European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1431

28.5.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1431 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Bealtaine 2024

maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sa chlárthréimhse 2014-2022 le haghaidh na bliana airgeadais 2023

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3352)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 104 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2) agus go háirithe Airteagal 51 de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

De bharr an mhéid a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116 go leanfaidh Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 7(3), Airteagail 9, 17, 21 agus 34, Airteagal 35(4), Airteagail 36, 37, 38, 40 go 43, 51, 52, 54, 56, 59, 63, 64, 67, 68, 70 go 75, 77, 91 go 97, 99 agus 100, Airteagal 102(2) agus Airteagail 110 agus 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), maidir le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le haghaidh na bliana airgeadais 2023.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (4) go leanfaidh Airteagal 2, Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, Airteagal 3(2), Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagail 5, 6, 7, Airteagail 21 go 25, Airteagail 27, 28, 29, Airteagal 30(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagail 30(2), (3) agus (4), agus Airteagail 31 go 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún (5) d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann le CETFT, i ndáil le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus le híocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 le haghaidh na bliana airgeadais 2023.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 go leanfaidh Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 d’fheidhm a bheith acu chun críocha Airteagal 32, pointí (f) agus (g), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 le haghaidh na bliana airgeadais 2023.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 40, an dara mír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (6) go leanfaidh Airteagal 5, Airteagal 5a, Airteagail 7(3) agus (4), Airteagal 10, Airteagal 11(1), an dara fo-mhír, Airteagal 11(2), Airteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagail 41(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún (7) d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann le CETFT, i ndáil le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus le híocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 le haghaidh na bliana airgeadais 2023.

(5)

De bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna gcur isteach ag na Ballstáit, agus an fhaisnéis is gá chun na cuntais a imréiteach ag gabháil leo chomh maith le tuairim iniúchóireachta maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas agus na dtuarascálacha arna mbunú ag na comhlachtaí deimhniúcháin, tá an Coimisiún le cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin a imréiteach roimh an 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana airgeadais i gceist.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/2116, cuirtear tús leis an mbliain airgeadais ar an 16 Deireadh Fómhair de bhliain n-1 agus tagann deireadh léi an 15 Deireadh Fómhair de bhliain N. Agus cuntais á n-imréiteach le haghaidh na bliana airgeadais 2023, chun an tréimhse thagartha le haghaidh chaiteachas CETFT a ailíniú le caiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), ba cheart caiteachas a thabhaigh na Ballstáit idir an 16 Deireadh Fómhair 2022 agus an 15 Deireadh Fómhair 2023 a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128.

(7)

Le hAirteagal 33(2), an dara fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, maidir leis na méideanna is in-aisghabhála ó gach Ballstát nó na méideanna is iníoctha le gach Ballstát, i gcomhréir leis an gcinneadh maidir le himréiteach cuntas dá dtagraítear in Airteagal 33(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, foráiltear go bhfuil siad le leagan síos trí na híocaíochtaí idirmheánacha le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann a asbhaint ón gcaiteachas a aithnítear le haghaidh na bliana sin i gcomhréir le hAirteagal 33(1). Le hAirteagal 33(2), an tríú fomhír, den Rialachán sin, foráiltear go bhfuil an Coimisiún leis an méid sin a asbhaint ón gcéad íocaíocht idirmheánach eile nó leis an méid sin a chur léi.

(8)

Sheiceáil an Coimisiún an fhaisnéis a chuir na Ballstáit faoina bhráid agus chuir sé torthaí na seiceálacha in iúl do na Ballstáit, mar aon leis na leasuithe atá molta aige.

(9)

I gcás na ngníomhaireachtaí íocaíochta uile, cuireann na cuntais bhliantúla agus na doiciméid tionlacain ar a chumas don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le cruinneas, iomláine agus fírinneacht na gcuntas bliantúil a chuirtear faoina bhráid.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), féadfar an sprioc-am le haghaidh íocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 36(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a bhriseadh ar feadh tréimhse 6 mhí ar a mhéad chun fíoruithe breise a dhéanamh tar éis faisnéis a fháil go bhfuil baint ag na híocaíochtaí sin le neamhrialtacht lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha airgeadais. Agus an Cinneadh seo á ghlacadh, ba cheart don Choimisiún na méideanna a ndéanann an briseadh sin difear dóibh a chur san áireamh chun nach ndéanfar aon íocaíocht mhíchuí nó mhíthráthúil.

(11)

De bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, rinne an Coimisiún roinnt íocaíochtaí eatramhacha le haghaidh na bliana airgeadais 2023 a laghdú nó a chur ar fionraí cheana mar gheall ar chaiteachas nach ndearnadh i gcomhréir le rialacha an Aontais. Leis an gCinneadh seo, ba cheart don Choimisiún na méideanna sin a laghdaíodh nó a cuireadh ar fionraí a chur san áireamh ar bhonn Airteagal 41 den Rialachán sin, chun íocaíochtaí nó aisíocaíochtaí míchuí nó míthráthúla a sheachaint, ar íocaíochtaí nó aisíocaíochtaí iad a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ceartú airgeadais níos déanaí.

(12)

Le hAirteagal 36(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, déantar foráil go bhfuil íocaíochtaí eatramhacha le déanamh gan ranníocaíocht iomlán réamhshocraithe CETFT a shárú. De bhun Airteagal 23(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, i gcás ina bhfuil méid iomlán na ndearbhuithe caiteachais níos mó ná an ranníocaíocht iomlán réamhshocraithe le haghaidh clár forbartha tuaithe, ní mór uasteorainn den mhéid réamhshocraithe a chur leis an méid atá le híoc, gan dochar don uasteorainn dá bhforáiltear le hAirteagal 34(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Beidh an méid teoranta faoi réir aisíocaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún níos déanaí tar éis an phlean airgeadais leasaithe a ghlacadh nó ag deireadh na clárthréimhse ar a dhéanaí.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, tá feidhm ag na rialacha maidir le sprioc-amanna íocaíochta le haghaidh bearta faoin bhforbairt tuaithe i gcomhthéacs an chórais riaracháin agus rialaithe chomhtháite ón mbliain éilimh 2019 ar aghaidh. Leis na laghduithe le haghaidh neamhchomhlíontacht leis na sprioc-amanna íocaíochta is déanaí, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014, leantar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 40 agus 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus tá siad le cur san áireamh sa Chinneadh seo le haghaidh na bliana airgeadais 2023. Féadfar scrúdú a dhéanamh ar na laghduithe sin, i gcás inarb iomchuí, faoi imeachtaí imréitigh comhréireachta de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

(14)

Ba cheart na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013a chumhdach leis an gCinneadh seo freisin.

(15)

De bhun Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ní sháróidh comhiomlán na n-íocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus eatramhacha 95 % de ranníocaíocht CETFT le gach clár forbartha tuaithe. Tá a dtairseach sin bainte amach ag na cláir seo a leanas: 2014DE06RDRN001; 2014FI06RDRP001; 2014FR06RDNP001; 2014LU06RDNP001. Socrófar iarmhéid na gclár sin ag deireadh na clárthréimhse.

(16)

De bhun Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann 50 % de na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn ó neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí a íoc, mura ndéantar an aisghabháil laistigh de 4 bliana ó dháta an iarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Le hAirteagal 54(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ceanglaítear ar na Ballstáit tábla a chur i gceangal leis na cuntais bhliantúla nach mór dóibh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagal 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, ar tábla deimhnithe é lena léirítear na méideanna atá le híoc acu faoi Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Rialacha maidir le cur i bhfeidhm oibleagáid na mBallstát chun na méideanna atá le haisghabháil a thuairisciú, leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 iad. Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, leagtar amach an tsamhail den tábla ar cheart do na Ballstáit a úsáid chun faisnéis a sholáthar faoi na méideanna atá le haisghabháil. Ar bhonn na dtáblaí a líonann na Ballstáit isteach, ba cheart don Choimisiún na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn ón neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí atá níos sine ná 4 nó 8 mbliana faoi seach a chinneadh.

(17)

De bhun Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan iarracht a dhéanamh aisghabháil a dhéanamh. Ní féidir cinneadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin má tá na costais a tabhaíodh cheana, agus na costais is dócha a thabhófar, níos mó ná an méid atá le haisghabháil, nó má tá an aisghabháil dodhéanta mar gheall ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí nó na ndaoine a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an neamhrialtacht, ar dócmhainneacht í a chláraítear agus a aithnítear faoin dlí náisiúnta. Má dhéantar an cinneadh laistigh de 4 bliana ó dháta na hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta, ba cheart 100 % d’iarmhairtí airgeadais an neamh-aisghabhála a íoc as buiséad an Aontais. Na méideanna ar chinn Ballstát ar leith gan iarracht a dhéanamh iad a aisghabháil agus na forais lena chinneadh, áireofar iad sa tuarascáil achomair dá dtagraítear in Airteagal 54(4) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, níor cheart na méideanna sin a ghearradh ar na Ballstáit lena mbaineann agus mar gheall air sin, tá siad le híoc as buiséad an Aontais.

(18)

Ba cheart a chur san áireamh leis an gCinneadh freisin na méideanna atá fós le gearradh ar na Ballstáit mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i ndáil leis an gclárthréimhse 2007-2013 le haghaidh CETFT.

(19)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do na cinntí a bhféadfadh an Coimisiún a dhéanamh ina dhiaidh sin chun caiteachas nach ndéantar i gcomhréir le rialacha an Aontais a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Imréitítear leis seo cuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát a mhéid a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus cuirtear san áireamh freisin na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, i leith na bliana airgeadais 2023 agus a bhaineann leis an gclárthréimhse 2014-2022.

Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo na méideanna is in-aisghabhála ó gach Ballstát, nó is iníoctha le gach Ballstát faoi gach clár forbartha tuaithe de bhun an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo na méideanna atá le gearradh ar na Ballstáit, mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a bhaineann leis an gclárthréimhse 2014-2022 agus leis an gclárthréimhse 2007-2013 le haghaidh CETFT.

Airteagal 3

Leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo na laghduithe le haghaidh neamhchomhlíontacht leis na sprioc-amanna íocaíochta is déanaí i gcomhréir le hAirteagal 75(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 faoi gach clár forbartha tuaithe.

Airteagal 4

Tá an Cinneadh seo gan dochar do chinntí a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo maidir le himréiteach comhréireachta, ar cinntí iad a bhféadfadh an Coimisiún a dhéanamh de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun caiteachas nach ndéantar i gcomhréir le rialacha an Aontais a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj.

(2)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/oj.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1305/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/128/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/908/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/907/oj).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1303/oj).


IARSCRÍBHINN I

Caiteachas imréitithe CETFT arna dhéanamh leis an gclár Forbartha Tuaithe le haghaidh na bliana airgeadais 2023

Méid atá le haisghabháil ón mBallstát nó an méid atá le híoc leis in aghaidh an chláir

Cláir fhormheasta ag a bhfuil caiteachas dearbhaithe le haghaidh CETFT 2014-2020

 

 

 

 

 

 

 

 

In Euro

In Euro

Ballstáit

CCI

Caiteachas 2023

Ceartúcháin (*1)

Iomlán

Méideanna neamh-inathúsáidte

Méid glactha imréitithe le haghaidh na bliana airgeadais 2023

Íocaíochtaí eatramhacha a aisíocadh leis an mBallstát le haghaidh na bliana airgeadais (*2)

An méid atá le haisghabháil ón mBallstát (-) nó atá le híoc leis an mBallstát (+)

An t-iarmhéid atá le socrú ag tráth dúnta na clárthréimhse i ngeall ar an tairseach 95 % a sroicheadh (*3)

 

 

i

ii

iii = i + ii

iv

v = iii - iv

vi

vii = v - vi

 

AT

2014AT06RDNP001

640 572 169,96

0,00

640 572 169,96

0,00

640 572 169,96

639 819 126,68

753 043,28

0,00

BE

2014BE06RDRP001

81 278 724,17

0,00

81 278 724,17

0,00

81 278 724,17

81 278 719,85

4,32

0,00

BE

2014BE06RDRP002

40 281 521,45

– 181 492,88

40 100 028,57

0,00

40 100 028,57

40 065 593,47

34 435,10

0,00

BG

2014BG06RDNP001

277 887 338,31

–22 799,69

277 864 538,62

0,00

277 864 538,62

277 864 526,56

12,06

0,00

CY

2014CY06RDNP001

22 244 844,42

0,00

22 244 844,42

0,00

22 244 844,42

22 244 851,91

–7,49

0,00

CZ

2014CZ06RDNP001

391 194 850,91

– 508 644,19

390 686 206,72

0,00

390 686 206,72

390 687 595,74

–1 389,02

0,00

DE

2014DE06RDRN001

476 398,06

0,00

476 398,06

0,00

476 398,06

218 456,66

–0,01

257 941,41

DE

2014DE06RDRP003

143 914 605,56

– 275 639,64

143 638 965,92

0,00

143 638 965,92

143 638 965,93

–0,01

0,00

DE

2014DE06RDRP004

308 670 798,35

0,00

308 670 798,35

0,00

308 670 798,35

308 670 798,35

0,00

0,00

DE

2014DE06RDRP007

156 843 757,99

0,00

156 843 757,99

0,00

156 843 757,99

156 843 785,59

–27,60

0,00

DE

2014DE06RDRP010

62 936 724,34

0,00

62 936 724,34

0,00

62 936 724,34

62 936 724,34

0,00

0,00

DE

2014DE06RDRP011

153 056 582,74

0,00

153 056 582,74

0,00

153 056 582,74

153 056 582,74

0,00

0,00

DE

2014DE06RDRP012

189 171 814,93

0,00

189 171 814,93

0,00

189 171 814,93

194 629 532,07

–5 457 717,14

0,00

DE

2014DE06RDRP015

127 386 250,05

0,00

127 386 250,05

0,00

127 386 250,05

127 389 560,70

–3 310,65

0,00

DE

2014DE06RDRP017

62 911 260,23

0,00

62 911 260,23

0,00

62 911 260,23

62 918 265,25

–7 005,02

0,00

DE

2014DE06RDRP018

4 920 024,41

0,00

4 920 024,41

0,00

4 920 024,41

4 920 024,41

0,00

0,00

DE

2014DE06RDRP019

158 077 472,41

–5 216 212,07

152 861 260,34

0,00

152 861 260,34

152 865 670,71

–4 410,37

0,00

DE

2014DE06RDRP020

153 977 751,05

0,00

153 977 751,05

0,00

153 977 751,05

153 977 751,05

0,00

0,00

DE

2014DE06RDRP021

61 028 810,32

0,00

61 028 810,32

0,00

61 028 810,32

61 043 503,60

–14 693,28

0,00

DE

2014DE06RDRP023

100 284 752,26

0,00

100 284 752,26

0,00

100 284 752,26

100 284 752,26

0,00

0,00

DK

2014DK06RDNP001

117 753 335,22

0,00

117 753 335,22

0,00

117 753 335,22

117 931 275,58

– 177 940,36

0,00

EE

2014EE06RDNP001

125 076 385,61

0,00

125 076 385,61

0,00

125 076 385,61

125 181 617,92

– 105 232,31

0,00

ES

2014ES06RDNP001

45 684 101,03

0,00

45 684 101,03

0,00

45 684 101,03

45 684 100,95

0,08

0,00

ES

2014ES06RDRP001

288 832 378,57

0,00

288 832 378,57

0,00

288 832 378,57

288 832 322,05

56,52

0,00

ES

2014ES06RDRP002

73 166 406,35

0,00

73 166 406,35

0,00

73 166 406,35

73 166 437,65

–31,30

0,00

ES

2014ES06RDRP003

63 599 843,41

0,00

63 599 843,41

0,00

63 599 843,41

63 598 265,89

1 577,52

0,00

ES

2014ES06RDRP004

8 218 162,55

0,00

8 218 162,55

0,00

8 218 162,55

8 218 158,58

3,97

0,00

ES

2014ES06RDRP005

25 402 702,82

0,00

25 402 702,82

0,00

25 402 702,82

24 425 675,79

977 027,03

0,00

ES

2014ES06RDRP006

19 948 797,34

0,00

19 948 797,34

0,00

19 948 797,34

19 948 797,28

0,06

0,00

ES

2014ES06RDRP007

212 013 262,22

– 360 675,05

211 652 587,17

0,00

211 652 587,17

211 652 003,36

583,81

0,00

ES

2014ES06RDRP008

183 166 399,07

0,00

183 166 399,07

0,00

183 166 399,07

183 158 330,09

8 068,98

0,00

ES

2014ES06RDRP009

54 617 733,85

0,00

54 617 733,85

0,00

54 617 733,85

54 617 744,45

–10,60

0,00

ES

2014ES06RDRP010

122 570 464,31

0,00

122 570 464,31

0,00

122 570 464,31

122 570 464,43

–0,12

0,00

ES

2014ES06RDRP011

149 235 679,91

0,00

149 235 679,91

0,00

149 235 679,91

149 239 928,20

–4 248,29

0,00

ES

2014ES06RDRP012

19 916 833,22

– 812,47

19 916 020,75

0,00

19 916 020,75

20 012 018,75

–95 998,00

0 ,00

ES

2014ES06RDRP013

38 624 587,53

0,00

38 624 587,53

0,00

38 624 587,53

38 624 585,63

1,90

0,00

ES

2014ES06RDRP014

23 151 617,53

0,00

23 151 617,53

0,00

23 151 617,53

23 151 617,75

–0,22

0,00

ES

2014ES06RDRP015

8 347 827,45

0,00

8 347 827,45

0,00

8 347 827,45

8 347 827,83

–0,38

0,00

ES

2014ES06RDRP016

10 690 618,65

0,00

10 690 618,65

0,00

10 690 618,65

10 690 614,75

3,90

0,00

ES

2014ES06RDRP017

38 402 231,88

0,00

38 402 231,88

0,00

38 402 231,88

38 406 231,32

–3 999,44

0,00

FI

2014FI06RDRP001

272 545 438,94

0,00

272 545 438,94

0,00

272 545 438,94

258 553 145,45

–3,65

13 992 297,14

FI

2014FI06RDRP002

2 359 669,81

0,00

2 359 669,81

0,00

2 359 669,81

2 359 669,81

0,00

0,00

FR

2014FR06RDNP001

180 256 276,31

0,00

180 256 276,31

0,00

180 256 276,31

127 691 541,79

0,00

52 564 734,52

FR

2014FR06RDRN001

2 165 043,35

0,00

2 165 043,35

0,00

2 165 043,35

2 165 043,35

0,00

0,00

FR

2014FR06RDRP001

22 477 653,93

0,00

22 477 653,93

0,00

22 477 653,93

22 477 378,76

275,17

0,00

FR

2014FR06RDRP002

11 523 967,48

–17 794,83

11 506 172,65

0,00

11 506 172,65

11 506 172,66

–0,01

0,00

FR

2014FR06RDRP003

15 818 182,16

0,00

15 818 182,16

0,00

15 818 182,16

15 818 182,18

–0,02

0,00

FR

2014FR06RDRP004

54 997 426,66

–11 605,74

54 985 820,92

0,00

54 985 820,92

54 985 956,74

– 135,82

0,00

FR

2014FR06RDRP006

8 100 310,30

0,00

8 100 310,30

0,00

8 100 310,30

8 099 781,54

528,76

0,00

FR

2014FR06RDRP011

13 504 575,27

0,00

13 504 575,27

0,00

13 504 575,27

13 503 994,77

580,50

0,00

FR

2014FR06RDRP021

42 822 241,52

0,00

42 822 241,52

0,00

42 822 241,52

42 822 241,55

–0,03

0,00

FR

2014FR06RDRP022

24 347 763,85

0,00

24 347 763,85

0,00

24 347 763,85

24 347 773,64

–9,79

0,00

FR

2014FR06RDRP023

14 331 129,80

0,00

14 331 129,80

0,00

14 331 129,80

14 331 137,90

–8,10

0,00

FR

2014FR06RDRP024

66 011 221,49

35 659,55

66 046 881,04

0,00

66 046 881,04

66 046 881,05

–0,01

0,00

FR

2014FR06RDRP025

57 957 574,95

0,00

57 957 574,95

0,00

57 957 574,95

57 957 624,31

–49,36

0,00

FR

2014FR06RDRP026

89 287 427,25

0,00

89 287 427,25

0,00

89 287 427,25

89 287 929,33

– 502,08

0,00

FR

2014FR06RDRP031

18 840 864,50

0,00

18 840 864,50

0,00

18 840 864,50

18 840 864,51

–0,01

0,00

FR

2014FR06RDRP041

65 592 730,43

0,00

65 592 730,43

0,00

65 592 730,43

65 592 759,09

–28,66

0,00

FR

2014FR06RDRP042

20 685 259,33

0,00

20 685 259,33

0,00

20 685 259,33

20 685 292,34

–33,01

0,00

FR

2014FR06RDRP043

66 139 012,98

0,00

66 139 012,98

0,00

66 139 012,98

66 139 012,98

0,00

0,00

FR

2014FR06RDRP052

71 212 493,08

0,00

71 212 493,08

0,00

71 212 493,08

71 207 465,77

5 027,31

0,00

FR

2014FR06RDRP053

68 320 613,66

0 ,00

68 320 613,66

0 ,00

68 320 613,66

68 320 689,33

–75,67

0 ,00

FR

2014FR06RDRP054

69 827 207,08

0,00

69 827 207,08

0,00

69 827 207,08

69 827 277,59

–70,51

0,00

FR

2014FR06RDRP072

117 128 168,14

0,00

117 128 168,14

0,00

117 128 168,14

117 128 381,11

– 212,97

0,00

FR

2014FR06RDRP073

236 032 561,96

597 217,26

236 629 779,22

0,00

236 629 779,22

236 629 801,74

–22,52

0,00

FR

2014FR06RDRP074

94 965 058,20

0,00

94 965 058,20

0,00

94 965 058,20

94 965 099,08

–40,88

0,00

FR

2014FR06RDRP082

197 975 475,65

–3 953 391,72

194 022 083,93

0,00

194 022 083,93

194 022 237,10

– 153,17

0,00

FR

2014FR06RDRP083

200 167 586,23

1 927 350,77

202 094 937,00

0,00

202 094 937,00

202 094 955,00

–18,00

0,00

FR

2014FR06RDRP091

99 520 751,90

0,00

99 520 751,90

0,00

99 520 751,90

99 521 036,72

– 284,82

0,00

FR

2014FR06RDRP093

94 070 165,01

–2 116 695,55

91 953 469,46

0,00

91 953 469,46

91 953 469,42

0,04

0,00

FR

2014FR06RDRP094

23 018 925,38

0,00

23 018 925,38

0,00

23 018 925,38

23 018 937,69

–12,31

0,00

EL

2014GR06RDNP001

937 550 570,76

–32 642 119,30

904 908 451,46

0,00

904 908 451,46

904 908 619,39

– 167,93

0,00

HR

2014HR06RDNP001

381 010 149,53

–40 225 344,43

340 784 805,10

0,00

340 784 805,10

340 798 683,90

–13 878,80

0,00

HU

2014HU06RDNP001

919 214 646,42

–54 507 225,59

864 707 420,83

0,00

864 707 420,83

864 707 433,79

–12,96

0,00

IE

2014IE06RDNP001

305 900 593,26

0,00

305 900 593,26

0,00

305 900 593,26

305 883 010,22

17 583,04

0,00

IT

2014IT06RDNP001

176 778 452,35

0,00

176 778 452,35

0,00

176 778 452,35

176 784 378,05

–5 925,70

0,00

IT

2014IT06RDRN001

7 537 892,30

0,00

7 537 892,30

0,00

7 537 892,30

7 537 892,31

–0,01

0,00

IT

2014IT06RDRP001

40 588 282,93

0,00

40 588 282,93

0,00

40 588 282,93

40 588 623,47

– 340,54

0,00

IT

2014IT06RDRP002

27 947 512,82

0,00

27 947 512,82

0,00

27 947 512,82

27 947 513,00

–0,18

0,00

IT

2014IT06RDRP003

62 890 498,22

0,00

62 890 498,22

0,00

62 890 498,22

62 890 499,43

–1,21

0,00

IT

2014IT06RDRP004

22 841 807,67

0,00

22 841 807,67

0,00

22 841 807,67

22 843 359,58

–1 551,91

0,00

IT

2014IT06RDRP005

72 337 136,23

0,00

72 337 136,23

0,00

72 337 136,23

72 407 096,58

–69 960,35

0,00

IT

2014IT06RDRP006

13 908 429,81

0,00

13 908 429,81

0,00

13 908 429,81

13 909 994,90

–1 565,09

0,00

IT

2014IT06RDRP007

104 128 079,94

0,00

104 128 079,94

0,00

104 128 079,94

104 128 079,94

0,00

0,00

IT

2014IT06RDRP008

47 926 646,75

0,00

47 926 646,75

0,00

47 926 646,75

47 957 459,40

–30 812,65

0,00

IT

2014IT06RDRP009

79 973 530,23

0,00

79 973 530,23

0,00

79 973 530,23

79 973 530,13

0,10

0,00

IT

2014IT06RDRP010

71 363 918,88

0,00

71 363 918,88

0,00

71 363 918,88

71 370 493,32

–6 574,44

0,00

IT

2014IT06RDRP011

19 249 896,77

0,00

19 249 896,77

0,00

19 249 896,77

19 249 897,19

–0,42

0,00

IT

2014IT06RDRP012

70 221 992,53

0,00

70 221 992,53

0,00

70 221 992,53

70 442 753,98

– 220 761,45

0,00

IT

2014IT06RDRP013

10 635 714,20

0,00

10 635 714,20

0,00

10 635 714,20

10 635 934,05

– 219,85

0,00

IT

2014IT06RDRP014

75 970 411,16

0,00

75 970 411,16

0,00

75 970 411,16

75 970 411,49

–0,33

0,00

IT

2014IT06RDRP015

13 637 245,81

0,00

13 637 245,81

0,00

13 637 245,81

13 637 207,53

38,28

0,00

IT

2014IT06RDRP016

106 477 456,26

–1 750 293,39

104 727 162,87

0,00

104 727 162,87

104 740 862,78

–13 699,91

0,00

IT

2014IT06RDRP017

62 677 300,15

0,00

62 677 300,15

0,00

62 677 300,15

62 683 612,94

–6 312,79

0,00

IT

2014IT06RDRP018

72 494 881,85

0,00

72 494 881,85

0,00

72 494 881,85

72 522 784,97

–27 903,12

0,00

IT

2014IT06RDRP019

177 022 707,63

0,00

177 022 707,63

0,00

177 022 707,63

177 131 237,08

– 108 529,45

0,00

IT

2014IT06RDRP020

197 739 379,71

0,00

197 739 379,71

0,00

197 739 379,71

198 089 974,10

– 350 594,39

0,00

IT

2014IT06RDRP021

208 389 891,64

0,00

208 389 891,64

0,00

208 389 891,64

208 501 266,83

– 111 375,19

0,00

LT

2014LT06RDNP001

237 842 066,15

0,00

237 842 066,15

0,00

237 842 066,15

237 843 426,69

–1 360,54

0,00

LU

2014LU06RDNP001

15 771 392,45

–30 723,32

15 740 669,13

0,00

15 740 669,13

11 788 956,31

–12 047,19

3 963 760,01

LV

2014LV06RDNP001

150 297 089,94

0,00

150 297 089,94

0,00

150 297 089,94

150 297 089,94

0,00

0,00

MT

2014MT06RDNP001

13 832 617,00

0,00

13 832 617,00

0,00

13 832 617,00

13 832 623,47

–6,47

0,00

NL

2014NL06RDNP001

164 578 033,57

0,00

164 578 033,57

0,00

164 578 033,57

164 464 643,39

113 390,18

0,00

PL

2014PL06RDNP001

1 547 976 130,80

–23 604,41

1 547 952 526,39

0,00

1 547 952 526,39

1 548 304 712,62

– 352 186,23

0,00

PT

2014PT06RDRP001

26 360 668,63

597,33

26 361 265,96

0,00

26 361 265,96

26 361 261,21

4,75

0,00

PT

2014PT06RDRP002

566 130 462,97

–1 192 302,90

564 938 160,07

0,00

564 938 160,07

564 721 478,69

216 681,38

0,00

PT

2014PT06RDRP003

26 185 451,54

0,00

26 185 451,54

0,00

26 185 451,54

26 177 819,42

7 632,12

0,00

RO

2014RO06RDNP001

1 208 740 148,98

– 918 839,01

1 207 821 309,97

0,00

1 207 821 309,97

1 207 821 847,72

– 537,75

0,00

SE

2014SE06RDNP001

282 778 561,47

0,00

282 778 561,47

0,00

282 778 561,47

282 957 466,72

– 178 905,25

0,00

SI

2014SI06RDNP001

146 195 886,92

0,00

146 195 886,92

0,00

146 195 886,92

146 195 951,21

–64,29

0,00

SK

2014SK06RDNP001

157 962 412,16

2 887 806,01

160 850 218,17

0,00

160 850 218,17

160 846 809,71

3 408,46

0,00


(*1)  Maidir le caiteachas a dhearbhaítear sna Dearbhuithe Bliantúla le haghaidh cláir áirithe, spreagtar leis sin róchaiteachais ar leibhéal an bhirt. Maidir le huasteorainn a chur leis na róchaiteachais sin, déanfar é a mheas agus measúnú á dhéanamh ar dhearbhuithe ráithiúla amach anseo.

(*2)  Íocaíochtaí eatramhacha a aisíocadh leis an mBallstát le haghaidh na bliana airgeadais lena n-áirítear imréiteach réamh-mhaoiniúcháin, áirítear iontu méideanna diúltacha a dearbhaíodh sa bhliain airgeadais 2023. Rinneadh na méideanna diúltacha sin a fhritháireamh cheana, nó déanfar iad a fhritháireamh amach anseo, in aghaidh na n-íocaíochtaí ráithiúla leis na Ballstáit lena mbaineann.

(*3)  I gcás inar shroich íocaíochtaí 95 % de ranníocaíocht iomlán CETFT le haghaidh clár forbartha tuaithe i gcomhréir le hAirteagal 34(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, socrófar an t-iarmhéid le linn dhúnadh an chláir.


IARSCRÍBHINN II

Imréiteach chuntais na nGníomhaireachtaí Íocaíochta

Bliain airgeadais 2023 – CETFT

Ceartúcháin i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

 

 

Ceartúcháin a bhaineann leis an gClárthréimhse 2014-2020

Ceartúcháin a bhaineann leis an gClárthréimhse 2007-2013

Ballstát

Airgeadra

San Airgeadra náisiúnta

In Euro

San Airgeadra náisiúnta

In Euro

AT

EUR

0,00

1 771,74

0,00

3 803,21

BE

EUR

0,00

1 054,13

0,00

1 564,30

BG

BGN

1 937 372,19

0,00

1 882 035,28

0,00

CY

EUR

0,00

0,00

0,00

121 608,85

CZ

CZK

121 071,27

0,00

6 385 646,54

0,00

DE

EUR

0,00

8 414,29

0,00

171 320,39

DK

DKK

1 104 557,49

0,00

6 087,60

0,00

EE

EUR

0,00

63 761,60

0,00

25 966,28

ES

EUR

0,00

200 471,59

0,00

334 309,64

FI

EUR

0,00

10 402,28

0,00

19 007,60

FR

EUR

0,00

142 594,72

0,00

485 881,68

EL

EUR

0,00

142 061,05

0 ,00

582 884,30

HR

EUR

0,00

639 195,44

0,00

0,00

HU

HUF

12 016 280,00

0,00

91 059 977,00

0,00

IE

EUR

0,00

26 819,78

0,00

25 372,36

IT

EUR

0,00

1 080 944,56

0,00

1 402 201,60

LT

EUR

0,00

0,00

0,00

1 742 077,39

LU

EUR

0,00

0,00

0,00

0,00

LV

EUR

0,00

30 097,52

0,00

174 750,43

MT

EUR

0,00

0,00

0,00

0,00

NL

EUR

0,00

0,00

0,00

65 444,46

PL

PLN

626 989,03

0,00

7 666 452,65

0,00

PT

EUR

0,00

376 747,57

0,00

1 174 151,03

RO

RON

163,45

0,00

50 332 758,96

0,00

SE

SEK

120 970,36

0,00

31 702,91

0,00

SI

EUR

0,00

11 532,30

0,00

25 291,43

SK

EUR

0,00

10 344,78

0,00

2 447 359,93


IARSCRÍBHINN III

Imréiteach chuntais na nGníomhaireachtaí Íocaíochta

Bliain airgeadais 2023 – CETFT

Laghduithe mar gheall ar sprioc-amanna íocaíochta in aghaidh cláir forbartha tuaithe i leith na bliana airgeadais 2023 i gcomhréir le hAirteagal 75(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

 

 

In Euro

Ballstát

CCI

Laghduithe le haghaidh neamhchomhlíontacht leis na sprioc-amanna íocaíochta is déanaí le haghaidh na bliana airgeadais 2023

AT

2014AT06RDNP001

0,00

BE

2014BE06RDRP001

0,00

BE

2014BE06RDRP002

0,00

BG

2014BG06RDNP001

0,00

CY

2014CY06RDNP001

8 875,80

CZ

2014CZ06RDNP001

0,00

DE

2014DE06RDRN001

0,00

DE

2014DE06RDRP003

0,00

DE

2014DE06RDRP004

0,00

DE

2014DE06RDRP007

91 346,50

DE

2014DE06RDRP010

0,00

DE

2014DE06RDRP011

0,00

DE

2014DE06RDRP012

0,00

DE

2014DE06RDRP015

0,00

DE

2014DE06RDRP017

0,00

DE

2014DE06RDRP018

4 898,20

DE

2014DE06RDRP019

0,00

DE

2014DE06RDRP020

0,00

DE

2014DE06RDRP021

0,00

DE

2014DE06RDRP023

0,00

DK

2014DK06RDNP001

90 295,93

EE

2014EE06RDNP001

0,00

ES

2014ES06RDNP001

0,00

ES

2014ES06RDRP001

708 564,35

ES

2014ES06RDRP002

0,00

ES

2014ES06RDRP003

0,00

ES

2014ES06RDRP004

62 241,52

ES

2014ES06RDRP005

0,00

ES

2014ES06RDRP006

0,00

ES

2014ES06RDRP007

306 098,57

ES

2014ES06RDRP008

0,00

ES

2014ES06RDRP009

0,00

ES

2014ES06RDRP010

0,00

ES

2014ES06RDRP011

0,00

ES

2014ES06RDRP012

0,00

ES

2014ES06RDRP013

216 554,82

ES

2014ES06RDRP014

0,00

ES

2014ES06RDRP015

0,00

ES

2014ES06RDRP016

0,00

ES

2014ES06RDRP017

0,00

FI

2014FI06RDRP001

0,00

FI

2014FI06RDRP002

0,00

FR

2014FR06RDNP001

0,00

FR

2014FR06RDRN001

0,00

FR

2014FR06RDRP001

643 626,04

FR

2014FR06RDRP002

402 021,10

FR

2014FR06RDRP003

504 347,33

FR

2014FR06RDRP004

0,00

FR

2014FR06RDRP006

0,00

FR

2014FR06RDRP011

5 733,07

FR

2014FR06RDRP021

0,00

FR

2014FR06RDRP022

13 846,34

FR

2014FR06RDRP023

17 099,28

FR

2014FR06RDRP024

0,00

FR

2014FR06RDRP025

0,00

FR

2014FR06RDRP026

0,00

FR

2014FR06RDRP031

169 393,32

FR

2014FR06RDRP041

0,00

FR

2014FR06RDRP042

141 843,47

FR

2014FR06RDRP043

0,00

FR

2014FR06RDRP052

0,00

FR

2014FR06RDRP053

0,00

FR

2014FR06RDRP054

0,00

FR

2014FR06RDRP072

0,00

FR

2014FR06RDRP073

0,00

FR

2014FR06RDRP074

0 ,00

FR

2014FR06RDRP082

0,00

FR

2014FR06RDRP083

0,00

FR

2014FR06RDRP091

0,00

FR

2014FR06RDRP093

0,00

FR

2014FR06RDRP094

717 258,07

EL

2014GR06RDNP001

405 085,09

HR

2014HR06RDNP001

0,00

HU

2014HU06RDNP001

3 084 343,88

IE

2014IE06RDNP001

0,00

IT

2014IT06RDNP001

0,00

IT

2014IT06RDRN001

0,00

IT

2014IT06RDRP001

0,00

IT

2014IT06RDRP002

0,00

IT

2014IT06RDRP003

3 897,73

IT

2014IT06RDRP004

0,00

IT

2014IT06RDRP005

9 780,93

IT

2014IT06RDRP006

0,00

IT

2014IT06RDRP007

0,00

IT

2014IT06RDRP008

45 159,11

IT

2014IT06RDRP009

0,00

IT

2014IT06RDRP010

3 041,41

IT

2014IT06RDRP011

0,00

IT

2014IT06RDRP012

2 741,03

IT

2014IT06RDRP013

38 240,90

IT

2014IT06RDRP014

0,00

IT

2014IT06RDRP015

13 734,73

IT

2014IT06RDRP016

0,00

IT

2014IT06RDRP017

0 ,00

IT

2014IT06RDRP018

0,00

IT

2014IT06RDRP019

26 082,52

IT

2014IT06RDRP020

611 246,14

IT

2014IT06RDRP021

62 058,27

LT

2014LT06RDNP001

0,00

LU

2014LU06RDNP001

6 126,66

LV

2014LV06RDNP001

0,00

MT

2014MT06RDNP001

24,15

NL

2014NL06RDNP001

0,00

PL

2014PL06RDNP001

0,00

PT

2014PT06RDRP001

0,00

PT

2014PT06RDRP002

0,00

PT

2014PT06RDRP003

0,00

RO

2014RO06RDNP001

0,00

SE

2014SE06RDNP001

0,00

SI

2014SI06RDNP001

0,00

SK

2014SK06RDNP001

499 019,88


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1431/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)