European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1497

28.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1497 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Bealtaine 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 (1) agus, an 31 Bealtaine 2013, ghlac sí Cinneadh 2013/255/CBES (2) tar éis ghlacadh na gconclúidí ón gComhairle inar cháin an Chomhairle an foréigean agus na sáruithe tromchúiseacha forleathana córasacha ar chearta an duine sa tSiria.

(2)

De dheasca chrith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023, ghéaraigh ar na dálaí uafásacha a bhí sa tír cheana, agus mhéadaigh fulaingt phobal na Siria.

(3)

An 23 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/408 (3) agus Rialachán (AE) 2023/407 (4), lenar tugadh isteach díolúine maidir le sócmhainní daoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe agus sócmhainní eintiteas ainmnithe a reo, agus maidir leis na srianta ar chistí agus ar acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin chun dul chun tairbhe d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus do chatagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla agus gur cheart feidhm a bheith aici ar feadh tréimhse thosaigh 6 mhí go dtí an 24 Lúnasa 2023.

(4)

An 14 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1467 (5) agus Rialachán (AE) 2023/1462 (6), lenar cuireadh síneadh leis an díolúine sin go dtí an 24 Feabhra 2024. An 18 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2876 (7) agus Rialachán (AE) 2023/2877 (8), lenar cuireadh síneadh breise leis an díolúine go dtí an 1 Meitheamh 2024.

(5)

An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1496 (9) lena gcuirtear díolúine a mbeidh feidhm aici go dtí an 1 Meitheamh 2025 in ionad na díolúine thuasluaite, i gcomhréir le dáta deiridh chur i bhfeidhm Chinneadh 2013/255/CBES, agus lena mbeartaítear, gan dochar don athbhreithniú ar Chinneadh 2013/255/CBES, síneadh breise a chur leis an díolúine sin tar éis an 1 Meitheamh 2025.

(6)

Tagann na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 16a de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 cuirtear an méid seo a leanas:

‘Airteagal 16a

1.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 14(1) agus (2) go dtí an 1 Meitheamh 2025 maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar cabhair dhaonnúil go tráthúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh sin agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena sainghníomhaireachtaí agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha na Náisiún Aontaithe um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

sainghníomhaireachtaí na mBallstát; nó

(g)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 14(2) maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha arna gcur ar fáil ag daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a fhaigheann cistiú poiblí ón Aontas nó ó na Ballstáit chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó chun cúnamh a chur ar fáil don phobal sibhialta sa tSiria, i gcás ina soláthraítear na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó chun cúnamh a chur ar fáil don phobal sibhialta sa tSiria, agus chun na gcríoch sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 6a(1).

3.   Sna cásanna nach gcumhdaítear le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus de mhaolú ar Airteagal 14(1) agus 14(2), féadfaidh na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.

4.   In éagmais cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra maidir le ham breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 2, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

5.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 3 agus 4 laistigh de 4 seachtaine ó údarú den sórt sin.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (IO L 16, 19.1.2012, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/408 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56I, 23.2.2023, lch. 4).

(4)  Rialachán (AE) 2023/407 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56 I, 23.2.2023, lch. 1).

(5)  Cinneadh (CBES) 2023/1467 ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 180, 17.7.2023, lch. 41).

(6)  Rialachán (AE) 2023/1462 ón gComhairle an 17 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 180, 17.7.2023, lch. 8).

(7)  Cinneadh (CBES) 2023/2876 ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2023/2876, 19.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2876/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2023/2877 ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2023/2877, 19.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2877/oj).

(9)  Cinneadh (CBES) 2024/1496 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2024/1496, 28.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1496/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1497/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)