European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1434

28.5.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1434 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Bealtaine 2024

lena n-údaraítear modhanna grádúcháin chun conablaigh muc a aicmiú sa Pholainn agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/240/CE

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024)3342)

(Is é an téacs Polainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20, an chéad mhír, pointe (p), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, foráiltear go mbeidh feidhm ag scálaí an Aontais um chonablaigh muc a aicmiú i gcomhréir le pointe B d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Maidir le conablaigh muc a aicmiú, foráiltear le Roinn B.IV, pointe 1, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin go bhfuil measúnú le déanamh ar an gcion feola trua trí bhíthin modhanna grádúcháin arna n-údarú ag an gCoimisiún, nach bhféadfar a údarú ach modhanna measúnaithe atá cruthaithe de réir staidrimh atá bunaithe ar thomhas fisiceach cuid anatamaíoch amháin nó níos mó den chonablach muice agus go bhfuil modhanna grádúcháin faoi réir uasráta lamháltais le haghaidh earráide staidrimh le linn measúnaithe a chomhlíonadh. Sainítear an lamháltas sin i gCuid A, pointe 1, an dara mír, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún (2).

(2)

Le Cinneadh 2005/240/CE ón gCoimisiún (3), údaraíodh 11 mhodh chun conablaigh muc a ghrádú sa Pholainn.

(3)

D’iarr an Pholainn ar an gCoimisiún údarú na modhanna ‘Fully ultrasonic automatic carcass grading (Autofom)’, ‘CSB Image-Meater (CSB)’, ‘gmSCAN’, ‘ESTIMEAT’ agus ‘MEAT3D’ a tharraingt siar.

(4)

D’iarr an Pholainn ar an gCoimisiún na modhanna nua seo a leanas a údarú: ‘Autofom IV’, ‘CSB Image-Meater 2.0’, ‘EstiMeat Expert’ agus ‘EstiMeat Pro’. Chun na críche sin, chuir an Pholainn tuairisc mhionsonraithe i láthair ar na trialacha diosctha, lena léirítear na prionsabail ar a bhfuil na modhanna nua sin bunaithe, torthaí na dtrialacha diosctha agus na cothromóidí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an gcéatadán feola trua sa phrótacal dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182.

(5)

D’iarr an Pholainn ar an gCoimisiún freisin foirmle nuashonraithe a údarú le haghaidh sé mhodh (‘Capteur Gras/Maigre — Sydel (CGM)’, ‘Ultra FOM 300’, ‘Autofom III’, Fat-O-Meater II (FOM II)’, ‘manual method (ZP)’ agus ‘IM-03’), ar modhanna iad atá údaraithe cheana féin le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2005/240/CE chun conablaigh muc a ghrádú ar a críoch.

(6)

Trí na hiarrataí sin a scrúdú, fuarthas amach go gcomhlíontar na coinníollacha agus na híoscheanglais maidir leis na modhanna nua grádúcháin a údarú agus na cothromóidí le haghaidh na modhanna údaraithe a nuashonrú mar a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182. Dá bhrí sin, ba cheart na modhanna nua grádúcháin agus na foirmlí nua a údarú sa Pholainn.

(7)

Níor cheart modhnuithe ar na modhanna grádúcháin ná ar na gairis lena mbaineann a cheadú, ach amháin má údaraítear sin go sainráite le cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún.

(8)

Ar chúiseanna soiléireachta agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart Cinneadh 2005/240/CE a aisghairm.

(9)

Chun go mbeidh dóthain ama ag oibreoirí chun oiriúnú do na ceanglais theicniúla maidir le feistí nua agus cothromóidí nua a thabhairt isteach, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 29 Iúil 2024.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear úsáid na modhanna grádúcháin seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar chion feola trua conablach muc de bhun Roinn B.IV, pointe 1, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 sa Pholainn:

(a)

an gaireas ar a dtugtar ‘Capteur Gras/Maigre — Sydel (CGM)’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a dtugtar sonraí ina leith i gCuid I den Iarscríbhinn;

(b)

an gaireas ar a dtugtar ‘Ultra FOM 300’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a dtugtar sonraí ina leith i gCuid II den Iarscríbhinn;

(c)

an gaireas ar a dtugtar ‘IM-03’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a dtugtar sonraí ina leith i gCuid III den Iarscríbhinn;

(d)

an gaireas ar a dtugtar ‘Autofom III’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a dtugtar sonraí ina leith i gCuid IV den Iarscríbhinn;

(e)

an gaireas ar a dtugtar ‘Autofom IV’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a dtugtar sonraí ina leith i gCuid V den Iarscríbhinn;

(f)

an gaireas ar a dtugtar ‘Fat-O-Meater II (FOM II)’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a dtugtar sonraí ina leith i gCuid VI den Iarscríbhinn;

(g)

an gaireas ar a dtugtar ‘manual method (ZP)’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a dtugtar sonraí ina leith i gCuid VII den Iarscríbhinn;

(h)

an gaireas ar a dtugtar ‘CSB Image-Meater 2.0’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a dtugtar sonraí ina leith i gCuid VIII den Iarscríbhinn;

(i)

an gaireas ar a dtugtar ‘EstiMeat Expert’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a dtugtar sonraí ina leith i gCuid IX den Iarscríbhinn;

(j)

an gaireas ar a dtugtar ‘EstiMeat Pro’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a dtugtar sonraí ina leith i gCuid X den Iarscríbhinn;

Maidir leis an ngaireas ‘Ultra FOM 300’ dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (b), tar éis dheireadh an nós imeachta tomhais, ní mór a bheith in ann a fhíorú ar an gconablach gur thomhais an gaireas na luachanna tomhais X1 agus X3 sa suíomh dá bhforáiltear san Iarscríbhinn, Cuid II, pointe 3. Ní mór marcáil chomhfhreagrach an tsuímh tomhais a dhéanamh an tráth céanna leis an nós imeachta tomhais.

Ní údarófar an modh láimhe (ZP), dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (g), ach amháin le haghaidh seamlas a bhfuil líne mharaithe acu lenar féidir 40 muc ar a mhéad a phróiseáil in aghaidh na huaire.

Airteagal 2

D’ainneoin an chur i láthair chaighdeánaigh dá dtagraítear i Roinn B.III d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní gá an bhlonag, na duáin ná an scairt a bhaint de chonablaigh muc sula ndéanfar iad a mheá agus a ghrádú ach féadfar an chanáil sheachtrach éisteachta a bhaint. Chun luachana a bhunú le haghaidh conablach muc ar bhonn inchomparáide, maidir leis an meáchan te taifeadta:

(a)

déanfar é a laghdú:

(i)

0,23 % i gcás scairte;

(ii)

i gcás blonaige agus duáin:

1,90 % i gcás conablach de ghrád S agus E,

2,11 % i gcás conablach de ghrád U,

2,54 % i gcás conablach de ghrád R,

3,12 % i gcás conablach de ghrád O,

3,35 % i gcás conablach de ghrád P;

(b)

déanfar é a mhéadú 260 gram in aghaidh an chonablaigh le haghaidh an dá chanáil seachtracha éisteachta.

Airteagal 3

Údarófar modhnuithe ar na modhanna údaraithe grádúcháin nó ar ghairis lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1 le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún.

Airteagal 4

Aisghairtear Cinneadh 2005/240/CE.

Airteagal 5

Is chuig Poblacht na Polainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige ón 29 Iúil 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scálaí an Aontais um chonablaigh mart, muc nó caorach a aicmiú agus a mhéid a bhaineann le praghsanna margaidh aicmithe áirithe conablach agus ainmhithe beo a thuairisciú (IO L 171, 4.7.2017, lch. 74, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/1182/oj).

(3)  Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Márta 2005 lena n-údaraítear modhanna chun conablaigh muc a ghrádú sa Pholainn (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad uimhir C(2005) 552) (IO L 74, 19.3.2005, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2005/240/oj).


IARSCRÍBHINN

MODHANNA GRÁDÚCHÁIN CHUN CONABLAIGH MUC A AICMIÚ SA PHOLAINN

CUID I

Capteur Gras/Maigre — Sydel (CGM)

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa Chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a ghrádú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘Capteur Gras/Maigre — Sydel (CGM)’.

2.

Beidh an gaireas feistithe le tóireadóir Sydel ardghléine 8 mm ar leithead, dé-óid infridhearg astaithe solais (Honeywell) agus dhá bhraiteoir solais (Honeywell). Tá an fad oibriúcháin idir 0 agus 105 mm. Déanfaidh an CGM féin na luachanna a thomhaisfear a thiontú ina gcion feola trua measta.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 60,7538 - 0,6465 × X1 + 0,1243 × X2

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

céatadán measta na feola trua,

X1

=

tiús na saille droma arna thomhas ag an tríú heasna go dtí an ceathrú heasna ó shuíomh na heasna deireanaí, 60 mm ó mheánlíne dhroma, arna thomhas go comhthreomhar le líne scoilte an chonablaigh,

X2

=

tiús an mhatáin lumbaigh arna thomhas ag an tríú heasna go dtí an ceathrú heasna ó shuíomh na heasna deireanaí, 60 mm ó mheánlíne dhroma, arna thomhas go comhthreomhar le líne scoilte an chonablaigh.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

Cuid II

Ultra FOM 300

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a ghrádú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘Ultra FOM 300’.

2.

Beidh an gaireas feistithe le heagar trasduchtóra ultrasonach ag 3,5 MHz (U-Systems). Tiontóidh an gaireas Ultra FOM 300 féin torthaí na dtomhas ina meastacháin ar an gcion feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 64,0655 – 0,5986 × X1 + 0,0584 × X2 – 0,1600 × X3 + 0,0275 × X4

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

céatadán measta na feola trua,

X1

=

tiús na saille droma arna thomhas ag suíomh na heasna deireanaí, arna thomhas an tráth céanna, san áit chéanna agus ar an mbealach céanna le X2,

X2

=

tiús an mhatáin lumbaigh arna thomhas ag suíomh na heasna deireanaí, 70 mm ón meánlíne dhroma go hingearach go dtí an mhatán,

X3

=

tiús na saille droma arna thomhas ag an tríú heasna go dtí an ceathrú heasna ó suíomh na heasna deireanaí, arna thomhas ag an am céanna, san áit chéanna agus ar an mbealach céanna le X4,

X4

=

tiús an mhatáin lumbaigh arna thomhas ag an tríú heasna go dtí an ceathrú heasna ó shuíomh na heasna deireanaí, 70 mm ón meánlíne dhroma go hingearach go dtí an mhatán,

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

CUID III

D.21– IM-03

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘IM-03’.

2.

Beidh an gaireas feistithe le tóireadóir snáthaid-optúil (single line scanner SLS01) a bhfuil trastomhas 7 mm aige. Tá líne na mbraiteoirí íomhá teagmhála (CIS) agus dé-óidí astaithe solais glasa sa tóireadóir. Tá an fad oibriúcháin idir 0 agus 132 mm.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 57,3864 – 0,5657 × X1 + 0,1476 × X2

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

céatadán measta na feola trua,

X1

=

tiús na saille droma arna thomhas ag an tríú heasna go dtí an ceathrú heasna ó shuíomh na heasna deireanaí, 60 mm ó mheánlíne dhroma, arna thomhas go comhthreomhar le líne scoilte an chonablaigh,

X2

=

tiús an mhatáin lumbaigh arna thomhas ag an tríú heasna go dtí an ceathrú heasna ó shuíomh na heasna deireanaí, 60 mm ó mheánlíne dhroma, arna thomhas go comhthreomhar le líne scoilte an chonablaigh.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

CUID IV

AutoFom III

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘Autofom III’.

2.

Beidh 16 thrasduchtóir ultrasonacha 2 MHz sa ghaireas (Carometec A/S), agus beidh fad oibriúcháin 25 mm idir na trasduchtóirí. Is éard a bheidh sna sonraí ultrasonacha tomhais tiúis saille droma, tiúis matáin agus paraiméadar lena mbaineann. Tiontóidh ríomhaire torthaí na dtomhas ina meastacháin ar chéatadán na feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 59,9912 – 0,3658 × X1 - 0,3841 × X2 + 0,0605 × X3 + 0,0602 × X4

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

céatadán measta na feola trua,

X1

=

tiús na saille droma(gan chraiceann) ag suíomh MFT2,

X2

=

tiús na saille droma(gan chraiceann) ag suíomh MFT1,

X3

=

tiús an mhatáin lumbaigh ag suíomh MFT2,

X4

=

tiús an mhatáin lumbaigh ag suíomh MFT1,

Tagraíonn MFT do shuíomh an íostiúis saille (gan chraiceann). Tagraíonn MFT1 don íostiús saille sa chonablach iomlán agus tagraíonn MFT2 don íostiús saille sa réigiún lumbach is gaire do bhun an eagair.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

CUID V

AutoFom IV

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘Autofom IV’.

2.

Beidh 16 thrasduchtóir ultrasonacha 2 MHz sa ghaireas (Carometec A/S), agus beidh fad oibriúcháin 25 mm idir na trasduchtóirí. Is éard a bheidh sna sonraí ultrasonacha tomhais tiúis saille droma, tiúis matáin agus paraiméadar lena mbaineann. Tiontóidh ríomhaire torthaí na dtomhas ina meastacháin ar chéatadán na feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 56,3590 – 0,7618 × X1 + 0,0326 x X2 + 0,0685 × X3 + 0,0551 × X4 + 0,3868 × X5

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

céatadán measta na feola trua,

X1

=

tiús na saille droma (gan chraiceann) arna thomhas 70mm ón dromlach ag suíomh MFT2,

X2

=

tiús an mhatáin lumbaigh ag suíomh MFT2,

X3

=

uastiús mhatán lumbach an chonablaigh iomláin,

X4

=

tiús an mhatáin lumbaigh ag suíomh MFT1,

X5

=

tiús na saille droma (gan chraiceann) ag suíomh MFT2.

Tagraíonn MFT do shuíomh an íostiúis saille (gan chraiceann). Tagraíonn MFT1 don íostiús saille sa chonablach iomlán agus tagraíonn MFT2 don íostiús saille sa réigiún lumbach is gaire do bhun an eagair.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

CUID VI

Fat-O-Meater II (FOM II)

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘Fat-O-Meater II (FOM II)’.

2.

Is leagan nua den chóras tomhais Fat-O-Meater é an gaireas. Is éard atá sa FOM II tóireadóir optúil ag a bhfuil scian, gaireas tomhais tiús a bhfuil tiús tomhais de 125 mm aige agus clár fála agus anailíse sonraí – ríomhaire Carometec Touch Panel i15 (Ingress Protection IP69K). Tiontaíonn ríomhaire torthaí na dtomhas sin ina meastacháin ar an bhfeoil trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 60,3281 – 0,6493 × X1 + 0,1529 × X2

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

céatadán measta na feola trua,

X1

=

tiús na saille droma arna thomhas ag an tríú heasna go dtí an ceathrú heasna ó shuíomh na heasna deireanaí, 70 mm ón meánlíne dhroma go hingearach go dtí an mhatán lumbach,

X2

=

tiús an mhatáin lumbaigh arna thomhas ag an tríú heasna go dtí an ceathrú heasna ó shuíomh na heasna deireanaí, 70 mm ón meánlíne dhroma go hingearach go dtí an mhatán,

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

CUID VII

Modh láimhe (ZP)

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a ghrádú trí bhíthin an ‘mhodha láimhe (ZP)’ trí thomhas a dhéanamh le rialóir.

2.

Féadfar an modh seo a chur chun feidhme trí rialóir a úsáid agus cinntear an grádúchán ar bhonn na cothromóide fáistine. Tá sé bunaithe ar thiús na saille droma agus tiús an mhatáin lumbaigh a thomhas de láimh ar mheánlíne scoilte an chonablaigh.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 62,4306 – 0,6264 × X1 + 0,0911 × X2

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

céatadán measta na feola trua,

X1

=

íostiús na saille infheicthe ar mheánlíne an chonablaigh scoilte i mm, lena gcumhdaítear an M. gluteus medius,

X2

=

tiús an mhatáin lumbaigh i mm ar mheánlíne an chonablaigh scoilte, arna thomhas mar an nasc is giorra idir ceann tosaigh (cráiniach) an M. gluteus medius agus imeall uachtarach (droim) na canála veirteabrach.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

CUID VIII

CSB Image-Meater 2.0

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘CSB Image-Meater 2.0’.

2.

Is éard atá sa CSB Image-Meater 2.0 físcheamara, ríomhaire ina bhfuil cárta anailíse íomhánna, scáileán, printéir, meicníocht ordaithe, meicníocht truicir agus comhéadain. Déantar na cúig athróg Image-Meater a thomhas ag an líne scoilte sa limistéar liamháis (thart timpeall M. gluteus medius). Tiontóidh ríomhaire torthaí na dtomhas ina meastacháin ar chéatadán na feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 56,4264 + 0,1417 × X1 – 0,4331 × X2 – 0,3504 × X3 + 0,9952 × X4

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

X1

=

tiús an M. gluteus medius i mm ag an gceann tosaigh (cráiniach),

X2

=

meántiús meánach na saille droma thar M. gluteus medius i mm,

X3

=

meántiús meánach na saille droma thar choirp veirteabracha a, b, c, agus d, i mm,

X4

=

meántiús meánach shraith seachtrach na saille droma thar na coirp veirteabracha a, b, c, agus d, i mm.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

CUID IX

EstiMeat Expert

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘EstiMeat Expert’.

2.

Is éard atá i ngaireas EstiMeat Expert ceamara doimhneachta lena ngabhtar íomhánna 3T de na conablaigh i sonraí néalphointe, agus ríomhaire atá feistithe le bogearraí, bunaithe ar shamhail néarach, chun na sonraí néalphointe a phróiseáil. Próiseálann na bogearraí na híomhánna a fhaightear agus is veicteoir é an t-aschur ina bhfuil roinnt mílte gné.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 58,8209 + X1619 × 0,1035 + X2201 × 0,0311 + X2234 × 0,3665 + X2293 × 0,1774 + X2313 × -0,3141 + X2363 × -0,0715 + X2377 × -0,5151 + X2425 × 0,0360 + X2457 × 0,0245 + X2499 × 0,1272 + X2517 × -0,3138 + X2592 × -0,0177 + X2641 × 0,0853 + X2643 × 0,0915 + X2711 × 0,2308 + X2805 × 0,0598 + X2897 × 0,0727 + X3088 × 0,1598 + X3225 × 0,0305 + X3317 × 0,1003 + X3449 × 0,0572 + X3481 × -0,0646 + X3486 × 0,0147 + X3497 × -0,3797 + X3573 × 0,0357 + X3643 × 0,1213 + X3779 × 0,1753 + X3788 × -0,0265 + X3829 × 0,0559 + X3878 × -0,1215 + X4377 × 0,0896 + X4411 × -0,0141 + X4473 × 0,0210 + X4597 × 0,0413 + X4612 × -0,1083 + X4633 × 0,1482

I gcás inarb iad seicheamh X1619 go X4633 na gnéithe a fhaightear mar a thuairiscítear i bpointe 2 agus a roghnaítear ar bhonn anailís staidrimh a rinneadh le linn na trialach údaraithe.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.

CUID X

EstiMeat Pro

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘EstiMeat Pro’.

2.

Is éard atá i ngaireas EstiMeat Pro ceamara doimhneachta lena ngabhtar íomhánna 3T de na conablaigh i sonraí néalphointe, agus ríomhaire atá feistithe le bogearraí, bunaithe ar shamhail néarach, chun na sonraí néalphointe a phróiseáil. Próiseálann na bogearraí na híomhánna a fhaightear agus is veicteoir é an t-aschur ina bhfuil roinnt mílte gné.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 58,7239 + X1035 × 0,4758 + X1083 × -0,3372 + X1228 × 0,2446 + X1312 × 0,8333 + X1358 × -0,0403 + X1484 × 0,0297 + X2059 × -0,1927 + X2131 × 0,9101 + X2169 × -0,2740 + X2201 × -0,6023 + X2293 × 0,7966 + X2315 × -0,3573 + X2336 × 0,7383 + X2425 × -0,0186 + X2549 × -0,4582 + X2974 × 1,4175 + X3083 × -0,5134 + X3131 × -0,3641 + X3193 × -0,3497 + X3201 × 0,3780 + X3225 × -0,0341 + X3317 × 0,3329 + X3339 × -0,4669 + X3360 × 0,6139 + X3387 × -0,3666 + X3409 × -0,1408 + X3481 × -0,0379 + X3486 × 0,2139 + X3497 × -0,4410 + X3532 × -0,6743 + X3573 × 0,2748 + X4291 × 0,4108 + X4341 × -0,4624 + X4363 × 0,7046 + X4433 × 0,4170 + X4473 × 0,2388 + X4532 × -0,0327 + X4597 × 0,2930

I gcás inarb iad seicheamh X1035 go X4597 na gnéithe a fhaightear mar a thuairiscítear i bpointe 2 agus a roghnaítear ar bhonn anailís staidrimh a rinneadh le linn na trialach údaraithe.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 60 agus 120 kg iontu.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1434/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)