European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1469

22.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1469 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/1470 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh 833/2014 (2), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.

(2)

Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (3).

(3)

An 21 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1470 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES.

(4)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin, agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le fogha míleata gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine. Is sárú follasach ar iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine é an cogadh foghach mídhleathach sin, agus is sárú é chomh maith ar an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, toirmeasc ar riail bhunúsach den dlí idirnáisiúnta, agus de phrionsabail eile Chairt na Náisiún Aontaithe í.

(5)

I Rún ES-11/1 uaidh, a glacadh an 2 Márta 2022, cháin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe go géar fogha Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin de shárú ar Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe. I Rún ES-11/4 uaidh, a glacadh an 12 Deireadh Fómhair 2022, cháin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, ag tabhairt an ráitis ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 29 Meán Fómhair 2022 dá aire dó, ráiteas inar mheabhraigh sé gur sárú ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar an dlí idirnáisiúnta í aon ionghabháil a dhéanann Stát ar chríoch Stáit eile de thoradh forneart a bhagairt nó a úsáid, cháin sé Cónaidhm na Rúise as reifrinn, mar a ghairtear díobh, neamhdhleathacha a eagrú i réigiúin laistigh de theorainneacha na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta agus as an iarracht ar ionghabháil neamhdhleathach réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia na hÚcráine, tar éis an reifrinn sin, mar a ghairtear díobh, a eagrú.

(6)

I Rún A/RES/ES-11/5 uaidh an 15 Samhain 2022, chuir Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in iúl gur cúis mhór imní dó an bás, an t-easáitiú sibhialtach, an scriosadh bonneagair agus acmhainní nádúrtha, an caillteanas maoine poiblí agus príobháidí, agus an tubaiste eacnamaíoch arb é is cúis leo fogha atá Cónaidhm na Rúise ag tabhairt faoin Úcráin, agus d’aithin sé nach mór Cónaidhm na Rúise a thabhairt chun cuntais as aon sárú ar an dlí idirnáisiúnta san Úcráin nó ina coinne, lena n-áirítear a fogha de shárú ar Chairt na Náisiún Aontaithe, mar aon le haon sárú ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus d’aithin sé nach mór di iarmhairtí dlíthiúla a cuid gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta uile a sheasamh, lena n-áirítear cúiteamh a dhéanamh ar an díobháil, lena n-áirítear aon damáiste, arb iad na gníomhartha sin is cúis léi.

(7)

I Rún A/ES-11/L.7 uaidh an 23 Feabhra 2023, d’iarr Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe freisin go gcloífeadh na páirtithe sa choinbhleacht armtha go hiomlán lena n-oibleagáidí faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta agus go gcuirfí stop láithreach leis na hionsaithe ar bhonneagar ríthábhachtach na hÚcráine agus le haon ionsaí ar réada sibhialtacha, lena n-áirítear áiteanna cónaithe, scoileanna agus ospidéil.

(8)

An 28 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/335 (4) lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES, lenar cuireadh toirmeasc ar aon idirbheart a bhaineann le bainistiú cúlchistí agus sócmhainní, de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, lena n-áirítear idirbhearta le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir. An 9 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/395 (5) chun toirmeasc den sórt sin a bhaineann le Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise a chur san áireamh. Mar thoradh ar na toirmisc sin, déantar na sócmhainní ábhartha atá i seilbh institiúidí airgeadais sna Ballstáit a ‘bhlocáil’.

(9)

Mar a cuireadh i dtábhacht sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, tá gá le dul chun cinn cinntitheach, i gcomhar leis na comhpháirtithe, maidir leis an gcaoi a bhféadfaí aon ioncam urghnách atá i seilbh eintitis phríobháideacha a eascraíonn go díreach ó shócmhainní blocáilte na Rúise a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá téarnamh agus dá hatógáil, ag teacht leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta. Sna conclúidí uaithi, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar an gCoimisiún dlús a chur leis an obair d’fhonn tograí a thíolacadh.

(10)

Sna conclúidí uaithi an 14 agus an 15 Nollaig 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá ina shárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d'athdhearbhaigh sí go bhfuil an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad, agus le ceart bunúsach na hÚcráine í féin a chosaint ar fhogha na Rúise.

(11)

Sna conclúidí an 1 Feabhra 2024, chuir cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach béim ar an ngá a bhí lena áirithiú, i gcomhar le comhpháirtithe, tacaíocht airgeadais chobhsaí intuartha inbhuanaithe don Úcráin le haghaidh na tréimhse 2024-2027 agus tháinig sí ar an gconclúid go gcuirfí Saoráid don Úcráin ar bun le haghaidh na tréimhse 2024-2027. Glacadh Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (6) an 29 Feabhra 2024. An 5 Márta 2024 bheartaigh an Coimisiún Rialachán lena mbunaítear Clár an Tionscail Eorpaigh um Chosaint (‘EDIP’) agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta (7) a áirithiú. Ba cheart EDIP a chur ar bun le haghaidh na tréimhse 2025-2027 agus tá clár comhair (‘an Ionstraim Tacaíochta don Úcráin’) san áireamh ann arb é is aidhm dó rannchuidiú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch cosanta na hÚcráine.

(12)

Sna conclúidí uaithi an 22 Márta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl, i bhfianaise a phráinní atá an staid, go bhfuil an tAontas Eorpach meáite ar leanúint den tacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta is gá a sholáthar don Úcráin agus dá muintir a fhad is gá agus chomh dian agus is gá.

(13)

An 12 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/577 (8), lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES chun soiléirithe áirithe a thabhairt maidir leis an toirmeasc ar aon idirbheart a bhaineann le bainistiú cúlchistí agus sócmhainní de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, agus chun bearta breise a thabhairt isteach.

(14)

Le Cinneadh (CBES) 2024/577, soiléirítear nach dtagann idirbhearta a bhaineann leis an gclár comhardaithe, atá nasctha le sócmhainní agus cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, nó atá nasctha le sócmhainní agus cúlchistí de chuid aon duine dhlítheanach, eintiteass nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina theoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise, faoi raon feidhme an toirmisc ar idirbhearta a bhfuil feidhm aige ón 28 Feabhra 2022. Maidir le hidirbhearta a bhaineann leis an gclár comhardaithe atá fós údaraithe, baineann siad go háirithe le hath-infheistiú iarmhéideanna airgid, atá ag carnadh de thoradh íocaíochtaí cúpón blocáilte nó íocaíochtaí díbhinne blocáilte agus íocaíochtaí fuascailte agus taiscí a théann in aibíocht, i gcomhréir le beartas infheistíochta stuama agus leis na ceanglais rialála is infheidhme.

(15)

Ba cheart leanúint d’idirbhearta eile a thoirmeasc, go háirithe aon aistriú díreach nó indíreach chuig Banc Ceannais na Rúise nó aon idirbheart a rachadh chun leasa dó, nó chuig nó chun leasa aon duine dhlítheanach, eintiteass nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir, cuir i gcás Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise.

(16)

Leis an toirmeasc ar na hidirbhearta eile sin, cruthaítear carnadh urghnách gan choinne iarmhéideanna airgid ar chláir chomhardaithe na dtaisclann lárnach urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a bhfuil príomhsheasamh acu i socraíocht agus i gcothabháil lárnach ionstraimí airgeadais san Aontas. Tá an carnadh sin mar thoradh ar bhlocáil sócmhainní agus cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, nó de chuid aon duine dhlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise, toisc go bhfuil toirmeasc ar aon íocaíocht príomhshuime agus úis, cúpón, díbhinní nó ioncaim eile ar urrúis le Banc Ceannais na Rúise agus leis na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin.

(17)

Is cás ar leith iad na taisclanna lárnacha urrús, atá éagsúil ó institiúidí airgeadais eile toisc gur gnách go ndéantar iarmhéideanna airgid de chuid custaiméirí taisclann lárnach urrús nó leis na custaiméirí sin a aistriú amach as na taisclanna lárnacha urrús roimh dheireadh an lae agus nach dtugann siad aon luach saothair do na custaiméirí. Maidir leis na hiarmhéideanna airgid atá i seilbh taisclann lárnach urrús i ndáil le sócmhainní de chuid Bhanc Ceannais na Rúise nó de chuid aon duine dhlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise, atá ag carnadh mar gheall ar bhearta sriantacha, ní mór do thaisclanna lárnacha urrús iad a bhainistiú go stuama ina dhiaidh sin. Gintear ioncaim urghnácha gan choinne mar thoradh air sin.

(18)

Ní gá ioncaim urghnácha gan choinne a chur ar fáil do Bhanc Ceannais na Rúise faoi na rialacha is infheidhme, fiú nuair a thiocfaidh deireadh leis an toirmeasc ar idirbhearta. Mar sin, ní sócmhainní ceannasacha iad. Dá bhrí sin, níl feidhm ag na rialacha lena dtugtar cosaint do shócmhainní ceannasacha maidir leis na hioncaim sin.

(19)

Thairis sin, ós rud é gur gá go n-eascraíonn na hioncaim urghnácha gan choinne sin as cur chun feidhme na mbeart sriantach, go háirithe an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 1a(4) de Chinneadh 2014/512/CBES agus in Airteagal 5a(4) de Rialachán (AE) Uimh 833/2014, ní féidir le taisclanna lárnacha urrús a bheith ag súil le tairbhe eacnamaíoch mhíchuí agus neamhbheartaithe a bhaint astu. Ar bhonn na haidhme dlisteanaí cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála a shaothrú, go háirithe comhdhlúthú agus tacú leis an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, an tsíocháin a chaomhnú, coimhlintí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú agus an daonra sibhialtach a chosaint mar aon le cúnamh a thabhairt do phobail a bhfuil orthu dul i ngleic le tubaistí de dhéantús an duine, tugadh bearta isteach le Cinneadh (CBES) 2024/577 chun a áirithiú go rachadh brabúis urghnácha gan choinne ó thaisclanna lárnacha urrús chun tairbhe na hÚcráine, ar brabúis iad a fabhraíodh sa tréimhse idir teacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus an tráth a scoirfear de na bearta sriantacha sealadacha a bhaineann le sócmhainní agus cúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise. Léiríodh na bearta sin i Rialachán (AE) 2024/576 ón gComhairle (10).

(20)

Go háirithe, ón 15 Feabhra 2024 i leith, ní mór do thaisclanna lárnacha urrús atá i seilbh cúlchistí agus sócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise ar mó a luach ná EUR 1 mhilliún cuntas a thabhairt ar iarmhéideanna airgid agus iad a bhainistiú, ar iarmhéideanna iad atá ag carnadh mar gheall ar bhlocáil sócmhainní agus cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise agus é sin a dhéanamh ar leithligh óna ngníomhaíochtaí eile, agus ní mór do na hioncaim urghnácha gan choinne arna nginiúint a choinneáil ar leithligh freisin.

(21)

Tá toirmeasc ar thaisclanna lárnacha urrús freisin ar dhiúscairt a dhéanamh ar an nglanbhrabús a dhéanfaidh siad ina dhiaidh sin, arna chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, tar éis cáin chorparáide a asbhaint faoi chóras ginearálta an Bhallstáit lena mbaineann, bíodh sin trí dháileadh i bhfoirm díbhinní nó in aon fhoirm chun tairbhe scairshealbhóirí nó aon tríú páirtí go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh faoi bhunú ranníocaíochta a cruinníodh ar an nglanbhrabús sin chun tacú leis an Úcráin. Tá na glanbhrabúis a gineadh roimh an 15 Feabhra 2024 fós neamhshrianta agus ar fáil láithreach chun na costais, rioscaí agus caillteanais arna dtabhú ag taisclanna lárnacha urrús a ionsú, mar a cheanglaítear faoi dhlíthe an Aontais agus faoi na dlíthe náisiúnta is infheidhme maidir le taisclanna lárnacha urrús lena n-áirítear faoi reachtaíocht stuamachta, i gcás inarb abhartha.

(22)

Sa dara bliain d’ionradh iomlán neamhdhleathach, dochosanta agus gan údar na Rúise ar an Úcráin, d’athdhearbhaigh Ceannairí G7, ina Ráiteas ón 24 Feabhra 2024, go raibh siad ag leanúint dá dtacaíocht do cheart na hÚcráine ar fhéinchosaint agus dá dtiomantas do shlándáil fhadtéarmach na hÚcráine, agus gheall siad dlús a chur lena gcúnamh slándála don Úcráin agus a gcumas táirgthe agus seachadta a mhéadú, chun cabhrú leis an tír. Sonraíodh sa ráiteas sin gur díol sásaimh dóibh glacadh ghníomhartha dlíthiúla an Aontais maidir le hioncaim urghnácha as taisclanna lárnacha urrús a fuarthas ó shócmhainní ceannasacha blocáilte na Rúise agus moladh bearta breise chun gur féidir iad a úsáid, i gcomhréir leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme agus i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme.

(23)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid agus mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus a fhad agus a leanfaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise de shárú a dhéanamh ar na rialacha bunúsacha den dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear, go háirithe, ar an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, nó den dlí daonnúil idirnáisiúnta, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm. Is iomchuí freisin bearta eisceachtúla breise a dhéanamh arb é is aidhm dóibh tacú leis an Úcráin agus dá téarnamh agus dá hatógáil chomh maith lena féinchosaint ar fhogha na Rúise, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, go háirithe luachanna, leasanna bunúsacha, slándáil, neamhspleáchas agus sláine an Aontais a chaomhnú, comhdhlúthú an daonlathais agus tacaíocht dó, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, an ceart chun féinchosanta agus an toirmeasc ar ionsaí faoi Chairt na Náisiún Aontaithe, an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú agus pobail shibhialtacha a chosaint chomh maith le cúnamh a thabhairt do phobail atá i ngleic le tubaistí de dhéantús an duine, amhail na tubaistí sin atá an Úcráin agus a daonra a fhulaingt mar gheall ar chogadh foghach na Rúise.

(24)

Dá bhrí sin, le Cinneadh (CBES) 2024/1470 foráiltear do bhearta breise. I gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta breise ón 15 Feabhra 2024 ar aghaidh. Ar deireadh, ba cheart é a bheith ina chuspóir ag na bearta breise tacú leis an Úcráin, lena n-áirítear tríd an tSaoráid Eorpach Síochána arna bunú le Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2021/509 (11), chomh maith le cláir de chuid an Aontais a mhaoinítear as buiséad an Aontais, amhail an tSaoráid don Úcráin agus cláir lena dtacaítear le comhar maidir le soláthar coiteann le haghaidh na hÚcráine agus díriú ar théarnamh, atógáil agus nuachóiriú bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch tosanta na hÚcráine. Le Cinneadh (CBES) 2024/1470 foráiltear do shannacháin shonracha i gcomhthéacs na mbeart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus maidir leis an leithdháileadh idir an tSaoráid Eorpach Síochána agus na cláir de chuid an Aontais a mhaoinítear as buiséad an Aontais. Ba cheart an leithdháileadh idir cláir an Aontais a mhaoinítear as buiséad an Aontais a dhéanamh i gcomhréir le sásra a bhunaítear sa Rialachán seo.

(25)

Go háirithe, le Cinneadh (CBES) 2024/1470 leagtar síos na rialacha maidir leis an nglanbhrabús a eascraíonn as na hioncaim urghnácha gan choinne a fhabhraítear i dtaisclanna lárnacha urrús de thoradh chur chun feidhme an toirmisc a leagtar síos in Airteagal 1a(4) de Chinneadh 2014/512/CBES agus in Airteagal 5a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, gur cheart an glanbhrabús sin a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá téarnamh agus dá hatógáil chomh maith lena féinchosaint ar chogadh foghach na Rúise, i gcomhréir leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, i gcomhar le comhpháirtithe.

(26)

Ba cheart do na taisclanna lárnacha urrús atá i seilbh sócmhainní agus cúlchistí ar mó a luach iomlán ná EUR 1 mhilliún, ranníocaíocht comhionann le 99,7 % óna nglanbhrabús atá ag carnadh ón 15 Feabhra 2024 a dhéanamh ar na glanbhrabúis sin comhfhreagrach. Tá údar leis an ráta sin ós rud é gur gá go dtagann an glanbhrabús i gceist as cur chun feidhme an toirmisc a leagtar síos in Airteagal 1a(4) de Chinneadh 2014/512/CBES agus in Airteagal 5a(4) de Rialachán (AE) Uimh 833/2014, agus, dá bhrí sin, nach féidir le taisclanna lárnacha urrús a bheith ag súil le tairbhe eacnamaíoch mhíchuí agus neamhbheartaithe a bhaint astu. I bhfianaise fhreagrachtaí na dtaisclann lárnach slándála agus an róil atá acu maidir leis na sócmhainní blocáilte a láimhseáil, is iomchuí a foráil a dhéanamh, áfach, gur féidir leo céatadán teoranta den ghlanbhrabús sin a choinneáil chun éifeachtúlacht a gcuid oibre a áirithiú. Ba cheart íocaíochtaí a dhéanamh i dtráthchodanna leathbhliantúla go dtí go dtiocfaidh deireadh le carnadh an ghlanbhrabúis urghnách ar chláir chomhardaithe na dtaisclann lárnach urrús de bharr scor na mbeart sriantach lena dtoirmeasctar idirbhearta ina bhfuil sócmhainní agus cúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise. Ba cheart don Choimisiún a chur in iúl don Chomhairle ar bhonn leathbhliantúil maidir leis na méideanna arna n-aistriú ag na taisclanna lárnacha urrús.

(27)

Ba cheart do thaisclanna lárnacha urrús a bheith in ann sciar nach mó é ná 10 % a choinneáil go sealadach chun ceanglais maidir le caipiteal agus bainistiú riosca a chomhlíonadh i bhfianaise an tionchair ar shócmhainní atá i seilbh taisclann lárnach urrús mar gheall ar an gcogadh san Úcráin. Mura leor an sciar sin amach anseo, ba cheart an rogha a bheith ann do thaisclann lárnach urrús iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an údaráis maoirseachta náisiúnta go gcoinneofar céatadán breise den ranníocaíocht airgeadais atá dlite. Ba cheart don údarás maoirseachta náisiúnta dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus ba cheart dó cinneadh a dhéanamh dá réir sin. Ní fhéadfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta céatadán breise a choinneáil ach amháin tar éis dó a chinneadh go bhfuil sé fíor-riachtanach ceanglais maidir le bainistiú riosca a chomhlíonadh i bhfianaise an tionchair atá ag an gcogadh san Úcráin ar shócmhainní atá i seilbh taisclann lárnach urrús. Ba cheart an cinneadh ón údarás maoirseachta náisiúnta céatadán breise a choinneáil a bheith cinntitheach ach amháin má chinneann an Coimisiún, laistigh de theorainn shonrach ama, nach gcomhlíonann an céatadán breise na coinníollacha ábhartha. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach chuige sin. Ba cheart don Choimisiún aon chinneadh ón údarás maoirseachta náisiúnta céatadán breise a choinneáil a chur in iúl don Chomhairle . I gcás ina measfaidh an Coimisiún, 4 mhí ar a laghad tar éis an cinneadh sin a ghlacadh agus i bhfianaise na faisnéise is déanaí nach bhfuil sé fíor-riachtanach céatadán breise a choinneáil chun na ceanglais maidir le bainistiú riosca a chomhlíonadh, ba cheart dó cinneadh a dhéanamh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, leis an mBanc Ceannais Eorpach, an céatadán breise sin a laghdú.

(28)

Ba cheart socruithe mionsonraithe a leagan síos maidir le méideanna atá ar coinneáil go sealadach a aistriú chuig an Aontas nuair nach mbeidh gá leo a thuilleadh. Go háirithe, mura n-úsáidtear na méideanna a coinníodh go sealadach laistigh de thréimhse 5 bliana ó bailíodh iad nó nuair a scoirtear de na bearta sriantacha ábhartha, ba cheart don údarás maoirseachta náisiúnta a chinneadh an bhfuil gá fós leis na méideanna sin nó le cuid de na méideanna sin chun na ceanglais maidir le bainistiú riosca a chomhlíonadh, ach amháin má chinneann an Coimisiún, laistigh de theorainn shonrach ama, nach gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha.

(29)

Ba cheart do na taisclanna lárnacha urrús tuairisciú don Choimisiún agus dá n-údarás inniúil náisiúnta ar bhonn bliantúil maidir le méid na n-iarmhéideanna airgid agus an ghlanbhrabúis atá ag carnadh de bharr blocáil sócmhainní agus cúlchistí de chuid Bhanc Ceannais na Rúise nó de chuid aon duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise, nó faoina threoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise, agus maidir le méid iomlán na n-ioncam arna nginiúint ar an mbonn sin. Ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt freisin ar mhéideanna ar coinneáil go sealadach.

(30)

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha cothrománacha maidir le hoibríochtaí ioncaim a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir le bailiú na ranníocaíochta airgeadais, lena n-áirítear nótaí dochair a tharchur chuig taisclanna lárnacha urrús chun íocaíochtaí a iarraidh.

(31)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún Rialacháin a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar amach socruithe sonracha maidir le tuairisciú agus cur chun feidhme airgeadais oibríochtaí ioncaim, amhail íocaíochtaí taisclanna lárnacha urrús agus méideanna cinntitheacha na ranníocaíochta airgeadais a bhunú. D’fhéadfadh na rialacha sin, de réir mar is iomchuí, cur le hoibríochtaí ioncaim a chomhlánú chun freastal ar shaintréithe sonracha na ranníocaíochta airgeadais. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha maoirseachta náisiúnta chuige sin.

(32)

Leis na bearta breise dá bhforáiltear sa Rialachán seo, cruthaítear oibleagáidí nua do thaisclanna lárnacha urrús, eadhon rannchuidiú leis an Aontas chun tacú leis an Úcráin, lena téarnamh agus lena hatógáil agus lena féinchosaint ar fhogha na Rúise. De bharr an chomhthéacs ina bhfuil na bearta sin á nglacadh, chás sonrach na dtaisclann lárnach urrús agus aidhm dhlisteanach na mbeart chun cuspóirí bheartais eachtrannacha agus slándála an Aontais, go háirithe luachanna, leasanna bunúsacha, slándáil, neamhspleáchas agus sláine an Aontais a chaomhnú, comhdhlúthú an daonlathais agus tacaíocht dó, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, an ceart chun féinchosanta agus an toirmeasc ar ionsaí faoi Chairt na Náisiún Aontaithe, an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú agus pobail shibhialtacha a chosaint chomh maith le cúnamh a thabhairt do phobail i ngleic le tubaistí de dhéantús an duine, mar shampla na tubaistí sin atá an Úcráin agus a daonra a fhulaingt mar gheall ar chogadh foghach na Rúise, urramaítear go hiomlán leis na bearta sin na cearta agus na saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 17 agus 52 di, toisc go bhfuil bonn cirt leo agus go bhfuil siad comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

(33)

Ós rud é gur gá go n-eascraíonn na hioncaim urghnácha gan choinne as cur chun feidhme na mbeart sriantach, go háirithe an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 1a(4) de Chinneadh 2014/512/CBES agus in Airteagal 5a(4) de Rialachán (AE) Uimh 833/2014, agus i bhfianaise impleachtaí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála maidir lena n-úsáid, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme chun athbhreithniú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XLI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a thabhairt don Chomhairle.

(34)

Tagann na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo laistigh de raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(35)

Ba cheart na bearta sriantacha a bhaineann leis an toirmeasc ar idirbhearta a bhaineann le bainistiú shócmhainní agus chúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise a bheith i bhfeidhm go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus go gcúiteoidh sí an Úcráin as an damáiste a rinne an cogadh sin.

(36)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 5a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8 go 10:

‘8.   Ón 15 Feabhra 2024 ar aghaidh agus a fhad a choinnítear ar bun na bearta sriantacha a leagtar amach i mír 4, taisclanna lárnacha urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 atá i seilbh sócmhainní agus cúlchistí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo ar mó a luach iomlán ná EUR 1 mhilliún, déanfaidh siad na rialacha seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le hiarmhéideanna airgid atá carnadh go heisiach mar gheall ar na bearta sriantacha:

(a)

tabharfar cuntas ar na hiarmhéideanna airgid sin ar leithligh;

(b)

ioncam a fhabhraítear ó na hiarmhéideanna airgid dá dtagraítear i bpointe (a) nó a ghintear astu ón 15 Feabhra 2024, déanfar é a chlárú ar leithligh i gcuntais airgeadais na dtaisclann lárnach urrús;

(c)

gan dochar do mhíreanna 9 agus do mhír 10, ní fhéadfar glanbhrabús a ríomhadh i ndáil le hioncaim dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear trí na costais ábhartha uile atá nasctha le bainistiú na sócmhainní blocáilte nó a eascraíonn as bainistiú na sócmhainní sin agus leis an mbainistiú riosca a bhaineann leis na sócmhainní blocáilte agus tar éis cáin chorparáide a asbhaint faoi chóras ginearálta an Bhallstáit lena mbaineann, ní fhéadfar é a asbhaint le dáileadh i bhfoirm díbhinní nó in aon fhoirm eile chun tairbhe scairshealbhóirí nó aon tríú páirtí. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin maidir leis na glanbhrabúis nach iad an ranníocaíocht airgeadais iad dá dtagraítear i mír 9.

9.   Beidh an glanbhrabús dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 8 faoi réir ranníocaíocht atá dlite as taisclanna lárnacha urrús don Aontas.

Is éard a bheidh i ráta na ranníocaíochta airgeadais, 99,7 % den ghlanbhrabús sin.

Iarrfaidh an Coimisiún ranníocaíochtaí airgeadais, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (*1), as na taisclanna lárnach urrús lena mbaineann ar bhonn leathbhliantúil ar bhonn na tuarascála airgeadais eatramhaí dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo. Bunóidh an Coimisiún méideanna cinntitheacha na ranníocaíochta airgeadais atá dlite go bliantúil ar bhonn na ráiteas airgeadais reachtúil iniúchta maidir leis an mbliain N tar éis iad a bheith ar fáil sa bhliain N+1. Má bhíonn méid bliantúil cinntitheach na ranníocaíochta airgeadais a bheidh dlite le haghaidh na bliana N níos ísle ná suim mhéideanna na n-íocaíochtaí leathbhliantúla a rinneadh maidir le bliain N, asbhainfear an difríocht as an gcéad íocaíocht eile a bheidh dlite as na taisclanna lárnacha urrús don Aontas sa bhliain N+1, lena n-áirítear íocaíochtaí leathbhliantúla agus aistriú méideanna ar coinneáil go sealadach i gcomhréir leis an bhfomhír dheireanach de mhír 10, pointí (e) agus (f). An méid atá dlite ag na taisclanna lárnacha urrús mar thoradh ar ghlanluacháil de bhun na habairte roimhe seo, ní bheidh sé níos lú ná nialas.

Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Chomhairle ar bhonn leathbhliantúil maidir leis na méideanna arna n-aistriú ag na taisclanna lárnacha urrús.

10.

(a)

Féadfaidh taisclanna lárnacha urrús sciar nach mó ná 10 % den ranníocaíocht (“méideanna ar coinneáil go sealadach”) a choinneáil go sealadach, agus beidh an sciar sin dlite fós don Aontas.

(b)

Mura leor an sciar dá dtagraítear i bpointe (a) i bhfianaise na gceanglas maidir le bainistiú riosca, féadfaidh taisclann lárnach urrús iarraidh a chur faoi bhráid an údaráis maoirseachta náisiúnta, arna ainmniú agus i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, go gcoinneofar céatadán breise den ranníocaíocht atá dlite. Rachaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus déanfaidh sé cinneadh dá réir sin. Ní fhéadfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta céatadán breise a choinneáil ach amháin tar éis dó a chinneadh go bhfuil sé fíor-riachtanach le ceanglais maidir le bainistiú riosca a chomhlíonadh i bhfianaise an tionchair atá ag an gcogadh san Úcráin ar shócmhainní atá i seilbh taisclann lárnach urrús. Más rud é gur fhormheas an t-údarás maoirseachta náisiúnta an céatadán breise, beidh an céatadán sin cinntitheach maidir leis an mbliain airgeadais sin ach amháin má chinneann an Coimisiún, laistigh de 5 lá tar éis fógra a fháil, nach gcomhlíonann an céatadán breise na coinníollacha a leagtar amach sa phointe seo. Féadfaidh an Coimisiún céatadán breise níos ísle a chinneadh arb ionann é agus an t-uaschéatadán breise a fhéadfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta a fhormheas. I gcás ina n-agraíonn an t-údarás maoirseachta náisiúnta, ina fhógra don Choimisiún, cás éigeandála, déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de 24 uair an chloig tar éis an fógra sin a fháil. Chun críche a chinnidh faoin bpointe seo, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Chomhairle gan mhoill maidir le haon chinneadh ón údarás maoirseachta náisiúnta maidir le céatadán breise a choinneáil faoin bpointe seo.

(c)

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil géarghá a thuilleadh leis an gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) breise chun ceanglais maidir le bainistiú riosca a chomhlíonadh i bhfianaise an tionchair mar gheall ar an gcogadh san Úcráin maidir leis na sócmhainní atá i seilbh taisclann lárnach urrús, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, leis an mBanc Ceannais Eorpach, cinneadh maidir le laghdú ar an gcéatadán breise sin. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh faoin bpointe seo tráth nach luaithe ná 4 mhí tar éis don chinneadh ón údarás maoirseachta náisiúnta céatadán breise a choinneáil a bheith cinntitheach. Is ar an bhfaisnéis is déanaí a bhunófar a chinneadh.

(d)

Úsáidfear na méideanna ar choinneáil taisclann lárnach urrús iad go sealadach go heisiach chun an speansas, na rioscaí agus na caillteanais arna dtabhú de dheasca an chogaidh san Úcráin a chumhdach maidir leis na sócmhainní atá i seilbh na taisclainne lárnaí urrús sin, agus sa mhéid nach féidir an speansas, na rioscaí ná na caillteanais sin a chumhdach le hacmhainní inmheánacha na taisclainne lárnaí urrús tráth a dtabhaithe. Ní bheidh méideanna ar coinneáil go sealadach a úsáideadh i gcomhréir leis an bpointe seo dlite don Aontas a thuilleadh. Aon fhaisnéis a sholáthraítear nó a fhaightear i gcomhréir leis an mír seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch ar chucu a solathraíodh í nó a bhfuarthas í.

(e)

Mura n-úsáidfear méideanna ar coinneáil go sealadach laistigh de 5 bliana chun na críche dá dtagraítear i bpointe (d) sa tríú fomhír, cinnfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, leis an mBanc Ceannais Eorpach, cé acu atá nó nach bhfuil gá fós leis na méideanna sin nó le cuid de na méideanna sin chun na ceanglais maidir le bainistiú riosca a chomhlíonadh i bhfianaise an tionchair mar gheall ar an gcogadh san Úcráin ar shócmhainní atá i seilbh taisclann lárnach urrús. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoina chinneadh faoi shocrú na méideanna sin agus faoin bhfad ama ar féidir leanúint de na méideanna sin a choinneáil lena linn. Beidh cinneadh an údaráis maoirseachta náisiúnta cinntitheach ach amháin má chinneann an Coimisiún, laistigh de 5 lá tar éis an fhógra, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa phointe seo. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach chuige sin. Aistreofar méideanna nach gcoinnítear a thuilleadh chuig an Aontas.

(f)

Aistreoidh na taisclanna lárnacha urrús chuig an Aontas na méideanna uile ar coinneáil go sealadach nár úsáideadh ar a dhéanaí nuair a chuirfear deireadh leis na bearta sriantacha faoin Airteagal seo. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, leis an mBanc Ceannais Eorpach, a chinneadh na méideanna ina dhiaidh sin a choinneáil má tá gá fós leis na méideanna sin nó le cuid de na méideanna sin chun na ceanglais maidir le bainistiú riosca ábhartha a chomhlíonadh i bhfianaise an tionchair mar gheall ar an gcogadh san Úcráin ar shócmhainní atá i seilbh taisclann lárnach urrús. Beidh cinneadh an údaráis maoirseachta náisiúnta cinntitheach ach amháin má chinneann an Coimisiún, laistigh de 5 lá tar éis an fhógra, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa phointe seo. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach chuige sin. Aistreofar méideanna nach gcoinnítear a thuilleadh chuig an Aontas.

(*1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).’;"

(2)

In Airteagal 5a, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘11.   Cuirfidh taisclanna lárnacha urrús dá dtagraítear i mír 8 na tuarascálacha airgeadais eatramhacha agus na ráitis bliantúla airgeadais iniúchta faoi bhráid an Choimisiúin agus a n-údarás inniúil náisiúnta, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa ghníomh dá dtagraítear i mír 13.

Tuairisceoidh siad freisin faoin 30 Meitheamh gach bliain, maidir leis na méideanna iomlána ar coinneáil go sealadach a bheidh fágtha an 31 Nollaig sa bhliain roimhe sin, i gcomhréir le mír 10, na méideanna ar coinneáil go sealadach a úsáideadh i gcomhréir le mír 10, pointe (d), le linn na bliana roimhe sin agus na méideanna ar coinneáil go sealadach ar gá iad a aistriú chuig an Aontas i gcomhréir le mír 10, pointí (e) agus (f).

12.   Comhoibreoidh taisclanna lárnacha urrús lena mbaineann go hiomlán i leith chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus tabharfaidh siad na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i ndáil leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (*2), don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), don Chúirt Iniúchóirí, agus, i gcás inarb iomchuí, do na húdaráis náisiúnta ábhartha, chun gur féidir leis na comhlachtaí sin a n-inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, beidh an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, ar na cearta sin i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

13.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún rialacháin a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena leagfar amach socruithe mionsonraithe maidir le tuairisciú don Choimisiún agus don údarás inniúil náisiúnta dá bhforáiltear faoi mhír 11, agus maidir le cur chun feidhme oibríochtaí ioncaim, mar shampla íocaíochtaí as taisclanna lárnacha urrús agus méideanna cinntitheacha na ranníocaíochta airgeadais a bhunú. Féadfaidh na rialacha sin, de réir mar is iomchuí, rialacha cothrománacha maidir le hoibríochtaí ioncaim a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 chun freastal ar shaintréithe sonracha na ranníocaíochta airgeadais. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha maoirseachta náisiúnta chuige sin.

14.   Úsáidfear méideanna na ranníocaíochta a íocfar le buiséad an Aontais chun tacú leis an Úcráin trí na hionstraimí caiteachais de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn XLI. Déanfar Iarscríbhinn XLI a athbhreithniú go bliantúil, agus den chéad uair roimh an 1 Eanáir 2025, agus féadfar í a leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle, arna ghlacadh ar thogra comhpháirteach a fháil ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún.

I gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is ioncaim sheachtracha shannta a bheidh sna méideanna a úsáidfear le haghaidh ionstraimí caiteachais a mhaoinítear as buiséad an Aontais.

(*2)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1)."

(3)

Cuirtear Iarscríbhinn XLI leis i gcomhréir leis an hiarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an dáta tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L, 2024/1470, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1470/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).

(4)  Cinneadh (CBES) 2022/335 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 57, 28.2.2022, lch. 4).

(5)  Cinneadh (CBES) 2022/395 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 81, 9.3.2022, lch. 8).

(6)  Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).

(7)  COM(2024) 150 final.

(8)  Cinneadh (CBES) 2024/577 ón gComhairle an 12 Feabhra 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2024/577, 14.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/577/oj).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2022/576 ón gComhairle an 12 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2024/576, 14.2.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/576/oj).

(11)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2021/509 an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30/07/2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN XLI

Leithdháileadh na ranníocaíochta ar ionstraimí caiteachais

1.

Déanfar méideanna a aistríodh chuig buiséad an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 1a(11) de Chinneadh 2014/512/CBES arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/1470 a leithdháileadh ar ionstraimí caiteachais de chuid an Aontais lena dtugtar tacaíocht don Úcráin de réir na heochrach seo a leanas:

(a)

an tSaoráid don Úcráin, arna bunú le Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1): 100 %;

(b)

cláir de chuid an Aontais lena dtacaítear le comhar maidir le soláthar coiteann cainníochtaí breise le haghaidh na hÚcráine agus lena ndírítear ar théarnamh, atógáil agus nuachóiriú Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch Cosanta na hÚcráine: 0 %.

2.

Chun cásanna nár tuaradh agus forbairtí agus riachtanais nua a fhreagairt, is féidir dialltaí bliantúla ó na céatadáin dá dtagraítear i mír 1 suas go huasmhéid 10 % a bheith ann.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.)’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1469/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)