European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1529

27.6.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 26/2024

an 2 Feabhra 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1529]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1718 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2197 ón gCoimisiún maidir le hairgeadraí atá comhghaolaithe go dlúth le chéile i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 14ax (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2197 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32023 R 1718: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1718 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2023 (IO L 223, 11.9.2023, lch. 4).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1718 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 3 Feabhra 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 223, 11.9.2023, lch. 4.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1529/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)