|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1532 |
27.6.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 35/2024
an 2 Feabhra 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1532]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/980 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a mhéid a bhaineann le tacagraf cliste idirthréimhseach agus le Fíordheimhniú Teachtaireachtaí Loingseoireachta Seirbhíse Oscailte Galileo a bheith á úsáid ag an tacagraf sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 21bb (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas sa tríú fleasc (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 ón gCoimisiún) de phointe 21bb (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/980 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 3 Feabhra 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2024.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 134, 22.5.2023, lch. 28.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1532/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)