European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1415

22.5.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1415 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a mhéid a bhaineann le méid na dtáillí víosa

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (1), agus go háirithe Airteagal 16(9) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 16(9) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, mheasúnaigh an Coimisiún an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar mhéideanna na dtáillí víosa a leagtar síos sa Rialachán sin agus critéir oibiachtúla á gcur san áireamh.

(2)

Ina measúnú, rinne an Coimisiún anailís ar fhorbairtí sa ráta boilscithe ginearálta ar fud an Aontais agus i dtuarastail státseirbhísigh na mBallstát idir an 1 Iúil 2020 agus an 1 Iúil 2023. Tháinig sé ar an gconclúid gur gá méadú 12,5 % a dhéanamh ar mhéid na dtáillí víosa.

(3)

Ós rud é gur chinn an Danmhairg Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a chuireann le acquis Schengen a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá ceangal ar an Danmhairg faoi dlí idirnáisiúnta an Rialachán seo a chur chun feidhme.

(4)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag Poblacht na hÍoslainne agus ag Ríocht na hIorua maidir le comhlachas Ríocht na hIorua le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (3), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (4).

(6)

A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

(7)

A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (7) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (8).

(8)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(9)

Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 2a:

‘1.

Íocfaidh iarratasóirí táille víosa EUR 90.

2.

Íocfaidh leanaí atá sé bliana d’aois nó os a chionn ach atá faoi bhun 12 bhliain d’aois táille víosa EUR 45.

2a.

Beidh feidhm ag táille víosa EUR 135 nó EUR 180 má ghlacann an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme faoi Airteagal 25a(5), pointe (b). Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 243, 15.9.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/810/oj.

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen, (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).

(3)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.

(4)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).

(5)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).

(7)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(8)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1415/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)