European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1575

4.7.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 64/2024

an 15 Márta 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1575]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/741 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2023 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí ocsaimil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (1), arna cheartú le OJ L 101, 14.4.2023, lch. 101, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):

‘-

32023 R 0741: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/741 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2023 (IO L 98, 11.4.2023, lch. 1), arna cheartú le IO L 101, 14.4.2023, lch. 101.’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzzzzw (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1488 ón gCoimisiún):

‘13zzzzzzzzzzzzzx.

32023 R 0741: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/741 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2023 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí ocsaimil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 98, 11.4.2023, lch. 1), arna cheartú le IO L 101, 14.4.2023, lch. 101.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/741, arna cheartú le IO L 101, 14.4.2023, lch. 101, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 16 Márta 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Márta 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 98, 11.4.2023, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1575/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)