European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1448

13.6.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 343/2023

an 8 Nollaig 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1448]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1297 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 maidir le leordhóthanacht údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1298 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 maidir le coibhéis na gcóras formhaoirseachta poiblí, dearbhaithe cáilíochta, imscrúdúcháin agus pionós le haghaidh iniúchóirí agus eintitis iniúchóireachta údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Cinneadh 2010/485/AE ón gCoimisiún (3) agus Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1155 (4) agus (AE) 2016/1156 ón gCoimisiún (5), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE, tá siad imithe i léig agus mar gheall air sin tá siad le haisghairm faoi Chomhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Scriostar téacs phointe 10fc (Cinneadh 2010/485/AE ón gCoimisiún).

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 10fe (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1156 ón gCoimisiún):

 

32022 D 1297: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1297 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 maidir le leordhóthanacht údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 196, 25.7.2022, lch. 134).’

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 10ff (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1155 ón gCoimisiún):

 

32022 D 1298: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1298 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 maidir le coibhéis na gcóras formhaoirseachta poiblí, dearbhaithe cáilíochta, imscrúdúcháin agus pionós le haghaidh iniúchóirí agus eintitis iniúchóireachta údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 196, 25.7.2022, lch. 138).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1297 agus (AE) 2022/1298 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal Schafhauser


(1)   IO L 196, 25.7.2022, lch. 134.

(2)   IO L 196, 25.7.2022, lch. 138.

(3)   IO L 240, 11.9.2010, lch. 6.

(4)   IO L 190, 15.7.2016, lch. 80.

(5)   IO L 190, 15.7.2016, lch. 83.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1448/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)