|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1428 |
17.5.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1428 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Bealtaine 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/1429 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2). |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, tugtar éifeacht do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (3). |
|
(3) |
An 17 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1429, lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES. |
|
(4) |
Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go neamhbhalbh an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin agus chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú ag an Rúis leis na gníomhaíochtaí míleata neamhdhleathacha atá ar siúl aici, agus go bhfuil dochar á dhéanamh aici do shlándáil agus cobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste breise smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha a ullmhú agus a ghlacadh go práinneach. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an Rúis agus ar fhoirmíochtaí armtha a bhfuil tacaíocht na Rúise acu éirí as an bhfeachtas bréagaisnéise atá ar bun acu. |
|
(5) |
Sna conclúidí uaithi an 10 Bealtaine 2021, chuir an Chomhairle i dtábhacht gur gá athléimneacht an Aontais agus na mBallstát a neartú a thuilleadh chomh maith lena gcumas cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear bréagaisnéis, agus é á áirithiú go mbainfear úsáid chomhordaithe chomhtháite as uirlisí atá ann cheana agus as uirlisí nua a d’fhéadfadh a bheith ann chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, agus freagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i réimse na mbagairtí hibrideacha, lena n-áirítear, inter alia, freagairtí ar chur isteach eachtrach agus oibríochtaí tionchair, lena bhféadfaí bearta coisctheacha a chumhdach chomh maith le costais a fhorchur ar ghníomhaithe naimhdeacha stáit agus neamhstáit. |
|
(6) |
Sna conclúidí uaithi an 21 agus an 22 Márta 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach tacaíocht dhaingean an Aontais do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad agus dá ceart bunúsach féinchosanta i gcoinne fhogha na Rúise. D’iarr sí freisin go dtabharfaí tuilleadh céimeanna chun cumas na Rúise leanúint dá cogadh foghach a lagú, lena n-áirítear trí smachtbhannaí a neartú. |
|
(7) |
Thug Cónaidhm na Rúise faoi fheachtas córasach idirnáisiúnta ionramhála na meán agus saofa fíricí chun feabhas a chur ar a straitéis díchobhsaithe ar a tíortha comharsanacha agus ar an Aontas agus a Bhallstáit. Go háirithe, tá an bholscaireacht tar éis díriú arís agus arís eile agus go leanúnach ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe le linn tréimhsí toghcháin, agus dírítear leis an mbolscaireacht freisin ar an tsochaí shibhialta, ar iarrthóirí tearmainn agus ar mhionlaigh eitneacha na Rúise, ar mhionlaigh inscne, agus ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha san Aontas agus ina Bhallstáit. |
|
(8) |
Chun údar agus tacaíocht a thabhairt don fhogha a thug sí faoin Úcráin, thug Cónaidhm na Rúise faoi ghníomhaíochtaí bolscaireachta leanúnacha comhbheartaithe dírithe ar an tsochaí shibhialta san Aontas agus ar thíortha comharsanacha, lena ndéantar fíricí a shaobhadh agus a ionramháil go tromchúiseach. |
|
(9) |
Rinneadh na gníomhaíochtaí bolscaireachta sin a sheoladh trí roinnt eagraíochtaí meán atá faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise. Bagairt mhór, dhíreach atá i ngníomhaíochtaí den sórt sin ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais. Tá na heagraíochtaí meán sin fíor-riachtanach agus ríthábhachtach ó thaobh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dó, agus ó thaobh tíortha comharsanacha na hÚcráine a dhíchobhsú. |
|
(10) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, is gá, i gcomhréir leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, a aithnítear in Airteagal 11 di, gníomhaíochtaí craoltóireachta eagraíochtaí meán breise san Aontas nó gníomhaíochtaí craoltóireachta dá gcuid atá dírithe ar an Aontas a chur ar fionraí go práinneach. Ba cheart na bearta sin a choinneáil ar bun go dtí go gcuirfear deireadh le fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus go dtí go n-éireoidh Cónaidhm na Rúise, agus a heagraíochtaí meán ghaolmhara, as gníomhaíochtaí bolscaireachta a reáchtáil in aghaidh an Aontais agus a Bhallstát. |
|
(11) |
I gcomhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, leis an tsaoirse fiontraíochta agus leis an gceart chun maoine a aithnítear in Airteagail 11, 16 agus 17, faoi seach di, ní chuireann na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo cosc ar na heagraíochtaí meán sin lena mbaineann ná ar a bhfoireann gníomhaíochtaí eile a dhéanamh san Aontas taobh amuigh de chraoltóireacht, amhail taighde agus agallaimh. Go háirithe, leis na bearta sin, ní mhodhnaítear an oibleagáid atá ann na cearta, na saoirsí agus na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú, a leagtar amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus i mbunreachtanna na mBallstát, laistigh dá réimsí cur i bhfeidhm faoi seach. |
|
(12) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an bpróiseas dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES maidir le ceadúnais chraoltóireachta a chur ar fionraí, ba cheart don Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú chun cinneadh a dhéanamh, tar éis scrúdú a dhéanamh ar na cásanna faoi seach, cé acu atá nó nach bhfuil na bearta sriantacha le bheith infheidhme ar an dáta a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 i leith roinnt eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014. |
|
(13) |
Tagann na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
|
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XV de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh feidhm ag an leasú sin maidir le ceann amháin nó níos mó de na heintitis a leagtar amach ann ón 25 Meitheamh 2024, ar choinníoll go gcinnfidh an Chomhairle amhlaidh trí ghníomh cur chun feidhme, tar éis di cásanna faoi seach na n-eintiteas sin a scrúdú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) IO L, 2024/1429, 17.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1429/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).
(3) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Uimh. 833/2014, cuirtear na heintitis seo a leanas leis:
‘Voice of Europe
RIA Novosti
Izvestija
Rossiiskaja Gazeta’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1428/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)