European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1487

30.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1487 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Bealtaine 2024

lena sainmhínítear na ceanglais sonraí maidir le formheas teorantóirí agus sineirgíoch agus lena mbunaítear clár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile ar theorantóirí agus ar shineirgígh atá ar an margadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25(3) agus Airteagal 26 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 foráiltear go mbeidh teorantóirí agus sineirgígh le formheas nuair a chomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin chun substaintí gníomhacha a fhormheas. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 25(2) den Rialachán sin i ndáil leis na rialacha ginearálta is infheidhme maidir leis an nós imeachta le haghaidh formheas substaintí gníomhacha nó le haghaidh athnuachan an fhormheasa sin, rialacha a leagtar amach in Airteagail 5 go 21 den Rialachán sin, go bhfuil feidhm acu maidir le teorantóirí agus sineirgígh freisin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 25(3) den Rialachán sin gur cheart ceanglais sonraí atá comhchosúil leis na ceanglais sonraí is infheidhme maidir le formheas substaintí gníomhacha a shainmhíniú le haghaidh formheas teorantóirí agus sineirgíoch.

(2)

Ina theannta sin, agus mar a cheanglaítear le hAirteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart clár oibre a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile ar shineirgígh agus ar theorantóirí atá ar an margadh cheana féin. Chun ailíniú leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 81(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a áirithiú, ba cheart a bheith in ann leis na nósanna imeachta sin athbhreithniú a dhéanamh ar na teorantóirí agus sineirgígh sin laistigh de 5 bliana de ghlacadh an chláir oibre sin.

(3)

Chun a áirithiú gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar na teorantóirí agus sineirgígh uile atá ar an margadh cheana féin, is iomchuí liosta de na teorantóirí agus sineirgígh uile atá ar an margadh cheana féin a bhunú ar dtús, mar aon leis na nósanna imeachta trína dtabharfaidh iarratasóirí ionchasacha fógra faoina spéis maidir le hiarratais ar fhormheas na dteorantóirí agus na sineirgíoch sin a thíolacadh, an sprioc-am chun iarratais den sórt sin a thíolacadh agus na nósanna imeachta i ndáil le meastóireacht a dhéanamh ar inghlacthacht na n-iarratas.

(4)

Chun comhleanúnachas leis na coinníollacha sonracha maidir le measúnaithe eolaíocha a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a áirithiú, is iomchuí forálacha comhchosúla a bheartú i ndáil le teorantóirí agus sineirgígh. Dá réir sin, ba cheart rialacha a bhunú ina mionsonrófar an próiseas chun iarratais chomhpháirteacha a thíolacadh agus ina sonrófar na nósanna imeachta maidir le comhairliúcháin réamhiarratais leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) i ndáil leis na tástálacha agus na staidéir beartaithe a bhfuil sé d’aidhm acu formheas a bhaint amach i leith teorantóirí agus sineirgígh, mar aon leis na fógraí nach mór a thabhairt faoi staidéir a thionscain nó a rinne na hiarratasóirí ionchasacha chun bunús a thabhairt dá n-iarratais.

(5)

Chun tástáil ar ainmhithe a íoslaghdú, ba cheart d’iarratasóirí bearta a dhéanamh chun tástáil ar ainmhithe a sheachaint, agus, mar chuid den fhógra a thugann siad faoi staidéir a coimisiúnaíodh nó a rinneadh, ba cheart d’iarratasóirí an tÚdarás a chur ar an eolas má chuimsíonn aon staidéar a rinneadh nó a coimisiúnaíodh úsáid modhanna malartacha tástála.

(6)

Chun a áirithiú go láimhseálfar an malartú sonraí mar is iomchuí agus chun cearta agus leasanna iarratasóirí agus páirtithe leasmhara eile a choimirciú i ndáil le rochtain phoiblí ar fhaisnéis, tá sé ríthábhachtach na rialacha maidir le cosaint sonraí agus rúndacht a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur i bhfeidhm maidir leis an gclár oibre. I gcomhsheasmhacht leis na prionsabail maidir le cosaint sonraí agus rúndacht a leagtar amach sa Rialachán sin, ba cheart bearta a dhéanamh chun an fhaisnéis a thíolacfaidh iarratasóirí le linn bhunú agus chur i bhfeidhm an chláir oibre a chosaint.

(7)

Ba cheart ceanglais sonraí atá comhchosúil leis na ceanglais sonraí is infheidhme maidir le formheas substaintí gníomhacha a shainmhíniú le haghaidh formheas teorantóirí agus sineirgíoch. I dteannta na gceanglas sonraí is infheidhme maidir le formheas substaintí gníomhacha, ba cheart sonraí forlíontacha áirithe a bheith riachtanach, go háirithe i ndáil le héifeachtacht na dteorantóirí agus na sineirgíoch a léiriú.

(8)

I bhfianaise na nasc nach beag idir na cumhachtuithe in Airteagal 25(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir le sainmhíniú na gceanglas sonraí i ndáil le formheas teorantóirí agus sineirgíoch agus in Airteagal 26 den Rialachán sin maidir le bunú clár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile ar theorantóirí agus ar shineirgígh atá ar an margadh cheana féin, go háirithe infheidhmeacht na gceanglas sonraí céanna, is iomchuí na rialacha sin a leagan síos go comhpháirteach sa ghníomh céanna.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

ÁBHAR

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an méid seo a leanas:

(a)

an clár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile ar na teorantóirí agus sineirgígh atá in úsáid i dtáirgí cosanta plandaí cheana féin an 19 Meitheamh 2024 agus nósanna imeachta a bhaineann leis an gclár sin’;

(b)

na ceanglais sonraí is gá a chomhlíonadh in iarratas ar fhormheas teorantóra nó sineirgígh.

CAIBIDIL 2

BUNÚ AN CHLÁIR OIBRE CHUN ATHBHREITHNIÚ A DHÉANAMH DE RÉIR A CHÉILE AR NA TEORANTÓIRÍ AGUS SINEIRGÍGH ATÁ AR AN MARGADH CHEANA FÉIN, AN LIOSTA DÍOBH AGUS NÓSANNA IMEACHTA CHUN ATHBHREITHNIÚ A DHÉANAMH ORTHU DE RÉIR A CHÉILE

Airteagal 2

Bunú an chláir oibre

An clár oibre a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile ar na teorantóirí agus sineirgígh atá in úsáid i dtáirgí cosanta plandaí cheana féin an 19 Meitheamh 2024, bunaítear é leis seo.

Airteagal 3

Liosta na dteorantóirí agus na sineirgíoch atá ar an margadh cheana féin

(1)   Faoin 19 Iúil 2024, foilseoidh an Coimisiún, trí mheán leictreonach agus ar bhealach a bheidh inrochtana don phobal i gcoitinne, liosta de gach substaint nó ullmhóid arb eol don Choimisiún go mbaintear úsáid aisti mar theorantóir nó sineirgíoch i dtáirge cosanta plandaí amháin ar a laghad a údaraítear a chur ar an margadh i mBallstát amháin ar a laghad an 19 Meitheamh 2024.

(2)   Faoin 19 Nollaig 2024, féadfaidh páirtí leasmhar ar bith fógra a thíolacadh faoi shubstaintí nó ullmhóidí breise a d’fhéadfaí a úsáid mar theorantóirí nó sineirgígh i dtáirgí cosanta plandaí a údaraítear a chur ar an margadh i mBallstát amháin ar a laghad an 19 Meitheamh 2024.

(3)   San fhógra dá dtagraítear i mír 2 áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear i Ranna 1.3, 1.4, 1.6 agus 1.7 de Chuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún (3) agus fianaise go n-úsáidtear an tsubstaint nó an ullmhóid a dtugtar fógra ina leith mar theorantóir nó sineirgíoch i dtáirge cosanta plandaí amháin ar a laghad a údaraítear a chur ar an margadh i mBallstát amháin ar a laghad.

Cuirfear an fógra faoi bhráid an Choimisiún go leictreonach ag an seoladh seo a leanas: sante-secteur-ppp@ec.europa.eu.

(4)   Soláthróidh an Coimisiún achoimre ar na fógraí a gheofar do na Ballstáit agus don Údarás.

Féadfaidh na Ballstáit agus an tÚdarás a mbarúlacha a sholáthar don Choimisiún laistigh de 2 mhí ón dáta a chuirfidh an Coimisiún ar an eolas iad.

(5)   An liosta dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an Coimisiún cothrom le dáta é, agus é ag cur san áireamh na teorantóirí agus na sineirgígh atá i dtáirgí cosanta plandaí a údaraítear a chur ar an margadh sna Ballstáit an 19 Meitheamh 2024 faoin 19 Márta 2025.

Airteagal 4

Iarraidh go n-áireofaí ítim ar an gclár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile

(1)   Aon pháirtí leasmhar ar mhian leis, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, iarratas a thíolacadh ar fhormheas teorantóra nó sineirgígh a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 3(1), féadfaidh sé iarraidh a thíolacadh chun an teorantóir nó an sineirgíoch sin a áireamh ar an gclár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile faoin 19 Meitheamh 2025.

Cuirfear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiún go leictreonach ag an seoladh seo a leanas: sante-secteur-ppp@ec.europa.eu, agus beidh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn II inti.

(2)   Laistigh de mhí amháin tar éis dó iarraidh a fháil teorantóir nó sineirgíoch a áireamh ar an gclár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile, cuirfidh an Coimisiún in iúl, sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo, go ndearnadh iarraidh de bhun mhír 1 den Airteagal seo i leith na substainte nó ullmhóide lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún na páirtithe a iarann go n-áireofaí teorantóir nó sineirgíoch san athbhreithniú de réir a chéile ar an eolas maidir le sonraí tagartha páirtithe eile a iarrann go n-áireofaí an teorantóir nó an sineirgíoch céanna san athbhreithniú.

Airteagal 5

Neamháireamh teorantóra nó sineirgígh ar an gclár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile

I gcás nach bhfaighfear faoin sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 4(1) aon iarraidh go n-áireofaí ar an gclár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile i leith teorantóir nó sineirgíoch a liostaítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 3(1), glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina luaitear nach n-áirítear an teorantóir nó an sineirgíoch lena mbaineann sa chlár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile.

Airteagal 6

Glacadh an chláir oibre

(1)   Ón 19 Iúil 2025, i gcás aon substaint nó ullmhóid ar chuir an Coimisiún in iúl i liosta na dteorantóirí agus na sineirgíoch dá dtagraítear in Airteagal 3(1) go bhfuarthas iarraidh ina leith go n-áireofaí í ar an gclár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh air de réir a chéile, an duine nó na daoine a iarann go n-áireofaí an teorantóir nó sineirgíoch sin, measfar gurb iad sin an t-iarratasóir, ar leithligh nó le chéile, ar fhormheas an teorantóra nó an tsineirgígh sin de réir bhrí Airteagail 7 go 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)   Faoin 19 Nollaig 2025, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus na teorantóirí agus sineirgígh a áirítear ar an gclár oibre á shonrú aige agus Ballstát is rapóirtéir agus Ballstát is comhrapóirtéir á ainmniú aige le haghaidh gach ceann acu.

Airteagal 7

Malartú sonraí, fógra a thabhairt faoi staidéir atá beartaithe agus comhairliúchán réamhiarratais

(1)   Iarratasóirí ar fhormheas an teorantóra nó an tsineirgígh chéanna, déanfaidh siad gach iarracht réasúnta iarratas comhpháirteach a thíolacadh, nó na sonraí eolaíocha ábhartha a chomhroinnt.

(2)   Tar éis an leasaithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 6(2), tabharfaidh iarratasóirí ar fhormheas teorantóra nó sineirgígh fógra don Údarás gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 32b(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, faoi theideal agus raon feidhme aon staidéar a choimisiúnaigh siad nó a rinne siad chun tacú leis an iarratas ar fhormheas teorantóra nó sineirgígh, faoin tsaotharlann nó ionad tástála a rinne an staidéar sin, agus faoi dháta tosaithe agus dáta críochnaithe beartaithe an staidéir.

Iarratasóirí ar fhormheas teorantóra nó sineirgígh, déanfaidh siad bearta chun tástáil ar ainmhithe a íoslaghdú, más féidir. Mar chuid den phróiseas fógartha a luaitear san fhomhír roimhe seo, cuirfidh na hiarratasóirí an tÚdarás ar an eolas má chuimsíonn aon staidéar a rinneadh nó a coimisiúnaíodh úsáid modhanna malartacha tástála. Áireofar san fhógra sonraí maidir leis na modhanna malartacha tástála agus an réasúnaíocht ba bhonn lena n-úsáid.

(3)   I gcomhréir le hAirteagal 32a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, féadfaidh iarratasóirí ar fhormheas teorantóra nó sineirgígh comhairle réamhiarratais a iarraidh ar an Údarás go dtí go dtíolacfaidh siad a n-iarratas ina n-iomláine. Cuirfidh an tÚdarás an Ballstát is rapóirtéir ar an eolas faoin iarraidh agus soláthróidh siad comhairle ghinearálta go comhpháirteach.

Airteagal 8

Tíolacadh agus inneachar an iarratais ar fhormheas teorantóirí agus sineirgíoch sa chlár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile

(1)   Faoin 19 Meitheamh 2028, cuirfidh iarratasóirí ar fhormheas teorantóra nó sineirgígh, ar leithligh nó le chéile, an t-iarratas ar fhormheas na dteorantóirí agus na sineirgíoch faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir. Beidh an t-iarratas san fhormáid sonraí IUCLID caighdeánach agus tíolacfar é tríd an gcóras tíolactha lárnach mar a shonraítear in Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (4).

(2)   Beidh na sonraí a cheanglaítear maidir le teorantóirí agus sineirgígh mar a leagtar amach iad Airteagal 11 san iarratas freisin.

Airteagal 9

Nós imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar inghlacthacht iarratas i leith teorantóirí agus sineirgíoch sa chlár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile

(1)   Measfaidh an Ballstát is rapóirtéir go bhfuil iarratas inghlactha má chomhlíonann sé na critéir seo a leanas:

(a)

tíolacadh é faoin dáta a leagtar amach, i gcomhréir leis an bhformáid agus tríd an gcóras tíolactha lárnach dá dtagraítear in Airteagal 8(1);

(b)

tá na heilimintí uile ann a leagtar amach in Airteagal 11;

(c)

tá na staidéir uile ann, ina n-iomláine, ar tugadh fógra ina leith roimhe seo i gcomhréir le hAirteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(d)

íocadh an táille ábhartha mar a shocraigh an Ballstát is rapóirtéir i gcomhréir le hAirteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)   Laistigh de 45 lá tar éis an dáta a shonraítear in Airteagal 8(1), cuirfidh an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratasóir, an Ballstát is comhrapóirtéir, an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas maidir leis an dáta a fuarthas an t-iarratas agus maidir lena inghlacthacht.

(3)   Mura dtíolacfar an t-iarratas faoin dáta a leagtar amach in Airteagal 8(1), cuirfidh an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratasóir, an Ballstát is comhrapóirtéir, an Coimisiún, na Ballstáit eile agus an tÚdarás ar an eolas go pras go meastar an t-iarratas a bheith neamh-inghlactha mar gheall ar sprioc-am a bheith caillte.

(4)   Má thíolactar iarratas faoin dáta a leagtar amach in Airteagal 8(1), ach nach gcomhlíonann sé na critéir a leagtar amach i mír 1, pointe (b) nó (d), tabharfaidh an Ballstát is rapóirtéir fógra don iarratasóir laistigh de mhí amháin ón dáta a fuarthas an t-iarratas faoi na heilimintí sonracha atá in easnamh agus socróidh sé tréimhse 14 lá chun na heilimintí atá in easnamh a thíolacadh tríd an gcóras tíolactha lárnach dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

(5)   Má thíolactar iarratas faoin dáta a leagtar amach in Airteagal 8(1), ach nach gcomhlíonann an t-iarratas na critéir a leagtar amach i mír 1, pointe (c), cuirfidh an Ballstát is rapóirtéir, i gcomhar leis an Údarás, an t-iarratasóir ar an eolas laistigh de mhí amháin ón dáta a fuarthas an t-iarratas. Tabharfar tréimhse 14 lá don iarratasóir cosaint bhailí a sholáthar ar na cúiseanna leis an neamhchomhlíonadh sin.

(6)   Mura soláthraítear na heilimintí atá in easnamh dá dtagraítear i mír 4 ná an chosaint bhailí dá dtagraítear i mír 5 laistigh den tréimhse 14 lá, measfar an t-iarratas a bheith neamh-inghlactha agus beidh feidhm ag Airteagal 32b(5) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

(7)   I gcás na neamh-inghlacthachta sin, cuirfidh an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratasóir, an Ballstát is comhrapóirtéir, an Coimisiún, na Ballstáit eile agus an tÚdarás ar an eolas go pras go meastar an t-iarratas a bheith neamh-inghlactha agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis an neamh-inghlacthacht.

(8)   Ní chuirfear tús le measúnú ar inghlacthacht iarratais a thíolacfar an athuair go dtí go mbeidh an tréimhse 6 mhí a luaitear in Airteagal 32b(5) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 caite tar éis fógra a bheith tugtha faoi na staidéir is gá a dhéanamh agus/nó tar éis na staidéir a bheith tíolactha an athuair, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 10

Cosaint sonraí agus rúndacht

(1)   Agus tuarascálacha tástála agus tuarascálacha staidéir á dtíolacadh acu mar chuid d’iarratas ar fhormheas táirge cosanta plandaí ina bhfuil teorantóir nó sineirgíoch, féadfaidh an t-iarratasóir cosaint sonraí a éileamh de bhun Airteagal 59(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Beidh feidhm ag Airteagal 59(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)   Agus an t-iarratas ar fhormheas teorantóra nó do shineirgígh á thíolacadh acu, féadfaidh na hiarratasóirí iarraidh a thíolacadh, de bhun Airteagal 63(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, go gcaithfear faoi rún le faisnéis áirithe, lena n-áirítear codanna áirithe den sainchomhad, agus cuirfidh na hiarratasóirí in iúl cé na leaganacha rúnda agus neamhrúnda den fhaisnéis atá á dtíolacadh.

Beidh feidhm ag Airteagal 63(2), (2a), (2b) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

CAIBIDIL 3

SAINMHÍNIÚ CEANGLAS SONRAÍ MAIDIR LE TEORANTÓIRÍ AGUS SINEIRGÍGH

Airteagal 11

Ceanglais sonraí maidir le teorantóirí agus sineirgígh

I dteannta na gceanglas sonraí a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, áireofar an méid seo a leanas in iarratas ar fhormheas teorantóra nó sineirgígh:

(a)

na sonraí mar a cheanglaítear le haghaidh substaintí gníomhacha de bhun Rialachán (AE) Uimh. 283/2013, agus na sonraí forlíontacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

na sonraí a cheanglaítear le haghaidh táirgí cosanta plandaí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún (5), agus na sonraí forlíontacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

i gcás inarb ábhartha, sainmhíniú ar iarmhar a shainaithint agus a mholadh chun críoch measúnaithe riosca;

(d)

i gcás inarb ábhartha, moladh maidir le haicmiú in aicme guaise amháin nó níos mó ná sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(e)

i gcás inarb ábhartha, cosaint ar aon teip sna seiceálaithe arna ndéanamh ag Cúntóir Bailíochtaithe IUCLID;

(f)

achoimrí agus torthaí na litríochta oscailte eolaíche piar-athbhreithnithe, dá dtagraítear in Airteagal 8(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(g)

measúnú ar gach faisnéis a thíolactar, de réir an eolais reatha eolaíoch agus theicniúil;

(h)

sainaithint agus molta maidir leis na bearta maolaithe riosca is gá agus is iomchuí, más ann dóibh;

(i)

gach faisnéis ábhartha maidir le fógra a thabhairt faoi na staidéir mar a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh, 178/2002.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1: ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/2022-11-21.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún an 1 Márta 2013 lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le substaintí gníomhacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 93, 3.4.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/283/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1740/oj).

(5)   IO L 93, 3.4.2013, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/284/oj.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).


IARSCRÍBHINN I

Liosta na dteorantóirí agus na sineirgíoch a áirítear sa chlár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile dá dtagraítear in Airteagal 6(2)

Teorantóirí

Ballstát is rapóirtéir

Ballstát is comhrapóirtéir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Sineirgígh

Ballstát is rapóirtéir

Ballstát is comhrapóirtéir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN II

Ábhar an fhógra spéise maidir le hiarratas a dhéanamh ar fhormheas teorantóra nó sineirgíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1)

1.   Sonraí aitheantais maidir leis an bpáirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige:

1.1.

monaróir na substainte (ainm, seoladh, lena n-áirítear suíomh na monarchan);

1.2.

an chuideachta a bhfuil fógra á thabhairt aige (ainm, seoladh, etc.) (murab ionann agus 1.1):

1.2.1.

ag gníomhú mar ionadaí aonair atá ainmnithe ag an monaróir?: Tá/Níl;

1.3.

Sonraí aitheantais an teagmhálaí atá freagrach as an bhfógra a thabhairt agus as an gcaidreamh ina dhiaidh sin:

1.3.1.

Ainm;

1.3.1.1.

Seoladh poist;

1.3.1.2.

Seoladh Ríomhphoist;

1.3.1.3.

Príomhuimhir ghutháin;

1.3.1.4.

Uimhir ghutháin thánaisteach.

2.   Sonraí aitheantais an teorantóra nó an sineirgígh:

2.1.

ainm an teorantóra nó an sineirgígh;

2.2.

Uimhir CAS an teorantóra nó an sineirgígh;

2.3.

Uimhir CE an teorantóra nó an sineirgígh.

IARSCRÍBHINN III

Ceanglais i ndáil le sonraí forlíontacha maidir le hiarratais a thíolacadh ar fhormheas teorantóirí agus sineirgíoch dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointí (a) agus (b)

1.

Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe d’úsáid an teorantóra nó an tsineirgígh agus ar an dáileog agus an modh a úsáidtear é nó a bheartaítear é a úsáid.

2.

Meastóireacht ar chineál agus fairsinge na mbuntáistí a eascraíonn as láithreacht an teorantóra nó an tsineirgígh tar éis an táirge cosanta plandaí a úsáid, i gcomparáid le cóimheastóir neamhchóireáilte agus i gcomparáid le húsáid an táirge cosanta plandaí chéanna gan an teorantóir nó an sineirgíoch a bheith ann.

3.

Tuarascálacha i bhfoirm achomair maidir le réamhthástálacha, lena n-áirítear staidéir a rinneadh i dtithe gloine agus staidéir allamuigh, a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíocht nó raon dáileoige na dteorantóirí nó na sineirgíoch i dtáirge cosanta plandaí, arna iarraidh sin don údarás inniúil. Ní mór faisnéis bhreise a sholáthar don údarás inniúil sna tuarascálacha sin chun an dáileog mholta den teorantóir nó den sineirgíoch a chosaint, agus a gcóimheas a chosaint i gcás ina n-úsáidtear níos mó ná ceann amháin acu.

4.

dóthain faisnéise chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar leibhéal, fad agus comhsheasmhacht an rialaithe nó na cosanta nó éifeachtaí beartaithe eile an táirge cosanta plandaí.

4.1.

I gcás teorantóirí, na cineálacha staidéar seo a leanas:

(a)

imscrúdú ar na héifeachtaí atá ag cóireáil ar úsáid ionadaíoch amháin le táirge cosanta plandaí ina bhfuil an teorantóir ábhartha i ndáil le rialú an spriocbhairr agus an éifeacht ar na plandaí nó na táirgí plandaí cóireáilte;

(b)

imscrúdú ar na héifeachtaí atá ag cóireáil ar úsáid ionadaíoch amháin leis an táirge cosanta plandaí céanna gan an teorantóir ábhartha i ndáil le rialú an spriocbhairr agus an éifeacht ar na plandaí nó na táirgí plandaí cóireáilte chun a chruthú go laghdaíonn an teorantóir éifeachtaí fíteatocsaineacha an táirge cosanta plandaí nó go gcuireann sé deireadh leo;

(c)

imscrúdú ar na héifeachtaí atá ag cóireáil ar úsáid ionadaíoch amháin leis an táirge cosanta plandaí céanna ina bhfuil an teorantóir ábhartha ach gan an tsubstaint gníomhach chun a chruthú nach bhfuil aon éifeachtacht ag an teorantóir leis féin.

4.2.

I gcás sineirgíoch, na cineálacha staidéar seo a leanas:

(a)

imscrúdú ar na héifeachtaí atá ag cóireáil ar úsáid ionadaíoch amháin le táirge cosanta plandaí ina bhfuil an sineirgíoch ábhartha i ndáil le rialú an spriocorgánaigh agus an éifeacht ar na plandaí nó na táirgí plandaí cóireáilte;

(b)

imscrúdú ar na héifeachtaí atá ag cóireáil ar úsáid ionadaíoch amháin leis an táirge cosanta plandaí céanna gan an sineirgíoch ábhartha i ndáil le rialú an spriocorgánaigh agus an éifeacht ar na plandaí nó na táirgí plandaí cóireáilte chun a chruthú go méadaíonn an sineirgíoch éifeachtacht an táirge in aghaidh na lotnaidí atá á gcóireáil;

(c)

imscrúdú ar na héifeachtaí atá ag cóireáil ar úsáid ionadaíoch amháin leis an táirge cosanta plandaí céanna ina bhfuil an sineirgíoch ábhartha ach gan an tsubstaint gníomhach chun a chruthú nach bhfuil aon éifeachtacht ag an sineirgíoch leis féin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1487/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)