European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1562

27.6.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 13/2024

an 2 Feabhra 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1562]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/731 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2023 maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Aontais le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainneacha iarmhar lotnaidicídí agus chun neamhchosaint tomhaltóirí ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheas agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/741 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/731 aisghairtear, le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2024, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/741 (2), Rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2024.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá ar Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 240 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/972 ón gCoimisiún):

‘241.

32023 R 0731: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/731 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2023 maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Aontais le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainneacha iarmhar lotnaidicídí agus chun neamhchosaint tomhaltóirí ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheas agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/741 (IO L 95, 4.4.2023, lch. 28).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

Cuirfear an méid seo a leanas leis an tábla i bpointe (5) d’Iarscríbhinn II:

IS

12

NO

12’

2.

Scriosfar téacs phointe 214 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/741 ón gCoimisiún) le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2024.

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/731 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 3 Feabhra 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 95, 4.4.2023, lch. 28.

(2)   IO L 137, 16.5.2022, lch. 12.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1562/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)