Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1424 |
13.6.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 320/2023
an 8 Nollaig 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn VII (Aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla) a ghabhann le Comhaontú LEE 2024/1424]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá fógra tugtha ag an Íoslainn d’Údarás Faireacháin CSTE faoi nuashonruithe ar fhorálacha reachtacha, rialála agus riaracháin maidir le heisiúint fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla sna réimsí a chumhdaítear le Treoir 2005/36/CE. I gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), arna hionchorprú in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Comhaontú LEE, ghlac Údarás Faireacháin CSTE Moladh an 21 Meitheamh 2023 (2) ina gcuirtear na hathruithe sin faoinar tugadh fógra in iúl. Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart na nuashonruithe sin a léiriú san oiriúnú ábhartha ar Threoir 2005/36/CE atá in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Comhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I bpointe 1 (Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Comhaontú LEE, sa tábla faoi phointe (E)(g)(i), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró a thosaíonn leis an bhfocal ‘Ísland’:
‘Ísland |
Meistarapróf í arkitektúr |
Listaháskóli Íslands |
|
2021/2022’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 255, 30.9.2005, lch. 22.
(2) Cinneadh Uimh. 087/23/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 21 Meitheamh 2023.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1424/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)