European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1595

6.6.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1595 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Meitheamh 2024

lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán (AE) 2023/1783 a mhéid a bhaineann leis an bhforáil idirthréimhseach i ndáil le hinfheidhmeacht Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí gníomhacha áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a), Airteagal 18(1), pointe (b), agus Airteagal 49(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna leaganacha Gearmáinise, Iodáilise, Seicise agus Spáinnise de Rialachán (AE) 2023/1783 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 2 a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha i dtáirgí áirithe agus ar tháirgí áirithe, a bhfuil feidhm ag an bhforáil idirthréimhseach maidir leo.

(2)

In Aithris 10 de Rialachán (AE) 2023/1783 leagtar amach na cúiseanna leis an bhforáil idirthréimhseach in Airteagal 2 den Rialachán sin. Tá an earráid chéanna sna leaganacha Gearmáinise agus Spáinnise den aithris sin agus atá in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2023/1783.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Gearmáinise, Iodáilise, Seicise agus Spáinnise de Rialachán (AE) 2023/1783 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna seachadadh sular glacadh Rialachán (AE) 2023/1783,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2023/1783 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh beansóáit dínádóiniam, dé-úróin, eatocsasóil, meitimile, agus teafluibeansúróin i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 229, 18.9.2023, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1783/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1595/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)