|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1570 |
5.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1570 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Meitheamh 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 ón gCoimisiún lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (1), agus go háirithe Airteagal 25(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Maidir le doiciméid atá le seirbheáil, iarrataí, dearbhuithe, admhálacha, deimhnithe agus teachtaireachtaí idir gníomhaireachtaí tarchuir agus gníomhaireachtaí fála, idir na gníomhaireachtaí sin agus na comhlachtaí lárnacha, nó idir comhlachtaí lárnacha na mBallstát éagsúil, foráiltear le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2020/1784 go ndéanfar iad a tharchur trí chóras TF díláraithe slán iontaofa. Beidh an córas TF díláraithe sin bunaithe ar réiteach idir-inoibritheach amhail e-CODEX. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784. Foráiltear leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin gur córas atá bunaithe ar e-CODEX é an córas TF díláraithe. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaítear an creat dlíthiúil le haghaidh an chórais e-CODEX. Foráiltear leis, i measc nithe eile, go dtabharfaidh an t-eintiteas atá á bhainistiú an córas e-CODEX ar láimh do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), gníomhaireacht a bheidh freagrach as an gcóras e-CODEX a bhainistiú. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, is gá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 a leasú chun a shoiléiriú gur cheart pointí rochtana údaraithe e-CODEX an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 a oibriú i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/850. |
|
(5) |
Thairis sin, is gá a áirithiú gur féidir leanúint den chomhar atá ann cheana maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta idir an tAontas agus na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2020/1784 faoin gcreat dlíthiúil le haghaidh an chórais e-CODEX arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/850. Chuige sin, ba cheart na coinníollacha faoinar féidir leis na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sa chóras TF díláraithe a shonrú. |
|
(6) |
Ní dhéanann na leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/423 difear don dáta a thiocfaidh Airteagail 5, 8 agus 10 de Rialachán (AE) 2020/1784 i bhfeidhm de bhun Airteagal 37(2) den Rialachán sin. |
|
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um dhoiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála. |
|
(8) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé a thuairim uaidh an 8 Márta 2024. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 ón gCoimisiún
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 405, 2.12.2020, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1784/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022 lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 87, 15.3.2022, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/423/oj).
(3) Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 150, 1.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/850/oj).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
‘1. Réamhrá
An córas TF díláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784, is córas é atá bunaithe ar e-CODEX lenar féidir doiciméid agus sonraí a mhalartú, ar doiciméid agus sonraí iad a bhaineann le doiciméid a sheirbheáil idir na Ballstáit éagsúla i gcomhréir leis an Rialachán sin. Déanfar pointí rochtana údaraithe e-CODEX an chórais TF dhíláraithe a rialú leis an gcreat dlíthiúil a bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/850.
Na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2020/1784 ach a bhfuil feidhm ag forálacha an Rialacháin sin maidir leo faoi chomhaontú idirnáisiúnta idir an Ballstát sin agus an tAontas maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil in ábhair shibhialta nó thráchtála, ceadófar dóibh a bheith rannpháirteach sa chóras TF díláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 a mhéid is gá chun forálacha an Rialacháin sin a chur i bhfeidhm.
A mhéid nach bhfuil na Ballstáit sin faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2022/850, déanfaidh siad ábhar Airteagail 8 agus 9, Airteagal 11(3), (4) agus (6), Airteagail 12 agus 14, Airteagal 15(1) agus (3) agus Airteagal 20 den Rialachán sin a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta, ionas go mbeidh na coimircí is gá le haghaidh oibriú cuí an chórais TF dhíláraithe i bhfeidhm. A luaithe a bheidh fógra tugtha ag an mBallstát lena mbaineann don Choimisiún i gcomhréir leis an gcomhaontú idirnáisiúnta is infheidhme maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil go bhfuil na forálacha sin curtha chun feidhme aige ina dhlí náisiúnta, caithfear leis ar an mbealach céanna agus a chaitear leis na Ballstáit eile go heisiach chun an córas TF díláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 a oibriú.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1570/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)