European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1438

24.5.2024

TREOIR (AE) 2024/1438 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

lena leasaítear Treoir 2001/110/CE ón gComhairle maidir le mil, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle maidir le súnna torthaí agus táirgí comhchosúla áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, Treoir 2001/113/CE ón gComhairle maidir le subha torthaí, glóthacha torthaí agus marmaláidí torthaí agus purée castán milsithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir le bainne leasaithe atá díhiodráitithe go páirteach nó go hiomlán atá beartaithe lena thomhailt ag an duine

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an ‘Comhaontú Glas don Eoraip’, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] inar fhógair sé bearta le haghaidh córas bia níos folláine agus níos inbhuanaithe san Aontas. Trí bhíthin na mbeart sin, féachann an Coimisiún, inter alia, le hathmhúnlú táirgí a chothú i gcás bianna a bhfuil go leor siúcra iontu agus leis an aistriú chuig aistí bia folláine agus inbhuanaithe a éascú. Thairis sin, chun tomhaltóirí a chumhachtú chun roghanna eolasacha, sláintiúla agus inbhuanaithe bia a dhéanamh, d’fhógair an Coimisiún go bhféadfaí na tásca éigeantacha tionscnaimh nó bunáitíochta a leathnú chuig táirgí áirithe, agus na tionchair ar an margadh inmheánach á gcur san áireamh go hiomlán aige.

(2)

Leagtar síos le Treoir 2001/110/CE ón gComhairle (3) sainmhínithe, ainmneacha, rialacha coiteanna maidir le comhdhéanamh, agus cáilíocht agus ceanglais lipéadaithe le haghaidh meala.

(3)

I bhfianaise an dlúthcheangail atá idir cáilíocht na meala agus a tionscnamh agus an ghá atá le cur amú tomhaltóirí a sheachaint maidir le cáilíocht an táirge, leagtar síos le Treoir 2001/110/CE rialacha maidir le lipéadú an tionscnaimh chun an áit inar buaineadh an mhil a léiriú. Go háirithe, ceanglaítear le hAirteagal 2, pointe 4 den Treoir sin go ndéanfar an tír nó na tíortha tionscnaimh inar buaineadh an mhil a léiriú ar an lipéad agus foráiltear leis, más de thionscnamh níos mó ná Ballstát amháin nó tríú tír amháin an mhil, go bhféadfar ceann amháin díobh seo a leanas a chur in ionad thásc éigeantach na dtíortha tionscnaimh, de réir mar is iomchuí: ‘cumasc de mhileanna ón Aontas’, ‘cumasc de mhileanna nach ón Aontas iad’, ‘cumasc de mhileanna ón Aontas agus mhileanna nach ón Aontas iad’. D’fhéadfadh sé go ndearna na rialacha éagsúla arna nglacadh ag na Ballstáit ar an mbonn sin tomhaltóirí a chur amú agus d’fhéadfadh sé gur chuir siad bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(4)

I bhfianaise na spéise ar leith a léiríonn tomhaltóirí i dtionscnamh geografach meala, agus i bhfianaise chuspóir na Straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh, lena n-áirítear maidir le tionscnamh a mbia, agus d’fhonn feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú ar fud an Aontais trí chomhchuibhiú na rialacha lipéadaithe, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le tionscnamh meala a lipéadú. Ba cheart a cheangal leis an Treoir seo, mar riail chaighdeánach, gur cheart an tír thionscnaimh nó na tíortha tionscnaimh a léiriú ar an lipéad in ord íslitheach mar aon le céatadán gach tionscnaimh, i gcás cumasc, agus lamháltas 5 % ann maidir le gach sciar aonair laistigh den chumasc, arna ríomh ar bhonn dhoiciméadacht inrianaitheachta an oibreora.

(5)

Mar sin féin, chun méid áirithe solúbthachta a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith ábalta foráil a dhéanamh, i gcás cumaisc mheala a bhfuil níos mó ná ceithre thír thionscnaimh éagsúla acu, nach mbeidh cead ach na ceithre sciar is mó a léiriú i dtéarmaí céatadáin, ar choinníoll gurb é atá iontu le chéile níos mó ná 50 % den iomlán. Ba cheart aon tír thionscnaimh eile a léiriú in ord íslitheach, mar a dhéantar i gcás ina gcuirtear an riail chaighdeánach i bhfeidhm. Ní chuirtear isteach le solúbthacht den sórt sin ar shaorghluaiseacht meala atá lipéadaithe i gcomhréir leis an riail chaighdeánach, ós rud é go ndéantar foráil leis an riail chaighdeánach maidir le faisnéis níos iomláine atá le tabhairt do thomhaltóirí. Is léir ón ngaol idir an riail chaighdeánach agus an tsolúbthacht sin, i gcás ina bhfuil níos mó ná ceithre thír thionscnaimh ann, i gcás ina bhfuil sciar an chúigiú tír thionscnaimh nó sciar na dtíortha tionscnaimh breise comhionann leis an gceathrú sciar, nach féidir ach na ceithre sciar is mó a léiriú agus, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an riail chaighdeánach.

(6)

I bhfianaise mhéid laghdaithe pacáistí nach bhfuil iontu ach riar amháin meala ina bhfuil 30 g nó níos lú agus i bhfianaise na ndeacrachtaí teicniúla a eascraíonn as sin, is iomchuí foráil a dhéanamh, i gcás cumaisc mheala, in ionad ainmneacha iomlána na dtíortha tionscnaimh a lua, go bhféadfar cód caighdeánaithe a aithnítear go hidirnáisiúnta a úsáid, eadhon caighdeán idirnáisiúnta ISO 3166 lena sainítear cóid litreacha a aithnítear go hidirnáisiúnta chun críocha tagairt a dhéanamh do thíortha. Go háirithe, is iomchuí úsáid a bhaint as alpha-2, an cód dhá litir a mholann an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú mar chód ilchuspóireach, chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí teicniúla a bhaineann le méid na bpacáistí.

(7)

Sa phlean rialaithe comhordaithe ón gCoimisiún maidir le barántúlacht meala (2015-2017) agus sa ghníomhaíocht chomhordaithe ón gCoimisiún dar teideal ‘From the Hives’ [Ó na Coirceoga] (2021-2022), leagtar béim ar an amhras atá ann go bhfuil céatadán ard den mhil a chuirtear ar mhargadh an Aontais truaillmheasctha. Ní mór a áirithiú go bhfuil fáil ar mhodhanna anailíse comhchuibhithe chun truaillmheascadh meala a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas a bhrath. Dá bhrí sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na modhanna aonfhoirmeacha sin a fhorbairt, sa bhreis ar na cumhachtaí cur chun feidhme atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2001/110/CE. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Is iomchuí spriocdháta sonrach a shocrú maidir le feidhmiú na gcumhachtaí sin.

(8)

D’fhéadfadh díghrádú comhábhar meala, go háirithe einsímí, a bheith mar thoradh ar chóireálacha áirithe teasa. Le pailin, ar comhábhar lárnach de mhil í lena soláthraítear nasc chuig a tionscnaimh luibheolaíocha, is féidir táscairí maidir le tionscnamh geografach na meala a thabhairt. Chun cleachtais tráchtála chothroma a áirithiú agus chun leasanna tomhaltóirí a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na critéir chun tionscnamh bláthach, plandúil nó geografach meala a chinneadh, agus chun a áirithiú go gcomhlíonann an mhil a chuirtear ar an margadh Treoir 2001/110/CE, go háirithe chun díghníomhachtú einsímí a sheachaint agus chun a áirithiú nach mbainfear pailin ar bhealach suntasach.

(9)

Chun leas na dtomhaltóirí a chosaint agus chun teorainn a chur, a mhéid is féidir, leis an gcalaois a bhaineann le táirgí truaillmheasctha nach bhfreagraíonn don ainmniúchán ‘mil’, chun gur féidir an fhaisnéis a sholáthraítear faoi thionscnamh agus cáilíocht na meala a bhailíochtú, agus chun an oiread trédhearcachta agus is féidir a sholáthar, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le ceanglais inrianaitheachta a thabhairt isteach lena n-áiritheofar infhaighteacht agus inrochtaineacht na faisnéise bunriachtanaí a bhaineann le tionscnamh na meala, lena n-áirítear an tír thionscnaimh i slabhra soláthair an Aontais, ón táirgeoir nó allmhaireoir buainte go dtí an tomhaltóir. Tá gá le ceanglais chomhchuibhithe inrianaitheachta le haghaidh mil a tháirgtear san Aontas agus a allmhairítear isteach san Aontas chun go mbeidh údaráis inniúla na mBallstát in ann an slabhra soláthair iomlán a rianú siar go dtí an chéad chéim laistigh de theorainneacha an Aontais ar a laghad. Níor cheart do na rialacha sin cur le hualach riaracháin na dtáirgeoirí, ach ba cheart é a bheith níos éasca do thomhaltóirí agus na húdaráis mhaoirseachta súil a choinneáil ar aistear iomlán na meala ón mbuaint go dtí an buidéalú san Aontas. Dá bhrí sin, trí na ceanglais nua maidir le hinrianaitheacht meala, ba cheart faisnéis chruinn faoi thionscnamh meala agus a barántúlacht i slabhra soláthair meala a áirithiú. D’fhonn córas inrianaitheachta a bheith ann, agus chun na ceanglais is iomchuí a fhoirmliú, lena n-áirítear inter alia a mhéid a bhaineann le hanailís ar na réitigh nó na modhanna digiteacha atá ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cód aitheantóra uathúil nó teicnící comhchosúla, ba cheart don Choimisiún staidéar féidearthachta a dhéanamh.

(10)

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(11)

Ba cheart ardán a bhunú chun tacú leis an gCoimisiún leis an saineolas teicniúil is fearr dá bhfuil ar fáil. Leis an ardán sin, ba cheart, inter alia, moltaí a thabhairt maidir le córas inrianaitheachta ar leibhéal an Aontais lena n-áirithítear infhaighteacht agus inrochtaineacht na faisnéise bunriachtanaí maidir le tionscnamh na meala, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an tír thionscnaimh, bliain an táirgthe agus aitheantóir uathúil táirgeora, i slabhra soláthair an Aontais, ón táirgeoir nó allmhaireoir buainte go dtí an tomhaltóir. Ba cheart dó a bheith mar thaca freisin le saotharlann tagartha um mil a bhunófar ar leibhéal an Aontais amach anseo chun rialuithe a fheabhsú agus truaillmheascadh i mil a bhrath trí mhodhanna comhchuibhithe agus chun tástáil chórasach a dhéanamh ar mhil trí na modhanna tástála is déanaí a úsáid chun barántúlacht na meala a chruthú.

(12)

Leagtar síos le Treoir 2001/112/CE ón gComhairle (6) na ceanglais bhunriachtanacha atá le comhlíonadh maidir le táirgeadh, comhdhéanamh agus lipéadú súnna torthaí agus táirgí áirithe comhchosúla atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine chun leasanna na dtomhaltóirí a chosaint agus chun saorghluaiseacht na dtáirgí sin a fheabhsú.

(13)

In 2012, leasaíodh Treoir 2001/112/CE le Treoir 2012/12/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) chun na rialacha nua maidir le comhábhair údaraithe a léiriú, na rialacha a bhaineann le siúcraí a chur le táirge, mar shampla, rud nach raibh údaraithe a thuilleadh i gcás súnna torthaí. I bhfianaise an athraithe sin ar na ceanglais chomhdhéanaimh maidir le súnna torthaí, bhí an tionscal sú torthaí in ann úsáid a bhaint, ar feadh bliain amháin, as ráiteas a thabharfadh le fios nach raibh siúcraí breise i súnna torthaí ar bith, chun tomhaltóirí a chur ar an eolas agus é a chur ar a gcumas idirdhealú soiléir a dhéanamh láithreach idir súnna torthaí agus táirgí áirithe eile dá samhail maidir le siúcraí a bheith curtha sna táirgí. Dhealraigh sé nár leor an tréimhse ghearr ama sin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas, tar éis na rialacha nua maidir le comhábhair údaraithe, nach bhfuil sé údaraithe a thuilleadh siúcraí a chur i súnna torthaí. I gcomhréir le Cuid II, pointe 2, an cúigiú fleasc, d’Iarscríbhinn I, a ghabhann le Treoir 2001/112/CE, féadfaidh an maíomh maidir le cothú ‘gan aon siúcra breise’ nó aon mhaíomh ar dócha go mbeidh an bhrí chéanna leis don tomhaltóir a chur le neachtair torthaí nach bhfuil siúcraí ná milseoirí breise curtha leo, agus an tásc ‘tá siúcraí a fhaightear go nádúrtha ann’ ag gabháil leis. Mar thoradh air sin, i gcás cuid de na tomhaltóirí agus cleachtóirí sláinte, níl sé soiléir fós nach féidir siúcraí breise a bheith i súnna torthaí, murab ionann agus neachtair torthaí. D’fhéadfadh sé gur chuir an méid sin tomhaltóirí amú ós rud é gur léirigh taighde, i gcás ina bhfuil rogha le déanamh idir roinnt táirgí a bhfuil comhdhéanamh cothaithe comhionann nó an-chosúil acu, gurbh fhearr le tomhaltóirí na táirgí a ngabhann maíomh maidir le cothú leo.

(14)

Dá bhrí sin, agus é curtha san áireamh go háirithe go bhfuil tomhaltóirí ag éirí níos feasaí de réir a chéile faoi ábhair imní sláinte a bhaineann le siúcraí a chaitheamh, is iomchuí na rialacha a athbhreithniú faoi ráitis maidir le siúcraí a úsáid le haghaidh súnna torthaí chun go bhféadfaidh tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, riail speisialta a chruthú maidir le húsáid dheonach ráitis lena léirítear nach bhfuil i súnna torthaí ach siúcraí a fhaightear go nádúrtha amháin. Beartaítear le ráiteas den sórt sin tagairt a dhéanamh do na saintréithe a eascraíonn as an sainmhíniú ar shúnna torthaí a leagtar amach i dTreoir 2001/112/CE, agus as na comhábhair údaraithe le haghaidh súnna torthaí a shainítear inti. Dá bhrí sin, le tabhairt isteach an ráitis sin, cuirtear faisnéis fhírinneach chruinn i láthair na dtomhaltóirí i gcomhréir leis na cuspóirí iad a chur ar an eolas faoi shaintréithe cothaithe na dtáirgí, agus é á dhéanamh níos éasca idirdhealú a dhéanamh idir súnna torthaí ar thaobh amháin agus neachtair torthaí ar an taobh eile, agus chun go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh.

(15)

De thoradh dul chun cinn teicniúil, tá teicnící nua próiseála forbartha nó á bhforbairt chun siúcraí a fhaightear go nádúrtha a bhaint go hiomlán nó go páirteach de shúnna torthaí agus de shúnna torthaí ó dhlúthán, chun aghaidh a thabhairt ar éileamh méadaithe tomhaltóirí ar tháirgí a bhfuil cion siúcra níos ísle acu. Is féidir na táirgí sin a mhargú san Aontas a mhéid a chomhlíonann siad gach reachtaíocht ábhartha. Faightear na táirgí sin trí chóireáil nach ceann de na cóireálacha údaraithe a liostaítear i gCuid II, pointe 3, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE í a chur i bhfeidhm, áfach, agus tá a gcion iomlán siúcra, níos ísle ná cion siúcra na súnna mar a eastósctar ó na torthaí iad. Mar thoradh air sin, ní féidir an t-ainm táirge ‘sú torthaí’, ‘sú torthaí comhdhlúite’ nó ‘sú torthaí ó dhlúthán’ a chur orthu.

(16)

Tá méadú ag teacht ar an bhfáil atá ar tháirgí den sórt sin ar mhargadh an Aontais. Chun gur fusa na táirgí sin a chur ar an margadh inmheánach agus chun gur féidir athmhúnlú agus nuálaíocht táirgí a bheith ann, agus gan dochar don dlí is infheidhme de chuid an Aontais, ba cheart catagóir nua táirgí a chruthú le haghaidh súnna torthaí a ndearnadh a gcuid siúcraí a fhaightear go nádúrtha a laghdú agus na saintréithe bunriachtanacha fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha eile a bhaineann le gnáthchineál sú an toraidh as a dtagann sé á gcoinneáil. Ba cheart na táirgí sin a bheith in ann ‘sú torthaí siúcra-laghdaithe’, ‘sú torthaí siúcra-laghdaithe ó dhlúthán’ nó ‘sú torthaí comhdhlúite siúcra-laghdaithe’ a chur mar ainm táirge ar na táirgí sin. Chun comhsheasmhacht a áirithiú le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart an cion siúcra a laghdú 30 % ar a laghad i gcomparáid leis an ngnáthchineál sú torthaí, sú torthaí ó dhlúthán agus sú torthaí chomhdhlúite as a dtagann sé, faoi seach. Is iomchuí, dá bhrí sin, na catagóirí nua táirgí sin a chur san áireamh i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE agus rialacha a leagan síos maidir le comhábhair údaraithe na dtáirgí sin agus maidir leis na próisis agus na substaintí údaraithe i gCuid II den Iarscríbhinn sin. Mar is amhlaidh i gcás cineálacha eile súnna torthaí, níor cheart úsáid milseoirí ná comhábhair a bhfuil airíonna milsithe acu a cheadú i gcás na gcatagóirí nua táirgí sin.

(17)

I gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE, ceadaítear siúcraí breise, mil, nó an dá rud a bheith i neachtair torthaí. Chun tacú le táirgeadh agus margú torthaí agus an gá le hathmhúnlú táirgí a spreagadh chun an méid siúcraí atá i neachtair torthaí a laghdú á chur san áireamh, ba cheart an cion siúcra nó meala a fhéadfar a chur le neachtair torthaí a bhfuil aigéadacht íseal iontu agus atá blasta go nádúrtha a ísliú.

(18)

Tar éis thrasuí na Treorach seo, is faoi tháirgeoirí na gcatagóirí nua de shúnna torthaí, eadhon sú torthaí siúcra-laghdaithe, sú torthaí comhdhlúite siúcra-laghdaithe agus sú torthaí siúcra-laghdaithe ó dhlúthán, a bheidh sé na próisis údaraithe a úsáid ionas go mbeidh an táirge deiridh ag teacht leis na saintréithe a cheanglaítear le Treoir 2001/112/CE. Chun cuspóirí Threoir 2001/112/CE, arna leasú leis an Treoir seo, a bhaint amach, áfach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le rialacha a leagan síos maidir le saintréithe fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha na dtáirgí siúcra-laghdaithe lena mbaineann chomh maith le húsáid na bpróiseas údaraithe chun an méid siúcraí a laghdú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(19)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le modhanna anailíse lena áirithiú go gcomhlíonfar saintréithe comhdhéanaimh cineálacha áirithe súnna torthaí a mhargaítear san Aontas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(20)

I bhfianaise chuspóir an Chomhaontaithe Ghlais agus na Straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, is é sin tacú le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh, agus i bhfianaise spéis mhór na dtomhaltóirí i lipéadú lena léirítear tionscnamh an bhia, ba cheart don Choimisiún, 36 mhí ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina soláthrófar measúnú maidir leis na féidearthachtaí éagsúla le haghaidh lipéadú lena léirítear an tír thionscnaimh nó na tíortha tionscnaimh inar buaineadh an toradh nó na torthaí a úsáidtear chun sú torthaí agus purée torthaí a mhonarú, lena ngabhann, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach.

(21)

Le Cuid II, pointe 3, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE, rialaítear na cóireálacha agus na substaintí údaraithe le haghaidh súnna torthaí agus táirgí comhchosúla áirithe. Tá méadú ag teacht ar a mhinice a úsáidtear próitéin ó shíolta lus na gréine lena tomhailt go díreach ag an duine agus tá sé léirithe gur uirlis éifeachtach é chun súnna torthaí a ghléghlanadh. Chun an dul chun cinn breise sin a chur san áireamh, ba cheart próitéiní ó shíolta lus na gréine a chur leis an liosta de chóireálacha agus de shubstaintí údaraithe.

(22)

Tá an sú an eastósctar ó chnónna cócó á mhargú agus á chaitheamh níos minice san Aontas. I gcomhréir le hAirteagal 3, pointe 2, de Threoir 2001/112/CE, ‘sú cnó cócó’ atá mar ainm dlíthiúil ar an táirge sin. Mar sin féin, léirítear leis an gcaighdeán idirnáisiúnta atá léirithe sa Codex Caighdeán Ginearálta le haghaidh súnna torthaí agus neachtar (CXS 247-2005) go bhfuil an t-ainm ‘uisce cnó cócó’ mar chomhchiallach ar ‘sú cnó cócó’ a eastósctar go díreach ón gcnó cócó gan feoil an chnó cócó a nochtadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, ‘uisce cnó cócó’ a chur isteach mar ainmniúchán ar leith in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin. Chun a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí uile an Aontais an t-ainmniúchán áirithe sin a thuiscint go héasca, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht ‘uisce cnó cócó’ a úsáid i dteangacha oifigiúla an Aontais. Ina theannta sin, toisc gur féidir sú cnó cócó ó dhlúthán a fháil trí shú cócó comhdhlúite a athdhéanamh le huisce inólta, is iomchuí íosleibhéal Brix don táirge sin a shainiú in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.

(23)

Le Treoir 2001/113/CE ón gComhairle (9) leagtar síos na ceanglais bhunriachtanacha maidir le táirgeadh, comhdhéanamh agus lipéadú subha torthaí, glóthacha torthaí agus marmaláidí torthaí agus purée castán milsithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine.

(24)

Foráiltear le hAirteagal 2, pointe 4, de Threoir 2001/113/CE go ndéanfar tásc éigeantach maidir le cion siúcra ar an lipéad, ach amháin má dhéantar maíomh maidir le cothú i leith siúcraí ar an lipéad. Chuaigh an ceanglas sin níos faide ná na rialacha a leagadh síos i dTreoir 90/496/CEE ón gComhairle (10) lenar foráladh gur chinneadh deonach é faisnéis chothúcháin a chuimsiú ar bhianna réamhphacáilte ach amháin má rinneadh maíomh maidir le cothú agus, i gcás ina ndearnadh an maíomh maidir le cothú i leith siúcraí, níor mhór an méid siúcraí a chuimsiú sa mhaíomh sin. Rinneadh Treoir 90/496/CEE a aisghairm agus cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina hionad (11). De bhun an Rialacháin sin is éigeantach anois faisnéis chothúcháin a sholáthar ar an bpacáistíocht. Dá bhrí sin, níl gá a thuilleadh le foráil shonrach maidir le lipéadú a bhaineann le siúcraí i dTreoir 2001/113/CE agus is iomchuí í a scriosadh.

(25)

I bhfianaise chuspóir an Chomhaontaithe Ghlais agus na Straitéise Ón bhFeirm go dtí an Forc, is é sin, tacú le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh, agus i bhfianaise spéis mhór na dtomhaltóirí i lipéadú lena léirítear tionscnamh an bhia, ba cheart don Choimisiún, 36 mhí ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina soláthrófar measúnú maidir leis na féidearthachtaí éagsúla a bhaineann le lipéadú lena léirítear an tír thionscnaimh nó na tíortha tionscnaimh inar buaineadh an toradh nó na torthaí a úsáidtear chun subha torthaí, glóthacha, marmaláidí citris agus purée castán milsithe a mhonarú, lena ngabhann, más iomchuí, togra reachtach.

(26)

Le Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE leagtar síos an íoschainníocht torthaí atá le húsáid agus subh, glóthach, subh bhreise nó glóthach bhreise á monarú. Forchoimeádtar úsáid na dtéarmaí ‘subh bhreise’ agus ‘glóthach bhreise’ le haghaidh táirgí a mhonaraítear le cainníocht níos airde torthaí i gcomparáid le ‘subh’ agus ‘glóthach’, faoi seach. Socraítear i gCuid II den Iarscríbhinn sin íoschion d’ábhar tirim intuaslagtha, eadhon siúcraí, cé acu a fhaightear go nádúrtha sna torthaí iad nó a bhfuil siúcraí breise i gceist, do na táirgí sin, agus, chun traidisiúin náisiúnta atá ann cheana a chur san áireamh i ndéanamh subha torthaí, glóthacha torthaí agus marmaláidí torthaí agus purée castán milsithe, ceadaítear do na Ballstáit íoschion níos ísle d’ábhar tirim intuaslagtha a údarú.

(27)

I gcás ina méadaítear an chainníocht torthaí a úsáidtear chun subha agus glóthacha a mhonarú, laghdaítear an méid siúcra bhreise a theastaíonn chun an íoschion d’ábhar tirim intuaslagtha a shroicheadh sna táirgí sin. Chun táirgeadh subh agus glóthach le cion torthaí méadaithe a spreagadh agus, ar an gcaoi sin, chun tacú le margadh na dtorthaí agus ag cur san áireamh an gá atá ann an méid siúcraí saora a laghdú, ba cheart an íoschainníocht torthaí atá le húsáid i monarú subh agus glóthach a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE a mhéadú. Ar an gcaoi chéanna, d’fhonn cuidiú le tomhaltóirí roghanna bia sláintiúla níos eolasaí a dhéanamh, is iomchuí úsáid na n-ainmneacha forchoimeádta a shainítear i gCuid I den Iarscríbhinn sin a údarú do tháirgí a bhfuil cion d’ábhar tirim intuaslagtha níos lú ná 60 % acu ach a chomhlíonann na coinníollacha is infheidhme maidir leis an maíomh maidir le cothú ‘siúcraí laghdaithe’ a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

(28)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE cuirtear srian leis an téarma ‘marmaláid’ go meascán áirithe de thorthaí citris. Mar sin féin, cé gur úsáideadh na hainmneacha dlíthiúla a leagtar síos san Iarscríbhinn sin i dtrádáil chun na táirgí dá dtagraítear inti a ainmniú, i roinnt teangacha oifigiúla an Aontais, is minic a úsáideann na tomhaltóirí na téarmaí ‘marmaláid’ agus ‘subh’ go hidirmhalartach chun tagairt a dhéanamh do shubha atá déanta as torthaí nach torthaí citris iad. Chun úsáid choiteann sin na dtomhaltóirí a chur san áireamh, i gcás inarb ann d’úsáid den sórt sin, agus ag cur san áireamh gurb é ‘subh’ an t-ainm comhchuibhithe i gcónaí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a údarú, ar a gcríoch féin, úsáid an téarma ‘marmaláid’ le haghaidh ainm an táirge ‘subh’ i gcás subha atá déanta as torthaí nach torthaí citris iad. Mar thoradh air sin, chun mearbhall a sheachaint do thomhaltóirí, ba cheart an téarma ‘marmaláid citris’, i gcás ina bhféadfaí an téarma ‘citreas’ a mhalartú ar ainm an toraidh nó na dtorthaí citris a úsáidtear, a úsáid ar fud an Aontais le haghaidh an táirge a bhí sainithe mar ‘marmaláid’ suas go dtí seo chun idirdhealú a dhéanamh idir an dá chatagóir táirgí. Is iomchuí, dá bhrí sin, Treoir 2001/113/CE a athbhreithniú dá réir a mhéid a bhaineann leis na hainmneacha táirge ‘marmaláid’ agus ‘marmaláid citris’.

(29)

Mar sin féin, i mBallstát nach mbaineann leas as an rogha tagairt do ‘subh’ mar ‘marmaláid’ toisc nach n-úsáideann tomhaltóirí na téarmaí sin go hidirmhalartach sa Bhallstát sin, ba cheart é a bheith indéanta leanúint ar aghaidh, i gcás marmaláid citris a mhonaraítear as trí thoradh nó níos mó, a údarú ar chríoch an Bhallstáit sin an tásc ‘marmaláid torthaí measctha’ nó ‘marmaláid [x] toradh’ a úsáid, i gcás inarb é x líon na dtorthaí a úsáidtear.

(30)

Liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/113/CE na comhábhair bhreise a fhéadfar a úsáid i monaraíocht táirgí a chumhdaítear leis an Treoir sin. Féadfar sú torthaí citris a úsáid mar oibreán aigéadaithe i subh, subh bhreise, glóthach agus glóthach bhreise a fhaightear ó chineálacha eile torthaí. I gcomparáid le sú nach dtagann ó dhlúthán, nuair a bhíonn sú torthaí san fhoirm chomhdhlúite ní bhíonn sé chomh mór ná chomh trom le hiompar, bíonn sé níos seasmhaí, is féidir é a chaomhnú ar feadh níos mó ama agus ní theastaíonn an oiread fuinnimh chun an cion uisce a ghalú agus an táirge deireanach suibhe nó glóthaí á mhonarú. Dá bhrí sin bíonn sé níos inmharthana é a úsáid i subh, subh bhreise, glóthach agus glóthach bhreise i gcomparáid le sú úr torthaí. Is iomchuí, dá bhrí sin, a shonrú san Iarscríbhinn sin, i gcás ina gceadaítear súnna sonracha lena n-úsáid sna catagóirí éagsúla subh, subh breise, glóthaí, glóthach, agus glóthach breise gur féidir iad a úsáid i bhfoirm chomhdhlúite.

(31)

Tá úsáid breiseán bia á rialáil faoi láthair le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ina bhfuil forálacha sonracha maidir le subh agus subh bhreise. Is iomchuí, dá bhrí sin, an ceathrú fleasc i gCuid B, pointe 1, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2001/113/CE a scriosadh agus Iarscríbhinn II a ghabhann léi a leasú dá réir.

(32)

Leagtar síos le Treoir 2001/114/CE ón gComhairle (13) sainmhínithe agus rialacha coiteanna lena rialaítear comhdhéanamh, sonraíochtaí monaraíochta agus lipéadú bainne leasaithe áirithe.

(33)

I bpointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/114/CE liostaítear na cóireálacha atá údaraithe chun bainne leasaithe a dhíhiodráitiú go páirteach nó go hiomlán. Chun freagairt do riachtanais athraitheacha na dtomhaltóirí, ba cheart cóireáil a údarú chun leibhéal an lachtóis i dtáirgí bainne a ísliú. Ina theannta sin, ba cheart an t-ainmniúchán áirithe le haghaidh an téarma Béarla evaporated milk [bainne galaithe] in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin a bheith comhsheasmhach leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá sainithe sa Chaighdeán Codex le haghaidh bainní galaithe (CXS281-1971).

(34)

Tá tagairtí do ghníomhartha aisghairthe i dTreoracha 2001/110/CE, 2001/112/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE. Rinneadh Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a aisghairm agus cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ina hionad. Rinneadh Treoir 89/107/CEE ón gComhairle (15) agus Treoir 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a aisghairm agus cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ina n-ionad. Rinneadh Treoir 98/83/CE ón gComhairle (17) a aisghairm agus cuireadh Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) ina hionad. Ba cheart, dá bhrí sin, tagairtí d’fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 agus Threoir (AE) 2020/2184 a chur in ionad na dtagairtí sin.

(35)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2001/110/CE, 2001/112/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE a leasú dá réir sin.

(36)

Chun gur féidir leis na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a ghlacadh is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart tréimhse trasuite 18 mí a bhunú. Chun neart ama a thabhairt d’oibreoirí le dul in oiriúint do na ceanglais nua, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha náisiúnta sin lena dtrasuitear an Treoir seo ach amháin tar éis 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

(37)

Chun leasanna oibreoirí eacnamaíocha a chur san áireamh a chuireann a gcuid táirgí ar an margadh nó a dhéanann iad a lipéadú i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme roimh chur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, is gá bearta idirthréimhseacha iomchuí a leagan síos. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú leis an Treoir seo na táirgí sin a chur ar an margadh ar feadh tréimhse theoranta tar éis thréimhse an trasuite.

(38)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon rialacha an Aontais maidir le comhdhéanamh agus lipéadú meala, súnna torthaí, subha torthaí, glóthacha torthaí, marmaláidí torthaí agus bainne leasaithe áirithe atá díhiodráitithe go páirteach nó go hiomlán a leasú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na Treorach seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2001/110/CE

Leasaítear Treoir 2001/110/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) maidir leis na táirgí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

ní bheidh feidhm ag na hainmneacha táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointí 2 agus 3, ach amháin maidir leis na táirgí a shainítear iontu agus úsáidfear iad sa trádáil chun iad a ainmniú. Féadfar ainm an táirge shimplí “mil” a chur in ionad na n-ainmneacha sin, ach amháin i gcás mil chíre, mil smutáin nó mil círe gearrtha agus mil báicéara.

Mar sin féin,

(a)

i gcás mil báicéara, beidh na focail “beartaithe le haghaidh cócaireacht amháin” ar an lipéad an-ghar d’ainm an táirge;

(b)

seachas i gcás mil báicéara, féadfar na hainmneacha sin a fhorlíonadh le faisnéis faoi na nithe seo a leanas maidir leis an mil:

an tionscnamh bláthach nó plandúil atá sí, má thagann an táirge go hiomlán nó go príomha ón bhfoinse a léirítear agus má léiríonn sé saintréithe orgánaileipteacha, fisiciceimiceacha agus micreascópacha an tionscnaimh shonraithe,

tionscnamh réigiúnach, críochach nó topagrafach, má thagann an táirge go hiomlán ón bhfoinse léirithe,

sainchritéir cháilíochta;’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

‘(4)

(a)

déanfar an tír thionscnaimh inar buaineadh an mhil a léiriú ar an lipéad. I gcás gur de thionscnamh níos mó ná tír amháin an mhil, déanfar na tíortha tionscnaimh inar buaineadh an mhil a léiriú ar lipéad ar aghaidh an phacáiste, in ord íslitheach de réir a sciar ó thaobh meáchain de, i dteannta an chéatadáin lena léirítear gach ceann de na tíortha tionscnaimh sin. Ceadófar lamháltas 5 % do gach sciar aonair laistigh den chumasc, arna ríomh ar bhonn dhoiciméadacht inrianaitheachta an oibreora.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit, foráil a dhéanamh, maidir le mil a chuirtear ar an margadh ina gcríoch féin, i gcás ina bhfuil níos mó ná ceithre thír thionscnaimh meala i gcumaisc mheala, agus gurb é atá thionscnaimh sna ceithre sciar is mó níos mó ná 50 % den chumasc, nach bhfuil sé ceadaithe ach na ceithre sciar is mó sin a léiriú leis an gcéatadán, agus go bhfuil an chuid eile de na tíortha tionscnaimh le léiriú in ord íslitheach gan chéatadán.

I gcás pacáistí ina bhfuil glanchainníochtaí meala níos lú ná 30 gram, féadfar cód dhá litir a chur in ionad ainmneacha na dtíortha tionscnaimh, i gcomhréir leis an leagan is déanaí de chód dhá litir chaighdeán idirnáisiúnta ISO 3166-1 (alfa-2) atá i bhfeidhm;

(b)

measfar gur mionsonraí sainordaitheacha iad na mionsonraí atá le cur in iúl de bhun fhophointe (a) den phointe seo i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;’

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 3 agus 4:

‘Airteagal 3

I gcás meala báicéara, léireofar go soiléir ainm iomlán an táirge ar bhulc-choimeádáin, doiciméid phacáistithe agus díolacháin mar a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 4

Féadfaidh an Coimisiún, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus dul chun cinn teicniúil á gcur san áireamh aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na modhanna anailíse chun a fhíorú an gcomhlíonann mil an Treoir seo.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na modhanna anailíse chun mil thruaillmheasctha a bhrath faoin 14 Meitheamh 2028, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus dul chun cinn teicniúil á gcur san áireamh aige.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

Go dtí go nglacfar na gníomhartha ábhartha cur chun feidhme, bainfidh Ballstáit úsáid, nuair is féidir, as modhanna bailíochtaithe anailíse a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu, amhail iad sin arna bhformheas leis an Codex Alimentarius, chun a fhíorú go gcomhlíontar an Treoir seo.’

;

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4a

1.   Chun cleachtais tráchtála chothroma a áirithiú agus chun leasanna tomhaltóirí a chosaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a leagan síos:

(a)

an critéar “go príomha” a mhéid a bhaineann le tionscnamh bláthach nó plandúil meala dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe 2, an dara fomhír, pointe (b), an chéad fhleasc;

(b)

critéir chomhdhéanaimh chun a áirithiú nár téadh aon mhil, cé is moite de “mil báicéara” mar a shainítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I, a chuirtear ar an margadh mar mhil nó a úsáidtear i dtáirge atá beartaithe lena tomhailt ag an duine, ná nár cóireáladh í ar bhealach a fhágann go ndearnadh na heinsímí nádúrtha a scriosadh nó a dhíghníomhachtú go suntasach, agus an t-innéacs inbhéartáise á chur san áireamh;

(c)

na critéir chun a áirithiú agus a fhíorú nach mbaintear an phailin den mhil agus nach modhnaítear cion iomlán na pailine agus speictream pailine na meala, cé is moite de mhil báicéara mar a shainítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I, nuair a chuirtear ar an margadh mar mhil í nó nuair a úsáidtear i dtáirge í atá beartaithe lena tomhailt ag an duine, agus an cion pailine, íosmhéid na pailine agus mogallmhéid na scagairí á gcur san áireamh;

(d)

íoschion na pailine i mil báicéara tar éis ábhar orgánach nó neamhorgánach eachtrach a bhaint;

(e)

na modhanna agus na critéir chun an áit inar buaineadh an mhil a chinneadh agus ceanglais inrianaitheachta ar fud an Aontais maidir le mil ón táirgeoir nó ón allmhaireoir buainte chuig an tomhaltóir.

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointí (b) go (e) den chéad fhomhír faoin 14 Meitheamh 2029.

Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh an Coimisiún staidéir féidearthachta. Sa staidéar féidearthachta a dhéanfaidh sé a bhaineann le pointe (e) den chéad fhomhír, áireoidh an Coimisiún anailís ar na réitigh dhigiteacha nó ar na modhanna digiteacha atá ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cód aitheantais uathúil nó teicnící comhchosúla.

Déanfaidh an Coimisiún foráil, sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, maidir le socruithe idirthréimhseacha iomchuí le haghaidh táirgí a chuirtear ar an margadh roimh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe sin.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun Iarscríbhinn II a leasú trí na critéir chomhdhéanaimh a liostaítear san Iarscríbhinn sin a chur in oiriúint do na critéir a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo.

Airteagal 4b

1.   Bunaítear ardán a bhfuil na nithe seo a leanas ann:

(a)

ionadaithe na mBallstát, na n-údarás inniúil agus na saotharlann ainmnithe;

(b)

saineolaithe ar ionadaithe iad do pháirtithe leasmhara ábhartha sa slabhra soláthair meala;

(c)

saineolaithe ar ionadaithe iad don tsochaí shibhialta;

(d)

saineolaithe arna gceapadh i gcáil phearsanta a bhfuil eolas agus taithí chruthaithe acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(e)

saineolaithe a dhéanann ionadaíocht don saol acadúil, lena n-áirítear ollscoileanna, institiúidí taighde agus eagraíochtaí eolaíocha eile.

2.   Déanfaidh an t-ardán an méid seo a leanas:

(a)

sonraí a bhailiú le haghaidh modhanna chun rialuithe barántúlachta meala a fheabhsú, go háirithe modhanna chun truaillmheascadh i mil a bhrath, d’fhonn iad a chomhchuibhiú, b’fhéidir;

(b)

moltaí a sholáthar maidir le córas inrianaitheachta de chuid an Aontais, d’fhonn an mhil a rianú siar chuig an táirgeoir nó an t-allmhaireoir buainte;

(c)

moltaí a sholáthar maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann na critéir chomhdhéanaimh agus na paraiméadair cháilíochta eile a leagtar síos sa Treoir seo a thabhairt cothrom le dáta;

(d)

moltaí a sholáthar d’fhonn saotharlann tagartha de chuid an Aontais a bhunú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an ardán. Glacfaidh an Coimisiún rialacha maidir le comhdhéanamh agus modhanna oibre an ardáin. Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu ar bhonn ad hoc.’

;

(4)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i bpointe 2(b), scriostar fophointe (viii);

(b)

i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

‘—

a bheith róthéite, nó

a bheith faighte trí ábhar orgánach nó neamhorgánach coimhthíoch a bhaint ar bhealach ina ndéantar an phailin a bhaint uaithi go suntasach.’.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2001/112/CE

Leasaítear Treoir 2001/112/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) maidir leis na táirgí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).’;"

(b)

i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (b):

‘(b)

Mar mhalairt ar na hainmneacha táirgí dá dtagraítear i bhfophointe (a), soláthraítear in Iarscríbhinn III liosta ainmniúchán áirithe. I gcás ina n-úsáideann oibreoir na hainmniúcháin a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn III, úsáidfear iad sa teanga agus faoi na coinníollacha a leagtar síos inti. Maidir leis na hainmniúcháin a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn III, féadfaidh na Ballstáit ina gcuirtear an táirge ar an margadh a ordú go n-úsáidfear na hainmniúcháin sin i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais.’

;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘4.

Féadfaidh an ráiteas “níl ach siúcraí a fhaightear go nádúrtha i súnna torthaí” a bheith ann ar an lipéad ar aghaidh an phacáiste, san áit chéanna a bhfuil ainm na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 1 de Chuid I d’Iarscríbhinn I.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

‘6.

Gan dochar d’Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le meascáin de shú torthaí ó dhlúthán, nó de shú torthaí siúcra-laghdaithe ó dhlúthán le sú torthaí nó le sú torthaí siúcra-laghdaithe, mar aon le neachtar torthaí a fhaightear go hiomlán nó go páirteach ó tháirge comhdhlúite amháin nó níos mó, beidh na focail “as dlúthán nó dlútháin” nó “go páirteach as dlúthán nó dlútháin” ar an lipéadú, de réir mar is iomchuí. Déanfar an fhaisnéis sin a iontráil gar d’ainm an táirge, a sheasfaidh amach go maith ó chúlra ar bith, i gcarachtair atá infheicthe go soiléir.’

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Is iad na cóireálacha agus na substaintí a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn I agus na hamhábhair a chomhlíonann Iarscríbhinn II amháin is féidir a úsáid chun na táirgí a shainítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a mhonarú. Thairis sin, comhlíonfaidh neachtair torthaí Iarscríbhinn IV.’

;

(3)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

uimhrítear an t-aon mhír mar mhír 1;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7a lena bhforlíontar an Treoir seo trí rialacha a leagan síos maidir le saintréithe fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha na dtáirgí a liostaítear i bpointí 6(a), 6(b) agus (7) de Chuid I d’Iarscríbhinn I agus maidir le húsáid na bpróiseas údaraithe chun siúcraí a laghdú dá dtagraítear i bpointe 3 de Chuid II den Iarscríbhinn sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na modhanna anailíse, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus dul chun cinn teicniúil á gcur san áireamh, chun a fhíorú an gcomhlíonann na táirgí a liostaítear i bpointí 1(a), 1(b), 2, 6(a), 6(b) agus 7 de Chuid I d’Iarscríbhinn I an Treoir seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7b(2).

Go dtí go nglacfar na gníomhartha ábhartha cur chun feidhme, bainfidh na Ballstáit úsáid, nuair is féidir, as modhanna bailíochtaithe anailíse a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu, mar shampla iad sin atá formheasta ag an Codex Alimentarius, chun a fhíorú go gcomhlíontar an Treoir seo.’

;

(4)

leasaítear Airteagal 7a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 28 Deireadh Fómhair 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 13 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’

;

(b)

i mír 3, cuirtear ‘Airteagal 7(1) agus (2)’ in ionad ‘Airteagal 7’;

(c)

i mír 5, cuirtear ‘Airteagal 7(1) nó (2)’ in ionad ‘Airteagal 7’;

(5)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 7b

1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, maidir le hAirteagal 7(3) den Threoir seo. Is coiste é an Coiste sin atá de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) .

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtabharfaidh an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 7c

Tráth nach déanaí ná an 14 Meitheamh 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh measúnú ar a indéanta atá sé na féidearthachtaí éagsúla maidir le lipéadú lena léirítear an tír thionscnaimh nó na tíortha tionscnaimh ina mbuaintear an toradh nó na torthaí a úsáidtear chun sú torthaí nó purée torthaí a mhonarú. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí,.’

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’;"

;

(6)

leasaítear Iarscríbhinní I agus III i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;

(7)

in Iarscríbhinn IV, Roinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú sraith is fiche a bhaineann le ‘Cainchí’: ‘Cainchí (Cydonia oblonga L.) 50’;

(8)

in Iarscríbhinn V, cuirtear isteach an tsraith seo a leanas idir na sraitheanna a bhaineann le ‘Cuirín Dubh’ agus ‘Fíonchaor’:

‘Cnó cócó (*)

Cocos nucifera L.

4,5 ’.

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 2001/113/CE

Leasaítear Treoir 2001/113/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) maidir leis na táirgí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).’;"

(b)

i bpointe 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, na Ballstáit nach n-údaraíonn úsáid na dtéarmaí “marmaláid” agus “marmaláid bhreise” le haghaidh ainm an táirge “subh” agus “subh bhreise”, dá bhforáiltear sa chéad agus sa dara fleasc de Chuid I d’Iarscríbhinn I, féadfaidh siad a údarú, ar a gcríoch féin, an tásc “marmaláid torthaí measctha” nó “marmaláid [x] toradh” a úsáid, i gcás inarb é x líon na dtorthaí a úsáidtear, i gcás marmaláid citris a mhonaraítear as trí thoradh nó níos mó.’

;

(c)

scriostar pointe 4;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe 5:

‘5.

Beidh na mionsonraí dá dtagraítear i bpointe 3 le feiceáil sa réimse radhairc céanna le hainm an táirge agus i gcarachtair atá infheicthe go soiléir.’

;

(e)

scriostar pointe 6;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Ní fhéadfar ach na comhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn II agus na hamhábhair a chomhlíonann Iarscríbhinn III a úsáid i monarú na dtáirgí a shainítear in Iarscríbhinn I.’

;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

Tráth nach déanaí ná an 14 Meitheamh 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh measúnú ar a indéanta atá sé na féidearthachtaí éagsúla maidir le lipéadú lena léirítear an tír thionscnaimh nó na tíortha tionscnaimh inar buaineadh an toradh nó na torthaí a úsáidtear chun subha torthaí, glóthacha, marmaláidí citris agus purée castán milsithe a mhonarú. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.’

;

(4)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo;

(5)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad an dara go dtí an séú fleasc:

‘—

sú torthaí, bíodh sé comhdhlúite nó ná bíodh: ach amháin i subh,

sú torthaí citris, bíodh sé comhdhlúite nó ná bíodh: i dtáirgí a fhaightear ó chineálacha eile torthaí: ach amháin i subh, subh bhreise, glóthach agus glóthach bhreise,

sú torthaí dearga, bíodh sé comhdhlúite nó ná bíodh: ach amháin i subh agus subh bhreise arna monarú as mogóirí róis, sútha talún, sútha craobh, spíonáin, cuiríní dearga, plumaí agus rúbarb,

sú biatais dheirg, bíodh sé comhdhlúite nó ná bíodh: ach amháin i subh agus glóthach arna monarú as sútha talún, sútha craobh, spíonáin, cuiríní dearga agus plumaí,

blátholaí as torthaí citris: ach amháin i marmaláid citris agus marmaláid glóthach,’

;

(b)

cuirtear an fleasc seo a leanas leis:

‘—

breiseáin bhia a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) .

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).’;"

(6)

in Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe 1, scriostar an ceathrú fleasc.

Airteagal 4

Leasuithe ar Threoir 2001/114/CE

Leasaítear Treoir 2001/114/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) maidir leis na táirgí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).’;"

(2)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i bpointe 3, cuirtear isteach an fophointe seo a leanas:

‘(d)

An cion lachtóis a laghdú trína thiontú go glúcós agus galachtós. Ní cheadófar modhnuithe ar chomhdhéanamh bainne de thoradh na cóireála seo ach amháin má léirítear go doscriosta ar phacáistíocht an táirge iad ionas gur féidir iad a fheiceáil agus a léamh go héasca. Ní dochar tásc den sórt sin don oibleagáid a mhéid a bhaineann le lipéadú cothúcháin a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Féadfaidh na Ballstáit modhnuithe ar chomhdhéanamh bainne dá dtagraítear san fhophointe seo a theorannú nó a thoirmeasc.’

;

(b)

i bpointe 4, cuirtear isteach na fophointí seo a leanas:

‘(c)

Einsímí bia a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) .

(d)

Breiseáin bhia a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) .

(*7)  Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7)."

(*8)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).’;"

(3)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Ciallaíonn an téarma Béarla “evaporated milk” [bainne galaithe] an táirge a shainítear in Iarscríbhinn I (1)(b).’.

Airteagal 5

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 14 Nollaig 2025. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 14 Meitheamh 2026.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 6

Bearta idirthréimhseacha

Táirgí a chuirtear ar an margadh nó a lipéadaítear roimh an 14 Meitheamh 2026 i gcomhréir le Treoracha 2001/110/CE, 2001/112/CE, 2001/113/CE agus 2001/114/CE, féadfar leanúint lena margú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C, C/2023/881, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/881/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Aibreán 2024.

(3)  Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(6)  Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus táirgí áirithe comhchosúla a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 58).

(7)  Treoir 2012/12/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 lena leasaítear Treoir 2001/112/CE ón gComhairle maidir le súnna torthaí agus táirgí áirithe comhchosúla a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 115, 27.4.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 i dtaca le maímh chothúcháin agus le maímh shláinte a dhéantar ar bhianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).

(9)  Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le subha torthaí, glóthacha torthaí agus marmaláidí torthaí agus purée castán milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 67).

(10)  Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le cothú a lipéadú le haghaidh táirgí bia (IO L 276, 6.10.1990, lch. 40).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16)

(13)  Treoir 2001/114/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le bainne leasaithe áirithe atá díhiodráitithe go páirteach nó go hiomlán a ceapadh lena chaitheamh ag an duine (IO L 15, 17.1.2002, lch. 19).

(14)  Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia (IO L 109, 6.5.2000, lch. 29).

(15)  Treoir 89/107/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le breiseáin bhia arna n-údarú in earraí bia a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 40, 11.2.1989, lch. 27).

(16)  Treoir 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 1995 maidir le breiseáin bhia seachas dathanna agus milseoirí (IO L 61, 18.3.1995, lch. 1).

(17)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

(18)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Treoir 2001/112/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i gCuid I, pointe 1(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘An táirge a fhaightear trí shú torthaí comhdhlúite mar a shainítear i bpointe 2 a athdhéanamh le huisce inólta a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i dTreoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) .

(*1)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).’;"

(b)

i gCuid I, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

‘6.

(a)

Sú torthaí siúcra-laghdaithe

An táirge a fhaightear ó shú torthaí mar a shainítear i bpointe 1(a) i gcás inar baineadh 30 % ar a laghad den mhéid siúcraí a fhaightear go nádúrtha trí úsáid a bhaint as próiseas arna údarú faoi na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 3 de Chuid II, agus na saintréithe bunriachtanacha fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha eile go léir a bhaineann le gnáthchineál sú an toraidh as a dtagann sé á gcoinneáil.

Féadfar sú torthaí siúcra-laghdaithe a fháil trí shú torthaí siúcra-laghdaithe a mheascadh le sú torthaí, le purée torthaí nó leo araon.

(b)

Sú torthaí siúcra-laghdaithe ó dhlúthán

An táirge a fhaightear ó shú thorthaí ó dhlúthán mar a shainítear i bpointe 1(b), i gcás inar baineadh 30 % ar a laghad den mhéid siúcraí a fhaightear go nádúrtha trí úsáid a bhaint as próiseas arna údarú faoi na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 3 de Chuid II, agus na saintréithe bunriachtanacha fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha eile go léir a bhaineann le gnáthchineál sú an toraidh as a dtagann sé á gcoinneáil, nó an táirge a fhaightear trí shú torthaí siúcra laghdaithe mar a shainmhínítear i bpointe 7 a athdhéanamh le huisce inólta a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i dTreoir (AE) 2020/2184.

Féadfar sú torthaí siúcra-laghdaithe ó dhlúthán a fháil trí shú torthaí siúcra-laghdaithe ó dhlúthán a mheascadh le ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas: sú torthaí, sú torthaí ó dhlúthán, sú torthaí siúcra-laghdaithe, purée torthaí comhdhlúite agus purée torthaí.

7.

Sú torthaí siúcra-laghdaithe comhdhlúite

An táirge a fhaightear as sú torthaí comhdhlúithe mar a shainmhínítear i bpointe 2 i gcás inar baineadh 30 % ar a laghad den mhéid siúcraí a fhaightear go nádúrtha trí úsáid a bhaint as próiseas arna údarú faoi na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 3 de Chuid II,II agus na saintréithe bunriachtanacha fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha eile go léir a bhaineann le gnáthchineál an táirge, nó an táirge a fhaightear ó shú torthaí siúcra-laghdaithe mar a sainmhínítear i bpointe 6(a) trí chóimheas sonrach den chion uisce a bhaint go fisiceach, á gcoinneáil. I gcás táirge atá beartaithe lena thomhailt go díreach, is 50 % ar a laghad den chion uisce a bhainfear.’;

(c)

leasaítear Cuid II mar a leanas:

(i)

leasaítear pointe 2 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

‘—

Breiseáin bhia a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008; ní cheadaítear milseoirí i monarú na dtáirgí a liostaítear i gCuid I den Iarscríbhinn seo, áfach, seachas i gcás neachtair torthaí;’;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

‘—

I gcás sú torthaí, sú torthaí ó dhlúthán, sú torthaí comhdhlúite, sú torthaí siúcra-laghdaithe, sú torthaí siúcra-laghdaithe ó dhlúthán agus sú torthaí comhdhlúite siúcra-laghdaithe: blas, laíon agus cealla athchóirithe;’;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fleasc:

‘—

I gcás neachtar torthaí: blas, laíon agus cealla athchóirithe; siúcraí agus/nó mil suas le 20 % de mheáchan iomlán na dtáirgí críochnaithe dá dtagraítear i gCuid I d’Iarscríbhinn IV, 15 % de mheáchan iomlán na dtáirgí críochnaithe dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn IV agus 10 % de mheáchan iomlán na dtáirgí críochnaithe dá dtagraítear i gCuid III d’Iarscríbhinn IV; agus/nó milseoirí;

Maidir le maíomh ina luaitear nár cuireadh siúcraí le neachtar torthaí, agus maidir le haon mhaíomh ar dócha go mbeidh an bhrí chéanna leis don tomhaltóir, ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin i gcás nach bhfuil aon mhonaisiúicrídí ná aon déshiúicrídí breise ná aon bhia eile a úsáidtear le haghaidh a airíonna milsithe sa táirge, lena n-áirítear milseoirí mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. I gcás ina ndéantar éileamh den sórt sin, beidh an tásc seo a leanas ar an lipéad freisin: “tá siúcraí a fhaightear go nádúrtha ann”;’;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú fleasc:

‘—

I gcás táirgí a shainítear i bpointí 1 go 7 de Chuid I, chun blas aigéadach a rialáil: sú líomóide agus/nó teile agus/nó sú líomóide agus/nó teile comhdhlúite, suas go dtí 3 g in aghaidh an lítir sú, arna shloinneadh mar aigéad citreach ainhidriúil;’;

cuirtear an fhleasc seo a leanas leis:

‘—

I gcás sú torthaí siúcra-laghdaithe agus sú torthaí siúcra-laghdaithe ó dhlúthán: uisce, a mhéid is fíorghá chun an t-uisce a cailleadh mar gheall ar an bpróiseas laghdaithe siúcra a aischur.’;

(ii)

leasaítear pointe 3 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc déag:

‘—

Próitéiní plandaí ó chruithneacht, piseanna, prátaí nó síolta lus na gréine le haghaidh gléghlanadh.’;

cuirtear an fhleasc seo a leanas leis:

‘—

Ach amháin i gcás sú torthaí siúcra-laghdaithe, sú torthaí siúcra-laghdaithe ó dhlúthán agus sú torthaí comhdhlúite siúcra-laghdaithe: próisis chun an méid siúcraí a fhaightear go nádúrtha a laghdú, a mhéid a choinníonn siad na saintréithe bunriachtanacha fisiceacha, ceimiceacha, orgánaileipteacha agus cothaitheacha eile go léir a bhaineann le gnáthchineál sú an toraidh as a dtagann sé, eadhon scagachán scannáin agus coipeadh giosta.’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

‘IARSCRÍBHINN III

AINMNIÚCHÁIN AR LEITH DO THÁIRGÍ ÁIRITHE A LIOSTAÍTEAR IN IARSCRÍBHINN I

I.   

Ainmniúcháin ar leith nach féidir a úsáid ach amháin i dteanga an ainmniúcháin

(a)

“vruchtendrank”, i gcás neachtair torthaí;

(b)

“Süßmost”, le húsáid in éineacht leis na hainmneacha táirge “Fruchtsaft” nó “Fruchtnektar” amháin:

(i)

i gcás neachtar torthaí a fhaightear go heisiach ó shúnna torthaí, ó shúnna comhdhlúite torthaí nó ó mheascán de na táirgí sin, atá neamhbhlasta sa staid nádúrtha mar gheall ar a n-aigéadacht nádúrtha ard;

(ii)

i gcás sú torthaí a fhaightear ó úlla nó ó phiorraí, agus úlla curtha leis i gcás inarb iomchuí, ach gan aon siúcra breise;

(c)

“succo e polpa” nó “sumo e polpa”, i gcás neachtair torthaí a fhaightear go heisiach ó purée torthaí agus/nó ó purée torthaí comhdhlúite;

(d)

(i)

“æblemost”, comhchiallach ar shú úll;

(ii)

“æblemost fra koncentrat”, comhchiallach ar shú úll ó dhlúthán;

(e)

(i)

“sur … saft”, mar aon le hainm (sa Danmhairgis) an toraidh a úsáidtear, i gcás súnna gan aon siúcra breise a fhaightear ó chuiríní dubha, silíní, cuiríní dearga, cuiríní geala, sútha craobh, sútha talún nó caora troim,

(ii)

“sød … saft” nó “sødet … saft” mar aon le hainm (sa Danmhairgis) an toraidh a úsáidtear, i gcás súnna a fhaightear ón toradh seo, a bhfuil níos mó ná 200 g de shiúcra breise in aghaidh an lítir acu;

(f)

“Äppelmust/äpplemust”, comhchiallach ar shú úll;

(g)

“mosto”, comhchiallach ar shú fíonchaor;

(h)

“smiltsērkšķu sula ar cukuru” nó “astelpaju mahl suhkruga” nó “słodzony sok z rokitnika”, i gcás súnna a fhaightear ó chaora an draighin mara nach bhfuil níos mó ná 140 g de shiúcra breise in aghaidh an lítir acu.

II.   

Ainmniúcháin áirithe a fhéadfar a úsáid i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais

(a)

“uisce cnó cócó”, i gcás an táirge a eastósctar go díreach as an gcnó cócó gan feoil an chnó cócó a nochtadh, mar chomhchiallach ar shú cnó cócó.’.


(*1)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).’;’


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Cuid I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce agus an dara fleasc:

‘—

Is meascán é “subh”, a thugtar go raimhre ghlóthaithe oiriúnach, de shiúcraí, an laíon agus/nó purée de chineál amháin nó níos mó torthaí agus uisce. Is féidir subh citris a fháil ó na torthaí iomlána, áfach, gearrtha i stiallacha agus/nó slisnithe.

Féadfaidh na Ballstáit a údarú, áfach, chun na téarmaí a úsáideann tomhaltóirí go coitianta a chur san áireamh, go n-úsáidfí an téarma “marmaláid” d’ainm an táirge “subh”, ach amháin i gcás subh citris, ar a gcríoch féin.

Ní fhéadfaidh an chainníocht laín agus/nó purée a úsáidtear chun 1 000 g de tháirge críochnaithe a mhonarú a bheith níos lú ná:

450 g mar riail ghinearálta,

350 g i gcás cuiríní dearga, caora caorthainn, draighin mhara, cuiríní dubha, mogóirí róis agus cainchí,

180 g i gcás sinséir,

230 g i gcás úlla caisiú,

80 g i gcás páiseoige.

Is meascán é “subh bhreise”, a thugtar go raimhre ghlóthaithe oiriúnach, de shiúcraí, an laíon neamh-chomhdhlúite agus/nó purée de chineál amháin nó níos mó torthaí agus uisce. Mar sin féin, féadfar subh bhreise mogóirí róis agus sútha craobh gan síol, sméar dubh, cuiríní dubha, fraochán agus cuiríní dearga a fháil go hiomlán nó go páirteach ó purée neamh-chomhdhlúite de na torthaí faoi seach. Is féidir subh bhreise citris a fháil ó na torthaí iomlána, gearrtha i stiallacha agus/nó slisnithe.

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, úsáid an téarma “marmaláid bhreise” d’ainm an táirge “subh bhreise” a údarú, ach amháin i gcás subh citris, ar a gcríoch féin, chun na téarmaí a úsáideann tomhaltóirí go coitianta a chur san áireamh.

Ní féidir na torthaí seo a leanas atá measctha le torthaí eile chun subh bhreise a mhonarú a úsáid: úlla, piorraí, plumaí clochghreamaithe, mealbhacáin, mealbhacáin uisce, fíonchaora, puimcíní, cúcamair agus trátaí.

Ní fhéadfaidh an chainníocht laín a úsáidtear chun 1 000 g de tháirge críochnaithe a mhonarú a bheith níos lú ná:

500 g mar riail ghinearálta,

450 g i gcás cuiríní dearga, caora caorthainn, draighin mhara, cuiríní dubha, mogóirí róis agus cainchí,

280 g i gcás sinséir,

290 g i gcás úlla caisiú,

100 g i gcás páiseoige.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú agus an séú fleasc:

‘—

Is meascán é “marmaláid citris”, a thugtar go raimhre ghlóthaithe oiriúnach, d’uisce, siúcraí agus ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas a fhaightear ó thorthaí citris: laíon, purée, sú, eastóscáin uiscí agus craiceann. In ainm an táirge “marmaláid citris”, féadfar ainm an toraidh citris a úsáideadh a chur in ionad an téarma “citreas”.

Ní fhéadfaidh cainníocht na dtorthaí citris a úsáidtear chun 1 000 g de tháirge críochnaithe a mhonarú a bheith níos lú ná 200 g agus ní mór 75 g ar a laghad de a fháil ón ioncharp.

Féadfar an t-ainm “marmaláid glóthach” a úsáid i gcás nach bhfuil aon ábhar dothuaslagtha sa táirge a shainítear mar mharmaláid citris ach amháin, b’fhéidir, i gcainníochtaí beaga craicinn mhínslisnithe.’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II:

‘II.

Ní mór cion d’ábhar tirim intuaslagtha 60 % nó níos mó a bheith sna táirgí a shainítear i gCuid I de réir mar a chinntear le hathraonmhéadar, ach amháin i gcás na dtáirgí sin a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) a mhéid a bhaineann le siúcra laghdaithe, agus na táirgí sin a bhfuil milseoirí curtha in ionad na siúcraí go hiomlán nó go páirteach ina leith.

Gan dochar d’Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, féadfaidh na Ballstáit, chun cásanna áirithe ar leith a chur san áireamh, ainmneacha forchoimeádta a údarú do tháirgí a shainítear i gCuid I a bhfuil cion d’ábhar tirim intuaslagtha níos lú ná 60 % iontu.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus le maímh shláinte a dhéantar ar bhianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).’."


(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus le maímh shláinte a dhéantar ar bhianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).’.”


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1438/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)