European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1501

29.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1501 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Comhlachais’) ina bhonn leis an gcaidreamh idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive. I gcomhréir le Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle (3), bhí feidhm shealadach ag Teideal V den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le hábhair a bhaineann le trádáil, ón 1 Meán Fómhair 2014, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016 tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú.

(2)

Cuirtear in iúl sa Chomhaontú Comhlachais gur mian leis na Páirtithe sa Chomhaontú Comhlachais (‘na Páirtithe’) an caidreamh a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 143 den Chomhaontú Comhlachais go mbunófar limistéar saorthrádála de réir a chéile idir na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, 1994 (GATT 1994). Chuige sin, le hAirteagal 147 den Chomhaontú Comhlachais foráiltear go ndéanfar dleachtanna custaim a dhíchur de réir a chéile i gcomhréir leis na Sceidil a áirítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais agus foráiltear don fhéidearthacht dlús a chur le raon feidhme díchuir den sórt sin agus é a leathnú.

(4)

Ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, tá cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh gan chúis gan údar, tar éis tionchar diúltach ollmhór a imirt ar chumas Phoblacht na Moldóive trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, go háirithe toisc go mbraitheann onnmhairí ó Phoblacht na Moldóive ar idirthuras trí chríoch na hÚcráine agus ar bhonneagar na hÚcráine, rudaí nach bhfuil fáil orthu den chuid is mó anois. Faoi imthosca criticiúla den sórt sin, agus chun na drochéifeachtaí ar gheilleagar Phoblacht na Moldóive de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú, is gá dlús a chur le forbairt caidrimh eacnamaíoch níos dlúithe idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive agus tacaíocht leanúnach a thabhairt do gheilleagar Phoblacht na Moldóive. Is gá agus is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint de shreabha trádála a spreagadh agus lamháltais a dheonú i bhfoirm bearta um léirscaoileadh trádála le haghaidh gach táirge, i gcomhréir leis an luathú atá á dhéanamh ó thaobh dleachtanna custaim ar thrádáil idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive a dhíchur.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas le comhchuibheas idir na réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach a áirithiú. De bhun Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an comhbheartas tráchtála le seoladh faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

(6)

Téann Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) in éag an 24 Iúil 2024.

(7)

Ba cheart gur mar seo a leanas a bheadh na bearta sealadacha um léirscaoileadh trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo: (i) cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála maidir le torthaí agus glasraí a chur ar fionraí; agus (ii) na taraif-chuótaí agus dleachtanna allmhairiúcháin uile a chur ar fionraí. Trí na bearta sin, déanfaidh an tAontas an comhtháthú eacnamaíoch idir Poblacht na Moldóive agus an tAontas a dhoimhniú agus tabharfaidh an tAontas tacaíocht eacnamaíoch iomchuí ar bhonn sealadach chun leas Phoblacht na Moldóive agus na n-oibreoirí eacnamaíocha a ndéantar difear dóibh i ngeall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

(8)

Chun calaois a chosc, ba cheart an teidlíocht i leith na mbeart um léirscaoileadh trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a bheith faoi réir an choinníll go gcomhlíonfadh Poblacht na Moldóive na coinníollacha ábhartha uile chun sochair a fháil faoin gComhaontú Comhlachais, lena n-áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí ábhartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus go mbeadh baint ag Poblacht na Moldóive le dlúthchomhar leis an Aontas ó thaobh riaracháin de, dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais.

(9)

Ba cheart do Phoblacht na Moldóive staonadh ó aon dleacht nó muirear comhéifeachta nua nó ó aon srian cainníochtúil nó beart comhéifeachta nua a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, ó mhéadú a dhéanamh ar na leibhéil ag a bhfuil dleachtanna nó muirir faoi láthair, nó ó shrian eile a thabhairt isteach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. I gcás ina mainníonn Poblacht na Moldóive aon cheann de na coinníollacha sin a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na bearta uile um léirscaoileadh trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí go sealadach.

(10)

Foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais, i measc nithe eile, gur bunghnéithe den Chomhaontú Comhlachais iad prionsabail dhaonlathacha, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú chomh maith le cur i gcoinne leathadh na n-arm ollscriosta, na n-ábhar gaolmhar agus mhodhanna seachadta na n-arm sin. Faoin Airteagal céanna, léiríonn na Páirtithe tiomantas go háirithe do na prionsabail ghinearálta seo a leanas: urraim do phrionsabail an smachta reachta agus an dea-rialachais, an comhrac i gcoinne an éillithe, i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla, iad eagraithe nó gan a bheith eagraithe, lena n-áirítear iad siúd de chineál trasnáisiúnta, agus i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus an urraim do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh. Is iomchuí an fhéidearthacht a thabhairt isteach na bearta um léirscaoileadh trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach má mhainníonn Poblacht na Moldóive na bunghnéithe sin nó na prionsabail ghinearálta sin a urramú.

(11)

Faoi réir measúnú ón gCoimisiún a dhéantar i gcomhthéacs an fhaireacháin thráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo agus a sheoltar tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht aon bheart is gá a dhéanamh maidir le hallmhairí aon táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo.

(12)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na bearta um léirscaoileadh trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir le teidlíocht i leith na socruithe fabhracha sin a thuilleadh, agus chun coimircí a thabhairt isteach i gcásanna ina ndéanann allmhairí faoin Rialachán seo dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun bearta coimirce sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí agus chineál na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach.

(13)

Ba cheart measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a áireamh sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála, rud atá ina dhlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais.

(14)

I bhfianaise na staide eacnamaíche i bPoblacht na Moldóive agus dhul in éag Rialachán (AE) 2023/1524 an 24 Iúil 2024, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 25 Iúil 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bearta um léirscaoileadh trádála

Tugtar isteach na bearta um léirscaoileadh trádála seo a leanas:

(a)

na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn XV-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, déanfar iad a chur ar fionraí agus ceadófar allmhairiú na dtáirgí a chumhdaítear faoi na cuótaí sin isteach san Aontas ó Phoblacht na Moldóive gan aon dleacht chustaim;

(b)

déanfar cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála a chur ar fionraí le haghaidh na dtáirgí sin a bhfuil feidhm aige maidir leo mar a shonraítear in Iarscríbhinn XV-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais; ní bheidh feidhm ag aon dleacht chustaim maidir le hallmhairí na dtáirgí sin.

Airteagal 2

Coinníollacha chun bheith i dteideal na mbeart um léirscaoileadh trádála

Beidh na bearta um léirscaoileadh trádála dá bhforáiltear in Airteagal 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonadh rialacha tionscnaimh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo ag Poblacht na Moldóive, dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais;

(b)

staonadh Phoblacht na Moldóive ó aon dleacht nó muirear comhéifeachta nua nó ó aon srian cainníochtúil nó beart comhéifeachta nua a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, ó mhéadú a dhéanamh ar na leibhéil ag a bhfuil dleachtanna nó muirir faoi láthair nó ó aon shrian eile a thabhairt isteach, lena n-áirítear bearta riaracháin inmheánacha atá idirdhealaitheach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; agus

(c)

urraim a bheith á léiriú ag Poblacht na Moldóive do phrionsabail dhaonlathacha, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha mar aon le cur i gcoinne leathadh na n-arm ollscriosta, na n-ábhar gaolmhar agus mhodhanna a úsáidtear seachadta na n-arm sin, urraim do phrionsabail an smacht reachta agus dea-rialachais, an comhrac in gcoinne an éillithe, i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla, iad eagraithe nó gan a bheith eagraithe, lena n-áirítear iad siúd de chineál trasnáisiúnta, agus i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus urraim a bheith á léiriú aici do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh dá bhforáiltear in Airteagail 2, 9 agus 16 den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 3

Bearta a chur ar fionraí go sealadach

1.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann lena léiriú gur mhainnigh Poblacht na Moldóive na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na bearta uile um léirscaoileadh trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

2.   I gcás ina n-iarrann Ballstát ar an gCoimisiún aon cheann de na bearta um léirscaoileadh trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí ar an mbonn gur mhainnigh Poblacht na Moldóive na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (b), a chomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar fáil laistigh de 4 mhí ó rinneadh an iarraidh i dtaobh an raibh bunús leis an maíomh gur mhainnigh Poblacht na Moldóive na coinníollacha a chomhlíonadh. I gcás ina dtagann an Coimisiún ar an tátal go bhfuil bunús leis an maíomh, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Bearta coimirce

1.   I gcás ina ndéantar táirge a chumhdaítear le hAirteagal 1 de thionscnamh Phoblacht na Moldóive a allmhairiú faoi choinníollacha a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leis, féadfaidh an Coimisiún aon bheart is gá leis a fhorchur trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

Féadfar beart den sórt sin a fhorchur a fhad is gá chun cur in aghaidh na n-éifeachtaí díobhálacha ar mhargadh an Aontais nó ar mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis faoi onnmhairí, allmhairí, praghsanna ar mhargadh an Aontais nó ar mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó, agus táirgeadh na dtáirgí san Aontas atá faoi réir na mbeart um léirscaoileadh trádála faoi Airteagal 1, pointe (a).

Cuirfidh an Coimisiún torthaí an fhaireacháin thráthrialta in iúl do na Ballstáit gach 2 mhí, ag tosú ón 25 Iúil 2024.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid mhargadh an Aontais nó margaidh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach d’fhonn bearta a fhorchur i gcomhréir le mír 1. Seolfar an measúnú sin:

(a)

ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát lena n-áirítear fianaise leordhóthanach prima facie atá ar fáil go réasúnta don Bhallstát sin de bhun mhír 4 maidir le hallmhairí a dhéanann dochar don mhargadh dá dtagraítear i mír 1; nó

(b)

ar a thionscnamh féin, tar éis don Choimisiún teacht ar an tuiscint gur dealraitheach go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go ndéanann allmhairí dochar don mhargadh dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfear an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích laistigh de 4 mhí óna sheoladh.

4.   Agus an measúnú á dhéanamh aige de bhun mhír 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa mhargadh, lena n-áirítear tionchar na n-allmhairí lena mbaineann ar staid mhargadh an Aontais nó margaidh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Áireofar sa mheasúnú sin tosca amhail na nithe seo a leanas:

(a)

ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí an táirge lena mbaineann ó Phoblacht na Moldóive i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta,

(b)

éifeacht na n-allmhairí lena mbaineann ar tháirgeadh agus ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais nó i margadh Ballstáit amháin nó níos mó, agus forbairt na n-allmhairí ó fhoinsí eile á cur san áireamh an tráth céanna.

Ní liosta uileghabhálach é liosta na dtosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus féadfar tosca ábhartha eile a chur san áireamh freisin.

5.   In imthosca criticiúla ina mbeadh moill ina cúis le díobháil a bheadh deacair a leigheas, féadfaidh an Coimisiún aon bheart is gá a fhorchur go sealadach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Ní fhéadfar beart den sórt sin a fhorchur ach amháin tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát de bhun mhír 3, pointe (a), den Airteagal seo agus glacfar é laistigh de 21 lá tar éis an iarraidh a fháil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(4). Ní mhairfidh beart coimirce sealadach níos faide ná 120 lá.

6.   I gcás ina measann an Coimisiún, de thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go ndearnadh dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach agus ina bhfuil sé beartaithe aige beart cinntitheach a fhorchur de bhun mhír 1, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar go dtabharfar isteach beart den sórt sin. Tabharfar achoimre san fhógra ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe agus sonrófar ann an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a dtuairimí a thíolacadh i scríbhinn. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 10 mí ó dháta foilsithe an fhógra.

7.   Má fhorchuireann an Coimisiún beart de bhun mhír 1 nó 5 lena dtugtar isteach an athuair taraif-chuóta arna chur ar fionraí le hAirteagal 1, pointe (a), cuirfear san áireamh i mbainistiú an taraif-chuóta sin an chainníocht a allmhairítear le linn na bliana féilire ina bhforchuireann an Coimisiún an beart sin.

Airteagal 5

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Chód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 3(1) den Rialachán seo. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Déanfaidh an Coiste um Choimircí, a bunaíodh le hAirteagal 3 de(1) Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 4(1) den Rialachán sin. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 6

Measúnú ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála

Beidh measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála agus áireofar inti, a mhéid is iomchuí, measúnú ar an tionchar sóisialta atá ag na bearta sin i bPoblacht na Moldóive agus san Aontas. Cuirfear faisnéis faoi allmhairí na dtáirgí faoi Airteagal 1, pointe (a), ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn míosúil.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus feidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 25 Iúil 2024.

Beidh feidhm aige go dtí an 24 Iúil 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024.

(2)   IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.

(3)  Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2023/1524 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (IO L 185, 24.7.2023, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais ( IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1501/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)