|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1622 |
4.7.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 75/2024
an 15 Márta 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1622]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2749 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2023 lena mbunaítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, le haghaidh thionscail na seamlas, na seachtháirgí ainmhithe agus/nó na gcomhtháirgí inite (1), arna cheartú le IO L, 2024/90008, 12.1.2024, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1fza (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2508 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘1fzb. |
32023 D 2749: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2749 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2023 lena mbunaítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, le haghaidh thionscail na seamlas, na seachtháirgí ainmhithe agus/nó na gcomhtháirgí inite (IO L, 2023/2749, 18.12.2023), arna cheartú le IO L, 2024/90008, 12.1.2024.’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2749, arna cheartú le IO L, 2024/90008, 12.1.2024, san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 16 Márta 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Márta 2024.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2023/2749, 18.12.2023.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1622/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)