European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1459

28.5.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1459 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Bealtaine 2024

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an chomhéadain idir-inoibrithigh ar an Tairseach Safety Gate le haghaidh soláthraithe margaí ar líne

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 34(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/988 ceanglaítear ar an gCoimisiún an Tairseach Safety Gate, comhéadan poiblí Chóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, a choinneáil ar bun.

(2)

Tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an Tairseach Safety Gate fíor-riachtanach chun ligean do sholáthraithe margaí ar líne cuid dá n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/988 a chomhlíonadh, go háirithe na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 22(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2023/988. Ina theannta sin, moltar do sholáthraithe margaí ar líne táirgí a sheiceáil leis an Tairseach Safety Gate sula gcuireann siad ar a gcomhéadan iad.

(3)

Chun comhlíontacht soláthraithe margaí ar líne a éascú agus i gcomhréir le hAirteagal 34(5) de Rialachán (AE) 2023/988, tá córas comhéadain idir-inoibrithigh forbartha ag an gCoimisiún chun a chur ar chumas do sholáthraithe margaí ar líne a gcomhéadain a nascadh leis an Tairseach Safety Gate. Ba cheart an comhéadan idir-inoibritheach sin a chur ar fáil ar an Tairseach Safety Gate.

(4)

Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne a bheith in ann rochtain a fháil ar an gcóras comhéadain idir-inoibrithigh tar éis dóibh clárú leis an Tairseach Safety Gate i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/988.

(5)

Níor cheart do sholáthraithe margaí ar líne a bheith in ann faisnéis a fháil ach amháin tríd an gcomhéadan idir-inoibritheach atá ar fáil go poiblí agus atá foilsithe cheana féin ar an Tairseach Safety Gate. Ba cheart dóibh, áfach, a bheith in ann gnéithe áirithe den chaoi ar féidir leo an fhaisnéis a íoslódáil, lena n-áirítear minicíocht na faisnéise a fhaightear, a shaincheapadh tríd an gcomhéadan sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste le haghaidh an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí a bunaíodh le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2023/988,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Rochtain ar chóras comhéadain idir-inoibritheach na Tairsí Safety Gate

Tar éis clárú leis an Tairseach Safety Gate i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/988, féadfaidh soláthraithe margaí ar líne a gcomhéadain a nascadh leis an Tairseach Safety Gate trí úsáid a bhaint as an gcomhéadan idir-inoibritheach.

Airteagal 2

Faisnéis a fháil trí chomhéadan idir-inoibritheach na Tairsí Safety Gate

Na soláthraithe margaí ar líne sin a nasc a gcomhéadan le comhéadan idir-inoibritheach na Tairsí Safety Gate i gcomhréir le hAirteagal 1 den Rialachán seo, féadfaidh siad faisnéis a cuireadh ar fáil go poiblí cheana ar an Tairseach Safety Gate a íoslódáil, i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2023/988.

Féadfaidh soláthraithe margaí ar líne minicíocht agus ábhar na faisnéise is féidir leo a íoslódáil a chumrú i gcomhréir leis na treoracha a fhoilsíonn an Coimisiún ar an Tairseach Safety Gate.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1459/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)