RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1507 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Feabhra 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir agus tosca a shonrú atá le cur san áireamh ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ag an Údarás Baincéireachta Eorpach agus ag údaráis inniúla i ndáil lena gcumhacht idirghabhála
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagail 103(8), 104(8) agus 105(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Ba cheart liosta critéar agus tosca a bhunú a chuirfidh údaráis inniúla, ESMA agus ÚBE san áireamh agus iad ag cinneadh cathain a bhíonn ábhar imní suntasach ann maidir le cosaint infheisteoirí nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus sláine na margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid de san Aontas nó i mBallstát amháin ar a laghad, chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú agus an tráth céanna cead a thabhairt beart iomchuí a dhéanamh i gcás ina dtarlaíonn teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha gan choinne. Ba cheart do na húdaráis inniúla, ESMA agus ÚBE na critéir agus na tosca a bhaineann le cás sonrach a shainaithint, agus measúnú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar na critéir agus tosca sin a chinntear gurb iad is ábhartha don chás sin. Níor cheart don méid sin toirmeasc a chur ar na húdaráis inniúla, ESMA agus ÚBE cumhacht idirghabhála shealadach a úsáid i gcás ina mbeadh imní nó bagairt den chineál sin ann mar thoradh ar cheann amháin de na tosca nó critéir sin.
|
|
(2)
|
Tá dlúthcheangal idir na forálacha sa Rialachán seo ós rud é go bpléann siad leis na cumhachtaí idirghabhála táirgí atá dílsithe do na húdaráis inniúla, do ESMA agus do ÚBE. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha atá le teacht i bhfeidhm an tráth céanna, agus chun léargas cuimsitheach ar na critéir a éascú le haghaidh na bpáirtithe leasmhara, agus go háirithe le haghaidh ESMA agus ÚBE agus údaráis inniúla a bhfuil na cumhachtaí idirghabhála á bhfeidhmiú acu, is gá na forálacha sin a áireamh in aon Rialachán Tarmligthe amháin,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Critéir agus tosca chun críocha chumhachtaí idirghabhála sealadacha ESMA
Cuirfidh ESMA na tosca agus na critéir seo a leanas san áireamh chun a chinneadh más ann d’ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí, nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus sláine margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid de san Aontas:
|
(a)
|
leibhéal castachta na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad i ndáil leis an gcineál cliaint, faoi mar a mheastar i gcomhréir le pointe (c), atá páirteach sa ghníomhaíocht nó sa chleachtas, nó a ndéantar an chripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í a mhargú nó a dhíol leo, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
leibhéal trédhearcachta na gcostas agus na muirear a bhaineann leis an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, an ghníomhaíocht nó cleachtas i ndáil le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad agus go háirithe an t-easpa trédhearcachta atá ann mar thoradh ar chostais agus muirir iomadúla;
|
|
(ii)
|
cineál agus scála aon riosca;
|
|
(iii)
|
an bhfuil an chripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í cuachta le táirgí nó seirbhísí eile;
|
|
(iv)
|
castacht téarmaí agus coinníollacha ar bith;
|
|
|
(b)
|
méid na n-éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(i)
|
an líon cliant, sealbhóirí comharthaí nó rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann;
|
|
(ii)
|
sciar coibhneasta an táirge i bpunanna infheisteoirí;
|
|
(iii)
|
dóchúlacht, scála agus cineál aon dochair, lena n-áirítear an méid caillteanais a d’fhéadfaí a bheith ag an gcliant;
|
|
(iv)
|
fad measta na n-iarmhairtí díobhálacha;
|
|
(vi)
|
an líon idirghabhálaithe lena mbaineann;
|
|
(vii)
|
fás an mhargaidh nó na ndíolachán;
|
|
(viii)
|
an meánmhéid a infheistíonn gach cliant sa chripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í;
|
|
|
(c)
|
cineál na gcliant atá páirteach i ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, nó a ndéantar cripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í a mhargú nó a dhíol leo, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(i)
|
cibé an sealbhóir miondíola nó infheisteoir cáilithe é an cliant;
|
|
(ii)
|
scileanna agus cumais na gcliant, lena n-áirítear an leibhéal oideachais, taithí le cripteashócmhainní comhchosúla nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, nó cleachtais díola;
|
|
(iii)
|
staid eacnamaíoch na gcliant, lena n-áirítear a n-ioncam agus rachmas;
|
|
(iv)
|
bunchuspóirí airgeadais na gcliant, lena n-áirítear coigilt ar phinsean agus maoiniú úinéireachta tí;
|
|
|
(d)
|
leibhéal trédhearcachta na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(i)
|
aon chostas agus muirear eile;
|
|
(ii)
|
úsáid teicnící lena dtarraingítear aird na gcliant, ach nach gá gur léiriú iad ar oiriúnacht ná cáilíocht iomlán an táirge ná na seirbhíse;
|
|
(iii)
|
cineál rioscaí agus trédhearcacht rioscaí;
|
|
(iv)
|
úsáid ainmneacha nó téarmeolaíocht táirgí, nó faisnéise eile lena dtugtar le tuiscint leibhéal níos airde slándála nó toraidh ná mar atá indéanta nó dóchúil, nó a bhaineann le gnéithe táirge nach ann dóibh;
|
|
(v)
|
úsáid faisnéise éagothroime, doiléire nó míthreoraí i dteachtaireachtaí.
|
|
|
(e)
|
gnéithe nó comhpháirteanna sonracha na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó na gníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad;
|
|
(f)
|
láithreacht agus leibhéal éagsúlachta idir an sochar nó brabús a mheastar a bheidh ann le haghaidh infheisteoirí agus an baol caillteanais i ndáil leis an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
na costais struchtúrtha a bhaineann leis na cripteashócmhainní sin nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, le gníomhaíocht nó cleachtas, agus costais eile;
|
|
(ii)
|
an éagothromaíocht i ndáil le riosca an eisitheora arna choinneáil ag an eisitheoir; nó
|
|
(iii)
|
an phróifíl riosca/toraidh nó an phróifíl riosca/tairbhe;
|
|
|
(g)
|
a éasca atá sé d’infheisteoirí agus an costas atá orthu an chripteashócmhainn ábhartha nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í a dhíol, nó aistriú chuig cripteashócmhainn nó táirge eile, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
an raon tairisceana nó atairisceana;
|
|
(ii)
|
minicíocht infhaighteachta trádála;
|
|
(iii)
|
méid eisiúna agus méid an mhargaidh thánaistigh;
|
|
(iv)
|
láithreacht nó easpa soláthróirí leachtachta nó cruthaitheoirí margaidh thánaistigh;
|
|
(v)
|
gnéithe an chórais trádála;
|
|
(vi)
|
aon bhac eile a chuirtear ar imeacht;
|
|
|
(h)
|
an phraghsáil agus na costais ghaolmhara a bhaineann leis an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, agus ceachtar díobh seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:
|
(i)
|
úsáid muirear folaithe nó tánaisteach;
|
|
(ii)
|
muirir nach bhfuil i gcomhréir le leibhéal na seirbhíse a soláthraíodh;
|
|
|
(i)
|
na cleachtais díola a bhaineann leis an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
na bealaí cumarsáide agus dáilte a úsáidtear;
|
|
(ii)
|
an t-ábhar faisnéise, margaíochta nó ábhar cur chun cinn eile a bhaineann leis an infheistíocht;
|
|
(iii)
|
cuspóirí measta na hinfheistíochta;
|
|
(iv)
|
an cinneadh chun ceannaigh, an bhfuil sé tánaisteach nó treasach, tar éis ceannaigh a rinneadh roimhe;
|
|
|
(j)
|
staid airgeadais agus ghnó an eisitheora nó an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid iad, agus ceachtar díobh seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:
|
(i)
|
staid airgeadais an eisitheora nó an tsoláthraí seirbhíse a bhaineann le cripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í;
|
|
(ii)
|
a thrédhearcaí atá staid ghnó an eisitheora nó an tsoláthraí seirbhíse a bhaineann le cripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í;
|
|
|
(k)
|
an bhfuil faisnéis easnamhach nó neamhiontaofa ann faoi chripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, faisnéis arna soláthar ag an eisitheoir, ag an tairgeoir nó ag an soláthraí seirbhíse, chun a chur ar a gcumas do na rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil an chripteashócmhainn dírithe orthu cinneadh feasach a dhéanamh, agus nádúr agus cineál na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í á gcur san áireamh;
|
|
(l)
|
an bhfuil baol mór ann, i ngeall ar an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, maidir le feidhmíocht na n-idirbheart arna ndéanamh ag rannpháirtithe nó infheisteoirí sa mhargadh ábhartha;
|
|
(m)
|
an gcuirfeadh an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad as do shláine an phróisis phraghasmhúnlaithe, ar bhealach suntasach, sa mhargadh lena mbaineann, de chineál a fhágann nach ndéantar praghas ná luach na cripteashócmhainne atá i gceist nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í a chinneadh de réir fhórsaí dlisteanacha an mhargaidh maidir le soláthar agus éileamh a thuilleadh, nó de chineál a fhágann nach féidir le rannpháirtithe sa mhargadh brath ar na praghsanna a ghintear sa mhargadh sin a thuilleadh, ná sna méideanna trádála, mar bhonn dá gcinntí infheistíochta;
|
|
(n)
|
an dócha, i ngeall ar thréithe cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, go bhféadfaí í a úsáid go sonrach chun críche na coireachta airgeadais, agus go háirithe, an bhféadfadh na saintréithe sin úsáid na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í a spreagadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(i)
|
aon chalaois nó mímhacántacht;
|
|
(ii)
|
mí-iompar i margadh airgeadais nó mí-úsáid faisnéise i ndáil le margadh airgeadais;
|
|
(iii)
|
na fáltais ón gcoireacht a láimhseáil;
|
|
(iv)
|
an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú; nó
|
|
(v)
|
sciúradh airgid a éascú;
|
|
|
(o)
|
an bhfuil baol suntasach ann, i ngeall ar an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad maidir le hathléimneacht nó oibriú rianúil na margaí agus a mbonneagair;
|
|
(p)
|
an bhfuil baol mór ann, i ngeall ar an gcripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, go gcuirfear isteach ar institiúidí airgeadais a mheastar a bheith tábhachtach maidir le córas airgeadais an Aontais;
|
|
(q)
|
ábharthacht dháileadh na cripteashócmhainne nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í mar fhoinse chistiúcháin le haghaidh an eisitheora;
|
|
(r)
|
an bhfuil baol ann, i ngeall ar chripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, go gcuirfear isteach ar an margadh nó ar a bhonneagar bunúsach, lena n-áirítear líonraí DLT a úsáidtear chun iad a eisiúint, a stóráil agus a aistriú;
|
|
(s)
|
an bhféadfadh cripteashócmhainn nach comhartha sócmhainn-tagartha ná comhartha ríomh-airgid í, nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní nach comharthaí sócmhainn-tagartha ná comharthaí ríomh-airgid iad, bagairt a dhéanamh ar mhuinín infheisteoirí sa chóras airgeadais.
|
Airteagal 2
Critéir agus tosca chun críocha chumhachtaí idirghabhála sealadacha EBA
Cuirfidh ÚBE na tosca agus na critéir seo a leanas san áireamh chun a chinneadh más ann d’ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó do bhagairt ar fheidhmiú rianúil agus sláine margaí i gcripteashócmhainní nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine, nó cuid de, san Aontas:
|
(a)
|
leibhéal castachta an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid, nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid i ndáil le cineál na gcliant, faoi mar a mheastar i gcomhréir le pointe (c), atá páirteach sa ghníomhaíocht nó sa chleachtas, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
leibhéal trédhearcachta na gcostas agus na muirear a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, an ghníomhaíocht nó cleachtas i ndáil le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid agus go háirithe an t-easpa trédhearcachta atá ann mar thoradh ar chostais agus muirir iomadúla;
|
|
(ii)
|
cineál agus scála aon riosca;
|
|
(iii)
|
méid agus comhdhéanamh an chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/1114;
|
|
(iv)
|
an bhfuil an comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid cuachta le táirgí eile nó nasctha le seirbhísí éagsúla;
|
|
(v)
|
castacht téarmaí agus coinníollacha ar bith;
|
|
|
(b)
|
méid na n-éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
luach tagartha an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid;
|
|
(ii)
|
an líon cliant, sealbhóirí comharthaí nó rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann;
|
|
(iii)
|
scair choibhneasta an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid i bpunanna infheisteoirí;
|
|
(iv)
|
dóchúlacht, scála agus cineál aon dochair, lena n-áirítear an méid caillteanais a d’fhéadfaí a bheith ag an gcliant;
|
|
(v)
|
fad measta na n-iarmhairtí díobhálacha;
|
|
(vii)
|
an líon idirghabhálaithe lena mbaineann;
|
|
(viii)
|
fás an mhargaidh nó na ndíolachán;
|
|
(ix)
|
an meánmhéid a infheistíonn gach cliant sa chomhartha sócmhainn-tagartha nó sa chomhartha ríomh-airgid;
|
|
|
(c)
|
cineál na gcliant atá páirteach i ngníomhacht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, nó a ndéantar comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid a mhargú nó a dhíol leo, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
cibé an sealbhóir miondíola nó infheisteoir cáilithe é an cliant;
|
|
(ii)
|
scileanna agus cumais na gcliant, lena n-áirítear an leibhéal oideachais, taithí le táirgí comhchosúla nó cleachtais díola;
|
|
(iii)
|
staid eacnamaíoch na gcliant, lena n-áirítear a n-ioncam agus rachmas;
|
|
(iv)
|
bunchuspóirí airgeadais na gcliant, lena n-áirítear coigilt ar phinsean agus maoiniú úinéireachta tí;
|
|
|
(d)
|
leibhéal trédhearcachta an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid, nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
aon chostas agus muirear eile;
|
|
(ii)
|
úsáid teicnící lena dtarraingítear aird na gcliant, ach nach gá gur léiriú iad ar oiriúnacht ná cáilíocht iomlán an táirge ná na seirbhíse;
|
|
(iii)
|
cineál rioscaí agus trédhearcacht rioscaí;
|
|
(iv)
|
úsáid ainmneacha nó téarmeolaíocht táirgí nó faisnéise eile atá míthreorach lena dtugtar le tuiscint leibhéal níos airde slándála nó toraidh ná mar atá indéanta nó dóchúil, nó a bhaineann le gnéithe táirge nach ann dóibh;
|
|
(v)
|
úsáid faisnéise éagothroime, doiléire nó míthreoraí i dteachtaireachtaí.
|
|
|
(e)
|
gnéithe nó comhpháirteanna sonracha an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid, nó na gníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid;
|
|
(f)
|
láithreacht agus leibhéal éagsúlachta idir an sochar nó brabús a mheastar a bheidh ann le haghaidh infheisteoirí agus an baol caillteanais i ndáil leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó leis an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
na costais struchtúrtha a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid den chineál sin, le gníomhaíocht nó cleachtas, agus costais eile;
|
|
(ii)
|
an éagothromaíocht i ndáil le riosca an eisitheora arna choinneáil ag an eisitheoir;
|
|
(iii)
|
an phróifíl riosca/toraidh nó an phróifíl riosca/tairbhe;
|
|
|
(g)
|
a éasca atá sé d’infheisteoirí agus an costas atá orthu an comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid ábhartha a dhíol, nó aistriú chuig comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid eile, agus na nithe seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
an leibhéal leachtachta sa mhargadh le haghaidh an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid;
|
|
(ii)
|
minicíocht infhaighteachta trádála;
|
|
(iii)
|
méid eisiúna agus méid an mhargaidh thánaistigh;
|
|
(iv)
|
láithreacht nó easpa soláthróirí leachtachta nó cruthaitheoirí margaidh thánaistigh;
|
|
(v)
|
gnéithe an chórais trádála;
|
|
(vi)
|
aon bhac eile a chuirtear ar imeacht;
|
|
|
(h)
|
an phraghsáil agus na costais ghaolmhara a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó leis an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
úsáid muirear folaithe nó tánaisteach;
|
|
(ii)
|
muirir nach bhfuil i gcomhréir le leibhéal na seirbhíse a soláthraíodh;
|
|
|
(i)
|
na cleachtais díola a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
na bealaí cumarsáide agus dáilte a úsáidtear;
|
|
(ii)
|
an t-ábhar faisnéise, margaíochta nó ábhar cur chun cinn eile a bhaineann leis an infheistíocht;
|
|
(iii)
|
cuspóirí measta na hinfheistíochta;
|
|
(iv)
|
an cinneadh chun ceannaigh, an bhfuil sé tánaisteach nó treasach, tar éis ceannaigh a rinneadh roimhe;
|
|
|
(j)
|
staid airgeadais agus ghnó an eisitheora, nó an tsoláthraí seirbhísí comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, agus ceachtar an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
staid airgeadais an eisitheora nó an tsoláthraí seirbhísí a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó leis an gcomhartha ríomh-airgid;
|
|
(ii)
|
trédhearcacht staid ghnó an eisitheora nó an tsoláthraí seirbhísí a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó leis an gcomhartha ríomh-airgid;
|
|
|
(k)
|
an bhfuil faisnéis easnamhach nó neamhiontaofa ann faoi chomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, faisnéis arna soláthar ag an eisitheoir, ag an tairgeoir nó ag an soláthraí seirbhíse, chun a chur ar a gcumas do na rannpháirtithe margaidh a bhfuil sé dírithe orthu cinneadh feasach a dhéanamh, agus nádúr agus cineál an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid á gcur san áireamh;
|
|
(l)
|
an bhfuil baol ann, i ngeall ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, maidir le feidhmíocht na n-idirbheart arna ndéanamh ag rannpháirtithe nó infheisteoirí sa mhargadh ábhartha;
|
|
(m)
|
an mbeadh geilleagar an Aontais i mbaol rioscaí mar gheall ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó an comhartha ríomh-airgid, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid;
|
|
(n)
|
an dócha, i ngeall ar thréithe comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, go bhféadfaí é a úsáid go sonrach chun críche na coireachta airgeadais, agus go háirithe, an bhféadfadh na saintréithe sin úsáid comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a spreagadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(i)
|
aon chalaois nó mímhacántacht;
|
|
(ii)
|
mí-iompar i margadh airgeadais nó mí-úsáid faisnéise i ndáil le margadh airgeadais;
|
|
(iii)
|
na fáltais ón gcoireacht a láimhseáil;
|
|
(iv)
|
an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú;
|
|
(v)
|
sciúradh airgid a éascú;
|
|
|
(o)
|
an bhfuil baol suntasach ann, i ngeall ar an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, maidir le hathléimneacht nó oibriú rianúil na margaí, an chórais íocaíochta agus a mbonneagar;
|
|
(p)
|
an bhfuil baol mór ann, i ngeall ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, go gcuirfear isteach ar institiúidí airgeadais a mheastar a bheith tábhachtach maidir le córas airgeadais an Aontais;
|
|
(q)
|
ábharthacht dháileadh an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid mar fhoinse chistiúcháin le haghaidh an eisitheora;
|
|
(r)
|
an bhfuil baol ann, i ngeall ar chomhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, maidir leis an margadh nó le bonneagar córas íocaíochta;
|
|
(s)
|
an bhféadfadh comhartha sócmhainn-tagartha nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid bagairt a dhéanamh ar mhuinín infheisteoirí sa chóras airgeadais.
|
Airteagal 3
Critéir agus tosca chun críche idirghabhála arna déanamh ag na húdaráis inniúla
Cuirfidh údaráis inniúla na tosca agus na critéir seo a leanas san áireamh chun a chinneadh más ann d’ábhar mór imní maidir le cosaint infheisteoirí nó do bhagairt ar fheidhmiú rianúil agus sláine margaí i gcripteashócmhainní nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine, nó cuid de, i mBallstát amháin ar a laghad:
|
(a)
|
leibhéal castachta na cripteashócmhainne nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní i ndáil le cineál na gcliant, faoi mar a mheastar i gcomhréir le pointe (c), atá páirteach sa ghníomhaíocht nó sa chleachtas, nó a ndéantar an chripteashócmhainn a mhargú nó a dhíol leo, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
leibhéal trédhearcachta na gcostas agus na muirear a bhaineann leis an gcripteashócmhainn, an ghníomhaíocht nó cleachtas i ndáil le cripteashócmhainní agus go háirithe an t-easpa trédhearcachta atá ann mar thoradh ar chostais agus muirir iomadúla;
|
|
(ii)
|
cineál agus scála aon riosca;
|
|
(iii)
|
méid agus téagar an chúlchiste sócmhainní faoi mar a shonraítear a thuilleadh de réir na gcaighdeán teicniúil rialála a eisíodh de bhun Airteagal 36(4) de Rialachán (AE) 2023/1114;
|
|
(iv)
|
an bhfuil an chripteashócmhainn nó seirbhís cuachta le táirgí nó seirbhísí eile;
|
|
(v)
|
castacht téarmaí agus coinníollacha ar bith;
|
|
|
(b)
|
méid na n-iarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
luach barúlach na cripteashócmhainne;
|
|
(ii)
|
an líon cliant, sealbhóirí comharthaí nó rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann;
|
|
(iii)
|
sciar coibhneasta an táirge i bpunanna infheisteoirí;
|
|
(iv)
|
dóchúlacht, scála agus cineál aon dochair, lena n-áirítear an méid caillteanais a d’fhéadfaí a bheith ag an gcliant;
|
|
(v)
|
fad measta na n-iarmhairtí díobhálacha;
|
|
(vii)
|
an líon idirghabhálaithe lena mbaineann;
|
|
(viii)
|
fás an mhargaidh nó na ndíolachán;
|
|
(ix)
|
an meánmhéid a infheistíonn gach cliant sa chripteashócmhainn;
|
|
|
(c)
|
cineál na gcliant atá páirteach i ngníomhacht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, nó a ndéantar cripteashócmhainn a mhargú nó a dhíol leo, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
cibé an sealbhóir miondíola nó infheisteoir cáilithe é an cliant;
|
|
(ii)
|
scileanna agus cumais na gcliant, lena n-áirítear an leibhéal oideachais, taithí le cripteashócmhainní comhchosúla nó cleachtais díola;
|
|
(iii)
|
staid eacnamaíoch na gcliant, lena n-áirítear a n-ioncam agus rachmas;
|
|
(iv)
|
bunchuspóirí airgeadais na gcliant, lena n-áirítear coigilt ar phinsean agus maoiniú úinéireachta tí;
|
|
|
(d)
|
leibhéal trédhearcachta na cripteashócmhainne nó an chineáil ghníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
aon chostas agus muirear eile;
|
|
(ii)
|
úsáid teicnící lena dtarraingítear aird na gcliant, ach nach gá gur léiriú iad ar oiriúnacht ná cáilíocht iomlán an táirge ná na seirbhíse;
|
|
(iii)
|
cineál rioscaí agus trédhearcacht rioscaí;
|
|
(iv)
|
úsáid ainmneacha nó téarmeolaíocht táirgí nó faisnéise eile atá míthreorach lena dtugtar le tuiscint leibhéal níos airde slándála nó toraidh ná mar atá indéanta nó dóchúil, nó a bhaineann le gnéithe táirge nach ann dóibh;
|
|
(v)
|
úsáid faisnéise éagothroime, doiléire nó míthreoraí i dteachtaireachtaí.
|
|
|
(e)
|
gnéithe nó comhpháirteanna sonracha na cripteashócmhainne, nó na gníomhaíochta nó cleachtais a bhaineann le cripteashócmhainní;
|
|
(f)
|
láithreacht agus leibhéal éagsúlachta idir an sochar nó brabús a mheastar a bheidh ann le haghaidh infheisteoirí agus an baol caillteanais i ndáil leis an gcripteashócmhainn nó leis an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
na costais struchtúrtha a bhaineann leis na cripteashócmhainní sin, le gníomhaíocht nó cleachtas, agus costais eile;
|
|
(ii)
|
an éagothromaíocht i ndáil le riosca an eisitheora arna choinneáil ag an eisitheoir;
|
|
(iii)
|
an phróifíl riosca/toraidh nó an phróifíl riosca/tairbhe;
|
|
|
(g)
|
a éasca atá sé d’infheisteoirí agus an costas an chripteashócmhainn ábhartha a dhíol, nó aistriú chuig cripteashócmhainn eile, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
an raon tairisceana nó atairisceana;
|
|
(ii)
|
an leibhéal leachtachta sa mhargadh le haghaidh cripteashócmhainní;
|
|
(iii)
|
minicíocht infhaighteachta trádála;
|
|
(iv)
|
méid eisiúna agus méid an mhargaidh thánaistigh;
|
|
(v)
|
láithreacht nó easpa soláthróirí leachtachta nó cruthaitheoirí margaidh thánaistigh;
|
|
(vi)
|
gnéithe an chórais trádála;
|
|
(vii)
|
aon bhac eile a chuirtear ar imeacht;
|
|
|
(h)
|
an phraghsáil agus na costais ghaolmhara a bhaineann leis an gcripteashócmhainn, nó leis an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, agus ceachtar díobh seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:
|
(i)
|
úsáid muirear folaithe nó tánaisteach;
|
|
(ii)
|
muirir nach bhfuil i gcomhréir le leibhéal na seirbhíse a soláthraíodh;
|
|
|
(i)
|
na cleachtais díola a bhaineann leis an gcripteashócmhainn, agus na nithe seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:
|
(i)
|
na bealaí cumarsáide agus dáilte a úsáidtear;
|
|
(ii)
|
an t-ábhar faisnéise, margaíochta nó ábhar cur chun cinn eile a bhaineann leis an infheistíocht;
|
|
(iii)
|
cuspóirí measta na hinfheistíochta;
|
|
(iv)
|
an cinneadh chun ceannaigh, an bhfuil sé tánaisteach nó treasach, tar éis ceannaigh a rinneadh roimhe;
|
|
|
(j)
|
staid airgeadais agus ghnó an eisitheora nó an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, agus ceachtar díobh seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:
|
(i)
|
staid airgeadais an eisitheora nó an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;
|
|
(ii)
|
a thrédhearcaí atá staid ghnó an eisitheora nó an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;
|
|
|
(k)
|
an bhfuil faisnéis easnamhach nó neamhiontaofa ann faoi chripteashócmhainn, faisnéis arna soláthar ag an eisitheoir, ag an tairgeoir nó ag an soláthraí seirbhíse, chun a chur ar a gcumas do na rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil sí dírithe orthu cinneadh feasach a dhéanamh, agus nádúr agus cineál na cripteashócmhainne á gcur san áireamh;
|
|
(l)
|
an bhfuil baol mór ann, i ngeall ar an gcripteashócmhainn, nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, maidir le feidhmíocht na n-idirbheart arna ndéanamh ag rannpháirtithe nó infheisteoirí sa mhargadh ábhartha;
|
|
(m)
|
an gcuirfeadh an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní as do shláine an phróisis phraghasmhúnlaithe, ar bhealach suntasach, sa mhargadh lena mbaineann, de chineál a fhágann nach ndéantar praghas ná luach na cripteashócmhainne atá i gceist a chinneadh de réir fhórsaí dlisteanacha an mhargaidh maidir le soláthar agus éileamh a thuilleadh, nó de chineál a fhágann nach féidir le rannpháirtithe sa mhargadh brath ar na praghsanna a ghintear sa mhargadh sin a thuilleadh, ná sna méideanna trádála, mar bhonn dá gcinntí infheistíochta;
|
|
(n)
|
an mbeadh an geilleagar náisiúnta i mbaol rioscaí mar gheall ar an gcripteashócmhainn nó an ghníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní;
|
|
(o)
|
an dócha, i ngeall ar thréithe cripteashócmhainne, go bhféadfaí í a úsáid go sonrach chun críche na coireachta airgeadais, agus go háirithe, an bhféadfadh na saintréithe sin úsáid na cripteashócmhainne a spreagadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(i)
|
aon chalaois nó mímhacántacht;
|
|
(ii)
|
mí-iompar i margadh airgeadais nó mí-úsáid faisnéise i ndáil le margadh airgeadais;
|
|
(iii)
|
na fáltais ón gcoireacht a láimhseáil;
|
|
(iv)
|
an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú;
|
|
(v)
|
sciúradh airgid a éascú;
|
|
|
(p)
|
an bhfuil baol suntasach ann, i ngeall ar chripteashócmhainn nó ar an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, maidir le hathléimneacht nó oibriú rianúil na margaí agus a mbonneagair;
|
|
(q)
|
an bhfuil baol mór ann, i ngeall ar an gcripteashócmhainn nó ar an ngníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, go gcuirfear isteach ar institiúidí airgeadais a mheastar a bheith tábhachtach maidir le córas airgeadais Bhallstát an údaráis inniúil ábhartha;
|
|
(r)
|
ábharthacht dháileadh na cripteashócmhainne mar fhoinse chistiúcháin le haghaidh an eisitheora;
|
|
(s)
|
an bhfuil baol ann, i ngeall ar chripteashócmhainn nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, maidir le bonneagar an mhargaidh nó na gcóras íocaíochta, lena n-áirítear córais trádála, imréitigh agus socraíochta;
|
|
(t)
|
an bhféadfadh cripteashócmhainn, nó gníomhaíocht nó cleachtas a bhaineann le cripteashócmhainní, bagairt a dhéanamh ar mhuinín infheisteoirí sa chóras airgeadais.
|
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.