|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1571 |
4.7.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 44/2024
an 15 Márta 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1571]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2156 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe le haghaidh na mBallstát a bhfuil maolú acu ón tástáil i seamlais le haghaidh Trichinella i bhfeoil agus i gconablaigh mucra clóis (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 ón gCoimisiún) i gCuid 6.2 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32023 R 2156: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2156 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 (IO L, 2023/2156, 18.10.2023).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2156 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 16 Márta 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Márta 2024.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2023/2156, 18.10.2023.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1571/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)