European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1505

30.5.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1505 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Feabhra 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chinneadh a dhéanamh maidir le méid na dtáillí formhaoirseachta a bheidh le gearradh ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir ar sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla agus an chaoi a n-íocfar na táillí sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart táille formhaoirseachta bhliantúil a bhunú chun caiteachas riachtanach an Phríomh-Fhormhaoirseora agus na nÚdarás Maoirseachta Eorpach eile a chumhdach go hiomlán agus cúraimí formaoirseachta á gcomhlíonadh acu i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2022/2554. Maidir leis na costais mheasta arna dtabhú ag na húdaráis inniúla a dtarmligtear na cúraimí dóibh ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, ba cheart iad a chumhdach leis an táille formhaoirseachta bhliantúil freisin.

(2)

I gcomhréir le prionsabal na bliantúlachta agus leis an bprionsabal maidir le haisghabháil costais iomláin, ba cheart na táillí formhaoirseachta bliantúla a ríomh ar bhonn na gcostas díreach agus indíreach arna meas ag na ÚMEnna chun a gcúraimí formhaoirseachta a chomhlíonadh. Ba cheart táillí formhaoirseachta bliantúla a choigeartú gach bliain chun na costais mheasta a mheaitseáil.

(3)

Chun leithdháileadh cothrom na dtáillí formhaoirseachta a áirithiú, rud a léiríonn, san am céanna, an iarracht riaracháin iarbhír a dhírítear ar gach eintiteas faoi fhormhaoirseacht, ba cheart an táille formhaoirseachta bhliantúil a bheith comhréireach leis an láimhdeachas arna ghiniúint ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí san Aontas ó sholáthar na seirbhísí TFC do chliaint seirbhísí airgeadais.

(4)

Chun go n-áiritheofar cruinneas na faisnéise airgeadais is gá chun an láimhdeachas is infheidhme a ríomh, ba cheart iniúchadh a dhéanamh ar na figiúirí uile a sholáthraíonn na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí. Ós rud é go bhfuil gá le faisnéis maidir leis an láimhdeachas is infheidhme chun gur féidir leis an bPríomh-Fhormhaoirseoir méid na táille formhaoirseachta a shocrú, ar táille í a ghearrtar ar gach soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil in aghaidh na bliana chun costais na formhaoirseachta a chumhdach, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir breithniú a dhéanamh ar ioncam domhanda an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a ghintear gan beann ar na cineálacha cliant i gcás nach dtugann an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil faisnéis shaincheaptha faoin ioncam a ghintear san Aontas ó sheirbhísí TFC a sholáthar d’eintitis airgeadais.

(5)

Ba cheart íostáille formhaoirseachta bhliantúil a ghearradh ar gach soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil, ós rud é go bhfuil feidhm ag costais sheasta riaracháin áirithe maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar gach soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil, gan beann ar mhéid an láimhdeachais arna fhabhrú.

(6)

Chun freastal ar na costais shonracha a thabhaítear le linn na chéad bhliana ainmniúcháin agus formhaoirseachta ar sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla, ar costais iad a bhaineann leis an bpróiseas ainmniúcháin agus le ceapadh an Phríomh-Fhormhaoirseora i measc nithe eile, ba cheart táille sheasta a shocrú. Chun na costais a chur san áireamh arna dtabhú i leith na formhaoirseachta tar éis an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil a ainmniú, ba cheart an táille sin a choigeartú de réir na tréimhse ama sa chéad bhliain sin inar ainmníodh an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil. Ba cheart é a theacht in ionad na táille formhaoirseachta bliantúla le haghaidh na bliana sin.

(7)

Chun na costais bhreise a bhaineann le hainmniú soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla a chumhdach, ar soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla iad a iarrann go deonach go n-ainmneofaí iad mar sholáthraithe criticiúla i gcomhréir le hAirteagal 31(11) de Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart táille sheasta bhreise a shocrú. Chun iarrataí gan bhunús a dhíspreagadh, níor cheart táille sheasta bhreise den sórt sin a aisíoc má dhéanann soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a iarraidh a aistarraingt le linn an phróisis clárúcháin, nó má dhiúltaítear don iarraidh.

(8)

Chun íocaíocht thráthúil na dtáillí formhaoirseachta a áirithiú, ba cheart na táillí sin a íoc laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna nóta dochair an Phríomh-Fhormhaoirseora. Chun na sreafaí íocaíochta táillí a shimpliú, agus chun a áirithiú go mbeidh na cistí is gá ag ÚMEnna chun na gníomhaíochtaí maoirseachta atá beartaithe acu a dhéanamh, ba cheart táillí formhaoirseachta bliantúla a íoc in aon tráthchuid amháin le linn na chéad 4 mhí den bhliain féilire a bhfuil na táillí sin dlite ina leith ag soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla atá faoi réir gníomhaíochtaí formhaoirseachta an 1 Eanáir den bhliain sin nó, i gcás soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla a ainmnítear i rith na bliana sin, faoi dheireadh na bliana sin ar a dhéanaí.

(9)

Ba cheart na táillí uile a ghearrtar a shocrú ar leibhéal lena seachnófaí easnamh nó carnadh mór barrachais. I gcás ina mbíonn toradh buiséid dearfach nó diúltach nach beag ann arís agus arís eile, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na dtáillí.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Meastachán ar chaiteachas na bPríomh-Fhormhaoirseoirí agus a ndualgais formhaoirseachta á gcomhlíonadh acu

1.   Gach bliain, déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir agus na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha eile meastachán ar na costais bhliantúla fhoriomlána a mheastar a thabhófar chun a ndualgais formhaoirseachta a chomhlíonadh. Is ar bhonn mhéid na gcostas bliantúil foriomlán measta a chinnfear méid foriomlán na dtáillí formhaoirseachta a ghearrfar.

2.   Agus meastachán á dhéanamh ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir ar na costais bhliantúla fhoriomlána, déanfaidh sé na costais dhíreacha agus indíreacha seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

costais a bhaineann le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraithe criticiúla;

(b)

costais a bhaineann leis an bPríomh-Fhormhaoirseoir a cheapadh;

(c)

costais a bhaineann leis an bhformhaoirseacht iarbhír ar sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla, agus na nithe seo a leanas san áireamh:

(i)

costais a bhaineann leis an obair a rinne an fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach;

(ii)

costais na comhairle a thug saineolaithe neamhspleácha;

(d)

costais a bhaineann le hobair leantach a dhéanamh ar na moltaí arna n-eisiúint ag na Príomh-Fhormhaoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 35(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2022/2554;

(e)

costais a bhaineann le rialachas an chreata formhaoirseachta.

Airteagal 2

Láimhdeachas infheidhme soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla chun na táillí formhaoirseachta a ríomh

1.   Chun críocha Airteagal 3, is éard a bheidh i láimhdeachas soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí chriticiúil a ioncam a ghintear san Aontas ó sholáthar na seirbhísí TFC a liostaítear sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 28(9) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus a sholáthraítear do na heintitis airgeadais a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554.

2.   Soláthróidh soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla figiúirí iniúchta don Phríomh-Fhormhaoirseoir, ar bhonn bliantúil i mbliain n-1, lena sonrófar an láimhdeachas dá dtagraítear i mír 1 do bhliain n-2. Soláthróidh soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla na figiúirí sin don Phríomh-Fhormhaoirseoir faoin 31 Nollaig gach bliain.

3.   I gcás nach soláthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil figiúirí iniúchta don Phríomh-Fhormhaoirseoir faoin dáta dá dtagraítear i mír 2, ar figiúirí iad atá teoranta d’ioncam a ghintear ó sholáthar seirbhísí d’eintitis airgeadais a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, nó a bhfuil an t-ioncam sin iontu san iomlán, breithneoidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an láimhdeachas a ghintear san Aontas ó sholáthar na seirbhísí TFC a liostaítear sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 28(9) de Rialachán (AE) 2022/2554 gan beann ar chineál cliant an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí chriticiúil.

I gcás nach soláthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil figiúirí iniúchta don Phríomh-Fhormhaoirseoir faoin dáta dá dtagraítear i mír 2, ar figiúirí iad atá teoranta d’ioncam a ghintear san Aontas ó sholáthar seirbhísí TFC dá dtagraítear sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 28(9) de Rialachán (AE) 2022/2554, nó a bhfuil an t-ioncam sin iontu san iomlán, breithneoidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an láimhdeachas domhanda a ghintear ó sholáthar na seirbhísí TFC sin.

I gcás nach soláthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil figiúirí iniúchta don Phríomh-Fhormhaoirseoir faoin dáta dá dtagraítear i mír 2, ar figiúirí iad atá teoranta d’ioncam a ghintear ó sholáthar seirbhísí TFC d’eintitis airgeadais a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, agus nach soláthraíonn sé figiúirí iniúchta don Phríomh-Fhormhaoirseoir faoin dáta dá dtagraítear i mír 2 atá teoranta d’ioncam a ghintear san Aontas, breithneoidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an láimhdeachas domhanda gan beann ar chineál cliant an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí chriticiúil.

4.   I gcás ina dtuairiscíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla an t-ioncam in airgeadra seachas an euro, déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an t-ioncam sin a chomhshó go euro trí úsáid a bhaint as an meánráta malairte eachtraí euro is infheidhme maidir leis an tréimhse inar taifeadadh an t-ioncam, mar a d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach.

Airteagal 3

Na táillí formhaoirseachta a ríomh

1.   Maidir le gach seirbhís TFC tríú páirtí chriticiúil, is éard a bheidh sa táille formhaoirseachta bhliantúil do bhliain ar leith (n) na costais bhliantúla fhoriomlána arna meas dá dtagraítear in Airteagal 1 arna gcoigeartú leis an gcomhéifeacht láimhdeachais dá dtagraítear i mír 2 bunaithe ar a láimhdeachas is infheidhme do bhliain n-2.

2.   I gcás gach soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí chriticiúil, beidh an chomhéifeacht láimhdeachais bunaithe ar an láimhdeachas is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 2 agus déanfar í a ríomh mar a leanas:

Formula

3.   Ní íocfaidh an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil táille formhaoirseachta bhliantúil atá níos lú ná EUR 50 000 i gcás ar bith.

Airteagal 4

Táillí formhaoirseachta i mbliain an ainmniúcháin agus iarrataí maidir leis ‘an rogha a bheith páirteach’

1.   De mhaolú ar Airteagal 3, maidir leis an gcéad liosta foilsithe de sholáthraithe seirbhíse TFC tríú pháirtí criticiúla de réir Airteagal 31(9) de Rialachán (AE) 2022/2554, déanfar na táillí formhaoirseachta a roinnt go cothrom idir na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla ainmnithe. Déanfar an táille a bheidh le gearradh ar gach soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil a ríomh trí caiteachas foriomlán measta na bPríomh-Phríomh-Fhormhaoirseoirí a roinnt ar líon na soláthraithe seirbhíse TFC tríú pháirtí criticiúla ainmnithe.

2.   De mhaolú ar Airteagal 3 agus mír 1 thuas, le haghaidh na chéad bhliana ina n-ainmnítear soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí mar sholáthraí criticiúil, íocfaidh sé táille sheasta formhaoirseachta atá comhionann leis an méid arna íoc ag gach soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí faoi mhír 1. I gcás nach gcomhfhreagraíonn tréimhse ghníomhaíochtaí formhaoirseachta an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí chriticiúil sin do bhliain iomlán, beidh an táille formhaoirseachta sin cothrom leis an méid arna íoc ag gach soláthraithe seirbhíse tríú páirtí faoi mhír 1, arna iolrú faoi líon na laethanta féilire ó ainmniú an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí mar sholáthraí criticiúil go dtí deireadh na bliana sin agus roinnfear í ar an líon iomlán laethanta sa bhliain sin.

3.   I gcás ina n-iarrann soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí go n-ainmneofaí é mar sholáthraí criticiúil i gcomhréir le hAirteagal 31(11) de Rialachán (AE) 2022/2554, íocfaidh sé táille sheasta EUR 50 000 um rogha a bheith páirteach. Ní dhéanfaidh an ÚME faighteach an táille sheasta sin um rogha a bheith páirteach a aisíoc i gcás ina ndiúltófar don iarraidh é a ainmniú mar sholáthraí criticiúil nó i gcás ina ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí an iarraidh a aistarraingt.

Airteagal 5

Na táillí formhaoirseachta a íoc

1.   Íocfaidh soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla na táillí formhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2022/2554 leis an bPríomh-Fhormhaoirseoir ar bhonn bliantúil.

2.   Déanfar gach táille formhaoirseachta a shonrascadh agus a íoc in euro. Socrófar téarmaí íocaíochta 30 lá ar a laghad le nótaí dochair le haghaidh táillí formhaoirseachta.

3.   Íocfar gach táille formhaoirseachta ar bhonn aon tráthchoda amháin. Soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla a bheidh faoi réir gníomhaíochtaí formhaoirseachta an 1 Eanáir de bhliain áirithe, déanfaidh siad an nóta dochair a íoc faoin 30 Aibreán den bhliain sin. Soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla a ainmnítear i rith na bliana, déanfaidh siad na táillí dá dtagraítear in Airteagal 4 a íoc in aon tráthchuid amháin faoin 31 Nollaig den bhliain sin.

4.   Le haon íocaíocht dhéanach, tabhófar an t-ús mainneachtana a leagtar síos in Airteagal 99 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Airteagal 6

Cumarsáid idir an Príomh-Fhormhaoirseoir agus soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla

Chun críocha an Rialacháin seo, is trí mheán leictreonach a dhéanfar gach cumarsáid idir na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1505/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)