dtáirgí coigiltis, chomh maith le hinfheistíochtaí mar shampla stoic, bannaí agus cistí frithpháirteacha, fiú nuair a choinnítear iad faoi chomhaontuithe fadtéarmacha leis an eintiteas faoi oibleagáid sin. Ina theannta sin, ba cheart luach réadmhaoine an chustaiméara, seachas a áit chónaithe phríobháideach, a chur san áireamh. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, ní gá d’institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais, ná do sholáthraithe seirbhísí iontaobhais agus cuideachta, ríomh beacht rachmas iomlán an chliaint a dhéanamh ná a iarraidh. Ina ionad sin, ba cheart do na heintitis sin bearta a dhéanamh chun a shuí cé acu atá nó nach bhfuil sócmhainní ag a bhfuil luach EUR 50 000 000 ar a laghad, nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta nó eachtrach, ag cliant i sócmhainní airgeadais nó in-infheistithe nó réadmhaoine.

(101)

Chun nósanna imeachta maidir le sainaithint custaiméara arís agus arís eile a sheachaint, is iomchuí, faoi réir coimircí oiriúnacha, a cheadú d’eintitis faoi oibleagáid a bheith ag brath ar fhaisnéis faoi chustaiméirí a bhailigh eintitis faoi oibleagáid eile. I gcás ina mbeidh eintiteas faoi oibleagáid ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid, ba cheart an fhreagracht deiridh as dícheall cuí do chustaiméirí a bheith ar an eintiteas faoi oibleagáid a roghnaíonn brath ar dhícheall cuí do chustaiméirí arna dhéanamh ag eintiteas faoi oibleagáid eile. Ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid ar a rabhthas ag brath a fhreagracht féin a choinneáil freisin maidir le ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh, lena n-áirítear an ceanglas tuairisc a thabhairt faoi idirbheart amhrasacha agus taifid a choinneáil.

(102)

Le tabhairt isteach ceanglas comhchuibhithe AML/CFT san Aontas, lena n-áirítear maidir le beartais agus nósanna imeachta uileghrúpa, malartú faisnéise agus spleáchas, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid a oibríonn laistigh de ghrúpa an úsáid is mó is féidir a bhaint as na córais atá i bhfeidhm laistigh den ghrúpa sin i gcásanna a bhaineann leis na custaiméirí céanna. Leis na rialacha sin, ní hamháin go gceadaítear AML/CFT a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus go héifeachtúil laistigh den ghrúpa ach is féidir tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála ar leibhéal an ghrúpa freisin, mar shampla trína chur ar chumas eintiteas faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa a bheith ag brath ar thorthaí na bpróiseas arna nglacadh ag eintitis eile faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa chun a gceanglais maidir le sainaithint agus fíorú custaiméirí a chomhlíonadh.

(103)

Ionas go mbeadh sé éifeachtúil a bheith ag brath ar bhearta arna ndéanamh ag tríú páirtí, tá gá le soiléireacht bhreise maidir leis na coinníollacha ar dá réir a tharlóidh an spleáchas sin. Ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA treoirlínte a fhorbairt maidir leis na coinníollacha faoinar féidir a bheith ag brath ar thríú páirtí, chomh maith le róil agus freagrachtaí na bpáirtithe faoi seach. Chun a áirithiú go ndéanfar formhaoirseacht chomhsheasmhach ar bhrath ar fud an Aontais, ba cheart do na treoirlínte sin soiléireacht a sholáthar freisin ar conas ba cheart do mhaoirseoirí na cleachtais sin a chur san áireamh agus comhlíonadh cheanglais AML/CFT a fhíorú nuair a ghabhann eintitis faoi oibleagáid i dtuilleamaí na gcleachtas sin.

(104)

Tugadh isteach coincheap na húinéireachta tairbhiúla chun an trédhearcacht maidir le struchtúir chorparáideacha chasta a mhéadú. Ní mór faisnéis atá cruinn, cothrom le dáta agus leordhóthanach a rochtain maidir leis an úinéir tairbhiúil chun coirpigh a rianú a d’fhéadfadh, murach sin, a gcéannacht a cheilt laistiar de struchtúir anaithnide den sórt sin. Ceanglaítear ar na Ballstáit i láthair na huaire a áirithiú go bhfaighidh eintitis chorparáideach agus eintitis dhlítheanacha eile, chomh maith le hiontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla eile, go bhfaighidh siad agus go gcoinneoidh siad faisnéis leordhóthanach chruinn atá cothrom le dáta maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil. Tá éagsúlacht ag baint, áfach, leis an méid trédhearcachta a bhíonn á forchur ag na Ballstáit. Is iomaí bealach éagsúil a léirmhínítear na rialacha sin, agus mar gheall air sin úsáidtear modhanna difriúla chun a shainaithint cé hé an t-úinéir tairbhiúil i gcás eintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil ar leith. Is é is cúis leis sin, inter alia, modhanna neamhréireacha chun úinéireacht indíreach a ríomh i gcás eintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil, agus difríochtaí idir córais dlí na mBallstát. Cuireann sé sin isteach ar an trédhearcacht a bhí beartaithe a bhaint amach. Is gá dá bhrí sin na rialacha a shoiléiriú maidir le sainmhíniú comhsheasmhach a fháil ar úinéir tairbhiúil agus maidir lena chur i bhfeidhm comhsheasmhach ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(105)

Agus na rialacha maidir le húinéireacht thairbhiúil a shainaithint i gcás eintiteas dlítheanach, chomh maith le socruithe dlíthiúla, á gcur i bhfeidhm, is féidir le ceisteanna cur chun feidhme teacht chun cinn nuair a bhíonn cásanna nithiúla roimh gheallsealbhóirí ábhartha, go háirithe i gcás struchtúir chorparáideacha chasta, i gcás inar ann do chritéir leasa úinéireachta agus rialaithe an tráth céanna, nó chun úinéireacht nó rialú indíreach a chinneadh. Chun tacú le heintitis dhlítheanacha, iontaobhaithe nó daoine ag a bhfuil post coibhéiseach i socruithe dlíthiúla comhchosúla agus eintitis eile faoi oibleagáid na rialacha sin a chur i bhfeidhm, agus i gcomhréir le sprioc chomhchuibhithe an Rialacháin seo, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann treoirlínte a ghlacadh ina leagtar amach conas atá rialacha le cur i bhfeidhm chun na húinéirí tairbhiúla a shainaithint i gcásanna éagsúla, lena n-áirítear trí shamplaí cásanna.

(106)

Chun na húinéirí tairbhiúla a shainaithint ar bhealach fiúntach ní mór a chinneadh cé acu a fheidhmítear nó nach bhfeidhmítear rialú ar bhealaí eile. Is gá cinneadh a dhéanamh an bhfuil ann do leas úinéireachta nó rialú trí leas úinéireachta ach ní leor é sin amháin agus ní eisiatar an gá chun na seiceálacha a dhéanamh chun na húinéirí tairbhiúla a chinneadh. An tástáil lena chinneadh cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn aon duine nádúrtha rialú trí bhealaí eile, ní tástáil iardain é sin nach ndéanfar ach amháin nuair nach féidir leas úinéireachta a chinneadh. Ba cheart an dá thástáil, is é sin an tástáil maidir le an bhfuil an do leas úinéireachta nó rialú trí leas úinéireachta agus an tástáil maidir le rialú trí bhealaí eile, a dhéanamh go comhuaineach.

(107)

Is iondúil gur féidir a shuí go bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag eintiteas corparáideach nuair is leis 25 % nó níos mó de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile. Ba cheart a chuimsiú le leas úinéireachta: cearta rialaithe agus cearta atá suntasach ó thaobh sochar a fháil, chomh maith leis an gceart sciar a fháil de bhrabúis nó d’acmhainní inmheánacha eile nó d’iarmhéid tar éis leachtú. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann, áfach, inarb airde an riosca go mbainfí mí-úsáid as catagóirí áirithe d’eintitis chorparáideacha chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, mar shampla mar gheall ar na hearnálacha ardriosca sonracha ina n-oibríonn na heintitis chorparáideacha sin. Sna cásanna sin, tá gá le bearta feabhsaithe trédhearcachta chun nach mbeidh sé tarraingteach do choirpigh na heintitis sin a chur ar bun nó sleamhnú isteach iontu trí úinéireacht nó rialú díreach nó indíreach. Chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann na leibhéil éagsúla riosca sin a mhaolú go leordhóthanach, is gá cumhacht a thabhairt don Choimisiún chun na catagóirí sin d’eintitis chorparáideacha a shainaithint ar cheart dóibh a bheith faoi réir tairseacha níos ísle maidir le trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas nuair a shainaithníonn siad catagóirí d’eintitis chorparáideacha atá neamhchosanta ar ardrioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Sna fógraí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tairseach úinéireachta níos ísle a chur in iúl freisin a mheasann siad a d’fhéadfadh na rioscaí sin a mhaolú. Ba cheart an tsainaithint sin a bheith leanúnach agus ba cheart di a bheith ag brath ar thorthaí an mheasúnaithe riosca ar leibhéal an Aontais agus an mheasúnuithe riosca náisiúnta agus ar anailísí agus tuarascálacha ábhartha arna gcur i gcrích ag AMLA, Europol nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil ról acu i sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ba cheart an tairseach níos ísle sin a bheith íseal go leor chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí níos airde a bhaineann le mí-úsáid eintiteas corparáideach chun críoch coiriúil. Chuige sin, níor cheart an tairseach níos ísle sin a shocrú de ghnáth ar leibhéal níos mó ná 15 % de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann, áfach, ina mbeadh, ar bhonn measúnú riosca-íogair, tairseach níos airde níos comhréirí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint. Sna cásanna sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an tairseach a shocrú idir 15 % agus 25 % den leas úinéireachta.

(108)

De dheasca a chasta a bhíonn struchtúir úinéireachta agus rialaithe ilsrathacha, bíonn sé deacair na húinéirí tairbhiúla a shainaithint. Tá sé beartaithe leis an gcoincheap ‘struchtúr úinéireachta nó rialaithe’ cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil eintiteas dlítheanach faoi úinéireacht nó á rialú go hindíreach, nó a bhfuil an socrú dlíthiúil á rialú go hindíreach de bhua na ngaolmhaireachtaí idir eintitis dhlítheanacha nó socruithe ar fud sraitheanna iomadúla. Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, ní mór na rialacha is infheidhme maidir leis na cásanna sin a shoiléiriú. Chun na críche sin, is gá a mheas go comhuaineach an bhfuil scairshealbhú díreach nó indíreach ina bhfuil 25 % nó níos mó de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile ag aon duine nádúrtha, agus an rialaíonn aon duine nádúrtha an scairshealbhóir díreach ag a bhfuil 25 % nó níos mó de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile san eintiteas corparáideach. I gcás scairshealbhú indíreach, ba cheart na húinéirí tairbhiúla a shainaithint trí na scaireanna sa slabhra úinéireachta a iolrú. Chuige sin, ba cheart gach scair atá faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach an duine nádúrtha chéanna a shuimiú. Chuige sin, ní mór scairshealbhú ar gach leibhéal úinéireachta a chur san áireamh. I gcás ina bhfuil 25 % de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile san eintiteas corparáideach faoi úinéireacht scairshealbhóra ar eintiteas dlítheanach seachas eintiteas corparáideach é, ba cheart an úinéireacht thairbhiúil a chinneadh ag féachaint do struchtúr sonrach an scairshealbhóra, lena n-áirítear an rialaíonn aon duine nádúrtha é trí mhodhanna eile.

(109)

D’fhéadfadh sé a bheith níos deacra úinéir tairbhiúil eintitis chorparáidigh a chinneadh i gcásanna ina bhfuil scaireanna an eintitis chorparáidigh á gcoinneáil i socrú dlíthiúil, nó i gcás ina bhfuil siad á gcoinneáil ag fondúireacht nó eintiteas dlítheanach comhchosúil, i bhfianaise chineál agus chritéir sainaitheanta éagsúla na húinéireachta tairbhiúla idir eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla. Is gá, dá bhrí sin, rialacha soiléire a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin de struchtúr ilsrathach. Sna cásanna sin, ba cheart d’úinéirí tairbhiúla uile an tsocraithe dhlíthiúil nó an eintitis dhlítheanaigh atá comhchosúil mar shampla fondúireacht a bheith ina n-úinéirí tairbhiúla ar an eintiteas corparáideacha bhfuil a chuid scaireanna á gcoinneáil sa socrú dlíthiúil nó ag an bhfondúireacht.

(110)

Ní mór comhthuiscint ar choincheap an rialaithe agus sainmhíniú níos beaichte ar na modhanna rialaithe a bheith in ann chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart a thuiscint as rialú go bhfuil an feidhmchumas ag duine a thoil a bhrú ar eintiteas corparáideach agus cinntí á ndéanamh ag an eintiteas sin maidir le saincheisteanna substainteacha. Is é sciar tromlach na gceart vótála a bheith ag duine an gnáthmhodh rialaithe. Is féidir suíomh an úinéara thairbhiúil a shuí freisin trí rialú trí mhodhanna eile gan leas suntasach úinéireachta a bheith aige, nó gan aon leas úinéireachta a bheith aige. Ar an gcúis sin, chun a fhionnadh cé na daoine aonair uile is úinéirí tairbhiúla eintitis dhlítheanaigh iad, ba cheart rialú a shainaithint go neamhspleách ar leas úinéireachta. De ghnáth, is féidir gach aon mhodh a úsáid chun eintiteas a rialú, lena n-áirítear modhanna dlíthiúla agus neamhdhlíthiúla. D’fhéadfaí na modhanna sin a chur san áireamh chun a mheas an ndéantar an rialú trí mhodhanna eile, ag brath ar chás sonrach gach eintitis dhlítheanaigh.

(111)

D’fhéadfaí úinéireacht nó rialú indíreach a idirghabháil trí naisc iolracha i slabhra nó trí shlabhraí aonair nó idirnasctha iomadúla. D’fhéadfadh aon duine nádúrtha nó dhlítheanach nó socrú dlíthiúil a bheith i gceist le nasc i slabhra. D’fhéadfadh leas úinéireachta nó cearta vótála nó modhanna eile rialaithe a bheith i gceist leis na gaolmhaireachtaí idir na naisc. Sna cásanna sin, nuair atá leas úinéireachta agus rialú ann i gcomhthráth sa struchtúr úinéireachta, ní mór rialacha sonracha mionsonraithe maidir le sainaithint na húinéireachta tairbhiúla a bheith ann chun tacú le cur chuige comhchuibhithe maidir le húinéirí tairbhiúla a shainaithint.

(112)

Chun trédhearcacht éifeachtach a áirithiú, ba cheart an réimse is leithne is féidir d’eintitis dhlítheanacha agus de shocruithe dlíthiúla arna gcruthú nó arna gcur ar bun ar chríoch na mBallstát a chumhdach le rialacha maidir le húinéireacht thairbhiúil. Áirítear leis sin eintitis chorparáideacha, arb é is príomhthréith dóibh an fhéidearthacht leas úinéireachta a shealbhú iontu, chomh maith le heintitis dhlítheanacha eile agus socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite. I ngeall ar dhifríochtaí i gcórais dlí na mBallstát, cuimsítear leis na catagóirí leathana sin meascán de struchtúir eagraíochtúla éagsúla. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le liosta de na cineálacha eintiteas dlítheanach ina sainaithnítear na húinéirí tairbhiúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le húinéirí tairbhiúla a shainaithint i gcás eintitis chorparáideacha agus eintitis dhlítheanacha eile araon.

(113)

Mar gheall ar chineál sonrach eintiteas dlítheanach áirithe, mar shampla comhlachais, ceardchumainn, páirtithe polaitiúla nó eaglaisí, ní dhéantar na húinéirí tairbhiúla sin a shainaithint go fiúntach bunaithe ar leasanna úinéireachta nó ar bhallraíocht. Sna cásanna sin, áfach, is féidir go rialaíonn na hoifigigh bainistíochta sinsearaí an t-eintiteas dlítheanach ar bhealaí eile. Sna cásanna sin, ba cheart a thuairisciú gurb na hoifigigh sin na húinéirí tairbhiúla.

(114)

Chun a áirithiú go mbeifear in ann úinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite agus eintiteas dlítheanach comhchosúil a shainaithint go comhsheasmhach, mar shampla fondúireachtaí, nó socruithe dlíthiúla comhchosúil, ní mór rialacha comhchuibhithe maidir le húinéireacht thairbhiúil a leagan síos. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le liosta de na cineálacha eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite i gcás ina sainaithnítear na húinéirí tairbhiúla de bhun shainaithint na n-úinéirí tairbhiúla i gcás iontaobhais shainráite agus eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla comhchosúla. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann liosta a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ar liosta é de shocruithe dlíthiúla agus d’eintitis dhlítheanacha atá á rialú ag dlí na mBallstát agus ag a bhfuil struchtúr nó feidhm atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite.

(115)

Tugann iontaobhais lánroghnacha rogha dá n-iontaobhaithe maidir le leithdháileadh shócmhainní an iontaobhais nó na sochar a dhíorthaítear uathu. Mar sin, ní chinntear aon tairbhithe ná aicme tairbhithe ón tús, ach cinntear an grúpa daoine óna bhféadfaidh na hiontaobhaithe na tairbhithe a roghnú nó daoine a bheidh ina dtairbhithe mura bhfeidhmeodh na hiontaobhaithe a lánrogha. Mar a tugadh faoi deara san athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar chaighdeáin FATF maidir le socruithe dlíthiúla, is féidir mí-úsáid a bhaint as an lánrogha sin agus úinéireacht thairbhiúil a dhoiléiriú, mura bhforchuirfí íosleibhéal trédhearcachta maidir le hiontaobhais lánroghnacha freisin, toisc nach mbeadh trédhearcacht i leith tairbhithe ach amháin dá bhfeidhmeofaí na hiontaobhaithe a lánrogha. Dá bhrí sin, chun trédhearcacht leordhóthanach agus chomhsheasmhach a áirithiú do gach cineál socraithe dhlíthiúil, tá sé tábhachtach, i gcás iontaobhais lánroghnacha, go mbaileofaí faisnéis faoi ábhair chumhacht an iontaobhaí, agus faoi na faighteoirí i gcás mainneachtana a gheobhadh na sócmhainní nó na sochair mura bhfeidhmeodh na hiontaobhaithe a lánrogha. Tá cásanna ann nach bhféadfadh ábhair chumhachta nó faighteoirí i gcás mainneachtana a shainaithint ina n-aonar, ach mar aicme. Sna cásanna sin, ba cheart faisnéis faoin aicme a bhailiú, chomh maith le faisnéis faoi na daoine aonair a roghnaítear as an aicme sin.

(116)

Tá éagsúlacht sna saintréithe a bhíonn ag iontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla sna Ballstáit. Chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú, is iomchuí comhphrionsabail a leagan amach maidir le sainaithint na socruithe sin. Is iontaobhais a chuirtear ar bun ar thionscnamh an tsocraitheora iad iontaobhais shainráite. Maidir le hiontaobhais arna mbunú le dlí nó nár cuireadh ar bun mar thoradh ar rún sainráite an tsocraitheora, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. De ghnáth cuirtear iontaobhais shainráite ar bun i bhfoirm doiciméid ar nós gníomhas i scríbhinn nó ionstraim iontaobhais i scríbhinn agus is iondúil go gcomhlíonann siad riachtanas gnó nó pearsanta. Maidir le socruithe gan pearsantacht dhlítheanach atá comhchosúil ó thaobh struchtúir nó feidhmeanna de, is socruithe dlíthiúla iad atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite. Ní hé ainmniú an chineáil socraithe dhlíthiúil an toisc chinntitheach, ach comhlíonadh na ngnéithe bunúsacha den sainmhíniú ar iontaobhas sainráite, eadhon, rún an tsocraitheora na sócmhainní a chur faoi riar agus rialú duine áirithe chun críche sonraithe, ar críoch de chineál gnó nó pearsanta é de ghnáth, mar shampla leas na dtairbhithe. Chun a áirithiú go sainaithnítear úinéirí tairbhiúla na socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite ar bhealach comhsheasmhach, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i bhfoirm liosta de na cineálacha socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite. Ba cheart measúnú a bheith ag gabháil leis an bhfógra sin lena dtugtar údar le socruithe dlíthiúla áirithe a shainaithint mar shocruithe atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite agus lena mínítear an fáth ar measadh go bhfuil socruithe dlíthiúla eile neamhchosúil ó thaobh struchtúir nó feidhme de le hiontaobhais shainráite. Agus an measúnú sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit na socruithe dlíthiúla uile a rialaítear faoina ndlí a chur san áireamh.

(117)

I ndáil le cineálacha eintiteas dlítheanach áirithe, mar shampla fondúireachtaí, iontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla, ní féidir tairbhithe aonair a shainaithint toisc go bhfuil siad fós le cinneadh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart, san fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, cur síos a áireamh ina ionad sin ar aicme na dtairbhithe agus a saintréithe. A luaithe a ainmneofar tairbhithe laistigh den aicme sin, is iad a bheidh ina n-úinéirí tairbhiúla. Ina theannta sin, tá cineálacha sonracha daoine dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla ann i gcás inar ann do thairbhithe, ach nach bhfuil sé comhréireach iad a shainaithint i ndáil leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis na daoine dlítheanacha sin nó leis na socruithe dlíthiúla sin. Is é sin an cás i ndáil le táirgí rialáilte mar shampla scéimeanna pinsin a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), agus d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i ndáil le scéimeanna úinéireachta airgeadais nó rannpháirtíochta fostaithe, nó eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla a bhfuil cuspóir neamhbhrabúis nó carthanachta acu, ar choinníoll gurb íseal na rioscaí a bhaineann leis na daoine dlítheanacha agus na socruithe dlíthiúla sin. Sna cásanna sin, ba cheart é a bheith leordhóthanach aicme na dtairbhithe a shainaithint.

(118)

Maidir le scéimeanna pinsin a rialáiltear le Treoir (AE) 2016/2341, is táirgí rialáilte iad atá faoi réir dianchaighdeáin mhaoirseachta lena mbaineann rioscaí ísle maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Nuair a bhunaítear na scéimeanna pinsin sin i bhfoirm socraithe dhlíthiúil, is fostaithe agus oibrithe a bhraitheann ar na táirgí sin iad a dtairbhithe, atá nasctha lena gconarthaí fostaíochta, chun a sochair scoir a bhainistiú. I ngeall ar chineál sonrach an tsochair scoir, lena mbaineann riosca íseal go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, níor cheart é a bheith comhréireach a cheangal go sainaithneofaí gach tairbhí de na tairbhithe sin, agus ba cheart é a bheith leordhóthanach an aicme agus a saintréith a shainaithint chun oibleagáidí trédhearcachta a chomhlíonadh.

(119)

Chun a áirithiú go mbeifear in ann úinéirí tairbhiúla gnóthas comhinfheistíochta a shainaithint go comhsheasmhach, is gá rialacha comhchuibhithe maidir le húinéireacht thairbhiúil a leagan síos. Gan beann ar cé acu is ann nó nach ann sa Bhallstát do na gnóthais comhinfheistíochta i bhfoirm socraithe dhlíthiúil gan pearsantacht dhlítheanach, i bhfoirm eintitis dhlítheanaigh a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, nó in aon fhoirm eile, ba cheart an cur chuige i leith shainaithint an úinéara thairbhiúil a bheith comhsheasmhach lena gcuspóir agus lena bhfeidhm.

(120)

Ina theannta sin, chun go mbeidh cur chuige comhsheasmhach ann maidir leis an gcóras trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil, ní mór a áirithiú go mbailítear an fhaisnéis chéanna maidir le húinéirí tairbhiúla ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Is iomchuí ceanglais bheachta a thabhairt isteach maidir leis an bhfaisnéis ba cheart a bhailiú i ngach cás. Áirítear san fhaisnéis sin tacar íosta sonraí pearsanta maidir leis an úinéir tairbhiúil, faisnéis ar chineál agus méid an leasa thairbhiúil atá á choinneáil san eintiteas dlítheanach nó sa socrú dlíthiúil agus faisnéis maidir leis an eintiteas dlítheanach nó leis an socrú dlíthiúil, atá riachtanach chun go n-áiritheofar sainaithint iomchuí an duine nádúrtha arb é an t-úinéir tairbhiúil é agus na gcúiseanna ar sainaithníodh an duine nádúrtha sin mar úinéir tairbhiúil.

(121)

Chun creat trédhearcachta éifeachtach maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheith ann, ní mór faisnéis a bhailiú trí bhealaí éagsúla. Áirítear leis an gcur chuige ilchineálach sin an fhaisnéis atá á coinneáil ag an eintiteas dlítheanach nó ag an iontaobhaí iontaobhais shainráite nó ag daoine a bhfuil post coibhéiseach acu féin i socrú dlíthiúil comhchosúil, an fhaisnéis a fhaigheann eintitis faoi oibleagáid i gcomhthéacs dícheall cuí do chustaiméirí, agus an fhaisnéis atá á coinneáil i gcláir lárnacha. Cuidíonn cros-seiceáil faisnéise idir na colúin sin lena áirithiú go bhfuil faisnéis atá leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta i ngach colún. Chuige sin, agus ionas nach mbeidh neamhréireachtaí ann de dheasca cineálacha cur chuige éagsúla, tá sé tábhachtach na catagóirí sonraí sin ba cheart a bhailiú i gcónaí a shainaithint chun a áirithiú gur leor an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil. Áirítear leis sin faisnéis bhunúsach faoin eintiteas dlítheanach agus faoin socrú dlíthiúil a bhailiú, ar réamhchoinníoll é sin lena bhféadfaidh an t-eintiteas féin nó an socrú féin a struchtúr a thuiscint, bíodh sin trí úinéireacht nó trí rialú.

(122)

Nuair is cuid de struchtúr casta iad eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla, bíonn soiléireacht maidir lena struchtúr úinéireachta nó rialaithe ríthábhachtach chun a fhionnadh cé hiad na húinéirí tairbhiúla atá orthu. Chuige sin, tá sé tábhachtach go dtuigfeadh eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla go soiléir na gaolmhaireachtaí trína sealbhaítear nó trína rialaítear iad go hindíreach, lena n-áirítear na céimeanna idirmheánacha sin go léir idir na húinéirí tairbhiúla agus an t-eintiteas dlítheanach féin nó an socrú dlíthiúil féin, cibé acu atá na gaolmhaireachtaí sin i bhfoirm eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla eile nó i bhfoirm gaolmhaireachtaí ainmnitheacha. Tríd an struchtúr úinéireachta agus rialaithe a shainaithint, is féidir sainaithint a dhéanamh ar na bealaí ina mbunaítear úinéireacht eintitis dhlítheanaigh nó inar féidir é a rialú agus, dá bhrí sin, tá an tsainaithint sin fíor-riachtanach maidir le tuiscint chuimsitheach a fháil ar shuíomh an úinéara thairbhiúil. Ba cheart, dá bhrí sin, cur síos ar struchtúr na gaolmhaireachta a áireamh i bhfaisnéis faoin úinéir thairbhiúil i gcónaí.

(123)

Mar bhonn taca faoi chreat éifeachtach maidir le trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla tá an t-eolas atá ag eintitis dhlítheanacha ar na daoine nádúrtha arb iad a n-úinéirí tairbhiúla iad. Dá réir sin, ba cheart do gach eintiteas dlítheanach san Aontas faisnéis leormhaith, chruinn agus cothrom le dáta faoi úinéireacht thairbhiúil a fháil agus a choinneáil. Ba cheart an fhaisnéis sin a choinneáil ar feadh 5 bliana agus ba cheart céannacht an duine atá freagrach as an bhfaisnéis sin a choinneáil a thuairisciú do na cláir lárnacha. Beidh an tréimhse choinneála sin coibhéiseach leis an tréimhse ar ar a feadh nach mór faisnéis a choinneáil a fhaightear trí chur i bhfeidhm cheanglais AML/CFT, mar shampla bearta díchill chuí do chustaiméirí. Chun a áirithiú go bhféadfar faisnéis a chros-seiceáil agus a fhíorú, mar shampla tríd an sásra maidir le tuairisciú neamhréireachta, tá údar maith lena áirithiú go n-ailínítear na tréimhsí ábhartha le haghaidh coinneáil sonraí.

(124)

Chun a áirithiú go bhfuil faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil cothrom le dáta, ba cheart don eintiteas dlítheanach an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta díreach tar éis aon athrú agus í a fhíorú go tréimhsiúil, mar shampla tráth a gcuirtear na ráitis airgeadais isteach nó tráth idirghníomhaíocht atriallach eile le húdaráis phoiblí. Ba cheart an sprioc-am chun an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta a bheith réasúnach i bhfianaise cásanna casta a d’fhéadfadh a bheith ann.

(125)

Ba cheart d’eintitis dhlítheanacha gach beart is gá a dhéanamh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann áfach, cásanna nach féidir an duine ar leis nó a rialaíonn eintiteas a shainaithint. Sna cásanna eisceachtúla sin, ar choinníoll gur baineadh triail as gach modh sainaitheanta, ba cheart a bheith in ann tuairisc a thabhairt ar oifigigh bainistíochta sinsearaí in ionad na n-úinéirí tairbhiúla agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil á soláthar d’eintitis faoi oibleagáid mar chuid den phróiseas maidir le dícheall cuí do chustaiméirí nó nuair a bheidh an fhaisnéis á cur faoi bhráid an chláir lárnaigh. Cé go sainaithnítear iad sna cásanna sin, ní hiad na hoifigigh bainistíochta sinsearaí na húinéirí tairbhiúla. Ba cheart d’eintitis dhlítheanacha taifid a choimeád de na gníomhaíochtaí a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint, go háirithe nuair a bhraitheann siad ar an mbeart sin mar rogha dheiridh, rud lenar cheart údar cuí a thabhairt agus ar cheart é a dhoiciméadú.

(126)

Níor cheart deacrachtaí maidir leis an bhfaisnéis a fháil a bheith ina gcúis bhailí gan iarracht a dhéanamh i leith na sainaitheanta agus chun an bhainistíocht shinsearach a thuairisciú ina ionad sin. Dá bhrí sin, ba cheart eintitis dhlítheanacha a bheith in ann bunús a thabhairt i gcónaí lena n-amhras maidir le fírinneacht na faisnéise arna bailiú. Ba cheart an réasúnú sin a bheith comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an eintiteas dlítheanach agus le castacht a struchtúir úinéireachta. Go háirithe, ba cheart taifead na ngníomhaíochtaí a rinneadh a sholáthar go pras do na húdaráis inniúla nuair is gá agus, ar bhonn riosca-íogair, ba cheart a bheith in ann rúin ón mbord stiúrthóirí agus miontuairiscí a chruinnithe, comhaontuithe comhpháirtíochta, dintiúir iontaobhais, socruithe neamhfhoirmiúla lena gcinntítear cumhachtaí atá coibhéiseach le cumhachtaí aturnae nó le comhaontuithe conarthacha agus doiciméid eile a áireamh ann. I gcásanna inar léir nach ann d’úinéir tairbhiúil maidir le foirm agus struchtúr sonrach an eintitis dhlítheanaigh, ba cheart an réasúnú a thuiscint mar thagairt don fhíoras sin, eadhon. nach bhfuil úinéir tairbhiúil ag an eintiteas dlítheanach mar gheall ar a fhoirm agus a struchtúr sonrach. D’fhéadfadh nach mbeadh úinéirí tairbhiúla den sórt sin ann, i gcás, mar shampla, nach bhfuil aon leas úinéireachta san eintiteas dlítheanach, ná nach féidir eintiteas dlítheanach a rialú ar deireadh ar bhealach eile.

(127)

I bhfianaise na críche maidir le húinéireacht thairbhiúil a chinneadh, is é sin trédhearcacht éifeachtach maidir le heintitis dhlítheanacha a áirithiú, tá sé comhréireach eintitis áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid a n-úinéir tairbhiúil a shainaithint. Ní féidir córas den sórt sin a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le heintitis nach bhfuil sainaithint agus clárú a n-úinéirí tairbhiúla úsáideach ina leith agus i gcás ina mbaintear amach leibhéal comhchosúil trédhearcachta ar bhealaí seachas trí úinéireacht thairbhiúil a fhionnadh. I ndáil leis sin, níor cheart oibleagáid a bheith ar chomhlachtaí arna rialú ag dlí poiblí na mBallstát a n-úinéir tairbhiúil a chinneadh. Le Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), tugadh isteach diancheanglais trédhearcachta le haghaidh cuideachtaí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. In imthosca áirithe, féadfaidh na ceanglais trédhearcachta sin córas trédhearcachta atá coibhéiseach leis na rialacha trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach. Is amhlaidh atá i gcás ina bhfeidhmítear an rialú trí chearta vótála, agus nach n-áirítear ach daoine nádúrtha ar struchtúr úinéireachta nó rialaithe na cuideachta. Sna himthosca sin, ní gá ceanglais maidir le húinéireacht thairbhiúil a chur i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí liostaithe sin. Níor cheart don díolúine d’eintitis dhlítheanacha ón oibleagáid a n-úinéir tairbhiúil féin a chinneadh agus an méid sin a chlárú difear a dhéanamh don oibleagáid atá ar eintitis faoi oibleagáid úinéir tairbhiúil custaiméara a shainaithint agus dícheall cuí do chustaiméirí á dhéanamh acu.

(128)

Is gá a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta idir na cineálacha difriúla foirmeacha dlíthiúla agus ionas nach mbainfear mí-úsáid as iontaobhais shainráite agus as socruithe dlíthiúla, rudaí a bhíonn srathaithe i struchtúir chasta go minic chun doiléire bhreise a chur lena n-úinéireacht thairbhiúil. Ba cheart, dá bhrí sin, d’iontaobhaithe aon iontaobhais shainráite a riartar i mBallstát nó atá bunaithe nó a chónaíonn i mBallstát a bheith freagrach as faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil atá leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta maidir leis an iontaobhas sainráite a fháil agus a choinneáil, agus as a stádas a nochtadh agus an fhaisnéis sin a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid atá ag tabhairt faoi dhícheall cuí do chustaiméirí. Ba cheart d’aon úinéir tairbhiúil eile de chuid an iontaobhais shainráite cúnamh a thabhairt don iontaobhaí chun an fhaisnéis sin a fháil.

(129)

Mar gheall ar chineál na socruithe dlíthiúla agus an easpa poiblíochta maidir lena struchtúir agus a gcuspóir, cuirtear dualgas ar leith ar na hiontaobhaithe nó ar na daoine i bpoist choibhéiseacha i socruithe dlíthiúla comhchosúla gach faisnéis ábhartha faoin socrú dlíthiúil a fháil agus a choinneáil. Leis an bhfaisnéis sin, ba cheart a bheith in ann an socrú dlíthiúil, na sócmhainní a chuirtear ann nó a riartar tríd, agus aon ghníomhaire nó soláthraí seirbhíse san iontaobhas, a shainaithint. Chun gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil a éascú maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, tá sé tábhachtach go gcoinneoidh iontaobhaithe an fhaisnéis sin cothrom le dáta agus go gcoinneoidh siad í ar feadh tréimhse leordhóthanach tar éis dóibh scor dá ról mar iontaobhaithe nó a gcoibhéis. Is gá méid bunúsach faisnéise faoin socrú dlíthiúil a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid freisin chun a chur ar a gcumas cuspóir na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh a bhaineann leis an socrú dlíthiúil a fhionnadh go hiomlán, measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar na rioscaí gaolmhara, agus bearta comhchuimseacha a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú.

(130)

I bhfianaise an struchtúir shonraigh a bhíonn ag socruithe dlíthiúla ar leith, agus i bhfianaise an ghá atá ann a áirithiú go mbeidh trédhearcacht leordhóthanach ann maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil, ba cheart do shocruithe dlíthiúla atá cosúil le hiontaobhais shainráite a bheith faoi réir ceanglais úinéireachta tairbhiúla is coibhéiseach leo sin a bhfuil feidhm acu maidir le hiontaobhais shainráite.

(131)

Le socruithe i gcomhair ainmnithigh is féidir céannacht na n-úinéirí tairbhiúla a cheilt, toisc go bhféadfadh ainmnitheach gníomhú mar stiúrthóir nó scairshealbhóir de chuid eintitis dhlítheanaigh agus ní nochtar an t-ainmneoir i gcónaí. D’fhéadfaí, leis na socruithe sin, an úinéireacht thairbhiúil agus an struchtúr rialaithe a chur faoi cheilt, i gcás nach mian le húinéirí tairbhiúla a gcéannacht nó a ról laistigh díobh a nochtadh. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais trédhearcachta a thabhairt isteach ionas nach mbainfear mí-úsáid as socruithe den sórt sin agus gan ceadú do choirpigh iad féin a fholú laistiar de dhaoine a bhíonn ag gníomhú ar a son. Ní chinntear an ghaolmhaireacht idir an t-ainmní agus an t-ainmneoir trína fhionnadh an bhfuil éifeacht aige ar an bpobal nó ar thríú páirtithe. Cé go ndéanfadh scairshealbhóirí ainmnitheacha a bhfuil a n-ainm i dtaifid phoiblí nó oifigiúla rialú foirmiúil neamhspleách ar an gcomhlacht, ba cheart a cheangal orthu a chur in iúl an bhfuil siad ag gníomhú ar threoracha ó dhuine eile ar bhonn comhaontú príobháideach. Maidir le heintitis dhlítheanacha, ba cheart dá scairshealbhóirí ainmnitheacha agus dá stiúrthóirí ainmnitheacha faisnéis leordhóthanach a choimeád maidir le céannacht a n-ainmneora chomh maith le céannacht aon úinéara thairbhiúil eile de chuid an ainmneora agus iad a nochtadh chomh maith lena stádas i ndáil leis na heintitis dhlítheanacha. Ba cheart d’eintitis dhlítheanacha an fhaisnéis chéanna a thuairisciú d’eintitis faoi oibleagáid, nuair a chuirtear bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm, agus do na cláir lárnacha.

(132)

Maidir leis na rioscaí a chruthaíonn eintitis dhlítheanacha eachtracha agus socruithe dlíthiúla eachtracha, a mbaintear mí-úsáid astu chun fáltais cistí a threorú isteach i gcóras airgeadais an Aontais, ní mór na rioscaí sin a mhaolú. Ós rud é go bhféadfadh sé nach leordhóthanach na caighdeáin maidir le húinéireacht thairbhiúil atá i bhfeidhm i dtríú tíortha lena gceadófaí an leibhéal céanna trédhearcachta agus infhaighteachta caoithiúla faisnéise faoi úinéireacht thairbhiúil mar atá san Aontas, ní mór modhanna leordhóthanacha a áirithiú chun úinéirí tairbhiúla eintiteas dlítheanach eachtrach nó socruithe dlíthiúla eachtracha a shainaithint in imthosca sonracha. Dá bhrí sin, eintitis dhlítheanacha arna gcruthú lasmuigh den Aontas agus ar iontaobhais shainráite nó socruithe dlíthiúla comhchosúla arna riar lasmuigh den Aontas nó a bhfuil a n-iontaobhaithe nó a daoine ag a bhfuil post coibhéiseach ina gcónaí lasmuigh den Aontas nó bunaithe lasmuigh den Aontas ba cheart a cheangal orthu a n-úinéirí tairbhiúla a nochtadh i gcás ina n-oibríonn siad san Aontas trí ghaolmhaireacht gnó a chruthú le heintiteas faoi oibleagáid de chuid an Aontais, trí réadmhaoin a fháil san Aontas nó earraí ardluacha áirithe a fháil ó eintitis faoi oibleagáid atá lonnaithe san Aontas, nó trí chonradh a dhámhachtain dóibh tar éis nós imeachta soláthair phoiblí le haghaidh earraí, agus seirbhísí, nó lamháltas. D’fhéadfadh éagsúlachtaí a bheith ann sa neamhchosaint ar riosca ar fud na mBallstát, lena n-áirítear riosca a bhraitheann ar chatagóir nó ar chineál na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid agus ar tharraingteacht na réadmhaoine ar a gcríoch i súile na gcoirpeach. Dá bhrí sin, i gcás ina sainaithníonn na Ballstáit cásanna lena mbaineann riosca níos airde, ba cheart dóibh bheith in ann bearta maolaitheacha breise a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

(133)

Ba cheart na ceanglais chlárúcháin le haghaidh eintitis dhlítheanacha eachtracha agus socruithe dlíthiúla eachtracha a bheith comhréireach leis na rioscaí a bhaineann lena n-oibríochtaí san Aontas. Ós rud é go bhfuil margadh inmheánach an Aontais oscailte, agus ós rud é go mbaineann eintitis dhlítheanacha eachtracha úsáid as na seirbhísí a thairgeann eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe san Aontas, a bhfuil baint ag go leor acu le rioscaí níos ísle maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta, is iomchuí an ceanglas clárúcháin a theorannú d’eintitis dhlítheanacha a bhaineann le hearnálacha ardriosca nó a oibríonn i gcatagóirí riosca níos airde nó a fhaigheann seirbhísí ó eintitis faoi oibleagáid a oibríonn in earnálacha lena mbaineann rioscaí níos airde. Le cineál príobháideach na socruithe dlíthiúla, agus na bacainní ar rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil i gcás socruithe dlíthiúla eachtracha, tugtar údar le ceanglas clárúcháin a chur i bhfeidhm gan beann ar an leibhéal riosca a bhaineann leis an eintiteas faoi oibleagáid a sholáthraíonn seirbhísí don socrú dlíthiúil, nó, i gcás inarb ábhartha, leis an earnáil ina n-oibríonn an socrú dlíthiúil. Ba cheart tagairt don mheasúnú riosca ar leibhéal an Aontais faoi Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640 a thuiscint mar thagairt don mheasúnú riosca arna eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/849 go dtí an chéad uair a eiseofar an tuarascáil faoi Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640.

(134)

Chun comhlíonadh a spreagadh agus chun trédhearcacht éifeachtach a áirithiú maidir le húinéireacht thairbhiúil, ní mór na ceanglais maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhorfheidhmiú. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm as na ceanglais sin a shárú. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, gan dul thar a bhfuil riachtanach chun comhlíonadh a spreagadh. Ba cheart do na pionóis arna dtabhairt isteach ag na Ballstáit éifeacht dhíspreagthach choibhéiseach a bheith acu ar fud an Aontais i gcás ina sáraítear ceanglais maidir le húinéireacht thairbhiúil. Ba cheart a bheith in ann a áireamh le pionóis, mar shampla, fíneálacha i gcás eintitis dhlítheanacha agus iontaobhaithe nó daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil a fhorchuirtear i gcás mainneachtain faisnéis chruinn, leormhaith nó cothrom le dáta a shealbhú faoi úinéireacht thairbhiúil, baint anuas na n-eintiteas dlítheanach nach gcomhlíonann an oibleagáid maidir le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a choinneáil nó maidir le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a chur isteach laistigh de sprioc-am ar leith, fíneálacha i gcás úinéirí tairbhiúla agus daoine eile nach dtéann i gcomhar le heintiteas dlítheanach nó iontaobhaí iontaobhais shainráite nó duine a bhfuil post coibhéiseach aige i socrú dlíthiúil comhchosúil, fíneálacha i gcás scairshealbhóirí ainmnitheacha agus stiúrthóirí ainmnitheacha nach gcomhlíonann an oibleagáid nochta, nó iarmhairtí dlí phríobháidigh i gcás úinéirí tairbhiúla nár nochtadh mar thoirmeasc ar bhrabúis a íoc nó toirmeasc ar fheidhmiú ceart vótála.

(135)

D’fhonn cur chuige comhsheasmhach a áirithiú i leith ceanglais úinéireachta tairbhiúla a fhorfheidhmiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na catagóirí sáruithe atá faoi réir pionós agus na daoine atá faoi dhliteanas i leith na sáruithe sin a shainiú, chomh maith le táscairí maidir le leibhéal na tromchúise agus critéir chun leibhéal na bpionós a chinneadh. Thairis sin, chun tacú le cinneadh maidir leis an leibhéal sin, agus i gcomhréir le sprioc chomhchuibhithe an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann treoirlínte a ghlacadh ina leagtar amach na bunmhéideanna ar cheart feidhm a bheith acu maidir le gach catagóir sáraithe.

(136)

Ba cheart idirbhearta amhrasacha, lena n-áirítear iarrachtaí ar idirbhearta a dhéanamh, agus faisnéis eile atá ábhartha don sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta, a thuairisciú don FIU, ar cheart dó feidhmiú mar aonad náisiúnta lárnach aonair chun amhras a tuairiscíodh a fháil agus a anailísiú agus chun torthaí a anailísí a scaipeadh ar na húdaráis inniúla. Ba cheart gach idirbheart amhrasach, lena n-áirítear iarrachtaí ar idirbhearta, a thuairisciú, gan beann ar mhéid an idirbhirt, agus ba cheart an tagairt d’amhras a thuiscint amhail agus go n-áirítear léi idirbhearta amhrasacha, gníomhaíochtaí amhrasacha, iompar amhrasach agus patrúin idirbheart amhrasacha. D’fhéadfadh faisnéis thairseachbhunaithe a bheith ar áireamh freisin san fhaisnéis thuairiscithe. Chun tacú le heintitis faoi oibleagáid agus amhras á bhrath acu, ba cheart do AMLA treoraíocht a eisiúint maidir le táscairí gníomhaíochta amhrasaí nó iompair amhrasaigh. I bhfianaise na timpeallachta riosca atá ag teacht chun cinn, ba cheart athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an treoraíocht sin, agus níor cheart réamhbhreith a dhéanamh ar threoraíocht nó táscairí maidir le rioscaí agus modhanna sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithnítear ar an leibhéal náisiúnta arna n-eisiúint ag FIUnna. Maidir leis an nochtadh faisnéise a dhéanfaidh eintiteas faoi oibleagáid nó fostaí nó stiúrthóir d’eintiteas den sórt sin chuig an FIU de mheon macánta, níor cheart an nochtadh sin a mheas mar shárú i leith aon srian nochta faisnéise agus níor cheart an t-eintiteas faoi oibleagáid, a stiúrthóirí nó a fhostaithe a bheith faoi dhliteanas ar bith maidir leis.

(137)

Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid córais tuairiscithe chuimsitheacha a bhunú lena gcuimseofar gach amhras, gan beann ar luach ná ar thromchúis thuigthe na gníomhaíochta coiriúla lena mbaineann. Ba cheart dóibh a bheith ar an eolas faoina bhfuil súil ag FIUnna leis agus ba cheart dóibh, a mhéid is féidir, a gcórais bhraite agus a bpróisis anailíseacha a chur in oiriúint do na príomhrioscaí a mbíonn éifeacht acu ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe agus, i gcás inar gá, a n-anailís a dhíriú ar na príomhrioscaí sin.

(138)

Ba cheart idirbhearta a mheasúnú ar bhonn na faisnéise atá ar eolas nó ar cheart a bheith ar eolas ag an eintiteas faoi oibleagáid. Áirítear leis sin faisnéis ábhartha ó ghníomhairí, dáileoirí agus soláthraithe seirbhíse. I gcás nach eol nó nach léir don eintiteas faoi oibleagáid an bunchion preideacáide, comhlíontar an ról a bhaineann le hidirbhearta amhrasacha a shainaithint agus a thuairisciú ar bhealach níos éifeachtúla trí dhíriú ar amhras a bhrath agus tuairiscí a chur isteach go pras. Sna cásanna sin, ní gá don eintiteas faoi oibleagáid an cion preideacáide a shonrú agus idirbheart amhrasach á thuairisciú aige don FIU, murab eol dó é. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, ba cheart í a áireamh sa tuairisc. Mar gheatóirí chóras airgeadais an Aontais, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann tuairisc a chur isteach freisin i gcás ina bhfuil a fhios acu nó ina bhfuil amhras orthu gur úsáideadh nó go n-úsáidfear cistí chun gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanamh, mar shampla earraí aindleathacha a cheannach, fiú mura léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil dóibh gur as foinsí aindleathacha a thagann na cistí a úsáideadh.

(139)

D’fhéadfadh difríochtaí in oibleagáidí maidir le tuairisciú ar idirbhearta amhrasacha idir Ballstáit cur le deacrachtaí maidir le comhlíonadh chreat AML/CFT a bhíonn ag eintitis faoi oibleagáid a bhfuil láithreacht nó oibríochtaí trasteorann acu. Thairis sin, bíonn tionchar ag struchtúr agus inneachar na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha ar chumas an FIU anailís a dhéanamh agus ar chineál na hanailíse sin, agus freisin ar chumais an FIU dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú. Chun cuidiú le heintitis faoi oibleagáid a n-oibleagáidí um thuairisciú a chomhlíonadh agus feidhmiú níos éifeachtaí ghníomhaíochtaí anailíseacha agus chomhar an FIU a éascú, ba cheart do AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonraítear teimpléad coiteann le haghaidh tuairisciú idirbheart amhrasach atá le húsáid mar bhunús aonfhoirmeach ar fud an Aontais.

(140)

Ba cheart FIUnna a bheith ábalta an fhaisnéis uile is gá a fháil go tapa ó aon eintiteas faoi oibleagáid a bhaineann le feidhmeanna an eintitis sin. Ní mór rochtain thapa gan srian a bheith acu ar fhaisnéis lena áirithiú gur féidir sreafaí airgid a rianú go cuí agus líonraí agus sreafaí aindleathacha a bhrath go luath. D’fhéadfadh sé go dteastódh ó FIUnna faisnéis bhreise a fháil ó eintitis faoi oibleagáid bunaithe ar amhras sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, ar amhras é a spreag tuairisc chuig an FIU roimh ré ar idirbheart amhrasach, ach freisin bunaithe ar nithe eile mar shampla anailís a rinne an FIU féin, faisnéis a sholáthair údaráis inniúla nó faisnéis atá i seilbh FIU eile. Dá bhrí sin, ba cheart do FIUnna, i gcomhthéacs a gcuid feidhmeanna, a bheith ábalta faisnéis a fháil ó aon eintiteas faoi oibleagáid, fiú gan tuairisc a fháil roimh ré. Go háirithe, is den ríthábhacht iad na taifid ar idirbhearta agus aistrithe airgid a dhéantar trí chuntas bainc, íocaíochta nó cripteashócmhainní le haghaidh obair anailíseach FIUnna. Mar sin féin, faoi láthair, mar gheall ar an easpa comhchuibhithe, soláthraíonn institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais taifid idirbheart do FIUnna i bhformáidí éagsúla nach féidir a úsáid go héasca le haghaidh anailíse. I bhfianaise chineál trasteorann ghníomhaíochtaí anailíseacha FIUnna, cuireann éagothromaíocht na bhformáidí agus na ndeacrachtaí a bhaineann le taifid ar idirbhearta a phróiseáil bac ar mhalartú faisnéise idir FIUnna agus ar fhorbairt anailísí airgeadais trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart do AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonraítear teimpléad coiteann le haghaidh soláthar taifead idirbheart ag institiúidí creidmheasa agus ag institiúidí airgeadais do FIUnna a bheidh le húsáid mar bhonn aonfhoirmeach ar fud an Aontais.

(141)

Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid freagra a thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis ón FIU a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de 5 lá oibre ó fhaightear an iarraidh sin nó laistigh d’aon sprioc-am níos giorra nó níos faide arna forchur ag an FIU. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus atá práinneach, ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid freagra a thabhairt ar iarraidh an FIU laistigh de 24 uair an chloig. Ba cheart feidhm a bheith ag na sprioc-amanna sin maidir le hiarrataí ar fhaisnéis atá bunaithe ar dhálaí atá sainithe go leordhóthanach. Ba cheart do FIU a bheith ábalta faisnéis a fháil ó eintitis faoi oibleagáid ar iarraidh arna déanamh ag FIU eile agus an fhaisnéis a mhalartú le FIU iarrthach. Is éagsúil cineál na n-iarrataí ar eintitis faoi oibleagáid. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ama ag teastáil chun iarrataí casta a dhéanamh agus go mbeadh gá le sprioc-am fadaithe chun freagra a thabhairt orthu. Chuige sin, ba cheart do FIUnna a bheith in ann sprioc-amanna fadaithe a dheonú d’eintitis faoi oibleagáid, ar choinníoll nach mbeadh tionchar diúltach aige sin ar anailís an FIU.

(142)

I gcás eintitis áirithe faoi oibleagáid, ba cheart do na Ballstáit an fhéidearthacht a bheith acu comhlacht féinrialála iomchuí a ainmniú a chuirfear ar an eolas ar an gcéad ásc in ionad an FIU. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, is coimirce thábhachtach é, ionas go ndéanfar cearta bunúsacha a chosaint maidir leis na hoibleagáidí tuairiscithe is infheidhme do dhlíodóirí, córas a bheith ann chun tuairisciú ar an gcéad ásc chuig comhlacht féinrialála. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna agus an tslí ina mbainfidh siad amach cosaint na rúndachta gairmiúla, na rúndachta agus na príobháideachta.

(143)

Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar nótairí, dlíodóirí, gairmithe dlí eile, iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach aon fhaisnéis a fhaightear ó chliant dá gcuid nó faoi chliant dá gcuid a tharchur chuig an FIU nó chuig comhlacht féinrialála, le linn dóibh staid dhlíthiúil an chliaint sin a fhionnadh, nó le linn dóibh an cliant sin a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear comhairle a sholáthar chun na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint, is cuma cé acu roimh na himeachtaí sin, lena linn nó ina ndiaidh a fhaightear an fhaisnéis sin. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an eisceacht sin i gcás ina bhfuil an gairmí dlí, an t-iniúchóir, an cuntasóir seachtrach nó an comhairleoir cánach rannpháirteach i sciúradh airgid nó i maoiniú sceimhlitheoireachta, ina soláthraítear an chomhairle dlí chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, nó i gcás ina bhfuil a fhios ag an ngairmí dlí, ag an iniúchóir, ag an gcuntasóir seachtrach nó ag an gcomhairleoir cánach go bhfuil comhairle dlí á lorg ag an gcliant chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Is féidir eolas agus cuspóir den sórt sin a thuiscint as imthosca fíorasacha oibiachtúla. Níor cheart a mheas gur comhairle dlí chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta í comhairle dlí a lorgaítear i ndáil le himeachtaí breithiúnacha leanúnacha. I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cásanna breise a shainaithint nach bhfuil feidhm ag an díolúine ón gceanglas tuairiscithe ina leith, ag féachaint don ardriosca go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le cineálacha áirithe idirbheart. Agus na cásanna breise sin á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar Airteagail 7 agus 47 den Chairt go háirithe.

(144)

Go heisceachtúil, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann idirbhearta amhrasacha a dhéanamh sula gcuirfidh siad an FIU ar an eolas más rud é go bhfuil sé dodhéanta gan sin a dhéanamh nó más dócha go gcuirfeadh sé bac ar iarrachtaí chun dul sa tóir ar na tairbhithe in oibríocht amhrasta sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Níor cheart an eisceacht sin a agairt i ndáil le hidirbhearta lena mbaineann aon oibleagáidí idirnáisiúnta arna nglacadh ag Ballstát an FIU chun cistí nó sócmhainní eile sceimhlitheoirí nó eagraíochtaí sceimhlitheoireachta nó cistí nó sócmhainní ar leo siúd a mhaoiníonn sceimhlitheoireacht a reo gan mhoill, i gcomhréir leis na rúin ábhartha ó CSNA.

(145)

Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh rúndacht ann i ndáil le tuairisciú idirbheart amhrasach agus i ndáil le faisnéis ábhartha eile a sholáthar do FIUnna chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil sócmhainní a d’fhéadfadh a bheith nasctha le sciúradh airgid, leis na cionta preideacáide lena mbaineann nó le maoiniú sceimhlitheoireachta a reo agus a urghabháil. Ní thugann idirbheart a bheith amhrasach le fios go bhfuil gníomhaíocht choiriúil ar bun. Dá nochtfaí gur tuairiscíodh amhras, d’fhéadfadh sé sin smál a chaitheamh ar chlú na ndaoine atá páirteach san idirbheart agus feidhmiú na n-anailísí agus na n-imscrúduithe a chur i gcontúirt. Dá bhrí sin, níor cheart d’eintitis faoi oibleagáid agus a stiúrthóirí agus a bhfostaithe, nó daoine atá i bpost inchomparáide, gníomhairí agus dáileoirí san áireamh, an custaiméir lena mbaineann nó tríú páirtí a chur ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis á cur faoi bhráid an FIU, nó go gcuirfear faoi bhráid an FIU í, nó gur cuireadh faoi bhráid an FIU í, cibé acu go díreach nó tríd an gcomhlacht féinrialála, nó go bhfuil anailís ar sciúradh airgid nó ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta á déanamh, nó go bhféadfaí í a dhéanamh. Níor cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc ar nochtadh in imthosca sonracha a bhaineann, mar shampla, le nochtaí d’údaráis inniúla agus do chomhlachtaí féinrialála le linn dóibh feidhmeanna maoirseachta a dhéanamh, nó nochtaí chun críocha fhorfheidhmiú an dlí nó nuair a dhéantar na nochtaí idir eintitis faoi oibleagáid ar sa ghrúpa céanna iad.

(146)

Aistríonn coirpigh fáltais aindleathacha tríd an iliomad idirghabhálaithe chun brath a sheachaint. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach go gceadaítear d’eintitis faoi oibleagáid faisnéis a mhalartú, ní hamháin idir comhaltaí an ghrúpa, ach freisin i gcásanna áirithe idir institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais agus eintitis eile a fheidhmíonn laistigh de líonraí, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha cosanta sonraí. Nuair nach faoi chuimsiú comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise a dhéantar é, níor cheart an nochtadh a cheadaítear idir catagóirí áirithe d’eintitis faoi oibleagáid i gcásanna a bhaineann leis an idirbheart céanna a dhéanamh ach amháin maidir leis an idirbheart sonrach a dhéantar nó a éascaítear idir na heintitis sin faoi oibleagáid, agus ní maidir le hidirbhearta nasctha a rinneadh roimhe sin nó a dhéanfar ina dhiaidh sin.

(147)

Féadfaidh an malartú faisnéise idir na heintitis faoi oibleagáid agus, i gcás inarb infheidhme, idir údaráis inniúla, tuilleadh deiseanna a chur ar fáil chun sreafaí airgeadais aindleathacha a bhrath a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus fáltais ó choireacht. Ar an gcúis sin, ba cheart eintitis faoi oibleagáid agus údaráis inniúla a bheith in ann faisnéis a mhalartú faoi chuimsiú comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise nuair a mheasann siad go bhfuil gá leis an gcomhroinnt sin chun a n-oibleagáidí agus a gcúraimí AML/CFT a chomhlíonadh. Ba cheart comhroinnt faisnéise a bheith faoi réir coimircí láidre maidir le rúndacht, cosaint sonraí, úsáid faisnéise agus nós imeachta coiriúil. Níor cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith ag brath go hiomlán ar fhaisnéis a fhaightear tríd an malartú faisnéise chun teacht ar chonclúidí maidir leis an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an gcustaiméir nó leis an idirbheart nó chun cinntí a dhéanamh maidir le gaolmhaireacht gnó a bhunú nó a fhoirceannadh nó idirbheart a dhéanamh. Mar a aithnítear i dTreoir 2014/92/AE, is mó ná riamh ár spleáchas ar sholáthar uilíoch seirbhísí íocaíochta le haghaidh fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus forbairt geilleagair nua-aimseartha atá cuimsitheach go sóisialta. Dá bhrí sin, níor cheart rochtain ar sheirbhísí airgeadais bunúsacha a dhiúltú ar bhonn na faisnéise a mhalartaítear idir eintitis faoi oibleagáid nó idir eintitis faoi oibleagáid agus údaráis inniúla nó AMLA.

(148)

Tá comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo faoi réir seiceálacha arna ndéanamh ag maoirseoirí. I gcás ina malartóidh eintitis faoi oibleagáid faisnéis faoi chuimsiú comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise, ba cheart a áireamh leis na seiceálacha sin comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos faoin Rialachán seo le haghaidh na malartuithe faisnéise sin. Cé gur cheart seiceálacha maoirseachta a bheith rioscabhunaithe, ba cheart iad a dhéanamh in aon chás sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí na comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise. D’fhéadfadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha eascairt as comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise ina ndéantar próiseáil sonraí pearsanta. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú tionchair ar chosaint sonraí de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) a dhéanamh sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí na comhpháirtíochta. I gcomhthéacs seiceálacha maoirseachta, ba cheart do mhaoirseoirí dul i gcomhairle, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis cosanta sonraí, arb iad na húdaráis sin amháin atá inniúil chun measúnú a dhéanamh ar an measúnú tionchair ar chosaint sonraí. Tá feidhm ag na forálacha cosanta sonraí agus na ceanglais uile a bhaineann le rúndacht faisnéise faoi idirbhearta amhrasacha atá sa Rialachán seo maidir le faisnéis a chomhroinntear faoi chuimsiú comhpháirtíochta. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forálacha níos sonraí a choinneáil nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a oiriúnú chun ceanglais níos sonraí a sholáthar i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a mhalartaítear faoi chuimsiú comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise.

(149)

Cé go gcumasaíonn comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise malartú faisnéise oibríochtúla agus sonraí pearsanta faoi choimircí dochta, níor cheart na malartuithe sin a chur in ionad na gceanglas faoin Rialachán seo aon amhras a thuairisciú don FIU inniúil. Dá bhrí sin, nuair a shainaithníonn eintitis faoi oibleagáid gníomhaíochtaí amhrasacha ar bhonn faisnéis a fuarthas i gcomhthéacs comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise, ba cheart dóibh an t-amhras sin a thuairisciú don FIU sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Is faoi réir rialacha níos déine a bhíonn faisnéis lena léirítear gníomhaíocht amhrasach, ar rialacha iad lena gcuirtear toirmeasc ar nochtadh na faisnéise sin, agus níor cheart í a chomhroinnt ach amháin nuair is gá chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac agus faoi réir coimircí lena gcosnaítear cearta bunúsacha, rúndacht obair FIU agus sláine imscrúduithe forfheidhmithe dlí.

(150)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo. Aithnítear sna Ballstáit go léir gur ábhar spéise poiblí é comhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid aird ar leith a thabhairt ar na prionsabail lena gceanglaítear go mbeidh na sonraí pearsanta a phróiseáiltear le linn a n-oibleagáidí AML/CFT a chomhlíonadh cruinn, iontaofa agus cothrom le dáta. Chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann próisis a ghlacadh lena gcumasaítear cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, mar a leagtar amach faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le cearta na ndaoine atá faoi réir na bpróiseas sin a choimirciú de bhreis ar aon cheanglais ábhartha eile a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

(151)

Tá sé ríthábhachtach creat AML/CFT a ailíniú le Moltaí FATF athbhreithnithe i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus cosaint ceart bunúsach mar a chumhdaítear sa Chairt. Baineann gnéithe áirithe de chur chun feidhme chreat AML/CFT le bailiú, anailísiú, stóráil agus comhroinnt sonraí. Níor cheart an phróiseáil sonraí pearsanta sin a cheadú, agus lánurraim á tabhairt an tráth céanna do chearta bunúsacha, ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos sa Rialachán seo, agus chun dícheall cuí do chustaiméirí, faireachán, anailís agus tuairisciú leanúnach ar idirbhearta amhrasacha a dhéanamh, úinéir tairbhiúil duine dhlítheanaigh nó socraithe dhlíthiúil a shainaithint, duine faoi riteacht pholaitiúil a shainaithint agus comhroinnt faisnéise ag institiúidí creidmheasa agus ag institiúidí airgeadais agus ag eintitis eile faoi oibleagáid. Ba cheart bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann eintitis faoi oibleagáid ina dhiaidh sin a bheith teoranta dá bhfuil riachtanach chun ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh agus níor cheart próiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta ar bhealach nach bhfuil comhoiriúnach leis an gcuspóir sin. Ba cheart, go háirithe, diantoirmeasc a chur ar phróiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun críoch tráchtála.

(152)

D’fhéadfadh rioscaí eascairt as próiseáil catagóirí áirithe de shonraí íogaire mar a shainmhínítear faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679, ar rioscaí iad do chearta bunúsacha agus do shaoirsí bunúsacha na ndaoine is ábhar do na sonraí sin. Chun na rioscaí a íoslaghdú go dtiocfadh as na sonraí sin a bheith á bpróiseáil ag eintitis faoi oibleagáid torthaí idirdhealaitheacha nó claonta ag a mbeadh tionchar díobhálach ar an gcustaiméir, amhail foirceannadh gaolmhaireachta gnó nó nach gcuirfí tús le gaolmhaireacht gnó, níor cheart d’eintitis faoi oibleagáid cinntí a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh acu agus ar an mbonn sin amháin maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 i gcás nach bhfuil baint ag an bhfaisnéis sin leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le hidirbheart nó gaolmhaireacht. Ar an gcaoi chéanna, chun a áirithiú go bhfuil déine an díchill chuí do chustaiméirí bunaithe ar thuiscint iomlánaíoch ar na rioscaí a bhaineann leis an gcustaiméir, níor cheart d’eintitis faoi oibleagáid cur i bhfeidhm leibhéal níos airde nó níos ísle de bhearta díchill chuí do chustaiméirí a bhunú ar shonraí íogaire atá ina seilbh acu faoin gcustaiméir agus ar na sonraí sin amháin.

(153)

De réir Mholtaí FATF athbhreithnithe, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis is gá a fhaightear trí bhearta díchill chuí do chustaiméirí nó trí na taifid ar idirbhearta a chothabháil ar feadh 5 bliana ar a laghad ionas go mbeidh siad in ann dul i gcomhar go hiomlán le húdaráis inniúla agus na hiarrataí uathu ar fhaisnéis a chomhlíonadh go pras chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Chun cineálacha éagsúla cur chuige a sheachaint agus chun na ceanglais a bhaineann le cosaint ar shonraí pearsanta agus deimhneacht dhlíthiúil a chomhlíonadh, ba cheart an tréimhse choinneála a shocrú ag 5 bliana tar éis do ghaolmhaireacht gnó nó d'idirbheart ócáideach teacht chun deiridh. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann nárbh fhéidir le húdaráis inniúla a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach dá scriosfaí an fhaisnéis ábhartha atá á coinneáil ag eintitis faoi oibleagáid de bhun dhul in éag na tréimhse coinneála. Sna cásanna sin, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann a iarraidh ar eintitis faoi oibleagáid faisnéis a choinneáil ar bhonn cás ar chás ar feadh tréimhse níos faide, ar tréimhse í nár cheart a bheith níos faide ná 5 bliana.

(154)

I gcás ina dtagraíonn coincheap na n-údarás inniúil d’údaráis imscrúdúcháin agus ionchúisimh, ba cheart é a thuiscint mar choincheap ina n-áirítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) maidir leis na Ballstáit a bhíonn rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE.

(155)

Tá ról ríthábhachtach ag an scaipeadh faisnéise a dhéanann FIUnna maidir le gníomhaíochtaí coiriúla féideartha a bhrath faoi inniúlacht OIPE nó na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), nó ag an scaipeadh faisnéise a bhfuil Europol agus Eurojust in ann tacaíocht oibríochtúil a sholáthar ina leith ag céim luath i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach, agus is féidir leis an scaipeadh tacú le himscrúduithe agus ionchúisimh phrasa éifeachtacha. Ba cheart, san fhaisnéis a chomhroinneann FIUnna le OIPE agus OLAF, forais a áireamh maidir leis an amhras go ndearnadh nó go bhféadfadh sé go ndearnadh coir faoi inniúlachtaí OIPE agus OLAF faoi seach, agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha uile atá á coinneáil ag an FIU agus lena bhféadfaí tacú le gníomhaíocht, lena n-áirítear faisnéis ábhartha airgeadais agus riaracháin, a bheith ag gabháil léi. Nuair a iarrann OIPE agus OLAF faisnéis ar FIUnna, tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeidh FIUnna in ann an fhaisnéis uile atá á coinneáil acu i ndáil leis an gcás a chomhroinnt. I gcomhréir leis na forálacha is infheidhme ina n-ionstraimí dlí bunaidh, ba cheart do OIPE agus OLAF FIUnna a chur ar an eolas faoi na bearta a rinneadh i ndáil leis an bhfaisnéis a scaipeadh agus faoi aon torthaí ábhartha.

(156)

Chun riar cuí agus éifeachtach an cheartais a áirithiú i rith na tréimhse idir teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus chun go bhféadfaidh sé idirghníomhú go réidh leis an dlí nós imeachta náisiúnta, ba cheart faisnéis agus doiciméid a bhaineann le himeachtaí leanúnacha dlí chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, arb imeachtaí iad atá ar feitheamh sna Ballstáit ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, a choinneáil ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis an dáta sin, agus ba cheart é a bheith indéanta an tréimhse sin a fhadú go ceann 5 bliana eile.

(157)

Tá na cearta rochtana ar shonraí atá ag an ábhar sonraí infheidhme maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críche an Rialacháin seo. Dá mbeadh rochtain ag an ábhar sonraí, áfach, ar aon fhaisnéis a bhaineann le tuairisc ar idirbhearta amhrasacha, bhainfí an bonn go mór d’éifeachtacht chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Féadfaidh údar maith, dá bhrí sin, a bheith le heisceachtaí maidir leis an gceart sin, agus srianta leis an gceart sin, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679. Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí a iarraidh go ndéanfaidh údarás dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 seiceáil ar dhlíthiúlacht na próiseála agus tá sé de cheart aige leigheas breithiúnach a lorg dá dtagraítear in Airteagal 79 den Rialachán sin. Féadfaidh an t-údarás sin gníomhú freisin ar bhonn ex officio i gcás ina bhforáiltear dó faoi Rialachán (AE) 2016/679. Gan dochar do na srianta leis an gceart chun rochtain a fháil, ba cheart don údarás maoirseachta a bheith in ann an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas go ndearna an t-údarás maoirseachta gach fíorú is gá, agus faoin toradh maidir le dlíthiúlacht na próiseála atá i gceist.

(158)

D’fhéadfadh eintitis faoi oibleagáid dul i muinín seirbhísí oibreoirí príobháideacha eile. Mar sin féin, maidir le creat AML/CFT, níor cheart feidhm a bheith ag an gcreat sin ach maidir le heintitis faoi oibleagáid, agus ba cheart an fhreagracht iomlán a fhágáil ar na heintitis faoi oibleagáid ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus ionas nach dtabharfar roinnt seirbhísí isteach faoi raon feidhme an Rialacháin seo go neamhaireach, is gá a shoiléiriú, maidir leis na daoine nach ndéanann ach doiciméid pháipéir a thiontú ina sonraí leictreonacha agus a bhíonn ag gníomhú faoi chonradh le heintiteas faoi oibleagáid, agus daoine nach soláthraíonn ach córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile d’institiúidí creidmheasa nó d’institiúidí airgeadais chun cistí a tharchur, faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366, nó nach soláthraíonn ach córais imréitigh agus socraíochta, nach dtagann na daoine sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(159)

Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach chruinn a fháil agus a choinneáil maidir le húinéireacht thairbhiúil agus rialú daoine dlítheanacha. Toisc go dtugann scaireanna iompróra an úinéireacht don duine ag a bhfuil an scairdheimhniú, féadfaidh an t-úinéir tairbhiúil a bheith anaithnid. Chun a áirithiú nach mbaintear mí-úsáid as scaireanna den sórt sin i gcomhair sciúradh airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ba cheart do chuideachtaí – seachas iad sin a bhfuil urrúis liostaithe acu ar mhargadh rialáilte nó a ndéantar a gcuid scaireanna a eisiúint mar urrúis idirghafa – gach scair iompróra reatha a thiontú ina scaireanna cláraithe iad a bhacadh, nó iad a thaisceadh le hinstitiúid airgeadais. Ina theannta sin, níor cheart ach barántais scaire iompróra i bhfoirm idirghafa a cheadú.

(160)

Fágann anaithnideacht cripteashócmhainní go bhfuil siad neamhchosanta ar rioscaí mí-úsáide chun críoch coiriúil. Ní féidir aistrithe cripteashócmhainní a rianú nuair is trí chuntais cripteashócmhainní anaithnide nó ionstraimí eile um anaithnidiú a dhéantar iad, agus lena chois sin is deacra idirbhearta nasctha amhrasacha a shainaithint nó leibhéal leordhóthanach de dhícheall cuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm. Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais AML/CFT i bhfeidhm go héifeachtach maidir le cripteashócmhainní, ní mór toirmeasc a chur ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní cuntais anaithnide cripteashócmhainní nó cuntais lena gceadaítear idirbhearta a anaithnidiú nó a ndoiléire a mhéadú a chur ar fáil nó a choinneáil, lena n-áirítear trí bhoinn lena gcuirtear leis an anaithnideacht. Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le soláthraithe crua-earraí agus bogearraí ná soláthraithe tiachóg féinóstáilte a mhéid nach bhfuil rochtain ná rialú acu ar na tiachóga cripteashócmhainní sin.

(161)

Tá úsáid íocaíochtaí móra in airgead tirim an-leochaileach i leith sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta; níor maolaíodh an leochaileacht sin go leordhóthanach leis an gceanglas atá ar dhaoine a thrádálann in earraí a bheith faoi réir rialacha maidir le frithsciúradh airgid le linn dóibh íocaíochtaí in airgead tirim dar méid EUR 10 000 nó níos mó a dhéanamh nó a fháil. An tráth céanna, baineann na difríochtaí i gcineálacha cur chuige sna Ballstáit éagsúla an bonn den chothrom iomaíochta laistigh den mhargadh inmheánach agus is iad na gnólachtaí atá lonnaithe i mBallstáit ina bhfuil rialacha níos déine a bheidh thíos leis sin. Is gá dá bhrí sin teorainn a thabhairt isteach ar fud an Aontais ar íocaíochtaí móra in airgead tirim dar méid EUR 10 000. Ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann tairseacha níos ísle agus forálacha breise níos déine a ghlacadh a mhéid a shaothraíonn siad cuspóirí dlisteanacha ar mhaithe le leas an phobail. Ós rud é go bhfuil an creat AML/CFT bunaithe ar rialáil an gheilleagair gnó, níor cheart feidhm a bheith ag an teorainn maidir le híocaíochtaí idir daoine nádúrtha nach bhfuil ag gníomhú i bhfeidhm ghairmiúil. Ina theannta sin, chun a áirithiú nach gcruthóidh an teorainn ar fud an Aontais bacainní go neamhbheartaithe do dhaoine nach n-úsáideann nó nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí baincéireachta, nó do ghnólachtaí an t-ioncam óna ngníomhaíochtaí a thaisceadh ina gcuntais, ba cheart íocaíochtaí nó taiscí a dhéantar ag áitribh institiúidí creidmheasa, institiúidí íocaíochta nó institiúidí ríomh-airgid a dhíolmhú freisin ó chur i bhfeidhm na teorann.

(162)

Maidir le híocaíochtaí in airgead tirim nó taiscí airgid thirim a dhéantar ag áitribh institiúidí creidmheasa, soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe ríomh-airgid a sháraíonn an tairseach le haghaidh íocaíochtaí móra in airgead tirim, níor cheart iad a mheas, mar réamhshocrú, mar tháscaire nó díol amhrais maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide ná maoiniú na sceimhlitheoireachta. Cuireann tuairisciú na n-idirbheart sin ar chumas an FIU patrúin a bhaineann le gluaiseacht airgid thirim a mheasúnú agus a shainaithint agus, cé go gcuireann an fhaisnéis sin le hanailísí oibríochtúla nó straitéiseacha an FIU, fágann cineál na nochtaí tairseachbhunaithe go bhfuil siad éagsúil le tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha. Chuige sin, ní chuirtear nochtaí tairseachbhunaithe in ionad an cheanglais maidir le hidirbhearta amhrasacha nó maidir le bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm i gcásanna ina bhfuil riosca níos airde ann. Ba cheart do FIUnna a bheith in ann a éileamh go ndéanfar na tuairiscí laistigh de sprioc-am sonrach, lena bhféadfaí tíolacadh tréimhsiúil ar bhonn comhiomlánaithe a áireamh.

(163)

D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina bhfágann cúiseanna force majeure, tubaistí nádúrtha, mar shampla, go bhfuil caillteanas forleathan rochtana ann ar shásraí íocaíochta cé is moite den airgead tirim. Sna cásanna sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cur i bhfeidhm na teorann ar íocaíochtaí móra in airgead tirim a chur ar fionraí. Beart urghnách í an fhionraí sin agus níor cheart é a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás inar gá mar fhreagairt ar chásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. I gcás nach féidir rochtain a fháil ar sheirbhísí airgeadais, ní foras bailí é sin chun an teorainn a chur ar fionraí i gcás inar féidir é a fhágáil ar Bhallstát nuair nár ráthaigh an Ballstát sin go mbeadh rochtain ag tomhaltóirí ar bhonneagar airgeadais ar fud a chríche ina iomláine.

(164)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na costais, na tairbhí agus na tionchair a bhaineann leis an teorainn ar íocaíochtaí móra in airgead tirim a choigeartú ar leibhéal an Aontais d’fhonn an cothrom iomaíochta a dhéanamh níos cothroime fós do ghnólachtaí agus na deiseanna a bhíonn ag coirpigh airgead tirim a úsáid i gcomhair sciúradh airgid a laghdú. Ba cheart féachaint sa mheasúnú sin go háirithe ar an luach is oiriúnaí ar theorainn chomhchuibhithe ar íocaíochtaí in airgead tirim ar leibhéal an Aontais i bhfianaise na dteorainneacha atá cheana féin le híocaíochtaí in airgead tirim i roinnt Ballstáit, in-fhorfheidhmitheacht na teorann sin ar leibhéal an Aontais agus na n-éifeachtaí a bhíonn ag an teorainn sin ar dhlíthairiscint an euro.

(165)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar na costais, na tairbhí agus na tionchair a d’eascródh as an tairseach 25 % a ísliú maidir le húinéirí tairbhiúla a shainaithint nuair a fheidhmítear rialú trí leas úinéireachta. Ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó Bhallstáit nó ó thríú tíortha a bhfuil tairseacha níos ísle tugtha isteach acu a chur san áireamh sa mheasúnú sin.

(166)

Maidir le rioscaí a bhaineann le hearraí ardluacha, d’fhéadfaí earraí eile is furasta a iompar a áireamh freisin, amhail baill éadaigh agus gabhálais éadaigh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le raon feidhme na n-eintiteas faoi oibleagáid a leathnú chun daoine a thrádálann in earraí ardluacha den sórt sin a áireamh. Ina theannta sin, ós rud é go dtugtar isteach leis an Rialachán seo den chéad uair ar leibhéal an Aontais nochtaí éigeantacha tairseachbhunaithe i ndáil le hearraí ardluacha áirithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, bunaithe ar an taithí a fuarthas i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar an ngá atá le raon feidhme na n-earraí atá faoi réir nochtaí tairseachbhunaithe a leathnú, agus leis an bhformáid le haghaidh na nochtaí sin a chomhchuibhiú i bhfianaise na húsáide a bhaineann FIUnna as nochtaí tairseachbhunaithe. Ar deireadh, i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le hearraí ardluacha i gcriosanna saorthrádála, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le leathnú a dhéanamh ar raon feidhme na faisnéise atá le tuairisciú ag oibreoirí a thrádálann agus a stórálann earraí ardluacha sna criosanna saorthrádála sin.

(167)

Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais AML/CFT i bhfeidhm go comhsheasmhach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith tríú tíortha ardriosca, tríú tíortha ar a bhfuil laigí maidir le comhlíonadh agus tríú tíortha ar bagairt shonrach thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais iad a shainaithint, chomh maith le frithbhearta nó bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha a shainaithint, rioscaí a eascraíonn as tríú tíortha den sórt sin a mhaolú;, cásanna breise de bhearta ardriosca a dhéanann difear do bhearta feabhsaithe díchill chuí an Aontais agus gaolmhara a shainaithint; catagóirí coitianta breise d’fheidhmeanna poiblí suntasacha a shainaithint; catagóirí d’eintitis chorparáideacha lena mbaineann rioscaí níos airde agus na tairseacha níos ísle gaolmhara a shainaithint chun críche úinéireacht thairbhiúil a shainaithint trí leas úinéireachta; catagóirí na sáruithe ar cheanglais trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil atá faoi réir smachtbhannaí a shainiú agus na daoine faoi dhliteanas dóibh, na táscairí chun leibhéal tromchúise sáruithe a aicmiú agus na critéir a bheidh le cur san áireamh agus leibhéal na bpionós á shocrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (29). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(168)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag AMLA lena sonraítear na híoscheanglais i mbeartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa; lena n-áirítear íoschaighdeáin maidir le comhroinnt faisnéise, na critéir chun an máthairghnóthas a sainaithint agus na coinníollacha faoina gceanglaítear ar struchtúir a chomhroinneann úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann nó rialuithe coiteanna maidir le comhlíonadh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa a chur i bhfeidhm; lena sonraítear cineál na mbeart breise, lena n-áirítear an ghníomhaíocht íosta atá le déanamh ag grúpaí i gcás nach gceadaítear le dlí tríú tíortha beartais, nósanna imeachta agus rialuithe agus gníomhaíochtaí breise maoirseachta uileghrúpa a chur chun feidhme; lena sonraítear eintitis faoi oibleagáid, na hearnálacha agus na hidirbhearta lena mbaineann riosca níos airde agus idirbhearta ócáideacha ar luach íseal a dhéanamh agus gaolmhaireacht ghnó a shainaithint agus na critéir chun idirbhearta nasctha chun críche díchill chuí do chustaiméirí a shainaithint; agus lena sonraítear an fhaisnéis is gá chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2024/1620.

(169)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an mhodheolaíocht a leagan amach chun tríú tíortha ar bagairt shonrach thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais iad a shainaithint, an fhormáid a leagan amach chun liostaí na mBallstát d’fheidhmeanna poiblí suntasacha a bhunú agus a chur in iúl, agus cineálacha eintiteas dlítheanach agus cineálacha socruithe dlíthiúla atá cosúil le hiontaobhais shainráite arna rialú ag dlí na mBallstát a shainaithint. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30). Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin chun cinneadh a dhéanamh deireadh a chur le frithbhearta náisiúnta breise sonracha.

(170)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag AMLA a ghlacadh lena sonraítear an fhormáid atá le húsáid chun amhras a thuairisciú agus chun taifid idirbheart a sholáthar, agus an fhormáid atá le húsáid ag FIUnna chun faisnéis a thuairisciú do OIPE. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2024/1620.

(171)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail arna n-aithint sa Chairt, go háirithe an ceart go ndéantar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéantar sonraí pearsanta a chosaint agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh.

(172)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den Chairt, ina ndéantar idirdhealú a thoirmeasc ar aon fhoras, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid measúnuithe riosca a dhéanamh i gcomhthéacs díchill chuí do chustaiméirí, gan idirdhealú a dhéanamh.

(173)

Nuair a bheidh tuarascáil á tarraingt suas ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dó aird chuí a thabhairt ar an urraim do na cearta bunúsacha agus do na prionsabail a aithnítear sa Chairt.

(174)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin cosc a chur ar úsáid chóras airgeadais an Aontais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(175)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 22 Meán Fómhair 2021 (31),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

ROINN 1

Ábhar agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na bearta atá le cur i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc;

(b)

ceanglais trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheidh ar eintitis dhlítheanacha, iontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla;

(c)

bearta chun teorainn a chur le mí-úsáid ionstraimí anaithnide.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘sciúradh airgid’ an t-iompar mar a leagtar amach in Airteagal 3, míreanna 1 agus 5, de Threoir (AE) 2018/1673 lena n-áirítear cabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht an t-iompar sin a dhéanamh, cibé acu ar chríoch Ballstáit nó ar chríoch tríú tír a rinneadh na gníomhaíochtaí a ghin an mhaoin atá le sciúradh; is féidir an t-eolas, an intinn nó an cuspóir a éilítear mar ghné den iompar sin a thuiscint as imthosca fíorasacha oibiachtúla;

(2)

ciallaíonn ‘maoiniú sceimhlitheoireachta’ an t-iompar mar a leagtar amach in Airteagal 11 de Threoir (AE) 2017/541 lena n-áirítear cabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht an t-iompar sin a dhéanamh, cibé acu ar chríoch Ballstáit nó ar chríoch tríú tír a rinneadh é; is féidir an t-eolas, an intinn nó an cuspóir a éilítear mar ghné den iompar sin a thuiscint as imthosca fíorasacha oibiachtúla;

(3)

ciallaíonn ‘gníomhaíocht choiriúil’ gníomhaíocht choiriúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/1673, chomh maith le calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2017/1371, éilliú éighníomhach agus gníomhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(2) agus míleithreasú mar a shainmhínítear in Airteagal 4(3), an dara fomhír, den Treoir sin;

(4)

ciallaíonn ‘cistí’ nó ‘maoin’ maoin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2018/1673;

(5)

ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’:

(a)

institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

brainse d’institiúid creidmheasa, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe 17, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina bhfuil sé lonnaithe san Aontas, cibé acu i mBallstát nó i dtríú tír atá a cheannoifig lonnaithe;

(6)

ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’:

(a)

gnóthas seachas institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta, a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (2) go (12), (14) agus (15) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), lena n-áirítear gníomhaíochtaí oifigí malairte airgeadra (bureaux de change), ach nach n-áirítear leo gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (8) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2366, nó gnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil, lena n-áirítear cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha agus cuideachta sealbhaíochta airgeadais gníomhaíochta measctha;

(b)

gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), a mhéid a dhéanann sé gníomhaíochtaí árachais saoil nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir sin, lena n-áirítear cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais de ghníomhaíocht mheasctha mar a shainmhínítear, faoi seach, in Airteagal 212(1), pointí (f) agus (g), de Threoir 2009/138/CE;

(c)

idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir (AE) 2016/97 i gcás ina ngníomhóidh sé maidir le hárachas saoil agus seirbhísí árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht, cé is moite d’idirghabhálaí árachais nach mbailíonn préimheanna nó suimeanna atá beartaithe don chustaiméir agus a ghníomhaíonn faoi fhreagracht ceann amháin nó níos mó de na gnóthais nó idirghabhálaithe árachais le haghaidh na dtáirgí a bhaineann leo faoi seach;

(d)

gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

(e)

gnóthas comhinfheistíochta, go háirithe:

(i)

gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE agus a chuideachta bhainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), den Treoir sin nó cuideachta infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin agus nach bhfuil cuideachta bhainistíochta ainmnithe aici, a chuireann aonaid GCUI ar fáil lena gceannach san Aontas;

(ii)

ciste infheistíochta malartach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE agus a bhainisteoir cistí infheistíochta malartacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), den Treoir sin a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 2 den Treoir sin;

(f)

taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle í (35);

(g)

creidiúnaí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) agus in Airteagal 3, pointe (b), de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) é;

(h)

idirghabhálaí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5), de Threoir 2014/17/AE agus in Airteagal 3, pointe (f), de Threoir 2008/48/CE é, agus na cistí á sealbhú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 i dtaca leis an gcomhaontú creidmheasa, cé is moite den idirghabhálaí creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí faoi fhreagracht creidiúnaí amháin nó níos mó nó idirghabhálaí creidmheasa amháin nó níos mó;

(i)

soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(j)

brainse d’institiúid airgeadais dá dtagraítear i bpointí (a) go (i), nuair atá sé lonnaithe san Aontas, cibé acu atá a ceannoifig lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír;

(7)

ciallaíonn ‘cripteashócmhainn’ cripteashócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2023/1114 í, ach amháin nuair a thagann sí faoi na catagóirí a liostaítear in Airteagal 2(4) den Rialachán sin;

(8)

ciallaíonn ‘seirbhísí cripteashócmhainní’ seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114, cé is moite de chomhairle a sholáthar maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (16)(h), den Rialachán sin;

(9)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní’ soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 é i gcás ina bhfuil seirbhís cripteashócmhainne amháin nó níos mó á soláthar aige;

(10)

ciallaíonn ‘cuideachta sealbhaíochta airgeadais gníomhaíochta measctha’ gnóthas, seachas cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, nach bhfuil ina fhochuideachta de ghnóthas eile a n-áirítear institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais amháin ar a laghad ar a fhochuideachtaí;

(11)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí iontaobhais nó cuideachta’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn aon cheann de na seirbhísí seo a leanas do thríú páirtithe trína ghnó:

(a)

foirmiú cuideachtaí nó daoine dlítheanacha eile;

(b)

bheith ag gníomhú mar, nó é a shocrú do dhuine eile a bheith ag gníomhú mar, stiúrthóir nó rúnaí cuideachta, comhpháirtí i gcomhpháirtíocht, nó post comhchosúil i ndáil le daoine dlítheanacha eile;

(c)

oifig chláraithe, seoladh gnó, seoladh comhfhreagrais nó seoladh riaracháin chomh maith le seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar do chuideachta, comhpháirtíocht nó aon duine dlítheanach eile nó aon socrú dlí eile;

(d)

bheith ag gníomhú mar, nó é a shocrú do dhuine eile a bheith ag gníomhú mar, iontaobhaí iontaobhais shainráite nó feidhm choibhéiseach a dhéanamh le haghaidh socrú dlíthiúil comhchosúil;

(e)

bheith ag gníomhú mar, nó é a shocrú do dhuine eile a bheith ag gníomhú mar, scairshealbhóir ainmnitheach ar son duine eile;

(12)

ciallaíonn ‘seirbhís cearrbhachais’ seirbhís ina gcuirtear geall lena ngabhann luach airgeadúil i gcluichí áidh, lena n-áirítear iad lena mbaineann gné chlisteachta mar shampla crannchuir, cluichí casaíne, cluichí pócair agus idirbhearta gealltóireachta a chuirtear ar fáil i suíomh fisiceach, nó ar aon mhodh cianda, trí mheáin leictreonacha nó aon teicneolaíocht eile lena n-éascaítear an chumarsáid, agus ar iarraidh aonair ó fhaighteoir seirbhísí;

(13)

ciallaíonn ‘cuideachta sealbhaíochta seachairgeadais gníomhaíochta measctha’ gnóthas, seachas cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, nach bhfuil ina fhochuideachta de ghnóthas eile, a n-áirítear eintiteas amháin faoi oibleagáid, ar a laghad, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3), ar a fhochuideachtaí;

(14)

ciallaíonn ‘seoladh féinóstáilte’ seoladh féinóstáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (20), de Rialachán (AE) 2023/1113 é;

(15)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin’ soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503 é;

(16)

ciallaíonn ‘idirghabhálaí sluachistiúcháin’ gnóthas, cé is moite de sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin, arb é a ghnó meaitseáil a dhéanamh nó a éascú, trí chóras faisnéise idirlíonbhunaithe atá oscailte don phobal nó do líon teoranta cisteoirí, idir úinéir agus cisteoir de réir mar a leanas:

(a)

úinéir tionscadail, ar duine nádúrtha nó dlítheanach é a bhfuil cistiú á lorg aige le haghaidh tionscadal ina gcuimsítear oibríocht réamhshainithe amháin nó sraith oibríochtaí réamhshainithe atá dírithe ar chuspóir ar leith, lena n-áirítear tiomsú airgid le haghaidh cúis nó imeacht ar leith gan beann ar cé acu don phobal nó do líon teoranta cisteoirí atá na tionscadail sin beartaithe; agus

(b)

cisteoir, ar duine nádúrtha nó dlítheanach é a rannchuidíonn le maoiniú tionscadal, trí iasachtaí ar ús nó gan ús, nó tabhartais, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil an deontóir i dteideal sochar neamhábhartha mar gheall ar na tabhartais sin.

(17)

ciallaíonn ‘ríomh-airgead’ ríomh-airgead arna shainmhíniú in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), ach gan an luach airgid dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5) den Treoir sin a áireamh;

(18)

ciallaíonn ‘bunaíocht’ eintiteas faoi oibleagáid a shaothraíonn go hiarbhír gníomhaíocht eacnamaíoch a chumhdaítear le hAirteagal 3 i mBallstát nó i dtríú tír seachas an tír ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe ar feadh tréimhse éiginnte agus trí bhonneagar cobhsaí, lena n-áirítear:

(a)

brainse nó fochuideachta;

(b)

i gcás institiúidí creidmheasa agus airgeadais, bonneagar atá cáilithe mar bhunaíocht faoi rialáil stuamachta.

(19)

ciallaíonn ‘gaolmhaireacht gnó’ gaolmhaireacht gnó, ghairmiúil nó tráchtála atá nasctha le gníomhaíochtaí gairmiúla eintitis faoi oibleagáid, a bhunaítear idir eintiteas faoi oibleagáid agus custaiméir, lena n-áirítear in éagmais conradh i scríbhinn agus a mheastar, tráth bhunú na teagmhála, go mbeidh gné athdhéantach nó mharthanach aici, nó a thiocfaidh go mbeidh gné acu sin aici ina dhiaidh sin;

(20)

ciallaíonn ‘idirbhearta nasctha’ dhá idirbheart nó níos mó arb ionann nó comhchosúil a dtionscnamh, a gceann scríbe agus a gcríoch, nó a dtréithe ábhartha eile, in imeacht tréimhse shonrach;

(21)

ciallaíonn ‘tríú tír’ aon dlínse, stát neamhspleách nó críoch uathrialach nach bhfuil mar chuid den Aontas agus ag a bhfuil a reachtaíocht féin nó a chóras forfheidhmiúcháin féin AML/CFT;

(22)

ciallaíonn ‘gaolmhaireacht chomhfhreagrach’:

(a)

seirbhísí baincéireachta a bheith á soláthar ag institiúid creidmheasa amháin i ról an chomhfhreagraí d’institiúid creidmheasa eile i ról an fhreagróra, lena n-áirítear cuntas reatha nó cuntas dliteanais eile agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar, mar shampla bainistíocht airgid thirim, aistrithe idirnáisiúnta cistí, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 é, imréiteach seiceanna, cuntais ‘iníoctha tríd’ agus seirbhísí malairte eachtraí;

(b)

na gaolmhaireachtaí idir institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais agus idir an dá chineál institiúide sin, lena n-áirítear i gcás ina gcuireann institiúid chomhfhreagrach seirbhísí comhchosúla ar fáil d’institiúid is freagróir, agus lena n-áirítear gaolmhaireachtaí a bunaíodh le haghaidh idirbhearta urrús nó aistrithe cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366, agus le haghaidh idirbhearta cripteashócmhainní nó aistrithe cripteashócmhainní;

(23)

ciallaíonn ‘institiúid chaoch’:

(a)

i gcás institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais nach soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní iad: institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais, nó institiúid a dhéanann gníomhaíochtaí atá coibhéiseach leis na cinn arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, atá cruthaithe i ndlínse nach bhfuil aon láithreacht fhisiceach aici ann, ar a ndéantar stiúradh agus bainistiú fóinteach, agus nach bhfuil cleamhnaithe le grúpa airgeadais rialáilte;

(b)

i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní: eintiteas a bhfuil a n-ainmneacha luaite sa chlár arna bhunú ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí de bhun Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2023/1114 nó eintiteas tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní gan iad a bheith ceadúnaithe nó cláraithe nó faoi réir maoirseacht AML/CFT sa tír sin;

(24)

ciallaíonn ‘cuntas cripteashócmhainní’ cuntas cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (19), de Rialachán (AE) 2023/1113 é;

(25)

ciallaíonn ‘boinn lena gcuirtear leis an anaithnideacht’ cripteashócmhainní a bhfuil gnéithe ionsuite acu chun faisnéis faoi aistriú cripteashócmhainní a dhéanamh anaithnid, go córasach nó go roghnach;

(26)

ciallaíonn ‘IBAN fíorúil’ aitheantóir is cúis le híocaíochtaí a atreorú chuig cuntas íocaíochta a shainaithnítear le IBAN atá éagsúil leis an aitheantóir sin;

(27)

ciallaíonn ‘Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh’ cód tagartha alfa-uimhriúil uathúil bunaithe ar an gcaighdeán ISO 17442 a shanntar d’eintiteas dlítheanach;

(28)

ciallaíonn ‘úinéir tairbhiúil’ aon duine nádúrtha ag a bhfuil eintiteas dlítheanach nó iontaobhas sainráite nó socrú dlíthiúil comhchosúil ar úinéireacht nó faoina rialú deiridh;

(29)

ciallaíonn ‘iontaobhas sainráite’ iontaobhas arna chur ar bun d’aon ghnó ag an socraitheoir, inter vivos nó ar bhás, i bhfoirm doiciméad i scríbhinn de ghnáth, chun sócmhainní a chur faoi rialú iontaobhaí chun tairbhe tairbhí nó chun críche sonraithe;

(30)

ciallaíonn ‘ábhair chumhachta’ na daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó an aicme daoine nádúrtha nó dlítheanacha as a bhféadfaidh na hiontaobhaithe a roghnú le bheith ina dtairbhithe in iontaobhas lánroghnach;

(31)

ciallaíonn ‘faighteoir i gcás mainneachtana’ na daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó an aicme daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar tairbhithe in iontaobhas lánroghnach iad i gcás nach bhfeidhmeodh na hiontaobhaithe a lánrogha;

(32)

ciallaíonn ‘socrú dlíthiúil’ iontaobhas sainráite nó socrú ag a bhfuil struchtúr nó feidhm chomhchosúil le hiontaobhas sainráite, lena n-áirítear fiducie agus cineálacha áirithe Treuhand agus fideicomiso;

(33)

ciallaíonn ‘faisnéis bhunúsach’:

(a)

i ndáil le heintiteas dlítheanach:

(i)

foirm dhlíthiúil agus ainm an eintitis dhlítheanaigh;

(ii)

ionstraim an bhunaithe, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad;

(iii)

seoladh na hoifige cláraithe nó oifigiúla, agus más éagsúil í, an phríomhláthair ghnó, agus an tír chruthaithe;

(iv)

liosta a ionadaithe dlíthiúla;

(v)

i gcás inarb infheidhme, liosta dá scairshealbhóirí nó dá chomhaltaí, lena n-áirítear faisnéis maidir le líon na scaireanna atá ag gach scairshealbhóir agus catagóirí na scaireanna sin agus cineál na gceart vótála gaolmhar;

(vi)

i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an uimhir chlárúcháin, an t-aitheantóir uathúil Eorpach, an uimhir aitheantais cánach agus an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh;

(vii)

i gcás fondúireachtaí, na sócmhainní a shealbhaíonn an fhondúireacht chun a críocha a shaothrú;

(b)

i ndáil le socrú dlíthiúil:

(i)

ainm nó aitheantóir uathúil an tsocraithe dhlíthiúil;

(ii)

an dintiúr iontaobhais nó a chomhionann;

(iii)

críocha an tsocraithe dhlíthiúil, más ann dóibh;

(iv)

na sócmhainní a shealbhaítear sa socrú dlíthiúil nó a bhainistítear tríd;

(v)

áit chónaithe iontaobhaithe an iontaobhais shainráite nó na ndaoine ag a bhfuil poist choibhéiseacha sa socrú dlíthiúil comhchosúil, agus, más áit éagsúil í, an áit a riartar an t-iontaobhas sainráite nó an socrú dlíthiúil comhchosúil;

(34)

ciallaíonn ‘duine atá faoi riteacht pholaitiúil’ duine nádúrtha a gcuirtear nó ar cuireadh feidhmeanna poiblí suntasacha de chúram air nó uirthi, lena n-áirítear:

(a)

i mBallstát:

(i)

cinn Stáit, cinn rialtais, airí agus leas-airí nó airí cúnta;

(ii)

comhaltaí parlaiminte nó comhlachtaí reachtacha comhchosúla;

(iii)

comhaltaí de chomhlachtaí rialaithe na bpáirtithe polaitiúla a bhfuil suíocháin acu i gcomhlachtaí feidhmiúcháin nó reachtacha náisiúnta, nó i gcomhlachtaí feidhmiúcháin nó reachtacha réigiúnacha nó áitiúla a dhéanann ionadaíocht ar thoghlaigh ina bhfuil 50 000 áitritheoir ar a laghad.;

(iv)

comhaltaí cúirteanna uachtaracha, cúirteanna bunreachtúla nó comhlachtaí breithiúnacha eile ardleibhéil, nach mbíonn a gcinntí sin faoi réir achomhairc eile, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla;

(v)

comhaltaí de chúirteanna iniúchóirí nó de bhoird na mbanc ceannais;

(vi)

ambasadóirí, chargés d’affaires agus oifigigh ardaicme sna fórsaí armtha;

(vii)

comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta fiontar arna rialú faoi aon cheann de na gaolmhaireachtaí a liostaítear in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ag an stát, nó, i gcás ina gcáilíonn na fiontair sin mar ghnóthais mheánmhéide nó mhóra nó mar ghrúpaí meánmhéide nó móra mar a shainmhínítear in Airteagail 3(3), (4), (6) agus (7) den Treoir sin, ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla;

(viii)

cinn údarás réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear grúpálacha bardas agus réigiún cathrach, ina bhfuil 50 000 áitritheoir ar a laghad;

(ix)

feidhmeanna poiblí tábhachtacha eile dá bhforálann na Ballstáit;

(b)

in eagraíocht idirnáisiúnta:

(i)

na hoifigigh ag a bhfuil an chéim is airde, a leas-oifigigh agus comhaltaí den bhord nó feidhmeanna coibhéiseacha in eagraíocht idirnáisiúnta;

(ii)

ionadaithe chuig Ballstát nó chuig an Aontas;

(c)

ar leibhéal an Aontais:

feidhmeanna ar leibhéal institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais ar coibhéiseach iad leo siúd a liostaítear i bpointí (a)(i), (ii), (iv), (v) agus (vi);

(d)

i dtríú tír:

feidhmeanna ar coibhéiseach iad leo siúd a liostaítear i bpointe (a);

(35)

ciallaíonn ‘ball teaghlaigh’:

(a)

céile duine, nó duine i gcomhpháirtíocht chláraithe nó shibhialta nó i socrú comhchosúil leis nó léi;

(b)

páiste agus céile an duine clainne sin, nó duine i gcomhpháirtíocht chláraithe nó shibhialta nó i socrú comhchosúil leis nó léi;

(c)

tuismitheoir duine;

(d)

maidir leis na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe (34)(a)(i) agus feidhmeanna coibhéiseacha ar leibhéal an Aontais nó i dtríú tír, siblín;

(36)

ciallaíonn ‘duine arb eol gur dlúthchomhlach é nó í’:

(a)

duine nádúrtha arb eol gur comhúinéir tairbhiúil eintiteas dlítheanach nó socruithe dlíthiúla é nó í, nó go bhfuil sé nó sí in aon dlúthghaolmhaireacht gnó eile le duine atá faoi riteacht pholaitiúil;

(b)

duine nádúrtha ar úinéir tairbhiúil eintitis dhlítheanaigh nó socraithe dhlíthiúil é nó í arb eol gur cuireadh ar bun é chun tairbhe duine atá faoi riteacht pholaitiúil;

(37)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht nó comhlachtaí eintitis faoi oibleagáid, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dtugtar an chumhacht dóibh straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis faoi oibleagáid a shocrú, agus a dhéanann formhaoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht bainistíochta, agus lena n-áirítear na daoine a stiúrann gnó an eintitis faoi oibleagáid go hiarbhír; i gcás nach ann do chomhlacht den sórt sin, an duine a stiúrann gnó an eintitis faoi oibleagáid go hiarbhír;

(38)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta’ an comhlacht bainistíochta atá freagrach as bainistíocht laethúil an eintitis faoi oibleagáid;

(39)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme maoirseachta’ an comhlacht bainistíochta ag gníomhú ina ról formhaoirseachta agus faireacháin ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta;

(40)

ciallaíonn ‘bainistíocht shinsearach’, comhaltaí an chomhlachta bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta, chomh maith le hoifigigh agus fostaithe ag a bhfuil eolas leordhóthanach ar neamhchosaint na n-eintiteas faoi oibleagáid ar riosca an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus ag a bhfuil sinsearacht leordhóthanach chun cinntí a dhéanamh le difear a dhéanamh dá neamhchosaint ar rioscaí;

(41)

ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa gnóthas arb é atá ann máthairghnóthas, a fhochuideachtaí, chomh maith le gnóthais atá nasctha le chéile trí ghaolmhaireacht de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE;

(42)

ciallaíonn ‘máthairghnóthas’:

(a)

i gcás grúpaí a bhfuil a gceannoifig lonnaithe san Aontas, eintiteas faoi oibleagáid ar máthairghnóthas é mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir 2013/34/AE nach fochuideachta de ghnóthas eile san Aontas é féin, ar choinníoll gur eintiteas faoi oibleagáid ceann amháin de na foghnóthais sin ar a laghad;

(b)

i gcás grúpaí a bhfuil a gceannoifig lonnaithe lasmuigh den Aontas agus inar eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe san Aontas iad dhá fhoghnóthas dá chuid, gnóthas sa ghrúpa sin atá bunaithe san Aontas agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

is eintiteas faoi oibleagáid é;

(ii)

is gnóthas nach fochuideachta é de ghnóthas eile ar eintiteas faoi oibleagáid atá bunaithe san Aontas é;

(iii)

tá suntasacht leordhóthanach aige laistigh den ghrúpa agus tá tuiscint leordhóthanach aige ar oibríochtaí an ghrúpa atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo, agus

(iv)

tugtar an fhreagracht dó ceanglais uileghrúpa a chur chun feidhme faoi Chaibidil II, Roinn 2, den Rialachán seo;

(43)

ciallaíonn ‘airgead tirim’ airgead tirim mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39);

(44)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’:

(a)

Aonad Faisnéise Airgeadais (FIU);

(b)

údarás maoirseachta;

(c)

údarás poiblí dar feidhm an sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó an maoiniú sceimhlitheoireachta a imscrúdú nó a ionchúiseamh, nó dar feidhm sócmhainní coiriúla a rianú, a urghabháil nó a reo agus a choigistiú;

(d)

údarás poiblí arna ainmniú a bheith freagrach as comhrac an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta;

(45)

ciallaíonn ‘maoirseoir’ an comhlacht ar a gcuirtear freagrachtaí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintitis faoi oibleagáid ceanglais an Rialacháin seo, lena n-áirítear AMLA nuair a dhéanann sé na tascanna a chuirtear ar a iontaoibh in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2024/1620;

(46)

ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ maoirseoir is comhlacht poiblí, nó an t-údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna maoirseachta de bhun Airteagal 37 de Threoir (AE) 2024/1640, nó AMLA agus é ag gníomhú mar mhaoirseoir;

(47)

ciallaíonn ‘comhlacht féinrialála’ comhlacht a dhéanann ionadaíocht ar ghairmithe agus a bhfuil ról aige maidir lena rialáil, maidir le comhlíonadh feidhmeanna áirithe maoirseachta nó faireacháin agus maidir lena áirithiú go bhforfheidhmítear na rialacha a bhaineann leo;

(48)

ciallaíonn ‘cistí nó sócmhainní eile’ aon sócmhainní, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh seo a leanas: sócmhainní airgeadais, acmhainní eacnamaíocha, lena n-áirítear ola agus acmhainní nádúrtha eile, maoin de gach cineál, bíodh sí inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, gan beann ar an mbealach a bhfaightear iad, agus doiciméid nó ionstraimí dlí in aon fhoirm, lena n-áirítear foirm leictreonach nó dhigiteach, lena bhfianaítear teideal na gcistí nó sócmhainní eile den sórt sin, nó leas iontu, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh seo a leanas: creidmheasanna bainc, seiceanna taistil, seiceanna bainc, orduithe airgid, scaireanna, urrúis, bannaí, dréachtaí, nó litreacha creidmheasa, agus aon ús, díbhinní nó ioncam eile ar na cistí nó sócmhainní eile den sórt sin nó luach a fhabhraíonn astu nó a ghintear astu, agus aon sócmhainní eile a d’fhéadfaí a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;

(49)

ciallaíonn ‘smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe’ idir reo sócmhainní agus toirmisc ar chur cistí nó sócmhainní eile ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun tairbhe na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe de bhun Cinntí ón gComhairle a glacadh ar bhonn Airteagal 29 CAE agus Rialacháin ón gComhairle a glacadh ar bhonn Airteagal 215 CFAE;

(50)

ciallaíonn ‘smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe’ sócmhainní a reo agus toirmisc a chur ar chistí nó sócmhainní eile a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun tairbhe na ndaoine agus na n-eintiteas arna n-ainmniú nó arna liostú de bhun an mhéid a leanas:

(a)

rún 1267 (1999) ó CSNA agus na rúin a thiocfaidh i gcomharbas air;

(b)

rún 1373 (2001) ó CSNA, lena n-áirítear an cinneadh go gcuirfear na smachtbhannaí ábhartha i bhfeidhm ar an duine nó ar an eintiteas agus an cinneadh sin a chur in iúl go poiblí;

(c)

smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe a bhaineann le maoiniú an leata;

(51)

ciallaíonn ‘smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe a bhaineann le maoiniú an leata’ sócmhainní a reo agus toirmisc a chur ar chistí nó sócmhainní eile a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun tairbhe na ndaoine agus na n-eintiteas arna n-ainmniú nó arna liostú de bhun an mhéid a leanas:

(a)

rún 1718 (2006) ó CSNA agus na rúin a thiocfaidh i gcomharbas air;

(b)

rún 2231 (2015) ó CSNA agus na rúin a thiocfaidh i gcomharbas air;

(c)

aon rún eile ó CSNA lena bhforchuirtear reo sócmhainní agus toirmisc ar chur ar fáil cistí nó sócmhainní eile i ndáil le leathadh arm ollscriosta a mhaoiniú;

(52)

ciallaíonn ‘club sacair ghairmiúil’ aon duine dlítheanach ar club sacair é, ar leis nó a bhainistíonn club sacair ar deonaíodh ceadúnas dó agus atá rannpháirteach sna sraitheanna sacair náisiúnta i mBallstát agus a bhfuil a imreoirí agus a fhoireann ar fostú ar conradh agus a dtugtar luach saothair dóibh mar mhalairt ar a gcuid seirbhísí;

(53)

ciallaíonn ‘gníomhaire sacair’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn, i gcomhair táille, seirbhísí idirghabhála agus a dhéanann ionadaíocht ar imreoirí sacair nó ar chlubanna sacair ghairmiúil in idirbheartaíocht d’fhonn conradh a thabhairt i gcrích le haghaidh imreoir sacair nó a dhéanann ionadaíocht ar chlubanna sacair ghairmiúil in idirbheartaíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le haistriú imreora sacair;

(54)

ciallaíonn ‘earraí ardluacha’ earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV;

(55)

ciallaíonn ‘miotail agus clocha lómhara’ miotail agus clocha a liostaítear in Iarscríbhinn V;

(56)

ciallaíonn ‘earraí cultúrtha’ earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle (40);

(57)

ciallaíonn ‘comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise’ sásra lena gcumasaítear comhroinnt agus próiseáil faisnéise idir eintitis faoi oibleagáid agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe 45(a), (b) agus (c), chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, cibé acu ar an leibhéal náisiúnta nó ar bhonn trasteorann, agus gan beann ar fhoirm na comhpháirtíochta sin.

2.   Ní thuigfear go gcumhdaítear oifigigh mheánaicme nó oifigigh níos sóisearaí le haon fheidhm phoiblí dá dtagraítear i mír 1, pointe (3).

3.   I gcás ina bhfuil údar cuí leis mar gheall ar a n-eagrúchán riaracháin agus de réir riosca, féadfaidh na Ballstáit tairseacha níos ísle a shocrú chun na feidhmeanna poiblí suntasacha seo a leanas a ainmniú:

a)

comhaltaí de chomhlachtaí rialaithe na bpáirtithe polaitiúla a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil, dá dtagraítear i mír 1, pointe (34)(a)(iii);

b)

cinn údarás réigiúnach agus áitiúil, dá dtagraítear i mír 1, pointe (34)(a)(viii).

Cuirfidh na Ballstáit na tairseacha níos ísle sin in iúl don Choimisiún.

4.   Maidir le mír 1, pointe (34)(a)(vii),) den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar a n-eagrúchán riaracháin agus mar gheall ar riosca, féadfaidh na Ballstáit tairseacha níos ísle a shocrú chun fiontair arna rialú ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla a shainaithint ná dóibh a shainítear in Airteagal 3(3), (4), (6) agus (7) de Rialachán 2013/34/AE.

Cuirfidh na Ballstáit na tairseacha tairseach níos ísle sin in iúl don Choimisiún.

5.   I gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar a struchtúir shóisialta agus chultúrtha agus mar gheall ar riosca, féadfaidh na Ballstáit raon feidhme níos leithne a chur i bhfeidhm chun siblín a ainmniú mar bhall teaghlaigh duine atá faoi riteacht pholaitiúil, dá dtagraítear i mír 1, pointe (35)(d).

Cuirfidh na Ballstáit an raon feidhme níos leithne sin in iúl don Choimisiún.

ROINN 2

Raon feidhme

Airteagal 3

Eintitis faoi oibleagáid

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar na heintitis seo a leanas a bheith ina n-eintitis faoi oibleagáid:

(1)

institiúidí creidmheasa;

(2)

institiúidí airgeadais;

(3)

na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas ag gníomhú dóibh i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí gairmiúla:

(a)

iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach, agus aon duine eile nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear gairmithe dlí neamhspleácha mar shampla dlíodóirí, a ghabhann orthu féin, go díreach nó trí bhíthin daoine eile a bhfuil gaol ag an duine eile sin leo, cabhair ábhartha, cúnamh nó comhairle maidir le cúrsaí cánach mar phríomhghnó nó mar phríomhghníomhaíocht ghairmiúil a sholáthar;

(b)

nótairí, dlíodóirí agus gairmithe dlí neamhspleácha eile, i gcás ina nglacann siad páirt, bíodh sé trí ghníomhú thar ceann a gcliaint nó ar son a gcliaint in aon idirbheart airgeadais nó réadmhaoine, nó trí chúnamh a thabhairt i bpleanáil nó i ndéanamh idirbheart ar son a gcliaint maidir le ceann ar bith de na nithe seo a leanas:

(i)

ceannach nó díol réadmhaoine nó eintiteas gnó;

(ii)

bainistiú ar airgead, urrúis nó sócmhainní eile de chuid cliaint, lena n-áirítear cripteashócmhainní;

(iii)

cuntais bhainc, choigiltis, urrús nó cripteashócmhainní a oscailt nó a bhainistiú;

(iv)

eagrú na ranníocaíochtaí is gá chun cuideachtaí a chruthú, a oibriú nó a bhainistiú;

(v)

cruthú, cur ar bun, oibriú nó bainistiú iontaobhas, cuideachtaí, fondúireachtaí, nó struchtúr den chineál céanna;

(c)

soláthraithe seirbhísí iontaobhais nó cuideachta;

(d)

gníomhairí eastáit agus gairmithe réadmhaoine eile a mhéid a ghníomhaíonn siad mar idirghabhálaithe in idirbhearta réadmhaoine, lena n-áirítear i ndáil le maoin dhochorraithe a ligean, maidir le hidirbhearta ina bhfuil an cíos míosúil cothrom le EUR 10 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, gan beann ar na modhanna íocaíochta;

(e)

daoine a bhíonn ag trádáil miotail agus clocha lómhara mar ghníomhaíocht rialta ghairmiúil nó mar phríomhghníomhaíocht ghairmiúil;

(f)

daoine a bhíonn ag trádáil earraí ardluacha, mar ghníomhaíocht rialta ghairmiúil nó mar phríomhghníomhaíocht ghairmiúil;

(g)

soláthraithe seirbhísí cearrbhachais;

(h)

soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus idirghabhálaithe sluachistiúcháin;

(i)

daoine a bhíonn ag trádáil nó ag gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil earraí cultúrtha, lena n-áirítear nuair is dánlanna agus comhlachtaí ceantála a dhéanann sin, i gcás ina bhfuil luach an idirbhirt nó na n-idirbheart nasctha cothrom le EUR 10 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(j)

daoine a stórálann earraí cultúrtha agus earraí ardluacha nó a thrádálann na hearraí sin nó a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe sa trádáil sin, nuair a dhéantar sin laistigh de shaorlimistéir agus trádstórais custam, i gcás ina bhfuil luach an idirbhirt nó na n-idirbheart nasctha cothrom le EUR 10 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(k)

idirghabhálaithe creidmheasa le haghaidh creidmheasanna morgáiste agus tomhaltóirí, seachas institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, cé is moite de na hidirghabhálaithe creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí faoi fhreagracht creidiúnaí amháin nó idirghabhálaí creidmheasa amháin nó níos mó;

(l)

oibreoirí imirce infheistíochta atá ceadaithe feidhmiú mar ionadaí do náisiúnaigh tríú tír atá ag iarraidh cearta cónaithe a fháil i mBallstáit mar chúiteamh ar aon chineál infheistíochta, lena n-áirítear aistrithe caipitil, ceannach nó fáil maoine ar cíos, infheistíocht i mbannaí rialtais, infheistíocht in eintitis chorparáideacha, deonú nó dearlacadh ar ghníomhaíocht ar son leas an phobail agus ranníocaíochtaí le buiséad an stáit, nó oibreoirí imirce infheistíochta atá ceadaithe seirbhísí idirghabhála a thairiscint do na náisiúnaigh tríú tír sin;

(m)

cuideachtaí sealbhaíochta seachairgeadais gníomhaíochta measctha;

(n)

gníomhairí sacair;

(o)

clubanna sacair ghairmiúil maidir leis na hidirbhearta seo a leanas:

(i)

idirbhearta le hinfheisteoir;

(ii)

idirbhearta le hurraitheoir;

(iii)

idirbhearta le gníomhairí sacair nó le hidirghabhálaithe eile;

(iv)

idirbhearta chun críoch aistrithe imreora sacair.

Airteagal 4

Díolúintí do sholáthraithe áirithe seirbhísí cearrbhachais

1.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh soláthraithe seirbhísí cearrbhachais a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ar bhonn an riosca ísil chruthaithe a thagann as cineál agus, i gcás inarb iomchuí, scála oibríochtaí na seirbhísí sin.

Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

casaíní;

(b)

soláthraithe seirbhísí cearrbhachais arb é a bpríomhghníomhaíocht seirbhísí cearrbhachais ar líne nó seirbhísí gealltóireachta spóirt ar líne a sholáthar, seachas:

(i)

seirbhísí cearrbhachais ar líne arna n-oibriú ag an Stát, cibé acu trí údarás poiblí nó trí fhiontar nó comhlacht arna rialú ag an Stát;

(ii)

seirbhísí cearrbhachais ar líne a mbíonn a n-eagrú, a n-oibriú agus a riar á rialáil ag an Stát.

2.   Chun críocha mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit faoi mheasúnú riosca ar sheirbhísí cearrbhachais le measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

bagairtí agus leochaileachtaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, agus tosca maolaitheacha na seirbhísí cearrbhachais;

(b)

na rioscaí atá nasctha le méid na n-idirbheart agus na modhanna íocaíochta a úsáidtear;

(c)

an limistéar geografach ina riartar na seirbhísí cearrbhachais, lena n-áirítear a ngné thrasteorann agus a n-inrochtaineacht ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha.

Agus na measúnuithe riosca sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á gcur i gcrích, cuirfidh na Ballstáit san áireamh torthaí an mheasúnaithe riosca ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640.

3.   Bunóidh na Ballstáit gníomhaíochtaí faireacháin rioscabhunaithe nó déanfaidh siad bearta leormhaithe eile chun a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as na díolúintí a dheonaítear de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 5

Díolúintí do chlubanna sacair ghairmiúil áirithe

1.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh clubanna sacair ghairmiúil atá rannpháirteach sa roinn is airde den tsraith sacair náisiúnta agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil iomlán níos lú ná EUR 5 000 000 acu, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, i ngach ceann den 2 bhliain féilire roimhe sin a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo ar bhonn an riosca ísil chruthaithe a thagann as cineál agus scála oibríochta na gclubanna sacair ghairmiúil sin.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh clubanna sacair ghairmiúil a ghlacann páirt i roinn níos ísle ná an roinn is airde den tsraith sacair náisiúnta a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo ar bhonn an riosca ísil chruthaithe a thagann as cineál agus scála oibríochta na gclubanna sacair ghairmiúil sin.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh na Ballstáit measúnú riosca ar na clubanna sacair ghairmiúil le measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

bagairtí agus leochaileachtaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, agus tosca maolaitheacha na gclubanna sacair ghairmiúil;

(b)

na rioscaí a bhaineann le méid agus cineál trasteorann na n-idirbheart;

Agus na measúnuithe riosca sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á gcur i gcrích, cuirfidh na Ballstáit san áireamh torthaí na measúnuithe riosca ar leibhéal an Aontais arna ndéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640.

3.   Bunóidh na Ballstáit gníomhaíochtaí faireacháin rioscabhunaithe nó déanfaidh siad bearta leormhaithe eile chun a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as na díolúintí a dheonaítear de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 6

Díolúintí do ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe

1.   Cé is moite de dhaoine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht na seoltán airgid arna sainiú in Airteagal 4, pointe (22), de Threoir (AE) 2015/2366, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh daoine dlítheanacha nó nádúrtha a ghlacann páirt i ngníomhaíocht airgeadais faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, pointí (2) go (12), (14) agus (15), a ghabhann le Treoir 2013/36/AE ar bhonn ócáideach nó fíorannamh, i gcás inar beag riosca go dtarlódh sciúradh airgid, nó maoiniú sceimhlitheoireachta, a dhíolmhú ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir go léir seo a leanas:

(a)

go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais teoranta i ndearbhthéarmaí;

(b)

go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais teoranta ar bhonn idirbhirt;

(c)

nach í príomhghníomhaíocht na ndaoine sin an ghníomhaíocht airgeadais;

(d)

go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais coimhdeach agus bainteach go díreach le príomhghníomhaíocht na ndaoine sin;

(e)

nach í príomhghníomhaíocht na ndaoine sin gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(a) go (d) nó (g), den Rialachán seo;

(f)

gur do chustaiméirí phríomhghníomhaíocht na ndaoine sin agus dóibh siúd amháin a sholáthraítear an ghníomhaíocht airgeadais agus nach iondúil go soláthraítear don phobal í.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (a), ceanglóidh na Ballstáit nach sáróidh láimhdeachas iomlán na gníomhaíochta airgeadais tairseach a bheidh íseal go leor. Bunófar an tairseach sin ar an leibhéal náisiúnta, ag brath ar chineál na gníomhaíochta airgeadais.

3.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm tairseach uasta in aghaidh an chustaiméara agus in aghaidh an idirbhirt aonair, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích é. Bunófar an tairseach uasta sin ar an leibhéal náisiúnta, ag brath ar chineál na gníomhaíochta airgeadais. Beidh sí íseal go leor chun a áirithiú gur modh neamhphraiticiúil neamhéifeachtach le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta na cineálacha idirbheart atá i gceist, agus nach mbeidh sí níos mó ná EUR 1 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, gan beann ar na modhanna íocaíochta.

4.   Chun críocha mhír 1, pointe (c), éileoidh na Ballstáit nach mbeidh láimhdeachas iomlán na gníomhaíochta airgeadais níos mó ná 5 % de láimhdeachas iomlán an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann.

5.   Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta chun críocha an Airteagail seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar aon ghníomhaíocht airgeadais a meastar gur an-dócha, de thoradh a cineáil, go mbainfí úsáid nó mí-úsáid aisti chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.

6.   Bunóidh na Ballstáit gníomhaíochtaí faireacháin rioscabhunaithe nó déanfaidh siad bearta leormhaithe eile chun a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid as na díolúintí a dheonaítear de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 7

Réamhfhógra maidir le díolúintí

1.   Fógróidh na Ballstáit don Choimisiún faoi dhíolúine ar bith a bhfuil sé i gceist acu a dheonú i gcomhréir le hAirteagail 4, 5 agus 6 gan mhoill. Áireofar leis an bhfógra réasúnú a bheidh bunaithe ar an measúnú riosca ábhartha arna dhéanamh ag an mBallstát chun an díolúine a choinneáil ar bun.

2.   Déanfaidh an Coimisiún laistigh de 2 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

a dheimhniú gur féidir an díolúine a dheonú ar bhonn an réasúnaithe a thug an Ballstát;

(b)

le cinneadh réasúnta, a dhearbhú nach féidir an díolúine a dheonú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát a thug an fógra.

3.   Ar dheimhniú a fháil ón gCoimisiún de bhun mhír 2, pointe (a), den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a ghlacadh lena ndeonaítear an díolúine. Luafar sa chinneadh sin na príomhchúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe. Athbhreithneoidh na Ballstáit cinntí mar sin ar bhonn rialta, agus i gcás ar bith ina nuashonraíonn siad a measúnú riosca náisiúnta de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2024/1640,

4.   Faoin 10 Deireadh Fómhair, fógróidh na Ballstáit don Choimisiún na díolúintí a dheonaítear de bhun Airteagal 2(2) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849, arna theacht i bhfeidhm an 10 Iúil 2027.

5.   Foilseoidh an Coimisiún gach bliain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh liosta na ndíolúintí arna ndeonú de bhun an Airteagail seo agus cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin.

ROINN 3

oibríochtaí trasteorann

Airteagal 8

Fógra a thabhairt faoi oibríochtaí trasteorann agus an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm

1.   Eintitis faoi oibleagáid ar mian leo gníomhaíochtaí a dhéanamh laistigh de chríoch Ballstáit eile den chéad uair, tabharfaidh siad fógra do mhaoirseoirí a mBallstát baile faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe acu a dhéanamh sa Bhallstát eile sin. Cuirfear an fógra sin isteach a luaithe a dhéanfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid bearta chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, agus, i gcás bunaíochtaí, tráth nach déanaí ná 3 mhí sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí sin. Tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid fógra láithreach do mhaoirseoirí a mBallstát baile nuair a chuirfear tús leis na gníomhaíochtaí sin sa Bhallstát eile sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le heintitis faoi oibleagáid atá faoi réir nósanna imeachta sonracha um fhógra a thabhairt d’fheidhmiú na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais ná ní bheidh feidhm aige maidir le cásanna ina bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid faoi réir ceanglais shonracha údarúcháin chun oibriú i gcríoch an Bhallstáit eile sin.

2.   Aon athrú atá beartaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear in iúl faoi mhír 1, cuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid é sin in iúl do mhaoirseoir an Bhallstáit baile 1 mhí amháin ar a laghad sula ndéanfar an t-athrú.

3.   I gcás ina gceadaítear leis an Rialachán seo do na Ballstáit rialacha breise is infheidhme maidir leis na heintitis faoi oibleagáid a ghlacadh, comhlíonfaidh na heintitis faoi oibleagáid rialacha náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.

4.   I gcás ina n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid bunaíochtaí i roinnt Ballstát, áiritheoidh siad go gcuirfidh gach bunaíocht rialacha na mBallstát ina bhfuil sí lonnaithe i bhfeidhm.

5.   I gcás ina n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 38(1) de Threoir (AE) 2024/1640 i mBallstáit eile seachas an ceann ina bhfuil siad bunaithe trí ghníomhairí, dáileoirí, nó trí chineálacha eile bonneagair atá lonnaithe sna Ballstáit eile sin faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, cuirfidh siad rialacha na mBallstát ina soláthraíonn siad seirbhísí i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin i bhfeidhm, ach amháin má tá feidhm ag Airteagal 38(2) den Treoir sin, agus sa chás sin cuirfidh siad rialacha an Bhallstáit ina bhfuil a gceannoifig lonnaithe i bhfeidhm.

6.   I gcás ina gceanglaítear ar na heintitis faoi oibleagáid pointe teagmhála lárnach a cheapadh de bhun Airteagal 41 de Threoir (AE) 2024/1640, áiritheoidh siad go mbeidh an pointe teagmhála lárnach in ann comhlíonadh an dlí is infheidhme a áirithiú thar ceann an eintitis faoi oibleagáid.

CAIBIDIL II

BEARTAIS, NÓSANNA IMEACHTA AGUS RIALUITHE INMHEÁNACHA NA N-EINTITEAS FAOI OIBLEAGÁID

ROINN 1

beartais, Nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha, measúnú riosca agus foireann

Airteagal 9

Raon feidhme na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha

1.   Beidh i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir agus go ndéanfar an méid a leanas go háirithe:

(a)

maolú agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais, an Bhallstáit agus an eintitis faoi oibleagáid;

(b)

i dteannta na hoibleagáide smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm, maolú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme agus imghabháil na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.

Beidh na beartais, na nósanna imeachta agus rialuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhréireach le cineál an ghnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chasta atá sé, agus méid an eintitis faoi oibleagáid agus cumhdóidh siad gníomhaíochtaí uile an eintitis faoi oibleagáid a thagann faoi raon feidhme an Rialachán seo.

2.   Ar na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe dá dtagraítear i mír 1 áireofar an méid a leanas:

(a)

beartais agus nósanna imeachta inmheánacha lena n-áirítear go háirithe:

(i)

an measúnú riosca uileghnó a dhéanamh agus a thabhairt cothrom le dáta;

(ii)

creat bainistíochta riosca an eintitis faoi oibleagáid;

(iii)

dícheall cuí do chustaiméirí chun Caibidil III den Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta chun a chinneadh cibé acu is duine atá faoi riteacht pholaitiúil nó ball teaghlaigh nó duine arb eol gur dlúthchomhlach é nó í an custaiméir, an t-úinéir tairbhiúil, nó an duine a bhfuil idirbheart nó gníomhaíocht á seoladh thar a cheann nó thar a ceann nó ar a shon nó ar a son nó chun tairbhe di nó dó;

(iv)

idirbhearta amhrasacha a thuairisciú;

(v)

dícheall cuí do chustaiméirí a sheachfhoinsiú agus brath ar dhícheall cuí do chustaiméirí arna dhéanamh ag eintitis eile faoi oibleagáid;

(vi)

coinneáil taifead agus beartais i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta de bhun Airteagail 76 agus 77;

(vii)

faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na mbeartas agus na nósanna imeachta inmheánacha sin i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo, sainaithint agus bainistiú easnamh agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí ceartaitheacha;

(viii)

fíorú, atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis na cúraimí agus na feidhmeanna atá le déanamh, agus baill foirne á n-earcú agus á sannadh do chúraimí agus feidhmeanna áirithe agus nuair a bhíonn gníomhairí agus dáileoirí á gceapadh, go bhfuil dea-cháil ar na daoine sin;

(ix)

cumarsáid inmheánach bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear chuig a ghníomhairí, a dháileoirí agus a sholáthraithe seirbhíse a bhfuil baint acu le cur chun feidhme a bheartais AML/CFT;

(x)

beartas maidir le hoiliúint fostaithe agus, i gcás inarb ábhartha, gníomhairí agus dáileoirí maidir le bearta atá i bhfeidhm san eintiteas faoi oibleagáid chun go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir;

(b)

rialuithe inmheánacha agus feidhm iniúchóireachta neamhspleách chun tástáil a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus na rialuithe atá i bhfeidhm san eintiteas faoi oibleagáid; in éagmais feidhm iniúchóireachta neamhspleách, féadfaidh na heintitis faoi oibleagáid a chur ar shaineolaí seachtrach an tástáil sin a dhéanamh.

Na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, taifeadfar i scríbhinn iad. Déanfaidh an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta na beartais inmheánacha a fhormheas. Déanfar nósanna imeachta inmheánacha agus rialuithe inmheánacha a fhormheas ar a laghad ar leibhéal an bhainisteora um chomhlíonadh.

3.   Coinneoidh na heintitis faoi oibleagáid na beartais inmheánacha, na nósanna imeachta agus na rialuithe suas chun dáta, agus feabhsóidh siad iad áit a sainaithnítear laigí.

4.   Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na heilimintí ar cheart do na heintitis faoi oibleagáid iad a chur san áireamh, bunaithe ar chineál a ngnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chasta atá sé, agus a méid, agus cinneadh á déanamh maidir le méid a mbeartas, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha, go háirithe i ndáil leis an bhfoireann arna sannadh ar na feidhmeanna maidir le comhlíonadh. Sainaithneofar leis na treoirlínte sin freisin cásanna ina ndéanfaí, de bharr chineál agus mhéid an eintitis faoi oibleagáid, an méid seo a leanas:

(i)

tá rialuithe inmheánacha le heagrú ar leibhéal na feidhme tráchtála, na feidhme comhlíonta agus na feidhme iniúchóireachta;

(ii)

is féidir le saineolaí seachtrach an fheidhm iniúchóireachta neamhspleách a chur i gcrích.

Airteagal 10

Measúnú riosca uileghnó

1.   Glacfaidh na heintitis faoi oibleagáid bearta iomchuí, atá comhréireach le cineál a ngnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chasta atá sé, agus a méid, chun rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhfuil siad neamhchosanta orthu a shainaithint agus a mheasúnú, chomh maith le rioscaí nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint, agus an méid seo a leanas á gcur san áireamh, ar a laghad:

(a)

na hathróga riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na tosca riosca a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III;

(b)

torthaí an mheasúnaithe riosca fhornáisiúnta ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640;

(c)

torthaí na measúnuithe riosca náisiúnta a dhéanann na Ballstáit de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2024/1640, chomh maith le haon mheasúnú riosca earnáilsonrach ábhartha a dhéanann na Ballstáit;

(d)

faisnéis ábhartha arna foilsiú ag socraitheoirí caighdeán idirnáisiúnta i réimse AML/CFT nó, ar leibhéal an Aontais, foilseacháin ábhartha ón gCoimisiún nó ó AMLA;

(e)

faisnéis a sholáthraíonn údaráis inniúla maidir le rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta;

(f)

faisnéis faoin mbonn custaiméirí.

Sula seolfar táirgí, seirbhísí nó cleachtais ghnó nua, lena n-áirítear úsáid bealaí seachadta nua agus teicneolaíochtaí nua nó teicneolaíochtaí atá ag forbairt, i gcomhar le táirgí agus seirbhísí nua nó táirgí agus seirbhísí atá ann cheana nó sula dtosófar ar sheirbhís nó táirge atá ann cheana a sholáthar do ghrúpa custaiméirí nua nó i limistéar geografach nua, déanfaidh na heintitis faoi oibleagáid na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta gaolmhara a shainaithint agus a mheasúnú agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun na rioscaí sin a bhainistiú agus a mhaolú.

2.   Déanfar an measúnú riosca uileghnó a tharraingíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid suas de bhun mhír 1 a dhoiciméadú, a choinneáil cothrom le dáta agus a athbhreithniú go rialta, lena n-áirítear i gcás ina ndéanann aon teagmhas inmheánach nó seachtrach difear suntasach do na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le gníomhaíochtaí, táirgí, idirbhearta, bealaí seachadta, custaiméirí nó criosanna gníomhaíochtaí geografacha an eintitis faoi oibleagáid. Cuirfear ar fáil do mhaoirseoirí é arna iarraidh sin dóibh.

Déanfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh an measúnú riosca uileghnó a tharraingt suas agus formheasfaidh an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta é agus, i gcás inar ann don chomhlacht sin, cuirfidh sé in iúl don chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme maoirseachta é.

3.   Cé is moite d’institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais, soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus idirghabhálaithe sluachistiúcháin, féadfaidh maoirseoirí a chinneadh nach gceanglaítear measúnuithe riosca uileghnó doiciméadaithe aonair i gcás ina bhfuil na rioscaí sonracha a bhaineann leis an earnáil soiléir ar bhealach bunúsach agus i gcás ina dtuigtear iad.

4.   Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh MLA treoirlínte maidir leis na híoscheanglais i gcomhair ábhar an mheasúnaithe riosca uileghnó a tharraingíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid suas de bhun mhír 1, agus maidir leis na foinsí breise faisnéise a bheidh le cur san áireamh agus an measúnú riosca uileghnó á dhéanamh.

Airteagal 11

Feidhmeanna maidir le comhlíonadh

1.   Ceapfaidh na heintitis faoi oibleagáid ball amháin den chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin arna eisiúint ag aon mhaoirseoir (‘an bainisteoir um chomhlíonadh’).

Áiritheoidh an bainisteoir um chomhlíonadh go mbeidh beartais inmheánacha, nósanna imeachta agus rialuithe an eintitis faoi oibleagáid comhsheasmhach le neamhchosaint an eintitis faoi oibleagáid ar riosca agus go gcuirfear chun feidhme iad. Áiritheoidh an bainisteoir um chomhlíonadh freisin go leithdháilfear acmhainní daonna agus ábharacha leordhóthanacha chun na críche sin. Beidh an bainisteoir um chomhlíonadh freagrach as faisnéis a fháil faoi laigí suntasacha nó ábharacha sna beartais, sna nósanna imeachta agus sna rialuithe sin.

I gcás inar comhlacht é an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta atá freagrach, i dteannta a chéile, as a chinntí, beidh an bainisteoir um chomhlíonadh freagrach as cúnamh agus comhairle a thabhairt dó agus as na cinntí dá dtagraítear san Airteagal seo a ullmhú.

2.   Beidh oifigeach um chomhlíonadh ag na heintitis faoi oibleagáid, a cheapfaidh an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta agus a mbeidh stádas ordlathach ard go leor aige, a bheidh freagrach as na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe i bhfeidhmiú laethúil cheanglais AML/CFT an eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear i ndáil le cur chun feidhme na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, agus beidh sé ina phointe teagmhála i gcomhair na n-údarás inniúil. Beidh an t-oifigeach um chomhlíonadh freagrach freisin as idirbhearta amhrasacha a thuairisciú chuig an FIU i gcomhréir le hAirteagal 69(6).

I gcás eintitis faoi oibleagáid a chuirtear faoi réir seiceálacha ar a mbainistíocht shinsearach nó a n-úinéirí tairbhiúla de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2024/1640 nó faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, cuirfear oifigigh um chomhlíonadh faoi réir fíoraithe go gcomhlíonann siad na ceanglais sin.

I gcás ina bhfuil údar leis de bharr mhéid an eintitis faoi oibleagáid agus de bharr riosca íseal a ghníomhaíochtaí, féadfaidh eintiteas faoi oibleagáid atá i ngrúpa duine aonair a cheapadh mar a oifigeach um chomhlíonadh a chomhlíonann an fheidhm sin in eintiteas eile laistigh den ghrúpa sin.

Ní fhéadfar an t-oifigeach um chomhlíonadh a chur as oifig ach amháin tar éis fógra a thabhairt roimh ré don chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta. Tabharfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid fógra don mhaoirseoir faoi chur as oifig an oifigigh um chomhlíonadh, agus sonróidh sé cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an cinneadh leis na cúraimí a shanntar faoin Rialachán seo a dhéanamh. Féadfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin, faisnéis a sholáthar don mhaoirseoir maidir leis an gcur as oifig. Féadfaidh an maoirseoir an fhaisnéis sin a úsáid chun a chúraimí a dhéanamh faoin dara fomhír den mhír seo agus faoi Airteagal 37(4) de Threoir (AE) 2024/1640.

3.   Tabharfaidh na heintitis faoi oibleagáid acmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear an fhoireann agus an teicneolaíocht, do na feidhmeanna um chomhlíonadh, atá comhréireach le méid, cineál agus rioscaí an eintitis faoi oibleagáid chun a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach, agus áiritheoidh siad go dtugtar na cumhachtaí do na daoine atá freagrach as na feidhmeanna sin lenar féidir leo aon bhearta a mholadh is gá chun éifeachtacht bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid a áirithiú.

4.   Déanfaidh na heintitis faoi oibleagáid bearta chun a áirithiú go gcosnófar an t-oifigeach um chomhlíonadh ar fhrithbheart, ar idirdhealú agus ar aon chóir éagórach eile, agus nach mbainfear an bonn de chinntí an oifigigh um chomhlíonadh nó nach mbeidh tionchar míchuí ag leasanna tráchtála an eintitis faoi oibleagáid orthu.

5.   Áiritheoidh na heintitis faoi oibleagáid gur féidir leis an oifigeach um chomhlíonadh nó an duine atá freagrach as an bhfeidhm iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b), tuairisciú go díreach don chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta agus, i gcás inar ann don chomhlacht sin, don chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme maoirseachta go neamhspleách, agus gur féidir leo ábhair imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht bainistíochta, i gcás ina ndéanfaidh forbairtí riosca sonracha difear don eintiteas nó ina bhféadfadh siad difear a dhéanamh don eintiteas faoi oibleagáid.

Áiritheoidh na heintitis faoi oibleagáid go mbeidh rochtain ag na daoine a bhaineann go díreach nó go hindíreach le cur chun feidhme an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin arna eisiúint ag aon mhaoirseoir, ar an bhfaisnéis agus na sonraí uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh.

6.   Tuairisceoidh an bainisteoir um chomhlíonadh go tráthrialta don chomhlacht bainistíochta maidir le cur chun feidhme bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid. Cuirfidh an bainisteoir um chomhlíonadh, go háirithe, tuarascáil faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta uair amháin in aghaidh na bliana nó, i gcás inarb iomchuí, níos minice de réir mar is iomchuí, maidir le cur chun feidhme bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid a dhréachtaíonn an t-oifigeach um chomhlíonadh, agus coinneoidh sé an comhlacht sin ar an eolas faoi thoradh aon athbhreithnithe. Glacfaidh an bainisteoir um chomhlíonadh na gníomhaíochtaí is gá chun aon easnaimh a shainaithnítear ar bhealach tráthúil a leigheas.

7.   I gcás ina bhfuil údar cuí leis mar thoradh ar chineál ghnó an eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear a rioscaí, a chasta atá sé agus a mhéid, féadfaidh an duine nádúrtha céanna feidhmeanna an oifigigh um chomhlíonadh agus an bhainisteora um chomhlíonadh a dhéanamh. Féadfar na feidhmeanna sin a charnadh le feidhmeanna eile.

I gcás inar duine nádúrtha nó duine dlítheanach é an t-eintiteas faoi oibleagáid nach ndéanann ach duine nádúrtha amháin a ghníomhaíochtaí, beidh an duine sin freagrach as feidhmiú na gcúraimí faoin Airteagal seo.

Airteagal 12

Feasacht faoi cheanglais

Déanfaidh na heintitis faoi oibleagáid bearta lena áirithiú go bhfuil a bhfostaithe nó daoine i bpoist inchomparáide a cheanglaíonn a bhfeidhm amhlaidh, lena n-áirítear a ngníomhairí agus a ndáileoirí, ar an eolas faoi na ceanglais a eascraíonn as an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin eile a eisíonn aon mhaoirseoir, agus faoin measúnú riosca uileghnó agus na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm san eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo.

Áireofar leis na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír rannpháirtíocht na bhfostaithe nó daoine i bpoist inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, i gcláir oiliúna shonracha leanúnacha chun cuidiú leo oibríochtaí a aithint a d’fhéadfadh a bheith ag baint le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus chun treoir a thabhairt dóibh maidir le conas leanúint ar aghaidh sna cásanna sin. Beidh na cláir oiliúna sin oiriúnach dá bhfeidhmeanna nó dá ngníomhaíochtaí agus do na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ar a bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid neamhchosanta, agus déanfar iad a dhoiciméadú go cuí.

Airteagal 13

Ionracas na bhfostaithe

1.   Aon fhostaí, nó duine i bpost inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, atá rannpháirteach go díreach i gcomhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir, ag an eintiteas faoi oibleagáid, déanfar measúnú orthu atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis na cúraimí a dhéantar agus a bhformheasann an t-oifigeach um chomhlíonadh a n-ábhar, i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

scileanna, eolas agus saineolas aonair chun tabhairt faoina bhfeidhmeanna ar bhealach éifeachtach;

(b)

dea-chlú, macántacht agus ionracas.

Déanfar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír sula rachaidh an fostaí nó an duine a bhfuil post inchomparáide aige nó aici, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, i mbun gníomhaíochtaí agus déanfar é arís agus arís eile. Cinnfear déine na measúnuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar bhonn na gcúraimí a chuirfear ar an duine agus na rioscaí a bhaineann leis an bhfeidhm a dhéanann siad.

2.   Na fostaithe, nó daoine i bpoist inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, ar a gcuirtear cúraimí a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir, ag an eintiteas faoi oibleagáid, cuirfidh siad an t-oifigeach um chomhlíonadh ar an eolas faoi aon ghaolmhaireacht phríobháideach nó ghairmiúil atá bunaithe le custaiméirí nó custaiméirí ionchais an eintitis faoi oibleagáid, agus cuirfear cosc orthu tabhairt faoi chúraimí ar bith a bhaineann le comhlíonadh an eintitis faoi oibleagáid i ndáil leis na custaiméirí sin.

3.   Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur i gcrích cúraimí a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin a eisíonn aon mhaoirseoir, ag an eintiteas faoi oibleagáid.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás inar duine nádúrtha nó duine dlítheanach é an t-eintiteas faoi oibleagáid nach ndéanann ach duine nádúrtha amháin a ghníomhaíochtaí.

Airteagal 14

Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a thuairiscíonn iad

1.   Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin arna eisiúint ag aon mhaoirseoir a thuairisciú, agus maidir le cosaint na ndaoine a thuairiscíonn na sáruithe sin.

2.   Bunóidh na heintitis faoi oibleagáid bealaí tuairiscithe inmheánacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/1937.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 i gcás inar duine nádúrtha nó duine dlítheanach é an t-eintiteas faoi oibleagáid nach ndéanann ach duine nádúrtha amháin a chuid gníomhaíochtaí.

Airteagal 15

Cás fostaithe sonracha

I gcás ina ndéanfaidh duine nádúrtha a thagann faoi aon cheann de na catagóirí a liostaítear in Airteagal 3, pointe (3), gníomhaíochtaí gairmiúla mar fhostaí de chuid duine dhlítheanaigh, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis an duine dlítheanach sin seachas an duine nádúrtha.

ROINN 2

Forálacha ag a bhfuil feidhm maidir le grúpaí

Airteagal 16

Ceanglais uileghrúpa

1.   Áiritheoidh máthairghnóthas go mbeidh feidhm ag na ceanglais i leith nósanna imeachta inmheánacha, measúnú riosca agus foirne dá dtagraítear i Roinn 1 den Chaibidil seo i ngach brainse agus fochuideachta den ghrúpa sna Ballstáit, agus i dtríú tíortha, i gcás grúpaí a bhfuil a gceannoifig lonnaithe san Aontas. Chuige sin, déanfaidh an máthairghnóthas measúnú riosca uileghrúpa, agus an measúnú riosca uileghnó a dhéanann gach brainse agus fochuideachta de chuid an ghrúpa á gcur san áireamh, agus déanfaidh siad beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa a bhunú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí agus maidir le comhroinnt faisnéise laistigh den ghrúpa chun críocha AML/CFT chun a áirithiú go bhfuil fostaithe laistigh den ghrúpa ar an eolas faoi na ceanglais a eascraíonn as an Rialachán seo. Cuirfidh na heintitis faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe uileghrúpa sin chun feidhme agus a sainiúlachtaí agus na rioscaí ar a bhfuil siad neamhchosanta á gcur san áireamh.

Áireofar na gnéithe uile a liostaítear in Airteagail 9 agus 10 faoi seach,, sna beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa agus sna measúnuithe riosca uileghrúpa dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Chun críocha na chéad fhomhíre, i gcás ina bhfuil bunaíochtaí ag grúpa i níos mó ná Ballstát amháin agus, i gcás grúpaí a bhfuil a gceannoifig lonnaithe san Aontas, i dtríú tíortha, cuirfidh máthairghnóthais san áireamh an fhaisnéis arna foilsiú ag údaráis na mBallstát uile nó na dtríú tíortha ina bhfuil bunaíochtaí an ghrúpa lonnaithe.

2.   Bunófar feidhmeanna maidir le comhlíonadh ar leibhéal an ghrúpa. Áireofar ar na feidhmeanna sin bainisteoir um chomhlíonadh ar leibhéal an ghrúpa agus, i gcás ina mbíonn údar cuí leis de bharr na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar leibhéal an ghrúpa, oifigeach um chomhlíonadh. Déanfar an cinneadh maidir le méid na bhfeidhmeanna maidir le comhlíonadh a dhoiciméadú.

Tuairisceoidh an bainisteoir um chomhlíonadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír go tráthrialta do chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta ar an máthairghnóthais maidir le cur chun feidhme na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe uileghrúpa. Ar a laghad, cuirfidh an bainisteoir um chomhlíonadh tuarascáil isteach uair sa bhliain maidir le cur chun feidhme bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí is gá chun aon easnaimh a sainaithnítear a leigheas ar bhealach tráthúil. I gcás inar comhlacht é an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta atá freagrach, i dteannta a chéile, as a chinntí, tabharfaidh an bainisteoir um chomhlíonadh cúnamh agus comhairle dó agus ullmhóidh sé na cinntí is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

3.   Éileoidh na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe i ndáil le faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhroinnt ar na heintitis faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa faisnéis a mhalartú nuair atá an chomhroinnt sin ábhartha chun críoch díchill chuí do chustaiméirí agus bainistiú riosca a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Cumhdófar go sonrach le faisnéis a chomhroinnt laistigh den ghrúpa sainaithint agus céannacht an chustaiméara, a úinéirí tairbhiúla nó an duine a ngníomhaíonn an custaiméir thar a c(h)eann, cineál agus cuspóir na gaolmhaireachta gnó agus na n-idirbheart tráthrialta agus na hamhrais, agus na hanailísí bunúsacha a ghabhann leo, gur fáltais ón ngníomhaíocht choiriúil atá sna cistí nó go mbaineann siad le maoiniú na sceimhlitheoireachta a tuairiscíodh chuig FIU de bhun Airteagal 69, mura dtugann an FIU treoir éigin eile ina leith.

Ní chuirfidh na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa cosc ar na heintitis laistigh de ghrúpa nach eintitis faoi oibleagáid iad chun faisnéis a thabhairt do na heintitis faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa céanna i gcás ina bhfuil an chomhroinnt sin ábhartha chun go gcomhlíonfaidh na heintitis faoi oibleagáid na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

Cuirfidh na máthairghnóthais beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa ar bun chun a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis a mhalartaítear de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír faoi réir ráthaíochtaí leordhóthanacha i dtéarmaí rúndachta, cosanta sonraí agus úsáid na faisnéise, lena n-áirítear lena nochtadh a chosc.

4.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin sonrófar na híoscheanglais a bhaineann le beartais uileghrúpa, nósanna imeachta agus rialuithe, lena n-áirítear íoschaighdeáin don chomhroinnt faisnéise laistigh den ghrúpa, na critéir lena sainaithnítear an máthairghnóthas sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 2(1), pointe (42)(b), agus na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir leis na heintitis atá i struchtúir ag a bhfuil úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann nó rialú coiteann maidir le comhlíonadh, lena n-áirítear gréasán nó comhpháirtíochtaí, chomh maith leis na critéir lena sainaithnítear an máthairghnóthais san Aontas sna cásanna sin.

5.   Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.

Airteagal 17

Brainsí agus fochuideachtaí i dtríú tíortha

1.   I gcás ina bhfuil brainsí nó fochuideachtaí de chuid eintitis faoi oibleagáid lonnaithe i dtríú tíortha nach mbíonn na ceanglais AML/CFT chomh dian céanna iontu ná na cinn a leagtar amach sa Rialachán seo, áiritheoidh an máthairgnóthas go gcomhlíonfaidh na brainsí nó fochuideachtaí sin na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear ceanglais maidir le cosaint sonraí nó a gcoibhéis.

2.   I gcás nach gceadaítear de réir dhlí an tríú tír an Rialachán seo a chomhlíonadh, glacfaidh an máthairghnóthas bearta breise lena áirithiú go bpléann brainsí agus fochuideachtaí sa tríú tír sin go héifeachtach leis an riosca go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, agus cuirfidh sé maoirseoirí a Bhallstáit baile ar an eolas faoi na bearta breise sin. I gcás ina measann maoirseoirí an Bhallstáit baile nach leor iad na bearta breise, feidhmeoidh siad gníomhaíochtaí maoirseachta breise, lena n-áirítear a cheangal ar an ngrúpa gan dul i mbun aon ghaolmhaireacht gnó, cinn atá ann a fhoirceannadh nó gan idirbhearta a dhéanamh, nó a chuid oibríochtaí sa tríú tír a dhúnadh.

3.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Is sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a shonrófar an cineál beart breise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear an ghníomhaíocht íosta atá le glacadh ag eintitis faoi oibleagáid i gcás nach gceadaítear le dlí tríú tír na bearta is gá faoi Airteagal 16 a chur chun feidhme agus na gníomhaíochtaí maoirseachta breise is gá sna cásanna sin.

4.   Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.

ROINN 3

Seachfhoinsiú

Airteagal 18

Seachfhoinsiú

1.   Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cúraimí a eascraíonn as ceanglais faoin Rialachán seo a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhíse. Tabharfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid fógra don mhaoirseoir faoin seachfhoinsiú sula dtosóidh an soláthraí seirbhíse ar an gcúraim a thabhairt i gcrích.

2.   Agus cúraimí faoin Airteagal seo á ndéanamh, measfar soláthraithe seirbhísí a bheith mar chuid den eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear i gcás ina gceanglaítear orthu na cláir lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2024/1640 (‘cláir lárnacha’) a cheadú chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh thar ceann an eintitis faoi oibleagáid.

Leanfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid de bheith go hiomlán faoi dhliteanas as aon ghníomhaíocht, cibé acu gníomh nó neamhghnímh í, a bhaineann leis na cúraimí seachfhoinsithe a dhéanann soláthraithe seirbhísí.

Maidir le gach cúram seachfhoinsithe, beidh an t-eintiteas faoi oibleagáid in ann a léiriú don mhaoirseoir go dtuigeann sé an réasúnaíocht taobh thiar de na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhíse agus an cur chuige a leantar ina gcur chun feidhme, agus go maolaíonn gníomhaíochtaí den sórt sin na rioscaí sonracha a bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid neamhchosanta orthu.

3.   Ní dhéanfar na cúraimí seachfhoinsithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo ar bhealach a chuirfeadh isteach go hábhartha ar cháilíocht bheartais agus nósanna imeachta an eintitis faoi oibleagáid ceanglais an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2023/1113, ná ar cháilíocht na rialuithe atá i bhfeidhm chun na beartais agus na nósanna imeachta sin a chomhlíonadh. Ní dhéanfar na cúraimí seo a leanas a sheachfhoinsiú in aon chúinsí:

(a)

moladh agus formheas mheasúnú riosca uileghnó an eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 10(2);

(b)

formheas bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 9;

(c)

cinneadh maidir leis an bpróifíl riosca atá le sannadh don chustaiméir;

(d)

an cinneadh gaolmhaireacht gnó a bheith aige nó idirbheart ócáideach a dhéanamh le cliant;

(e)

gníomhaíochtaí amhrasacha a thuairisciú do FIU de bhun Airteagal 69 nó tuarascálacha tairseachbhunaithe de bhun Airteagal 74 agus 80, ach amháin i gcás ina seachfhoinsítear na gníomhaíochtaí sin chuig eintiteas eile faoi oibleagáid a bhaineann leis an ngrúpa céanna agus atá bunaithe san aon Bhallstát amháin;

(f)

na critéir a fhormheas chun idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha nó neamhghnácha a bhrath.

4.   Sula ndéanfaidh eintiteas faoi oibleagáid cúram a sheachfhoinsiú de bhun mhír 1, áiritheoidh sé dó féin go bhfuil an soláthraí seirbhíse cáilithe go leordhóthanach chun na cúraimí a sheachfhoinseoidh sé a dhéanamh.

I gcás ina seachfhoinseoidh eintiteas faoi oibleagáid cúram de bhun mhír 1, áiritheoidh sé go gcuirfidh an soláthraí seirbhíse, agus aon soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe ina dhiaidh sin, i bhfeidhm na bearta agus na nósanna imeachta a ghlac an t-eintiteas faoi oibleagáid. Déanfar na coinníollacha maidir leis na cúraimí sin a fheidhmiú a leagan síos i gcomhaontú i scríbhinn idir an t-eintiteas faoi oibleagáid agus an soláthraí seirbhíse. Feidhmeoidh an t-eintiteas faoi oibleagáid rialuithe tráthrialta lena fháil amach an bhfuil beartais agus nósanna imeachta den sórt sin á gcur chun feidhme go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse. Cinnfear minicíocht na rialuithe sin ar bhonn chineál criticiúil na gcúraimí seachfhoinsithe.

5.   Áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid nach ndéanfar seachfhoinsiú ar bhealach a chuirfeadh isteach go hábhartha ar chumas na n-údarás maoirseachta faireachán agus rianú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2023/1113 ag an eintiteas faoi oibleagáid.

6.   De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfaidh eintitis faoi oibleagáid cúraimí a eascraíonn as na ceanglais faoin Rialachán seo a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhíse a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i dtríú tíortha a shainaithnítear de bhun Roinn 2 de Chaibidil III, ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is chuig soláthraí seirbhíse atá in aon ghrúpa leis a sheachfhoinsíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid cúraimí;

(b)

cuireann an grúpa beartais agus nósanna imeachta AML/CFT, bearta díchill chuí do chustaiméirí agus rialacha maidir le coimeád taifead i bhfeidhm atá go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó le rialacha coibhéiseacha i dtríú tíortha;

(c)

déanann údarás maoirseachta an Bhallstáit baile maoirseacht ar leibhéal grúpa ar chur chun feidhme éifeachtach na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir (AE) 2024/1640.

7.   De mhaolú ar mhír 3, i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach ag gnóthas comhinfheistíochta, nó nach bhfuil ach bord stiúrthóirí aige agus go bhfuil próiseáil na suibscríbhinní agus bailiú cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25),) de Threoir (AE) 2015/2366 tarmligthe aige ó infheisteoirí chuig eintiteas eile, féadfaidh sé an cúram dá dtagraítear i mír 3, pointí (c), (d) agus (e),) a sheachfhoinsiú chuig ceann dá sholáthraithe seirbhíse.

Ní fhéadfar an seachfhoinsiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh ach fógra a bheith tugtha ag an ngnóthas comhinfheistíochta go bhfuil sé ar intinn aige an cúram a sheachfhoinsiú chuig an maoirseoir de bhun mhír 1, agus tar éis don mhaoirseoir an seachfhoinsiú sin a fhormheas agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

acmhainní, taithí agus eolas an tsoláthraí seirbhíse i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc;

(b)

eolas an tsoláthraí seirbhíse ar an gcineál gníomhaíochtaí nó idirbheart a dhéanann an gnóthas comhinfheistíochta.

8.   Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte d’eintitis faoi oibleagáid maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

bunú gaolmhaireachtaí seachfhoinsithe, lena n-áirítear aon ghaolmhaireacht seachfhoinsithe ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an Airteagal seo, a rialú agus a nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme feidhmeanna arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhíse, agus go háirithe na feidhmeanna sin atá le meas mar fheidhmeanna criticiúla;

(b)

róil agus freagracht an eintitis faoi oibleagáid agus an tsoláthraí seirbhíse faoi chomhaontú seachfhoinsithe;

(c)

cineálacha cur chuige maoirseachta maidir le seachfhoinsiú chomh maith le hionchais mhaoirseachta maidir le seachfhoinsiú feidhmeanna criticiúla.

CAIBIDIL III

DÍCHEALL CUÍ DO CHUSTAIMÉIRÍ

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 19

Bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm

1.   Cuirfidh eintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

nuair a bheidh gaolmhaireacht gnó á bunú;

(b)

agus idirbheart ócáideach á chur i gcrích dar luach EUR 10 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin, nó dar luach níos lú arna leagan síos de bhun mhír 9;

(c)

agus eintiteas dlítheanach á chruthú, socrú dlíthiúil á chur ar bun nó, i gcás na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a), (b) nó (c), agus úinéireacht eintitis dhlítheanaigh á haistriú, gan beann ar luach an idirbhirt;

(d)

nuair a bheidh amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, gan beann ar aon mhaolú, díolúine nó tairseach;

(e)

nuair a bheidh amhras ann faoi fhírinneacht nó leordhóthanacht shonraí céannachta na gcustaiméirí a bheidh faighte roimhe;

(f)

nuair a bheidh amhras ann i dtaobh an é nó í an custaiméir nó an duine atá údaraithe chun gníomhú thar ceann an chustaiméara an duine a idirghníomhaíonn siad leis nó léi.

2.   I dteannta na n-imthosca dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, cé is moite de sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm agus idirbheart ócáideach, ar aistriú cistí mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2023/1113 é á thionscnamh nó á chur i gcrích, dar luach nach lú ná EUR 1 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin.

3.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an méid seo a leanas:

(a)

bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm agus idirbheart ócáideach á chur i gcrích dar luach nach lú ná EUR 1 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin;

(b)

bearta díchill chuí do chustaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), a chur i bhfeidhm, ar a laghad, agus idirbheart ócáideach á chur i gcrích i gcás ina bhfuil an luach faoi bhun EUR 1 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin.

4.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), cuirfidh eintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí do chustaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), i bhfeidhm ar a laghad agus idirbheart ócáideach á chur i gcrích acu in airgead tirim arb é EUR 3 000 ar a laghad a luach, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh sé in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha a chuirtear i gcrích an t-idirbheart sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo i gcás ina bhfuil teorainn EUR 3 000 nó níos lú, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, i bhfeidhm ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 80(2) agus (3), le haghaidh íocaíochtaí móra in airgead tirim, ach amháin sna cásanna a chumhdaítear le mír 4, pointe (b), den Airteagal sin.

5.   Sa bhreis ar na himthosca dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cearrbhachais bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm nuair a bhaileofar airgead buaite, nuair a chuirfear geall, nó an dá rud, nuair a dhéantar idirbhearta arb ionann iad agus EUR 2 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh an t-idirbheart á chur i gcrích in oibríocht amháin nó trí idirbhearta nasctha.

6.   Chun críocha na Caibidle seo, measfaidh eintitis faoi oibleagáid gur custaiméirí iad na daoine seo a leanas:

(a)

i gcás eintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3) (e), (f) agus (i) agus daoine a thrádálann in earraí ardluacha dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3) (j), i dteannta a gcustaiméara dhírigh, an soláthróir earraí;

(b)

i gcás nótairí, dlíodóirí, agus gairmithe dlí neamhspleácha eile a dhéanann idirghabháil ar idirbheart agus sa mhéid gurb iad an t-aon nótaire nó dlíodóir nó gairmí dlí neamhspleách eile iad a dhéanann idirghabháil maidir leis an idirbheart sin, an dá pháirtí san idirbheart;

(c)

i gcás gníomhairí réadmhaoine, an dá pháirtí san idirbheart;

(d)

i ndáil le seirbhísí tionscanta íocaíochta arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta, an ceannaí;

(e)

i ndáil le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus idirghabhálaithe sluachistiúcháin, an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an cistiú á lorg agus á sholáthar aige tríd an ardán sluachistiúcháin.

7.   Féadfaidh maoirseoirí, go díreach nó i gcomhar le húdaráis eile sa Bhallstát sin, eintitis faoi oibleagáid a dhíolmhú ó na bearta díchill chuí do chustaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointí (a), (b) agus (c), a chur i bhfeidhm, go hiomlán nó i bpáirt, i ndáil le ríomh-airgead ar bhonn an riosca ísil chruthaithe a bhaineann le cineál an táirge, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas maidir le maolú riosca:

(a)

ní féidir an ionstraim íocaíochta a athluchtú, agus ní mó ná EUR 150 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta an méid a stóráiltear go leictreonach;

(b)

úsáidtear an ionstraim íocaíochta go heisiach chun earraí nó seirbhísí, arna soláthar ag an eisitheoir nó laistigh de líonra soláthraithe seirbhíse, a cheannach;

(c)

níl an ionstraim íocaíochta nasctha le cuntas íocaíochta ná ní cheadaítear leis aon mhéid stóráilte a mhalartú ar airgead tirim ná ar chripteashócmhainní;

(d)

déanann an t-eisitheoir faireachán leordhóthanach ar na hidirbhearta agus ar an ngaolmhaireacht gnó chun go bhféadfar idirbhearta neamhghnácha nó amhrasacha a bhrath.

8.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí cearrbhachais a n-oibleagáid bearta díchill chuí do chustaiméirí dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointe (a), a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh tríd an gcustaiméir a shainaithint agus céannacht an chustaiméara a fhíorú ar theacht isteach sa chasaíne nó in áitreabh fisiciúil cearrbhachais eile, ar choinníoll go bhfuil córais i bhfeidhm acu lena gcuirtear ar a gcumas idirbhearta a fhágáil ar chustaiméirí sonracha.

9.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:

(a)

na heintitis faoi oibleagáid, earnálacha nó idirbhearta lena mbaineann riosca níos airde don sciúradh airgid agus don mhaoiniú sceimhlitheoireachta, agus lena mbaineann luach níos ísle ná na cinn a leagtar amach i mír 1, pointe (b);

(b)

na luachanna gaolmhara maidir le hidirbheart ócáideach;

(c)

na critéir atá le cur san áireamh chun idirbhearta ócáideacha agus gaolmhaireachtaí gnó a shainaithint;

(d)

na critéir chun idirbhearta nasctha a shainaithint.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt, tabharfaidh AMLA aird chuí ar leibhéil bhunúsacha rioscaí shamhlacha gnó na gcineálacha éagsúla eintiteas faoi oibleagáid agus ar an measúnú riosca ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640.

10.   Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.

Airteagal 20

Bearta díchill chuí do chustaiméirí

1.   Chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid na bearta uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

an custaiméir a shainaithint agus céannacht an chustaiméara a fhíorú;

(b)

na húinéirí tairbhiúla a shainaithint agus bearta réasúnacha a dhéanamh chun céannacht an duine sin a fhíorú ionas gur deimhin leis an eintiteas faoi oibleagáid gurb eol dó cé hé an t-úinéir tairbhiúil, agus go dtuigeann sé struchtúr úinéireachta agus rialaithe an chustaiméara;

(c)

measúnú a dhéanamh agus, de réir mar is iomchuí, faisnéis a fháil maidir le cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó nó na n-idirbheart ócáideach agus iad a thuiscint;

(d)

a fhíorú an bhfuil an custaiméir nó na húinéirí tairbhiúla faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, agus, i gcás custaiméir nó páirtí i socrú dlíthiúil ar eintiteas dlítheanach é, an rialaíonn daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe an t-eintiteas dlítheanach nó an bhfuil níos mó ná 50 % de chearta dílseánaigh an eintitis dhlítheanaigh sin nó leas tromlaigh acu ann, bíodh sin ina n-aonar nó i dteannta daoine eile;

(e)

measúnú a dhéanamh agus, de réir mar is iomchuí, faisnéis a fháil maidir le cineál ghnó na gcustaiméirí, lena n-áirítear, i gcás gnóthas, an ndéanann siad gníomhaíochtaí, nó cineál a bhfostaíochta nó a ngairme beatha;

(f)

faireachán leanúnach a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht gnó lena n-áirítear scrúdú ar idirbhearta a rinneadh i gcúrsa na gaolmhaireachta gnó sin lena áirithiú go bhfuil na hidirbhearta atá á ndéanamh ag teacht le heolas an eintitis faoi oibleagáid ar an gcustaiméir, ar an ngnóthas agus ar phróifíl riosca, lena n-áirítear foinse na gcistí i gcás inar gá;

(g)

cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcustaiméir, maidir le húinéir tairbhiúil an chustaiméara agus, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an duine a bhfuil idirbheart á chur i gcrích nó gníomhaíocht á cur i gcrích thar a cheann nó thar a ceann nó chun sochair dó nó di, an duine atá faoi riteacht pholaitiúil é nó í, an ball teaghlaigh é nó í an duine arb eol gur dlúthchomhlach é nó í le duine neamhchosanta.

(h)

i gcás ina bhfuil idirbheart nó gníomhaíocht á chur i gcrích nó á cur i gcrích thar ceann nó chun tairbhe daoine nádúrtha nach iad an custaiméir iad, céannacht na ndaoine nádúrtha sin a shainaithint agus a fhíorú;

(i)

a fhíorú, maidir le haon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara, go bhfuil an duine sin údaraithe amhlaidh agus a chéannacht a shainaithint agus a fhíorú.

2.   Cinnfidh eintitis faoi oibleagáid méid na mbeart dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn anailíse aonair ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ag féachaint do shaintréithe sonracha an chliaint agus na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh, agus an measúnú riosca uileghnó arna dhéanamh ag an eintiteas faoi oibleagáid de bhun Airteagal 10 agus na hathróga sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcur san áireamh, chomh maith leis na tosca riosca a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III.

I gcás ina sainaithníonn eintitis faoi oibleagáid riosca méadaithe go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, glacfaidh siad bearta feabhsaithe díchill chuí de bhun Roinn 4 den Chaibidil seo. I gcás ina sainaithnítear cásanna a mbaineann riosca níos ísle leo, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta simplithe díchill chuí a chur i bhfeidhm de bhun Roinn 3 den Chaibidil seo.

3.   Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na hathróga riosca agus tosca riosca le cur san áireamh ag eintitis faoi oibleagáid nuair a dhéantar gaolmhaireachtaí gnó nó nuair a dhéantar idirbhearta ócáideacha.

4.   Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann a léiriú i gcónaí dá maoirseoirí gurb iomchuí na bearta a glacadh i bhfianaise na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá sainaitheanta.

Airteagal 21

Éagumas chun an ceanglas bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh

1.   I gcás nach féidir le heintiteas faoi oibleagáid an ceanglais chun bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1) a chomhlíonadh, staonfaidh sé ó idirbheart a dhéanamh nó gaolmhaireacht gnó a bhunú, agus foirceannfaidh sé an ghaolmhaireacht gnó agus breithneoidh sé idirbheart amhrasach a thuairisciú don FIU i ndáil leis an gcustaiméir i gcomhréir le hAirteagal 69.

Ní chuirfidh foirceannadh gaolmhaireachta gnó de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo toirmeasc ar chistí a fháil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 atá dlite don eintiteas faoi oibleagáid.

I gcás ina bhfuil sé de dhualgas ar eintiteas faoi oibleagáid sócmhainní a chustaiméara a chosaint, ní thuigfear le foirceannadh na gaolmhaireachta gnó go n-éilítear diúscairt shócmhainní an chustaiméara.

I gcás conarthaí árachais saoil, staonfaidh eintitis faoi oibleagáid, i gcás inar gá sin a dhéanamh in áit an ghaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh, ó idirbhearta a dhéanamh don chustaiméir, lena n-áirítear íocaíochtaí amach le tairbhithe, go dtí go gcomhlíonfar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1).

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le nótairí, dlíodóirí, gairmithe dlí neamhspleácha eile, iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha ná comhairleoirí cánach, a mhéid a fhionnfaidh na daoine sin staid dhlíthiúil a gcliaint, nó go ndéanfaidh siad an cliant a chosaint nó go ndéanfaidh siad ionadaíocht dó nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear comhairle a sholáthar chun na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina ndéanann na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear inti an méid seo a leanas:

(a)

bíonn siad páirteach i sciúradh airgid, ina chionta preideacáide, nó i maoiniú na sceimhlitheoireachta;

(b)

tugann siad comhairle dlí chun críoch sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta, nó

(c)

bíonn a fhios acu go bhfuil comhairle dlí á lorg ag an gcliant chun críoch sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta; is féidir eolas nó cuspóir a thuiscint as imthosca fíorasacha oibiachtúla.

3.   Coimeádfaidh eintitis faoi oibleagáid taifid ar na gníomhaíochtaí a dhéanann siad chun an ceanglas a chomhlíonadh bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear taifid ar chinntí a glacadh agus ar na doiciméid tacaíochta ábhartha agus ar na húdair leo. Nuashonrófar doiciméid, sonraí nó faisnéis i seilbh an eintitis faoi oibleagáid nuair a dhéantar athbhreithniú ar an dícheall cuí do chustaiméirí de bhun Airteagal 26.

Beidh feidhm ag an oibleagáid taifid a choimeád dá bhforáiltear sa chéad fhomhír den mhír seo freisin maidir le cásanna ina ndiúltaíonn eintitis faoi oibleagáid dul i mbun gaolmhaireacht gnó, gaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh nó bearta malartacha a chur i bhfeidhm de bhun mhír 1.

4.   Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte comhpháirteacha leis an Údarás Baincéireachta Eorpach maidir leis na bearta a fhéadfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha AML/CFT agus ceanglais Threoir 2014/92/AE á gcur chun feidhme acu, lena n-áirítear i ndáil le gaolmhaireachtaí gnó ar mó a ndéanann cleachtais dí-rioscaithe difear dóibh.

Airteagal 22

Céannacht custaiméirí agus úinéirí tairbhiúla a shainaithint agus a fhíorú

1.   Cé is moite de na cásanna lena mbaineann riosca níos ísle a bhfuil feidhm ag bearta faoi Roinn 3 maidir leo agus gan beann ar chur i bhfeidhm beart breise i gcásanna lena mbaineann riosca níos airde faoi Roinn 4, gheobhaidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad chun an custaiméir, aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara, agus na daoine nádúrtha ar thar a gceann nó chun sochair dóibh atá idirbheart á chur i gcrích nó gníomhaíocht á cur i gcrích, a shainaithint:

(a)

i gcás duine nádúrtha:

(i)

gach ainm agus sloinne;

(ii)

áit agus dáta breithe iomlán;

(iii)

náisiúntachtaí, nó stádas mar dhuine gan stát agus teifeach nó stádas cosanta coimhdí de réir mar is infheidhme, agus an uimhir aitheantais náisiúnta, de réir mar is infheidhme;

(iv)

gnátháit chónaithe nó, murab ann do sheoladh cónaithe seasta lena mbaineann cónaí dlisteanach san Aontas, an seoladh poist ag ar féidir teacht ar an duine nádúrtha agus, más ann di, an uimhir aitheantais chánach;

(b)

i gcás eintiteas dlítheanach:

(i)

foirm dhlíthiúil agus ainm an eintitis dhlítheanaigh;

(ii)

seoladh na hoifige cláraithe nó oifigiúla, agus más éagsúil í, an phríomhláthair ghnó, agus an tír chruthaithe;

(iii)

ainmneacha na n-ionadaithe dlíthiúla an eintitis dhlítheanach, chomh maith le huimhir chlárúcháin, uimhir aitheantais chánach agus Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh más ann dóibh;

(iv)

ainmneacha na ndaoine a shealbhaíonn scaireanna nó post stiúrthóireachta i bhfoirm ainmnitheach, lena n-áirítear tagairt dá stádas mar scairshealbhóirí ainmnitheacha nó mar stiúrthóirí ainmnitheacha.

(c)

i gcás iontaobhaí iontaobhais shainráite nó duine i mbun poist choibhéisigh i socrú dlíthiúil comhchosúil:

(i)

faisnéis bhunúsach maidir leis an socrú dlíthiúil; maidir leis na sócmhainní a shealbhaítear sa socrú dlíthiúil nó a bhainistítear tríd an socrú dlíthiúil, áfach, ní shainaithneofar ach na sócmhainní atá le bainistiú i gcomhthéacs na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh;

(ii)

seoladh cónaithe na n-iontaobhaithe nó na ndaoine i mbun poist choibhéisigh i socrú dlíthiúil comhchosúil agus, murab ionann é, an áit óna riartar an t-iontaobhas sainráite nó an socrú dlíthiúil comhchosúil, agus na cumhachtaí lena rialaítear agus lena gceanglaítear na socruithe dlíthiúla, chomh maith leis an uimhir aitheantais chánach agus an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh más ann dóibh;

(d)

i gcás eagraíochtaí eile ag a bhfuil cáil dhlíthiúil de réir an dlí náisiúnta:

(i)

ainm, seoladh na hoifige cláraithe nó a coibhéis;

(ii)

ainmneacha na ndaoine atá údaraithe chun feidhmiú mar ionadaí na heagraíochta chomh maith le foirm dhlíthiúil uimhir aitheantais chánach, uimhir chlárúcháin, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh agus gníomhais an chomhlachais nó a choibhéis, de réir mar is infheidhme.

2.   Chun úinéir tairbhiúil an eintitis dhlítheanaigh nó socraithe dhlíthiúil a shainaithint, baileoidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an dara fomhír, pointe (a).

I gcás nach bhfuil duine nádúrtha ar bith sainaitheanta mar úinéir tairbhiúil, tar éis gach modh sainaitheanta a ídiú, nó i gcás ina bhfuil amhrais gurb iad na daoine atá sainaitheanta na húinéirí tairbhiúla, déanfaidh na heintitis faoi oibleagáid taifead nár sainaithníodh aon úinéir tairbhiúil agus sainaithneoidh siad na daoine nádúrtha uile i mbun na bpost mar oifigigh bhainistíochta sinsearaí san eintiteas dlítheanach, agus fíoróidh siad a gcéannacht.

I gcás ina bhféadfaidh seoladh an fhíoraithe céannachta dá dtagraítear sa dara fomhír custaiméir a chur ar an eolas go bhfuil amhras ar an eintiteas faoi oibleagáid maidir le húinéireacht thairbhiúil an eintitis dhlítheanaigh, staonfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid ó chéannacht na n-oifigeach bainistíochta sinsearaí a fhíorú, agus ina ionad sin déanfaidh sé taifead ar na bearta a rinneadh chun céannacht na n-úinéirí tairbhiúla agus na n-oifigeach bainistíochta sinsearaí a fhionnadh. Coimeádfaidh eintitis faoi oibleagáid taifid ar na gníomhaíochtaí a glacadh chomh maith leis na deacrachtaí ar thángthas orthu le linn an phróisis sainaitheanta, a d’fhág gur sainaithníodh oifigeach bainistíochta sinsearaí.

3.   Gheobhaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais faisnéis chun céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a úsáideann aon IBAN fíorúil a eisíonn siad, agus an cuntas bainc nó íocaíochta gaolmhar, a shainaithint agus a fhíorú.

Áiritheoidh an institiúid creidmheasa nó an institiúid airgeadais a dhéanann seirbhísiú ar an gcuntas bainc nó íocaíochta lena n-atreoraíonn IBAN fíorúil, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais eile, íocaíochtaí, gur féidir léi an fhaisnéis a fháil ón institiúid a eisíonn an IBAN fíorúil lena sainaithnítear agus lena bhfíoraítear céannacht an duine nádúrtha a úsáideann an IBAN fíorúil sin gan mhoill agus, i gcás ar bith, laistigh de 5 lá oibre ó d’iarr sí an fhaisnéis sin.

4.   I gcás tairbhithe iontaobhas nó eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla comhchosúla atá ainmnithe ag tréithe nó aicme ar leith, gheobhaidh eintiteas faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach maidir leis an tairbhí ionas go mbeidh sé ábalta céannacht an tairbhí a shuí tráth na híocaíochta nó nuair a fheidhmeoidh an tairbhí a chearta dílsithe.

5.   I gcás iontaobhais lánroghnacha, gheobhaidh eintiteas faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach a bhaineann le hábhair chumhachta agus faighteoirí i gcás mainneachtana ionas go gcuirfear ar a chumas dó céannacht an tairbhí a shuí tráth a bhfeidhmíonn na hiontaobhaithe a gcumhacht lánroghnach, nó tráth a dtiocfaidh na faighteoirí i gcás mainneachtana chun bheith ina dtairbhithe mar gheall ar mhainneachtain na n-iontaobhaithe a gcumhacht lánroghnach a fheidhmiú.

6.   Gheobhaidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis, na doiciméid agus na sonraí is gá chun céannacht an chustaiméara agus aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar a cheann a fhíorú trí cheachtar de na modhanna seo a leanas:

(a)

doiciméad aitheantais, pas nó a gcoibhéis a chur isteach, agus, i gcás inarb ábhartha, sealbhú na faisnéise ó fhoinsí iontaofa agus neamhspleácha, má rinneadh rochtain dhíreach orthu nó má sholáthair an custaiméir iad;

(b)

modhanna ríomh-shainaitheantais a úsáid a chomhlíonann ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir leis na leibhéil dearbhaithe ‘substaintiúil’ nó ‘ard’ agus seirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha mar a leagtar amach sa Rialachán sin.

7.   Fíoróidh eintitis faoi oibleagáid céannacht an úinéara thairbhiúil agus, i gcás inarb ábhartha, na daoine a bhfuil idirbheart nó gníomhaíocht á dhéanamh nó á déanamh thar a gceann nó chun a leasa ar cheachtar de na bealaí seo a leanas:

(a)

i gcomhréir le mír 6;

(b)

trí bhearta réasúnacha a dhéanamh chun an fhaisnéis, na doiciméid agus na sonraí is gá a fháil ón gcustaiméir nó ó fhoinsí iontaofa eile, lena n-áirítear cláir phoiblí seachas na cláir lárnacha.

Cinnfidh eintitis faoi oibleagáid méid na faisnéise a cheadófar, ag féachaint do na rioscaí a bhaineann leis an idirbheart ócáideach nó leis an ngaolmhaireacht gnó agus leis an úinéir tairbhiúil, lena n-áireofar rioscaí a bhaineann leis an struchtúr úinéireachta.

Sa bhreis ar na modhanna fíoraithe a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, fíoróidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis faoin úinéir tairbhiúil nó na húinéirí tairbhiúla trí dhul i gcomhairle leis na cláir lárnacha.

Airteagal 23

Uainiú na céannachta ar aitheantas an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil

1.   Déanfar céannacht an chustaiméara, an úinéara thairbhiúil, agus aon duine de bhun Airteagal 20(1), pointí (h) agus (i), a fhíorú sula mbunófar gaolmhaireacht gnó nó sula ndéanfar idirbheart ócáideach. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cásanna lena mbaineann riosca níos ísle de réir Roinn 3 den Chaibidil seo, ar choinníoll go dtugann an riosca níos ísle údar leis an bhfíorú sin a chur siar.

I gcás gníomhairí réadmhaoine, déanfar an fíorú dá dtagraítear sa chéad fhomhír tar éis don díoltóir nó an léasóir glacadh le tairiscint, agus i ngach cás sula n-aistreofar aon chistí nó maoin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar fíorú ar chéannacht an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil a chur i gcrích le linn bhunú na gaolmhaireachta gnó más gá ionas nach gcuirfear isteach ar ghnáthsheoladh gnó agus i gcás inar beag riosca go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta. Sna himthosca sin, déanfar na nósanna imeachta sin a chríochnú a luaithe is indéanta tar éis na teagmhála tosaigh.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais cuntas a oscailt, lena n-áirítear cuntais a cheadaíonn idirbhearta in urrúis inaistrithe, de réir mar a cheanglódh custaiméir ar an gcoinníoll go bhfuil dóthain coimircí ann chun a áirithiú nach ndéanfaidh an custaiméir idirbhearta ná nach ndéanfar ar a shon iad go dtí go gcomhlíonfar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1),),pointí (a) agus (b), ina n-iomláine.

4.   Nuair a dhéantar gaolmhaireacht gnó nua le heintiteas dlítheanach nó le hiontaobhaí iontaobhais shainráite nó an duine i mbun poist choibhéisigh i socrú dlíthiúil comhchosúil dá dtagraítear in Airteagail 51, 57, 58, 61 agus 67 agus faoi réir chlárú na faisnéise faoi úinéireacht thairbhiúil de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2024/1640, baileoidh eintitis faoi oibleagáid cruthúnas bailí ar chlárúchán nó sliocht den chlár a eisíodh le déanaí lena ndeimhnítear bailíocht an chlárúcháin.

Airteagal 24

Neamhréireachtaí a thuairisciú maidir leis an bhfaisnéis atá i gcláir um úinéireacht thairbhiúil

1.   Tuairisceoidh eintitis faoi oibleagáid do na cláir lárnacha aon neamhréireachtaí a aimsíonn siad idir an fhaisnéis atá ar fáil sna cláir lárnacha agus an fhaisnéis a bhailíonn siad de bhun Airteagal 20(1), pointe (b), agus Airteagal 22(7).

Déanfar na neamhréireachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thuairisciú gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 14 lá féilire tar éis dóibh iad a bhrath. Nuair atá eintitis faoi oibleagáid ag tuairisciú neamhréireachtaí den sórt sin, cuirfidh siad ag gabháil lena dtuarascálacha an fhaisnéis a fuair siad lena léireofar an neamhréireacht agus cé acu a mheasann nó nach measann an t-eintiteas faoi oibleagáid gurb iad na húinéirí tairbhiúla iad agus, i gcás inarb infheidhme, na scairshealbhóirí ainmnitheacha agus na stiúrthóirí ainmnitheacha agus cén fáth.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid staonadh ó neamhréireachtaí a thuairisciú don chlár lárnach agus ina ionad sin, féadfaidh siad faisnéis bhreise a iarraidh ar na custaiméirí i gcás ina sainaithnítear na neamhréireachtaí sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá na neamhréireachtaí teoranta d’earráidí cló, do bhealaí éagsúla traslitrithe, nó do mhionchruinnis nach ndéanann difear do shainaithint na n-úinéirí tairbhiúla nó a bpost; nó

(b)

tá siad mar thoradh ar shonraí atá as dáta, ach tá aithne ag an eintiteas faoi oibleagáid ar na húinéirí tairbhiúla trí fhoinse iontaofa eile agus níl aon fhoras amhrais ann go bhfuil rún ann aon fhaisnéis a cheilt, agus

I gcás ina gcinnfidh eintiteas faoi oibleagáid go bhfuil an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil sa chlár lárnach mícheart, iarrfaidh sé ar an gcustaiméir an fhaisnéis cheart a chur isteach chuig an gclár lárnach de bhun Airteagail 63, 64 agus 67 gan moill mhíchuí, agus, in aon chás, laistigh de 14 lá féilire.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cásanna de riosca níos airde a bhfuil feidhm ag bearta faoi Roinn 4 den Chaibidil seo maidir leo.

3.   I gcás nár chuir custaiméir an fhaisnéis cheart isteach laistigh den sprioc-am dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, tuairisceoidh an t-eintiteas faoi oibleagáid an neamhréireacht don chlár lárnach i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le nótairí, dlíodóirí, gairmithe dlí neamhspleácha eile, iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach i ndáil leis an bhfaisnéis a fhaigheann siad ó chliant le linn dóibh staid dhlíthiúil an chliaint sin a fhionnadh, nó le linn dóibh an cliant a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air in imeachtaí breithiúnacha nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear comhairle a chur air na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint, gan bean ar cibé acu an bhfaightear an fhaisnéis sin roimh na himeachtaí sin, lena linn nó ina ndiaidh.

Mar sin féin, beidh feidhm ag ceanglais an Airteagail seo nuair a thugann na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo comhairle dlí in aon cheann de na cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 21(2), an dara fomhír.

Airteagal 25

Cuspóir agus cineál beartaithe gaolmhaireachta gnó nó idirbhirt ócáidigh a shainaithint

Sula rachfar i mbun gaolmhaireacht gnó nó sula ndéanfar idirbheart ócáideach, déanfaidh eintiteas faoi oibleagáid a áirithiú go dtuigeann sé féin a cuspóir agus cineál beartaithe nó a chuspóir nó a chineál beartaithe. Chuige sin, gheobhaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid, i gcás inar gá, faisnéis maidir leis na rudaí seo a leanas:

(a)

cuspóir agus réasúnaíocht eacnamaíoch an idirbhirt ócáidigh nó na gaolmhaireachta gnó;

(b)

méid measta na ngníomhaíochtaí atá beartaithe;

(c)

foinse cistí;

(d)

ceann scríbe cistí;

(e)

gníomhaíocht ghnó nó gairm bheatha an chustaiméara.

Chun críocha na chéad mhíre, pointe (a), den Airteagal seo, baileoidh eintitis faoi oibleagáid a chumhdaítear le hAirteagal 74 faisnéis chun a chinneadh an chun críocha tráchtála nó nach chun críocha tráchtála atá an úsáid atá beartaithe d’earraí ardluacha dá dtagraítear san Airteagal sin.

Airteagal 26

Faireachán leanúnach a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht gnó agus faireachán a dhéanamh ar idirbhearta a dhéanann custaiméirí

1.   Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid faireachán leanúnach ar ghaolmhaireachtaí gnó, lena n-áirítear idirbhearta a dhéanann an custaiméir le linn gaolmhaireacht gnó, chun a áirithiú go mbeidh na hidirbhearta sin comhsheasmhach le heolas an eintitis faoi oibleagáid ar an gcustaiméir, le gníomhaíocht gnó agus le próifíl riosca an chustaiméara, agus i gcás inar gá, leis an bhfaisnéis faoi thionscnamh agus ceann scríbe na gcistí, agus chun na hidirbhearta sin a bhrath a dhéanfar faoi réir measúnú níos cuimsithí de bhun Airteagal 69(2).

I gcás ina gcumhdóidh gaolmhaireachtaí gnó níos mó ná táirge nó seirbhís amháin, áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid go gcumhdófar leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí na táirgí agus na seirbhísí sin go léir.

I gcás ina bhfuil gaolmhaireachtaí gnó ag eintitis faoi oibleagáid atá i ngrúpa le custaiméirí ar custaiméirí iad freisin de chuid eintiteas eile laistigh den ghrúpa sin, cibé acu is eintitis faoi oibleagáid nó gnóthais nach bhfuil faoi réir cheanglais AML/CFT iad, cuirfidh siad san áireamh faisnéis a bhaineann leis na gaolmhaireachtaí gnó eile sin chun faireachán a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht gnó lena gcustaiméirí.

2.   I gcomhthéacs an fhaireacháin leanúnaigh dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid go gcoimeádfar doiciméid, sonraí nó faisnéis ábhartha an chustaiméara cothrom le dáta.

Beidh an tréimhse idir nuashonraithe ar fhaisnéis chustaiméara de bhun na chéad fhomhíre ag brath ar an riosca a chruthaítear leis an ngaolmhaireacht gnó agus in aon chás ní rachaidh sí thar:

(a)

do chustaiméirí a bhfuil riosca níos airde ag baint leo a bhfuil feidhm ag na bearta faoi Roinn 4 den Chaibidil seo maidir leo, 1 bhliain amháin;

(b)

do gach custaiméir eile, 5 bliana.

3.   Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid athbhreithniú ar an bhfaisnéis faoin gcustaiméir agus, i gcás inarb ábhartha, í a thabhairt cothrom le dáta i gcás:

(a)

ina bhfuil athrú ar imthosca ábhartha custaiméara;

(b)

ina bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar an eintiteas faoi oibleagáid le linn na bliana féilire ábhartha dul i dteagmháil leis an gcustaiméir chun críche aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na húinéirí tairbhiúla a athbhreithniú nó chun Treoir 2011/16/AE ón gComhairle a chomhlíonadh (42);

(c)

ina dtagann siad ar an eolas faoi fhíoras ábhartha a bhaineann leis an gcustaiméir.

4.   I dteannta an fhaireacháin leanúnaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, fíoróidh eintitis faoi oibleagáid go tráthrialta an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1), pointe (d). Beidh minicíocht an fhíoraithe sin i gcomhréir le neamhchosaint an eintitis faoi oibleagáid agus na gaolmhaireachta gnó ar rioscaí nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint.

I gcás institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, déanfar an fíorú dá dtagraítear sa chéad fhomhír nuair a dhéanfar aon ainmniú nua a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe freisin.

Ní chuirfear ceanglais na míre seo in ionad na hoibleagáide maidir le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm ná ceanglais níos déine faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais ná faoin dlí náisiúnta maidir le fíorú ar an mbonn cliant i gcoinne liostaí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.

5.   Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir le faireachán leanúnach a dhéanamh ar ghaolmhaireacht gnó agus ar na hidirbhearta a dhéantar i gcomhthéacs gaolmhaireacht den sórt sin.

Airteagal 27

Bearta sealadacha do chustaiméirí atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe

1.   I ndáil le custaiméirí atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe nó atá á rialú ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe nó ina bhfuil níos mó ná 50 % de chearta dílseánaigh nó leas tromlaigh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe, cibé acu ina n-aonar nó i dteannta a chéile, coimeádfaidh eintitis faoi oibleagáid taifid de na rudaí seo a leanas:

(a)

na cistí nó sócmhainní eile a bhainistíonn siad don chustaiméir an tráth a phoibleofar smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe;

(b)

na hidirbhearta a ndearna an custaiméir iarracht iad a dhéanamh;

(c)

na hidirbhearta a rinneadh don chustaiméir.

2.   Cuirfidh eintitis faoi oibleagáid an tAirteagal seo i bhfeidhm idir an tráth a phoibleofar smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe agus tráth chur i bhfeidhm na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe ábhartha san Aontas.

Airteagal 28

Caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an bhfaisnéis is gá chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh

1.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:

(a)

na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le heintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 20 agus an fhaisnéis atá le bailiú chun dícheall cuí caighdeánach, simplithe agus feabhsaithe a dhéanamh de bhun Airteagail 22 agus 25 agus Airteagail 33(1) agus 34(4), lena n-áirítear íoscheanglais i gcásanna riosca níos ísle;

(b)

na cineálacha beart díchill chuí shimplithe a bhféadfaidh eintitis faoi oibleagáid iad a chur i bhfeidhm i gcásanna riosca níos ísle de bhun Airteagal 33(1) den Rialachán seo, lena n-áirítear bearta is infheidhme maidir le catagóirí sonracha eintiteas faoi oibleagáid agus táirgí nó seirbhísí, ag féachaint do thorthaí an mheasúnaithe riosca fhornáisiúnta ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640;

(c)

na tosca riosca a bhaineann le gnéithe d’ionstraimí ríomh-airgid ar cheart do mhaoirseoirí iad a chur san áireamh agus méid na díolúine faoi Airteagal 19(7) á chinneadh;

(d)

na foinsí iontaofa agus neamhspleácha faisnéise a fhéadfar a úsáid chun sonraí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a shainaithint chun críocha Airteagal 22(6) agus (7);

(e)

an liosta tréithe nach mór a bheith ag modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22(6), pointe (b), chun ceanglais Airteagal 20(1), pointí (a) agus (b), a chomhlíonadh i gcás dícheall cuí caighdeánach, simplithe agus feabhsaithe.

2.   Beidh na ceanglais agus na bearta dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

an riosca bunúsach a bhaineann leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil;

(b)

na rioscaí a bhaineann le catagóirí de chustaiméirí;

(c)

cineál, méid agus atarlú an idirbhirt;

(d)

na bealaí a úsáidtear chun an ghaolmhaireacht gnó a stiúradh nó chun idirbhearta ócáideacha a dhéanamh.

3.   Déanfaidh MLA athbhreithniú rialta ar na caighdeáin theicniúla rialála agus, más gá, déanfaidh sé an dréacht chun na caighdeáin sin a thabhairt cothrom le dáta a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun, inter alia, nuálaíocht agus forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh.

4.   Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.

ROINN 2

Beartas tríú tír agus bagairtí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ó lasmuigh den Aontas

Airteagal 29

Tríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha shuntasacha orthu ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint

1.   Déanfaidh an Coimisiún tríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha shuntasacha orthu ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint agus a ainmniú mar ‘thríú tíortha ardriosca’.

2.   Chun na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainaithint, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, i gcás:

(a)

inar sainaithníodh easnaimh straitéiseacha shuntasacha i gcreat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT an tríú tír;

(b)

inar sainaithníodh easnaimh straitéiseacha shuntasacha in éifeachtacht chóras AML/CFT an tríú tír chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta nó ina chóras chun rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe a bhaineann le maoiniú an leata a mheasúnú agus a mhaolú;

(c)

ina bhfuil na heasnaimh straitéiseacha shuntasacha a sainaithníodh faoi phointí (a) agus (b) de chineál leanúnach agus nach bhfuil aon bheart chun iad a mhaolú tógtha nó á thógáil.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin laistigh de 20 lá féilire ó dheimhníonn an Coimisiún go bhfuil na critéir i bpointí (a), (b) nó (c) comhlíonta.

3.   Chun críocha mhír 2, cuirfidh an Coimisiún san áireamh glaonna ar chur i bhfeidhm beart feabhsaithe díchill chuí agus beart maolaitheach breise (‘frithbhearta’) le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus socraitheoirí caighdeán a bhfuil inniúlacht acu sa réimse maidir le cosc a chur ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, chomh maith le meastóireachtaí, measúnuithe, tuarascálacha nó ráitis phoiblí ábhartha atá tarraingthe suas acu.

4.   I gcás ina sainaithnítear tríú tír i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid na bearta feabhsaithe díchill chuí a liostaítear in Airteagal 34(4) i bhfeidhm maidir leis na gaolmhaireachtaí gnó nó na hidirbhearta ócáideacha a bhaineann le daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ón tríú tír sin.

5.   Sainaithneofar sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2, ar na frithbhearta a liostaítear in Airteagal 35, na frithbhearta sonracha lena maolaítear rioscaí sonracha a eascraíonn ó gach tríú tír ardriosca.

6.   I gcás ina sainaithníonn Ballstát riosca sonrach sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le tríú tír a shainaithin an Coimisiún i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 2 nach dtugtar aghaidh air leis na frithbhearta dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh sé a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe ina chríoch frithbhearta breise sonracha a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sonracha a bhaineann leis an tríú tír sin a mhaolú. Cuirfear an riosca a sainaithníodh agus na frithbhearta comhfhreagracha in iúl don Choimisiún laistigh de 5 lá tar éis na frithbhearta a chur i bhfeidhm.

7.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn rialta lena áirithiú go gcuirfear na hathruithe sa chreat AML/CFT den tríú tír san áireamh sna frithbhearta sonracha a shainaithneofar de bhun mhír 5 agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na rioscaí agus leordhóthanach maidir leo.

Ar fhógra a fháil de bhun mhír 6, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis a gheofar chun a chinneadh an ndéanann na rioscaí tírshonracha sin difear do shláine mhargadh inmheánach an Aontais. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2, trí na frithbhearta is gá a chur leis chun na rioscaí breise sin a mhaolú. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil gá leis na bearta sonracha breise arna gcur i bhfeidhm ag Ballstát faoi mhír 6 chun rioscaí sonracha a eascraíonn as an tríú tír sin a mhaolú, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go gcuirfidh an Ballstát deireadh leis an bhfrithbheart sonrach breise.

Airteagal 30

Tríú tíortha a bhfuil laigí maidir le comhlíonadh orthu ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint

1.   Déanfaidh an Coimisiún tríú tíortha a bhfuil laigí maidir le comhlíonadh orthu ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint.

2.   Chun na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, i gcás:

(a)

inar sainaithníodh laigí maidir le comhlíonadh i gcreat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT an tríú tír;

(b)

inar sainaithníodh laigí maidir le comhlíonadh in éifeachtacht chóras AML/CFT an tríú tír maidir le haghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta nó ina chóras chun rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe a bhaineann le maoiniú an leata a mheasúnú agus a mhaolú.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin laistigh de 20 lá féilire ó dheimhníonn an Coimisiún go bhfuil na critéir i bpointe (a) nó (b) den chéad fhomhír comhlíonta.

3.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, le linn dó na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 a tharraingt suas, mar bhunlíne dá mheasúnú, faisnéis faoi dhlínsí a bhfuil níos mó faireacháin á dhéanamh orthu ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag socraitheoirí caighdeán a bhfuil inniúlacht acu sa réimse maidir le cosc a chur ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, chomh maith le meastóireachtaí, measúnuithe, tuarascálacha nó ráitis phoiblí ábhartha atá tarraingthe suas acu.

4.   Sainaithneofar sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 na bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha orthu sin a liostaítear in Airteagal 34(4), a chuirfidh eintitis faoi oibleagáid i bhfeidhm maidir le rioscaí a bhaineann le gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta ócáideacha a bhaineann le daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ón tríú tír sin.

5.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn rialta lena áirithiú go gcuirfear na hathruithe sa chreat AML/CFT den tríú tír san áireamh sna bearta feabhsaithe díchill chuí a shainaithneofar de bhun mhír 4 agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na rioscaí agus leordhóthanach maidir leo.

Airteagal 31

Tríú tíortha a chruthaíonn bagairt shonrach agus thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais a shainaithint

1.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thríú tíortha a shainaithint i gcásanna eisceachtúla ina measann sé go bhfuil sé fíor-riachtanach bagairt shonrach agus thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sna tríú tíortha sin a mhaolú, agus nach féidir a mhaolú de bhun Airteagal 29 agus 30.

2.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, le linn dó na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas, na critéir seo a leanas go háirithe:

(a)

creat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT an tríú tír, go háirithe:

(i)

sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a choiriúlú;

(ii)

bearta a bhaineann le dícheall cuí do chustaiméirí;

(iii)

ceanglais a bhaineann le coinneáil taifead;

(iv)

ceanglais chun idirbhearta amhrasacha a thuairisciú;

(v)

faisnéis chruinn agus thráthúil maidir le húinéireacht thairbhiúil daoine dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla a bheith ar fáil d’údaráis inniúla;

(b)

cumhachtaí agus nósanna imeachta údaráis inniúla an tríú tír chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-áirítear smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha iomchuí, chomh maith le cleachtas an tríú tír i dtaca le comhar agus malartú faisnéise le húdaráis inniúla na mBallstát;

(c)

éifeachtacht chóras AML/CFT an tríú tír chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta.

3.   Chun leibhéal na bagartha dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar AMLA tuairim a ghlacadh atá dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar an tionchar sonrach ar ionracas chóras airgeadais an Aontais de bharr leibhéal na bagartha a bhaineann le tríú tír.

4.   I gcás ina sainaithníonn AMLA gur bagairt shonrach agus thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais í tríú tír seachas iad sin a shainaithnítear de bhun Airteagail 29 agus 30, féadfaidh sé tuairim a thabhairt don Choimisiún ina leagfar amach an bhagairt atá sainaitheanta aige agus an fáth a gcreideann sé gur cheart don Choimisiún an tríú tír a shainaithint de bhun mhír 1.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan an tríú tír dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainaithint, tabharfaidh sé údar cuí leis sin do AMLA.

5.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh go háirithe, le linn dó na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas, na meastóireachtaí, na measúnuithe nó na tuarascálacha ábhartha arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus socraitheoirí caighdeán a bhfuil inniúlacht acu i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

6.   I gcás inarb ionann an bhagairt shonrach agus thromchúiseach shainaitheanta ón tríú tír lena mbaineann agus easnamh straitéiseach suntasach, beidh feidhm ag Airteagal 29(4) agus sainaithneofar na frithbhearta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 29(5) sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

7.   I gcás inarb ionann an bhagairt shonrach agus thromchúiseach shainaitheanta ón tríú tír lena mbaineann agus laige maidir le comhlíonadh, sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 11, déanfar bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha a shainaithint i measc na mbeart sin a liostaítear in Airteagal 34(4) agus), cuirfidh na heintitis faoi oibleagáid an méid sin i bhfeidhm chun rioscaí a bhaineann le gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta ócáideacha a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlítheanacha ón tríú tír sin a mhaolú.

8.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn rialta chun a áirithiú go gcuirfear na hathruithe i gcreat AML/CFT den tríú tír san áireamh sna frithbhearta dá dtagraítear i mír 6 agus sna bearta feabhsaithe díchill chuí dá dtagraítear i mír 7 agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na rioscaí agus leordhóthanach maidir leo.

9.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an mhodheolaíocht a ghlacadh chun tríú tíortha a shainaithint de bhun an Airteagail seo. Leagfar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

conas a dhéantar measúnú ar na critéir dá dtagraítear i mír 2;

(b)

an próiseas idirghníomhaíochta leis an tríú tír atá á measúnú;

(c)

an próiseas maidir le rannpháirtíocht na mBallstát agus AMLA i sainaithint tríú tíortha ar bagairt shonrach thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais iad.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).

Airteagal 32

Treoirlínte maidir le rioscaí, treochtaí agus modhanna sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta

1.   Faoin 10 Iúil 2027, glacfaidh AMLA treoirlínte lena sainmhíneofar na rioscaí, na treochtaí agus na modhanna sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le haon limistéar geografach taobh amuigh den Aontas a bhfuil eintitis faoi oibleagáid neamhchosanta orthu. Cuirfidh AMLA san áireamh, go háirithe, na tosca riosca a liostaítear in Iarscríbhinn III. I gcás ina sainaithnítear cásanna lena mbaineann riosca níos airde, cuirfear bearta feabhsaithe díchill chuí san áireamh sna treoirlínte, bearta a bhreithneoidh eintitis faoi oibleagáid a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú.

2.   Déanfaidh AMLA athbhreithniú ar na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad gach 2 bhliain.

3.   Nuair atá na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 á n-eisiúint agus á n-athbhreithniú ag AMLA, cuirfidh sé san áireamh na meastóireachtaí, na measúnuithe nó na tuarascálacha ábhartha de chuid institiúidí, comhaltaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus socraitheoirí caighdeán a bhfuil inniúlacht acu i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac

ROINN 3

Dícheall cuí simplithe

Airteagal 33

Bearta díchill chuí simplithe

1.   I gcás inar leibhéal íseal riosca a bhaineann leis an ngaolmhaireacht gnó nó leis an idirbheart, agus na tosca riosca a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III á gcur san áireamh, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid na bearta díchill chuí simplithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

céannacht an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil a fhíorú i ndiaidh don ghaolmhaireacht gnó a bheith bunaithe, ar choinníoll gur thug an riosca sonrach níos ísle a sainaithníodh údar leis an iarchur sin, ach in aon chás tráth nach déanaí ná 60 lá ó bunaíodh an ghaolmhaireacht;

(b)

laghdú a chur ar an minicíocht a thugtar sonraí céannachta na gcustaiméirí cothrom le dáta;

(c)

laghdú a chur ar an méid faisnéise a bhailítear chun cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh a shainaithint, nó an fhaisnéis a thuiscint as cineál na n-idirbheart nó na gaolmhaireachta gnó a bunaíodh;

(d)

laghdú a chur ar mhinicíocht nó méid an ghrinnscrúdaithe a dhéantar ar idirbhearta a dhéanann an custaiméir;

(e)

aon bheart díchill chuí simplithe ábhartha eile a shainaithníonn AMLA de bhun Airteagal 28 a chur i bhfeidhm.

Beidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhréireach le cineál agus méid an ghnó agus le gnéithe sonracha an riosca níos ísle a sainaithníodh. Mar sin féin, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid faireachán leordhóthanach ar na hidirbhearta agus ar an ngaolmhaireacht gnó chun go bhféadfar idirbhearta neamhghnácha nó amhrasacha a bhrath.

2.   Áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid go gcuimseofar sna nósanna imeachta inmheánacha arna mbunú de bhun Airteagal 9 na bearta sonracha maidir le fíorú simplithe a dhéanfar i ndáil leis na cineálacha difriúla custaiméirí lena mbaineann riosca níos ísle. Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid cinntí a thaifeadadh chun tosca breise maidir le riosca níos ísle a chur san áireamh.

3.   Chun na bearta díchill chuí simplithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a chur i bhfeidhm, glacfaidh eintitis faoi oibleagáid nósanna imeachta bainistíochta riosca maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad seirbhísí a chur ar fáil nó idirbhearta a dhéanamh do chustaiméir sula ndéantar an fíorú, lena n-áirítear trí bhíthin teorainn a chur ar mhéid, líon nó cineálacha na n-idirbheart is féidir a dhéanamh nó trí bhíthin faireachán a dhéanamh ar idirbhearta lena áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na noirm ionchasacha don ghaolmhaireacht gnó i gceist.

4.   Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid a fhíorú ar bhonn rialta gur ann fós do na coinníollacha maidir le bearta díchill chuí simplithe a chur i bhfeidhm. Beidh minicíocht an bhfíoruithe sin i gcomhréir le cineál agus méid an ghnó agus leis na rioscaí a bhaineann leis an ngaolmhaireacht shonrach.

5.   Staonfaidh eintitis faoi oibleagáid ó bhearta díchill chuí simplithe a chur i bhfeidhm in aon cheann de na cásanna a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh amhras ar na heintitis faoi oibleagáid maidir le fírinneacht na faisnéise arna cur ar fáil ag an gcustaiméir nó ag an úinéir tairbhiúil ag an gcéim sainaitheanta, nó ina mbraithfidh siad neamhréireachtaí maidir leis an bhfaisnéis sin;

(b)

i gcás nach bhfuil na tosca a léiríonn riosca níos ísle ann a thuilleadh;

(c)

i gcás ina n-eisítear cás a bhféadfadh riosca níos ísle a bheith i gceist leis trí bhíthin an fhaireacháin ar idirbhearta an chustaiméara agus an fhaisnéis a bhailítear i gcomhthéacs na gaolmhaireachta gnó;

(d)

i gcás ina bhfuil amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

(e)

i gcás ina bhfuil amhras ann go bhfuil an custaiméir, nó an duine atá ag gníomhú thar ceann an chustaiméara, ag iarraidh dul timpeall ar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe nó iad a sheachaint.

ROINN 4

Dícheall cuí feabhsaithe do chustaiméirí

Airteagal 34

Raon feidhme chur i bhfeidhm na mbeart feabhsaithe díchill chuí

1.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 29, 30, 31 agus 36 go 46, chomh maith le cásanna eile de riosca níos airde a shainaithníonn na heintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 20(2), an dara fomhír, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí i bhfeidhm chun rioscaí den sórt sin a bhainistiú agus a mhaolú go cuí.

2.   Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid scrúdú ar thionscnamh agus ar cheann scríbe na gcistí a bhaineann le gach idirbheart a chomhlíonann ceann amháin, ar a laghad, de na coinníollacha seo a leanas, agus chun críche na n-idirbheart sin:

(a)

tá na é an t-idirbheart de chineál casta;

(b)

is idirbheart é atá níos mó ná mar is gnách;

(c)

tá pátrún neamhghnách ag baint leis an gcaoi a ndéantar an t-idirbheart;

(d)

ní léir go bhfuil cuspóir eacnamaíoch nó dleathach ag an idirbheart.

3.   Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, agus measúnú á dhéanamh acu ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le gaolmhaireacht gnó nó le hidirbheart ócáideach, cuirfidh na heintitis faoi oibleagáid ar a laghad na tosca maidir le riosca a d’fhéadfadh a bheith níos airde a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus na treoirlínte a ghlac AMLA de bhun Airteagal 32 san áireamh, chomh maith le haon táscairí eile a bhaineann le riosca níos airde mar shampla fógraí arna n-eisiúint ag an FIU agus torthaí an mheasúnaithe riosca uileghnó faoi Airteagal 10.

4.   Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, i gcásanna lena mbaineann riosca níos airde dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm, a bheidh comhréireach leis na rioscaí níos airde arna sainaithint, ina bhféadfar na bearta seo a leanas a áireamh

(a)

faisnéis bhreise a fháil faoin gcustaiméir agus faoi na húinéirí tairbhiúla;

(b)

faisnéis bhreise a fháil maidir le cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó;

(c)

faisnéis bhreise a fháil faoi fhoinse na gcistí agus faoi fhoinse rachmas an chustaiméara agus na n-úinéirí tairbhiúla;

(d)

faisnéis a fháil faoi na cúiseanna atá leis na hidirbhearta beartaithe nó comhlíonta agus faoina gcomhsheasmhacht leis an ngaolmhaireacht gnó;

(e)

faomhadh na bainistíochta sinsearaí a fháil chun an ghaolmhaireacht gnó a bhunú nó leanúint léi;

(f)

faireachán feabhsaithe ar an ngaolmhaireacht gnó a dhéanamh trí mhéadú a dhéanamh ar líon agus ar uainiú na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm, agus rogha a dhéanamh faoi phatrúin idirbheart is gá a scrúdú tuilleadh;

(g)

a éileamh go ndéanfar an chéad íocaíocht trí chuntas in ainm an chustaiméara le hinstitiúid creidmheasa faoi réir caighdeáin díchill chuí do chustaiméirí nach lú ó thaobh stóinseachta de ná na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo.

5.   Sa bhreis ar mhír 4, i gcás ina mbaineann láimhseáil sócmhainní ag a bhfuil luach EUR 5 000 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta nó in airgeadra eachtrach, le gaolmhaireacht gnó a shainaithnítear mar ghaolmhaireacht gnó a bhfuil riosca níos airde ag baint léi, trí sheirbhísí pearsantaithe do chustaiméir a shealbhaíonn sócmhainní iomlána ag a bhfuil luach EUR 50 000 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta nó in airgeadra eachtrach, cibé acu i sócmhainní airgeadais, in-infheistithe nó réadmhaoine, nó meascán díobh sin, seachas áit chónaithe phríobháideach an chustaiméara sin, cuirfidh institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais agus soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta na bearta feabhsaithe díchill chuí seo a leanas i bhfeidhm, sa bhreis ar aon bheart feabhsaithe díchill chuí a chuirtear i bhfeidhm de bhun mhír 4:

(a)

bearta sonracha lena n-áirítear nósanna imeachta chun rioscaí a bhaineann le seirbhísí pearsantaithe agus táirgí a thairgtear don chustaiméir sin a mhaolú;

(b)

faisnéis bhreise a fháil faoi fhoinse cistí an chustaiméara sin;

(c)

coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú idir an custaiméir agus an bhainistíocht shinsearach nó fostaithe an eintitis faoi oibleagáid a thugann faoi chúraimí a bhaineann le comhlíonadh an eintitis sin faoi oibleagáid i ndáil leis an gcustaiméir sin.

Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na bearta a bheidh le déanamh ag institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais agus soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta chun a shuí an bhfuil sócmhainní iomlána ag custaiméir ag a bhfuil luach EUR 50 000 000 ar a laghad, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta nó in airgeadra eachtrach, i sócmhainní airgeadais, in-infheistithe nó réadmhaoine agus conas an luach sin a chinneadh.

6.   Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, i gcás ina sainaithníonn Ballstáit cásanna de riosca níos airde de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2024/1640, lena n-áirítear mar thoradh ar mheasúnuithe riosca earnála a dhéanann na Ballstáit, féadfaidh siad a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta sin a shonrú. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún agus AMLA maidir lena gcinntí lena bhforchuirtear ceanglais fheabhsaithe díchill chuí ar eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe ina gcríoch laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a nglactar iad, chomh maith le réasúnú leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá mar bhonn taca faoin gcinneadh sin.

I gcás inar dócha go dtiocfaidh na rioscaí arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre ó lasmuigh den Aontas agus go bhféadfadh siad difear a dhéanamh do chóras airgeadais an Aontais, breithneoidh AMLA, ar iarratas ón gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin, na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 32 a thabhairt cothrom le dáta.

7.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcás ina sainaithníonn sé cásanna breise de riosca níos airde dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanann difear don Aontas ina iomláine agus bearta feabhsaithe díchill chuí a chuirfidh eintitis faoi oibleagáid i bhfeidhm sna cásanna sin, agus na fógraí ó na Ballstáit de bhun mhír 6, an chéad fhomhír, den Airteagal seo, á gcur san áireamh.

8.   Ní dhéanfar bearta feabhsaithe díchill chuí a agairt go huathoibríoch maidir le brainsí nó le fochuideachtaí de chuid eintiteas faoi oibleagáid atá san Aontas atá lonnaithe sna tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagail 29, 30 agus 31, i gcás ina gcomhlíonann na brainsí sin nó na fochuideachtaí sin go hiomlán na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe uileghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 17.

Airteagal 35

Frithbhearta chun bagairtí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ó lasmuigh den Aontas a mhaolú

Chun críocha Airteagail 29 agus 31, féadfaidh an Coimisiún roghnú ó na frithbhearta seo a leanas:

(a)

frithbhearta atá le cur i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid maidir le daoine agus eintitis dhlítheanacha lena mbaineann tríú tíortha ardriosca agus, i gcás inarb iomchuí, tíortha eile lena mbaineann riosca do chóras airgeadais an Aontais, atá comhdhéanta díobh seo a leanas:

(i)

gnéithe breise de bhearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm;

(ii)

sásraí tuairiscithe ábhartha feabhsaithe nó tuairisciú córasach idirbheart airgeadais a thabhairt isteach;

(iii)

teorainn a chur le gaolmhaireachtaí gnó nó le hidirbhearta le daoine nádúrtha nó le heintitis dhlítheanacha ó na tríú tíortha sin;

(b)

frithbhearta atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le tríú tíortha ardriosca agus, i gcás inarb iomchuí, tíortha eile lena mbaineann riosca do chóras airgeadais an Aontais, atá comhdhéanta díobh seo a leanas:

(i)

diúltú fochuideachtaí nó brainsí nó oifigí ionadaíocha eintiteas faoi oibleagáid ón tír lena mbaineann a bhunú, nó a chur san áireamh ar shlí eile gur as tríú tír nach bhfuil córais leormhaithe AML/CFT aici an t-eintiteas ábhartha faoi oibleagáid;

(ii)

toirmeasc a chur ar eintitis faoi oibleagáid brainsí nó oifigí ionadaíocha a bhunú sa tríú tír lena mbaineann, nó a chur san áireamh ar shlí eile gur i dtríú tír nach bhfuil córais leormhaithe AML/CFT aici a bheadh an brainse ábhartha nó an oifig ionadaíoch;

(iii)

scrúdú maoirseachta méadaithe nó ceanglais iniúchóireachta sheachtracha mhéadaithe a cheangal do bhrainsí agus d’fhochuideachtaí eintiteas faoi oibleagáid atá lonnaithe sa tríú tír lena mbaineann;

(iv)

ceanglais iniúchóireachta sheachtracha mhéadaithe a cheangal do ghrúpaí airgeadais maidir le haon cheann dá gcuid brainsí nó fochuideachtaí atá lonnaithe sa tríú tír lena mbaineann;

(v)

a cheangal ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúidí is freagróirí sa tríú tír lena mbaineann, nó más gá sin, iad a fhoirceannadh.

Airteagal 36

Bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha do ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann

Maidir le gaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann, lena n-áirítear gaolmhaireachtaí a bunaíodh d’idirbhearta urrús nó d’aistrithe cistí, lena mbaineann íocaíochtaí a dhéanamh le hinstitiúid tríú tír is freagróir, chomh maith leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20, ceanglófar ar institiúidí creidmheasa agus ar institiúidí airgeadais, agus iad ag tosú amach i ngaolmhaireacht gnó, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis leordhóthanach a bhailiú faoin institiúid is freagróir chun cineál ghnó an fhreagróra a thuiscint go hiomlán agus chun cáilíocht na maoirseachta agus cáil na hinstitiúide a chinneadh ó fhaisnéis atá ar fáil go poiblí;

(b)

measúnú a dhéanamh ar rialuithe AML/CFT na hinstitiúide is freagróir;

(c)

formheas a fháil ón mbainistíocht shinsearach sula mbunófar gaolmhaireachtaí comhfhreagracha nua;

(d)

freagrachtaí gach institiúide faoi seach a dhoiciméadú;

(e)

maidir le cuntais iníoctha, a bheith sásta gur fhíoraigh an institiúid is freagróir céannacht na gcustaiméirí ag a bhfuil rochtain dhíreach ar chuntais na hinstitiúide comhfhreagraí agus go ndearna sí dícheall cuí leantach ar na custaiméirí sin, agus go bhfuil sí ábalta sonraí ábhartha díchill chuí do chustaiméirí a sholáthar don institiúid is freagróir, arna iarraidh sin.

I gcás ina gcinneann institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais gaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann a fhoirceannadh ar chúiseanna a bhaineann le beartas AML/CFT, déanfaidh siad a gcinneadh a thaifeadadh.

Airteagal 37

Bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha do ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní

1.   De mhaolú ar Airteagal 36, maidir le gaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann a bhaineann le seirbhísí cripteashócmhainní a fhorghníomhú, le heintiteas is freagróir nach bhfuil bunaithe san Aontas agus a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla, lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní, ceanglófar ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, sa bhreis ar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20, agus iad ag dul i mbun gaolmhaireacht gnó:

(a)

a chinneadh an bhfuil an t-eintiteas is freagróir ceadúnaithe nó cláraithe;

(b)

faisnéis leordhóthanach a bhailiú faoin eintiteas is freagróir chun cineál ghnó an fhreagróra a thuiscint go hiomlán agus chun cáilíocht na maoirseachta agus cáil an eintitis a chinneadh ó fhaisnéis atá ar fáil go poiblí;

(c)

measúnú a dhéanamh ar rialuithe AML/CFT an eintitis is freagróir;

(d)

formheas a fháil ón mbainistíocht shinsearach sula mbunófar an ghaolmhaireacht chomhfhreagrach nua;

(e)

freagrachtaí faoi seach gach páirtí sa ghaolmhaireacht chomhfhreagrach a dhoiciméadú;

(f)

maidir le cuntais cripteashócmhainní iníoctha, a bheith sásta gur fhíoraigh an t-eintiteas is freagróir céannacht na gcustaiméirí ag a bhfuil rochtain dhíreach ar chuntais an eintitis chomhfhreagraigh agus go ndearna sé dícheall cuí leantach ar na custaiméirí sin, agus go bhfuil sé ábalta sonraí ábhartha díchill chuí do chustaiméirí a sholáthar don eintiteas is freagróir arna iarraidh sin.

I gcás ina gcinneann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gaolmhaireachtaí comhfhreagracha a fhoirceannadh ar chúiseanna a bhaineann le beartas AML/CFT, déanfaidh siad a gcinneadh a dhoiciméadú.

Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis maidir le dícheall cuí don ghaolmhaireacht chomhfhreagrach cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta nó nuair a thagann rioscaí nua chun cinn i ndáil leis an eintiteas is freagróir.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis a bhailítear de bhun mhír 1 san áireamh chun na bearta iomchuí atá le glacadh chun na rioscaí a bhaineann leis an eintiteas is freagróir a mhaolú a chinneadh, ar bhonn riosca-íogair.

3.   Faoin 10 Iúil 2027 eiseoidh AMLA treoirlínte chun na critéir agus na heilimintí a shonrú a chuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní san áireamh chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus na bearta maolaithe riosca dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh, lena n-áirítear an ghníomhaíocht atá le glacadh ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nuair a shainaithnítear nach bhfuil an t-eintiteas freagrach cláraithe ná ceadúnaithe.

Airteagal 38

Bearta sonracha le haghaidh institiúidí aonair tríú tír is freagróirí

1.   Cuirfidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais na bearta a leagtar síos i mír 6 den Airteagal seo i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí tríú tír is freagróirí a bhfuil gaolmhaireacht chomhfhreagrach acu leo de bhun Airteagail 36 nó 37 agus a n-eisíonn ÚFA moladh ina leith de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

2.   Eiseoidh AMLA moladh a bheidh dírithe ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais i gcás ina bhfuil ábhair imní ann go dtagann institiúidí is freagróirí i dtríú tíortha faoi aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá sárú tromchúiseach, leanúnach nó córasach ar cheanglais AML/CFT ar bun acu;

(b)

tá laigí ag baint lena mbeartais, lena nósanna imeachta agus lena rialuithe inmheánacha ar dócha go mbeidh sáruithe tromchúiseacha, leanúnacha nó córasacha ar cheanglais AML/CFT mar thoradh orthu;

(c)

tá beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm acu nach bhfuil i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, lena chionta preideacáide agus le maoiniú sceimhlitheoireachta ar a bhfuil an institiúid tríú tír is freagróir neamhchosanta.

3.   Eiseofar an moladh dá dtagraítear i mír 2 i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ar bhonn na faisnéise atá ar fáil i gcomhthéacs a ghníomhaíochtaí maoirseachta, measann maoirseoir airgeadais, lena n-áirítear AMLA agus a ghníomhaíochtaí maoirseachta á ndéanamh aige, go dtagann institiúid tríú tír is freagróir faoi aon cheann de na cásanna a liostaítear i mír 2 agus go bhféadfadh sí difear a dhéanamh do neamhchosaint ar riosca na gaolmhaireachta comhfhreagraí;

(b)

tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá ar fáil don mhaoirseoir airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, tá comhaontú ann idir maoirseoirí airgeadais san Aontas go dtagann an institiúid tríú tír is freagróir faoi aon cheann de na cásanna a liostaítear i mír 2 agus go bhféadfadh sí difear a dhéanamh do neamhchosaint ar riosca na gaolmhaireachta comhfhreagraí.

4.   Sula n-eiseofar an moladh dá dtagraítear i mír 2, rachaidh AMLA i gcomhairle leis an maoirseoir tríú tír atá i gceannas ar an institiúid is freagróir agus iarrfaidh sé ar an maoirseoir a thuairimí féin chomh maith le tuairimí na hinstitiúide is freagróir a sholáthar maidir le leordhóthanacht na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe AML/CFT chomh maith le leordhóthanacht na mbeart díchill chuí do chustaiméirí atá i bhfeidhm ag an institiúid is freagróir chun rioscaí sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a mhaolú agus leordhóthanacht na mbeart feabhais atá le cur i bhfeidhm. I gcás nach dtugtar aon fhreagra laistigh de 2 mhí nó i gcás nach léiríonn an freagra a tugadh gur féidir leis an institiúid tríú tír is freagróir beartais, nósanna imeachta agus rialuithe sásúla AML/CFT a chur chun feidhme mar aon le bearta leordhóthanacha díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhfuil sí neamhchosanta orthu a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don ghaolmhaireacht chomhfhreagrach, rachaidh AMLA ar aghaidh leis an moladh.

5.   Déanfaidh AMLA an moladh dá dtagraítear i mír 2 a tharraingt siar a luaithe a mheasfaidh sé nach gcomhlíonann institiúid tríú tír is freagróir ar ghlac sí an moladh sin ina leith na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 a thuilleadh.

6.   Maidir le hinstitiúidí tríú tír is freagróirí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais an méid seo a leanas:

(a)

staonadh ó ghaolmhaireachtaí nua gnó a dhéanamh leis an institiúid tríú tír is freagróir ach amháin má chinneann siad, ar bhonn na faisnéise a bailíodh faoi Airteagal 36 nó faoi Airteagal 37, gur féidir leis na bearta maolaitheacha a chuirtear ar bun maidir leis an ngaolmhaireacht gnó leis an institiúid tríú tír is freagróir agus leis na bearta atá i bhfeidhm san institiúid tríú tír is freagróir maolú leordhóthanach a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an ngaolmhaireacht gnó sin;

(b)

i gcás gaolmhaireachtaí leanúnacha gnó leis an institiúid tríú tír is freagróir:

(i)

an fhaisnéis faoin institiúid is freagróir a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta de bhun Airteagal 36 nó Airteagal 37;

(ii)

an ghaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh mura gcinneann siad, ar bhonn na faisnéise a bailíodh faoi phointe (i), gur féidir leis na bearta maolaitheacha a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an ngaolmhaireacht gnó leis an institiúid tríú tír is freagróir agus maidir leis na bearta atá i bhfeidhm san institiúid tríú tír is freagróir maolú leordhóthanach a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an ngaolmhaireacht gnó sin;

(c)

an institiúid is freagróir a chur ar an eolas faoi na conclúidí ar tháinig siad orthu i ndáil leis na rioscaí a bhaineann leis an ngaolmhaireacht chomhfhreagrach tar éis an mholta ó AMLA agus na mbeart a rinneadh de bhun phointí (a) nó (b).

I gcás ina bhfuil moladh tarraingthe siar ag AMLA de bhun mhír 5, déanfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais athbhreithniú ar a measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na hinstitiúidí tríú tír is freagróirí aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos i mír 3.

7.   Déanfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais doiciméadú ar aon chinneadh a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 39

Toirmeasc ar ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúidí caocha

1.   Ní dhéanfaidh institiúidí creidmheasa ná institiúidí airgeadais gaolmhaireacht chomhfhreagrach le hinstitiúid chaoch ná ní leanfaidh siad leo. Déanfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais bearta iomchuí chun a áirithiú nach ngabhfaidh siad do ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúid creidmheasa ná le hinstitiúid airgeadais arb eol go lamhálann sí d’institiúid chaoch a cuntais a úsáid, ná nach leanfaidh siad leo.

2.   Sa bhreis ar an gceanglas a leagtar síos i mír 1, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nach n-úsáidfidh institiúidí caocha a gcuntais chun seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar. Chuige sin, beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní chun aon iarracht ar a gcuntais a úsáid chun seirbhísí cripteashócmhainní neamhrialáilte a sholáthar a bhrath.

Airteagal 40

Bearta chun rioscaí a mhaolú i ndáil le hidirbhearta ag a bhfuil seoladh féinóstáilte

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an riosca go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le haistrithe cripteashócmhainní atá dírithe ar sheoladh féinóstáilte nó a thagann ó sheoladh féinóstáilte a shainaithint agus a mheasúnú. Chuige sin, beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.

Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní bearta maolaitheacha i bhfeidhm i gcomhréir leis na rioscaí a sainaithníodh. Áireofar ar na bearta maolaitheacha sin ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

bearta rioscabhunaithe a dhéanamh chun tionscnóir nó tairbhí an aistrithe arna dhéanamh ó sheoladh féinóstáilte nó úinéir tairbhiúil an tionscnóra nó an tairbhí sin, nó chuig seoladh féinóstáilte nó úinéir tairbhiúil an tionscnóra nó an tairbhí sin, a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear trína bheith ag brath ar thríú páirtithe;

(b)

faisnéis bhreise a éileamh maidir le tionscnamh agus ceann scríbe na gcripteashócmhainní;

(c)

faireachán leanúnach feabhsaithe a dhéanamh ar idirbhearta ag a bhfuil seoladh féinóstáilte;

(d)

aon bheart eile chun maolú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta mar aon le maolú agus bainistiú a dhéanamh ar an riosca nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint.

2.   Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte chun na bearta maolaitheacha dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, lena n-áirítear:

(a)

na critéir agus na modhanna chun céannacht thionscnóir nó thairbhí an aistrithe arna dhéanamh ó sheoladh féinóstáilte nó chuig seoladh féinóstáilte a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear trína bheith ag brath ar thríú páirtithe, agus na forbairtí teicneolaíochta is déanaí á gcur san áireamh;

(b)

critéir agus modhanna chun a fhíorú cibé acu atá nó nach bhfuil an seoladh féinóstáilte faoi úinéireacht nó faoi rialú custaiméara.

Airteagal 41

Forálacha sonracha maidir le hiarratasóirí ar chónaí trí scéimeanna infheistíochta

Sa bhreis ar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid, ar a laghad, bearta feabhsaithe díchill chuí a leagtar amach in Airteagal 34(4), pointí (a), (c), (e) agus (f,) a chur i bhfeidhm maidir le custaiméirí ar náisiúnaigh tríú tír iad atá i mbun iarratas a dhéanamh ar chearta cónaithe i mBallstát mar mhalairt ar aon chineál infheistíochta, lena n-áirítear aistrithe, maoin a cheannach nó a ligean ar cíos, infheistíocht a dhéanamh i mbannaí rialtais, infheistíocht a dhéanamh in eintitis chorparáideacha, tabhartas nó maoiniú a thabhairt do ghníomhaíocht a théann chun leasa an phobail agus ranníocaíochtaí a dhéanamh le buiséad an stáit.

Airteagal 42

Forálacha sonracha maidir le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil

1.   Sa bhreis ar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid na bearta seo a leanas i bhfeidhm maidir le hidirbhearta ócáideacha nó gaolmhaireachtaí gnó le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil:

(a)

formheas na bainistíochta sinsearaí a fháil chun idirbhearta ócáideacha a chur i gcrích nó chun gaolmhaireachtaí gnó a bhunú le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, nó chun leanúint leo;

(b)

bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun foinse an rachmais agus foinse na gcistí a bhaineann le gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta ócáideacha le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil a shuí;

(c)

faireachán feabhsaithe leanúnach a dhéanamh ar na gaolmhaireachtaí gnó sin.

2.   Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir chun daoine a shainaithint arb eol gur dlúthchomhlaigh iad;

(b)

an leibhéal riosca a bhaineann le catagóir ar leith de dhuine atá faoi riteacht pholaitiúil, ball teaghlaigh nó duine is eol a bheith ina dhlúthchomhlach, lena n-áirítear treoir maidir leis an gcaoi a ndéanfar na rioscaí sin a mheasúnú i gcás nach bhfuil feidhm phoiblí shuntasach mar chúraim ar an duine a thuilleadh chun críocha Airteagal 45.

Airteagal 43

Liosta d’fheidhmeanna poiblí suntasacha

1.   Déanfaidh gach Ballstát liosta a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta ina gcuirfear in iúl na feidhmeanna beachta a cháilíonn, de réir a dhlíthe náisiúnta, a rialachán náisiúnta agus a fhorálacha riaracháin náisiúnta, mar fheidhmeanna poiblí suntasacha chun críocha Airteagal 2(1), pointe (34)5. Iarrfaidh na Ballstáit ar gach eagraíocht idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar a gcríoch liosta feidhmeanna suntasacha ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta chun críocha Airteagal 2(1), pointe (3). Áireofar sna liostaí sin freisin aon fheidhm a fhéadfar a thabhairt d’ionadaithe tríú tíortha agus ionadaithe comhlachtaí idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar leibhéal an Bhallstáit. Tabharfaidh Ballstát fógra faoi na liostaí sin, chomh maith le haon athrú a dhéanfar orthu, don Choimisiún agus do AMLA.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an fhormáid a leagan amach chun liostaí na mBallstát d’fheidhmeanna poiblí suntasacha a bhunú agus a chur in iúl de bhun mhír 1. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).

3.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun Airteagal 2(1), pointe (34), a fhorlíonadh i gcás ina sainaithnítear, sna liostaí ar thug Ballstáit fógra ina leith de bhun mhír 1, catagóirí coiteanna breise d’fheidhmeanna poiblí suntasacha agus go bhfuil na catagóirí sin d’fheidhmeanna poiblí suntasacha ábhartha don Aontas ina iomláine.

Agus gníomhartha tarmligthe á dtarraingt suas de bhun na chéad fhomhíre, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le AMLA.

4.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na bhfeidhmeanna beachta a cháilíonn mar fheidhmeanna poiblí suntasacha ar leibhéal an Aontais a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta. Áireofar sa liosta sin freisin aon fheidhm a fhéadfar a thabhairt d’ionadaithe tríú tíortha agus ionadaithe comhlachtaí idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar leibhéal an Aontais.

5.   Cuirfidh an Coimisiún, bunaithe ar na liostaí dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 4 den Airteagal seo, liosta aonair i dtoll a chéile de gach feidhm phoiblí shuntasach chun críocha Airteagal 2(1), pointe (34). Foilseoidh an Coimisiún an liosta aonair sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh AMLA an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 44

Daoine atá faoi riteacht pholaitiúil ar tairbhithe de pholasaithe árachais iad

Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta réasúnacha chun a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil na tairbhithe de pholasaí árachais saoil nó de pholasaí árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht nó, i gcás inarb ábhartha, úinéir tairbhiúil an tairbhí, ina ndaoine atá faoi riteacht pholaitiúil. Déanfar na bearta sin tráth nach déanaí ná an tráth a íoctar nó a shanntar an polasaí go hiomlán nó go páirteach. I gcás ina sainaithneofar rioscaí níos airde, chomh maith leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20 a chur i bhfeidhm, déanfaidh na heintitis faoi oibleagáid:

(a)

an bhainistíocht shinsearach a chur ar an eolas sula n-íocfar fáltais pholasaí;

(b)

grinnscrúdú feabhsaithe a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht gnó iomlán leis an sealbhóir polasaí.

Airteagal 45

Bearta i ndáil le daoine a scoireann de bheith ina ndaoine atá faoi riteacht pholaitiúil

1.   I gcás nach mbeidh feidhm phoiblí shuntasach curtha ar iontaoibh duine atá faoi riteacht pholaitiúil ag an Aontas, ag Ballstát, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta a thuilleadh, ceanglófar ar eintitis faoi oibleagáid go gcuirfí san áireamh an riosca leanúnach a bhaineann leis an duine sin, mar thoradh ar an bhfeidhm a bhí aige nó aici roimhe sin, agus iad ag déanamh measúnú ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i gcomhréir le hAirteagal 20.

2.   Cuirfidh eintitis faoi oibleagáid ceann amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 34(4) i bhfeidhm chun na rioscaí a bhaineann leis an duine atá faoi riteacht pholaitiúil a mhaolú, go dtí go measfar nach ann do na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thuilleadh, ach in aon chás ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí i ndiaidh an trátha a scoirtear d’fheidhm phoiblí shuntasach a chur de chúram ar an duine sin a thuilleadh.

3.   Beidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear i mír 2 dá réir sin i gcás ina gcuireann eintiteas faoi oibleagáid idirbheart ócáideach i gcrích nó ina dtéann sé i mbun gaolmhaireacht gnó le duine ar chuir an tAontas, Ballstát, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta feidhm phoiblí shuntasach ar a iontaoibh roimhe sin.

Airteagal 46

Baill teaghlaigh agus daoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil

Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagail 42, 44 agus 45 freisin maidir le baill teaghlaigh nó daoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil.

ROINN 5

Forálacha sonracha maidir le dícheall cuí do chustaiméirí

Airteagal 47

Sonraíochtaí don earnáil árachais saoil agus árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht

I gcás gnó árachais saoil nó árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht, chomh maith leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a éilítear don chustaiméir agus don úinéir tairbhiúil, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid na bearta díchill chuí do chustaiméirí seo a leanas a chur i bhfeidhm ar thairbhithe polasaithe árachais saoil agus polasaithe árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht, a luaithe a shainaithneofar nó a ainmneofar na tairbhithe:

(a)

i gcás tairbhithe a shainaithneofar mar dhaoine atá ainmnithe go sonrach nó socruithe dlíthiúla, ainm an duine nó an tsocraithe a thaifeadadh;

(b)

i gcás tairbhithe atá ainmnithe de réir saintréithe nó de réir aicme nó trí mhodh eile, faisnéis leordhóthanach a fháil maidir leis na tairbhithe sin le go mbeidh sé ábalta céannacht an tairbhí a shainaithint tráth na híocaíochta.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfar fíorú chéannacht na dtairbhithe agus, i gcás inarb ábhartha, a n-úinéirí tairbhiúla, tráth na híocaíochta. I gcás ina sanntar an t-árachas saoil nó an t-árachas a bhaineann le hinfheistíocht go hiomlán nó go páirteach do thríú páirtí, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid atá ar an eolas faoin sannadh an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint tráth an tsannta don duine nádúrtha nó dlítheanach nó don socrú dlíthiúil a gheobhaidh luach an pholasaí a shanntar dá leas féin.

ROINN 6

Spleáchas ar dhícheall cuí do chustaiméirí arna dhéanamh ag eintitis eile faoi oibleagáid

Airteagal 48

Forálacha ginearálta a bhaineann le bheith ag brath ar eintitis eile faoi oibleagáid

1.   Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid brath ar eintitis eile faoi oibleagáid, bídís lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír, chun na ceanglais díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1), pointí (a), (b) agus (c), a chomhlíonadh, ar choinníoll:

(a)

go gcuireann na heintitis eile faoi oibleagáid na ceanglais díchill chuí do chustaiméirí agus na ceanglais maidir le coimeád taifead a leagtar síos sa Rialachán seo, nó a gcomhionann, i bhfeidhm i gcás ina mbeidh na heintitis eile faoi oibleagáid lonnaithe nó bunaithe i dtríú tír;

(b)

go ndéantar maoirsiú ar chomhlíonadh cheanglais AML/CFT ag na heintitis eile faoi oibleagáid ar bhealach atá comhsheasmhach le Caibidil IV de Threoir (AE) 2024/1640.

Is leis an eintiteas faoi oibleagáid atá ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid, áfach, a fhanfaidh an fhreagracht deiridh maidir le ceanglais díchill chuí do chustaiméirí a chomhlíonadh.

2.   Agus cinneadh á dhéanamh acu brath ar eintitis eile faoi oibleagáid atá lonnaithe i dtríú tíortha, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid san áireamh na tosca riosca geografacha a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III agus aon fhaisnéis ábhartha nó treoraíocht ábhartha a chuireann an Coimisiún, AMLA nó údaráis inniúla eile ar fáil.

3.   I gcás eintitis faoi oibleagáid ar chuid de ghrúpa iad, is féidir comhlíonadh cheanglais an Airteagail seo agus Airteagail 49 a áirithiú trí bhíthin beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha ar fad seo a leanas:

(a)

braitheann an t-eintiteas faoi oibleagáid ar fhaisnéis arna soláthar ag eintiteas faoi oibleagáid atá mar chuid den ghrúpa céanna agus aige sin amháin;

(b)

cuireann an grúpa beartais agus nósanna imeachta AML/CFT, bearta díchill chuí do chustaiméirí agus rialacha maidir le coimeád taifead i bhfeidhm atá go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó le rialacha coibhéiseacha i dtríú tíortha;

(c)

déanann údarás maoirseachta an Bhallstáit baile nó an tríú tír maoirseacht ar leibhéal grúpa ar chur i bhfeidhm éifeachtach na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir (AE) 2024/1640 nó i gcomhréir le rialacha an tríú tír sin.

4.   Ní bhraithfidh eintitis faoi oibleagáid ar eintitis faoi oibleagáid arna mbunú i dtríú tíortha arna sainaithint de bhun Roinn 2 den Chaibidil seo. Mar sin féin, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid arna mbunú san Aontas a bhfuil a mbrainsí agus a bhfochuideachtaí bunaithe sna tríú tíortha sin brath ar na brainsí agus na fochuideachtaí sin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ar fad a leagtar síos i mír 3.

Airteagal 49

Próiseas maidir le bheith ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid

1.   Gheobhaidh eintitis faoi oibleagáid ón eintiteas faoi oibleagáid ar a bhfuil siad ag brath an fhaisnéis ar fad is gá maidir leis an ngnó atá á thabhairt isteach nó maidir leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1), pointí (a), (b) agus (c).

2.   Glacfaidh eintitis faoi oibleagáid a bhraitheann ar eintitis eile faoi oibleagáid na céimeanna ar fad is gá lena áirithiú go gcuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid ar a bhfuil siad ag brath na nithe seo a leanas ar fáil ach iad a iarraidh:

(a)

cóipeanna den fhaisnéis a bhailítear chun an custaiméir a shainaithint;

(b)

na doiciméid tacaíochta ar fad nó na foinsí iontaofa faisnéise ar fad a úsáideadh chun céannacht an chliaint, agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht úinéirí tairbhiúla an chustaiméara nó na ndaoine ar thar a gceann a ghníomhaíonn an custaiméir a fhíorú, lena n-áirítear sonraí a fhaightear trí bhíthin modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaobhais ábhartha mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014; agus

(c)

aon fhaisnéis a bhailítear maidir le cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó.

3.   Cuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid a bhfuiltear ag brath air an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil gan mhoill agus in aon chás laistigh de 5 lá oibre.

4.   Sonrófar na coinníollacha maidir le tarchur na faisnéise agus na ndoiciméad a luaitear i míreanna 1 agus 2 i gcomhaontú i scríbhinn idir na heintitis faoi oibleagáid.

5.   I gcás ina mbraitheann an t-eintiteas faoi oibleagáid ar eintiteas faoi oibleagáid atá mar chuid dá ghrúpa, is féidir nós imeachta a bhunaítear ar leibhéal an ghrúpa a chur in ionad an chomhaontaithe i scríbhinn, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 48(3).

Airteagal 50

Treoirlínte maidir le bheith ag brath ar eintitis eile faoi oibleagáid

Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte d’eintitis faoi oibleagáid maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha atá inghlactha d’eintitis faoi oibleagáid chun brath ar fhaisnéis a bhailíonn eintiteas eile faoi oibleagáid, lena n-áirítear i gcás dícheall cuí do chustaiméirí a dhéantar go cianda;

(b)

róil agus freagracht na n-eintiteas faoi oibleagáid a bhfuil baint acu le cás ina mbeadh orthu bheith ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid;

(c)

cineálacha cur chuige mhaoirseachta maidir lena bheith ag brath ar eintitis eile faoi oibleagáid.

CAIBIDIL IV

TRÉDHEARCACHT MAIDIR LE HÚINÉIREACHT THAIRBHIÚIL

Airteagal 51

Úinéirí tairbhiúla d’eintitis dhlítheanacha a shainaithint

Is éard a bheidh in úinéirí tairbhiúla na daoine nádúrtha:

(a)

a bhfuil leas úinéireachta acu, go díreach nó go hindíreach, san eintiteas corparáideach; nó

(b)

a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, an t-eintiteas corparáideach nó an t-eintiteas dlítheanach eile, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile.

Déanfar rialú trí mhodhanna eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a shainaithint go neamhspleách ar leas úinéireachta nó rialú trí leas úinéireachta agus i gcomhthráth leis sin.

Airteagal 52

Úinéireacht thairbhiúil trí leas úinéireachta

1.   Chun críoch Airteagal 51, an chéad fhomhír, pointe (a), ciallóidh ‘leas úinéireachta san eintiteas corparáideach’ úinéireacht dhíreach nó indíreach ar 25 % nó níos mó de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile san eintiteas corparáideach, lena n-áirítear cearta ar sciar de bhrabúis, d’acmhainní inmheánacha eile nó d’iarmhéid leachtaithe. Ríomhfar an úinéireacht indíreach trí na scaireanna nó na cearta vótála nó na leasanna úinéireachta eile atá i seilbh na n-eintiteas idirmheánach i slabhra na n-eintiteas ina bhfuil scaireanna nó cearta vótála i seilbh an úinéara thairbhiúil a iolrú agus trí na torthaí ó na slabhraí éagsúla sin a shuimiú, mura mbeidh feidhm ag Airteagal 54.

Chun measúnú a dhéanamh an ann do leas úinéireachta san eintiteas corparáideach, cuirfear na scairshealbha ar fad ar gach leibhéal úinéireachta san áireamh.

2.   I gcás ina sainaithneoidh na Ballstáit de bhun Airteagal 8(4), pointe (c), de Threoir (AE) /2024/1640 catagóirí d’eintitis chorparáideacha atá neamhchosanta ar rioscaí níos airde maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear bunaithe ar na hearnálacha ina n-oibríonn siad, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Faoin 10 Iúil 2029, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na rioscaí a bhaineann leis na catagóirí sin d’eintitis dhlítheanacha ábhartha don mhargadh inmheánach agus, i gcás ina gcinnfidh sé gurb iomchuí tairseach níos ísle chun na rioscaí sin a mhaolú, déanfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a leasú tríd an méid seo a leanas a shainaithint:

(a)

catagóirí na n-eintiteas corparáideach lena mbaineann rioscaí níos airde maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus a mbeidh feidhm ag tairseach níos ísle i gceist leo;

(b)

na tairseacha gaolmhara.

Socrófar an tairseach níos ísle dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag uasmhéid de 15 % den leas úinéireachta san eintiteas corparáideach, ach amháin má chinneann an Coimisiún, ar bhonn riosca, go mbeadh tairseach níos airde níos comhréirí, a shocrófar i gcás ar bith ag níos lú ná 25 %.

3.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn tráthrialta chun a áirithiú go sainaithníonn sé na catagóirí ábhartha d’eintitis chorparáideacha lena mbaineann rioscaí níos airde, agus go bhfuil na tairseacha gaolmhara i gcomhréir leis na rioscaí sin.

4.   I gcás na n-eintiteas dlítheanach seachas eintitis chorparáideacha, nach iomchuí nó nach féidir úinéireacht a ríomh ina leith, ag féachaint dá bhfoirm agus dá struchtúr, is iad na daoine nádúrtha a rialaíonn an t-eintiteas dlítheanach, go díreach nó go hindíreach, na húinéirí tairbhiúla, de bhun Airteagal 53(3) agus (4), ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 57.

Airteagal 53

Úinéireacht thairbhiúil trí rialú

1.   Déanfar rialú ar eintiteas corparáideach nó eintiteas dlítheanach eile a fheidhmiú trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile.

2.   Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘rialú ar an eintiteas dlítheanach’ an fhéidearthacht tionchar suntasach a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, agus cinntí ábhartha a fhorchur laistigh den eintiteas dlítheanach;

(b)

ciallaíonn ‘rialú indíreach ar eintiteas dlítheanach’ rialú ar eintitis dhlítheanacha idirmheánacha sa struchtúr úinéireachta nó i slabhraí éagsúla den struchtúr úinéireachta, i gcás ina sainaithnítear an rialú díreach ar gach leibhéal den struchtúr;

(c)

ciallaíonn ‘rialú trí leas úinéireachta an eintitis chorparáidigh’ úinéireacht dhíreach nó indíreach de 50 % móide ceann amháin de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile san eintiteas corparáideach.

3.   Le rialú ar an eintiteas dlítheanach trí mhodhanna eile, áireofar in aon chás an fhéidearthacht an méid seo a leanas a fheidhmiú:

(a)

i gcás eintiteas corparáideach, tromlach na gceart vótála san eintiteas corparáideach, bídís á gcomhroinnt ag daoine atá ag gníomhú de chomhbheart nó ná bíodh;

(b)

an ceart tromlach chomhaltaí an bhoird nó an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó tromlach na n-oifigeach comhchosúil de chuid an eintitis dhlítheanaigh a cheapadh nó a bhaint;

(c)

cearta crosta nó cearta cinnteoireachta ábhartha a ghabhann le sciar an eintitis chorparáidigh;

(d)

cinntí maidir le dáileadh bhrabúis an eintitis dhlítheanaigh nó as a n-eascraíonn aistriú sócmhainní san eintiteas dlítheanach.

4.   Sa bhreis ar mhír 3, féadfar rialú ar an eintiteas dlítheanach a fheidhmiú trí mhodhanna eile. Ag brath ar chás ar leith an eintitis dhlítheanaigh agus ar a struchtúr, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí an méid seo a leanas ar na modhanna rialaithe eile:

(a)

comhaontuithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla le húinéirí, comhaltaí nó na heintitis dhlítheanacha, forálacha sna hairteagail chomhlachais, comhaontuithe comhpháirtíochta, comhaontuithe cuibhreannais, nó doiciméid choibhéiseacha nó comhaontuithe coibhéiseacha, ag brath ar shaintréithe sonracha an eintitis dhlítheanaigh, chomh maith le socruithe vótála;

(b)

gaolmhaireachtaí idir baill teaghlaigh;

(c)

úsáid a bhaint as socruithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla i gcás ainmnitheach.

Chun críche na míre seo, ciallaíonn ‘socrú foirmiúil ainmnitheach’ conradh nó socrú coibhéiseach idir ainmneoir agus ainmnitheach, i gcás inarb eintiteas dlítheanach nó duine nádúrtha é an t-ainmneoir a eisíonn treoracha d’ainmnitheach chun gníomhú thar a cheann i gcáil ar leith, lena n-áirítear mar stiúrthóir nó mar scairshealbhóir nó mar shocraitheoir, agus i gcás inarb eintiteas dlítheanach nó duine nádúrtha é an t-ainmnitheach a fhaigheann ordú ón ainmneoir gníomhú thar a cheann;

Airteagal 54

Cómhaireachtáil leasa úinéireachta agus rialaithe sa struchtúr úinéireachta

I gcás ina bhfuil eintitis chorparáideacha faoi úinéireacht ag struchtúr úinéireachta ilsrathach, agus inarb ann, i slabhra amháin nó níos mó den struchtúr sin, don leas úinéireachta agus don rialú an tráth céanna i ndáil le sraitheanna éagsúla den slabhra, is éard a bheidh sna húinéirí tairbhiúla:

(a)

na daoine nádúrtha a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile, eintitis dhlítheanacha a bhfuil leas úinéireachta acu go díreach san eintiteas corparáideach, bíodh sin ar bhonn aonair nó go carnach;

(b)

na daoine nádúrtha a bhfuil leas úinéireachta acu, ar bhonn aonair nó go carnach, go díreach nó go hindíreach, san eintiteas corparáideach a rialaíonn, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile, an t-eintiteas corparáideach, go díreach nó go hindíreach.

Airteagal 55

Struchtúir úinéireachta lena mbaineann socruithe dlíthiúla nó eintitis dhlítheanacha chomhchosúla

I gcás ina bhfuil úinéireacht ag eintitis dhlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 57, nó ag socruithe dlíthiúla, san eintiteas corparáideach, bíodh sin ar bhonn aonair nó go carnach, nó i gcás ina rialaíonn siad an t-eintiteas corparáideach, go díreach nó go hindíreach, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile, is iad na húinéirí tairbhiúla na daoine nádúrtha a bheidh ina n-úinéirí tairbhiúla ar na heintitis dhlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 57 nó ar na socruithe dlíthiúla.

Airteagal 56

Fógraí

Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoin 10 Deireadh Fómhair 2027 maidir le liosta de na cineálacha eintiteas dlítheanach arb ann dóibh faoina dhlí náisiúnta le húinéirí tairbhiúla arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 51 agus Airteagal 52(4).Cuirfear san áireamh san fhógra sin catagóirí sonracha eintiteas, cur síos ar shaintréithe, agus, i gcás inarb infheidhme, bunús dlí faoi dhlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann. Cuirfear in iúl ann freisin cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag an sásra faoi Airteagal 63(4), de bharr foirm shonrach agus struchtúr sonrach eintiteas dlítheanach seachas eintitis chorparáideacha, chomh maith le réasúnú mionsonraithe do na cúiseanna leis sin.

Cuirfidh an Coimisiún an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl do na Ballstáit eile.

Airteagal 57

Úinéirí tairbhiúla a shainaithint d’eintitis dhlítheanacha atá cosúil le hiontaobhas sainráite

1.   I gcás eintitis dhlítheanacha seachas na heintitis sin dá dtagraítear in Airteagal 51, cosúil le hiontaobhas sainráite, mar atá fondúireachtaí, is iad na daoine nádúrtha seo a leanas ar fad a bheidh ina n-úinéirí tairbhiúla:

(a)

na bunaitheoirí;

(b)

comhaltaí an chomhlachta bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta;

(c)

comhaltaí an chomhlachta bainistíochta i gcáil a fheidhme maoirseachta;

(d)

na tairbhithe, mura bhfuil feidhm ag Airteagal 59;

(e)

aon duine nádúrtha eile, a rialaíonn an t-eintiteas dlítheanach go díreach nó go hindíreach.

2.   Nuair is le struchtúir rialaithe ilsrathacha eintitis dhlítheanacha dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina bhfuil aon cheann de na poist a liostaítear i mír 1 ag eintiteas dlítheanach, is iad úinéirí tairbhiúla an eintitis dhlítheanaigh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

na daoine nádúrtha a liostaítear i mír 1; agus

(b)

úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas dlítheanach ag a bhfuil aon cheann de na poist a liostaítear i mír 1.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi liosta de chineálacha eintiteas dlítheanach don Choimisiún faoin 10 Deireadh Fómhair 2027, i gcás ina sainaithnítear na húinéirí tairbhiúla i gcomhréir le mír 1.

Beidh cur síos ar na nithe seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

foirm agus gnéithe bunúsacha na n-eintiteas dlítheanach sin;

(b)

an próiseas trínar féidir iad a chur ar bun;

(c)

an próiseas chun rochtain a fháil ar fhaisnéis bhunúsach agus ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil maidir leis na heintitis dhlítheanacha sin;

(d)

na suíomhanna gréasáin ar ar féidir na cláir lárnacha ina bhfuil faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas dlítheanach sin agus mionsonraí teagmhála na n-eintiteas atá i gceannas ar na cláir sin a cheadú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, liosta a ghlacadh de na cineálacha eintiteas dlítheanach atá á rialú le dlí na mBallstát agus ar cheart dóibh a bheith faoi réir cheanglais an Airteagail seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).

Airteagal 58

Úinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla a shainaithint

1.   Is iad na daoine nádúrtha ar fad seo a leanas a bheidh sna húinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite:

(a)

na socraitheoirí;

(b)

na hiontaobhaithe;

(c)

na cosantóirí, más ann;

(d)

na tairbhithe, mura bhfuil feidhm ag Airteagal 59 nó 60;

(e)

aon daoine nádúrtha eile a fheidhmíonn rialú deiridh ar an iontaobhas sainráite trí úinéireacht dhíreach nó indíreach nó trí mhodhanna eile, lena n-áirítear trí shlabhra rialaithe nó úinéireachta.

2.   I gcás socruithe dlíthiúla eile atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite, is iad na daoine nádúrtha ag a bhfuil post coibhéiseach nó comhchosúil leis na daoine sin dá dtagraítear i mír 1 a bheidh sna húinéirí tairbhiúla.

3.   I gcás inar le struchtúir rialaithe ilsrathacha socruithe dlíthiúla agus i gcás ina bhfuil aon cheann de na poist a liostaítear i mír 1 ag eintiteas dlítheanach, is iad úinéirí tairbhiúla na socruithe dlíthiúla:

(a)

na daoine nádúrtha a liostaítear i mír 1, agus

(b)

úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas dlítheanach ag a bhfuil aon cheann de na poist a liostaítear i mír 1.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi liosta de chineálacha socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite a rialaítear faoina ndlí don Choimisiún faoin 10 Deireadh Fómhair 2027.

Beidh cur síos ar na nithe seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra:

(a)

foirm agus gnéithe bunúsacha na socruithe dlíthiúla sin;

(b)

an próiseas trínar féidir na socruithe dlíthiúla sin a chur ar bun;

(c)

an próiseas chun rochtain a fháil ar fhaisnéis bhunúsach agus ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil maidir leis na socruithe dlíthiúla sin;

(d)

na suíomhanna gréasáin ar ar féidir na cláir lárnacha a cheadú ina bhfuil faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla na socruithe dlíthiúla sin agus mionsonraí teagmhála na n-eintiteas atá i gceannas ar na cláir sin a cheadú.

Beidh réasúnú ag gabháil leis an bhfógra freisin ina sonrófar na cúiseanna a measann an Ballstát go bhfuil na socruithe dlíthiúla ar tugadh fógra ina leith cosúil le hiontaobhais shainráite agus an fáth ar tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil socruithe dlíthiúla eile a rialaítear faoina dhlí cosúil le hiontaobhais shainráite.

5.   Féadfaidh an Coimisiúin liosta de cineálacha socruithe dlíthiúla a ghlacadh, trí ghníomh cur chun feidhme, atá á rialú faoi dhlíthe na mBallstát agus ar cheart iad a bheith faoi réir na gceanglas céanna trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil agus atá iontaobhais shainráite, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, den Airteagal seo a bheith ag gabháil leis. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).

Airteagal 59

Aicme tairbhithe a shainaithint

1.   I gcás eintitis dhlítheanacha atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite faoi Airteagal 57 nó, cé is moite d’iontaobhais lánroghnacha, iontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla faoi Airteagal 58, i gcás ina mbeidh tairbhithe fós le cinneadh, déanfar aicme na dtairbhithe agus a saintréithe ginearálta a shainaithint. Beidh tairbhithe san aicme ina n-úinéirí tairbhiúla a luaithe a shainaithneofar nó a ainmneofar iad.

2.   Sna cásanna seo a leanas, ní shainaithneofar ach aicme na dtairbhithe agus a saintréithe:

(a)

scéimeanna pinsin a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341;

(b)

scéimeanna úinéireachta airgeadais nó rannpháirtíochta fostaithe, ar choinníoll gur bhain na Ballstáit, tar éis measúnú riosca iomchuí a dhéanamh, de thátal gur riosca íseal mí-úsáide le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta atá ann;

(c)

eintitis dhlítheanacha atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite faoi Airteagal 57, iontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla faoi Airteagal 58, ar choinníoll:

(i)

go gcuirtear an t-eintiteas dlítheanach, an t-iontaobhas sainráite nó an socrú dlíthiúil comhchosúil ar bun chun críche neamhbhrabúis nó chun críche carthanachta; agus

(ii)

tar éis measúnú riosca iomchuí a dhéanamh, bhain na Ballstáit de thátal gur riosca íseal atá ann go mbainfear mí-úsáid as catagóir an eintitis dhlítheanaigh, as an iontaobhas sainráite nó as socrú dlíthiúil comhchosúil le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chatagóirí na n-eintiteas dlítheanach, na n-iontaobhas sainráite nó na socruithe dlíthiúla comhchosúla faoi mhír 2, mar aon le bonn cirt bunaithe ar an measúnú riosca sonrach. Cuirfidh an Coimisiún an fógra sin in iúl do na Ballstáit eile.

Airteagal 60

Ábhair cumhachta agus faighteoirí i gcás mainneachtana in iontaobhais lánroghnacha a shainaithint

I gcás iontaobhais lánroghnacha, nuair atá tairbhithe fós le roghnú, déanfar ábhair cumhachta agus faighteoirí i gcás mainneachtana a shainaithint. Beidh tairbhithe ar na hábhair cumhachta ina n-úinéirí tairbhiúla a luaithe a shainaithneofar nó a ainmneofar iad. Beidh faighteoirí i gcás mainneachtana ina n-úinéirí tairbhiúla nuair a mhainníonn na hiontaobhaithe a lánrogha a fheidhmiú.

I gcás ina gcomhlíonfaidh iontaobhais lánroghnacha na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 59(2), ní shainaithneofar ach aicme na n-ábhar cumhachta agus faighteoirí i gcás mainneachtana. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi na catagóirí sin d’iontaobhais lánroghnacha i gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin.

Airteagal 61

Úinéirí tairbhiúla gnóthas comhinfheistíochta a shainaithint

De mhaolú ar Airteagal 51, an chéad mhír, agus Airteagal 58(1), is iad na daoine nádúrtha a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas úinéirí tairbhiúla gnóthas comhinfheistíochta:

(a)

tá 25 % nó níos mó acu, go díreach nó go hindíreach, de na haonaid sa ghnóthas comhinfheistíochta;

(b)

tá siad in ann beartas infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta a shainiú nó tionchar a imirt air;

(c)

rialaíonn siad gníomhaíochtaí an ghnóthais comhinfheistíochta ar shlite eile.

Airteagal 62

Faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil

1.   Áiritheoidh eintitis dhlítheanacha agus iontaobhaithe iontaobhas sainráite nó daoine a bhfuil poist choibhéiseacha i socruithe dlíthiúla comhchosúla acu go mbeidh an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil atá ina seilbh acu, a sholáthraíonn siad d’eintitis faoi oibleagáid i gcomhthéacs nósanna imeachta díchill chuí do chustaiméirí i gcomhréir le Caibidil III nó a chuireann siad isteach chuig cláir lárnacha leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta.

Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

gach ainm agus sloinne, áit bhreithe agus dáta breithe iomlán, seoladh cónaithe, tír chónaithe agus náisiúntacht nó náisiúntachtaí an úinéara thairbhiúil, uimhir an doiciméid aitheantais, mar shampla pas nó doiciméad aitheantais náisiúnta, agus i gcás inar ann dó, uimhir aitheantais phearsanta uathúil arna sannadh do dhuine ag a ghnáth-thír chónaithe nó a gnáth-thír chónaithe, agus cur síos ginearálta ar fhoinse na huimhreach sin;

(b)

cineál agus méid an leasa thairbhiúil a shealbhaítear san eintiteas dlítheanach nó sa socrú dlíthiúil, bíodh sin trí leas úinéireachta nó rialú trí mhodhanna eile, chomh maith leis an dáta ónar sealbhaíodh an leas tairbhiúil;

(c)

faisnéis faoin eintiteas dlítheanach arb é an duine nádúrtha a úinéir tairbhiúil i gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (b), nó, i gcás socruithe dlíthiúla arb é an duine nádúrtha an t-úinéir tairbhiúil orthu, faisnéis bhunúsach faoin socrú dlíthiúil;

(d)

i gcás ina bhfuil níos mó ná eintiteas dlítheanach amháin nó socrú dlíthiúil amháin i gceist ó thaobh struchtúr úinéireachta agus rialaithe de, cur síos ar an struchtúr sin, lena n-áirítear ainmneacha agus, i gcás inar ann dóibh, uimhreacha aitheantais na n-eintiteas dlítheanach aonair nó na socruithe dlíthiúla aonair atá mar chuid den struchtúr sin, agus cur síos ar na gaolmhaireachtaí eatarthu, lena n-áirítear sciar an leasa a shealbhaítear;

(e)

i gcás ina sainaithneofar aicme tairbhithe faoi Airteagal 59, cur síos ginearálta ar shaintréith aicme na dtairbhithe;

(f)

i gcás ina sainaithneofar ábhair cumhachta agus faighteoirí i gcás mainneachtana faoi Airteagal 60:

(i)

i gcás daoine nádúrtha, a n-ainmneacha agus a sloinnte;

(ii)

i gcás eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla, a n-ainmneacha;

(iii)

i gcás aicme ábhar cumhachta nó faighteoirí i gcás mainneachtana, cur síos uirthi.

2.   Eintitis dhlítheanacha agus iontaobhaithe iontaobhas sainráite nó daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil, gheobhaidh siad faisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta faoi úinéireacht thairbhiúil laistigh de 28 lá féilire ón uair a chruthaítear an t-eintiteas dlítheanach nó ó bhunú an tsocraithe dhlíthiúil.. Tabharfar an fhaisnéis sin a cothrom le dáta go pras, agus in aon chás, laistigh de 28 lá féilire tar éis aon athrú uirthi, agus ar bhonn bliantúil chomh maith.

Airteagal 63

Oibleagáidí eintiteas dlítheanach

1.   Déanfaidh gach eintiteas dlítheanach a chruthaítear san Aontas faisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta faoi úinéireacht thairbhiúil a fháil agus a choinneáil.

Soláthróidh eintitis dhlítheanacha, sa bhreis ar fhaisnéis faoina n-úinéirí dlíthiúla, faisnéis faoi na húinéirí tairbhiúla d’eintitis faoi oibleagáid i gcás ina ndéanann na heintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil III.

2.   Déanfaidh eintiteas dlítheanach faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a thuairisciú don chlár lárnach gan moill mhíchuí tar éis a cruthaithe. Déanfar aon athrú ar an bhfaisnéis a thuairisciú don chlár lárnach gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 28 lá féilire ón athrú. Fíoróidh an t-eintiteas dlítheanach go tráthrialta go bhfuil faisnéis cothrom le dáta ina sheilbh aige faoina úinéireacht thairbhiúil. Ar a laghad, déanfar an fíorú sin gach bliain cibé acu mar phróiseas neamhspleách nó mar chuid de phróisis thréimhsiúla eile ar nós ráiteas airgeadais a chur isteach.

Déanfaidh úinéirí tairbhiúla eintitis dhlítheanaigh chomh maith leis na heintitis dhlítheanacha agus, i gcás socruithe dlíthiúla, a n-iontaobhaithe nó daoine ag a bhfuil post coibhéiseach, ar cuid d’úinéireacht nó de struchtúr rialaithe eintitis dhlítheanaigh iad, an fhaisnéis uile a theastaíonn a sholáthar don eintiteas dlítheanach sin ionas go mbeidh an t-eintiteas dlítheanach in ann ceanglais na Caibidle seo a chomhlíonadh nó freagra a thabhairt ar aon iarraidh ar fhaisnéis bhreise a fuarthas de bhun Airteagal 10(4) de Threoir (AE) 2024/1640.

3.   I gcás, agus gach modh sainaitheantais atá ar fáil de bhun Airteagail 51 go 57 a ídithe, nach sainaithneofar aon duine mar úinéir tairbhiúil, nó i gcás éiginnteacht mhór a bhfuil údar maith léi ar thaobh an eintitis dhlítheanaigh gurb iad na daoine a sainaithníodh na húinéirí tairbhiúla, coimeádfaidh na heintitis dhlítheanacha taifid de na gníomhartha a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil á soláthar acu i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo agus le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2024/1640,soláthróidh eintitis dhlítheanacha an méid seo a leanas:

(a)

ráiteas nach bhfuil aon úinéir tairbhiúil ann nó nárbh fhéidir na húinéirí tairbhiúla a chinneadh, agus réasúnú ag gabháil leis maidir leis an bhfáth nárbh fhéidir an t-úinéir tairbhiúil a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 51 go 57 den Rialachán seo agus cá bhfuil an éiginnteacht san fhaisnéis a fionnadh;

(b)

mionsonraí gach duine nádúrtha a bhfuil post mar oifigeach bainistíochta sinsearach acu san eintiteas corparáideach nó in eintiteas dlítheanach atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 62(1), an dara fomhír, pointe (a)), den Rialachán seo.

Chun críoch na míre seo, ciallaíonn ‘oifigigh shinsearacha bainistíochta’ na daoine nádúrtha ar comhaltaí feidhmiúcháin den chomhlacht bainistíochta iad, chomh maith leis na daoine nádúrtha a fheidhmíonn feidhmeanna feidhmiúcháin in eintiteas dlítheanach agus atá freagrach as an mbainistíocht ó lá go lá agus atá cuntasach don chomhlacht bainistíochta.

5.   Cuirfidh eintitis dhlítheanacha an fhaisnéis arna bailiú de bhun an Airteagail seo ar fáil, ach í a iarraidh agus gan mhoill, d’údaráis inniúla.

6.   Coinneofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 ar feadh 5 bliana i ndiaidh an dáta a lánscoirtear na heintitis dhlítheanach nó a dtagann deireadh leo ar bhealach eile, bíodh sin ag daoine arna n-ainmniú ag an eintiteas chun na doiciméid a choinneáil, nó ag riarthóirí nó leachtaitheoirí nó daoine eile a bhfuil baint acu le lánscor an eintitis. Tuairisceofar céannacht agus mionsonraí teagmhála an duine atá freagrach as an bhfaisnéis a choinneáil chuig na cláir lárnacha.

Airteagal 64

Oibleagáidí maidir le hiontaobhaithe

1.   I gcás aon socrú dlíthiúil arna riar i mBallstát nó a bhfuil a iontaobhaí nó duine a bhfuil post coibhéiseach aige i socrú dlíthiúil comhchosúil ina chónaí nó ina cónaí nó bunaithe i mBallstát, déanfaidh iontaobhaithe agus daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an socrú dlíthiúil a fháil agus a choimeád:

(a)

faisnéis bhunúsach faoin socrú dlíthiúil;

(b)

faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil atá leormhaith, chruinn agus cothrom le dáta mar a fhoráiltear faoi Airteagal 62;

(c)

i gcás ina bhfuil eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla ina bpáirtithe sa socrú dlíthiúil, faisnéis bhunúsach agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil maidir leis na heintitis dhlítheanacha agus na socruithe dlíthiúla sin;

(d)

faisnéis faoi aon ghníomhaire atá údaraithe gníomhú thar ceann an tsocraithe dhlíthiúil nó aon ghníomhaíocht a dhéanamh i ndáil leis, agus faisnéis faoi na heintitis faoi oibleagáid lena dtéann an t-iontaobhaí nó an duine a bhfuil post coibhéiseach aige i socrú dlíthiúil comhchosúil i mbun gaolmhaireacht gnó thar ceann an tsocraithe dhlíthiúil.

Coimeádfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh 5 bliana tar éis deireadh a theacht le rannpháirtíocht an iontaobhaí nó an duine a bhfuil post coibhéiseach aige leis an iontaobhas sainráite nó le socrú dlíthiúil comhchosúil.

2.   Déanfaidh an t-iontaobhaí nó an duine a bhfuil post coibhéiseach aige i socrú dlíthiúil comhchosúil faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil agus faisnéis bhunúsach faoin socrú dlíthiúil a fháil agus a thuairisciú gan moill mhíchuí don chlár tar éis an t-iontaobhas sainráite nó socruithe dlíthiúla comhchosúla a chur ar bun, agus in aon chás laistigh de 28 lá féilire ón dáta sin. Gan moill mhíchuí tar éis aon athrú ar an bhfaisnéis, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 28 lá féilire tar éis an athraithe ar an úinéireacht thairbhiúil nó ar an bhfaisnéis bhunúsach faoin socrú dlíthiúil, áiritheoidh an t-iontaobhaí nó an duine a bhfuil post coibhéiseach i socrú dlíthiúil comhchosúil aige go dtuairisceofar an fhaisnéis nuashonraithe don chlár.

Déanfaidh an t-iontaobhaí nó an duine a bhfuil post coibhéiseach i socrú dlíthiúil comhchosúil aige a fhíorú go tráthrialta go ndéantar an fhaisnéis atá acu faoi shocrú dlíthiúil de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, a thabhairt cothrom le dáta. Déanfar an fíorú sin uair sa bhliain ar a laghad, bíodh sin mar phróiseas neamhspleách nó mar chuid de phróisis thréimhsiúla eile.

3.   Déanfaidh na hiontaobhaithe nó na daoine a bhfuil post coibhéiseach i socrú dlíthiúil comhchosúil aige dá dtagraítear i mír 1 a stádas a nochtadh agus an fhaisnéis faoi na húinéirí tairbhiúla agus faoi shócmhainní na socruithe dlíthiúla atá le bainistiú i gcomhthéacs na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid agus bearta díchill chuí do chustaiméirí á gcur i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid, i gcomhréir le Caibidil III.

4.   Soláthróidh úinéirí tairbhiúla socraithe dhlíthiúil, seachas na hiontaobhaithe nó na daoine a bhfuil post coibhéiseach acu, a ghníomhairí agus na heintitis faoi oibleagáid atá ag soláthar seirbhísí don socrú dlíthiúil, chomh maith le haon duine agus, i gcás socruithe dlíthiúla, a n-iontaobhaithe, atá mar chuid de struchtúr rialaithe ilsrathach an tsocraithe dhlíthiúil, an fhaisnéis uile agus an doiciméadacht uile is gá do na hiontaobhaithe nó na daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil ionas go mbeidh na hiontaobhaithe nó na daoine a bhfuil post coibhéiseach acu in ann ceanglais na Caibidle sin a chomhlíonadh.

5.   Cuirfidh iontaobhaithe iontaobhais shainráite agus daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil an fhaisnéis arna bailiú de bhun an Airteagail seo ar fáil, ach í a iarraidh agus gan mhoill, d’údaráis inniúla.

6.   I gcás socruithe dlíthiúla ar eintitis dhlítheanacha iad a bpáirtithe, i gcás, i ndiaidh gach modh sainaitheantais atá ar fáil de bhun Airteagail 51 go 57 a ídiú, nach sainaithnítear aon duine mar úinéir tairbhiúil na n-eintiteas sin, nó i gcás éiginnteacht mhór a bhfuil údar maith léi gurb iad na daoine a sainaithníodh na húinéirí tairbhiúla, coimeádfaidh iontaobhaithe iontaobhas sainráite nó daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socruithe dlíthiúla comhchosúla taifid de na gníomhartha a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint.

7.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil á soláthar acu i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo agus le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2024/1640, soláthróidh iontaobhaithe iontaobhas sainráite nó daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socruithe dlíthiúla comhchosúla an méid seo a leanas:

(a)

ráiteas nach bhfuil aon úinéir tairbhiúil ann nó nárbh fhéidir na húinéirí tairbhiúla a chinneadh, agus réasúnú ag gabháil leis maidir leis an bhfáth nárbh fhéidir an t-úinéir tairbhiúil a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 51 go 57 den Airteagal seo agus cá bhfuil an éiginnteacht san fhaisnéis a fionnadh;

(b)

mionsonraí faoi gach duine nádúrtha a bhfuil post mar oifigeach bainistíochta sinsearach acu san eintiteas dlítheanach atá ina bpáirtí sa socrú dlíthiúil atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 62(1), an dara fomhír, pointe (a)), den Rialachán seo.

Airteagal 65

Eisceachtaí ó oibleagáidí eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 63 agus 64 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cuideachtaí a ligtear isteach a n-urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ar choinníoll:

(i)

gurb é an duine nádúrtha a bhfuil na cearta vótála aige, agus é siúd amháin, a dhéanann an rialú a fheidhmiú;

(ii)

nach cuid de struchtúr úinéireachta ná rialaithe na cuideachta aon eintiteas dlítheanach eile ná aon socruithe dlíthiúla eile; agus

(iii)

i gcás eintitis dhlítheanacha eachtracha faoi Airteagal 67, gur ann do cheanglais atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear i bhfophointí (i) agus (ii) den phointe seo faoi chaighdeáin idirnáisiúnta;

(b)

comhlachtaí a rialaítear faoin dlí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (4), de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43).

Airteagal 66

Oibleagáidí maidir le daoine ainmnithe

Déanfaidh scairshealbhóirí ainmnitheacha agus stiúrthóirí ainmnitheacha d’eintiteas dlítheanach faisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta a choimeád faoi chéannacht a n-ainmneora chomh maith le céannacht úinéirí tairbhiúla an ainmneora agus iad a nochtadh chomh maith lena stádas i ndáil le eintiteas dlítheanach. Déanfaidh eintitis dhlítheanacha an fhaisnéis sin a thuairisciú chuig na cláir lárnacha.

Déanfaidh eintiteas dlítheanach eile an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír a thuairisciú chuig eintitis faoi oibleagáid freisin i gcás ina bhfuil bearta díchill chuí do chustaiméirí á gcur i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid i gcomhréir le Caibidil III.

Airteagal 67

Socruithe dlíthiúla eachtracha agus eintitis dhlítheanacha eachtracha

1.   Eintitis dhlítheanacha eachtracha atá cruthaithe lasmuigh den Aontas agus iontaobhaithe iontaobhas sainráite nó daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil a riartar lasmuigh den Aontas nó a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe lasmuigh den Aontas, cuirfidh siad faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil de bhun Airteagal 62 chuig clár lárnach an Bhallstáit i gcás ina ndéanann siad an méid seo a leanas:

(a)

dul i mbun gaolmhaireacht gnó le heintiteas faoi oibleagáid;

(b)

réadmhaoin a fháil san Aontas, go díreach nó trí idirghabhálaithe;

(c)

aon cheann de na hearraí seo a leanas a fháil, go díreach nó trí idirghabhálaithe, ó dhaoine a thrádálann dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3), (f) agus (j), i gcomhthéacs idirbheart ócáideach:

(i)

mótarfheithiclí chun críoch neamhthráchtála ar phraghas EUR 250 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(ii)

árthaí uisce chun críoch neamhthráchtála ar phraghas EUR 7 500 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(iii)

aerárthaí chun críocha neamhthráchtála ar phraghas EUR 7 500 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(d)

conradh poiblí a fháil ó údarás conarthach san Aontas le haghaidh earraí nó seirbhísí, nó lamháltas;

2.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), i gcás ina dtéann eintitis dhlítheanacha arna gcruthú lasmuigh den Aontas i mbun gaolmhaireacht gnó le heintiteas faoi oibleagáid, ní chuirfidh siad a bhfaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil chuig an gclár lárnach ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

téann siad i mbun gaolmhaireacht gnó le heintiteas faoi oibleagáid a bhfuil baint aige le rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta meán-arda nó arda de bhun measúnú riosca ar leibhéal an Aontais nó mheasúnú riosca náisiúnta ón mBallstát lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 de Threoir (AE) 2024/1640; nó

(b)

sainaithnítear sa mheasúnú riosca ar leibhéal an Aontais nó sa mheasúnú riosca náisiúnta ón mBallstát lena mbaineann go bhfuil baint, i gcás inarb ábhartha, ag an gcatagóir den eintiteas dlítheanach nó ag an earnáil ina n-oibríonn an t-eintiteas dlítheanach arna gcruthú lasmuigh den Aontas, le rioscaí sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta meán-ardriosca nó ardriosca.

3.   Beidh ráiteas ag gabháil leis an bhfaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil ina leagfar amach cé acu de na gníomhaíochtaí sin a gcuirtear an fhaisnéis isteach ina leith, chomh maith le haon doiciméad ábhartha, agus cuirfear isteach í sna cásanna a leanas:

(a)

i leith na gcásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), roimh thús na gaolmhaireachta gnó;

(b)

i leith na gcásanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c), sula gcríochnófar an ceannach;

(c)

i leith na gcásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), sula síneofar an conradh.

4.   Chun críocha mhír 1, pointe (a), cuirfidh eintitis faoi oibleagáid na heintitis dhlítheanacha ar an eolas i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus ar ina leith a éilítear deimhniú um chruthúnas ar chlárú nó sliocht den fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a choimeádtar sa chlár lárnach chun dul ar aghaidh leis an ngaolmhaireacht gnó nó leis an idirbheart ócáideach.

5.   Sna cásanna a chumhdaítear le mír 1, déanfaidh eintitis dhlítheanacha arna gcruthú lasmuigh den Aontas agus iontaobhaithe iontaobhas sainráite nó daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil a riartar lasmuigh den Aontas nó a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas nó atá bunaithe lasmuigh den Aontas aon athrú ar an bhfaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil arna cur isteach chuig an gclár lárnach de bhun mhír 1 a thuairisciú gan moill mhíchuí, laistigh de 28 lá féilire ón athrú.

Beidh feidhm ag ceanglas na chéad fhomhíre maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

i leith na gcásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), ar feadh thréimhse iomlán na gaolmhaireachta gnó leis an eintiteas faoi oibleagáid;

(b)

i leith na gcásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), fad is gur leis an eintiteas dlítheanach nó leis an socrú dlíthiúil an réadmhaoin;

(c)

i leith na gcásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), ar feadh na tréimhse idir an tráth a chuirtear an fhaisnéis chuig an gclár lárnach den chéad uair agus an tráth a chuirtear an ceannach i gcrích;

(d)

i leith na gcásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), ar feadh thréimhse iomlán an chonartha.

6.   I gcás ina gcomhlíonann an t-eintiteas dlítheanach, iontaobhaí an iontaobhais shainráite nó an duine a bhfuil post coibhéiseach aige i socrú dlíthiúil comhchosúil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 i mBallstáit éagsúla, déanfar deimhniú um chruthúnas ar chlárú na faisnéise faoi úinéireacht thairbhiúil arna shealbhú ar chlár lárnach ag Ballstáit amháin a mheas mar chruthúnas leordhóthanach ar chlárú.

7.   Más rud é, na 10 Iúil 2027, gur le heintitis dhlítheanacha arna gcruthú lasmuigh den Aontas nó socruithe dlíthiúla a riartar lasmuigh den Aontas nó a bhfuil a n-iontaobhaí nó duine a bhfuil post coibhéiseach aige i socrú dlíthiúil comhchosúil ina chónaí nó ina cónaí nó bunaithe lasmuigh den Aontas, go díreach nó trí idirghabhálaithe, réadmhaoin, déanfar faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil na n-eintiteas dlítheanach agus na socruithe dlíthiúla sin a chur isteach chuig an gchlár lárnach agus beidh bonn cirt leis an gcur isteach sin ag gabháil leis an méid sin faoin 10 Eanáir 2028.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, áfach, maidir le heintitis dhlítheanacha nó le socruithe dlíthiúla a fuair réadmhaoin san Aontas roimh an 1 Eanáir 2014.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar bhonn riosca, go mbeidh feidhm ag dáta níos luaithe agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún ina leith sin. Cuirfidh an Coimisiún cinntí den sórt sin in iúl do na Ballstáit eile.

8.   Féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn riosca, an oibleagáid a leagtar amach i mír 1, pointe (a), a leathnú chuig gaolmhaireachtaí gnó le heintitis dhlítheanacha eachtracha atá ag dul ar aghaidh i gcónaí an 10 Iúil 2027 agus fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith. Cuirfidh an Coimisiún cinntí den sórt sin in iúl do na Ballstáit eile.

Airteagal 68

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha na Caibidle seo chun a áirithiú go gcuirfear iad chun feidhme. Beidh na smachtbhannaí dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 10 Eanáir 2025, faoi na rialacha sin maidir le phionóis, chomh maith leis an mbunús dlí ina leith, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Faoin 10 Iúil 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shainiú:

(a)

na catagóirí sáruithe atá faoi réir pionós agus na daoine atá faoi dhliteanas i leith na sáruithe sin;

(b)

táscairí chun leibhéal tromchúise sáruithe atá faoi réir pionós a aicmiú;

(c)

na critéir atá le cur san áireamh agus leibhéal na bpionós á shocrú.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tráthrialta ar an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun a áirithiú go sainaithnítear leis na catagóirí ábhartha sáruithe agus go bhfuil na pionóis ghaolmhara éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach.

CAIBIDIL V

OIBLEAGÁIDÍ TUAIRISCITHE

Airteagal 69

Amhras a thuairisciú

1.   Oibreoidh eintitis faoi oibleagáid, agus, i gcás inarb infheidhme, a stiúrthóirí agus a bhfostaithe, i gcomhar leis an FIU go hiomlán tríd an méid seo a leanas a dhéanamh go pras:

(a)

an FIU a chur ar an eolas, ar a dtionscnamh féin, i gcás ina mbeidh a fhios ag an eintiteas faoi oibleagáid, nó ina mbeidh forais réasúnacha aige le hamhras a bheith air, gur fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil iad cistí nó gníomhaíochtaí, is cuma an méid atá i gceist, nó go bhfuil baint acu le maoiniú sceimhlitheoireachta nó le gníomhaíocht choiriúil, agus trí iarrataí ón FIU ar fhaisnéis bhreise sna cásanna sin a fhreagairt;

(b)

an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don FIU, arna iarraidh sin dó, lena n-áirítear faisnéis faoi thaifid idirbhirt, laistigh de na sprioc-amanna a fhorchuirtear;

Na hidirbhearta amhrasacha uile, lena n-áirítear iarrachtaí ar idirbhearta a dhéanamh agus amhras a eascraíonn as neamhábaltacht dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh, tuairisceofar iad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid freagra ar iarrataí ar fhaisnéis ón FIU laistigh de 5 lá oibre. I gcásanna lena mbaineann réasúnú agus práinn, féadfaidh FIUnna an sprioc-am sin a laghdú, lena n-áirítear go níos lú ná 24 uair an chloig.

De mhaolú ar an tríú fomhír, féadfaidh an FIU síneadh a chur leis an sprioc-am le haghaidh freagartha thar an 5 lá oibre i gcás ina measann sé go bhfuil údar cuí leis agus ar choinníoll nach mbaineann an síneadh an bonn d’anailís an FIU.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid measúnú ar idirbhearta nó gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag a gcustaiméirí ar bhonn agus i gcoinne aon fhíorais agus faisnéise ábhartha atá ar eolas acu nó atá ina seilbh acu. I gcás inar gá, tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid tosaíocht dá measúnú agus aird á tabhairt ar phráinn an idirbhirt nó na gníomhaíochta agus ar na rioscaí a dhéanann difear don Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe.

Beidh amhras, de bhun mhír 1, pointe (a), ar shaintréithe an chustaiméara agus a chontrapháirtithe, ar mhéid agus ar chineál an idirbhirt nó na gníomhaíochta, nó ar mhodhanna agus ar phatrúin an idirbhirt nó na gníomhaíochta, ar an nasc idir roinnt idirbheart nó gníomhaíochtaí, ar thionscnamh, ceann scríbe nó úsáid na gcistí, nó ar aon imthoisc eile is eol don eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear comhsheasmhacht an idirbhirt nó na gníomhaíochta leis an bhfaisnéis a fuarthas de bhun Chaibidil III lena n-áirítear próifíl riosca an chliaint.

3.   Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin an fhormáid atá le húsáid chun amhras a thuairisciú de bhun mhír 1, pointe (a), agus chun taifid idirbhirt a sholáthar de bhun mhír 1, pointe (b).

4.   Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2024/1620.

5.   Faoin 10 Iúil 2027, déanfaidh AMLA treoirlínte faoi ghníomhaíocht nó iompraíocht amhrasach a eisiúint. Déanfar na treoirlínte sin a thabhairt cothrom chun dáta go tréimhsiúil.

6.   Déanfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur chuig FIU an Bhallstáit, a bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid a dhéanann an fhaisnéis a tharchur bunaithe ar a chríoch.

7.   Áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid go ndéanfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 11(2), chomh maith le haon fhostaí nó duine i bpost inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, a bhfuil baint acu le cur i gcrích na gcúraimí a chumhdaítear leis an Airteagal seo, a chosaint ar fhrithbheart, ar idirdhealú agus ar aon chóir éagórach eile as na cúraimí sin a dhéanamh.

Ní dhéanfaidh an mhír seo difear don chosaint a bhféadfadh na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith ina teideal faoi Threoir (AE) 2019/1937.

8.   I gcás ina mbeidh an t-eolas, an t-amhras nó na forais réasúnacha le hamhras a bheith ann mar thoradh ar ghníomhaíochtaí comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise gur fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil iad cistí, gan beann ar an méid atá i gceist, nó go mbaineann siad le maoiniú sceimhlitheoireachta, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid a shainaithin amhras i ndáil le gníomhaíochtaí a gcustaiméirí duine a ainmniú ina measc a gcuirfear de chúram air tuarascáil a chur faoi bhráid an FIU de bhun mhír 1, pointe (a). Áireofar sa tuarascáil sin, ar a laghad, ainm agus mionsonraí teagmhála na n-eintiteas faoi oibleagáid uile a bhí rannpháirteach sna gníomhaíochtaí as ar eascair an tuarascáil.

I gcás ina bhfuil na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe i roinnt Ballstát, tuairisceofar an fhaisnéis do gach FIU ábhartha. Chuige sin, áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid gurb é go gcuirfidh eintiteas faoi oibleagáid isteach i gcríoch na mBallstát ina bhfuil an FIU lonnaithe a dhéanfaidh an tuairisciú.

I gcás ina gcinnfidh na heintitis faoi oibleagáid gan leas a bhaint as an bhféidearthacht tuarascáil aonair a chur faoi bhráid an FIU de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh siad tagairt ina dtuarascáil do na gníomhaíochtaí comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise is cúis leis an amhras.

9.   Coinneoidh na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo cóip d’aon tuarascálacha arna gcur isteach de bhun na míre sin i gcomhréir le hAirteagal 77.

Airteagal 70

Forálacha sonracha maidir le tuairisciú amhras ag catagóirí áirithe d’eintitis faoi oibleagáid

1.   De mhaolú ar Airteagal 69(1), féadfaidh na Ballstáit lamháil do na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 3(a) agus (b),, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 69(1) a tharchur do chomhlacht féinrialála arna ainmniú ag an mBallstát.

Déanfaidh an comhlacht féinrialála ainmnithe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharchur don FIU go pras agus gan scagadh.

2.   Beidh nótairí, dlíodóirí, gairmithe dlí eile, iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 69(1) a mhéid a bhaineann díolúine mar sin le faisnéis a fhaigheann siad ó chliant leo nó a fhaigheann siad faoi chliant leo, le linn dóibh staid dhlíthiúil an chliaint sin a fhionnadh, nó le linn dóibh an cliant a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear comhairle a sholáthar chun na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint, gan beann ar cibé acu an bhfaightear an fhaisnéis sin roimh na himeachtaí sin, lena linn nó ina ndiaidh.

Ní bheidh feidhm ag an díolúine a leagtar amach sa chéad fhomhír i gcás na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear inti sna cásanna a leanas:

(a)

bíonn siad páirteach i sciúradh airgid, ina chionta preideacáide, nó i maoiniú na sceimhlitheoireachta;

(b)

tugann siad comhairle dlí chun críoch sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta, nó

(c)

bíonn a fhios acu go bhfuil comhairle dlí á lorg ag an gcliant chun críoch sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta; is féidir eolas nó cuspóir a thuiscint as imthosca fíorasacha oibiachtúla.

3.   Sa bhreis ar na cásanna dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, i gcás ina bhfuil údar leis ar bhonn rioscaí níos airde go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le cineálacha áirithe idirbheart, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhfuil feidhm ag an díolúine dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, maidir leis na cineálacha sin idirbheart agus, de réir mar is iomchuí, oibleagáidí tuairiscithe breise a fhorchur ar na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear sa mhír sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a ghlacfar de bhun na míre seo. Cuirfidh an Coimisiún na cinntí sin in iúl do na Ballstáit eile

Airteagal 71

Staonadh ó idirbhearta a dhéanamh

1.   Staonfaidh eintitis faoi oibleagáid ó idirbhearta a dhéanamh a bhfuil a fhios acu nó a bhfuil amhras orthu ina leith go bhfuil baint acu le fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil nó le maoiniú sceimhlitheoireachta go dtí go mbeidh tuarascáil curtha isteach acu i gcomhréir le hAirteagal 69(1), an chéad fhomhír, pointe (a), agus go mbeidh aon treoracha sonracha breise ón FIU nó ó údarás inniúil eile comhlíonta acu i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid an t-idirbheart lena mbaineann a dhéanamh tar éis measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le dul ar aghaidh leis an idirbheart mura mbeidh treoracha dá mhalairt faighte acu ón FIU laistigh de 3 lá oibre ón tuarascáil a chur isteach.

2.   I gcás nach bhfuil sé indéanta d’eintiteas faoi oibleagáid staonadh ó na idirbheart dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh nó i gcás inar dócha go gcuirfeadh staonadh bac ar iarrachtaí chun dul sa tóir ar thairbhithe idirbhirt amhrasta, cuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid an FIU ar an eolas díreach tar éis an t-idirbheart a dhéanamh.

Airteagal 72

Nochtadh do FIU

Ní bheidh i nochtadh faisnéise don FIU de mheon macánta ag eintiteas faoi oibleagáid nó ag fostaí nó stiúrthóir d’eintiteas faoi oibleagáid mar sin i gcomhréir le hAirteagal 69 agus Airteagal 70 sárú ar aon srian ar nochtadh faisnéise arna fhorchur ag conradh nó ag aon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin, agus ní bheidh an t-eintiteas faoi oibleagáid, a stiúrthóirí nó a fhostaithe faoi dhliteanas ar bith fiú in imthosca nárbh eol dóibh go cruinn an bhunghníomhaíocht choiriúil agus is cuma cé acu a tharla nó nár tharla gníomhaíocht choiriúil iarbhír.

Airteagal 73

Toirmeasc ar nochtadh

1.   Ní nochtfaidh eintitis faoi oibleagáid, a stiúrthóirí, a gcuid fostaithe, nó daoine i bpoist inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, don chustaiméir lena mbaineann nó d’aon tríú duine go bhfuil measúnú á dhéanamh, nó go bhfuil sé déanta, ar idirbhearta nó ar ghníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 69, go bhfuil an fhaisnéis á tarchur, go mbeidh sí á tarchur nó go bhfuil sí tarchurtha i gcomhréir le hAirteagal 69 nó le hAirteagal 70 nó go bhfuil anailís ar sciúradh airgid nó ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta á déanamh nó go bhféadfar í a dhéanamh.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le nochtaí d’údaráis inniúla agus do chomhlachtaí féinrialála i gcás ina ndéanann siad feidhmeanna maoirseachta, nó maidir le nochtadh chun críocha sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus gníomhaíocht choiriúil eile a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is féidir nochtadh a dhéanamh idir eintitis faoi oibleagáid ar den ghrúpa céanna iad, nó idir eintitis den sórt sin agus a mbrainsí agus a bhfochuideachtaí arna mbunú i dtríú tíortha, ar choinníoll go ndéanfaidh na brainsí agus na fochuideachtaí sin na beartais agus na nósanna imeachta uileghrúpa a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear nósanna imeachta chun faisnéis a chomhroinnt laistigh den ghrúpa, i gcomhréir le hAirteagal 16, agus go ndéanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta uileghrúpa na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

4.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is féidir nochtadh a dhéanamh idir eintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 3(a) agus (b), nó idir eintitis ó thríú tíortha a fhorchuireann ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, a chomhlíonfaidh a gcuid dualgas gairmiúil, bíodh siad ina bhfostaithe nó ná bíodh, laistigh den duine dlítheanach céanna nó struchtúr níos mó a mbaineann an duine leis agus a chomhroinneann úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann nó rialú coiteanna maidir le comhlíonadh, lena n-áirítear líonraí nó comhpháirtíochtaí.

5.   Maidir le heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (1), (2), (3)(a) agus (b), i gcásanna a bhaineann leis an idirbheart céanna lena mbaineann dhá eintiteas faoi oibleagáid nó níos mó, agus de mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is féidir nochtadh a dhéanamh idir na heintitis ábhartha faoi oibleagáid ar choinníoll go bhfuil siad lonnaithe san Aontas, nó le heintitis i dtríú tír a fhorchuireann ceanglais atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go bhfuil siad faoi réir rúndacht ghairmiúil agus ceanglais um chosaint sonraí pearsanta.

6.   I gcás ina bhféachfaidh na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 3(a) agus (b), le cliant a chur ó ghabháil do ghníomhaíocht mhídhleathach, ní hionann é sin agus nochtadh de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 74

Tuarascálacha tairseachbhunaithe ar idirbhearta earraí ardluacha áirithe

1.   Tuairisceoidh daoine a thrádálann in earraí ardluacha don FIU gach idirbheart a bhaineann le díol na n-earraí ardluacha seo a leanas nuair a fhaightear na hearraí sin chun críocha neamhthráchtála:

(a)

mótarfheithiclí ar phraghas EUR 250 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(b)

árthaí uisce ar phraghas EUR 7 500 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(c)

aerárthaí ar phraghas EUR 7 500 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta.

2.   Déanfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a sholáthraíonn seirbhísí i ndáil le ceannach nó aistriú úinéireacht na n-earraí dá dtagraítear i mír 1 gach idirbheart a dhéanann siad dá gcustaiméirí maidir leis na hearraí sin a thuairisciú don FIU freisin.

3.   Déanfar tuairisciú de bhun mhíreanna 1 agus 2 laistigh de na sprioc-amanna arna bhforchur ag an FIU.

CAIBIDIL VI

COMHROINNT FAISNÉISE

Airteagal 75

Malartú faisnéise faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise

1.   Féadfaidh comhaltaí comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise faisnéis a chomhroinnt le chéile i gcás ina bhfuil géarghá leis chun na hoibleagáidí faoi Chaibidil III agus Airteagal 69 a chomhlíonadh agus i gcomhréir le cearta bunúsacha agus coimircí nós imeachta breithiúnacha.

2.   Eintitis faoi oibleagáid a bhfuil sé ar intinn acu a bheith rannpháirteach i gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise, tabharfaidh siad fógra dá n-údaráis mhaoirseachta faoi seach, i gcás inarb ábhartha i gcomhairle le chéile agus leis na húdaráis atá i gceannas ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 a fhíorú, a fhíoróidh go bhfuil sásraí i bhfeidhm ag an gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise chun comhlíonadh an Airteagail seo a áirithiú agus go ndearnadh an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear i mír 4, pointe (h). Déanfar an fíorú sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí na comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise. I gcás inarb ábhartha, rachaidh na húdaráis mhaoirseachta i gcomhairle leis na FIUnna freisin.

Fágfar an fhreagracht as comhlíonadh na gceanglas faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta faoi na rannpháirtithe sa chomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise.

3.   Beidh an fhaisnéis a mhalartaítear faoi chuimsiú comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

faisnéis faoin gcustaiméir, lena n-áirítear aon fhaisnéis a gheofar le linn céannacht an chustaiméara a shainaithint agus a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, úinéir tairbhiúil an chustaiméara;

(b)

faisnéis maidir le cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh idir an custaiméir agus an t-eintiteas faoi oibleagáid chomh maith, i gcás inarb infheidhme, le foinse rachmais agus foinse chistí an chustaiméara;

(c)

faisnéis faoi idirbhearta custaiméara;

(d)

faisnéis faoi thosca riosca níos airde agus níos ísle a bhaineann leis an gcustaiméir;

(e)

anailís an eintitis faoi oibleagáid ar na rioscaí a bhaineann leis an gcustaiméir de bhun Airteagal 20(2);

(f)

faisnéis atá i seilbh an eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 77(1);

(g)

faisnéis faoi amhrais de bhun Airteagal 69.

Ní mhalartófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach a mhéid is gá chun gníomhaíochtaí na comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise a dhéanamh.

4.   Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir le comhroinnt faisnéise i gcomhthéacs comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise:

(a)

taifeadfaidh eintitis faoi oibleagáid gach cás de chomhroinnt faisnéise faoi chuimsiú na comhpháirtíochta;

(b)

ní bhraithfidh eintitis faoi oibleagáid go hiomlán ar an bhfaisnéis a fhaightear i gcomhthéacs na comhpháirtíochta chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(c)

ní thiocfaidh eintitis faoi oibleagáid ar chonclúidí ná ní ghlacfaidh siad cinntí a bhfuil tionchar acu ar an ngaolmhaireacht gnó leis an gcustaiméir nó ar idirbhearta ócáideacha a dhéantar don chustaiméir ar bhonn faisnéise a fhaightear ó rannpháirtithe eile sa chomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise gan measúnú a bheith déanta acu ar an bhfaisnéis sin; aon fhaisnéis a fhaightear i gcomhthéacs na comhpháirtíochta agus a úsáidtear i measúnú a mbeidh cinneadh gaolmhaireacht gnó a dhiúltú nó a fhoirceannadh nó idirbheart ócáideach a dhéanamh mar thoradh uirthi, áireofar í sna taifid a choimeádtar de bhun Airteagal 21(3), agus beidh tagairt sa taifead sin gur tháinig an fhaisnéis ó chomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise;

(d)

déanfaidh eintitis faoi oibleagáid a measúnú féin ar idirbhearta lena mbaineann custaiméirí chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh a bheith bainteach le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó a bhféadfadh fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil a bheith i gceist leo;

(e)

déanfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta lena gceadaítear bréagainmniú, chun leibhéal slándála agus rúndachta a áirithiú atá comhréireach le cineál agus méid na faisnéise a mhalartaítear;

(f)

ní dhéanfar faisnéis a chomhroinnt ach amháin maidir le custaiméirí

(i)

a mbaineann a n-iompraíocht nó a ngníomhaíochtaí idirbheart le riosca go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta, arna shainaithint de bhun an mheasúnaithe riosca ar leibhéal an Aontais agus ar an measúnú riosca náisiúnta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Threoir (AE) 2024/1640;

(ii)

a thagann faoi aon cheann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagail 29, 30, 31 agus 36 go 46 den Rialachán seo; nó

(iii)

ar gá do na heintitis faoi oibleagáid faisnéis bhreise a bhailiú ina leith chun a chinneadh an bhfuil baint acu le leibhéal níos airde riosca go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta;

(g)

ní fhéadfar faisnéis a ghintear trí úsáid a bhaint as intleacht shaorga, teicneolaíochtaí meaisínfhoghlama nó algartaim a chomhroinnt ach amháin i gcás ina raibh na próisis sin faoi réir formhaoirseacht dhaonna leormhaith;

(h)

déanfar measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 sula ndéanfar aon sonraí pearsanta a phróiseáil;

(i)

ní bhfaighidh, ní sholáthróidh agus ní mhalartóidh na húdaráis inniúla atá ina gcomhaltaí comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise faisnéis ach a mhéid is gá sin chun a gcúraimí a dhéanamh faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta;

(j)

i gcás ina mbeidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (44)(c), den Rialachán seo rannpháirteach i gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise, ní bhfaighidh siad, ní sholáthróidh siad ná ní mhalartóidh siad ach sonraí pearsanta agus faisnéis oibríochtúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44) agus leis na forálacha is infheidhme den dlí nós imeachta choiriúil náisiúnta, lena n-áirítear réamhúdarú breithiúnach nó aon choimirce nós imeachta náisiúnta eile de réir mar a cheanglaítear;

(k)

ní dhéanfar faisnéis faoi idirbhearta amhrasacha a mhalartú de bhun mhír 3, pointe (g), den Airteagal seo ach amháin i gcás inar chomhaontaigh an FIU ar cuireadh an tuairisc ar idirbhearta amhrasacha faoina bhráid de bhun Airteagal 69 nó Airteagal 70 leis an nochtadh sin.

5.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear i gcomhthéacs comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise a tharchur a thuilleadh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

go soláthraítear an fhaisnéis d’eintiteas eile faoi oibleagáid de bhun Airteagal 49(1);

(b)

go bhfuil an fhaisnéis le cur san áireamh i dtuarascáil arna cur faoi bhráid an FIU nó arna soláthar mar fhreagra ar iarraidh FIU de bhun Airteagal 69(1);

(c)

cuirtear an fhaisnéis ar fáil do AMLA de bhun Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2024/1620;

(d)

go n-iarrann údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis bhreithiúnacha an fhaisnéis, faoi réir aon réamhúdaruithe nó aon ráthaíochtaí nós imeachta eile mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta.

6.   Eintitis faoi oibleagáid atá rannpháirteach i gcomhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise, saineoidh siad beartais agus nósanna imeachta chun faisnéis a chomhroinnt ina mbeartais agus ina nósanna imeachta inmheánacha arna mbunú de bhun Airteagal 9. Maidir leis na beartais agus na nósanna imeachta sin:

(a)

sonrófar iontu an measúnú a bheidh le déanamh chun méid na faisnéise a bheidh le comhroinnt a chinneadh, agus i gcás inarb ábhartha i ndáil le cineál na faisnéise nó na coimircí breithiúnacha is infheidhme, déanfar foráil iontu maidir le rochtain dhifreáilte nó theoranta ar fhaisnéis do chomhaltaí na comhpháirtíochta;

(b)

tabharfar tuairisc iontu ar róil agus ar fhreagrachtaí na bpáirtithe sa chomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise;

(c)

sainaithneofar iontu na measúnuithe riosca a chuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid san áireamh chun cásanna ardriosca a chinneadh inar féidir faisnéis a chomhroinnt.

Déanfar na beartais agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt suas sula mbeifear rannpháirteach i gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise.

7.   I gcás ina measfaidh údaráis mhaoirseachta gur gá sin, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid atá rannpháirteach i gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise iniúchadh neamhspleách ar fheidhmiú na comhpháirtíochta sin a choimisiúnú agus comhroinnfidh siad na torthaí leis na húdaráis mhaoirseachta.

CAIBIDIL VII

COSAINT SONRAÍ AGUS TAIFID A CHOIMEÁD

Airteagal 76

Sonraí pearsanta a phróiseáil

1.   A mhéid is fíorghá chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid próiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.   Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann sonraí pearsanta a chumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil ar choinníoll:

(a)

go gcuireann siad a gcustaiméirí nó a gcustaiméirí ionchais ar an eolas go bhféadfar catagóirí na sonraí sin a phróiseáil chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(b)

go mbeidh na sonraí de thionscnamh foinsí iontaofa agus go mbeidh siad cruinn agus cothrom le dáta;

(c)

nach ndéanann siad cinntí as a dtiocfadh torthaí claonta agus idirdhealaitheacha ar bhonn na sonraí sin;

(d)

go nglacann siad bearta ar ardleibhéal slándála i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe i dtéarmaí rúndachta.

3.   Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann sonraí pearsanta a chumhdaítear le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus:

(a)

go mbaineann na sonraí pearsanta sin le sciúradh airgid, a chionta preideacáide, nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta;

(b)

go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid a lamhálann idirdhealú, agus na sonraí sin á bpróiseáil, idir líomhaintí, imscrúduithe, imeachtaí agus ciontuithe, agus an ceart bunúsach chun triail chóir a fháil, an ceart cosanta agus toimhde na neamhchiontachta á gcur san áireamh.

4.   Ní dhéanfaidh eintitis faoi oibleagáid sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo ach amháin chun cosc a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála orthu ar bhealach nach bhfuil ag luí leis na críocha sin. Toirmeascfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo chun críocha tráchtála.

5.   Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cinntí a ghlacadh a eascraíonn as próisis uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679, nó as próisis lena mbaineann córais intleachta saorga mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1),) de Rialachán (AE) 2024/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), ar choinníoll:

(a)

nach mbaineann na sonraí a phróiseáiltear leis na córais sin ach le sonraí a fhaightear de bhun Chaibidil III den Rialachán seo;

(b)

go bhfuil aon chinneadh maidir le gaolmhaireacht gnó a dhéanamh nó diúltú gaolmhaireacht gnó a dhéanamh nó a choinneáil ar bun le custaiméir nó maidir le hidirbheart ócáideach a dhéanamh nó diúltú é a dhéanamh do chustaiméir, nó méid na mbeart díchill chuí do chustaiméirí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo a mhéadú nó a laghdú, faoi réir idirghabháil fhóinteach dhaonna chun cruinneas agus oiriúnacht an chinnidh sin a áirithiú, agus

(c)

go bhféadfaidh an custaiméir míniú a fháil ar an gcinneadh ar tháinig an t-eintiteas faoi oibleagáid air, agus go bhféadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin, ach amháin maidir le tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 69 den Rialachán seo.

Airteagal 77

Taifid a choimeád

1.   Coinneoidh eintitis faoi oibleagáid na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

cóip de na doiciméid agus den fhaisnéis a fhaightear agus dícheall cuí do chustaiméirí á dhéanamh de bhun Chaibidil III, lena n-áirítear faisnéis a fhaightear trí mheáin sainaitheantais leictreonaigh;

(b)

taifead ar an measúnú a rinneadh de bhun Airteagal 69(2), lena n-áirítear an fhaisnéis agus na himthosca a breithníodh agus torthaí an mheasúnaithe sin, cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar tuarascáil ar idirbhearta amhrasacha chuig an FIU mar thoradh ar an measúnú sin, agus cóip den tuarascáil ar idirbhearta amhrasacha, más ann di;

(c)

an fhianaise thacaíochta agus taifid na n-idirbheart, arb é a bheidh iontu na doiciméid bhunaidh nó cóipeanna a bheidh inghlactha in imeachtaí breithiúnacha faoin dlí náisiúnta is infheidhme, a bhfuil gá leo chun idirbhearta a shainaithint;

(d)

nuair a bhíonn siad rannpháirteach i gcomhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise de bhun Chaibidil VI, cóipeanna de na doiciméid agus den fhaisnéis a fhaightear faoi chuimsiú na gcomhpháirtíochtaí sin, agus taifid gach cáis comhroinnte faisnéise.

Áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid nach ndéanfar doiciméid, faisnéis ná na taifid a choimeádtar de bhun an Airteagail seo a fholú.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cinneadh a dhéanamh tagairtí d’fhaisnéis a choimeád in ionad cóipeanna den fhaisnéis sin a choimeád, ar choinníoll go n-áiritheofar le cineál agus modh coimeádta na faisnéise sin go bhféadfaidh na heintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis a sholáthar d’údaráis inniúla láithreach agus nach féidir an fhaisnéis a leasú nó a athrú.

Saineoidh eintitis faoi oibleagáid a bhainfidh úsáid as an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina nósanna imeachta inmheánacha atá tarraingthe suas de bhun Airteagal 9 na catagóirí faisnéise dá gcoimeádfaidh siad tagairt in ionad cóip nó leagan bunaidh, chomh maith leis na nósanna imeachta chun an fhaisnéis a aisghabháil le go bhféadfar í a sholáthar d’údaráis inniúla ar í a iarraidh.

3.   Coinneofar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar feadh tréimhse 5 bliana dar tosach dáta foirceanta na gaolmhaireachta gnó nó ar dháta déanta an idirbhirt ócáidigh, nó ar an dáta a ndiúltaítear gaolmhaireacht gnó nó idirbheart ócáideach a dhéanamh. Gan dochar do thréimhsí coinneála sonraí a bhailítear chun críocha gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó den dlí náisiúnta a chomhlíonann Rialachán (AE) 2016/679, scriosfaidh eintitis faoi oibleagáid sonraí pearsanta ar dhul in éag don tréimhse 5 bliana.

Féadfaidh údaráis inniúla tréimhse choinneála is faide a cheangal maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn cás ar chás, ar choinníoll go bhfuil gá le coinneáil den sórt sin chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Ní rachaidh an tréimhse choinneála bhreise sin thar 5 bliana.

4.   I gcás, an 10 Iúil 2027, go mbeidh imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh ar feitheamh i mBallstát, agus i gcás ina mbeidh faisnéis nó doiciméid a bhaineann leis na himeachtaí sin ar feitheamh i seilbh ag eintiteas faoi oibleagáid, féadfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid an fhaisnéis nó na doiciméid sin a choinneáil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar feadh tréimhse 5 bliana ón 10 Iúil 2027.

Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit coinneáil faisnéise nó sonraí den sórt sin a cheadú nó a cheangal ar feadh tréimhse bhreise 5 bliana, i gcás inar suíodh riachtanas agus comhréireacht na coinneála breise sin chun sciúradh amhrasta airgid nó maoiniú amhrasta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

Airteagal 78

Taifid a sholáthar d’údaráis inniúla

Beidh córais i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid a chuireann ar a gcumas fiosrúcháin óna FIU nó ó údaráis inniúla eile a fhreagairt go hiomlán agus go tapa, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faoi cibé acu an bhfuil gaolmhaireacht gnó le daoine sonraithe á cothabháil acu nó cothabháilte acu le linn tréimhse 5 bliana roimh an bhfiosrúchán sin, agus maidir le cineál na gaolmhaireachta sin, trí bhealaí slána agus ar shlí a n-áirithíonn rúndacht iomlán na bhfiosrúchán.

CAIBIDIL VIII

BEARTA CHUN RIOSCAÍ A DHÍORTHAÍONN Ó IONSTRAIMÍ ANAITHNIDE A MHAOLÚ

Airteagal 79

Cuntais anaithnide agus scaireanna iompróra agus barántais scaire iompróra

1.   Cuirfear toirmeasc ar institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní cuntais anaithnide bainc agus íocaíochta, pasleabhair anaithnide, taisceadáin anaithnide nó cuntais cripteashócmhainní anaithnide a choinneáil, chomh maith le haon chuntas eile a lamhálann d’anaithnidiú shealbhóir an chuntais custaiméara, nó d’anaithnidiú nó doiléiriú méadaithe idirbheart, lena n-áirítear trí bhoinn lena gcuirtear leis an anaithnideacht.

Beidh úinéirí agus tairbhithe cuntas anaithnid bainc agus íocaíochta, pasleabhar anaithnid, taisceadán anaithnid atá i seilbh institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, nó cuntas cripteashócmhainní atá ann cheana féin faoi réir bearta díchill chuí do chustaiméirí sula ndéanfar na cuntais, na pasleabhair, nó na taisceadáin sin a úsáid ar aon slí.

2.   Ní ghlacfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a ghníomhaíonn mar fhaighteoirí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) le híocaíochtaí a dhéantar le cártaí réamhíoctha anaithnide a eisítear i dtríú tíortha, mura bhforáiltear a mhalairt sna caighdeáin theicniúla rialála a ghlac an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo ar bhonn riosca íseal cruthaithe.

3.   Cuirfear toirmeasc ar chuideachtaí barántais scaire iompróra a eisiúint, agus déanfaidh siad na scaireanna iompróra uile atá ann cheana a chomhshó ina scaireanna cláraithe, déanfaidh siad iad a bhlocáil de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, nó iad a thaisceadh le hinstitiúid airgeadais faoin 10 Iúil 2029. Mar sin féin, ceadófar do chuideachtaí a bhfuil urrúis liostaithe acu ar mhargadh rialáilte nó a ndéantar a gcuid scaireanna a eisiúint mar urrúis idirghafa trí bhlocáil de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (3), den Rialachán sin nó trí eisiúint dhíreach i bhfoirm dhí-ábharaithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (4), den Rialachán sin, ceadófar dóibh scaireanna iompróra nua a eisiúint agus scaireanna iompróra atá ann cheana a choinneáil. Maidir le scaireanna iompróra atá ann cheana nach ndéantar a chomhshó, a bhlocáil nó a thaisceadh faoin 10 Iúil 2029, déanfar na cearta vótála uile agus na cearta dáilte uile a ghabhann leis na scaireanna sin a chur ar fionraí go huathoibríoch go dtí go ndéanfar iad a chomhshó, a bhlocáil nó a thaisceadh. Déanfar na scaireanna uile den sórt sin nach bhfuil comhshóite, blocáilte ná taiscthe faoin 10 Iúil 2030 a chur ar ceal, as a dtiocfaidh laghdú ar scairchaipiteal an mhéid chomhfhreagraigh.

Cuirfear toirmeasc ar chuideachtaí barántais scaire iompróra nach mbeidh i bhfoirm idirghafa a eisiúint.

Airteagal 80

Teorainneacha le íocaíochtaí móra in airgead tirim mar mhalairt ar earraí nó ar sheirbhísí

1.   Féadfaidh daoine a thrádálann in earraí, nó a sholáthraíonn seirbhísí, íocaíocht in airgead tirim a dhéanamh nó a fháil chomh hard le EUR 10 000 nó méid coibhéiseach in airgeadra náisiúnta nó eachtrach, bíodh an t-idirbheart sin trí aon oibríocht amháin nó trí roinnt oibríochtaí a bhfuil an chuma orthu iad a bheith nasctha.

2.   Féadfaidh Ballstáit teorainneacha níos ísle a ghlacadh i ndiaidh chomhairliúchán an Bhainc Ceannais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Chinneadh 98/415/CE ón gComhairle (47). Tabharfar fógra faoi na teorainneacha níos ísle sin don Choimisiún laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar an beart isteach ar an leibhéal náisiúnta.

3.   I gcás inar ann do theorainneacha ar an leibhéal náisiúnta atá faoi bhun na teorann a leagtar amach i mír 1 cheana féin, beidh feidhm fós acu. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na teorainneacha sin faoin 10 Deireadh Fómhair 2024.

4.   Ní bheidh feidhm ag an teorainn dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

íocaíochtaí idir daoine nádúrtha nach bhfuil ag gníomhú i gcáil ghairmiúil;

(b)

íocaíochtaí nó taiscí a dhéantar ag áitribh institiúidí creidmheasa, eisitheoirí ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir 2009/110/CE agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Threoir (AE) 2015/2366.

Déanfar íocaíochtaí nó taiscí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), atá os cionn na teorann a thuairisciú don FIU laistigh de na sprioc-amanna arna bhforchur ag an FIU.

5.   Áiritheoidh Ballstáit go nglacfar bearta iomchuí, lena n-áirítear forchur pionós, in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ghníomhaíonn ina gcáil ghairmiúil i gcás ina mbeifear in amhras faoi shárú ar an teorainn a leagtar amach i mír 1, nó ar theorainn níos ísle arna glacadh ag na Ballstáit.

6.   Déanfar leibhéal foriomlán na bpionós a ríomh, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta, ar bhealach a thabharfaidh torthaí a bheidh comhréireach le tromchúis an tsáraithe, agus dá bharr sin a dhíspreagfaidh cionta eile den chineál céanna.

7.   I gcás, de bharr force majeure, nach mbeidh modhanna íocaíochta ó chistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366, seachas nótaí bainc agus boinn, ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm mhír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, mhír 2 den Airteagal seo a chur ar fionraí go sealadach agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi gan mhoill. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin faoi fhad ionchasach na tréimhse nach mbeidh fáil ar mhodhanna íocaíochta ó chistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 seachas nótaí bainc agus boinn agus faoi na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun iad a chur ar fáil arís.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise arna cur in iúl ag an mBallstát, nach bhfuil bonn cirt le cur i bhfeidhm mhír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, mhír 2 a chur ar fionraí ar bhonn force majeure, glacfaidh sé cinneadh a bheidh dírithe ar an mBallstát sin ina n-iarrfar go gcuirfí deireadh láithreach le fionraí den sórt sin.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

ROINN 1

Comhar idir FIUnna agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

Airteagal 81

Comhar idir FIUnna agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

1.   De bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939, tuairisceoidh gach FIU gan moill mhíchuí do OIPE torthaí a chuid anailísí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil sciúradh airgid agus gníomhaíocht choiriúil eile á ndéanamh nó déanta a bhféadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 25(2) agus (3) den Rialachán sin.

Faoin .10 Iúil 2026, forbróidh AMLA, i gcomhairle le OIPE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin an fhormáid atá le húsáid ag FIUnna chun faisnéis thuairisciú chuig OIPE.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2024/1620.

2.   Freagróidh FIUnna go tráthúil d’iarrataí ó OIPE ar fhaisnéis i ndáil le sciúradh airgid agus gníomhaíocht choiriúil eile dá dtagraítear i mír 1.

3.   Féadfaidh FIUnna agus OIPE torthaí anailísí straitéiseacha a mhalartú, lena n-áirítear típeolaíochtaí agus táscairí riosca, i gcás ina mbaineann na hanailísí sin le sciúradh airgid agus le gníomhaíocht choiriúil eile dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 82

Iarrataí ar fhaisnéis chuig OIPE

1.   Tabharfaidh OIPE freagra gan moill mhíchuí ar iarrataí réasúnaithe ar fhaisnéis ó FIU i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin riachtanach chun feidhmeanna an FIU a chur i gcrích faoi Chaibidil III de Threoir (AE) 2024/1640,

2.   Féadfaidh OIPE soláthar na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chur ar athló nó a dhiúltú i gcás inar dócha go ndéanfadh soláthar na faisnéise sin dochar do sheoladh cuí agus do rúndacht imscrúdaithe atá ar siúl. Déanfaidh OIPE cur ar athló nó diúltú an fhaisnéis a iarradh a sholáthar, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis sin, a chur in iúl go tráthúil don FIU iarrthach.

ROINN 2

Comhar idir FIUnna agus OLAF

Airteagal 83

Comhar idir FIUnna agus OLAF

1.   De bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48), déanfaidh gach FIU torthaí a anailísí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise a tharchur gan mhoill chuig OLAF i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais á ndéanamh nó déanta a bhféadfadh OLAF a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán sin.

2.   Freagróidh FIUnna go tráthúil d’iarrataí ar fhaisnéis ó OLAF i ndáil le calaois nó le héilliú nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile dá dtagraítear i mír 1.

3.   Féadfaidh FIUnna agus OLAF torthaí anailísí straitéiseacha a mhalartú, lena n-áirítear típeolaíochtaí agus táscairí riosca, i gcás ina mbaineann anailísí den sórt sin le calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 84

Iarrataí ar fhaisnéis chuig OLAF

1.   Freagróidh OLAF go tráthúil d’iarrataí réasúnaithe ar fhaisnéis ó FIU i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin riachtanach chun feidhmeanna an FIU a fheidhmiú faoi Chaibidil III de Threoir (AE) 2024/1640.

2.   Féadfaidh OLAF soláthar na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chur ar athló nó a dhiúltú i gcás inar dócha go mbeadh tionchar diúltach ag soláthar na faisnéise sin ar imscrúdú atá ar siúl. Déanfaidh OLAF cur ar athló nó diúltú den sórt sin a, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis sin, a chur in iúl ar bhealach tráthúil don FIU iarrthach.

ROINN 3

Forálacha eile

Airteagal 85

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 29, 30, 31, 34, 43, 52, agus 68 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 9 Iúil 2024.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 29, 30, 31, 34, 43, 52, agus 68 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 29, 30, 31 nó 34 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 1 mhí amháin tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 1 mhí amháin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

7.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 43, 52 nó 68 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 86

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Chosc ar Sciúradh Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta a bunaíodh le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2023/1113 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 87

Athbhreithniú

Faoin 10 Iúil 2032, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Áireofar sa chéad athbhreithniú measúnú ar na nithe seo a leanas:

(a)

na córais náisiúnta chun amhras a thuairisciú de bhun Airteagal 69 agus bacainní agus deiseanna chun córas tuairiscithe aonair a bhunú ar leibhéal an Aontais;

(b)

leordhóthanacht an chreata trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil chun na rioscaí a bhaineann le heintitis dhlítheanacha agus le socruithe dlíthiúla a mhaolú.

Airteagal 88

Tuarascálacha

Faoin 10 Iúil 2030, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú an gá agus an comhréireach an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an tairseach 25 % i ndáil le húinéireacht thairbhiúil eintiteas dlítheanach a shainaithint trí leas úinéireachta a ísliú;

(b)

raon feidhme na n-earraí ardluacha a leathnú chun baill éadaigh agus gabhálais ardluacha a áireamh;

(c)

raon feidhme na nochtaí tairseachbhunaithe faoi Airteagal 74 a leathnú chun díolachán earraí eile a chumhdach, formáidí comhchuibhithe a thabhairt isteach chun na hidirbhearta sin a thuairisciú bunaithe ar a úsáidí atá na tuarascálacha sin do FIUnna, agus raon feidhme na faisnéise a bhailítear ó dhaoine a thrádálann i gcriosanna saorthrádála a leathnú;

(d)

an teorainn maidir le íocaíochtaí móra in airgead tirim a choigeartú.

Airteagal 89

Gaol le Treoir (AE) 2015/849

Déanfar tagairtí do Threoir (AE) 2015/849 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus do Threoir (AE) 2024/1640 léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 90

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón .10 Iúil 2027, seachas i ndáil le heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(n) agus (o), a mbeidh feidhm aige maidir leo ón 10 Iúil 2029.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R.METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H.LAHBIB


(1)   IO C 210, 25.5.2022, lch. 5.

(2)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 89.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024.

(4)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc , lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(5)  Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43).

(6)  Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L , 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).

(8)  Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).

(9)  Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22).

(10)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(11)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(12)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

(13)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(14)  Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).

(15)  Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).

(16)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú(IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(17)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(18)  Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).

(19)  Cinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/183/CBES (IO L 141, 28.5.2016, lch. 79).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (IO L 88, 24.3.2012, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (IO L 224, 31.8.2017, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(24)  Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

(25)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(26)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht ar institiúidí um chóir ar scor ceirde (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(27)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a n-urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(28)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(29)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(30)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(31)   IO C 524, 29.12.2021, lch. 10.

(32)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(33)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(34)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(35)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).

(36)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(37)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(38)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

(39)  Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 (IO L 284, 12.11.2018, lch. 6).

(40)  Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú (IO L 39, 10.2.2009, lch. 1).

(41)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(42)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(43)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(44)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(45)  Rialachán (AE) 2024/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an xxx lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(46)  Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 1).

(47)  Cinneadh 98/415/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le comhairliúchán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag údaráis náisiúnta i ndáil le dréachtfhorálacha reachtacha (IO L 189, 3.7.1998, lch. 42).

(48)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Liosta táscach d’athróga riosca

Is liosta neamh-uileghabhálach an méid thíos d’athróga riosca a chuirfidh eintitis faoi oibleagáid san áireamh agus iad ag tarraingt suas a measúnaithe riosca i gcomhréir le hAirteagal 10 agus iad ag déanamh cinneadh faoin méid is ceart bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 20:

(a)

Athróga riosca custaiméara:

(i)

gníomhaíocht ghnó nó ghairmiúil an chustaiméara agus úinéir tairbhiúil an chustaiméara;

(ii)

clú an chustaiméara agus úinéir tairbhiúil an chustaiméara;

(iii)

cineál agus iompar an chustaiméara agus úinéir tairbhiúil an chustaiméara;

(iv)

na dlínsí ina bhfuil an custaiméir agus úinéir tairbhiúil an chustaiméara lonnaithe;

(v)

na dlínsí ar príomhionaid ghnó an chustaiméara agus úinéir tairbhiúil an chustaiméara iad;

(vi)

na dlínsí lena bhfuil naisc phearsanta ábhartha ag an gcustaiméir agus ag úinéir tairbhiúil an chustaiméara;

(b)

Athróga riosca i dtaca le táirge, seirbhís nó idirbheart:

(i)

críoch cuntais nó gaolmhaireachta;

(ii)

rialtacht nó ré na gaolmhaireachta gnó;

(iii)

leibhéal na sócmhainní atá le taisceadh ag custaiméir nó méid na n-idirbheart arna ndéanamh;

(iv)

an leibhéal trédhearcachta, nó doiléire, a thugann an táirge, an tseirbhís nó an t-idirbheart;

(v)

castacht an táirge, na seirbhíse nó an idirbhirt;

(vi)

luach nó méid an táirge, na seirbhíse nó an idirbhirt.

(c)

Athróga riosca i dtaca le bealach seachadta:

(i)

an méid a dhéantar an ghaolmhaireacht gnó ar bhonn nach bonn aghaidh ar aghaidh;

(ii)

aon lucht cur in aithne nó idirghabhálaithe a bheith ann a d’fhéadfadh an custaiméir a úsáid agus cineál a ngaolmhaireachta leis an gcustaiméir;

(d)

Athróg riosca i dtaca le hárachas saoil agus le hárachas eile a bhaineann le hinfheistíocht:

(i)

an leibhéal riosca atá i gceist le tairbhí an pholasaí árachais.


IARSCRÍBHINN II

Tosca lena mbaineann riosca níos ísle

Is liosta neamh-uileghabhálach de thosca agus de chineálacha fianaise a bhféadfadh riosca níos ísle dá dtagraítear in Airteagal 20 a bheith ag gabháil leo an méid seo a leanas:

(1)

Tosca riosca custaiméara:

(a)

cuideachtaí poiblí arna liostú ar stocmhalartán agus atá faoi réir na gceanglas nochta (trí rialacha an stocmhalartáin nó tríd an dlí nó trí mhodhanna in-fhorfheidhmithe), a fhorchuireann ceanglais chun trédhearcacht leordhóthanach ar úinéireacht thairbhiúil a áirithiú;

(b)

údaráis nó fiontair phoiblí;

(c)

custaiméirí atá ina gcónaí i limistéir gheografacha lena mbaineann riosca níos ísle mar a leagtar amach i bpointe (3);

(2)

Tosca riosca i dtaca le táirge, seirbhís, idirbheart nó bealach seachadta:

(a)

polasaithe árachais saoil a bhfuil préimh íseal acu;

(b)

polasaithe árachais le haghaidh scéimeanna pinsin más rud é nach bhfuil aon rogha ann chun géilleadh go luath agus nach féidir an polasaí a úsáid mar chomhthaobhacht;

(c)

pinsean, scéim aoisliúntais nó scéim dá samhail a thugann socair scoir d’fhostaithe, i gcás ina ndéantar ranníocaíochtaí trí asbhaint ó phá, agus nach gceadaíonn rialacha na scéime go ndéanfaí ús baill a shannadh faoin scéim;

(d)

táirgí nó seirbhísí airgeadais a chuireann seirbhísí atá sainmhínithe agus teorannaithe go hiomchuí ar fáil do chineálacha áirithe custaiméirí chun rochtain a mhéadú chun críocha cuimsithe airgeadais;

(e)

táirgí ina mbainistíonn tosca eile na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, mar shampla teorainneacha sparáin nó trédhearcacht úinéireachta (e.g. cineálacha áirithe ríomh-airgid);

(3)

Tosca riosca geografacha — clárúchán, bunú, cónaí iontu seo a leanas:

(a)

Ballstáit;

(b)

tríú tíortha ag a bhfuil córais éifeachtacha AML/CFT;

(c)

tríú tíortha arna sainaithint ag foinsí inchreidte mar thíortha ina bhfuil leibhéal íseal éillithe nó gníomhaíochta coiriúla eile;

(d)

tríú tíortha a bhfuil ceanglais acu, bunaithe ar fhoinsí inchreidte mar shampla meastóireachtaí frithpháirteacha, tuarascálacha measúnaithe mionsonraithe nó tuarascálacha leantacha foilsithe, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac atá ag teacht le Moltaí athbhreithnithe FATF agus a chuireann na ceanglais sin chun feidhme go héifeachtach.


IARSCRÍBHINN III

Tosca lena mbaineann riosca níos airde

Is liosta neamh-uileghabhálach de thosca agus de chineálacha fianaise a bhféadfadh riosca níos airde dá dtagraítear in Airteagal 20 a bheith ag gabháil leo an méid seo a leanas:

(1)

Tosca riosca custaiméara:

(a)

déantar an ghaolmhaireacht gnó nó idirbheart ócáideach in imthosca neamhghnácha;

(b)

custaiméirí atá ina gcónaí i limistéir gheografacha lena mbaineann riosca níos airde mar a leagtar amach i bpointe (3);

(c)

daoine dlítheanacha nó socruithe dlíthiúla ar ionstraimí sealbhaithe sócmhainní pearsanta iad;

(d)

eintitis chorparáideacha a bhfuil scairshealbhóirí ainmnitheacha nó scaireanna i bhfoirm iompróra acu;

(e)

gnólachtaí atá dian ar airgead tirim;

(f)

tá cuma neamhghnách nó an-chasta ar struchtúr úinéireachta na cuideachta, i bhfianaise chineál ghnó na cuideachta;

(g)

is náisiúnach ó thríú tír é an custaiméir a dhéanann iarratas ar chearta cónaithe i mBallstát mar mhalartú ar aon chineál infheistíochta, lena n-áirítear aistrithe caipitil, maoin a cheannach nó a ligean ar cíos, infheistíocht a dhéanamh i mbannaí rialtais, infheistíocht a dhéanamh in eintitis chorparáideacha, tabhartas nó maoiniú a thabhairt do ghníomhaíocht a théann chun leasa an phobail agus ranníocaíochtaí le buiséad an stáit;

(h)

tá an custaiméir ina eintiteas dlítheanach nó ina shocrú dlíthiúil arna chruthú nó arna chur ar bun i ndlínse nach bhfuil aon fhíorghníomhaíocht eacnamaíoch, láithreacht eacnamaíoch shubstaintiúil nó réasúnaíocht eacnamaíoch dhealraitheach aige inti;

(i)

tá an custaiméir faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas amháin nó roinnt eintiteas nó socruithe faoi phointe (h);

(2)

Tosca riosca i dtaca le táirge, seirbhís, idirbheart nó bealach seachadta:

(a)

baincéireacht phríobháideach;

(b)

táirgí nó idirbhearta a d’fhéadfadh a bheith i bhfabhar anaithnideachta;

(c)

íocaíocht a fhaightear ó thríú páirtithe nach eol nó neamhchomhlachaithe;

(d)

táirgí nua agus cleachtais ghnó nua, lena n-áirítear sásraí nua seachadta, agus teicneolaíochtaí nua nó atá á bhforbairt a úsáid le haghaidh táirgí nua agus táirgí atá ann cheana;

(e)

idirbhearta a bhaineann le hola, le hairm, le miotail lómhara nó le clocha lómhara, le táirgí tobac, le déantáin chultúrtha agus nithe eile a bhfuil tábhacht seandálaíochta, stairiúil, chultúrtha agus reiligiúnach nó tearcluach eolaíoch ag baint leo, chomh maith le heabhar agus speicis faoi chosaint;

(3)

Tosca riosca geografacha:

(a)

tríú tíortha atá faoi réir faireachán méadaithe nó atá sainaitheanta ag FATF ar bhealach eile i ngeall ar na laigí maidir le comhlíonadh ina gcórais AML/CFT;

(b)

tríú tíortha atá sainaitheanta ag foinsí inchreidte/ próisis aitheanta, mar shampla meastóireachtaí frithpháirteacha, tuarascálacha measúnaithe mionsonraithe nó tuarascálacha leantacha foilsithe, mar thíortha nach bhfuil córais éifeachtacha AML/CFT acu;

(c)

tríú tíortha atá sainaitheanta ag foinsí inchreidte/ próisis aitheanta mar thíortha a bhfuil leibhéil shuntasacha éillithe nó ghníomhaíochta coiriúla eile acu;

(d)

tríú tíortha atá faoi réir smachtbhannaí, trádbhac nó bearta dá samhail arna n-eisiúint, mar shampla, ag an Aontas nó na Náisiúin Aontaithe;

(e)

tríú tíortha a chuireann cistiú nó tacaíocht do ghníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta ar fáil nó ag a bhfuil eagraíochtaí sceimhlitheoireachta ainmnithe atá ag feidhmiú taobh istigh dá dtír.

(f)

tríú tíortha arna sainaithint ag foinsí inchreidte nó de bhun próisis aitheanta mar thíortha a chumasaíonn rúndacht airgeadais tríd an méid seo a leanas:

(i)

bacainní a chur ar an gcomhar agus ar an malartú faisnéise le dlínsí eile;

(ii)

dlíthe rúndachta corparáideacha nó baincéireachta diana a bheith acu lena gcuirtear cosc ar institiúidí agus ar a bhfostaithe faisnéis faoi chustaiméirí a sholáthar d’údaráis inniúla, lena n-áirítear trí fhíneálacha agus pionóis;

(iii)

rialuithe laga a bheith acu maidir le cruthú eintiteas dlítheanach nó maidir le socruithe dlíthiúla a chur ar bun; nó

(iv)

gan a cheangal go ndéanfaí faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a thaifeadadh ná a shealbhú i mbunachar sonraí nó i gclár lárnach.


IARSCRÍBHINN IV

Liosta earraí ardluacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (54):

(1)

Seodra, earraí gaibhne óir nó earraí gaibhne geala ar mó a luach ná EUR 10 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(2)

Cloig agus uaireadóirí ar mó a luach ná EUR 10 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(3)

Mótarfheithiclí ar phraghas is mó ná EUR 250 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(4)

Aerárthaí ar phraghas is mó ná EUR 7 500 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(5)

Árthaí uisce ar phraghas is mó ná EUR 7 500 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta.


IARSCRÍBHINN V

Miotail lómhara dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (55):

(a)

Ór

(b)

Airgead

(c)

Platanam

(d)

Iridiam

(e)

Oismiam

(f)

Pallaidiam

(g)

Róidiam

(h)

Ruitéiniam

Clocha lómhara dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (55):

(a)

Diamant

(b)

Rúibín

(c)

Saifír

(d)

Smaragaid


IARSCRÍBHINN VI

Tábla comhghaoil

Treoir (AE) 2015/849

Treoir (AE) 2024/1640

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2(1), pointe (1)

Airteagal 1(4)

Airteagal 2(1), pointe (1)

Airteagal 1(5)

Airteagal 2(1), pointe (2)

Airteagal 1(6)

Airteagal 2(1), pointí (1) agus (2)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3

Airteagal 2(2)

Airteagal 4

Airteagal 2(3)

Airteagal 6(1)

Airteagal 2(4)

Airteagal 6(2)

Airteagal 2(5)

Airteagal 6(3)

Airteagal 2(6)

Airteagal 6(4)

Airteagal 2(7)

Airteagal 6(5)

Airteagal 2(8)

Airteagal 7

Airteagal 2(9)

Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(6)

Airteagal 3, pointe (1)

Airteagal 2(1), pointe (5)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 2(1), pointe (6)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 2(1), pointe (4)

Airteagal 3, pointe (4)

Airteagal 2(1), pointe (3)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 2(1), pointe (47)

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 2, pointe (28)

Airteagal 3, pointe (6) (a)

Airteagail 51 go 55

Airteagal 3, pointe (6) (b)

Airteagal 58

Airteagal 3, pointe (6) (c)

Airteagal 57

Airteagal 3, pointe (7)

Airteagal 2(1), pointe (11)

Airteagal 3, pointe (8)

Airteagal 2(1), pointe (22)

Airteagal 3, pointe (9)

Airteagal 2(1), pointe (34) agus Airteagal 2(2)

Airteagal 3, pointe (10)

Airteagal 2(1), pointe (35) agus Airteagal 2(5)

Airteagal 3, pointe (11)

Airteagal 2(1), pointe (36)

Airteagal 3, pointe (12)

Airteagal 2(1), pointe (40)

Airteagal 3, pointe (13)

Airteagal 2(1), pointe (19)

Airteagal 3, pointe (14)

Airteagal 2(1), pointe (12)

Airteagal 3, pointe (15)

Airteagal 2(1), pointe (41)

Airteagal 3, pointe (16)

Airteagal 2(1), pointe (17)

Airteagal 3, pointe (17)

Airteagal 2(1), pointe (23)

Airteagal 3, pointe (18)

Airteagal 2(1), pointe (17)

Airteagal 3, pointe (19)

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 10(2) agus (3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 9(1)

Airteagal 8(4)

Airteagal 9(2)

Airteagal 8(5)

Airteagal 9(2) agus (3)

Airteagal 9

Airteagal 29

Airteagal 10(1)

Airteagal 79(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 79(3)

Airteagal 11

Airteagal 19(1), (2) agus (5)

Airteagal 12

Airteagal 19(7) agus Airteagal 79(2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 20(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 20(2)

Airteagal 13(4)

Airteagal 20(4)

Airteagal 13(5)

Airteagal 47

Airteagal 13(6)

Airteagal 22(4)

Airteagal 14(1)

Airteagal 23(1) agus (4)

Airteagal 14(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 23(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 21(1) agus (2)

Airteagal 14(5)

Airteagal 26(2) agus (3)

Airteagal 15

Airteagal 20(2), an dara fhomhír agus Airteagal 33

Airteagal 16

Airteagal 33(1)

Airteagal 17

Airteagal 18(1)

Airteagal 34(1) agus (8)

Airteagal 18(2)

Airteagal 34(2)

Airteagal 18(3)

Airteagal 34(3)

Airteagal 18(4)

Airteagal 18a(1)

Airteagal 29(4)

Airteagal 18a(2)

Airteagal 29(5) agus (6) agus Airteagal 35, pointe (a)

Airteagal 18a(3)

Airteagal 29(5) agus (6) agus Airteagal 35, pointe (b)

Airteagal 18a(4)

Airteagal 18a(5)

Airteagal 29(6)

Airteagal 19

Airteagal 36

Airteagal 20

Airteagal 9(2), Airteagal 20(1) agus Airteagal 42(1)

Airteagal 20, pointe (a)

Airteagal 9(2), pointe (a)(iii) agus Airteagal 20(1), pointe (g)

Airteagal 20, pointe (b)

Airteagal 42(1)

Airteagal 20a

Airteagal 43

Airteagal 21

Airteagal 44

Airteagal 22

Airteagal 45

Airteagal 23

Airteagal 46

Airteagal 24

Airteagal 39

Airteagal 25

Airteagal 48(1)

Airteagal 26

Airteagal 48

Airteagal 27

Airteagal 49

Airteagal 28

Airteagal 48(3)

Airteagal 29

Airteagal 30(1)

Airteagal 63(1), (2), an dara fomhír agus (4) agus Airteagal 68

Airteagal 30(2)

Airteagal 63(5)

Airteagal 30(3)

Airteagal 10(1)

Airteagal 30(4)

Airteagal 10(7) agus (1)

Airteagal 24

Airteagal 30(5), an chéad fhomhír

Airteagal 11 agus Airteagal 12(2)

Airteagal 30(5), an dara fomhír

Airteagal 12(1)

Airteagal 30(5), an tríú fomhír

Airteagal 30(5a)

Airteagal 11(4) agus Airteagal 13(12)

Airteagal 30(6)

Airteagal 11(1), (2) agus (3)

Airteagal 30(7)

Airteagal 61(2)

Airteagal 30(8)

Airteagal 22(7)

Airteagal 30(9)

Airteagal 15

Airteagal 30(10)

Airteagal 10(19) agus (20)

Airteagal 31(1)

Airteagal 58, Airteagal 64(1) agus Airteagal 68

Airteagal 31(2)

Airteagal 64(3)

Airteagal 31(3)

Airteagal 64(5)

Airteagal 31(3a)

Airteagal 10(1), (2) agus (3)

Airteagal 67

Airteagal 31(4), an chéad fhomhír

Airteagal 11 agus Airteagal 12(2)

Airteagal 31(4), an dara fomhír

Airteagal 12(1)

Airteagal 31(4), an tríú fomhír

Airteagal 31(4), an ceathrú fomhír

Airteagal 11(2)

Airteagal 31(4a)

Airteagal 11(4) agus Airteagal 13(12)

Airteagal 31(5)

Airteagal 10(7) agus (1)

Airteagal 24

Airteagal 31(6)

Airteagal 22(7)

Airteagal 31(7)

Airteagal 61(2)

Airteagal 31(7a)

Airteagal 15

Airteagal 31(9)

Airteagal 10(19) agus (20)

Airteagal 31(10)

Airteagal 58(4)

Airteagal 31a

Airteagal 17(1)

Airteagal 32(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 32(2)

Airteagal 62(1)

Airteagal 32(3)

Airteagal 19(2), (3), an chéad fhomhír, (4) agus (5)

Airteagal 32(4)

Airteagail 21(1) agus Airteagal 22(1), an chéad fhomhír

Airteagal 32(5)

Airteagal 22(1), an dara fomhír)

Airteagal 32(6)

Airteagal 22(2)

Airteagal 32(7)

Airteagal 24(1)

Airteagal 32(8)

Airteagal 19(3), an dara fomhír

Airteagal 32(9)

Airteagal 21(4)

Airteagal 32a(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 32a(2)

Airteagal 16(2)

Airteagal 32a(3)

Airteagal 16(3)

Airteagal 32a(4)

Airteagal 16(5)

Airteagal 32b

Airteagal 18

Airteagal 33(1)

Airteagal 69(1)

Airteagal 33(2)

Airteagal 69(6)

Airteagal 34(1)

Airteagal 70(1)

Airteagal 34(2)

Airteagal 70(2)

Airteagal 34(3)

Airteagal 40(5)

Airteagal 35

Airteagal 71

Airteagal 36

Airteagal 42

Airteagal 37

Airteagal 72

Airteagal 38

Airteagal 60

Airteagal 11(2), an ceathrú fomhír agus (4), Airteagal 14 agus Airteagal 69(7)

Airteagal 39

Airteagal 73

Airteagal 40

Airteagal 77

Airteagal 41

Airteagal 70

Airteagal 76

Airteagal 42

Airteagal 78

Airteagal 43

Airteagal 44(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 44(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 44(3)

Airteagal 44(4)

Airteagal 9(3) agus (6)

Airteagal 45(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 45(2)

-Airteagal 8(3), (4) agus (5)

Airteagal 45(3)

Airteagal 17(1)

Airteagal 45(4)

Airteagal 48

Airteagal 45(5)

Airteagal 17(2)

Airteagal 45(6)

Airteagal 17(3)

Airteagal 45(7)

Airteagal 17(4)

Airteagal 45(8)

Airteagal 16(3)

Airteagal 45(9)

Airteagal 41(1)

Airteagal 45(10)

Airteagal 41(2)

Airteagal 45(11)

Airteagal 41(3)

Airteagal 46(1)

Airteagail 12 agus 15

Airteagal 46(2)

-Airteagal 39(2)

Airteagal 46(3)

Airteagal 28(1)

Airteagal 46(4)

Airteagal 11(1)

Airteagal 47(1)

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 47(2)

Airteagal 6(1)

Airteagal 47(3)

Airteagal 6(2)

Airteagal 48(1)

Airteagal 37(1)

Airteagal 48(1a)

Airteagal 37(5) agus Airteagal 62(1)

Airteagal 48(2)

Airteagal 37(2) agus (6)

Airteagal 48(3)

Airteagal 37(7)

Airteagal 48(4)

Airteagal 37(1), an chéad fhomhír, Airteagal 46 agus Airteagal 54(4)

Airteagal 48(5)

Airteagal 46(2) agus (3) agus Airteagal 47

Airteagal 48(6)

Airteagal 40(1)

Airteagal 48(7)

Airteagal 40(2)

Airteagal 48(8)

Airteagal 40(4)

Airteagal 48(9)

Airteagal 37(3)

Airteagal 48(10)

Airteagal 40(3)

Airteagal 49

Airteagal 61(1)

Airteagal 50

Airteagal 63

Airteagal 50a

Airteagal 61(3)

Airteagal 51

Airteagal 52

Airteagal 29

Airteagal 53

Airteagal 31

Airteagal 54

Airteagal 33

Airteagal 55

Airteagal 34

Airteagal 56

Airteagal 30(2) agus (3)

Airteagal 57

Airteagal 35

Airteagal 57a(1)

Airteagal 67(1)

Airteagal 57a(2)

Airteagal 67(2)

Airteagal 57a(3)

Airteagal 67(3)

Airteagal 57a(4)

Airteagal 44, Airteagal 46(1) agus Airteagal 47(1)

Airteagal 57a(5)

Airteagal 51

Airteagal 57b

Airteagal 68

Airteagal 58(1)

Airteagal 53(1)

Airteagal 58(2)

Airteagal 53(2) agus (3)

Airteagal 58(3)

Airteagal 53(4)

Airteagal 58(4)

Airteagal 58(5)

Airteagal 53(5)

Airteagal 59(1)

Airteagal 55(1)

Airteagal 59(2)

Airteagal 55(2) agus Airteagal 56(2) agus (3)

Airteagal 59(3)

Airteagal 55(3)

Airteagal 59(4)

Airteagal 55(4)

Airteagal 60(1)

Airteagal 58(1), (2), an chéad fhomhír agus (3)

Airteagal 60(2)

Airteagal 58(2), an tríú fomhír

Airteagal 60(3)

Airteagal 58(4)

Airteagal 60(4)

Airteagal 53(6)

Airteagal 60(5)

Airteagal 53(7)

Airteagal 60(6)

Airteagal 53(8)

Airteagal 61

Airteagal 60

Airteagal 62(1)

Airteagal 59(1)

Airteagal 62(2)

Airteagal 6(6)

Airteagal 62(3)

Airteagal 59(2)

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 85

Airteagal 64a

Airteagal 72

Airteagal 86

Airteagal 65

Airteagal 66

Airteagal 67

Airteagal 68

Airteagal 69

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)