European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1449

24.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1449 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 agus Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine. Is cuid iad na luachanna sin de na critéir aontachais a bunaíodh ag an gComhairle Eorpach i gCóbanhávan i mí an Mheithimh 1993 (‘critéir Chóbanhávan’), arb ionann iad agus na coinníollacha incháilitheachta do bhallraíocht an Aontais.

(2)

Tá an próiseas um méadú bunaithe ar chritéir sheanbhunaithe, ar choinníollacht chothrom agus dhian agus ar phrionsabal na dtuillteanas dílis. Is ríthábhachtach i gcónaí tiomantas daingean don chur chuige ‘bunphrionsabail ar dtús’, lena n-éilítear béim láidir ar an smacht reachta, ar chearta bunúsacha, ar fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha agus ar athchóiriú an riaracháin phoiblí, agus ar chritéir eacnamaíocha. Braitheann an dul chun cinn ar na hathchóirithe is gá a chuireann gach tairbhí chun feidhme chun ailíniú le acquis an Aontais. Is ríthábhachtach mar eilimintí i bpróiseas um méadú fós iad an comhar réigiúnach agus dea-chaidreamh comharsanachta.

(3)

Léirigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine freisin gur infheistíocht gheostraitéiseach é an méadú sa tsíocháin, sa tslándáil agus sa chobhsaíocht. Á mheabhrú di tiomantas iomlán agus aonchiallach an Aontais do pheirspictíocht na mBalcán Thiar maidir le ballraíocht an Aontais, is léiriú láidir iad treoshuíomh agus tiomantas chomhpháirtithe na mBalcán Thiar i leith an Aontais dá rogha straitéiseach agus dá n-áit i gcomhphobal atá bunaithe ar luachanna. Is gá conair chomhpháirtithe na mBalcán Thiar i dtreo an Aontais a bheith fréamhaithe go daingean i ndul chun cinn follasach agus nithiúil i leith athchóirithe.

(4)

Is chun leasa choitinn an Aontais agus a chomhpháirtithe sna Balcáin Thiar é, eadhon an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (*1), Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia (‘na tairbhithe’), iarrachtaí a chur chun cinn chun a gcórais pholaitiúla, dhlíthiúla agus eacnamaíocha a athchóiriú d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo agus chun tacú lena bpróiseas aontachais. Bíonn tionchar cumhachtach claochlaitheach ar stát de dhroim na féidearthachta go mbainfear ballraíocht san Aontas amach, rud a chothaíonn athruithe dearfacha daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha.

(5)

Is gá roinnt de na buntáistí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a thabhairt chun cinn roimh aontachas. Tá cóineasú eacnamaíoch i gcroílár na dtairbhí sin. Faoi láthair, tá cóineasú na mBalcán Thiar i dtéarmaí OTI per capita arna shloinneadh i gcaighdeáin cumhachta ceannaigh fós íseal idir 30 % agus 50 % de mheán an Aontais agus níl sé ag dul chun cinn tapa go leor.

(6)

Chun an éagothromaíocht sin a laghdú, leag an Coimisiún amach ina Theachtaireacht an 8 Samhain 2023, dar teideal ‘Plean Nua Fáis do na Balcáin Thiar’ plean nua fáis do na Balcáin Thiar atá bunaithe ar cheithre cholún: (a) comhtháthú le Margadh Aonair an Aontais a mhéadú; (b) borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach, bunaithe ar rialacha agus ar chaighdeáin an Aontais, trí Phlean Gníomhaíochta an Chómhargaidh Réigiúnaigh atá ann cheana a chur chun feidhme ina iomláine; (c) doimhniú a dhéanamh ar athchóirithe lena ndírítear ar dhlús a chur leis an bhfás sa réigiún, ar chóineasú eacnamaíoch a chur chun cinn agus ar chobhsaíocht réigiúnach a neartú; agus (d) ionstraim maoinithe nua a bhunú: an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar (‘an tSaoráid’).

(7)

Chun an Plean Nua Fáis do na Balcáin Thiar a chur chun feidhme, tá gá le cistiú méadaithe faoi ionstraim maoinithe nua thiomnaithe, leis an tSaoráid chun cuidiú leis an réigiún na hathchóirithe le haghaidh fás eacnamaíoch inbhuanaithe, an comhtháthú réigiúnach agus an Cómhargadh Réigiúnach a chur chun feidhme.

(8)

Chun spriocanna an Phlean Nua Fáis do na Balcáin Thiar a bhaint amach, ba cheart, a mhéid a bhaineann le réimsí infheistíochta, béim ar leith a leagan ar earnálacha ar dócha go bhfeidhmeoidh siad mar phríomhiolraitheoirí don fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch: nascacht, lena n-áirítear iompar inbhuanaithe, dícharbónú, fuinneamh, aistrithe glasa agus digiteacha, chomh maith le hoideachas agus forbairt scileanna, agus béim ar leith á leagan ar an óige.

(9)

Tá bonneagar iompair inbhuanaithe ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an nascacht idir na tairbhithe agus leis an Aontas. Ba cheart dó rannchuidiú le réigiún na mBalcán Thiar a chomhtháthú san Aontas. Ina thogra lena ndéantar athbhreithniú ar an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T), chuir an Coimisiún Conair nua isteach a thrasnaíonn réigiún na mBalcán Thiar (conair na mBalcán Thiar-na Meánmhara Thoir). Is é gréasán TEN-T an tagairt chun bonneagar iompair inbhuanaithe sa réigiún sin a chistiú, lena n-áirítear le haghaidh modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, amhail iarnróid.

(10)

Tríd an tSaoráid, ba cheart tacú le hinfheistíocht agus athchóirithe lena gcuirtear chun cinn conair na dtairbhithe i dtreo chlaochlú digiteach an gheilleagair agus na sochaí i gcomhréir le fís an Aontais le haghaidh 2030 arna cur i láthair sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021, dar teideal ‘2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade’ [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití], trína gcothaítear geilleagar digiteach cuimsitheach chun leasa na saoránach uile. Ba cheart don tSaoráid féachaint le gnóthú chuspóirí ginearálta agus spriocanna digiteacha na dtairbhithe i ndáil leis an Aontas a éascú. Mar a leag an Coimisiún amach i dteachtaireacht uaidh an 15 Meitheamh 2023, dar teideal ‘Cur chun feidhme an Bhosca Uirlisí cibearshlándála 5G’, ba cheart an Bosca Uirlisí cibearshlándála 5G a bheith ina thagairt maidir le cistiú ón Aontas chun slándáil, athléimneacht, agus cosaint shláine thionscadail bhonneagair dhigitigh sa réigiún a áirithiú.

(11)

Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur ar fáil chun cuspóirí ginearálta agus sonracha a chomhlíonadh, cuspóirí atá bunaithe ar chritéir bhunaithe agus lena mbaineann le coinníollacha soiléire íocaíochta. Ba cheart na cuspóirí ginearálta agus sonracha sin a shaothrú ar bhealach comhlántach. Ba cheart don tSaoráid tacú leis an bpróiseas um méadú trí dhlús a chur leis an ailíniú le luachanna, dlíthe, rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas, dlús a chur le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach agus lánpháirtiú comhleanúnach na dtairbhithe i margadh aonair an Aontais, agus dlús a chur lena gcóineasú socheacnamaíoch leis an Aontas. Ba cheart don tSaoráid freisin comhar réigiúnach, dea-chaidreamh comharsanachta a chothú, chomh maith le hathmhuintearas agus réiteach díospóidí.

(12)

Chomh maith le borradh a chur faoin gcóineasú socheacnamaíoch, ba cheart go gcuideodh an tSaoráid freisin le dlús a chur le hathchóirithe a bhaineann le bunphrionsabail an phróisis um méadú, lena n-áirítear an smacht reachta, cearta bunúsacha, inter alia, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear mionlaigh náisiúnta agus Romaigh, chomh maith le cearta na ndaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI). Ba cheart go bhfeabhsófaí freisin feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha agus na riarachán poiblí; soláthar poiblí, rialú Státchabhrach agus bainistíocht airgeadais phoiblí; an comhrac i gcoinne gach cineál éillithe agus coireachta eagraithe; oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán chomh maith le beartais fostaíochta; cuspóirí aistrithe ghlais, aeráide agus comhshaoil an réigiúin.

(13)

Ba cheart, le tacaíocht an Aontais faoin tSaoráid, an tacaíocht dhéthaobhach agus réigiúnach a sholáthraítear faoi Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlánú (3), atá fós ina phríomhionstraim chun na tairbhithe a ullmhú do bhallraíocht san Aontas, agus sásraí agus struchtúir atá ann cheana a úsáid i gcás inar féidir agus sineirgí a uasmhéadú. Leis an gcur chuige sin, ba cheart cur leis an modheolaíocht um méadú atá ann cheana, go háirithe Modheolaíocht Athbhreithnithe 2020 a thíolaic an Coimisiún ina theachtaireacht an 5 Feabhra 2020, dar teideal ‘Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans’ [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar], agus an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar a ghlac an Coimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020.

(14)

Ba cheart don tSaoráid an tIdirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais atá ann cheana a chomhlánú gan a raon feidhme a chur i mbaol, lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú eacnamaíoch agus faireachas iltaobhach an Aontais a dhéantar ar bheartais eacnamaíocha a ullmhú.

(15)

Leis an tSaoráid, ba cheart prionsabail éifeachtacht na forbartha a chur chun cinn, agus urraim á tabhairt don bhreisíocht agus don chomhlántacht leis an tacaíocht a sholáthraítear faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus iarracht a dhéanamh dúbailt a sheachaint agus sineirgí a áirithiú idir cúnamh faoin Rialachán seo agus cúnamh eile, lena n-áirítear pacáistí comhtháite airgeadais ina bhfuil maoiniú onnmhairiúcháin agus forbartha araon arna sholáthar ag an Aontas, ag na Ballstáit, ag tríú tíortha, ag eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha.

(16)

I gcomhréir le prionsabal na gcomhpháirtíochtaí cuimsitheacha, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh chun a áirithiú go rachfar i gcomhairle go cuí le geallsealbhóirí ábhartha i measc na dtairbhithe, lena n-áirítear parlaimintí na dtairbhithe, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus go mbeidh rochtain thráthúil acu ar fhaisnéis ábhartha chun go mbeidh siad in ann ról fóinteach a bheith acu le linn cheapadh agus chur chun feidhme na gclár, agus na próisis faireacháin ghaolmhara.

(17)

Ba cheart leanúint de chúnamh teicniúil saincheaptha agus spriocdhírithe, chomh maith le cúnamh um chomhar trasteorann, a sholáthar chun tacú le cuspóirí na Saoráide seo agus chun acmhainneachtaí ábhartha na dtairbhithe a neartú maidir leis na Cláir Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme.

(18)

Leis an tSaoráid, ba cheart comhsheasmhacht agus tacaíocht a áirithiú le haghaidh cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 21 de CAE, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart dó, go háirithe, a áirithiú go ndéanfar cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn.

(19)

Leis an tSaoráid, ba cheart go gcuirfí borradh faoin nuálaíocht, faoin taighde agus faoin gcomhar idir institiúidí acadúla agus lucht an tionscail chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, tionscail áitiúla a chur chun cinn agus béim ar leith á leagan ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar ghnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe go háitiúil;

(20)

Ba cheart do na tairbhithe tiomantas inchreidte do luachanna Eorpacha a léiriú, lena n-áirítear trína n-ailíniú le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais, lena n-áirítear bearta sriantacha an Aontais.

(21)

Agus an tSaoráid á cur chun feidhme, ba cheart uathriail straitéiseach an Aontais agus leasanna straitéiseacha an Aontais agus a Bhallstát agus na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chur san áireamh.

(22)

Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid ba cheart tacú le dul chun cinn maidir le caighdeáin shóisialta, aeráide agus chomhshaoil an Aontais, agus tacú le dul chun cinn maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, le Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac agus níor cheart di rannchuidiú le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaol ná don aeráid. Ba cheart bearta arna gcistiú faoin tSaoráid a bheith i gcomhréir le Pleananna Fuinnimh agus Aeráide na dtairbhithe, lena Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta agus lena n-uaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart an tSaoráid a bheith ina cuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an gcumas oiriúnú dá éifeachtaí díobhálacha, agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú. Go háirithe, ba cheart don chistiú faoin tSaoráid an t-aistriú i dtreo geilleagar atá dícharbónaithe, aeráidneodrach, athléimneach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach a chur chun cinn.

(23)

Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, de réir mar a fhorléirítear iad i straitéisí Aontas an Chomhionannais. Ba cheart, leis an Rialachán, comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn agus a chur chun tosaigh, rannpháirtíocht fhóinteach na mban i bpróisis chinnteoireachta, aguscumhachtú na mban agus na gcailíní a áirithiú, agus ba cheart féachaint ann le cearta na mban agus na gcailíní a chosaint agus a chur chun cinn, chomh maith le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac, agus Pleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne agus le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Thairis sin, ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear maidir le cosaint leanaí agus cearta saothair. Ba cheart cur chun feidhme na Saoráide a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (4) agus leis an bprótacal a ghabhann leis, agus ba cheart inrochtaineacht ina cuid infheistíochtaí agus cúnamh teicniúil a áirithiú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(24)

Leis an Rialachán seo, ba cheart an Clár Oibre Glas le haghaidh na mBalcán Thiar a chur chun cinn a áirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020, dar teideal ‘Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar’, trí chosaint agus athbhunú an chomhshaoil a neartú, trí rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide agus tríd an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú, agus trí dhlús a chur leis an aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin.

(25)

Mar léiriú ar an gComhaontú Glas don Eoraip mar straitéis fáis inbhuanaithe na hEorpa agus ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar chuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta i gcomhréir le gealltanais an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh, ba cheart an tSaoráid a bheith ina rannchuidiú le baint amach na sprice foriomláine 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide agus 7,5 % in 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027 a bheith ag tacú le cuspóirí bithéagsúlachta. Ba cheart 37 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a chuirtear trí Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar (WBIF) a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Ba cheart an méid sin a ríomh trí úsáid a bhaint as marcóirí Rio de réir na hoibleagáide chun maoiniú idirnáisiúnta aeráide an Aontais a thuairisciú don ECFE, chomh maith le comhaontuithe nó creataí idirnáisiúnta eile. Chomh luath le mí an Mheithimh 2025, déanfar comhéifeachtaí aeráide an Aontais, is infheidhme ar fud na gclár uile faoi Chreat Maoinithe Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 agus a leagtar amach i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘Climate Mainstreaming Architecture in the 2021-2027 Multiannual Financial Framework’ [Ailtireacht Príomhshruthaithe Aeráide i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027] (SWD(2022) 225), a chur i bhfeidhm freisin maidir le caiteachas aeráide faoi Cheannteideal 6 CAI (‘an Chomharsanacht agus an domhan’). Beidh an tSaoráid ag teacht le cur chuige ionstraimí eile Cheannteideal 6, lena n-áirítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), chun tuairisciú comhsheasmhach ar an aeráid a áirithiú sa réigiún. Ba cheart don tSaoráid tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófar go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí an Aontais ó thaobh na haeráide agus an chomhshaoil de agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(26)

Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tairbhithe, comhlíonadh, comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht na trédhearcachta agus cuntasachta méadaithe a áirithiú agus cúnamh á sholáthar, lena n-áirítear trí chórais rialaithe inmheánaigh iomchuí agus beartais frithchalaoise iomchuí a chur chun feidhme. Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur ar fáil faoi na réamhchoinníollacha go ndéanfaidh gach tairbhí sásraí daonlathacha éifeachtacha a chaomhnú agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, saorthoghcháin chóra, na meáin iolraíocha, breithiúnacht neamhspleách agus an smacht reachta, agus urraim do na hoibleagáidí uile maidir le cearta an duine a ráthú, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Réamhchoinníoll eile ba cheart a bheith ann is ea go nglacfadh an tSeirbia agus an Chosaiv páirt chuiditheach, agus go ndéanfaidís dul chun cinn intomhaiste agus go mbainfidís torthaí nithiúla amach le linn a dhéanta sin dóibh, i normalú a gcaidrimh chun a n-oibleagáidí uile faoi seach a eascraíonn as an gComhaontú maidir leis an gConair I dTreo an Normalaithe agus as an Iarscríbhinn Cur Chun Feidhme a ghabhann leis mar aon leis na Comhaontuithe Idirphlé uile a rinneadh roimhe seo a chur chun feidhme go hiomlán agus go rachaidís i mbun caibidlíochta ar an gComhaontú Cuimsitheach maidir le normalú an chaidrimh.

(27)

Ba cheart EUR 6 bhilliún i bpraghsanna reatha a bheith san uasmhéid foriomlán le haghaidh thacaíocht an Aontais tríd an tSaoráid don tréimhse ó 2024 go 2027, agus méid nach mó ná EUR 2 bhilliún den mhéid sin i bhfoirm tacaíochta neamh-inaisíoctha agus EUR 4 bhilliún den mhéid sin in iasachtaí lamháltais cúnaimh airgeadais arna soláthar ag an Aontas agus arna soláthar ón EUR 2 bhilliún. Ba cheart leath den mhéid iomlán ar a laghad a leithdháileadh trí WBIF, lena n-áirítear méid iomlán na tacaíochta neamh-inaisíoctha, tar éis 1,5 % a asbhaint le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin, agus na méideanna is gá chun na hiasachtaí a sholáthar.

(28)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais le haghaidh ré iomlán na Saoráide seo, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (7), le haghaidh Pharlaimint na hEorpa agus le haghaidh na Comhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(29)

Níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin tSaoráid leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, de mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ba cheart tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid seo a bheith ina cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (9) (‘an Rialachán Airgeadais’). Ba cheart méid táscach maoiniúcháin do gach tairbhí a ríomh bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar síos san Iarscríbhinn, ina gcomhcheanglófar sciar daonra an tairbhí i gcomparáid le daonra foriomlán réigiún na mBalcán Thiar agus meán-OTI per capita i gcás réigiún na mBalcán Thiar os cionn OTI per capita an tairbhí faoi seach, le fachtóir ualúcháin de 60 % agus 40 % faoi seach. Mura gcomhlíontar na coinníollacha íocaíochta chun cistí a scaoileadh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cuid den méid iomlán nó an méid iomlán a athdháileadh i measc na dtairbhithe.

(30)

Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, bainistíocht indíreach, cúnamh airgeadais, oibríochtaí measctha agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais.

(31)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le srianta incháilitheachta i nósanna imeachta dámhachtana faoin tSaoráid, i gcás inarb ábhartha, mar gheall ar chineál sonrach na gníomhaíochta nó i gcás ina mbeadh tionchar ag an ngníomhaíocht ar an tslándáil nó ar an ord poiblí.

(32)

Chun cur chun feidhme éifeachtúil na Saoráide a áirithiú, lena n-áirítear comhtháthú na dtairbhithe i slabhraí luacha Eorpacha a éascú, ba cheart na soláthairtí agus na hábhair uile a mhaoinítear agus a sholáthraítear faoin tSaoráid seo a bheith de thionscnamh na mBallstát, na dtairbhithe, tíortha is iarrthóirí agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus tíortha a chuireann leibhéal tacaíochta ar fáil do na tairbhithe atá inchomparáide leis an leibhéal a chuireann an tAontas ar fáil, agus méid a ngeilleagair á cur san áireamh, agus tíortha dár bhunaigh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach sna tairbhithe, mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil faoi choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin.

(33)

Agus urraim á tabhairt don phrionsabal go socraítear buiséad an Aontais ar bhonn bliantúil, ba cheart a áirithiú go bhféadfaí na solúbthachtaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais maidir le beartais eile, lena n-áirítear i gcás cistí a thabhairt anonn agus a athghealladh, chun úsáid éifeachtúil chistí an Aontais a áirithiú, agus ar an gcaoi sin cistí an Aontais atá ar fáil faoin tSaoráid a uasmhéadú.

(34)

Ba cheart sraith chomhleanúnach agus tosaíochta d’athchóirithe spriocdhírithe agus tosaíochtaí a bhaineann le hinfheistíocht i ngach tairbhí (‘an Clár Oibre Athchóirithe’) a bheith mar bhonn taca le cur chun feidhme na Saoráide, lena gcuirfear creat ar fáil chun borradh a chur faoin bhfás cuimsitheach inbhuanaithe socheacnamaíoch, agus atá curtha in iúl agus ailínithe go soiléir le ceanglais aontachais an Aontais agus le bunphrionsabail an phróisis um méadú. Beidh an Clár Oibre Athchóirithe ina chreat uileghabhálach chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach. Ba cheart an Clár Oibre Athchóirithe a ullmhú i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear parlaimintí na dtairbhithe, comhlachtaí ionadaíocha agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ba cheart a n-ionchur a léiriú sna Cláir Oibre Athchóirithe.

(35)

Ba cheart eisíocaíocht thacaíocht an Aontais a bheith ag brath ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta agus ar dhul chun cinn intomhaiste maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe a leagtar amach sna Cláir Oibre Athchóirithe arna measúnú agus arna bhformheas go foirmiúil ag an gCoimisiún. Ba cheart scaoileadh na gcistí a struchtúrú dá réir sin, agus cuspóirí na Saoráide á léiriú.

(36)

Is éard ba cheart a bheith sna Cláir Oibre Athchóirithe bearta athchóirithe spriocdhírithe agus réimsí infheistíochta tosaíochta, mar aon le coinníollacha íocaíochta i bhfoirm céimeanna intomhaiste cáilíochtúla agus cainníochtúla lena léirítear dul chun cinn sásúil nó cur i gcrích sásúil na mbeart sin, agus tráthchlár táscach le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin. Ba cheart réamhliosta de thionscadail infheistíochta atá ceaptha le haghaidh maoiniú faoi WBIF a áireamh sna Cláir Oibre Athchóirithe freisin. Ba cheart na céimeanna sin a phleanáil tráth nach déanaí ná an 31 Lúnasa 2027, cé gur cheart go bhféadfaí na bearta dá dtagraíonn na céimeanna sin a thabhairt chun críche ar an iomlán tar éis 2027, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2028.

(37)

Ba cheart a áireamh sna Cláir Oibre Athchóirithe míniú ar chóras an tairbhí chun neamhrialtachtaí, éilliú, lena n-áirítear éilliú ardleibhéil, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile an Aontais chomh maith le cistiú ó dheontóirí eile a sheachaint.

(38)

Ba cheart a áireamh sna Cláir Oibre Athchóirithe míniú ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim go rannchuideoidh na bearta leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil agus leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, agus leis an aistriú digiteach.

(39)

Leis na bearta faoi na Cláir Oibre Athchóirithe, ba cheart rannchuidiú le feabhas a chur ar chóras éifeachtúil bainistíochta agus rialaithe airgeadais phoiblí, leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe, an sciúrtha airgid, na seachanta cánach, na himghabhála cánach, na calaoise agus na coireachta eagraithe agus le córas éifeachtach rialaithe Státchabhrach, agus é mar aidhm leo dálaí cothroma a áirithiú do gach gnóthas. Ba cheart don tairbhí bearta den sórt sin a chur chun feidhme faoi dháta táscach a d’fhéadfaí a shocrú, de réir mar is iomchuí do gach beart, ag céim luath de chur chun feidhme na Saoráide.

(40)

Ba cheart na Cláir Oibre Athchóirithe a bheith bunaithe ar thorthaí agus go n-áireofaí iontu táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le cuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na táscairí sin a bheith bunaithe ar tháscairí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta. Ba cheart go mbeadh na táscairí, a mhéid is féidir freisin, comhleanúnach leis na heochairtháscairí feidhmíochta a áirítear i gCreat Torthaí IPA III, i gCreat Tomhais Torthaí CEFI+ agus in WBIF. Ba cheart go mbeadh na táscairí ábhartha, glactha, inchreidte, éasca agus láidir.

(41)

Níor cheart do chistí faoin tSaoráid tacú le gníomhaíochtaí ná le bearta a bhaineann an bonn de chomhaontuithe síochána sa réigiún.

(42)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar gach Clár Oibre Athchóirithe bunaithe ar liosta na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na Cláir Oibre Athchóirithe a fhormheas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar Chinneadh 2010/427/AE (11) ón gComhairle agus ar ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe agus faireachán á dhéanamh aige ar chomhlíonadh an réamhchoinníll ábhartha maidir le tacaíocht ón Aontas.

(43)

Ba cheart an cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear sa Rialachán seo a bheith ina chlár oibre ag an am céanna de réir bhrí Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais i leith mhéid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Rialachán seo.

(44)

I bhfianaise an ghá atá le solúbthacht i gcur chun feidhme na Saoráide, ba cheart go mbeadh tairbhí in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún an cinneadh cur chun feidhme a leasú, i gcás nach féidir an Clár Oibre Athchóirithe, lena n-áirítear coinníollacha ábhartha íocaíochta, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, de bharr imthosca oibiachtúla. Ba cheart go mbeadh tairbhí in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh chun an Clár Oibre Athchóirithe a leasú, lena n-áirítear aguisín a mholadh, i gcás inarb ábhartha.

(45)

Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann an cinneadh cur chun feidhme a leasú, go háirithe chun athrú ar na méideanna atá ar fáil a chur san áireamh.

(46)

I gcás ina ndéanfaí athdháileadh na tacaíochta faoin tSaoráid seo, rud a d’fhágfadh go bhfaigheadh tairbhí tacaíocht bhreise, ba cheart don tairbhí lena mbaineann Clár Oibre Athchóirithe athbhreithnithe a thíolacadh ina mbeadh bearta breise atá le baint amach. Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir le hathdháileadh na tacaíochta.

(47)

Ba cheart Comhaontú Saoráide a thabhairt i gcrích le gach tairbhí chun prionsabail an chomhair airgeadais idir an tAontas agus an tairbhí a bhunú, agus chun sonrú a dhéanamh ar na sásraí is gá a bhaineann le rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh an chistithe ón Aontas faoin tSaoráid, rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir agus bearta chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a cheartú. Dá bhrí sin, ba cheart comhaontú iasachta a thabhairt i gcrích le gach tairbhí freisin ina leagtar amach forálacha sonracha maidir le bainistiú agus cur chun feidhme an chistithe a sholáthraítear i bhfoirm iasachtaí. Ba cheart an Comhaontú Saoráide agus an comhaontú iasachta araon a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, arna iarraidh sin.

(48)

Tríd an gComhaontú Saoráide, ba cheart oibleagáid a chur ar na tairbhithe a áirithiú go mbaileofar sonraí, agus go mbeidh rochtain orthu, i gcomhréir le prionsabail an Aontais i ndáil le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, mar aon le sonraí leormhaithe ar dhaoine agus eintitis a fhaigheann cistiú, lena n-áirítear faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, chun na Cláir Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme;

(49)

Ba cheart go bhféadfaí tacaíocht airgeadais a thabhairt don Chlár Oibre Athchóirithe i bhfoirm iasachta. I gcomhthéacs riachtanais mhaoiniúcháin na dtairbhithe, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais agus a bhunú mar mhodh cistiúcháin aonair, a bhfuil coinne go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtúlacht eisiúint an Aontais.

(50)

Is iomchuí iasachtaí a sholáthar do na tairbhithe ar théarmaí ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh 40 bliain ar a mhéad agus gan tús a chur le haisíocaíocht na príomhshuime roimh 2034. Is iomchuí freisin maolú ar Airteagal 220(4) den Rialachán Airgeadais.

(51)

Ós rud é go bhfuil na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an tacaíocht do na tairbhithe i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid inchomparáide leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaithe faoi Rialachán (AE) 2021/947, ba cheart soláthar le haghaidh dliteanais airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo a dhéanamh ag ráta 9 %, i gcomhréir le hAirteagal 211 den Rialachán Airgeadais agus ba cheart cistiú an tsoláthair a fháil ó imchlúdach EUR 2 bhilliún faoin tSaoráid.

(52)

Chun a áirithiú go mbeidh an ráta soláthair leordhóthanach fós maidir leis na rioscaí airgeadais agus chun an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Saoráide a léiriú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an ráta soláthair a leasú agus eilimintí mionsonraithe an Scórchláir a shainiú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(53)

Chun giaráil thacaíocht airgeadais an Aontais a uasmhéadú chun infheistíocht bhreise a mhealladh, agus chun rialú an Aontais ar an gcaiteachas a áirithiú, ba cheart na hinfheistíochtaí bonneagair a thacaíonn leis na Cláir Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme trí WBIF. Níor cheart tionscadail nó cláir aonair a chur faoi bhráid Bhord Oibríochtúil WBIF chun a thuairim a fháil ach amháin nuair a bheidh na coinníollacha íocaíochta ábhartha a leagtar amach sna Cláir Oibre Athchóirithe curtha i gcrích. I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha íocaíochta ábhartha le haghaidh infheistíochtaí laistigh de bhliain amháin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an cistiú infheistíochta faoi WBIF a athdháileadh ar na tairbhithe eile.

(54)

Chun a áirithiú go mbeidh fáil ag na tairbhithe ar chistiú gnólachtaí nuathionscanta chun na chéad athchóirithe a chur chun feidhme, ba cheart rochtain a bheith ag gach tairbhí ar suas le 7 % den mhéid iomlán dá bhforáiltear faoin tSaoráid seo mar chúnamh airgeadais i bhfoirm réamh-mhaoinithe, faoi réir cistiú a bheith ar fáil agus na réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíocht faoin tSaoráid a urramú.

(55)

Tá sé tábhachtach solúbthacht agus clársceidealú araon a ráthú maidir le tacaíocht ón Aontas a chur ar fáil do na tairbhithe. Chun na críche sin, ba cheart cistí faoin tSaoráid a scaoileadh de réir sceideal seasta leathbhliantúil, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, ar bhonn iarraidh ar chistí a scaoileadh arna gcur isteach ag na tairbhithe agus tar éis don Choimisiún fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha ginearálta a bhaineann le cobhsaíocht mhacra-airgeadais, le bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, le trédhearcacht agus formhaoirseacht an bhuiséid agus leis na coinníollacha íocaíochta ábhartha. I gcás nach gcomhlíontar coinníoll íocaíochta de réir na hamlíne táscach a leagtar síos sa chinneadh lena bhformheastar an Clár Oibre Athchóirithe, d’fhéadfadh an Coimisiún eisíocaíocht na gcistí a chomhfhreagraíonn don choinníoll sin a choinneáil siar go hiomlán nó i bpáirt, de réir modheolaíocht maidir le híocaíochtaí páirteacha. D’fhéadfaí na cistí comhfhreagracha a coinníodh siar a eisíoc le linn na chéad tréimhse íocaíochta eile agus suas le 12 mhí tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach san amlíne tháscach, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta. Sa chéad bhliain den chur chun feidhme, ba cheart an síneadh sin a chur leis an sprioc-am sin go 24 mhí ón measúnú diúltach tosaigh.

(56)

De mhaolú ar Airteagal 116(2) agus (5) den Rialachán Airgeadais, is iomchuí an spriocdháta íocaíochta le haghaidh ranníocaíochtaí le buiséid stáit a shocrú ó thús an dáta a chuirtear an cinneadh lena n-údaraítear an eisíocaíocht leis an tairbhí in iúl agus chun íocaíocht úis mainneachtana ón gCoimisiún leis an tairbhí a eisiamh.

(57)

Ba cheart don Choimisiún, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh, faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais faoin tSaoráid, go háirithe maidir le hiniúchtaí a rinneadh, lena n-áirítear laigí a sainaithníodh agus bearta ceartaitheacha a rinneadh, agus maidir le dámhachtain conarthaí le haghaidh infheistíochtaí faoi WBIF, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, méid an chómhaoinithe ó thairbhithe chomh maith le foinsí eile ranníocaíochtaí lena n-áirítear ó ionstraimí maoinithe eile de chuid an Aontais.

(58)

Faoi chuimsiú bhearta sriantacha an Aontais, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE, ní fhéadfar aon chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí dlíthiúla ainmnithe nó chun a dtairbhe siúd. Dá bhrí sin, níor cheart don tSaoráid tacaíocht a thabhairt do na heintitis ainmnithe sin ná d’eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu.

(59)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (14), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (15) agus (AE) 2017/1939 (16) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa, cistiú dúbailte a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, agus aisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart.

(60)

Go háirithe, i gcomhréir le rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, ba cheart an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a bheith in ann imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

(61)

I gcomhréir le hAirteagal 129 den Rialachán Airgeadais, ba cheart na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE),lena n-áirítear ag tríú páirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais.

(62)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach faoin tSaoráid. I bhfianaise go bhfuil cúnamh airgeadais á sholáthar do na tairbhithe le fada an lá faoi bhainistíocht indíreach freisin agus a n-ailíniú de réir a chéile le caighdeáin agus cleachtais rialaithe inmheánaigh an Aontais á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún brath go mór ar oibriú chórais rialaithe inmheánaigh agus chórais coiscthe calaoise na dtairbhithe. Go háirithe, ba cheart an Coimisiún agus OLAF agus, i gcás inarb infheidhme, OIPE a chur ar an eolas gan mhoill maidir le gach cás amhrasta neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do chur chun feidhme cistí faoin tSaoráid.

(63)

Ina theannta sin, ba cheart do na tairbhithe na neamhrialtachtaí a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún, lena n-áirítear calaois arb iad ab ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach, agus é a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nósanna imeachta riaracháin agus dlí. Agus é mar chuspóir an tuairisciú a chur i gcomhréir le dea-chleachtais sna Ballstáit, ba cheart an tuairisciú sin a dhéanamh go leictreonach, tríd an gCóras Bainistíochta Mírialtachtaí, arna bhunú ag an gCoimisiún, a úsáid.

(64)

Ba cheart do gach tairbhí córas faireacháin a bhunú a chuirfidh le tuarascáil leathbhliantúil maidir le comhlíonadh choinníollacha íocaíochta a Chláir Oibre Athchóirithe a ghabhfaidh leis an iarraidh leathbhliantúil ar scaoileadh cistí. Ba cheart do na tairbhithe sonraí agus faisnéis a bhailiú agus rochtain orthu a sholáthar, ar sonraí agus faisnéis iad lenar féidir neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, i ndáil leis na bearta a dtacaíonn an tSaoráid leo.

(65)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh sásraí faireacháin soiléire agus sásraí meastóireachta neamhspleáiche i bhfeidhm chun cuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach a sholáthar agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme, agus chun measúnú éifeachtach a áirithiú ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

(66)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus aghaidh a thabhairt freisin ar shineirgí agus ar chomhlántachtaí le cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe tacaíocht dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2021/1529, d’fhonn dúbailt cúnaimh agus cistiú dúbailte a sheachaint.

(67)

Ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht, ba cheart do na tairbhithe sonraí a fhoilsiú maidir le faighteoirí deiridh a fhaigheann méideanna cistithe ar mó iad ná coibhéis EUR 50 000 go carnach le linn chur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí faoin tSaoráid seo.

(68)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid nuair a chuirfear i gcrích í.

(69)

Ba cheart do na Tairbhithe tacú le meáin iolraíocha shaora a dhéanann an tuiscint ar luachanna an Aontais, agus ar na tairbhí agus na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht ionchasach san Aontas a fheabhsú agus a chur chun cinn, agus gníomhaíochtaí cinntitheacha á ndéanamh acu ó thaobh dul i ngleic le hImréiteach agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis. Ba cheart dóibh cumarsáid phoiblí réamhghníomhach, shoiléir agus chomhsheasmhach a áirithiú freisin, lena n-áirítear maidir le tacaíocht an Aontais. Ba cheart d’fhaighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas gníomhach a thabhairt d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus infheictheacht an chistithe sin a áirithiú, i gcomhréir leis an Lámhleabhar Cumarsáide agus Infheictheachta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais.

(70)

Ba cheart cumarsáid straitéiseach agus taidhleoireacht phoiblí fheabhsaithe a bheith ag gabháil le cur chun feidhme na Saoráide freisin chun luachanna an Aontais a chur chun cinn agus chun béim a leagan ar an mbreisluach a bhaineann le tacaíocht an Aontais.

(71)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(72)

Chun cistiú a sholáthar do na tairbhithe in am trátha gan a thuilleadh moille, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar (‘an tSaoráid’).

Leagtar síos leis cuspóirí na Saoráide, a maoiniú agus a buiséad don tréimhse ó 2024 go 2027, foirmeacha an chistithe ón Aontas faoin tSaoráid agus na rialacha maidir leis an gcistiú sin a sholáthar.

2.   Déanfaidh an tSaoráid Rialachán (AE) 2021/1529 a chomhlánú chun cúnamh a chur ar fáil do na Balcáin Thiar chun athchóirithe a bhaineann leis an Aontas a chur i gcrích, go háirithe athchóirithe socheacnamaíocha cuimsitheacha agus inbhuanaithe agus athchóirithe a bhaineann le bunphrionsabail an phróisis um méadú, atá i gcomhréir le luachanna an Aontais, chomh maith le hinfheistíochtaí chun a gCláir Oibre Athchóirithe faoi seach a chur chun feidhme, mar a leagtar amach i gCaibidil III.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tairbhí’ aon cheann díobh seo a leanas: An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh nó an tSeirbia.

(2)

ciallaíonn ‘creat beartais um méadú’ an creat beartais foriomlán chun an Rialachán seo a chur chun feidhme mar atá sainithe ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, agus áirítear ann an mhodheolaíocht athbhreithnithe um méadaithe, comhaontuithe lena mbunaítear caidreamh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis na tairbhithe, na creataí caibidlíochta lena rialaítear an chaibidlíocht aontachais le hiarrthóirí, i gcás inarb infheidhme, chomh maith le rúin ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ábhartha ón gCoimisiún, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, teachtaireachtaí ábhartha ón gCoimisiún, agus teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála;

(3)

ciallaíonn ‘Comhaontú um Shaoráide’ socrú arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an tairbhí lena leagtar síos na prionsabail don chomhar airgeadais idir an tairbhí agus an Coimisiún faoin Rialachán seo; is éard atá sa socrú seo comhaontú maoinithe de réir bhrí Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais a mhéid a bhaineann leis an imchlúdach airgeadais faoi Airteagal 6(2), pointe (a) den Rialachán seo;

(4)

ciallaíonn ‘comhaontú iasachta’ socrú arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus tairbhí lena leagtar síos na coinníollacha is infheidhme chun tacú leis an tSaoráid;

(5)

ciallaíonn ‘Clár Oibre Athchóirithe’ sraith chuimsitheach chomhleanúnach thosaíochta d’athchóirithe spriocdhírithe agus tosaíochtaí infheistíochta i ngach tairbhí, lena n-áirítear coinníollacha íocaíochta lena léirítear dul chun cinn sásúil nó cur i gcrích sásúil beart gaolmhar, agus tráthchlár táscach dá gcur chun feidhme;

(6)

ciallaíonn ‘bearta’ athchóirithe agus infheistíochtaí mar a leagtar amach sna Cláir Oibre Athchóirithe faoi Chaibidil III;

(7)

ciallaíonn ‘coinníollacha íocaíochta’ coinníollacha maidir le scaoileadh cistí atá i bhfoirm céimeanna inbhraite agus intomhaiste cáilíochtúla nó cainníochtúla atá le cur chun feidhme ag tairbhí, mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe faoi Chaibidil III;

(8)

ciallaíonn ‘oibríocht mheasctha’ oibríocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha tacaíochta neamh-inaisíoctha, ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, lena n-áirítear gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí.

(9)

ciallaíonn ‘faighteoir deiridh’ duine nó eintiteas a fhaigheann cistiú faoin tSaoráid; maidir leis an gcuid sin den tSaoráid a chuirfear ar fáil mar chúnamh airgeadais, is é cisteán an Tairbhí a bheidh mar fhaighteoir deiridh; i gcás na coda sin den tSaoráid a chuirtear ar fáil trí Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar (WBIF), is é an conraitheoir nó an fochonraitheoir a chuirfidh an tionscadal infheistíochta chun feidhme an faighteoir deiridh.

(10)

ciallaíonn an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ gan tacú le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ná gan iad a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena ndéantar dochar suntasach d’aon chuspóir comhshaoil, i gcás inarb ábhartha, de réir bhrí Airteagal 17 Rialachán (AE) 2020/852.

Airteagal 3

Cuspóirí na Saoráide

1.   Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an tSaoráid:

(a)

tacú leis an bpróiseas um méadú trí dlús a chur leis an ailíniú le luachanna, dlíthe, rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais (‘acquis’) an Aontais trí athchóirithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo;

(b)

dlús a chur le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach agus le comhtháthú forásach i margadh aonair an Aontais;

(c)

dlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch gheilleagair na dtairbhithe leis an Aontas;

(d)

comhar réigiúnach, dea-chaidreamh comharsanachta, athmhuintearas agus réiteach díospóidí sna Balcáin Thiar a chothú, chomh maith le teagmháil idir dhaoine.

2.   Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an tSaoráid:

(a)

bunphrionsabail an phróisis um méadú a neartú a thuilleadh, lena n-áirítear an smacht reachta agus cearta bunúsacha, feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus lena n-áirítear dí-polarú, riarachán poiblí agus na critéir eacnamaíocha a chomhlíonadh; áirítear leis sin neamhspleáchas na mbreithiúna a chur chun cinn, an tslándáil agus an chobhsaíocht a threisiú sa réigiún, an comhrac i gcoinne na calaoise agus gach cineál éillithe a neartú, lena n-áirítear éilliú ardleibhéil agus finíochas, coireacht eagraithe, coireacht trasteorann agus sciúradh airgid chomh maith le maoiniú sceimhlitheoireachta, imghabháil cánach agus calaois chánach, seachaint cánach; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta a mhéadú; saoirse agus neamhspleáchas na meán agus saoirse acadúil a neartú; an fhuathchaint a chomhrac; timpeallacht a chumasú don tsochaí shibhialta, lena gcothófar an t-idirphlé sóisialta; comhionannas inscne, príomhshruthú inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní, neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn, chun urraim do chearta daoine ar de mhionlaigh iad, lena n-áirítear mionlaigh náisiúnta agus na Romaigh, chomh maith le cearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha a áirithiú agus a neartú;

(b)

dul i dtreo ailíniú iomlán na dtairbhithe le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CBES), lena n-áirítear bearta sriantacha an Aontais;

(c)

an bhréagaisnéis agus Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis faoin Aontas agus a luachanna a chomhrac;

(d)

dul i dtreo beartais víosaí a chomhchuibhiú leis an Aontas;

(e)

éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú, acmhainneachtaí áitiúla a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh i bhfoireann riaracháin sna tairbhithe; rochtain ar fhaisnéis, grinnscrúdú poiblí agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bpróisis chinnteoireachta a áirithiú; tacú le trédhearcacht, le cuntasacht, le hathchóirithe struchtúracha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena gcumhachtaí maoirseachta agus fiosrúcháin maidir le dáileadh cistí poiblí agus rochtain orthu agus i réimsí na bainistíochta airgeadais poiblí agus an tsoláthair phoiblí agus an rialaithe státchabhrach; tacú le tionscnaimh agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le tacaíocht agus forfheidhmiú an cheartais idirnáisiúnta sna tíortha is tairbhithe;

(f)

dlús a chur le haistriú na dtairbhithe chuig geilleagair inbhuanaithe aeráidneodracha chuimsitheacha atá in ann brú margaidh iomaíoch mhargadh aonair an Aontais a sheasamh, agus chuig timpeallacht chobhsaí infheistíochta agus a spleáchais straitéiseacha a laghdú;

(g)

borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach, go háirithe trí dhul chun cinn i mbunú an Chómhargaidh Réigiúnaigh;

(h)

comhtháthú eacnamaíoch na dtairbhithe le margadh aonair an Aontais a chothú, go háirithe trí shreafaí trádála agus infheistíochta méadaithe, agus slabhraí luacha athléimneacha;

(i)

tacú le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach agus comhtháthú feabhsaithe le margadh aonair an Aontais trí nascacht fheabhsaithe agus inbhuanaithe sa réigiún i gcomhréir le gréasáin thras-Eorpacha chun comhar réigiúnach, dea-chaidreamh comharsanachta, athmhuintearas, chomh maith le teagmháil idir daoine a threisiú;

(j)

dlús a chur leis an aistriú glas cuimsitheach agus inbhuanaithe i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas, i gcomhréir le Clár Oibre Glas 2020 do na Balcáin Thiar agus lena gcumhdófar gach earnáil eacnamaíoch, go háirithe earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear an t-aistriú chuig geilleagar atá dícharbónaithe, aeráidneodrach, athléimneach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach, agus a áirithiú ag an am céanna go n-urramófar leis na hinfheistíochtaí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’;

(k)

an claochlú digiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn mar chumasóir don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás cuimsitheach;

(l)

borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin taighde agus faoin gcomhar idir institiúidí acadúla agus lucht an tionscail chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, tionscail áitiúla a chur chun cinn agus béim ar leith á leagan ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar ghnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe go háitiúil;

(m)

borradh a chur faoi oideachas ardcháilíochta, oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú ar gach leibhéal, agus béim ar leith á leagan ar an óige, lena n-áirítear dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na hóige, imirce daoine oilte a chosc agus tacú le pobail leochaileacha agus tacú le beartais fostaíochta, lena n-áirítear cearta saothair, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus an bhochtaineacht a chomhrac.

Airteagal 4

Prionsabail Ghinearálta

1.   Beidh an comhar faoin tSaoráid bunaithe ar riachtanais agus déanfaidh sé prionsabail éifeachtacht na forbartha a chur chun cinn, is iad sin úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha ag na tairbhithe, díriú choinníollacht shoiléir agus ar thorthaí inláimhsithe, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach. Beidh an comhar sin bunaithe ar leithdháileadh agus úsáid éifeachtach agus éifeachtúil acmhainní. Féachfaidh an tSaoráid le cothromaíocht gheografach iomchuí a áirithiú i dtaca le tionscadail infheistíochta.

2.   Ní thiocfaidh soláthar cúnaimh mhacra-airgeadais faoi raon feidhme na Saoráide seo.

3.   Beidh tacaíocht ón tSaoráid sa bhreis agus comhlántach ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh gníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin Rialachán seo tacaíocht a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna agus go n-áirithítear maoirseacht iomchuí agus rialú buiséadach iomchuí. Áiritheoidh an Coimisiún comhlántachtaí agus sineirgí idir an tSaoráid agus cláir eile de chuid an Aontais, d’fhonn dúbailt cúnaimh agus cistiú dúbailte a sheachaint. Ní bheidh aon fhorluí idir an tacaíocht a sholáthraítear faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2021/1529.

4.   Chun comhlántacht, comhleanúnachas agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochtaí a chur chun cinn, oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhair lena chéile agus féachfaidh siad le dúbailt a sheachaint agus sineirgí a áirithiú idir cúnamh faoin Rialachán seo agus cineálacha eile cúnaimh, lena n-áirítear pacáistí comhtháite airgeadais ina bhfuil maoiniú onnmhairiúcháin agus forbartha araon arna soláthar an tAontas, Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, gníomhaireachtaí agus deontóirí nach den Aontas iad, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe chun comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, lena n-áirítear trí chomhordú feabhsaithe leis na Ballstáit ar an leibhéal áitiúil. Is é a bheidh i gceist leis an gcomhordú sin ar an leibhéal áitiúil comhairliúcháin rialta thráthúla agus malartuithe minice faisnéise le linn chur chun feidhme na Saoráide.

5.   Leis na gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, déanfar an daonlathas, cearta an duine agus comhionannas inscne a phríomhshruthú agus a chur chun cinn, ailíniú de réir a chéile le caighdeáin shóisialta, aeráide agus chomhshaoil an Aontais, príomhshruthófar maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, i gcás inarb ábhartha, laghdú rioscaí tubaiste, cosaint an chomhshaoil agus caomhnú na bithéagsúlachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí mheasúnuithe tionchair ar an gcomhshaol, agus tacófar leis an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, gníomhaíochtaí comhtháite a chur chun cinn lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus ilchuspóirí a bhaint amach ar bhealach comhleanúnach. Seachnófar sócmhainní tréigthe leis na gníomhaíochtaí sin, agus beidh siad á dtreorú ag na prionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, chomh maith leis an gcur chuige príomhshruthaithe inbhuanaitheachta atá mar bhonn taca leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

6.   Áiritheoidh na Tairbhithe agus an Coimisiún go gcuirfear comhionannas inscne, príomhshruthú inscne agus comhtháthú ghné na hinscne san áireamh agus go gcuirfear chun cinn iad le linn ullmhú na gClár Oibre Athchóirithe agus chur chun feidhme na Saoráide. Glacfaidh na Tairbhithe agus an Coimisiún céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc. Tuairisceoidh an Coimisiún ar na bearta sin i gcomhthéacs an tuairiscithe rialta uaidh faoi na Pleananna Gníomhaíochta Inscne.

7.   Ní thacóidh an tSaoráid le gníomhaíochtaí ná le bearta atá ar neamhréir le Pleananna Fuinnimh agus Aeráide na dtairbhithe, lena Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras, ná leis an uaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí ná gníomhaíochtaí ná bearta lena gcuirtear infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise chun cinn, nó lena gcruthaítear éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol, ar an aeráid nó ar an mbithéagsúlacht.

8.   I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí, féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go ndéantar grinnscrúdú daonlathach, de réir mar is iomchuí, i bhfoirm comhairliúcháin a dhéanfaidh rialtas tairbhí óna pharlaimint faoi seach, chomh maith le comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha, gach mionlach agus pobal, de réir mar is ábhartha, ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh i múnlú dhearadh agus chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin tSaoráid, agus sna próisis ghaolmhara faireacháin, ghrinnscrúdaithe agus mheastóireachta, de réir mar is ábhartha. Féachfaidh an comhairliúchán sin le hionadaíocht a dhéanamh ar iolrachas shochaí an tairbhí.

9.   Áiritheoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na tairbhithe, go gcuirfear gealltanais de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe chun feidhme agus tacaíocht á soláthar, lena n-áirítear trí chur chun feidhme agus atreisiú na gcóras rialaithe inmheánaigh agus na mbeartas frithchalaoise a chur chun cinn. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le méid agus leithdháileadh na tacaíochta ar fáil go poiblí tríd an Scórchlár dá dtagraítear in Airteagal 26. Foilseoidh na tairbhithe sonraí cothrom le dáta maidir le faighteoirí deiridh a fhaigheann cistí ón Aontas chun athchóirithe agus infheistíochtaí faoin tSaoráid seo a chur chun feidhme, mar a thuairiscítear in Airteagal 22.

Airteagal 5

Réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíocht ón Aontas

1.   Is iad seo a leanas na réamhchoinníollacha le haghaidh na tacaíochta faoin tSaoráid:

(a)

go ndéanfaidh na tairbhithe sásraí daonlathacha éifeachtacha a chaomhnú agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, saorthoghcháin chóra, meáin iolraíocha, breithiúnacht neamhspleách agus an smacht reachta, agus go ráthóidh siad urraim d’oibleagáidí uile chearta an duine, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an tSeirbia agus leis an gCosaiv, go nglacfaidh siad páirt chuiditheach le dul chun cinn atá intomhaiste go soiléir agus inláimhsithe i normalú a gcaidrimh d’fhonn a n-oibleagáidí uile faoi seach a eascraíonn as an gComhaontú maidir leis an gConair do Normalú agus as an Iarscríbhinn Cur Chun Feidhme a ghabhann leis chomh maith leis na Comhaontuithe Idirphlé uile a rinneadh roimhe seo a chur chun feidhme go hiomlán agus go rachaidh siad i mbun caibidlíochta maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach maidir le normalú an chaidrimh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha a leagtar amach i mír 1 sula scaoilfear cistí, lena n-áirítear réamh-mhaoiniú, chuig tairbhithe faoin tSaoráid agus le linn thréimhse na tacaíochta arna soláthar faoin tSaoráid, agus aird chuí á tabhairt ar an gcreat beartais um méadú is déanaí. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin na moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise, nó Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), sa phróiseas faireacháin.

3.   Maidir leis an réamhchoinníoll a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE, ról agus rannchuidiú SEGS a chur san áireamh go cuí.

4.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena gcinnfear nach bhfuil cuid de na réamhchoinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh, agus go háirithe, scaoileadh na gcistí dá dtagraítear in Airteagal 21 a choinneáil siar, beag beann ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 12.

CAIBIDIL II

MAOINIÚ AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 6

Buiséad

1.   Ní rachaidh na hacmhainní a bheidh le cur ar fáil tríd an tSaoráid, de bhun mhíreanna 2 agus 3, thar EUR 6 000 000 000 le haghaidh na tréimhse ó 2024 go 2027.

2.   Is é EUR 2 000 000 000 a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an tSaoráid a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027, agus an dáileadh seo a leanas ann:

(a)

98,5 % i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha do na tairbhithe chun na Cláir Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme;

(b)

1,5 % le haghaidh caiteachais de bhun mhír 6.

3.   Tacaíocht i bhfoirm iasachta, beidh sí ar fáil le haghaidh méid suas le EUR 4 000 000 000 le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027. Ní bheidh an méid sin ina chuid de mhéid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha de réir bhrí Airteagal 31(4) de Rialachán 2021/947.

4.   Leagfaidh an Coimisiún amach méid táscach tosaigh an mhaoinithe a bheidh ar fáil le haghaidh gach tairbhí, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach san Iarscríbhinn, sa chinneadh cur chun feidhme comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 15, arna ríomh ar bhonn na sonraí is déanaí atá ar fáil ar lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 33. Féadfar méideanna táscacha a athrú le linn chur chun feidhme na Saoráide i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 21.

5.   De bhun Airteagal 19 den Rialachán seo, 50 % ar a laghad den mhéid foriomlán a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a bheidh i méid na gcistí a chuirfear ar fáil faoi Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar (WBIF) dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/1529. Áireofar sa ranníocaíocht sin méid iomlán na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha dá dtagraítear i mír 2 pointe (a) den Airteagal seo tar éis méid an tsoláthair a asbhaint.

6.   Féadfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an tSaoráid a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, a bhfuil gá leo chun an tSaoráid a bhainistiú agus a cuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, cúrsaí oiliúna, comhairliúcháin le húdaráis na dtairbhithe, comhdhálacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear gníomhaíochtaí for-rochtana cuimsitheacha, agus cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, agus gach caiteachas eile sa cheanncheathrú agus i dtoscaireachtaí an Aontais le haghaidh na tacaíochta riaracháin agus comhordúcháin is gá le haghaidh na Saoráide. Féadfaidh speansais costais a chumhdach freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le trédhearcacht agus le gníomhaíochtaí eile amhail rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail nó ar chláir ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe agus infheistíochtaí a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

Airteagal 7

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an tSaoráid chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, faoi bhainistiú díreach nó faoi bhainistiú indíreach le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán sin.

2.   Féadfar cistiú ón Aontas a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe cúnamh airgeadais, deontais, soláthar agus oibríochtaí measctha.

3.   Ag brath ar an acmhainneacht oibríochtúil agus airgeadais is gá, féadfaidh sé gurb é Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, institiúidí airgeadais Eorpacha iltaobhacha, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, nó institiúidí airgeadais Eorpacha déthaobhacha, amhail bainc forbartha nó Grúpa an Bhainc Dhomhanda, an t-eintiteas iontaoibhe a chuirfidh oibríochtaí measctha chun feidhme. I gcás inar féidir, féadfaidh institiúidí airgeadais iltaobhacha neamh-Eorpacha eile páirt a ghlacadh sa tSaoráid trí oibríochtaí comhpháirteacha le hinstitiúidí airgeadais Eorpacha. Déanfar cur chun feidhme oibríochtaí measctha faoin tSaoráid a chomhlánú le foirmeacha breise tacaíochta airgeadais, ó na Ballstáit nó ó thríú páirtithe.

Airteagal 8

Rialacha maidir le hincháilitheacht daoine agus eintiteas, maidir le tionscnamh an tsoláthair agus na n-ábhar agus maidir le srianta faoin tSaoráid

1.   Beidh an deis a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta dámhachtana deontais i gcás gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid seo oscailte d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus do na daoine nádúrtha uile ar náisiúnaigh iad de na tíortha seo a leanas nó do dhaoine dlítheanacha atá bunaithe go hiarbhír sna háiteanna seo a leanas:

(a)

na Ballstáit, na tairbhithe, na tíortha is iarrthóirí agus na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha a chuireann leibhéal tacaíochta ar fáil do thairbhithe atá inchomparáide leis an leibhéal a chuireann an tAontas ar fáil, agus méid a ngeilleagair á cur i gcuntas agusa mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach sna tairbhithe ina leith.

2.   Féadfar an rochtain chómhalartach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a dheonú le haghaidh tréimhse theoranta bliain amháin ar a laghad, i gcás ina ndeonóidh tír incháilitheacht ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha atá incháilithe faoin tSaoráid.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Tairbhí lena mbaineann.

3.   Beidh na soláthairtí agus na hábhair go léir arna maoiniú agus arna soláthar faoin tSaoráid seo de thionscnamh aon tíre dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), murar féidir na soláthairtí agus na hábhair sin a fháil faoi dhálaí réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. Ina theannta sin, beidh feidhm ag na rialacha um shrianta a leagtar síos i mír 6.

4.   Ní bheidh feidhm ag na rialacha incháilitheachta faoin Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, ná ní chruthófar leo srianta náisiúntachta do dhaoine nádúrtha, ach amháin i gcás ina bhfuil na srianta náisiúntachta bunaithe ar na rialacha dá bhforáiltear i mír 6.

5.   I gcás gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú ag eintiteas nó arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach le heintitis dá dtagraítear d’Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na rialacha is infheidhme leis na heintitis sin chomh maith. Tá an méid sin gan dochar do na srianta faoi mhír 6 den Airteagal seo, a léireofar go cuí sna comhaontuithe a thabharfar i gcrích leis na heintitis sin.

6.   Féadfar na rialacha incháilitheachta agus rialacha tionscnamh na soláthairtí agus na n-ábhar a leagtar amach i míreanna 1 agus 3 agus rialacha maidir le náisiúntacht na ndaoine nádúrtha a leagtar amach i mír 4 a shrianadh i dtaca le náisiúntacht, suíomh geografach nó cineál na n-eintiteas dlítheanach atá rannpháirteach i nósanna imeachta dámhachtana agus i dtaca le tionscnamh geografach na soláthairtí agus na n-ábhar i gcás:

(a)

ina gceanglaítear na srianta sin mar gheall ar chineál sonrach nó cuspóirí sonracha na gníomhaíochta nó an nós imeachta sonrach dámhachtana nó i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach;

(b)

ina ndéanfaidh an ghníomhaíocht nó na nósanna imeachta dámhachtana sonracha difear don tslándáil nó don ord poiblí, go háirithe maidir le sócmhainní agus leasanna straitéiseacha an Aontais, na mBallstát, nó aon cheann de na tairbhithe, lena n-áirítear slándáil, athléimneacht agus cosaint shláine an bhonneagair dhigitigh, lena n-áirítear bonneagar líonra 5G, na córais chumarsáide agus faisnéise, agus na slabhraí soláthair gaolmhara.

7.   Féadfar glacadh le hiarratasóirí ar thairiscintí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile cuí-réasúnaithe ina mbeadh sé dodhéanta nó thar a bheith deacair gníomhaíocht a chur i gcrích dá ndéanfaí na rialacha incháilitheachta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 9

Comhaontú Saoráide

1.   Tabharfaidh an Coimisiún Comhaontú Saoráide i gcrích le gach tairbhí maidir le cur chun feidhme na Saoráide ina leagfar amach oibleagáidí agus coinníollacha íocaíochta na dtairbhithe chun cistiú na Saoráide a eisíoc.

2.   Déanfar an Comhaontú Saoráide a chomhlánú le comhaontuithe iasachta i gcomhréir le hAirteagal 17, ina leagfar amach forálacha sonracha i gcás bainistiú agus cur chun feidhme cistithe a sholáthraítear i bhfoirmeacha iasachtaí. Cuirfear Comhaontuithe Saoráide, lena n-áirítear aon doiciméadacht ghaolmhar, ar fáil, arna iarraidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach agus gan mhoill.

3.   Ní dheonófar cistiú do na Tairbhithe ach amháin tar éis do na Comhaontuithe Saoráide agus na comhaontuithe iasachta is infheidhme teacht i bhfeidhm.

4.   Leis an gComhaontú Saoráide agus leis na comhaontuithe iasachta arna dtabhairt i gcrích le gach tairbhí, agus le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le duine nó le heintitis a fhaigheann cistí ón Aontas, áiritheofar go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.

5.   Leagfar síos sa Chomhaontú Saoráide na forálacha mionsonraithe is gá maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

tiomantas an tairbhí dul chun cinn cinntitheach a dhéanamh i dtreo creat láidir dlíthiúil chun an chalaois a chomhrac, agus córais rialaithe níos éifeachtúla agus níos éifeachtacha a bhunú, lena n-áirítear sásraí iomchuí chun sceithirí eolais a chosaint chomh maith le sásraí agus bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú ar bhealach éifeachtach chomh maith leis an gcomhrac a neartú i gcoinne an sciúrtha airgid, na coireachta eagraithe, míleithreasú cistí poiblí, maoiniú na sceimhlitheoireachta, agus seachaint, calaois nó imghabháil cánach, agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a mbeadh tionchar acu ar chistí arna soláthar faoin tSaoráid;

(b)

na rialacha maidir le scaoileadh, coinneáil siar, laghdú agus athdháileadh cistí i gcomhréir le hAirteagal 21;

(c)

na gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú, rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh a dhéanamh faoin tSaoráid, chomh maith le hathbhreithnithe córas, imscrúduithe, bearta frithchalaoise agus comhar;

(d)

na rialacha maidir le tuairisciú don Choimisiún i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 12 agus an chaoi a gcomhlíontar iad;

(e)

na rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir i gcomhréir le hAirteagal 27(9) agus (10) de Rialachán (AE) 2021/947;

(f)

na bearta chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach, agus an oibleagáid fógra a thabhairt gan mhoill do dhaoine nó d’eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoin tSaoráid don Choimisiún, do OLAF agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, faoi chásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa amhrasta nó iarbhír agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid agus faoi na bearta leantacha ina leith;

(g)

na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 23 agus 24, lena n-áirítear na rialacha beachta agus tráthchlár beacht maidir leis an tairbhí do bhailiú sonraí agus rochtain a bheith orthu ag an gCoimisiún, ag OLAF, ag an gCúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, ag OIPE;

(h)

nós imeachta chun a áirithiú go dtagann iarratais ar eisíocaíocht ar thacaíocht iasachta faoi mhéid na hiasachta atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 6(3);

(i)

ceart an Choimisiúin an tacaíocht a sholáthraítear faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a ghnóthú nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an tairbhí, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid dá bhforáiltear sa Chomhaontú Saoráide;

(j)

rialacha agus módúlachtaí do na tairbhithe chun tuairisciú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide agus measúnú a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

(k)

an oibleagáid atá ar thairbhithe na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 22 a tharchur go leictreonach chun an Choimisiúin;

Airteagal 10

Tabhairt anonn, tráthchodanna bliantúla, leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

1.   De mhaolú ar Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí nár úsáideadh faoin tSaoráid a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh agus a úsáid, faoi seach, go dtí 31 Nollaig na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Is é an tsuim a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar gheall ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn, lena n-áirítear na méideanna lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 12(6) den Rialachán Airgeadais.

3.   Le cois na rialacha a leagtar síos in Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais maidir le leithreasuithe a chur ar fáil arís, déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid na gealltanais shaortha a rinneadh de bharr neamhchur chun feidhme iomlán nó páirteach gníomhaíochta faoin tSaoráid a chur ar fáil arís le leas na líne buiséid tionscnamh.

4.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná bliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta i gcomhréir le hAirteagal 112(2) den Rialachán Airgeadais.

CAIBIDIL III

CLÁIR OIBRE ATHCHÓIRITHE

Airteagal 11

Cláir Oibre Athchóirithe a chur isteach

1.   Chun aon tacaíocht a fháil faoin tSaoráid, cuirfidh gach tairbhí Clár Oibre Athchóirithe faoi bhráid an Choimisiúin ar feadh shaolré na saoráide, atá bunaithe ar an gcuid athchóirithe struchtúracha den Chlár Athchóirithe Eacnamaíoch is déanaí agus ar an Treoir ghaolmhar Bheartais Chomhpháirteach a comhaontaíodh ag an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais i mBealtaine 2023, ar a straitéis fáis i gcás inarb infheidhme, ar an gcreat beartais um méadú, agus ar an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta le haghaidh na mBalcán Thiar.

2.   Soláthrófar leis na Cláir Oibre Athchóirithe creat uileghabhálach chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, ina leagfar amach na hathchóirithe a bheidh le déanamh ag an Tairbhí, chomh maith le réimsí infheistíochta. Is é a bheidh sna Cláir Oibre Athchóirithe bearta chun athchóirithe a chur chun feidhme trí phacáiste cuimsitheach agus comhleanúnach. I réimsí bhunphrionsabal phróiseas an mhéadaithe, lena n-áirítear an smacht reachta, an comhrac in aghaidh an éillithe, lena n-áirítear an t-éilliú ardleibhéil, cearta bunúsacha agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, léireofar sna Cláir Oibre Athchóirithe na measúnuithe sa chreat beartais um méadú.

3.   Beidh na Cláir Oibre Athchóirithe comhsheasmhach leis an gcreat beartais mhaicreacnamaíoch agus fhioscaigh is déanaí arna cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhthéacs an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais leis an Aontas.

4.   Beidh na Cláir Oibre Athchóirithe comhsheasmhach leis na tosaíochtaí athchóirithe arna sainaithint i gcomhthéacs chonair aontachais an tairbhí agus tacóidh siad leo, agus le doiciméid ábhartha eile, amhail an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, an Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, an Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras agus an uaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.

5.   Leis na Cláir Oibre Athchóirithe, urramófar na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4.

6.   Déanfar na Cláir Oibre Athchóirithe a ullmhú ar mhodh cuimsitheach agus trédhearcach, i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

7.   Iarrfaidh an Coimisiún ar na tairbhithe a gClár Oibre Athchóirithe faoi seach a chur isteach laistigh de 3 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tarchuirfidh an Coimisiún Cláir Oibre Athchóirithe na dtairbhithe chun Parlaimint na hEorpa agus chun na Comhairle a luaithe a gheobhaidh an Coimisiún iad.

8.   I gcás athdháileadh tacaíochta faoin tSaoráid a fhágann go bhfaigheann tairbhí tacaíocht bhreise, iarrfaidh an Coimisiún ar an tairbhí sin Clár Oibre Athchóirithe leasaithe don tréimhse atá fágtha den tSaoráid a chur isteach laistigh de thrí mhí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir leis an athdháileadh.

Airteagal 12

Prionsabail i gcás maoiniú faoi na Cláir Oibre Athchóirithe

1.   Déanfaidh an tSaoráid dreasachtaí a sholáthar do chur chun feidhme Chlár Oibre Athchóirithe gach tairbhí trí choinníollacha íocaíochta a shocrú ar scaoileadh cistí. Beidh feidhm ag na coinníollacha íocaíochta sin maidir le cistí faoi Airteagal 6(2) pointe (a) agus Airteagal 6(3) agus beidh siad i bhfoirm bearta intomhaiste cáilíochtúla nó cainníochtúla. Léireofar sna céimeanna sin an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe socheacnamaíocha sonracha agus le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe atá nasctha le cuspóirí éagsúla na Saoráide a bhaint amach a leagtar amach in Airteagal 3, i gcomhréir leis an gcreat beartais.

Spreagfaidh comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta sin scaoileadh iomlán nó páirteach cistí, ag brath ar a mhéid a chuirfear i gcrích iad.

2.   Maidir le maoiniú a chuirtear chun feidhme tríd an gciste dá dtagraítear in Airteagal 19, beidh comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ina réamhbhailíochtú. Íocfar na cistí tar éis iarraidh ar íocaíocht a fháil ó bhainisteoirí cistí an chomhchiste arna bhunú faoi WBIF chun ranníocaíochtaí deontóirí a fháil.

3.   Is coinníollacha ginearálta iad cobhsaíocht mhacra-airgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht agus formhaoirseacht ar an mbuiséad le haghaidh íocaíochtaí nach mór a chomhlíonadh chun aon chiste a scaoileadh.

4.   Ní thacóidh cistí faoin tSaoráid le gníomhaíochtaí ná le bearta a bhaineann an bonn de chomhaontuithe síochána sa réigiún.

Airteagal 13

Ábhar na gClár Oibre Athchóirithe

1.   Leagfar amach sna Cláir Oibre Athchóirithe go háirithe na gnéithe seo a leanas, a mbeidh réasúnú agus bunús ag dul leo:

(a)

bearta is freagairt chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leordhóthanach ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, lena n-áirítear athchóirithe struchtúracha, infheistíochtaí agus bearta chun comhlíonadh réamhchoinníollacha a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 5, i gcás inarb iomchuí;

(b)

míniú ar an gcaoi a bhfuil na bearta comhsheasmhach leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4, chomh maith leis na ceanglais, na straitéisí, na pleananna agus na cláir dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 11;

(c)

míniú ar conas a mheastar go neartóidh na bearta tuilleadh buntosca an phróisis mhéadaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a), lena n-áirítear an smacht reachta, cearta bunúsacha agus an comhrac i gcoinne an éillithe;

(d)

liosta táscach de thionscadail agus de chláir infheistíochta atá beartaithe lena maoiniú faoi WBIF, lena n-áirítear méideanna foriomlána infheistíochta faoi seach agus amlínte beartaithe don chur chun feidhme;

(e)

míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideoidh na bearta le cuspóirí aeráide agus comhshaoil agus ar a gcomhoiriúnacht don phrionsabal ‘gan dochar suaithinseasach a dhéanamh’;

(f)

míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideoidh na bearta leis an gclaochlú digiteach;

(g)

míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideoidh na bearta le cuspóirí oideachais, oiliúna, fostaíochta agus sóisialta;

(h)

míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideoidh na bearta le comhionannas inscne agus le cumhachtú ban agus cailíní, agus le cur chun cinn chearta na mban agus na gcailíní;

(i)

i gcás na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí, tráthchlár táscach, agus na coinníollacha íocaíochta atá beartaithe maidir le scaoileadh cistí i bhfoirm céimeanna intomhaistecáilíochtúla agus cainníochtúla a phleanáiltear a chur chun feidhme faoin 31 Lúnasa 2027 ar a dhéanaí;

(j)

míniú ar conas a mheastar a rannchuideoidh na bearta le hailíniú forásach agus leanúnach le CBES, lena n-áirítear bearta sriantacha an Aontais;

(k)

na socruithe chun go ndéanfaidh an tairbhí faireachán, tuairisciú agus meastóireacht éifeachtach ar an gClár Oibre Athchóirithe, lena n-áirítear na céimeanna intomhaiste cáilíochtúla agus cainníochtúla atá beartaithe agus na táscairí ábhartha a leagtar amach i mír 2;

(l)

míniú ar chóras an tairbhí agus ar na bearta atá beartaithe chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú, lena n-áirítear éilliú ardleibhéil, agus coinbhleachtaí leasa agus chun rialacha maidir le rialú Státchabhrach a fhorfheidhmiú, agus na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh láithreacha i mblianta tosaigh chur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóirithe;

(m)

chun Cláir Oibre Athchóirithe a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, chun iad a chur chun feidhme, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin, arna dhéanamh i gcomhréir le creat dlíthiúil na dtairbhithe, ar gheallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear parlaimintí na dtairbhithe, comhlachtaí agus údaráis ionadaíocha áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus an chaoi a léirítear ionchur na ngeallsealbhóirí sin sna Cláir Oibre Athchóirithe;

(n)

plean cumarsáide agus infheictheachta i dtaobh na gClár Oibre Athchóirithe do lucht féachana áitiúil na dtairbhithe;

(o)

aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.   Beidh na Cláir Oibre Athchóirithe bunaithe ar thorthaí agus áireofar iontu táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Beidh na táscairí sin bunaithe, i gcás inarb iomchuí agus inarb ábhartha, ar tháscairí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus ar na táscairí sin atá ar fáil cheana féin agus a bhaineann le beartais na dtairbhithe. Beidh na táscairí comhleanúnach a mhéid is féidir freisin, leis na príomhtháscairí corparáideacha a áirítear i gCreat Torthaí IPA III, i gCreat Tomhais Torthaí CEFI+ agus in WBIF.

Airteagal 14

Measúnú ón gCoimisiún ar na Cláir Oibre Athchóirithe

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, cuimsitheacht agus oiriúnacht Chlár Oibre Athchóirithe gach tairbhí nó, i gcás inarb infheidhme, ar aon leasú ar an gClár Oibre sin, gan moill mhíchuí. Agus a mheasúnú á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an tairbhí lena mbaineann, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt, faisnéis bhreise a lorg nó ceangal ar an tairbhí athbhreithniú nó modhnú a dhéanamh ar a Chlár Oibre Athchóirithe.

2.   Maidir leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 13(1)(j) den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE, ról agus rannchuidiú SEGS i gcuntas go cuí.

3.   Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na Cláir Oibre Athchóiriúcháin, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis anailíseach ábhartha atá ar fáil i dtaobh an tairbhí, lena n-áirítear a staid mhaicreacnamaíoch agus a inbhuanaitheacht fiachais, an bonn cirt agus na gnéithe a chuir an tairbhí ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 13, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile amhail an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 11.

4.   Ina mheasúnú, breithneoidh an Coimisiún na critéir seo a leanas:

(a)

cibé acu atá an Clár Oibre Athchóirithe ina fhreagairt ábhartha, chuimsitheach, chomhleanúnach agus chothromaithe go leordhóthanach ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 13;

(b)

cibé acu atá an Clár Oibre Athchóirithe agus a bhearta comhsheasmhach leis na prionsabail, na straitéisí, na pleananna agus na cláir dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 11;

(c)

cibé acu a mheastar go gcuirfidh an Clár Oibre Athchóirithe dlús leis an dul chun cinn chun an bhearna shocheacnamaíoch idir an tairbhí agus an tAontas a dhúnadh, agus sa tslí sin go bhfeabhsófar forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil agus go dtacófar leis an gcóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais, go laghdófar neamhionannais agus go n-atreiseofar an comhtháthú sóisialta;

(d)

cibé acu a mheastar go ndéanfaidh an Clár Oibre Athchóirithe bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a) a neartú tuilleadh;

(e)

cibé acu a mheastar go gcuirfidh an Clár Oibre Athchóirithe dlús le haistriú na dtairbhithe i dtreo geilleagair atá inbhuanaithe, aeráidneodrach, athléimneach ó thaobh na haeráide de agus cuimsitheach trí nascacht réigiúnach a fheabhsú, dul chun cinn a dhéanamh maidir le haistriú glas agus aistriú digiteach, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, lena laghdófaí spleáchais straitéiseacha agus borradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht, faoin oideachas, faoin oiliúint, faoin bhfostaíocht agus faoi scileanna agus faoin margadh saothair i gcoitinne, agus aird ar leith á díriú ar an óige;

(f)

cibé acu atá na bearta a áirítear sa Chlár Oibre Athchóirithe comhoiriúnach leis na prionsabail ‘gan dochar suaithinseach a dhéanamh’ agus ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’;

(g)

cibé acu a thugtar aghaidh iomchuí leis an gClár Oibre Athchóirithe ar na rioscaí a féideartha i gcomhréir le réamhchoinníollacha agus coinníollacha íocaíochta;

(h)

cibé acu atá na coinníollacha íocaíochta atá molta ag an tairbhí iomchuí agus uaillmhianach, i gcomhréir leis an gcreat beartais um méadú, agus cibé acu atá siad fóinteach agus soiléir go leor chun gur féidir cistí a scaoileadh i gcás ina gcomhlíontar iad agus cibé acu atá na táscairí tuairiscithe atá beartaithe iomchuí agus leordhóthanach chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo na gcuspóirí foriomlána;

(i)

cibé acu a mheastar go ndéanfar leis na socruithe atá beartaithe ag an tairbhí neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa coireacht eagraithe agus sciúradh airgid a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach, chomh maith le cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach, agus an áirithítear leo nach mbeidh aon chistiú dúbailte ann ón tSaoráid ná ó chláir eile an Aontais ná ó dheontóirí eile, go háirithe tacaíocht dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2021/1529;

(j)

cibé acu a léirítear go héifeachtach sa Chlár Oibre Athchóirithe ionchur na ngeallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear parlaimintí na dtairbhithe, comhlachtaí agus údaráis ionadaíocha áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

5.   Chun na Cláir Oibre Athchóirithe a mheasúnú arna gcur isteach ag na tairbhithe, féadfaidh saineolaithe neamhspleácha cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

Airteagal 15

Cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún

1.   I gcás measúnú dearfach, formheasfaidh an Coimisiún trí chinneadh cur chun feidhme, an Clár Oibre Athchóirithe arna chur isteach ag an tairbhí, i gcomhréir le hAirteagal 14 nó, i gcás inarb infheidhme, trí na Cláir Oibre leasaithe arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16. Déanfar an cinneadh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31.

2.   Leagfar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún na hathchóirithe a bheidh le cur chun feidhme ag an tairbhí lena mbaineann, na limistéir infheistíochta lena dtacófar agus na coinníollacha íocaíochta a eascraíonn as an gClár Oibre Athchóirithe, lena n-áirítear an t-amchlár táscach.

3.   Leagfar síos an méid seo a leanas freisin sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún:

(a)

méid táscach na gcistí foriomlána atá ar fáil don tairbhí, agus na tráthchodanna sceidealaithe atá le scaoileadh lena n-áirítear réamh-mhaoiniú, struchtúraithe i gcomhréir le hAirteagal 13, a luaithe a chomhlíonann an tairbhí go sásúil na coinníollacha íocaíochta ábhartha i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla arna sainaithint i ndáil le cur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóirithe;

(b)

an miondealú de réir tráthchoda den mhaoiniú idir tacaíocht iasachta agus tacaíocht neamh-inaisíoctha;

(c)

an teorainn ama faoinar gá na coinníollacha íocaíochta deiridh le haghaidh na n-athchóirithe a chur i gcrích;

(d)

na socruithe agus an tráthchlár chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an gClár Oibre Athchóirithe agus é a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí ghrinnscrúdú daonlathach dá dtagraítear in Airteagal 4(8) agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 25 a chomhlíonadh;

(e)

na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 13(2) chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3;

Airteagal 16

Leasuithe ar na Cláir Oibre Athchóirithe

1.   I gcás nach bhféadfaidh an tairbhí an Clár Oibre Athchóirithe, lena n-áirítear coinníollacha íocaíochta ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, mar gheall ar imthosca oibiachtúla, féadfaidh an tairbhí Clár Oibre Athchóiritheleasaithe a mholadh. Sa chás sin, féadfaidh an tairbhí iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún a chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a leasú.

2.   Féadfaidh an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme a leasú, go háirithe chun athrú ar na méideanna atá ar fáil a chur i gcuntas i gcomhréir leis na prionsabail faoi Airteagal 21.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar maith le leasú a dhéanamh ar a Chlár Oibre Athchóirithe de bharr na gcúiseanna arna gcur in iúl ag an tairbhí, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gClár Oibre leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 14 agus féadfaidh sé an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a leasú gan mhoill mhíchuí.

4.   I leasú, féadfaidh an Coimisiún glacadh le hamlínte le haghaidh coinníollacha íocaíochta a leanann go 2028. Ní dhéanfaidh sé sin difear don sprioc-am deiridh a leagtar síos in Airteagal 21(9).

Airteagal 17

Comhaontú iasachta, oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí

1.   Chun an tacaíocht faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 220a den Rialachán Airgeadais.

2.   De mhaolú ar Airteagal 220(4) den Rialachán Airgeadais, féadfar eisíocaíochtaí na hiasachta a chur chun feidhme trí WBIF thar ceann an tairbhí. Aistreofar méideanna arna n-aisghabháil chun an tairbhí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an tairbhí. Leagfar síos sa chomhaontú iasachta uasmhéid na hiasachta, an tréimhse infhaighteachta agus téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe na tacaíochta faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí. Mairfidh na hiasachtaí ar feadh 40 bliain ar a mhéad ó dháta shíniú an chomhaontaithe iasachta.

Sa bhreis ar Airteagal 220(5) den Rialachán Airgeadais agus de mhaolú air, beidh méid an réamh-mhaoinithe agus na rialacha maidir le himréiteach an réamh-mhaoinithe sa chomhaontú iasachta.

I leith méideanna iasachta a chuirtear chun feidhme trí WBIF, déanfar an méid seo a leanas sa chomhaontú iasachta freisin:

(a)

foráil a dhéanamh go n-údaróidh an tairbhí go neamh-inchúlghairthe agus gan choinníoll don Choimisiún eisíocaíochtaí a íoc leis an eintiteas a chuireann an ciste chun feidhme arna iarraidh sin don eintiteas sin agus go bhfuil a oibleagáidí íocaíochta leis an tairbhí comhlíonta ag an gCoimisiún tríd an íocaíocht a dhéanamh leis an eintiteas sin;

(b)

foráil a dhéanamh maidir leis an oibleagáid atá ar an tairbhí costais an chur chun feidhme agus aon táillí atá dlite i leith chur chun feidhme an chiste a sheasamh i gcomhréir leis na coinníollacha a comhaontaíodh idir an Coimisiún agus an t-eintiteas a chuireann an ciste chun feidhme.

4.   Déanfar an comhaontú iasachta a chur ar fáil, ach é a iarraidh, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 18

Soláthar

1.   De bhun Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar soláthar le haghaidh na n-iasachtaí faoin Rialachán seo ar ráta 9 % nuair a chuirfear aon chiste a chumhdaítear le hAirteagal 6(3) den Rialachán seo ar fáil. Is ón imchlúdach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) pointe (a), den Rialachán seo a dhéanfar an soláthar.

Déanfar gealltanais bhuiséadacha le haghaidh an tsoláthair faoin 31 Nollaig 2027. De mhaolú ar an abairt deiridh d’Airteagal 211(2) den Rialachán Airgeadais, déanfar an soláthar a íoc de réir a chéile agus a bhunú go hiomlán ar a dhéanaí nuair a eisíocfar na hiasachtaí ina n-iomláine.

2.   Íocfar an soláthar leis an gciste don soláthar coiteann trí líne bhuiséid shonrach agus úsáidfear é mar chuid d’fhorálacha lena dtacaítear le rioscaí comhchosúla. Déanfar athbhreithniú ar an ráta soláthair gach trí bliana ar a laghad ón 24 Bealtaine 2024.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun an ráta soláthair a leasú agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 211(2)den Rialachán Airgeadais á gcur i bhfeidhm.

Airteagal 19

Cur chun feidhme tionscadal agus clár infheistíochta faoi Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar

1.   Chun tairbhe a bhaint as giaráil thacaíocht airgeadais an Aontais chun infheistíocht bhreise a mhealladh, déanfar infheistíochtaí bonneagair a thacaíonn leis na Cláir Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme trí WBIF.

2.   Leagfar síos leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 15 méid na gcistí a chuirfear ar fáil lena n-úsáid faoi WBIF.

3.   Cuirfidh an Coimisiún tograí ábhartha maidir le tionscadail infheistíochta nó cláir infheistíochta isteach chun tuairim Bhord Oibríochtúil WBIF dá dtagraítear in Airteagal 35(8) de Rialachán (AE) 2021/947 a fháil tar éis ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear in Airteagal 21(3) den Rialachán seo.

4.   Ba cheart 37 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a chuirtear trí WBIF a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide.

5.   Déanfar maoiniú faoin tSaoráid a sholáthraítear ón imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2) pointe (a), tar éis méid an tsoláthair a bhaint, a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach agus píblíne infheistíochtaí á gcur i gcuntas agus soláthrófar é de réir a chéile trí ranníocaíochtaí arna n-íoc isteach sa chomhchiste arna bhunú faoi WBIF chun ranníocaíochtaí ó dheontóirí a fháil.

6.   Ní chuirfear an maoiniú sin ar fáil le haghaidh infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gcomhchiste go dtí go nglacfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 21(3).

7.   Cuirfear maoiniú faoin tSaoráid a sholáthraítear ó na hiasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(5) den Rialachán seo ar fáil trí WBIF faoin gcomhaontú iasachta idir an Coimisiún agus na tairbhithe i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán seo. I gcás gach comhaontaithe iasachta, déanfar ar a mhéid dhá iarraidh déag ar eisíocaíochtaí in aghaidh na bliana ó bhainisteoirí ciste an chomhchiste dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Rialachán seo leis an gCoimisiún. Féadfaidh tionscadail agus cláir infheistíochta tacaíocht a fháil ó dhá fhoinse mhaoiniúcháin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 6 den Rialachán seo, agus ó chláir agus ionstraimí eile an Aontais, ar choinníoll go soláthraítear breisíocht leis an tacaíocht sin ó fhoinsí, ó chláir agus ó ionstraimí éagsúla agus nach gcumhdaíonn sí an costas céanna. I gcás gach tionscadail infheistíochta nó cláir infheistíochta, soláthróidh an Coimisiún measúnú do Bhord Oibríochtúil WBIF, lena n-áirítear ar a shineirgí agus ar a chomhlántachtaí le cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe tacaíocht arna soláthar faoi Rialachán (AE) 2021/1529, d’fhonn dúbláil cúnaimh agus cistiú dúbailte a sheachaint.

Airteagal 20

Réamh-mhaoiniú

1.   Tar éis an Clár Oibre Athchóirithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin, féadfaidh an tairbhí a iarraidh go scaoilfí réamh-mhaoiniú suas le 7 % den mhéid iomlán dá bhforáiltear faoin tSaoráid seo i gcomhréir le hAirteagal 6(4).

2.   Féadfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú a iarradh a scaoileadh tar éis ghlacadh a chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15 agus tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saoráide agus an chomhaontaithe iasachta dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 17 faoi seach. Scaoilfear na cistí i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 21(3), agus faoi réir na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 a urramú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tréimhse ama le haghaidh eisíocaíocht an réamh-mhaoinithe, a fhéadfar a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

Airteagal 21

Measúnú ar chomhlíonadh coinníollacha íocaíochta, cistí a choinneáil siar, a laghdú agus a athdháileadh, rialacha maidir le híocaíochtaí

1.   Dhá uair sa bhliain, cuirfidh an tairbhí iarraidh chuí-réasúnaithe isteach ar scaoileadh cistí i leith coinníollacha comhlíonta íocaíochta a bhaineann leis na céimeanna cainníochtúla agus cáilíochtúla mar a leagtar amach sna Cláir Oibre Athchóirithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan moill mhíchuí ar cibé acu a chomhlíon an tairbhí na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 agus na prionsabail le haghaidh maoiniú a leagtar amach in Airteagal 12(3) agus a bhain sé amach comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha íocaíochta a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 15. Le comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha íocaíochta sin, glacfar leis nár aisiompaigh an tairbhí na bearta a bhaineann leis na hathchóirithe céanna a raibh comhlíonadh sásúil bainte amach ag an tairbhí ina leith i gcinntí roimhe sin. Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ó na Ballstáit.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha uile is infheidhme, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena n-údarófar scaoileadh na gcistí a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin. Socrófar leis an gcinneadh sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(5), méid na gcistí atá le cur ar fáil mar chúnamh airgeadais, agus a chuirfear go díreach chuig státchistí na dtairbhithe agus an méid atá le cur ar fáil trí WBIF. I leith na méideanna sin, is éard a bheidh sa chinneadh an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 12 chun go gcuirfear méid na gcistí atá ar fáil mar chúnamh airgeadais a chuirfear go díreach chuig an mbuiséad náisiúnta agus an réamhbhailíochtú dá dtagraítear in Airteagal 12 le haghaidh an mhéid atá le cur ar fáil trí WBIF.

4.   I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar chomhlíonadh aon choinníollacha de réir an tráthchláir tháscaigh, déanfar scaoileadh na gcistí a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin a choinneáil siar. Ní scaoilfear na méideanna a coinníodh siar ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí tugtha ag an tairbhí, mar chuid den iarraidh dá éis sin ar chistí a scaoileadh, go bhfuil na bearta is gá déanta aige chun comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha comhfhreagracha a áirithiú.

5.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach ndearna an tairbhí na bearta is gá laistigh de thréimhse 12 mhí ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 4, laghdóidh an Coimisiún méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus méid na hiasachta i gcomhréir leis an gcuid a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha íocaíochta ábhartha. Le linn na chéad bhliana den chur chun feidhme, beidh feidhm ag sprioc-am 24 mhí, arna ríomh ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 4. Féadfaidh an tairbhí a bharúlacha a thíolacadh laistigh de 2 mhí tar éis don Choimisiún a chonclúidí a chur in iúl dóibh.

6.   Aon mhéid a chomhfhreagraíonn do choinníollacha íocaíochta nach bhfuil comhlíonta faoin 31 Nollaig 2028, ní bheidh sé dlite do na tairbhithe agus déanfar é a shaoradh, nó a chealú ón méid tacaíochta iasachta atá ar fáil, de réir mar is iomchuí.

7.   Féadfaidh an Coimisiún laghdú a dhéanamh ar mhéid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha, lena n-áirítear trí fhritháireamh i gcomhréir le hAirteagal 102 den Rialachán Airgeadais, nó ar an iasacht, i gcás cásanna sainaitheanta, nó i gcás ina bhfuil údar imní thromchúiseach ann i ndáil le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an tairbhí, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as na Comhaontuithe Saoráide nó as na comhaontuithe iasachta, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag OLAF nó ar bhonn na dtuarascálacha ón gCúirt Iniúchóirí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir leis na laghduithe sin.

8.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh aon mhéid arna laghdú de bhun mhír 6 nó mhír 7 den Airteagal seo a athdháileadh i measc tairbhithe eile na Saoráide trí leasú a dhéanamh ar na cinntí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15.

9.   I gcás na coda sin de chistiú na Saoráide a íoctar mar chúnamh airgeadais, a chuirtear go díreach chuig státchistí na dtairbhithe, de mhaolú ar Airteagal 116(2) den Rialachán Airgeadais, cuirfear tús leis an sprioc-am íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 116(1), pointe (a), den Rialachán Airgeadais ón dáta a chuirfear in iúl an cinneadh lena n-údaraítear an eisíocaíocht don tairbhí de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

10.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 116(5) den Rialachán Airgeadais maidir le híocaíochtaí a dhéantar mar chúnamh airgeadais, arna gcur go díreach chuig státchistí na dtairbhithe de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 23 den Rialachán seo.

11.   Déanfar íocaíochtaí na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na n-iasachtaí faoin Airteagal seo i gcomhréir leis na leithreasaí buiséadacha, mar atá socraithe sa nós imeachta buiséadach bliantúil, agus faoi réir an chistithe atá ar fáil, faoi seach. Íocfar na cistí i dtráthchodanna. Féadfar tráthchuid a íoc i dtráinse amháin nó níos mó.

12.   Íocfar an méid a chuirfear ar fáil mar chúnamh airgeadais, a chuirfear go díreach chuig státchistí na dtairbhithe, tar éis an chinnidh dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir leis an gcomhaontú iasachta.

13.   Beidh íocaíocht aon mhéid den tacaíocht i bhfoirm iasachtaí, cibé acu go díreach chuig státchistí na dtairbhithe nó trí WBIF a chuirfear iad, faoi réir iarraidh ar íocaíocht a bheith curtha isteach ag an tairbhí san fhoirm a leagtar amach sa chomhaontú iasachta.

14.   Íocfar an méid a chuirfear ar fáil trí WBIF tar éis an chinnidh dá dtagraítear i mír 3, tar éis na hiarrata ar íocaíocht dá dtagraítear i mír 13 agus tar éis iarraidh ar íocaíocht a fháil ó bhainisteoirí ciste an chomhchiste arna bhunú faoi WBIF chun ranníocaíochtaí ó dheontóirí a fháil.

Airteagal 22

Trédhearcacht maidir le daoine agus maidir le heintitis a fhaigheann cistiú chun na Cláir Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme

1.   Foilseoidh tairbhithe sonraí cothrom le dáta ar fhaighteoirí deiridh a fhaigheann méideanna cistithe atá níos mó ná an choibhéis EUR 50 000 go carnach thar thréimhse 4 bliana chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme faoin tSaoráid seo.

2.   I gcás na bhfaighteoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas i bhformáid mheaisín-inléite ar leathanach gréasáin, in ord na gcistí iomlána a fuarthas, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais maidir le rúndacht agus slándáil, go háirithe cosaint sonraí pearsanta:

(a)

i gcás duine dlítheanach, ainm dlíthiúil iomlán agus uimhir aitheantais CBL nó uimhir aitheantais cánach an fhaighteora, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, nó aitheantóir uathúil eile arna bhunú leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine dlítheanach;

(b)

i gcás duine nádúrtha, céadainm agus sloinne nó céadainmneacha agus sloinnte an fhaighteora;

(c)

an méid a fuair an faighteoir, agus na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoi na Cláir Oibre Athchóirithe a gcuireann an méid seo lena gcur chun feidhme.

3.   Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus do shaoirsí na bhfaighteoirí deiridh lena mbaineann nó i gcás ina ndéanfaidh sí dochar tromchúiseach dá leasanna tráchtála. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún.

4.   Déanfaidh tairbhithe na sonraí ar na faighteoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún uair sa bhliain ar a laghad, i bhformáid mheaisín-inléite a shainmhíneofar sa Chomhaontú Saoráide, amhail dá dtagraítear in Airteagal 9(5)(k).

CAIBIDIL IV

LEASANNA AIRGEADAIS AN AONTAIS A CHOSAINT

Airteagal 23

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Agus an tSaoráid á cur chun feidhme acu, déanfaidh an Coimisiún agus na tairbhithe na bearta iomchuí uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus prionsabal na comhréireachta agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid, na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus na coinníollacha a leagtar amach sna Comhaontuithe Saoráide sonracha á gcur i gcuntas, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta a dhéanann difear do na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Geallfaidh gach tairbhí go ndéanfaidh sé dul chun cinn i dtreo córas bainistithe agus rialaithe atá éifeachtach agus éifeachtúil agus áiritheoidh sé gur féidir méideanna a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil.

2.   Déanfar foráil sa Chomhaontú Saoráide maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas atá ar an tairbhí:

(a)

a sheiceáil go rialta gur úsáideadh an maoiniú arna chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(b)

sceithirí a chosaint;

(c)

bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, cistiú dúbailte a bhrath agus a sheachaint agus caingean dlí a thionscnamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena n-áirítear i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail nó cláir infheistíochta faoi na Cláir Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme agus bearta iomchuí a dhéanamh chun déileáil le hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach dlí ó OIPE agus ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí faoin tSaoráid, i gcás inarb infheidhme agus gan mhoill;

(d)

a áirithiú, chun críocha mhír 1, go háirithe maidir le seiceálacha ar úsáid na gcistí i ndáil le cur chun feidhme athchóirithe sna Cláir Oibre Athchóirithe, go mbaileofar sonraí leordhóthanacha, agus go mbeidh rochtain orthu, i gcomhréir le prionsabail an Aontais i ndáil le cosaint sonraí agus leis na rialacha is infheidhme i ndáil le cosaint sonraí, maidir le daoine agus maidir le heintitis a fhaigheann cistiú, lena n-áirítear faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, chun bearta an Chláir Oibre Athchóirithe a chur chun feidhme faoi Chaibidil III;

(e)

údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, chun a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.

3.   Déanfar foráil sa Chomhaontú Saoráide freisin maidir le ceart an Choimisiúin an tacaíocht a sholáthraítear faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a aisghabháil nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an tairbhí, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as na comhaontuithe sin. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe, nó maidir leis an méid a bheidh le haisíoc go luath, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé i gcuntas a thromchúisí atá an neamhrialtacht, an chalaois, an t-éilliú nó na coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, nó a thromchúisí atá sárú ar oibleagáid. Tabharfar an deis don tairbhí a bharúlacha a thíolacadh sula ndéanfar an laghdú nó sula n-iarrfar aisíocaíocht luath.

4.   Déanfaidh na daoine agus na heintitis a chuireann cistí chun feidhme faoin tSaoráid, gan mhoill aon chás amhrasta calaoise, éillithe, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a thuairisciú don Choimisiún agus do OLAF.

Airteagal 24

Ról chórais inmheánacha na dtairbhithe agus na n-údarás iniúchóireachta náisiúnta

1.   I gcás na coda den chistiú ón tSaoráid a chuirtear ar fáil mar chúnamh airgeadais, braithfidh an Coimisiún ar na húdaráis iniúchóireachta atá bunaithe i ngach tairbhí chun caiteachas poiblí a rialú. I gcás inarb infheidhme, beidh ról ag Seirbhísí Comhordúcháin Frith-Chalaoise gach tairbhí arna mbunú faoi chuimsiú IPA III. De réir mar is iomchuí, beidh an Coimisiún ag brath freisin ar ghrinnscrúdú daonlathach breise dá dtagraítear in Airteagal 4(8).

Tabharfar tosaíocht sna Cláir Oibre Athchóirithe sna chéad bhlianta dá gcur chun feidhme d’athchóirithe a bhaineann le caibidil idirbheartaíochta 32, go háirithe maidir le bainistíocht airgeadais phoiblí agus rialú inmheánach, chomh maith leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise, mar aon le caibidlí 23 agus 24, go háirithe a mhéid a bhaineann le ceartas, éilliú agus coireacht eagraithe agus caibidil 8, go háirithe maidir le rialú Státchabhrach.

2.   Déanfaidh na tairbhithe aon neamhrialtacht a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún, lena n-áirítear calaois, arb iad ab ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach, agus an Coimisiún a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn i ndáil le haon imeacht riaracháin nó dlíthiúil a bhaineann leis na neamhrialtachtaí sin. Déanfar an tuairisciú sin go leictreonach, trí úsáid a bhaint as an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí, arna bhunú ag an gCoimisiún.

3.   Beidh idirphlé rialta ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 leis an gCúirt Iniúchóirí, le OLAF agus, i gcás inarb iomchuí, le OIPE.

4.   Féadfaidh an Coimisiún athbhreithnithe córas mionsonraithe a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad na dtairbhithe bunaithe ar mheasúnú riosca agus ar idirphlé le húdaráis iniúchóireachta, agus moltaí a eisiúint chun feabhsuithe a dhéanamh ar na córais.

5.   Féadfaidh an Coimisiún moltaí don tairbhí a ghlacadh maidir le gach cás nach ndearna na húdaráis inniúla, dar leis, na bearta ba ghá chun na nithe seo a leanas a chosc, a bhrath agus a cheartú: calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a rinne difear do bhainistiú fónta airgeadais an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid, nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfaí difear dó, agus i ngach cás ina sainaithníonn sé laigí i gceapadh agus i bhfeidhmiú an chórais rialaithe a chuir na húdaráis sin i bhfeidhm. Cuirfidh na tairbhithe lena mbaineann na moltaí sin chun feidhme, nó tabharfaidh sé bonn cirt maidir leis an bhfáth nach ndearna sé amhlaidh.

CAIBIDIL V

FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 25

Faireachán agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide agus déanfaidh sé gnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a mheasúnú. Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin tSaoráid. Beifear ag súil leis go rannchuideoidh na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 13(2) leis an bhfaireachán a dhéanfaidh an Coimisiún ar an tSaoráid.

2.   Leagfar amach sa Chomhaontú Saoráide dá dtagraítear in Airteagal 9 rialacha agus módúlachtaí do na tairbhithe chun tuairisciú don Choimisiún chun críche mhír 1 den Airteagal seo.

3.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil bhliantúil sin freisin ar shineirgí agus ar chomhlántachtaí na Saoráide le cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe tacaíocht dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2021/1529, d’fhonn dúbláil cúnaimh agus cistiú dúbailte a sheachaint. Déanfar an tuarascáil bhliantúil a chomhlánú dhá uair in aghaidh na bliana le cur i láthair ar staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na Saoráide.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin, a chur ar fáil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 31.

Airteagal 26

Scórchlár Saoráide

1.   Bunóidh an Coimisiún scórchlár Saoráide (an ‘Scórchlár’), ina dtaispeánfar dul chun cinn chur chun feidhme Chláir Oibre Athchóirithe na dtairbhithe.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghnéithe mionsonraithe an Scórchláir a shainmhíniú d’fhonn an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Saoráide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a léiriú.

3.   Beidh an Scórchlár ag feidhmiú faoin 1 Eanáir 2025 agus ba cheart don Choimisiún é a nuashonrú dhá uair sa bhliain. Cuirfear an Scórchlár ar fáil go poiblí ar líne.

Airteagal 27

Meastóireacht ar an tSaoráid

1.   Tar éis an 31 Nollaig 2027 agus faoin 31 Nollaig 2031 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht neamhspleách ex post ar an Rialachán. Déanfar measúnú sa mheastóireacht ex post sin ar rannchuidiú an Aontais le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo.

2.   Bainfear úsáid sa mheastóireacht ex post as prionsabail dea-chleachtais Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE, lena bhféachfar ar baineadh amach na cuspóirí agus le moltaí a cheapadh d’fhonn gníomhaíochtaí a fheabhsú sa todhchaí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún torthaí agus conclúidí na meastóireachta ex post, i dteannta a thuairimí agus a chuid beart leantach, a chur in iúl chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit. Féadfar an mheastóireacht ex post sin a phlé arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó do na Ballstáit. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir agus gníomhaíochtaí á n-ullmhú agus acmhainní á leithdháileadh. Cuirfear an mheastóireacht ex post sin agus na bearta leantacha ar fáil go poiblí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún na geallsealbhóirí ábhartha uile a chomhlachú a oiread is iomchuí, lena n-áirítear tairbhithe, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla, i bpróiseas meastóireachta an chistiúcháin ón Aontas a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile i ndlúthpháirt leis na tairbhithe.

Airteagal 28

Tuairisciú ó na tairbhithe i gcomhthéacs an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais

Tuairisceoidh an tairbhí uair sa bhliain i gcomhthéacs an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais ar an dul chun cinn atá déanta le linn an chuid sin dá Chlár Oibre Athchóirithe a bhaineann le hathchóiriú a bhaint amach.

Airteagal 29

Saoráid Athchóirithe agus Fáis d’Idirphlé na mBalcán Thiar

1.   Reáchtálfaidh an Coimisiún, dhá uair sa bhliain ar a laghad, idirphlé le coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa, de réir mar is ábhartha. Roimh gach idirphlé, déanfaidh an Coimisiún faisnéis i scríbhinn a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

staid an dul chun cinn le linn chur chun feidhme na Saoráide;

(b)

measúnú ar na Cláir Oibre Athchóirithe;

(c)

príomhthorthaí na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 25(3);

(d)

nósanna imeachta maidir le híocaíocht, coinneáil siar agus laghdú, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear aon bhreathnóireacht arna tíolacadh chun comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a áirithiú; agus

(e)

aon ghnéithe ábhartha eile i ndáil le cur chun feidhme na Saoráide.

2.   Féadfaidh an t-idirphlé dá dtagraítear i mír 1 a bheith i gcomhthráth leis an Idirphlé Ardleibhéil Geopholaitiúil maidir le IPA III chun go bhféadfar machnamh leordhóthanach a dhéanamh ar shineirgí agus ar chomhlántachtaí.

3.   Cuirfidh an Coimisiún aon ghnéithe i gcuntas a eascraíonn as na tuairimí a cuireadh in iúl tríd an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis d’Idirphlé na mBalcán Thiar, lena n-áirítear na rúin ó Pharlaimint na hEorpa, i gcás inarb ábhartha.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

Tarmligean a fheidhmiú

1.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 26 a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 26 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 26 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 18 agus 26 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 1 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 1 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 31

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1529, cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   Maidir le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 15(1) agus 16(2), i gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 32

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Rachaidh an Coimisiún i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht an chistithe ón Aontas don tacaíocht airgeadais atá beartaithe sna Cláir Oibre Athchóirithe a áirithiú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha leis na tairbhithe. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar tacaíocht faoin tSaoráid a chur in iúl agus a aithint trí ráiteas cistiúcháin. Déanfar gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid, i gcomhréir le ceanglais chumarsáide agus infheictheachta i ngníomhaíochtaí seachtracha arna maoiniú ag an Aontas agus i dtreoirlínte ábhartha eile.

2.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe an Aontais aitheantas go gníomhach d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe, lena n-áireofar, i gcás inarb infheidhme, feathal an Aontais a léiriú agus ráiteas cistithe iomchuí ar a mbeidh na focail ‘le cistiú ón Aontas Eorpach’, go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

3.   Cuirfear faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht ar fáil i bhformáid inrochtana.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Tuairim an 30 Eanáir 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024.

(*1)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(3)  Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.

(4)   IO L 23, 27.1.2010, lch. 35.

(5)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).

(7)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.

(8)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(11)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj).

(12)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj.)

(14)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/2988/oj).

(15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj.

(16)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj.


IARSCRÍBHINN

Modheolaíocht maidir le leithdháileadh acmhainní foriomlána in aghaidh an tairbhí

Ríomhfar leithdháileadh gach tairbhí i gcomhréir leis na céimeanna seo a leanas bunaithe ar shonraí na bliana tagartha:

Céim 1: eochair leithdháilte daonra a chinneadh bunaithe ar chóimheas dhaonra an tairbhí le suim iomlán na ndaonraí do réigiún na mBalcán Thiar;

Céim 2: eochair leithdháilte OTI a chinneadh bunaithe ar an gcóimheas idir an meán-OTI per capita le haghaidh réigiún na mBalcán Thiar le OTI per capita an tairbhí faoi seach agus arna roinnt ar shuim na sé chóimheas;

Céim 3: teaglaim d’ualuithe céatadáin gach tairbhí don daonra faoi Chéim 1 agus d’OTI per capita faoi Chéim 2 le fachtóir meáite 60 % de dhaonra agus 40 % OTI per capita.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)