European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1414

27.5.2024

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair i nDáil le Forfheidhmiú an Dlí i dTaca le Foraoisí, Rialachas agus Tradáil Adhmaid agus Táirgí Díoraithe Chuig an Aontas Eorpach (FLEGT)

TÁ an tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

POBLACHT AN CHÓSTA EABHAIR, dá ngairtear ‘an Cósta Eabhair’ anseo feasta,

dá ngairtear, go haonair, ‘an Páirtí’ agus, le chéile, ‘na Páirtithe’ anseo feasta,

I bhFIANAISE an dlúthchaidrimh comhair idir an tAontas agus an Cósta Eabhair, go háirithe faoin gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 agus arna athbhreithniú i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005, agus faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir an Cósta Eabhair, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh in Abidjan an 26 Samhain 2008 agus sa Bhruiséil an 22 Eanáir 2009;

I bhFIANAISE na Teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach chuig an gComhairle Eorpach agus chuig Parlaimint na hEorpa dar teideal Forest Law Enforcement, Governance and Trade (FLEGT): proposal for an EU action plan [Forfheidhmiú an Dlí, agus Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT): -togra le haghaidh Phlean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh] an 21 Bealtaine 2003 mar an gcéad chéim chun fadhb phráinneach lománú neamhdhleathach na foiríse agus an trádáil lena mbaineann a chomhrac;

ÓS FEASACH DÓIBH a thábhachtaí atá na prionsabail a leagtar amach i nDearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt, a ghlac Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt an 3-14 Meitheamh 1992, go háirithe Prionsabal 10 de maidir leis an tábhacht a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis, feasacht phoiblí agus rannpháirtíocht i saincheisteanna comhshaoil, agus Prionsabal 20 de maidir leis an ról ríthábhachtach atá ag mná i mbainistiú an chomhshaoil agus san fhorbairt, chomh maith le Prionsabal 22 de maidir leis an ról ríthábhachtach atá ag na pobail agus na comhphobail dhúchasacha agus ag pobail áitiúla eile i mbainistiú an chomhshaoil agus san fhorbairt;

I bhFIANAISE an dearbhaithe prionsabal, nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí ach atá údarásach le haghaidh comhthoil dhomhanda maidir le bainistiú, caomhnú agus lománú gach cineáil foraoise ar mhodh a bheidh inbhuanaithe go héiceolaíoch, arna ghlacadh freisin ag Comhthionól na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt an 3 go dtí an 14 Meitheamh 1992 agus an Rún, ar ionstraim é nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí, a bhaineann le gach cineál foraoise, arna ghlacadh an 17 Nollaig 2007 ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe;

AG FÉACHAINT do Choinbhinsiún na hAfraice maidir leis an dúlra agus leis na hacmhainní nádúrtha a chaomhnú, a glacadh an 11 Iúil 2003 in Maputo;

AG FÉACHAINT don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), go háirithe an gá le cead onnmhairiúcháin CITES nó deimhnithe tionscnaimh, arna n-eisiúint ag na Páirtithe in CITES le haghaidh eiseamail de speicis crainn a liostaítear in Iarscríbhinn II nó III a ghabhann leis;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH go bhfeictear do na Páirtithe go bhfuil tábhacht leis na prionsabail agus na rialacha lena rialaítear an trádáil iltaobhach, go háirithe na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i gComhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil agus i gcomhaontuithe iltaobhacha eile a liostaítear in Iarscríbhinn 1A a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála arna shíniú in Marrakech an 15 Aibreán 1994, chomh maith leis an ngá atá leis na rialacha agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach neamh-idirdhealaitheach;

AG FÉACHAINT do Rialachán (CE) Uimh.o2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (1);

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH an méid a chuideoidh Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí FLEGT, trína chur chun feidhme, leis an gcomhrac in aghaidh an athruithe aeráide, le hiarrachtaí chun gáis ceaptha teasa ón dífhoraoisiú agus ón díghrádú foraoisí a laghdú, caomhnú agus méadú stoc carbóin agus bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí (REDD+) san áireamh leis sin;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH ról na bhforaoisí maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus ag meabhrú dóibh sa chomhthéacs sin Comhaontú Pháras a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, go háirithe Airteagal 5 de maidir le bearta a dhéanamh chun linnte agus umair de gháis cheaptha teasa, go háirithe foraoisí, a chaomhnú agus, i gcás inarb iomchuí, a fheabhsú;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH na gealltanais chun dífhoraoisiú agus díghrádú ithreach a stopadh agus a aisiompú faoi 2030, atá i nDearbhú Cheannairí Ghlaschú maidir le Foraoisí agus Úsáid Talún, a shínigh na Páirtithe ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir leis an Aeráid (COP26) a tionóladh in Albain ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 13 Samhain 2021;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH tiomantas agus diongbháilteacht na bPáirtithe spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a leagtar síos i gClár Oibre 2030 a bhaint amach, agus go háirithe an méid a chuideoidh Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí FLEGT a chur chun feidhme le spriocanna 5 agus 15 a bhaint amach maidir leis an gcomhionannas inscne agus neamhspleáchas na mban agus na gcailíní agus maidir le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí a chur chun cinn, stop a chur leis an dífhoraoisiú agus bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an gáinneáil táirgí neamhdhleathacha fiadhúlra, faoi seach;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH iarrachtaí an Chósta Eabhair córas um fíorú dlíthiúlachta a bhunú arb é is aidhm dó a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe ar fad an creat dlíthiúil agus go mbeidh feidhm acu maidir leis an margadh náisiúnta agus maidir le honnmhairí adhmaid agus táirgí díorthaithe ón gCósta Eabhair;

I bhFIANAISE na tábhachta a chuireann na Páirtithe i rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha ar fad, gan idirdhealú, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an earnáil phríobháideach agus an pobal áitiúil, agus na tábhachta a chuireann siad i rath na mbeartas maidir le rialachas foraoise, go háirithe rath a eascraíonn as comhairliúcháin agus faisnéis phoiblí;

I bhFIANAISE an Bheartais maidir le Caomhnú, Athshlánú agus Leathnú Foraoisí an Chósta Eabhair agus Dlí an Chósta Eabhair maidir le Foraoisí arb é is aidhm dóibh an bhithéagsúlacht a chaomhnú, cumhdach foraoise 20 % do 2030 a bhaint amach, aeráid atá fabhrach d’fhorbairt gníomhaíochtaí socheacnamaíocha agus talmhaíochta a choinneáil ar bun agus gealltanais idirnáisiúnta an Chósta Eabhair a chomhlíonadh;

DE BHRÍ go bhfuil an Comhaontú seo ar cheann de cholúin lárnacha an chláir chun an rialachas foraoise a fheabhsú sa Chósta Eabhair, go príomha maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Chóid Foraoiseachta, an Dlí maidir le Limistéar Talún Tuaithe, an Chóid Saothair, an Chóid Comhshaoil, na rialachán custaim agus na rialachán trádála chomh maith le forálacha rialacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta eile maidir le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus na trádála adhmaid;

DE BHRÍ go leagtar síos i reachtaíocht foraoiseachta an Chósta Eabhair rialacha maidir le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus creat atá fabhrach do chur chun feidhme an Bheartais maidir le Caomhnú, Athshlánú agus Leathnú Foraoisí;

DE BHRÍ go bhfuil na conarthaí idirnáisiúnta ar an gcomhshaol agus ar an bhforaoiseacht a dhaingnigh an Cósta Eabhair ina gcuid den reachtaíocht náisiúnta, atá ina bonn dá réir sin le beartas foraoiseachta na tíre a cheapadh agus a chur chun feidhme;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH prionsabail na hurraime frithpháirtí, na ceannasachta, an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe de chuid na bPáirtithe agus ag aithint dóibh na tairbhí a eascraíonn as an gComhaontú seo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críoch an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

a)

ciallaíonn ‘an t-údarás ceadúnúcháin’ an t-údarás a d’ainmnigh nó a bhunaigh an Cósta Eabhair chun ceadúnais FLEGT a eisiúint agus a bhailíochtú;

b)

ciallaíonn ‘ceadúnas FLEGT’ doiciméad a eisíonn an Cósta Eabhair, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, lena ndeimhnítear go bhfuil an t-adhmad nó na táirgí díorthaithe ón lastas a bheartaítear a onnmhairiú chuig an Aontas táirgthe agus fíoraithe i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm agus leis an gComhaontú seo;

c)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis a d’ainmnigh Ballstáit an Aontais chun ceadúnais FLEGT a fháil, ceadúnais FLEGT a fhíorú agus chun glacadh le ceadúnais FLEGT;

d)

ciallaíonn ‘adhmad agus táirgí díorthaithe’ na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

e)

ciallaíonn ‘adhmad agus táirgí díorthaithe faoi bhealach’ an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe ar fad de thionscnamh tríú tír a théann isteach i gcríoch an Chósta Eabhair faoi rialú custaim agus a fhágann an tír san fhoirm chéanna agus tír a dtionscnaimh á coinneáil acu agus gan bheith próiseáilte nó margaithe;

f)

ciallaíonn ‘adhmad a tháirgtear go dleathach’ an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe a lománaítear nó a allmhairítear agus a tháirgtear i gcomhréir le reachtaíocht an Chósta Eabhair a leagtar síos in Iarscríbhinn II; i gcás adhmad a onnmhairítear, is táirgí adhmaid iad a lománaítear, a tháirgtear agus a onnmhairítear i gcomhréir le reachtaíocht na tíre lománaíochta agus leis na nósanna imeachta a shonraítear in Iarscríbhinn III;

g)

ciallaíonn ‘cód CC’ cód ina bhfuil sé dhigit ar a mhéid mar a leagtar amach in ainmníocht an Chórais Chomhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí de chuid na hEagraíochta Domhanda Custaim a rinneadh sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 1983, agus na leasaithe a rinneadh air ina dhiaidh sin;

h)

ciallaíonn ‘lastas’ cainníocht d’adhmaid agus de tháirgí díorthaithe a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT a sheolann coinsíneoir ó Chósta Eabhair agus a chuirtear i láthair ag oifig chustaim de chuid an Aontais lena scaoileadh i saorchúrsaíocht;

i)

ciallaíonn ‘onnmhairiú’ an ghníomhaíocht arb é atá inti adhmad agus táirgí díorthaithe a thógáil, nó a bheith ina chúis le hadhmad agus táirgí díorthaithe a thógáil, amach as críoch chustaim an Chósta Eabhair;

j)

ciallaíonn ‘allmhairiú isteach san Aontas’ adhmad agus táirgí díorthaithe, nach féidir a aicmiú mar ‘earraí de chineál neamhthráchtála’ mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (21), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (2), a scaoileadh i saorchúrsaíocht isteach san Aontas de réir bhrí Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (3);

k)

ciallaíonn ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ nós imeachta custaim de chuid an Aontais lena mbronntar stádas custaim earraí de chuid an Aontais ar earraí nach ón Aontas iad i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh.o952/2013.

Airteagal 2

Ábhar

1.   I gcomhréir le tiomantas coiteann na bPáirtithe gach cineál foraoise a bhainistiú go hinbhuanaithe, is é is cuspóir don Chomhaontú seo, ar thaobh amháin, creat dlíthiúil a sholáthar chun a áirithiú gur ar mhodh dleathach a tháirgfear an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (d), a allmhairítear isteach san Aontas ón gCósta Eabhair agus, ar an taobh eile, an trádáil san adhmad agus sna táirgí díorthaithe sin a chur chun cinn agus prionsabal na hinbhuanaitheachta a chur chun feidhme freisin.

2.   Soláthraítear leis an gComhaontú seo freisin bunús le haghaidh idirphlé agus comhar idir na Páirtithe d’fhonn cur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe a éascú agus a chur chun cinn agus forfheidhmiú an dlí foraoise agus an rialachas a neartú.

Airteagal 3

Scéim ceadúnúcháin FLEGT

1.   Bunófar scéim ceadúnúcháin FLEGT idir na Páirtithe. Bunaítear léi sraith nósanna imeachta agus ceanglas chun a fhíorú agus a dheimhniú, trí bhíthin ceadúnais FLEGT, gur táirgeadh go dleathach an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe a onnmhairíodh chuig an Aontas. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 agus leis an gComhaontú seo, ní ghlacfaidh an tAontas le lastais ón gCósta Eabhair lena n-allmhairiú isteach san Aontas mura mbeidh siad cumhdaithe le ceadúnais FLEGT.

2.   Beidh feidhm ag scéim ceadúnúcháin FLEGT maidir le hadhmad agus táirgí díorthaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (d).

3.   Aontaíonn na Páirtithe na bearta uile is gá a dhéanamh chun an scéim ceadúnúcháin FLEGT a chur chun feidhme.

Airteagal 4

An t-údarás ceadúnúcháin

1.   Ainmneoidh an Cósta Eabhair an t-údarás ceadúnúcháin agus cuirfidh sé a shonraí teagmhála in iúl don Choimisiún Eorpach. Cuirfidh na Páirtithe an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

2.   Eiseoidh t-údarás ceadúnúcháin ceadúnais FLEGT lena gcumhdaítear lastais adhmaid a tháirgtear go dleathach sa Chósta Eabhair agus a bhfuil sé beartaithe é a onnmhairiú chuig an Aontas, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear in Iarscríbhinn V.

3.   Ní eiseoidh an t-údarás ceadúnúcháin ceadúnais FLEGT ach amháin i gcás lastais adhmaid agus táirgí díorthaithe a bhí faoi réir fíorú lenar deimhníodh a ndlíthiúlacht dá bhforáiltear in Airteagal 8.

4.   I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta, cuirfidh an t-údarás ceadúnúcháin ar taifead a chuid nósanna imeachta um eisiúint cheadúnais FLEGT agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad. Coimeádfaidh sé taifid de na lastais uile a chumhdaítear le ceadúnais FLEGT cothrom le dáta freisin agus, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta um chosaint sonraí, soláthróidh sé na taifid sin chun críocha na n-iniúchtaí neamhspleácha mar a fhoráiltear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo agus chun críocha na breathnóireachta neamhspleáiche mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn III.

Airteagal 5

Údaráis inniúla

1.   Cuirfidh an Coimisiún Eorpach sonraí teagmhála na n-údarás inniúil in iúl don Chósta Eabhair. Cuirfidh na Páirtithe an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

2.   Fíoróidh na húdaráis inniúla go gcumhdaítear gach lastas le ceadúnas FLEGT bailí sula scaoiltear i saorchúrsaíocht san Aontas é. Féadfar an scaoileadh i saorchúrsaíocht sin a chur ar fionraí agus féadfar an lastas a choinneáil má bhíonn aon amhras ann faoi bhailíocht an cheadúnais FLEGT.

3.   Coimeádfaidh na húdaráis inniúla taifead de na ceadúnais FLEGT a fhaightear cothrom le dáta agus foilseoidh siad an taifead sin gach bliain.

4.   I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta um chosaint sonraí, deonóidh na húdaráis inniúla rochtain ar na sonraí agus ar na doiciméid ábhartha don iniúchóir neamhspleách arna ainmniú ag an gCósta Eabhair.

5.   Nuair a thiocfaidh adhmad agus táirgí díorthaithe ó na speicis a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún CITES agus a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT isteach san Aontas, ní dhéanfar orthu ach an fíorú a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (4). In aon chás, le ceadúnas FLEGT soláthraítear dearbhú i leith lománaíocht dlíthiúil na dtáirgí sin.

Airteagal 6

Ceadúnais FLEGT

1.   Eiseoidh an t-údarás ceadúnúcháin ceadúnais FLEGT mar bhealach lena dheimhniú gur táirgeadh an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe go dleathach.

2.   Tarraingeofar suas ceadúnais FLEGT i gcomhréir leis an múnla a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn V. Dréachtófar as Fraincis iad.

3.   Féadfaidh na Páirtithe, de thoil a chéile, córas leictreonach a bhunú chun ceadúnais FLEGT a eisiúint, a tharchur agus a fháil.

4.   In Iarscríbhinn V sonraítear an nós imeachta chun ceadúnais FLEGT a eisiúint agus sonraíochtaí teicniúla cheadúnais FLEGT.

Airteagal 7

Adhmad a tháirgtear go dleathach

Chun críoch an Chomhaontaithe seo, tugtar sainmhíniú ar ‘adhmad a tháirgtear go dleathach’ in Airteagal 1, pointe (f), agus sonraítear é a thuilleadh in Iarscríbhinn II. Tugtar tuairisc san Iarscríbhinn sin ar reachtaíocht an Chósta Eabhair atá le comhlíonadh chun adhmad agus táirgí díorthaithe a chumhdach le ceadúnas FLEGT. Áireofar san Iarscríbhinn sin freisin doiciméadacht ina mbeidh na prionsabail, na critéir agus na táscairí atá le húsáid chun comhlíonadh na reachtaíochta sin a chruthú.

Airteagal 8

Dlíthiúlacht an adhmaid agus na dtáirgí díorthaithe a fhíorú

1.   Bunóidh an Cósta Eabhair córas lena bhfíorófar gur táirgeadh go dleathach an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe le haghaidh lastais agus nach n-onnmhaireofar chuig an Aontas ach lastais arna bhfíorú amhlaidh (dá ngairfear an ‘Córas um Fíorú Dlíthiúlachta’ nó LAS anseo feasta). Le LAS déantar foráil maidir le nósanna imeachta comhlíontachta agus seiceálacha comhlíontachta chun a áirithiú nach dtiocfaidh aon adhmad de thionscnamh neamhdhleathach nó anaithnid isteach sa slabhra soláthair. Tríd an gcóras sin a úsáid, fíoróidh an Cósta Eabhair dlíthiúlacht adhmaid agus táirgí díorthaithe allmhairithe freisin.

2.   Tugtar tuairisc ar LAS in Iarscríbhinn III.

Airteagal 9

Lastais a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT a scaoileadh i saorchúrsaíocht

1.   In Iarscríbhinn IV sonraítear na nósanna imeachta lena rialaítear lastais a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas.

2.   I gcás ina bhfuil forais bhailí ag na húdaráis inniúla le bheith in amhras nach bhfuil ceadúnas FLEGT bailí ná barántúil nó nach gcomhfhreagraíonn sé don lastas a bhfuil sé ceaptha é a chumhdach, cuirfidh an t-údarás inniúil i bhfeidhm na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

3.   I gcás easaontais nó deacrachtaí leanúnacha sna comhairliúcháin maidir le ceadúnais FLEGT, féadfar easaontais nó deacrachtaí den sórt sin a chur faoi bhráid an Chomhchoiste Cur Chun Feidhme (JIC) arna bhunú faoi Airteagal 19.

Airteagal 10

Iniúchóir neamhspleách

1.   Comhaontaíonn na Páirtithe gur gá seirbhísí iniúchóireachta neamhspleáiche a iarraidh ag eatraimh chomhaontaithe chun feidhmíocht chuí agus éifeachtúlacht LAS an Chósta Eabhair, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, a áirithiú.

2.   Fostóidh an Cósta Eabhair iniúchóir neamhspleách, i gcomhairle leis an Aontas, chun na cúraimí a liostaítear in Iarscríbhinn VI a dhéanamh.

3.   Cuirfidh an t-iniúchóir neamhspleách a breathnóireachtaí faoi bhráid na bPáirtithe i dtuarascálacha i gcomhréir leis an nós imeachta a shonraítear in Iarscríbhinn VI. Foilseofar tuarascálacha an iniúchóra neamhspleách i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear in Iarscríbhinn VI.

4.   Éascóidh na Páirtithe obair an iniúchóra neamhspleách, go háirithe trína áirithiú go mbeidh rochtain ag an iniúchóir ar an bhfaisnéis is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. Féadfaidh na Páirtithe, áfach, i gcomhréir lena reachtaíocht féin um chosaint sonraí, aon fhaisnéis nach gceadaítear í a nochtadh a choimeád siar.

Airteagal 11

Neamhrialtachtaí

Cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas i scríbhinn, i gcomhréir le hAirteagal 21 den Chomhaontú seo, má bhíonn siad in amhras nó má fhaigheann siad aon fhianaise faoi aon ghabháil timpeall ar an scéim ceadúnúcháin FLEGT nó faoi aon neamhrialtacht sa scéim, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

a)

trádáil chalaoiseach, go háirithe atreorú sreafaí trádála ón gCósta Eabhair chuig an Aontas trí thríú tír inar dócha gurbh é ab aidhm don atreorú iarratas ar cheadúnas a sheachaint;

b)

ceadúnais FLEGT lena gcumhdaítear adhmad agus táirgí díorthaithe ina bhfuil adhmad ó thríú tír agus a bhfuil amhras ann gur táirgeadh go neamhdhleathach iad;

c)

calaois maidir le ceadúnais FLEGT a fháil nó a úsáid.

Airteagal 12

Dáta tosaithe le haghaidh chur chun feidhme scéim ceadúnúcháin FLEGT

1.   Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile trí JIC nuair a mheasfaidh siad go bhfuil gach ullmhúchán is gá déanta acu chun go gcuirfí scéim ceadúnúcháin FLEGT chun feidhme ar bhonn lánoibríochtúil.

2.   Coimisiúnóidh na Páirtithe measúnú neamhspleách ar scéim ceadúnúcháin FLEGT ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Leis an measúnú neamhspleách sin, cinnfear, i dtaca le LAS atá ina bhonn agus ina thaca le scéim ceadúnúcháin FLEGT an gcomhlíonann sé a fheidhmeanna go leormhaith.

3.   Ar bhonn mholtaí JIC, tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le dáta tosaigh chun scéim ceadúnúcháin FLEGT a chur chun feidhme.

4.   Tabharfaidh na Páirtithe fógra i scríbhinn dá chéile maidir leis an dáta sin i gcomhréir le hAirteagal 21 den Chomhaontú seo.

Airteagal 13

LAS a chur i bhfeidhm maidir le hadhmad agus táirgí díorthaithe nach n-onnmhairítear chuig an Aontas

Trí LAS fíoróidh an Cósta Eabhair dlíthiúlacht an adhmaid agus na dtáirgí díorthaithe atá beartaithe le haghaidh tomhaltas intíre agus le haghaidh onnmhairiú chuig margaí lasmuigh den Aontas.

Airteagal 14

Sceideal cur chun feidhme

1.   Faoi JIC, formheasfaidh na Páirtithe sceideal chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme.

2.   Le JIC déanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo i gcomparáid leis an sceideal arna fhormheas.

Airteagal 15

Bearta tionlacain

1.   Léirítear in Iarscríbhinn VIII na réimsí ina bhfuil bearta tionlacain, lena n-áirítear acmhainní breise teicniúla agus airgeadais, ag teastáil chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme agus chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna a mbítear ag gabháil don lománaíocht neamhdhleathach agus ar na fachtóirí a spreagann í.

2.   Áiritheoidh an Cósta Eabhair go ndéanfar cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a chomhtháthú ina ionstraimí pleanála náisiúnta agus ina bhuiséad náisiúnta.

3.   Áiritheoidh na Páirtithe, i dtaca le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gComhaontú seo a chur chun feidhme, go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin a chomhordú le cláir agus tionscnaimh forbartha ábhartha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe iad sin a bhfuil baint acu le REDD+.

4.   Cuirfear ar fáil na hacmhainní ar fad is gá chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme i gcomhréir le nósanna imeachta an Aontais agus a Bhallstát maidir le clársceidealú an chomhair leis an gCósta Eabhair agus le nósanna imeachta buiséadacha an Chósta Eabhair.

Airteagal 16

Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara

1.   Déanfaidh an Cósta Eabhair a pháirtithe leasmhara ábhartha a rannpháirtiú i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, go háirithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta, gnólachtaí agus ceardchumainn na hearnála príobháidí agus pobail áitiúla tríd an chefferie traditionnelle [na taoisigh thraidisiúnta].

2.   Áiritheoidh an Cósta Eabhair go ndéanfar an Comhaontú seo a chur chun feidhme agus go ndéanfar faireachán air ar bhealach trédhearcach agus na páirtithe leasmhara ábhartha rannpháirteach sa mhéid sin.

3.   Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear san áireamh cúrsaí inscne, go háirithe aitheantas níos fearr do ról na mban agus na gcailíní i rialachas foraoise agus i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

4.   Reáchtálfaidh an tAontas comhairliúcháin lena pháirtithe leasmhara maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, agus lena linn sin cuirfear san áireamh a oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil arna shíniú in Aarhus, an 25 Meitheamh 1998.

Airteagal 17

Coimircí sóisialta

1.   Chun na héifeachtaí díobhálacha féideartha ar na páirtithe leasmhara a íoslaghdú, ar páirtithe leasmhara iad a shainaithnítear in Airteagal 16(1), go háirithe na pobail áitiúla, comhaontaíonn na Páirtithe tionchar an Chomhaontaithe seo ar a slí mhaireachtála agus ar a dhálaí maireachtála a mheas.

2.   Déanfaidh na Páirtithe faireachán ar thionchar an Chomhaontaithe seo ar na páirtithe leasmhara mar a shainaithnítear in Airteagal 16(1), go háirithe na pobail áitiúla, agus lena linn sin déanfar bearta iomchuí chun aon éifeacht dhíobhálach a mhaolú. Féadfaidh na Páirtithe comhaontú ar bhearta breise chun aghaidh a thabhairt ar aon drochthionchar ar bhonn modha a chomhaontóidh na Páirtithe chun meastóireacht a dhéanamh ar an gComhaontú seo.

Airteagal 18

Dreasachtaí margaidh

Agus a oibleagáidí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, déanfaidh an tAontas rochtain fhabhrach ar a mhargadh adhmaid agus táirgí díorthaithe a chur chun cinn, go háirithe trí bheartais soláthair phoiblí agus phríobháidigh a chur chun cinn lena n-aithnítear iarrachtaí chun soláthar adhmad agus táirgí díorthaithe a tháirgtear go dleathach a áirithiú.

Airteagal 19

Comhchoiste Cur Chun Feidhme

1.   Chun rialachas an Chomhaontaithe seo a áirithiú, bunóidh na Páirtithe Comhchoiste Cur Chun Feidhme (JIC). Áireofar ar fheidhmeanna agus ar chúraimí sonracha JIC bainistiú, faireachán agus measúnú an Chomhaontaithe seo, idirphlé agus malartú faisnéise idir na Páirtithe. Tugtar tuairisc ar na feidhmeanna agus na cúraimí sin in Iarscríbhinn X.

2.   Bunófar JIC laistigh de thréimhse 3 mhí ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Chuige sin, ainmneoidh gach Páirtí a ionadaithe ar an gComhchoiste Cur chun Feidhme. Is de chomhthoil a ghlacfaidh JIC a chinntí. Beidh beirt oifigeach shinsearacha a ainmneoidh gach Páirtí, ionadaí amháin in aghaidh an Pháirtí, ina gcomhchathaoirligh air.

3.   Bunóidh JIC a rialacha nós imeachta féin.

4.   Tiocfaidh JIC le chéile 2 uair sa bhliain ar a laghad sa chéad 2 bhliain agus uair sa bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin in áit, agus ag am, agus de réir clár oibre a chomhaontóidh na Páirtithe roimh ré. Féadfar cruinnithe chomhlántacha a thionóil ar iarratas ó cheachtar de na Páirtithe.

5.   Áiritheoidh JIC go mbeidh an obair a dhéanfaidh sé trédhearcach agus go gcuirfear an fhaisnéis faoin obair agus faoi na cinntí a dhéanann sé ar fáil don phobal.

6.   Foilseoidh JIC tuarascáil bhliantúil. Leagtar amach an fhaisnéis atá le cur san áireamh sa tuarascáil sin in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 20

Trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis phoiblí

1.   Chun rialachas a fheabhsú, tá an soláthar faisnéise do pháirtithe leasmhara lárnach sa Chomhaontú seo. Foilseofar faisnéis go tráthrialta chun éascaíocht a dhéanamh ar chur chun feidhme scéim ceadúnúcháin FLEGT, agus ar an bhfaireachán uirthi, chun an trédhearcacht a mhéadú agus muinín na dtomhaltóirí agus na bpáirtithe leasmhara a fheabhsú, agus chun cuntasaíocht phoiblí na bPáirtithe a áirithiú. Leagtar amach an fhaisnéis atá le cur ar fáil don phobal in Iarscríbhinn IX.

2.   Cuirfidh gach Páirtí na sásraí cumarsáide is iomchuí i bhfeidhm (agus áirítear leis sin ar an idirlíon agus sna meáin, trí dhoiciméid nó tuarascálacha a fhoilsiú, trí cheardlanna a eagrú) chun an fhaisnéis a nochtadh don phobal.

3.   Go háirithe, gabhann na Páirtithe orthu féin faisnéis iontaofa, ábhartha agus cothrom le dáta a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara éagsúla.

4.   I gcomhréir lena reachtaíocht faoi seach, comhaontaíonn na Páirtithe gan faisnéis rúnda a mhalartaítear faoin gComhaontú seo a nochtadh. Ní nochtfaidh na Páirtithe don phobal an fhaisnéis a mhalartófar faoin gComhaontú seo ar faisnéis í a bhaineann le rúin trádála agus faisnéis rúnda ghnó, ná ní cheadóidh siad dá n-údaráis faoi seach, dá bhfoireann ná dá gconraitheoirí an fhaisnéis sin a nochtadh.

Airteagal 21

Cumarsáid maidir leis an gcur chun feidhme

1.   Is iad seo a leanas ionadaithe na bPáirtithe atá freagrach as an gcumarsáid oifigiúil maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo:

thar ceann an Aontais, Ceannaire Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh sa Chósta Eabhair;

thar ceann an Chósta Eabhair, an Aireacht atá freagrach as foraoisí.

2.   Cuirfidh na Páirtithe an fhaisnéis is gá chun an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm in iúl dá chéile go tráthúil.

3.   Féachfaidh na Páirtithe le cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal ar bhealach comhordaithe agus neamh-fhrithráiteach maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 22

Cur i bhfeidhm críochach

Na críocha a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo, beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis na críocha sin, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, de pháirt, agus maidir le críoch an Chósta Eabhair, den pháirt eile.

Airteagal 23

Idirphlé agus idirghabháil

1.   Féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú i gcónaí maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo. I gcás easaontais nó coinbhleachta, féachfaidh na Páirtithe le teacht ar réitigh trí idirphlé agus idirghabháil.

2.   Aon Pháirtí ar mian leis idirphlé a thionscnamh, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Pháirtí eile agus do JIC faoina iarraidh ar idirphlé, agus sonróidh sé ann an t-ábhar agus tabharfaidh sé achoimre ar na cúiseanna.

3.   Cuirfear tús leis an idirphlé laistigh de 40 lá agus measfar é a bheith tugtha i gcrích laistigh de 90 lá ón dáta a chuirfear isteach an iarraidh ar idirphlé, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. I gcásanna práinneacha, áfach, féadfaidh ceachtar Páirtí a iarraidh go dtionscnófar an t-idirphlé laistigh de 5 lá agus go dtabharfar i gcrích é laistigh de 30 lá ón iarraidh, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

4.   Mura réiteofar an t-easaontas nó an choinbhleacht trí chomhaontú frithpháirteach, mar thoradh ar an idirphlé, féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go rachaidh siad ar iontaoibh idirghabhálaí. D'ainneoin an leighis sin, féadfaidh ceachtar Páirtí an t-ábhar a chur go díreach chun eadrána.

5.   Tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le hidirghabhálaí a roghnú laistigh de 15 lá tar éis dóibh teacht ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar idirghabháil. Gheobhaidh an t-idirghabhálaí aighneachtaí ó na Páirtithe agus comhaontóidh sé ar sheisiún idirghabhála. Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, déanfaidh an t-idirghabhálaí, laistigh de 60 lá tar éis é a roghnú, tuairim a chur faoi bhráid an dá Pháirtí maidir leis an easaontas nó an choinbhleacht a réiteach de réir an Chomhaontaithe seo.

6.   Ní bheidh tuairim an idirghabhálaí ceangailteach ó thaobh dlí.

Airteagal 24

Eadráin

1.   I gcás nach ndéantar an t-easaontas nó an choinbhleacht a réiteach mar a fhoráiltear in Airteagal 23 mar thoradh ar an idirphlé, ná ar an idirghabháil, i gcás inarb iomchuí, déanfar aon díospóid nó caingean a eascraíonn as an gComhaontú seo nó a bhaineann leis an gComhaontú seo, nó le é a bheith ann, lena léirmhíniú, lena chur chun feidhme, lena neamhchomhlíonadh, lena réiteach nó lena neamhniú, a shocrú trí eadráin i gcomhréir le rialacha eadrána na Buanchúirte Eadrána 2012.

a)

Is é triúr líon na n-eadránaithe.

b)

Is í an Háig, an Ísiltír, an áit eadrána.

c)

Is í an Fhraincis an teanga atá le húsáid sa nós imeachta eadrána.

2.   Féadfaidh ceachtar Páirtí a iarraidh go mbunófar bord eadrána trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile agus don Bhuanchúirt Eadrána 2012.

3.   Beidh cinntí an bhoird eadrána ceangailteach ó thaobh dlí ar na Páirtithe, agus déanfaidh na Páirtithe gach beart is gá chun iad a chur chun feidhme de mheon macánta.

4.   Cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile agus JIC ar an eolas faoi na bearta atá déanta chun cinneadh an bhoird eadrána a chur chun feidhme. Déanfaidh JIC anailís ar na bearta atá déanta agus, más gá, féadfaidh sé bearta breise nó bearta ceartaitheacha a mholadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar cinneadh an bhoird eadrána. Féadfaidh gach Páirtí a iarraidh ar an mbord eadrána rialú a thabhairt maidir lena chinneadh eadrána bunaidh a chomhlíonadh.

5.   Bunóidh JIC nósanna imeachta eadrána a mhéid atá siad éagsúil le rialacha eadrána na Buanchúirte Eadrána 2012.

Airteagal 25

Fionraí

1.   Tabharfaidh Páirtí ar mian leis an Comhaontú seo a chur ar fionraí fógra i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis sin. Pléifidh na Páirtithe an t-ábhar dá éis sin, agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara ábhartha á gcur san áireamh.

2.   Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí má dhéanann an Páirtí eile na nithe seo a leanas:

a)

má mhainníonn sé a oibleagáidí faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh;

b)

má mhainníonn sé a oibleagáid na bearta rialála agus riaracháin a choimeád ar bun chomh maith leis na hacmhainní is gá chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme;

c)

má ghníomhaíonn sé nó má mhainníonn sé gníomhú ar bhealach a dhéanfaidh rioscaí nach beag do chomhshaol, do shláinte, do shábháilteacht nó do shlándáil mhuintir an Aontais nó an Chósta Eabhair.

3.   Scoirfidh coinníollacha an Chomhaontaithe seo d’fheidhm a bheith acu 30 lá féilire tar éis thabhairt an fhógra dá bhforáiltear mír 1.

4.   Tosófar ar an gComhaontú seo a chur i bhfeidhm arís 30 lá féilire tar éis don Pháirtí a chuir an cur i bhfeidhm ar fionraí an Páirtí eile a chur ar an eolas nach bhfuil feidhm ag na cúiseanna a bhí leis an bhfionraí a thuilleadh.

Airteagal 26

Leasuithe

1.   Páirtí ar mian leis an Comhaontú seo a leasú, chuirfidh sé togra faoi bhráid an Pháirtí eile 90 lá féilire ar a laghad roimh an gcéad chruinniú eile de JIC. Pléifidh an Coiste an togra agus, i gcás comhthola, déanfaidh sé moladh. Déanfaidh gach Páirtí an moladh a mheas agus, má fhormheasann sé é, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas d’fhonn dáta a chomhaontú chun an leasú a shíniú. Tar éis an tsínithe sin, déanfaidh gach Páirtí é a ghlacadh nó a dhaingniú i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.

2.   Tiocfaidh aon leasú a ghlacfaidh nó a dhaingneoidh an dá Pháirtí ar an modh sin i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chuige sin i gcrích.

3.   De mhaolú ar mhír 1, ar mholadh ó JIC, agus tar éis fhormheas na bPáirtithe, féadfaidh JIC leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a ghlacadh.

4.   Seolfar fógra faoi aon leasú chuig an taiscí le haghaidh an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 27

Fad

Beidh an Comhaontú seo bailí go ceann 10 mbliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Déanfar é a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí 10 mbliana as a chéile, mura ndéanann Páirtí é a fhoirceannadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 28.

Airteagal 28

Foirceannadh

Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra a thabhairt don Pháirtí eile i scríbhinn. Scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige 12 mhí tar éis dháta an fhógra sin.

Airteagal 29

Iarscríbhinní

Beidh na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo ina gcuid lárnach den Chomhaontú.

Airteagal 30

Téacsanna barántúla

Tá an Comhaontú seo tarraingthe suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na leaganacha sin. I gcás easaontais, is ag an téacs Fraincise a bheidh an forlámhas.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá tar éis na míosa ina dtabharfaidh na Páirtithe an fógra deiridh dá chéile i scríbhinn gur chuir siad i gcrích a nósanna imeachta féin is gá chun na críche sin.

2.   Seolfar fógra chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bheidh ina thaiscí ag an gComhaontú seo.

DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

Image 1

Image 2


(1)   IO AE L 347, 30.12.2005, lch. 1.

(2)   IO AE L 343, 29.12.2015, lch. 1.

(3)   IO AE L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(4)   IO CE L 61, 3.3.1997, lch. 1.


IARSCRÍBHINNÍ

Iarscríbhinn I:

Liosta den adhmad agus de na táirgí díorthaithe atá faoi réir cheadúnú FLEGT

Iarscríbhinn II:

Sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach

Iarscríbhinn III:

Tuairisc ar an gCóras um Fíorú Dlíthiúlachta

Iarscríbhinn IV:

Coinníollacha lena rialaítear adhmad agus táirgí díorthaithe a onnmhairítear ón gCósta Eabhair agus a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas

Iarscríbhinn V:

An nós imeachta um eisiúint ceadúnais agus sonraíochtaí teicniúla cheadúnais FLEGT

Iarscríbhinn VI:

Téarmaí tagartha an iniúchóra neamhspleách

Iarscríbhinn VII:

Critéir an mheasúnaithe neamhspleách ar an gCóras um Fíorú Dlíthiúlachta (LAS)

Iarscríbhinn VII:

Bearta tionlacain

Iarscríbhinn IX:

Faisnéis a chuirtear ar fáil don phobal

Iarscríbhinn X:

Comhchoiste Cur Chun Feidhme

IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DEN ADMHAD AGUS DE NA TÁIRGÍ DÍORTHAITHE A CHUMHDAÍTEAR LE CEADÚNÚ FLEGT

Beidh an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe seo a leanas faoi réir cheadúnú FLEGT má tá sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig an Aontas. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil toirmeasc ar onnmhairiú adhmaid ar leith nó táirgí adhmaid ar leith de réir dhlí an Chósta Eabhair, níl an t-adhmad ná na táirgí díorthaithe sin incháilithe do cheadúnas FLEGT.

Cóid CC

Tuairisc ar earraí

4403

Adhmad neamhchóirithe, bíodh an choirt nó an sú-adhmad bainte de, nó bíodh sé cearnaithe go garbh, nó ná bíodh

4406

Trasnáin iarnróid nó trambhealaí (trascheangail) as adhmad.

4407

Adhmad atá sáfa nó scealptha ar a fhad, slisnithe nó scafa, bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte nó ná bíodh, agus atá ar tiús is mó ná 6 mm

4408

Leatháin atá le veiníriú (lena n-áirítear leatháin a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), leatháin le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmaid lannaithe chomhchosúil agus adhmaid eile, atá sáfa ar a fhad, sliste nó scafa, bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntaithe nó ceannsiúntáilte nó ná bíodh, nach mó ná 6 mm a dtiús

44 09

Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d'urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-siúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéidí) feadh aon cheann dá imill, dá chinn nó dá éadain, bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte nó ná bíodh

 

eg. 44 09 21

44 10

Cláir cháithníneacha, cláir threodhualacha (OSB) agus cláir dá samhail (cláir shliseogacha, mar shampla), d’adhmad nó d’ábhair adhmadacha eile, bídís ceirtleánaithe le roisíní nó le substaintí nasctha orgánacha eile, nó ná bídís

44 12

Sraithadhmad, painéil veinírithe agus adhmad lannaithe comhchosúil eile.

 

e.g. 44 12 10

44 15

Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe comhchosúla, as adhmad; drumaí cáblaí as adhmad. Pailléid leata, sráideoga bosca agus boird ualaigh eile; as adhmad; coiléir phailléid as adhmad

44 17

Uirlisí, ceapa uirlise, cosa uirlise, ceapa nó cosa scuaibe as adhmad; ceapa gréasaí, tacaí bróige agus riteoirí i comhair bróg, as adhmad

44 18

Táirgí adhmaid le haghaidh siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna

 

e.g. 44 18 73

 

e.g. 44 18 91

44 19

earraí adhmaid le haghaidh bord agus na cistine

 

e.g. 44 19 11

 

e.g. 44 19 12

 

e.g. 44 19 19

44 20

Maircíneacht adhmaid agus adhmad inleagtha; cisteoga agus cásanna do sheodra nó sceanra, agus earraí comhchosúla, as adhmad; deilbhíní agus earraí ornáideacha eile, as adhmad; fearastuithe tí atá déanta as adhmad nach gcumhdaítear le Caibidil 94

44 21

Earraí adhmaid eile

 

eg. 44 21 91

94 03 30

Troscán adhmaid den chineál a úsáidtear in oifigí

94 03 40

Troscán adhmaid den chineál a úsáidtear i gcistineacha

94 03 50

Troscán adhmaid den chineál a úsáidtear sa seomra leapa

94 03 60

Troscán adhmaid eile

94 03 91

Codanna adhmaid

94 06 10

Foirgnimh réamhdhéanta d’adhmad

IARSCRÍBHINN II

AN SAINMHÍNIÚ AR ADHMAD A THÁIRGTEAR GO DLEATHACH

1.   

Reachtaíocht an Chósta Eabhair atá le comhlíonadh chun ceadúnas FLEGT nó deimhniú poiblí dlíthiúlachta a fháil

Ní mór na dlíthe agus an reachtaíocht seo a leanas a chomhlíonadh le gur féidir lastas adhmaid agus táirgí díorthaithe a chumhdach le ceadúnas FLEGT nó le deimhniú poiblí dlíthiúlachta:

Gníomh aonfhoirmeach ó OHADA (Organisation for the Harmonisation of Business Law in Africa) an 17 Aibreán 1997 maidir le Cearta na gCuideachtaí Tráchtála agus na Grúpála um Leas Eacnamaíoch,

Gníomh aonfhoirmeach ó OHADA an 15 Nollaig 2010 maidir le Cearta na gComharchumann,

Gníomh Aonfhoirmeach ó OHADA an 15 Nollaig 2010 maidir leis an Dlí Tráchtála Ginearálta,

Cód Ginearálta na gCánacha agus an reachtaíocht a ghabhann leis a tháinig ina dhiaidh sin,

An Cód Custaim agus an reachtaíocht a ghabhann leis a tháinig ina dhiaidh sin,

An Cód Slándála Sóisialta agus a reachtaíocht cur chun feidhme,

Cód an Nós Imeachta Shibhialta, Tráchtála agus Riaracháin,

Dlí Uimh. 98-750 an 23 Nollaig 1998 maidir le limistéar talún tuaithe agus a reachtaíocht cur chun feidhme,

An Cód Saothair agus a reachtaíocht cur chun feidhme,

An Cód Foraoiseachta agus a reachtaíocht cur chun feidhme, go háirithe:

Foraithne Uimh. 2013-484 an 2 Iúil 2013 lena mbunaítear ioncam foraoise neamhchánach laistigh den Aireacht Uisce agus Foraoiseachta,

Foraithne Uimh.o 2019-978 an 27 Samhain 2019 maidir le lamháltas bainistithe limistéir foraoise príobháideach an Stáit agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach,

Foraithne Uimh. 2019-979 an 27 Samhain 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forbairt agrafhoraoisí, lománaíocht plandálacha talmhaíochta agus margaíocht táirgí talmhaíochta sna hagrafhoraoisí,

Foraithne Uimh. 2019-980 an 29 Samhain 2019 maidir le lománaíocht sa limistéar foraoise náisiúnta,

Foraithne Uimh. 2021-438 an 8 Meán Fómhair 2021 maidir leis na coinníollacha a bhaineann le cleachtadh ghairm an fhoraoiseora agus le formheas a fháil mar fhoraoiseoir,

Foraithne Uimh. 2021-585 an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le bainistiú agus úsáid limistéar atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de,

Foraithne Uimh. 2021-585 an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe maidir próiseáil agus margaíocht táirgí foraoise,

Foraithne Uimh. 2021-587 an 6 Deireadh Fómhair lena leagtar síos na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe maidir le táirgí foraoise a onnmhairiú agus a allmhairiú,

Foraithne Uimh. 2021-588 an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos nós imeachta agus scála na n-idirbheart foraoiseachta,

Foraithne Uimh. 2022-781 an 12 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos na coinníollacha maidir le formheas a fháil mar oibreoir lománaíochta agus maidir le ceadúnas a fháil le haghaidh lománaíochta,

Ordú Uimh. 33/MINAGRA an 13 Feabhra 1992 lena gcuirtear bainistiú fhoraoisí liostaithe limistéar foraoise an Stáit de chúram ar SODEFOR,

Ordú Uimh. 861/MINEF/CAB an 13 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le pleananna forbartha foraoisí agus agrafhoraoisí a tharraingt suas agus a chur chun feidhme,

Ordú idir-aireachta Uimh. 247/MINAGRI/MPMEF/MPMB an 17 Meitheamh 2014 lena leagtar síos scála an chúitimh as barra scriosta,

Ordú Uimh. 007/MINEF/CAB an 6 Eanáir 2021 lena leagtar síos na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe maidir le clárú foraoisí,

Ordú Uimh. 511/MINEF/DGFF/DPIF an 19 Bealtaine 2023 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir leis an lománaíocht i bhforaoisí daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach, daoine nádúrtha agus maidir le lománaíocht crann nach crainn foraoise iad,

Ordú Uimh.o512/MINEF/DGFF/DPIF an 19 Bealtaine 2023 lena bhformheastar caighdeáin theicniúla maidir leis an lománaíocht;

2.   

Athchóirithe dlíthiúla atá beartaithe le linn chéim chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo

Le linn chéim chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, déanfar athchóirithe rialála a phleanáil chun an creat dlíthiúil a thabhairt chun críche, go háirithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

na socruithe a leagan síos chun na buntáistí a bhaineann le bainistiú foraoisí a chomhroinnt;

trastomhais íosta insaothraithe speiceas foraoise nádúrtha a shainiú;

na nósanna imeachta a shonrú maidir le haonaid phróiseála adhmaid a oibriú;

doiciméid maidir le bailiú, faireachán, rialú agus gluaiseacht táirgí foraoise a chomhchuibhiú agus a bhunú;

comhlachtaí cur chun feidhme LAS a bhunú,

feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil lena rialaítear an margadh náisiúnta, go háirithe maidir le rochtain ar acmhainní, an táirgeadh agus an mhargaíocht,

soiléiriú a thabhairt ar mheán aitheantais úinéirí na n-acmhainní foraoise a shainaithint agus clárú foraoisí a éascú, i gcásanna nach bhfuil deimhnithe ná teidil talún ar fáil,

foráil a dhéanamh maidir le samhail-chomhaontuithe idir úinéirí acmhainní foraoise agus oibreoirí lománaíochta,

na nósanna imeachta chun foraoisí comhphobail a chruthú agus a bhainistiú a chomhlánú,

athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras cánach lena gcumhdaítear lománaíocht, go háirithe sa limistéar foraoise daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach,

dreasachtaí a chur ar fáil ar feadh an tslabhra soláthair chun cosaint foraoisí agus athbhunú na n-acmhainní foraoise a spreagadh, lena n-áirítear creat dlíthiúil agus fioscach spreagúil agus nósanna imeachta simplithe lena gcumhdaítear foraoiseacht, lománaíocht, iompar agus margaíocht na dtáirgí foraoise, go háirithe na táirgí foraoise ó fhoraoisí príobháideacha,

soiléiriú a thabhairt ar chur i bhfeidhm toirmisc lománaíochta faoi bhun an ochtú líne dhomhanleithid.

3.   

Maitrísí dlíthiúlachta

Sainaithnítear sna maitrísí dlíthiúlachta na prionsabail, na critéir agus na táscairí a úsáidtear chun comhlíonadh na ndlíthe agus na dtéacsanna reachtúla dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo a chruthú. Chun go mbeidh an Iarscríbhinn seo oibríochtúil agus chun ceanglais aonfhoirmeacha fíoraithe a áirithiú, déanfaidh an Cósta Eabhair lámhleabhar fíorúcháin a dhréachtú lena sainaithneofar na doiciméid a úsáidfear le haghaidh an fhíoraithe agus a chomhfhreagraíonn do na táscairí a liostaítear sna maitrísí dlíthiúlachta (dá ngairtear ‘fíoraitheoirí’ anseo feasta). Déanfaidh JIC an lámhleabhar sin a fhormheas agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na hAireachta atá freagrach as foraoisí (féach freisin Iarscríbhinn III).

Maitrís dlíthiúlachta 1 – Oibreoirí lománaíochta

1.

Prionsabal: Tá an t-oibreoir bunaithe go dleathach agus formheasta

1.1.

Critéar: Tá an t-oibreoir cláraithe

1.1.1.

Táscaire: Tá an t-oibreoir cláraithe sa chlár tráchtála agus creidmheasa maoine inchorraithe

1.1.2.

Táscaire: Tá an t-oibreoir dearbhaithe don údarás cánach

1.1.3.

Táscaire: Tá an t-oibreoir cláraithe leis an struchtúr atá freagrach as an tslándáil shóisialta

1.2.

Critéar: Tá an t-oibreoir formheasta

1.2.1.

Táscaire: Tá an t-oibreoir formheasta ag an údarás foraoiseachta

2.

Prionsabal: Tá cearta rochtana ar na hacmhainní foraoise ag an oibreoir

2.1.

Critéar: Tá cearta rochtana ar na hacmhainní foraoise lena gcumhdaítear a ghníomhaíocht agus a limistéar oibríochta ag an oibreoir lománaíochta

2.1.1.

Táscaire maidir le lománaíocht i limistéar príobháideach an Stáit agus i limistéar foraoise na n-údarás áitiúil agus réigiúnach: Bronnadh lamháltas bainistíochta ar an oibreoir lománaíochta nó go n-oibríonn sé faoi chomhaontú leis an Société de Développement des Forêts [Corparáid Forbartha na bhForaoisí] (SODEFOR)

2.1.2.

Táscaire maidir le lománaíocht i bhforaoisí daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach, daoine nádúrtha agus maidir le lománaíocht crann nach crainn foraoise iad: Is é an t-oibreoir lománaíochta úinéir na n-acmhainní foraoise nó gníomhaíonn sé ar bhonn conartha chuige sin leis an úinéir

2.1.3.

Táscaire maidir le lománaíocht i limistéir imlíne lománaíochta: Bronnadh limistéar imlíne lománaíochta ar an oibreoir lománaíochta agus gníomhaíonn sé ar bhonn comhaontú leis na húinéirí

3.

Prionsabal: Déanann an t-oibreoir na hacmhainní adhmadacha a lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm

3.1.

Critéar: Tá na doiciméid pleanála lománaíochta ag an oibreoir lománaíochta

3.1.1.

Táscaire maidir le lománaíocht i limistéar príobháideach an Stáit agus i limistéar foraoise na n-údarás áitiúil agus réigiúnach: Tá plean forbartha ag an oibreoir lománaíochta lena gcumhdaítear an lamháltas bainistíochta

3.1.2.

Táscaire maidir le lománaíocht i bhforaoisí daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach, daoine nádúrtha agus maidir le lománaíocht crann nach crainn foraoise iad: Tá plean forbartha simplithe, plean bainistíochta nó sceideal bliantúil gníomhaíochtaí ag an oibreoir lománaíochta

3.2.

Critéar: Tá údarú lománaíochta ag an oibreoir nó go bhfuil a staidreamh lománaíochta tuairiscithe aige

3.2.1.

Táscaire maidir le lománaíocht i limistéar príobháideach an Stáit agus i limistéar foraoise na n-údarás áitiúil agus réigiúnach: Tá ceadúnas lománaíochta ag an oibreoir

3.2.2.

Táscaire maidir le lománaíocht i bhforaoisí daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach, daoine nádúrtha agus maidir le lománaíocht crann nach crainn foraoise iad: Tá ceadúnas lománaíochta ag an úinéir nó ag an oibreoir lománaíochta nó go bhfuil a staidreamh lománaíochta tuairiscithe aige

3.3.

Critéar: Lománaíonn an t-oibreoir na hacmhainní adhmadacha i gcomhréir leis na sonraíochtaí agus na caighdeáin theicniúla

3.3.1.

Táscaire maidir le lománaíocht i limistéar príobháideach an Stáit agus i limistéar foraoise na n-údarás áitiúil agus réigiúnach: Cuireann an bainisteoir nó an t-oibreoir teorainneacha an lamháltais agus na mbloc in iúl chomh maith leis na limistéir ina bhfuil an éiceolaíocht íogair agus láithreáin chultúrtha agus adhartha na bpobal áitiúil

3.3.2.

Táscaire maidir le lománaíocht i limistéar foraoise daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach agus daoine nádúrtha: Leagann an t-oibreoir nó an t-úinéir mullaí agus teorainneacha na dáileachta amach

3.3.3.

Táscaire maidir le foraoisí liostaithe, agrafhoraoisí agus foraoisí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach: go ndéanann an bainisteoir nó an t-oibreoir fardal lománaíochta

3.3.4.

Táscaire maidir le foraoisí daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach agus daoine nádúrtha: Déanann an t-oibreoir fardal lománaíochta nó sirtheoireacht na gcrann atá le leagan roimh an lománaíocht

3.3.5.

Táscaire: go n urramaíonn an t oibreoir na limistéir ina bhfuil an éiceolaíocht íogair

3.3.6.

Táscaire: Urramaíonn an t oibreoir a chuótaí lománaíochta (méid nó líon na gcrann atá údaraithe in aghaidh an speicis)

3.3.7.

Táscaire: Urramaíonn an t oibreoir na híos-trastomhais is féidir a lománú maidir leis na speicis a lománaítear

3.3.8.

Táscaire: Marcálann an t oibreoir go rialta na crainn atá le leagan, na crainn atá leagtha agus na stumpaí

3.4.

Critéar: Rannchuidíonn an t-oibreoir le cumhdach foraoise a athbhunú agus le coinneáil ar bun acmhainn táirgthe na foraoise

3.4.1.

Táscaire maidir le lománaíocht i limistéar príobháideach an Stáit agus i limistéar foraoise na n-údarás áitiúil agus réigiúnach: Rannchuidíonn an t-oibreoir le cumhdach foraoise a athbhunú agus le coinneáil ar bun acmhainn táirgthe na foraoise

3.4.2.

Táscaire maidir le lománaíocht i bhforaoisí daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach, daoine nádúrtha agus maidir le lománaíocht crann nach crainn foraoise iad: Rannchuidíonn an t-úinéir foraoise nó an t-oibreoir lománaíochta leis an gcumhdach foraoise a athbhunú agus le coinneáil ar bun acmhainn táirgthe na foraoise

3.5.

Critéar: Comhlíonann an t-oibreoir a cheanglais cánach agus íocann sé a mhuirir maidir le foraoiseacht

3.5.1.

Táscaire: Tá a cháin agus a mhuirir a bhaineann leis an lománaíocht íoctha ag an oibreoir lománaíochta

3.5.2.

Táscaire: Tá a mhuirir foraoiseachta neamhchánacha íoctha ag an oibreoir lománaíochta leis an Aireacht atá freagrach as foraoisí

4.

Prionsabal: go gcomhlíonann an t-oibreoir an reachtaíocht maidir le hadhmad a iompar

4.1.

Critéar: go gcomhlíonann an t-oibreoir an reachtaíocht atá i bhfeidhm maidir le cúrsaíocht lomán

4.1.1.

Táscaire le haghaidh gach cineáil iompair lomán: go ndéanann an t-oibreoir cúrsaíocht na lomán a dhoiciméadú

5.

Prionsabal: go gcomhlíonann an t-oibreoir a oibleagáidí maidir leis an gcomhshaol

5.1.

Critéar: go cuireann an t-oibreoir bearta cosanta comhshaoil chun feidhme i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm

5.1.1.

Táscaire: go ndéanann an t-oibreoir a ghníomhaíocht i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhshaoil

6.

Prionsabal: go gcomhlíonann an t-oibreoir a oibleagáidí sóisialta

6.1.

Critéar: go gcomhlíonann an t-oibreoir forálacha an Chód Saothair agus an chomhaontaithe cómhargála laistigh den trádáil

6.1.1.

Táscaire: go gcoimeádann an t-oibreoir a chlár fostóra cothrom le dáta

6.1.2.

Táscaire: Tá an t-oibreoir cothrom le dáta maidir le ranníocaíochtaí a chuid fostaithe

6.1.3.

Táscaire: go n-urramaíonn an t-oibreoir an uastréimhse oibre

6.1.4.

Táscaire: go gcomhlíonann an t-oibreoir na ceanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir lena chuid gníomhaíochtaí

6.1.5.

Táscaire: Íocann an t-oibreoir gach fostaí dá chuid an pá íosta reachtúil ar a laghad

6.1.6.

Táscaire: go n-urramaíonn an t-oibreoir an aois íosta reachtúil

6.1.7.

Táscaire: go gcuireann an t-oibreoir san áireamh na dálaí oibre leordhóthanacha do mhná i gcoitinne agus go háirithe do mhná torracha

6.2.

Critéar: go n-urramaíonn an t-oibreoir cearta na bpobal áitiúil

6.2.1.

Táscaire maidir le lománaíocht i limistéar príobháideach an Stáit agus i limistéar foraoise na n-údarás áitiúil agus réigiúnach: go n-áirithíonn an t-oibreoir urramú na gceart úsáide foraoise

6.2.2.

Táscaire maidir le lománaíocht i bhforaoisí daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach, daoine nádúrtha agus maidir le lománaíocht crann nach crainn foraoise iad: go n-urramaíonn an t-oibreoir lománaíochta cearta na n-úinéirí agus na cearta maidir le cúiteamh i leith damáiste agus cearta na dtairbhí eile

Maitrís dlíthiúlachta 2 – Próiseálaithe

1.

Prionsabal: Tá an t-oibreoir bunaithe go dleathach agus formheasta

1.1.

Critéar: Tá an t-oibreoir cláraithe

1.1.1.

Táscaire: Tá an t-oibreoir cláraithe sa chlár tráchtála agus creidmheasa maoine inchorraithe

1.1.2.

Táscaire: Tá an t-oibreoir dearbhaithe don údarás cánach

1.1.3.

Táscaire: Tá an t-oibreoir cláraithe leis an struchtúr atá freagrach as an tslándáil shóisialta

1.2.

Critéar: Tá an t-oibreoir formheasta

1.2.1.

Táscaire: Tá an t-oibreoir formheasta ag an údarás foraoiseachta

2.

Prionsabal: Tá cearta rochtana ar na hacmhainní foraoise ag an oibreoir

Neamhbhainteach

3.

Prionsabal: go bpróiseálann an t-oibreoir na hacmhainní adhmadacha i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm

3.1.

Critéar: go gcomhlíonann an t-oibreoir a cheanglais reachtúla maidir le foraoiseacht

3.1.1.

Táscaire le haghaidh gníomhaíochtaí próiseála iarmhar adhmaid agus gníomhaíochtaí tionsclaíocha siúinéireachta adhmaid: Tá ceadúnas bliantúil ag an oibreoir a d’eisigh an tAire atá freagrach as foraoisí

3.1.2.

Táscaire: go bhfaigheann an t-oibreoir an t-adhmad in éineacht leis na doiciméid lena gcruthaítear a thionscnamh dlíthiúil

3.1.3.

Táscaire le haghaidh monaróirí adhmaid: go n-urramaíonn an t-oibreoir an acmhainn próiseála theoiriciúil

3.1.4.

Táscaire: go gcoimeádann an t-oibreoir doiciméid inrianaitheachta na dtáirgí cothrom le dáta le linn an phróisis próiseála

3.2.

Critéar: Comhlíonann an t-oibreoir a cheanglais cánach agus íocann sé a mhuirir maidir le foraoiseacht

3.2.1.

Táscaire: Tá na cánacha agus na muirir chánacha íoctha ag an oibreoir

3.2.2.

Táscaire: Tá a mhuirir foraoiseachta neamhchánacha íoctha ag an oibreoir leis an Aireacht atá freagrach as foraoisí

4.

Prionsabal: Comhlíonann an t-oibreoir an reachtaíocht maidir le hadhmad a iompar

4.1.

Critéar: go gcomhlíonann an t-oibreoir an reachtaíocht atá i bhfeidhm maidir le cúrsaíocht adhmaid agus táirgí díorthaithe

4.1.1.

Táscaire le haghaidh gach cineáil iompair a dhéanann próiseálaithe: go ndéanann an t-oibreoir doiciméadú ar chúrsaíocht adhmaid agus táirgí díorthaithe ar an leibhéal náisiúnta

5.

Prionsabal: go gcomhlíonann an t-oibreoir a oibleagáidí maidir leis an gcomhshaol

5.1.

Critéar: go cuireann an t-oibreoir bearta cosanta comhshaoil chun feidhme i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm

5.1.1.

Táscaire: go ndéanann an t-oibreoir a ghníomhaíocht i gcomhréir leis an reachtaíocht chomhshaoil

5.1.2.

Táscaire: go gcomhlíonann an t-oibreoir na bearta dá bhforáiltear sa phlean bainistíochta comhshaoil agus na bearta arna leagan síos ag na húdaráis chomhshaoil

6.

Prionsabal: go gcomhlíonann an t-oibreoir a oibleagáidí sóisialta

6.1.

Critéar: go gcomhlíonann an t-oibreoir forálacha an Chód Saothair agus an chomhaontaithe cómhargála laistigh den trádáil

6.1.1.

Táscaire: go gcoimeádann an t-oibreoir a chlár fostóra cothrom le dáta

6.1.2.

Táscaire: Tá an t-oibreoir cothrom le dáta maidir le ranníocaíochtaí a chuid fostaithe

6.1.3.

Táscaire: go n-urramaíonn an t-oibreoir an uastréimhse oibre

6.1.4.

Táscaire: go gcomhlíonann an t-oibreoir na ceanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir lena chuid gníomhaíochtaí

6.1.5.

Táscaire: Íocann an t-oibreoir gach fostaí dá chuid an pá íosta reachtúil ar a laghad

6.1.6.

Táscaire: go n-urramaíonn an t-oibreoir an aois íosta reachtúil

6.1.7.

Táscaire: go gcuireann an t-oibreoir san áireamh na dálaí oibre leordhóthanacha do mhná i gcoitinne agus go háirithe do mhná torracha

Maitrís dlíthiúlachta 3 – Allmhaireoir/onnmhaireoir/trádálaí

1.

Prionsabal: Tá an t-oibreoir bunaithe go dleathach agus formheasta

1.1.

Critéar: Tá an t-oibreoir cláraithe

1.1.1.

Táscaire: Tá an t-oibreoir cláraithe sa chlár tráchtála agus creidmheasa maoine inchorraithe

1.1.2.

Táscaire: Tá an t-oibreoir dearbhaithe don údarás cánach

1.1.3.

Táscaire: Tá an t-oibreoir cláraithe leis an struchtúr atá freagrach as an tslándáil shóisialta

1.2.

Critéar: Tá an t-oibreoir formheasta

1.2.1.

Táscaire le haghaidh gach onnmhaireora agus trádálaí: Tá an t-oibreoir formheasta ag an údarás foraoiseachta

2.

Prionsabal: Tá cearta rochtana ar na hacmhainní foraoise ag an oibreoir

Neamhbhainteach

3.

Prionsabal: go n-allmhairíonn nó go n-onnmhairíonn an t-oibreoir an t-adhmad i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm

3.1.

Critéar: go gcomhlíonann an t-oibreoir na ceanglas reachtúla

3.1.1.

Táscaire le haghaidh gach allmhaireora: Tá ceadúnas allmhairiúcháin táirgí foraoise ag an oibreoir

3.1.2.

Táscaire le haghaidh gach allmhaireora: go n-áirithíonn an t-allmhaireoir dlíthiúlacht na dtáirgí adhmaid allmhairithe

3.1.3.

Táscaire le haghaidh gach onnmhaireora: déanann an t-oibreoir a phacáistí a fhíorú agus dearbhaíonn sé na táirgí atá le honnmhairiú leis na húdaráis inniúla go rialta

3.2.

Critéar: Comhlíonann an t-oibreoir a cheanglais cánach agus íocann sé a mhuirir maidir le foraoiseacht

3.2.1.

Táscaire le haghaidh gach onnmhaireora: Íocann an t-oibreoir na cánacha, na muirir chánacha agus na táillí custaim

3.2.2.

Táscaire: Tá a mhuirir foraoiseachta neamhchánacha íoctha ag an oibreoir leis an Aireacht atá freagrach as foraoisí

4.

Prionsabal: go gcomhlíonann an t-oibreoir an reachtaíocht maidir le hadhmad a iompar

4.1.

Critéar: go gcomhlíonann an t-oibreoir an reachtaíocht atá i bhfeidhm maidir le cúrsaíocht adhmaid agus táirgí díorthaithe le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú

4.1.1.

Táscaire le haghaidh gach onnmhaireora: go ndéanann an t-oibreoir doiciméadú ar chúrsaíocht adhmaid agus táirgí díorthaithe

5.

Prionsabal: go gcomhlíonann an t-oibreoir a oibleagáidí maidir leis an gcomhshaol

5.1.

Critéar: go cuireann an t-oibreoir bearta cosanta comhshaoil chun feidhme i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm

5.1.1.

Táscaire le haghaidh allmhaireoirí agus onnmhaireoirí: go ndéanann an t-oibreoir a ghníomhaíocht i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le caomhnú fauna agus flora agus speiceas atá faoi bhagairt

5.1.2.

Táscaire le haghaidh onnmhaireoirí: go ndéantar an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe atá le honnmhairiú a láimhseáil i gcomhréir leis na bearta fíteashláintíochta sonracha

6.

Prionsabal: go gcomhlíonann an t-oibreoir a oibleagáidí sóisialta

6.1.

Critéar: go gcomhlíonann an t-oibreoir forálacha an Chód Saothair agus an chomhaontaithe cómhargála laistigh den trádáil

6.1.1.

Táscaire: Coimeádann an t-oibreoir a chlár fostóra cothrom le dáta

6.1.2.

Táscaire: Tá an t-oibreoir cothrom le dáta maidir le ranníocaíochtaí a chuid fostaithe

6.1.3.

Táscaire: Urramaíonn an t-oibreoir an uastréimhse oibre

6.1.4.

Táscaire: Comhlíonann an t-oibreoir na ceanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir lena chuid gníomhaíochtaí

6.1.5.

Táscaire: Íocann an t-oibreoir gach fostaí an pá íosta reachtúil ar a laghad

6.1.6.

Táscaire: Urramaíonn an t-oibreoir an aois íosta reachtúil

6.1.7.

Táscaire: Cuireann an t-oibreoir san áireamh na dálaí oibre leordhóthanacha do mhná i gcoitinne agus go háirithe do mhná torracha

IARSCRÍBHINN III

TUAIRISC AR AN gCÓRAS UM FÍORÚ DLÍTHIÚLACHTA

CLÁR

1.

Forálacha ginearálta

2.

Comhpháirteanna LAS

3.

Raon feidhme LAS

3.1.

Foinsí adhmaid a chumhdaítear le LAS

3.2.

Margaí a chumhdaítear le LAS

3.3.

Gníomhaithe a bhfuil baint acu le LAS

3.4.

Gníomhaíochtaí a chumhdaítear le LAS

4.

An t-iniúchadh agus an fíorú

4.1.

An t-iniúchadh

4.1.1.

An dlíthiúlacht a iniúchadh

4.1.2.

An inrianaitheacht a iniúchadh

4.2.

An fíorú

4.2.1.

Spriocanna an fhíoraithe

4.2.2.

Gníomhaireachtaí fíorúcháin

4.2.3.

Lámhleabhar fíorúcháin

4.2.4.

Conradh iniúchóireachta

4.2.5.

Plean agus gníomhaíochtaí fíorúcháin

4.2.6.

Cruinniú tionscnaimh

4.2.7.

Gníomhaíochtaí iniúchóireachta

4.2.8.

Cruinniú deiridh

4.2.9.

Tuarascáil iniúchóireachta

4.2.10.

Cinnteoireacht maidir leis an dlíthiúlacht

4.2.11.

Cinnteoireacht maidir leis an inrianaitheacht

4.2.12.

Iniúchtaí speisialta nó breise

5.

Teastais phríobháideacha agus phoiblí a aithint

6.

An córas bainistithe sonraí

7.

Cásanna neamhchomhlíontachta a láimhseáil

8.

Ceadúnais FLEGT agus deimhnithe dlíthiúlachta a eisiúint

9.

An iniúchadh neamhspleách

10.

An bhreathnóireacht neamhspleách

11.

An córas bainistithe gearán

1.   Na forálacha ginearálta

Is é is aidhm do Chóras an Chósta Eabhair um Fíorú Dlíthiúlachta dlíthiúlacht adhmaid agus táirgí díorthaithe a áirithiú (dá ngairtear ‘adhmad’ anseo feasta san Iarscríbhinn seo). Beidh gá le ceadúnas FLEGT a fháil le haghaidh gach onnmhairithe adhmaid, i gcomhréir leis an liosta táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I, chuig tíortha an Aontais. I gcás tíortha eile, eiseofar deimhniú poiblí lena bhfianófar dlíthiúlacht agus inrianaitheacht adhmaid i gcomhréir le ceanglais LAS.

Beidh LAS bunaithe ar an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm. Comhtháthóidh sé freisin an córas rialaithe stáit ag gach céim den slabhra soláthair, mar atá cearta agus teidil a leithdháileadh, lománaíocht, iompar, próiseáil, onnmhairiú agus allmhairiú agus trádáil ar an margadh náisiúnta.

Forbraíodh LAS trí phróiseas ilpháirtithe leasmhara lena mbaineann na húdaráis ábhartha, ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ón earnáil phríobháideach agus ó na pobail áitiúla trí na taoisigh thraidisiúnta.

2.   Comhpháirteanna LAS

Cuimsítear in LAS na comhpháirteanna seo a leanas:

a)

leis an sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, sainaithnítear na ceanglais dhlíthiúla agus rialála atá le comhlíonadh ionas gur féidir an t-adhmad a chumhdach le ceadúnas FLEGT nó le deimhniú poiblí dlíthiúlachta, de réir mar is cuí. Airítear in Iarscríbhinn II freisin na maitrísí dlíthiúlachta ina sainaithnítear na prionsabail, critéir agus táscairí chun comhlíonadh an chreata dhlíthiúil agus rialála a fhíorú;

b)

is iad cuspóirí an iniúchta dlíthiúlachta agus inrianaitheachta, ar thaobh amháin, a áirithiú go bhfuil oibreoirí bunaithe go dleathach agus formheasta agus go bhfuil a ngníomhaíochtaí dleathach, agus, ar an taobh eile, an t-adhmad a rianú ón áit leagtha go dtí áit na margaíochta nó an onnmhairiúcháin. Cumhdaítear leis an ngníomhaíocht sin an rialú a dhéanann struchtúir inniúla an Stáit, dá bhforáiltear sa chreat dlíthiúil agus sna doiciméid riaracháin ina bhfuil na nósanna imeachta mionsonraithe a bhaineann le rialú Stáit;

c)

tá fíorú na dlíthiúlachta agus na hinrianaitheachta sa bhreis ar an iniúchadh dlíthiúlachta agus inrianaitheachta agus cuidíonn sé le dlíthiúlacht adhmaid arna thrádáil agus arna onnmhairiú a áirithiú. Díríonn an fíorú ní hamháin ar ghníomhaíochtaí oibreoirí ach freisin ar ghníomhaíochtaí struchtúir inniúla an Stáit i dtaca le deimhnithe a eisiúint agus leis an iniúchadh. Déanfaidh gníomhaireacht fíorúcháin phríobháideach amháin nó níos mó atá formheasta ag an údarás foraoiseachta an chéim sin;

d)

ní eiseoidh an t-údarás ceadúnúcháin ceadúnais FLEGT le haghaidh lastais adhmaid atá ceaptha do mhargadh an Aontais ach amháin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus tar éis an dlíthiúlacht agus an inrianaitheacht a fhíorú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Deimhneofar dlíthiúlacht adhmaid atá beartaithe le haghaidh margaí onnmhairiúcháin lasmuigh den Aontas nó le haghaidh an mhargaidh náisiúnta le deimhnithe poiblí sonracha arna n-eisiúint freisin ag údarás ceadúnúcháin FLEGT tar éis dlíthiúlacht agus inrianaitheacht a fhíorú mar a leagtar síos san Iarscríbhinn seo;

e)

le hiniúchadh neamhspleách an chórais, a leagtar a théarmaí tagartha amach in Iarscríbhinn VI, déanfar measúnú ar fheidhmiú, inchreidteacht agus éifeachtacht LAS. Is é struchtúr neamhspleách a earcóidh an Cósta Eabhair i gcomhairle leis an Aontas a dhéanfaidh an t-iniúchadh sin;

f)

is cuid lárnach de LAS í an bhreathnóireacht neamhspleách. Déanfaidh eagraíochtaí na sochaí sóisialta an bhreathnóireacht sin agus léi is féidir na páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas dlíthiúil agus rialála d’fhonn rialachas na hearnála fheabhsú;

g)

is sásra é an córas bainistithe gearán lenar féidir caingne a bhaineann le fíorú dlíthiúlachta adhmaid a chlárú agus a phróiseáil d’fhonn bearta leantacha a dhéanamh laistigh den spriocdháta réamhbhunaithe. Tríd an idirphlé, leis an gcóras sin is féidir le rannpháirtithe nó gníomhaithe éagsúla a dhéanann LAS difear dóibh gearán a chur isteach maidir le hiniúchadh agus fíorú dlíthiúlachta agus inrianaitheachta agus maidir leis an sásra um eisiúint cheadúnais FLEGT.

Is féidir féachaint ar chomhpháirteanna LAS mar a leanas:

Image 3

3.   Raon feidhme LAS

3.1.   Foinsí adhmaid a chumhdaítear le LAS

Cumhdaítear le LAS na táirgí ar fad a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo agus a thagann:

a)

ó limistéar foraoise daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach, lena gcuimsítear: i) limistéar foraoise príobháideach de chuid an Stáit, arb é atá ann foraoisí liostaithe, agrafhoraoisí agus foraoisí arna bhfáil nó arna gcruthú ag an Stát i limistéar tuaithe agus ii) limistéar foraoise na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, arb é atá ann foraoisí atá liostaithe thar ceann údaráis áitiúla agus réigiúnacha, foraoisí arna ndeonú ag an Stát agus foraoisí arna bhfáil nó arna gcruthú ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha sa limistéar tuaithe;

b)

ó limistéar foraoise daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach, arb é atá ann foraoisí nádúrtha nó foraoisí arna gcruthú ag daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach ar thalamh a fhaightear go dleathach agus ar fhoraoisí comhphobail;

c)

ó limistéar foraoise daoine nádúrtha lena n-áirítear an méid seo a leanas:

foraoisí nádúrtha ar thalamh a bhfuil ceart maoine nó cearta an ghnáis ag daoine nádúrtha ina leith i gcomhréir le reachtaíocht an Chósta Eabhair maidir leis an talamh,

fáschoillte arna gcruthú ar thalamh a bhfuil ceart maoine, cearta an ghnáis nó léas ag na daoine sin ina leith;

d)

ó chrainn nádúrtha agus crainn a chuirtear lasmuigh d’fhoraois;

e)

ó adhmad allmhairithe. Mar sin féin, mar a fhoráiltear i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo, déanfar dlíthiúlacht an adhmaid a allmhairítear le ceadúnas FLEGT nó le cead CITES a aithint go huathoibríoch;

f)

ó dhífhoraoisiú agus ó réitigh agus ó acmhainní foraoisí a urghabhadh. Mar sin féin, cumhdófar an t-adhmad ó dhífhoraoisiú agus ó ghlanadh agus an t-adhmad a urghabhadh nó a coigistíodh le LAS, gan an t-adhmad sin a bheith incháilithe do cheadúnas FLEGT.

Ní chumhdaítear le LAS adhmad faoi bhealach ós rud é go dtéann an t-adhmad sin, atá de thionscnamh tríú tír, isteach i gcríoch an Chósta Eabhair faoi rialú custaim agus go bhfágann sé an tír san fhoirm chéanna agus tír a thionscnaimh á coinneáil aige agus gan bheith próiseáilte nó margaithe. Dá bhrí sin, tá adhmad faoi bhealach fós ar leithligh ón slabhra soláthair a chumhdaítear le LAS, níl sé faoi réir fíorú dlíthiúlachta trí LAS agus ní chumhdaítear é le scéim ceadúnúcháin FLEGT. Ní chumhdaítear le LAS ach oiread na táirgí deiridh a allmhairítear isteach sa Chósta Eabhair agus a athonnmhairítear.

3.2.   Margaí a chumhdaítear le LAS

Le LAS cumhdaítear na margaí seo a leanas:

a)

margadh an Aontais: le LAS is féidir a fhíorú gur táirgeadh go dleathach an t-adhmad a bhfuil sé beartaithe é a onnmhairiú chuig an Aontas nó a chur ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear adhmad allmhairithe. Leis an gcóras sin, déantar foráil maidir le nósanna imeachta agus seiceálacha comhlíontachta chun a áirithiú nach dtiocfaidh aon adhmad de thionscnamh neamhdhleathach nó anaithnid isteach san Aontas. Eiseofar ceadúnas FLEGT tar éis chomhlíonadh dlí an adhmaid atá ceaptha le haghaidh mhargadh an Aontais a fhíorú;

b)

margaí lasmuigh den Aontas: le LAS is féidir a fhíorú gur táirgeadh go dleathach an t-adhmad a bhfuil sé beartaithe é a onnmhairiú chuig margaí lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear adhmad allmhairithe. Eiseofar deimhniú poiblí dlíthiúlachta tar éis comhlíonadh dlí adhmaid atá ceaptha do mhargaí lasmuigh den Aontas a fhíorú;

c)

an margadh náisiúnta: le LAS is féidir a fhíorú gur táirgeadh go dleathach an t-adhmad a bhfuil sé beartaithe é a úsáid go hintíre, lena n-áirítear adhmad allmhairithe. Is féidir deimhniú poiblí dlíthiúlachta a eisiúint tar éis comhlíonadh dlí adhmaid atá ceaptha don mhargadh sin a fhíorú.

3.3.   Gníomhaithe a bhfuil baint acu le LAS

Le LAS tá gá le rannpháirtíocht na ngníomhaithe seo a leanas:

a)

JIC, ar struchtúr an chur chun feidhme é, arna bhunú ag na Páirtithe sa Chomhaontú seo mar a leagtar amach in Airteagal 19 agus in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú seo;

b)

na húdaráis phoiblí, a dhéanfaidh an córas rialaithe Stáit a áirithiú, lena n-áirítear na struchtúir atá faoina maoirseacht, atá údaraithe chun iniúchadh dlíthiúlachta agus inrianaitheachta a dhéanamh agus a bhfuil sé de fhreagracht orthu a áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht a shainaithnítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo (féach pointe 4.1 den Iarscríbhinn seo);

c)

agus an Comhaontú seo á chur chun feidhme, déanfaidh an Cósta Eabhair Coiste Náisiúnta um Rialachas Foraoise (CNGF) a bhunú a ndéanfar a rúnaíocht theicniúil bhuan a áirithiú le seirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht. Is é an t-údarás foraoiseachta a cheapfaidh an tseirbhís sin agus a chuirfidh acmhainní oibríochtúla ar fáil di chun a neamhspleáchas a ráthú. Tiocfaidh CNGF agus an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht, a chuireann a rúnaíocht ar fáil, chun cinn ón gCoiste Teicniúil um Chaibidliú atá ann faoi láthair de Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonaí (VPA) FLEGT agus óna rúnaíocht. Sa bhreis ar na hinniúlachtaí dá bhforáiltear a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta um Chaomhnú, Athshlánú Talún agus Leathnú Foraoisí, feidhmeoidh CNGF mar choiste stiúrtha LAS agus mar an gcóras bainistithe gearán, ar gearáin iad a bhaineann le LAS. Áiritheoidh an Cósta Eabhair go mbeidh páirtithe leasmhara éagsúla ó earnáil na foraoiseachta, lena n-áirítear an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus na taoisigh thraidisiúnta, ina gcuid de CNGF agus go ndéanfaidh siad a bhfeidhmeanna i ndáil le LAS go héifeachtach. Is struchtúr buan atá sa tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht a chuidíonn le CNGF maidir lena chúraimí stiúrtha agus láimhseála gearán, an córas bainistithe sonraí a riar agus an t-idirphlé idir seirbhísí riaracháin éagsúla lena mbaineann LAS a éascú, go háirithe trí bhíthin meitheal ina ndéantar ionadaíocht orthu;

d)

is struchtúr é an t-údarás ceadúnúcháin faoi údarás na hAireachta atá freagrach as foraoisí (féach mír 8 den Iarscríbhinn seo agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gComhaontú seo);

e)

déanfaidh gníomhaireacht fíorúcháin amháin nó níos mó na hiniúchtaí fíorúcháin, ar eintitis phríobháideacha iad arna bhformheas chun na críche sin ag an údarás foraoiseachta le linn chéim chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo (féach pointe 4.2.2 den Iarscríbhinn seo);

f)

cumhdaítear le LAS na hoibreoirí uile atá rannpháirteach i slabhra luacha an adhmaid ina iomláine. Is de réir trí chineál oibreora a thógtar na maitrísí dlíthiúlachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, mar atá: i) na hoibreoirí lománaíochta, ar daoine dlítheanacha nó daoine nádúrtha iad atá formheasta ag an Aireacht atá freagrach as foraoisí chun an lománaíocht a áirithiú. Measfar gur gníomhaíochtaí lománaíochta iad an leagan, an múnlú agus an t-iompar adhmaid, mar aon le haon logáil eile adhmaid chun críoch trádála; ii) áirítear ar phróiseálaithe adhmaid daoine a tháirgeann na hearraí inláimhsithe trí amhábhar a phróiseáil agus a luachshocrú. Tá siad freagrach freisin as an ngníomhaíocht adhmad a iompar idir monarchana próiseála; iii) áirítear ar thrádálaithe adhmaid an mhargaidh náisiúnta, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí adhmaid oibreoirí a dhéanann adhmad a mhargú, a allmhairiú nó a onnmhairiú;

g)

tá baint ag an tsochaí shibhialta le LAS mar bhreathnóir neamhspleách. Idirghníomhaíonn sí le gníomhaithe agus rannpháirtithe eile in LAS, glacann sí páirt mar bhreathnóir i ngníomhaíochtaí fíorúcháin agus bíonn rochtain aici ar an bhfaisnéis is gá chun an bhreathnóireacht neamhspleách sin a dhéanamh (féach pointe 10 den Iarscríbhinn seo);

h)

déanfaidh an t-iniúchóir neamhspleách measúnú ar fheidhmíocht agus éifeachtacht chuí LAS (féach mír 9 den Iarscríbhinn seo agus Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gComhaontú seo). Le hiniúchtaí neamhspleácha cumhdaítear ról agus gníomhaíochtaí na ngníomhaithe a mhéid a bhaineann siad le LAS. Chun a chinneadh an bhfuil cásanna neamhchomhlíontachta féideartha ar leibhéal an rialaithe agus allamuigh á sainaithint go héifeachtach le linn an fhíoraithe, déanfaidh an t-iniúchóir neamhspleách iniúchadh ar ghníomhaíochtaí ábhartha na ndaoine seo a leanas:

na húdaráis atá freagrach as ceadúnais lománaíochta, phróiseála agus mhargaíochta a eisiúint,

na húdaráis atá freagrach as iniúchtaí dlíthiúlachta agus inrianaitheachta,

na hoibreoirí lománaíochta, próiseálaithe, onnmhaireoirí, allmhaireoirí agus trádálaithe.

Léirítear sa léaráid seo a leanas na hidirghníomhaíochtaí idir na gníomhaithe éagsúla sin:

Image 4

3.4.   Gníomhaíochtaí a chumhdaítear le LAS

Le LAS cumhdaítear gníomhaíochtaí uile oibreoirí na hearnála foraoiseachta, ón mbronnadh teideal, lománaíocht, próiseáil, margaíocht ar an margadh náisiúnta go honnmhairiú agus allmhairiú na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I. Cumhdaítear le LAS freisin gníomhaíochtaí struchtúir inniúla an Stáit i dtaca le deimhnithe a eisiúint agus leis an iniúchadh.

Tá LAS bunaithe ar an sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach (féach Iarscríbhinn II) arb é an bunús chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh dlí na ngníomhaíochtaí ar fad a bhaineann le táirgeadh agus margú adhmaid.

Áirítear le LAS leibhéal iniúchta feabhsaithe le leibhéal fíoraithe d’fhonn comhlíonadh na gceanglas dlíthiúlachta agus inrianaitheachta a fhíorú agus chun aon neamhchomhlíonadh leis na ceanglais sin a bhrath.

4.   Iniúchadh agus fíorú

Tá dhá chéim i gceist le LAS. Baineann an chéad chéim leis an rialú a dhéanann na seirbhísí riaracháin inniúla (rialú Stáit). Baineann an dara céim leis an bhfíorú a dhéanann gníomhaíocht fíorúcháin phríobháideach amháin nó níos mó atá creidiúnaithe ag an údarás foraoiseachta agus a ndéanann an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht agus inrianaitheacht foraoise maoirseacht ar a cuid nó a gcuid gníomhaíochtaí.

4.1.   An t-iniúchadh

Is é cuspóir don iniúchadh dlíthiúlachta a áirithiú go mbeidh na hoibreoirí bunaithe go dleathach agus formheasta agus go mbeidh gníomhaíochtaí an tslabhra soláthair adhmaid foraoise ina iomláine dleathach.

Is é is cuspóir don iniúchadh inrianaitheachta an t-adhmad a rianú ón suíomh lománaíochta nó ón bpost teorann (ó theacht isteach an adhmaid sa Chósta Eabhair) go dtí áit na margaíochta ar an margadh náisiúnta nó áit an onnmhairiúcháin, agus sláine an tslabhra soláthair á háirithiú an tráth céanna.

Baineann an chéim sin leis na gnáthsheiceálacha a dhéanann struchtúir inniúla an Stáit agus dá bhforáiltear sa chreat dlíthiúil agus sna nósanna imeachta rialaithe. Dá bhrí sin, tá na seiceálacha dírithe ar oibreoirí uile na hearnála: oibreoirí lománaíochta, próiseálaithe, onnmhaireoirí, allmhaireoirí agus trádálaithe.

4.1.1.   An dlíthiúlacht a iniúchadh

Cumhdaítear le hiniúchadh na dlíthiúlachta gníomhaíochtaí na seirbhísí riaracháin cumhachtaithe atá freagrach as comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil agus rialála a shainítear in Iarscríbhinn II a áirithiú (féach an tábla dar teideal ‘Príomhstruchtúir Stáit a bhfuil baint acu leis an dlíthiúlacht a iniúchadh de réir an chineáil oibreora’).

Tábla: Príomhstruchtúir Stáit a bhfuil baint acu leis an dlíthiúlacht a iniúchadh de réir an chineáil oibreora

 

Maitrís 1: Oibreoir Lománaíochta

Maitrís 2: Próiseálaí

Maitrís 3: Onnmhaireoir/Allmhaireoir (Trádálaithe)

Prionsabal 1: An comhdhéanamh dlíthiúil agus na formheasanna

á rialú go príomha ag na cúirteanna inniúla (an chúirt tráchtála, an chúirt chéadchéime nó an rann scoite den chúirt), an struchtúr atá freagrach as an tslándáil shóisialta agus an t-údarás cánach, an t-údarás tráchtála agus an t-údarás foraoiseachta

á rialú go príomha ag na cúirteanna inniúla (an chúirt tráchtála, an chúirt chéadchéime nó an rann scoite den chúirt), an struchtúr atá freagrach as an tslándáil shóisialta agus an t-údarás cánach, an t-údarás tráchtála agus an t-údarás foraoiseachta

á rialú go príomha ag na cúirteanna inniúla (an chúirt tráchtála, an chúirt chéadchéime nó an rann scoite den chúirt), an struchtúr atá freagrach as an tslándáil shóisialta agus an t-údarás cánach, an t-údarás tráchtála agus an t-údarás foraoiseachta

Prionsabal 2: Cearta rochtana ar acmhainní foraoise

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta agus ag an údarás talún

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Prionsabal 3: Na gníomhaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta agus ag an údarás cánach

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta agus ag an údarás cánach

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta, an t-údarás fioscach agus an t-údarás custaim

Prionsabal 4: Adhmad a iompar

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta, ag an údarás custaim

Prionsabal 5: Na hoibleagáidí comhshaoil

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta agus ag an údarás comhshaoil

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta agus ag an údarás comhshaoil

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta, an t-údarás talmhaíochta agus an t-údarás comhshaoil

Prionsabal 6: Na hoibleagáidí sóisialta

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta, na struchtúir atá i gceannas ar an tslándáil shóisialta, an fholláin agus an tslándáil oibre

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta, na struchtúir atá i gceannas ar an tslándáil shóisialta, an tsláinte agus an tslándáil oibre

á rialú go príomha ag an údarás foraoiseachta, na struchtúir atá i gceannas ar an tslándáil shóisialta, an tsláinte agus an tslándáil oibre

Cumhdaítear le gníomhaíochtaí na céime sin go háirithe na doiciméid a eisiúint, na rialuithe dhoiciméadacha (bailíocht agus rialtacht an doiciméid, comhlíontacht na sonraí, etc.), na rialaithe allamuigh agus gach gníomhaíocht rialaithe eile a dhéanann na húdaráis inniúla.

Déantar sonraí na nósanna imeachta agus eagrú na n-inniúlachtaí maidir le hiniúchadh na dlíthiúlachta agus na hinrianaitheachta a fhorbairt go tráthrialta chun tosaíochtaí polaitiúla, eagrú na n-Aireachtaí a léiriú agus d’fhonn córas gan pháipéar a bhaint amach i dtaobh nósanna imeachta agus doiciméid rialaithe riaracháin. Áiritheoidh an Cósta Eabhair go gcuirfear gach lámhleabhar, gach treoirlíne agus gach doiciméad riaracháin eile ina bhfuil na nósanna imeachta rialaithe arna gcur i gcrích ag na húdaráis éagsúil ar fáil don phobal, é san áireamh leis sin go háirithe trína bhfoilsiú ar an suíomh gréasáin atá tiomnaithe don Chomhaontú seo. Áirítear orthu sin na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:

lámhleabhair nósanna imeachta a n-údarás lena mbaineann LAS,

rialacha agus caighdeáin theicniúla arna sainiú ag na húdaráis lena mbaineann LAS.

4.1.2.   An inrianaitheacht a iniúchadh

Leis an gcóras náisiúnta inrianaitheachta, beifear in ann an t-adhmad ar fad a rianú ón láithreán lománaíochta nó ón bpost teorann (ó theacht isteach an adhmaid sa Chósta Eabhair), trí chéimeanna an iompair agus na próiseála, go dtí an áit mhargaíochta nó onnmhairiúcháin. D’fhonn inrianaitheacht éifeachtach adhmaid a áirithiú feadh an tslabhra soláthair, leis an gcóras náisiúnta inrianaitheachta beifear in ann bailíocht na sonraí tuairiscithe a áirithiú ag gach céim chomh maith le comhsheasmhacht na sonraí ó chéim amháin go dtí an chéad cheann eile.

Cuirfear bailchríoch ar an gcóras náisiúnta inrianaitheachta le linn chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo. Déanfar an t-iniúchadh inrianaitheachta i gcomhréir leis na príomhchéimeanna seo a leanas:

 

Céim 0: teorainneacha na dáileachta foraoise a rialú

 

Céim 1: sirtheoireacht/fardal

 

Céim 2: leagan agus marcáil stumpaí agus tamhan

 

Céim 3: cóireáil (prúnáil ar an bpáirc foraoise)

 

Céim 4: lomáin a lódáil

 

Céim 5: na lomáin a iompar go dtí clós lomán na monarchan

 

Céim 6: na lomáin a fháil ag clós lomán na monarchan

 

Céim 7: na lomáin a ullmhú (bearradh-phrúnáil)

 

Céim 8: teacht isteach sa slabhra próiseála

 

Céim 9: an phróiseáil

 

Céim 10: faireachán ar an táirgeadh (an phacáil san áireamh, más infheidhme)

 

Céim 11: faireachán ar an margaíocht

Dréachtóidh údarás foraoiseachta an Chósta Eabhair lámhleabhar maidir leis an inrianaitheacht adhmaid a iniúchadh agus foilseofar é ar a shuíomh gréasáin.

4.2.   An fíorú

4.2.1.   Spriocanna an fhíoraithe

Cuirtear céim an fhíoraithe leis an gcéim iniúchta chun dlíthiúlacht agus inrianaitheacht adhmaid a allmhairítear, a thrádáiltear nó a onnmhairítear a áirithiú. Dá bhrí sin, tá an fíorú dírithe ní hamháin ar oibreoirí ach freisin ar struchtúir inniúla an Stáit i dtaca le deimhnithe a eisiúint agus leis an iniúchadh.

De ghnáth, is de réir an oibreora agus de réir an cheadúnais lománaíochta a dhéantar an dlíthiúlacht a fhíorú ar feadh tréimhse bhailíochta atá socraithe agus in-athnuaite, agus os a choinne sin déantar an inrianaitheacht a fhíorú de réir an lastais. Mar sin féin, i gcásanna sonracha a dtabharfar tuairisc orthu sa lámhleabhar fíorúcháin dá dtagraítear i bpointe 4.2.3., féadfaidh sé gur trí choinsíniú a dhéanfar an dlíthiúlacht a fhíorú nó go ndéanfaidh oibreoir an inrianaitheacht a fhíorú.

4.2.2.   Gníomhaireachtaí fíorúcháin

Déanfaidh gníomhaireacht phríobháideach amháin nó níos mó atá formheasta ag an údarás foraoiseachta (dá ngairtear ‘gníomhaireacht’ anseo feasta) na hiniúchtaí fíorúcháin. Tugann an formheas sin de chumhacht do ghníomhaireacht fíorú dlíthiúlachta agus inrianaitheachta a dhéanamh i gcomhthéacs LAS. Deonófar an formheas sin, tar éis dul i gcomhairle le coimisiún comhairleach ilghníomhaithe, tar éis próiseas oscailte agus trédhearcach ar feadh tréimhse shocraithe in-athnuaite.

Chun formheas a fháil, ní mór don ghníomhaireacht a bheith in ann na cáilíochtaí seo a leanas a léiriú:

taithí chruthaithe maidir le hiniúchóireacht agus measúnú comhlíontachta i ndáil le bainistiú foraoisí, próiseáil adhmaid, inrianaitheacht adhmaid, iompar, lóisteacht, custaim agus córais bainistithe an tslabhra soláthair,

eolas maith ar an trádáil náisiúnta, foréigiúnach (Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar, ECOWAS) agus idirnáisiúnta adhmaid agus ar an earnáil foraoiseachta tráchtála,

eolas maith ar slabhra soláthair adhmaid foraoise sa Chósta Eabhair,

sárscileanna cumarsáide labhartha agus scríofa sa Fhraincis,

cumas léirithe oibriú le raon leathan rannpháirtithe.

Ina theannta sin, ní mór don ghníomhaireacht na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

a neamhchlaontacht a léiriú agus gan aon choinbhleacht leasa ná aon leas neamhdhleathach a bheith aici le hoibreoirí foraoise agus údaráis a bhfuil baint acu le LAS,

foireann iniúchóireachta de dhaoine atá cáilithe agus a bhfuil taithí acu a bhíogadh chun gnímh.

Áireofar ar phríomhchúraimí na gníomhaireachta:

iniúchtaí fíorúcháin doiciméadacha ar an gcéad leibhéal a dhéanamh,

iniúchtaí fíorúcháin doiciméadacha ar an dara leibhéal a dhéanamh,

iniúchtaí fíorúcháin allamuigh a dhéanamh,

cruinniú tionscnaimh agus cruinniú deiridh a eagrú,

tuarascálacha fíorúcháin a ullmhú agus na tuarascálacha sin a chlárú sa chóras bainistithe sonraí.

Déanfaidh an ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

gairmiúlacht agus ionracas a léiriú i gcónaí agus i ngach imthoisc,

a conclúidí a bhunú ar eilimintí fíorasacha agus ar fhianaise, é san áireamh leis sin eilimintí fíorasacha agus fianaise ó shuirbhéanna allamuigh agus ó anailísí doiciméadacha,

dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile agus go háirithe le heagraíochtaí atá gníomhach sa bhreathnóireacht neamhspleách ar fhoraoisí,

na nósanna imeachta agus na cleachtais a leagtar síos sa lámhleabhar fíorúcháin a chomhlíonadh (féach pointe 4.2.3.).

Is í an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht de chuid an údaráis foraoiseachta a dhéanfaidh faireachán ar ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí fíorúcháin.

4.2.3.   Lámhleabhar fíorúcháin

Is éard a bheidh in iniúchadh fíorúcháin (gá ngairtear ‘iniúchadh’ anseo feasta) tacar gníomhaíochtaí fíorúcháin dlíthiúlachta agus inrianaitheachta atá faoi réir conradh iniúchóireachta idir oibreoir agus gníomhaireacht. Chun ceanglais aonfhoirmeacha fíorúcháin a áirithiú, mar chuid de phróiseas rannpháirteach, ullmhóidh an Cósta Eabhair lámhleabhar fíorúcháin riaracháin agus teicniúil (dá ngairtear ‘an lámhleabhar fíorúcháin’ anseo feasta) ina liostófar na fíoraitheoirí. Áirítear sa lámhleabhar fíorúcháin sin freisin téarmaí tagartha, prótacail mhionsonraithe agus uirlisí fíorúcháin lena gcumhdaítear na cúraimí fíorúcháin éagsúla. Déanfaidh JIC é a fhormheas agus foilseoidh an Cósta Eabhair é.

4.2.4.   Conradh iniúchóireachta

Tabharfaidh an t-oibreoir conradh i gcrích le gníomhaireacht ina sonrófar raon feidhme an fhíoraithe. Le fíorú na dlíthiúlachta féadfar oibríochtaí uile an oibreora a chumhdach nó cuid díobh arna sainaithint go soiléir de réir ceart rochtana ar an acmhainn (mar shampla na hoibríochtaí a bhaineann le lamháltas ar leith). Ní féidir le fíorú inrianaitheachta ach lastais adhmaid ó oibreoirí, teidil agus oibríochtaí a bhfuil a ndlíthiúlacht fíoraithe a chumhdach.

Tá gá le conradh iniúchóireachta idir an t-oibreoir agus an ghníomhaireacht, ina sainítear raon feidhme, costas agus coinníollacha an fhíoraithe, sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí fíorúcháin. Cuirfear cóip den chonradh iniúchóireachta ar fáil do na húdaráis agus don iniúchóir neamhspleách trína chlárú sa chóras bainistithe sonraí. Féadfaidh na breathnóirí neamhspleácha raon feidhme, costas agus coinníollacha an fhíoraithe a cheadú.

4.2.5.   Plean agus gníomhaíochtaí fíorúcháin

Tar éis shíniú an chonartha iniúchóireachta, ullmhóidh an ghníomhaireacht plean fíorúcháin lena n-áirítear ainmniú na foirne, an clár fíorúcháin agus sceideal na ngníomhaíochtaí. Seolfar an plean sin chuig an oibreoir agus déanfar dátaí na ngníomhaíochtaí fíorúcháin a chomhaontú ag an gcruinniú tionscnaimh dá dtagraítear i bpointe 4.2.6.

4.2.6.   Cruinniú tionscnaimh

Ag an gcruinniú tionscnaimh, pléifidh an ghníomhaireacht cuspóir an iniúchta, a raon feidhme, an sceideal agus an mhodheolaíocht agus an t-oibreoir i láthair, ionas go mbeidh an t-oibreoir in ann ceisteanna a chur faoi mhodhanna agus faoi stiúradh na ngníomhaíochtaí fíorúcháin. Cuirfear miontuairiscí an chruinnithe agus an plean fíorúcháin, le comhaontú an oibreora, ar fáil do na húdaráis, do na breathnóirí neamhspleácha agus don iniúchóir neamhspleách trína gclárú sa chóras bainistithe sonraí.

4.2.7.   Gníomhaíochtaí iniúchóireachta

Chun fianaise a bhailiú maidir le comhlíonadh na gceanglas dlíthiúlachta a shainaithnítear sna maitrísí dlíthiúlachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, déanfaidh an Ghníomhaireacht fíoruithe ar leibhéil éagsúla:

a)

fíorú doiciméadach ar an gcéad leibhéal: is é atá i gceist leis sin a fhíorú go bhfuil na doiciméid uile ann agus a gcomhréireacht, ar doiciméid iad a shainaithnítear sa lámhleabhar fíorúcháin. Áireofar san fhíorú: i) fíorú gurb ann do gach doiciméad dlíthiúlachta sa chóras bainistithe sonraí. I gcás doiciméid atá ar iarraidh, iarrfaidh an ghníomhaireacht ar an oibreoir agus, i gcás inarb iomchuí, ar an údarás lena mbaineann na nithe atá ar iarraidh a chomhlánú; (ii) fíorú chomhréireacht na ndoiciméad, go háirithe comhréireacht stampaí, sínithe, dátaí agus eilimintí foirme eile agus fíorú bhailíocht na sonraí atá sna doiciméid sin, agus (iii) fíorú chóras inrianaitheachta inmheánach an oibreora trí fheidhmiúlachtaí an chórais bainistithe sonraí a úsáid;

b)

fíorú doiciméadach ar an dara leibhéal: ar bhonn anailís ar na rioscaí, áirítear san iniúchadh fíorú domhain ar bharántúlacht, comhréireacht agus bailíocht na ndoiciméad. Áireofar an méid seo a leanas san fhíorú doiciméadach domhain: i) fíorú bharántúlacht na ndoiciméad leis na húdaráis agus na struchtúir a d’eisigh na doiciméid lena mbaineann; ii) fíorú gur comhlíonadh an nós imeachta chun doiciméid a eisiúint, é san áireamh leis sin an nós imeachta chun teidil lománaíochta, phróiseála agus mhargaíochta a eisiúint; (iii) fíorú críochnúil na sonraí atá san áireamh sna fíoraitheoirí, go háirithe tras-seiceálacha le doiciméid eile agus (iv) fíorú domhain chóras inrianaitheachta inmheánach an oibreora;

c)

fíorú allamuigh: ar bhonn anailís ar na rioscaí, áireofar mar chuid de gach iniúchadh cuairt allamuigh amháin nó níos mó chun a fhíorú go gcomhfhreagraíonn na fíoraitheoirí atá ann agus a gcomhlíontacht go héifeachtach d’urramú allamuigh na gcoinníollacha dlíthiúlachta a shainaithnítear sa sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach in Iarscríbhinn II.

Is í an ghníomhaireacht a dhéanfaidh na hanailísí riosca dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c). Cuirfear san áireamh iontu torthaí na bhfíoruithe a rinneadh roimhe sin (torthaí an iniúchta chéanna agus na n-iniúchtaí roimhe sin), faisnéis a tuairiscíodh nó a foilsíodh mar chuid den bhreathnóireacht neamhspleách, na gearáin a fuarthas tríd an gcóras bainistithe gearán, deimhnithe príobháideacha féideartha agus eilimintí a d’aithin na a húdaráis, CNGF, JIC nó an t-iniúchóir neamhspleách a dtábhacht ina leith sin. Ciallaíonn sé sin gur féidir na gníomhaíochtaí agus an sceideal maidir le fíorú, ar tháinig an t-oibreoir agus an ghníomhaíocht ar chomhaontú ina leith le linn an chruinnithe tionscnaimh, a chomhlánú le gníomhaíochtaí agus feidhmeanna breise bunaithe ar nithe a fuarthas amach nó a tuairiscíodh tar éis na céime sin. Sa lámhleabhar fíorúcháin, tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an gcaoi a ndéanfaidh an ghníomhaireacht na hanailísí riosca sin ag na céimeanna éagsúla den iniúchadh. Sainaithneoidh an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht, sa chóras bainistithe sonraí, na sonraí atá le cur san áireamh san anailís ar na rioscaí agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

4.2.8.   Cruinniú deiridh

Le linn an chruinnithe deiridh, cuirfidh an Ghníomhaireacht torthaí agus conclúidí an fhíoraithe, go háirithe aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith aimsithe, faoi bhráid an oibreora. Is ansin a bheidh deis ag an oibreoir ceisteanna a chur maidir le torthaí an fhíoraithe agus freagraí nó soiléiriú a thabhairt maidir leis na heilimintí a chuir an Ghníomhaireacht faoina bhráid. Soláthrófar miontuairiscí an chruinnithe do na húdaráis, do na breathnóirí neamhspleácha agus don iniúchóir neamhspleách trína gclárú sa chóras bainistithe sonraí.

4.2.9.   Tuarascáil iniúchóireachta

Tarraingeoidh an Ghníomhaireacht tuarascáil iniúchóireachta suas i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach sa lámhleabhar fíorúcháin, ina n-áireofar tuairisc ar aon chás inar fuarthas fianaise ar neamhchomhlíonadh agus togra maidir le comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh na n-oibríochtaí agus na lastas arna sainiú sa chonradh iniúchóireachta a thabhairt i gcrích. Seolfar an tuarascáil iniúchóireachta shealadach sin chuig an oibreoir, agus féadfaidh sé soiléiriú nó freagraí a thabhairt ina leith.

Tar éis freagraí an oibreora a phróiseáil, soláthrófar an tuarascáil deiridh agus, i gcás inarb infheidhme, na barúlacha a gheofar ón oibreoir do na húdaráis, do na breathnóirí neamhspleácha agus don iniúchóir neamhspleách trína gclárú sa chóras bainistithe sonraí.

4.2.10.   Cinnteoireacht maidir leis an dlíthiúlacht

Leis na conclúidí agus moltaí ón nGníomhaireacht, is féidir leis an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht a chinneadh an comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh atá i gceist trí sholas glas nó solas dearg a shannadh, de réir mar is iomchuí, don oibreoir sa chóras bainistithe sonraí de réir raon feidhme an fhíoraithe a rinneadh (féach roinn 4.2.4.).

Tá dhá chás a d’fhéadfadh a bheith ann:

Mura gcuirfidh an t-oibreoir in aghaidh na gconclúidí ná na moltaí a chuirtear i láthair sa tuarascáil iniúchóireachta, déanfaidh an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht cinneadh laistigh de thréimhse nach faide ná 7 lá féilire. I gcás ina gcinnfidh an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht solas dearg a shannadh (neamhchomhlíonadh), cuirfear an Ghníomhaireacht agus an t-oibreoir ar an eolas faoi na hargóintí a thacaíonn leis an gcinneadh sin sa chóras bainistithe sonraí.

I gcás ina gcuirfidh an t-oibreoir in aghaidh na gconclúidí nó na moltaí a chuirtear i láthair sa tuarascáil iniúchóireachta, nó ar aon chúis eile a mheasann an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht a bheith ábhartha, féadfaidh sí foráil a dhéanamh maidir le síneadh a chur leis an teorainn ama chun an cinneadh a dhéanamh. Cuirfidh an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht an teorainn ama fhadaithe sin in iúl don oibreoir sa chóras bainistithe sonraí nó i scríbhinn laistigh de thréimhse nach faide ná 7 lá féilire.

Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na seirbhíse atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht trí úsáid a bhaint as an gcóras bainistithe gearán a dtugtar tuairisc air i bpointe 11 (achomharc inmheánach a chur faoi bhráid na seirbhíse atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht, agus i gcás inarb infheidhme, achomharc a chur faoi bhráid CNGF ina dhiaidh sin).

I gcás neamhchomhlíontachta (solas dearg) agus a luaithe a bheidh fadhb na neamhchomhlíontachta réitithe, féadfaidh an t-oibreoir conradh a dhéanamh le gníomhaireacht arís chun iniúchadh speisialta fíorúcháin a dhéanamh chun a dheimhniú go bhfuil an cás neamhchomhlíontachta réitithe. Más rud é, áfach, nach gá fíorú allamuigh eile a dhéanamh chun a dheimhniú go bhfuil an cás neamhchomhlíontachta réitithe, féadfaidh an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht an réiteach a dheimhniú gan an t-oibreoir dul ar iontaoibh iniúchta speisialta.

Tá an comhlíonadh (solas glas) bailí ar feadh tréimhse bliana agus ina dhiaidh sin ní mór don oibreoir iniúchadh nua a dhéanamh ina gcuirfear torthaí an iniúchta roimhe sin san áireamh.

Le linn thréimhse bailíochta an chomhlíonta, féadfaidh an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht é a chur ar fionraí nó a chur ar ceal, agus i gcás inarb infheidhme, ar bhonn cinneadh ó CNGF tar éis dó gearán a láimhseáil. Déantar cinneadh maidir le fionraí nó cealú ar bhonn faisnéis nua, gearáin, iniúchtaí speisialta (féach pointe 4.2.12.) nó eilimintí ábhartha eile. Cuirfear na cúiseanna leis sin in iúl don oibreoir sa chóras bainistithe sonraí. Mura bhfuil an córas bainistithe sonraí ag feidhmiú, cuirfear an chumarsáid sin ar aghaidh chuig an oibreoir i scríbhinn.

4.2.11.   Cinnteoireacht maidir le hinrianaitheacht

Ós rud é nach féidir leis an nGníomhaireacht ach inrianaitheacht lastas adhmaid ag céimeanna éagsúla den slabhra soláthair a fhíorú ach tráth an iniúchta, áirítear sa tuarascáil conclúidí agus moltaí maidir le hinrianaitheacht fhoriomlán oibríochtaí atá bailí tráth an iniúchta.

Tar éis don tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht an iarraidh ar cheadúnas FLEGT a fháil, fíoróidh sí inrianaitheacht an lastais a chumhdaítear leis an iarraidh trí úsáid a bhaint as an gcóras bainistithe sonraí agus an tuarascáil ón nGníomhaireacht á cur san áireamh.

Féadfaidh an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht faisnéis bhreise a iarraidh ar an oibreoir nó féadfaidh sí iniúchadh speisialta nó breise a éileamh mar a fhoráiltear i bpointe 4.2.12.

4.2.12.   Iniúchtaí speisialta nó breise

Le linn na tréimhse ar fíoraíodh an dlíthiúlacht ina leith, ceanglaítear ar na hoibreoirí lena mbaineann an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht a chur ar an eolas faoi aon athrú suntasach ar an úinéireacht, ar na struchtúir, ar an mbainistíocht nó ar na hoibríochtaí lena mbaineann. Féadfaidh an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht a iarraidh go ndéanfaidh an t-oibreoir iniúchadh speisialta nó iniúchadh breise ar bhonn na faisnéise sin agus ar bhonn aon eiliminte eile a mheastar a bheith ábhartha.

Comhfhreagraíonn iniúchadh breise d’iniúchadh nua a dtugtar tuairisc air i bpointí 4.2.4. go 4.2.11. ina gcuirtear torthaí ábhartha an iniúchta roimhe sin san áireamh. Le hiniúchadh speisialta is féidir pointí sonracha a fhíorú chun torthaí iniúchta roimhe sin a chomhlánú (is é sin iniúchadh a rinneadh sna 12 mhí roimh an iniúchadh speisialta sin). Le hiniúchadh speisialta is féidir a dheimhniú freisin go ndearnadh cásanna neamhchomhlíontachta a sainaithníodh le linn iniúchadh roimhe sin a réiteach. Dá bhrí sin, ní bheidh torthaí iniúchta speisialta bailí ach amháin ar feadh na coda fágtha de thréimhse an iniúchta tosaigh a gcomhlánófar leis. Áireofar sa lámhleabhar fíorúcháin rialacha mionsonraithe le haghaidh na n-iniúchtaí breise agus na n-iniúchtaí speisialta sin.

Image 5

5.   Teastais phríobháideacha agus phoiblí a aithint

Chun aitheantas a thabhairt do dhea-chleachtais in earnáil na foraoiseachta, féadfar scéimeanna príobháideacha deimhniúcháin a úsáid, a n-áirítear iontu fíorú chomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, faoin nós imeachta um measúnú riosca.

Chuige sin, déanfaidh an Cósta Eabhair measúnú ar scéimeanna príobháideacha deimhnithe i gcomhréir le ceanglais LAS agus tarraingeoidh sé suas liosta de scéimeanna príobháideacha deimhnithe aitheanta d’fhonn iad a chur san áireamh san anailís ar na rioscaí. Taiscfear an liosta sin le JIC agus foilseofar é ar shuíomh gréasáin na hAireachta atá freagrach as foraoisí. Ar bhonn tráthrialta, déanfar athmheasúnú ar liosta na scéimeanna aitheanta é a thabhairt cothrom le dáta más gá.

Féadfaidh an Cósta Eabhair nósanna imeachta a fhorbairt chun go bhféadfar iniúchadh príobháideach deimhniúcháin aitheanta, mar a fhoráiltear sa dara fomhír, a úsáid freisin mar iniúchadh fíorúcháin. Ba cheart na nósanna imeachta sin a shonrú sa lámhleabhar fíorúcháin.

Déanfar dlíthiúlacht an adhmaid a allmhairítear i dteannta ceadúnas FLEGT agus/nó cead CITES a aithint go huile agus go hiomlán. Féadfar scéimeanna príobháideacha deimhniúcháin agus scéimeanna poiblí deimhniúcháin a úsáid freisin chun bunús dlíthiúil an adhmaid allmhairithe a chruthú.

6.   An córas bainistithe sonraí

Bunóidh an Cósta Eabhair córas náisiúnta láraithe chun an dlíthiúlacht agus an inrianaitheacht a dhoiciméadú, a sheiceáil agus a fhíorú.

Is í an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht a riarfaidh an córas bainistithe sonraí. Déanfaidh oibreoirí agus údaráis údaraithe an córas a rochtain chun sonraí agus doiciméid a úsáidtear chun an dlíthiúlacht a fhíorú a thaifeadadh ann. Údaraítear do na húdaráis freisin sonraí a bhailíochtú sa chóras. I gcásanna sonracha, féadfar doiciméid a chur faoi bhráid an údaráis nó a sheoladh chuige i scríbhinn. Mura bhfuil an córas bainistithe sonraí ag feidhmiú, déanfar cóipeanna de na doiciméid atá le taifeadadh ann a chur ar aghaidh chuig an údarás i scríbhinn agus cuirfear ar fáil iad le haghaidh na breathnóireachta neamhspleáiche agus an iniúchta neamhspleách. A luaithe a bheidh an córas ag feidhmiú arís, déanfar na doiciméid lena mbaineann a thaifeadadh mar a fhoráiltear sa lámhleabhar fíorúcháin.

Féadfaidh gníomhaireachtaí fíoraithe an córas bainistithe sonraí a rochtain gan cearta eagarthóireachta chun na fíoruithe doiciméadacha atá ina gcuid dá gcúraimí a dhéanamh. Féadfaidh na gníomhaireachtaí na doiciméid éagsúla a eascraíonn as an bhfíorú a thaifeadadh freisin, mar a fhoráiltear i bpointe 4.2.

Beidh rochtain ag an iniúchóir neamhspleách agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil baint acu leis an mbreathnóireacht neamhspleách ar an gcóras bainistithe sonraí gan cearta eagarthóireachta a bheith acu chun an fhaisnéis, na doiciméid agus na sonraí uile atá tábhachtach nó ábhartha a cheadú chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme cuí agus éifeachtacht LAS.

Maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun cearta rochtana ar an gcóras bainistithe sonraí a fháil, déanfaidh an Cósta Eabhair iad sin a tharraingt suas agus a fhoilsiú, mar aon leis na sonraí a mbeidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne orthu a shainaithint.

7.   Cásanna neamhchomhlíontachta a láimhseáil

Is féidir cásanna neamhchomhlíontachta a shainaithint agus a láimhseáil ag céimeanna éagsúla den fhíorú. Déanfar aon chás neamhchomhlíontachta a shainaithneofar le linn an fhíoraithe a chur in iúl don oibreoir agus, i gcás inarb infheidhme, don údarás lena mbaineann chun gur féidir eilimintí breise a chur leis agus bearta ceartaitheacha a dhéanamh i gcomhthéacs a láimhseála.

Maidir le cásanna neamhchomhlíontachta a thagann faoi shainchúram struchtúir inniúla an Stáit i dtaca le deimhnithe a eisiúint agus leis an iniúchadh, cuirfidh an ghníomhaireacht fíorúcháin iad sin in iúl don tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht agus don tseirbhís riaracháin ábhartha sa chóras bainistithe sonraí. Cuideoidh meitheal ar a bhfuil ionadaithe ó sheirbhísí éagsúla na n-údarás a bhaineann le LAS le láimhseáil agus réiteach cásanna neamhchomhlíontachta agus féadfaidh sí moltaí ar an ábhar sin a chur faoi bhráid na seirbhísí lena mbaineann. Is í an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht a sholáthróidh seirbhísí rúnaíochta don mheitheal sin.

8.   Ceadúnais FLEGT agus deimhnithe poiblí dlíthiúlachta a eisiúint

Is é ceadúnas FLEGT an bealach chun a dheimhniú go dtáirgeadh adhmad go dleathach agus gur rianaíodh é. Eiseofar é tar éis comhlíonadh dlí agus inrianaitheacht an adhmaid atá le honnmhairiú chuig an Aontas a fhíorú.

Tá sé éigeantach ceadúnas FLEGT a fháil le haghaidh gach onnmhairithe adhmaid, de réir an liosta táirgí adhmaid a leagtar amach in Iarscríbhinn I, a dhírítear ar Bhallstáit an Aontais. Ceapfaidh nó cruthóidh an tAire atá freagrach as foraoisí údarás ceadúnúcháin, cuirfear faoi údarás an Aire sin é, agus is é an t-údarás ceadúnúcháin sin a eiseoidh an ceadúnas FLEGT.

Leagtar amach an nós imeachta eisiúna agus sonraíochtaí teicniúla na gceadúnas FLEGT in Iarscríbhinn V.

Maidir le dlíthiúlacht adhmaid a bheartaítear a onnmhairiú chuig margaí lasmuigh den Aontas, deimhneofar í sin le deimhnithe poiblí dlíthiúlachta arna n-eisiúint ag an gCósta Eabhair tar éis an dlíthiúlacht agus an inrianaitheacht a fhíorú ar an mbealach a dtugtar tuairisc air san Iarscríbhinn seo. Féadfar deimhniú poiblí dlíthiúlachta a eisiúint maidir le hadhmad lena thomhailt ar an leibhéal náisiúnta tar éis a fhíorú in LAS gur táirgeadh an t-adhmad sin go dleathach.

9.   Iniúchadh neamhspleách

Leis an iniúchadh neamhspleách, déantar measúnú ar chur chun feidhme cuí agus éifeachtacht LAS. Ina theannta sin, is féidir leis easnaimh agus laigí i gcur chun feidhme LAS a shainaithint, agus moltaí a chur faoi bhráid JIC.

I gcás inarb infheidhme, cuirfear easnaimh agus laigí i gcur chun feidhme LAS a shainaithneoidh an t-iniúchóir neamhspleách san áireamh le linn an phróisis fíorúcháin, go háirithe le haghaidh an mheasúnaithe riosca a bhfuil sé d’aidhm aige riachtanais an fhíoraithe dara leibhéil agus an fhíoraithe allamuigh a shainaithint.

Leagtar amach téarmaí tagartha an iniúchta neamhspleách in Iarscríbhinn VI.

10.   Breathnóireacht neamhspleách

Tá an bhreathnóireacht neamhspleách a dhéanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina cuid de LAS. Is misean neamhstáit í an bhreathnóireacht neamhspleách chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí foraoiseachta agus agrafhoraoiseachta dá bhforáiltear le reachtaíocht an Chósta Eabhair agus a dhéanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’fhonn faisnéis inchreidte infhíoraithe a bhailiú agus a chomhroinnt maidir le bainistiú foraoisí chun feabhas a chur ar an rialachas foraoise. Dá bhrí sin, is gníomhaíocht í a dhéantar ar bhonn buan nó le linn sainordaithe. Dá bhrí sin, is féidir an bhreathnóireacht neamhspleách a dhéanamh go seachtrach nó is féidir sainordú a thabhairt chun go ndéanfar í.

Faoi LAS, baineann an bhreathnóireacht neamhspleách leis na gníomhaíochtaí seo a leanas go háirithe:

misin uathrialacha breathnóireachta neamhspleáiche a eagrú,

rannpháirtíocht mar bhreathnóir i misin iniúchóireachta agus in iniúchtaí fíorúcháin allamuigh,

mífheidhmiú, comharthaí, cásanna sáraithe na rialachán is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí foraoiseachta a shainaithint agus tuarascálacha breathnóireachta neamhspleáiche a tháirgeadh,

páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhreathnaítear.

Beidh rochtain ag eagraíochtaí a chuireann gníomhaíochtaí breathnóireachta neamhspleáiche chun feidhme ar an gcóras bainistithe sonraí.

Déanfar na tuarascálacha breathnóireachta neamhspleáiche a thaifeadadh sa chóras bainistithe sonraí agus cuirfear san áireamh iad le linn an phróisis fíorúcháin, go háirithe le haghaidh na measúnaithe riosca a bhfuil sé d’aidhm acu riachtanais an fhíoraithe dara leibhéil, riachtanais an fhíoraithe allamuigh agus riachtanais iniúchtaí speisialta nó breise a shainaithint.

Féadfaidh eagraíochtaí a chuireann gníomhaíochtaí breathnóireachta neamhspleáiche chun feidhme, ar a gcostas féin, a bheith i láthair le linn misin iniúchóireachta agus rúndacht rún gnó á hurramú an tráth céanna.

Beidh misin breathnóireachta neamhspleáiche dírithe ar oibreoirí agus a gcuid gníomhaíochtaí, ach ar fheidhmiú struchtúir inniúla an Stáit freisin, go háirithe i dtaca le deimhnithe a eisiúint agus leis an iniúchadh agus ar ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí fíorúcháin.

11.   An córas bainistithe gearán

Foráiltear le LAS go bhféadfaidh na gníomhaithe éagsúla lena mbaineann gearáin a chur isteach maidir le seiceálacha agus fíorú na dlíthiúlachta agus na hinrianaitheachta agus maidir le heisiúint ceadúnas FLEGT freisin.

Is sásra é córas bainistithe gearán LAS chun coinbhleachtaí agus díospóidí a bhaineann le fíorú dlíthiúlachta adhmaid a chosc agus a réiteach trí idirphlé a dhéanamh. Ar an mbealach sin, cuirtear ar a gcumas do pháirtithe leasmhara LAS a gcuid gearán, caingne, casaoidí nó aon chineál eile éilimh ar cheart a chur in iúl do na struchtúir inniúla.

Is iad an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht agus CNCF na struchtúir bainistithe gearán.

I dtaca le bainistiú gearán, is é seo a leanas sainordú na seirbhíse atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht:

gearáin agus aighneachtaí ó bhéal agus i scríbhinn a ghlacadh agus a thaifeadadh i gclár na ngearán sa chóras bainistithe sonraí,

an t-achomharc inmheánach a láimhseáil i gcás ina mbaineann an gearán le ceann dá cinntí féin,

aon taighde, bailiú faisnéise nó idirphlé is gá a dhéanamh,

moltaí a thabhairt atá le cur faoi bhráid CNGF,

tuarascálacha tréimhsiúla ar láimhseáil agus bainistiú na ngearán a tharraingt suas agus a chur ar aghaidh chuig CNGF,

a áirithiú go gcuirtear réitigh gearán chun feidhme laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos.

I dtaca le bainistiú gearán, is é seo a leanas sainordú CNCF:

treoirlínte agus treoracha is gá a thabhairt chun an córas bainistithe gearán a chur chun feidhme,

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chórais bainistithe gearán,

achomhairc in aghaidh cinntí a dhéanann an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht tar éis achomharc inmheánach nár éirigh leis a phróiseáil,

tuarascálacha tréimhsiúla ar láimhseáil agus bainistiú na ngearán a tharraingt suas agus a chur ar aghaidh chuig CCMO.

Chun inrochtaineacht chuimsitheach ar an gcóras bainistithe gearán a áirithiú, is féidir gearáin anaithnide a chur isteach. Ina theannta sin, féadfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, taoisigh agus údaráis thraidisiúnta agus ceardchumainn gearán a chur isteach thar ceann pobail áitiúla nó oibrithe faoi seach.

Sonraítear an nós imeachta um láimhseáil gearán, lena n-áirítear na teorainneacha ama chun achomharc a dhéanamh, sa lámhleabhar fíorúcháin.

IARSCRÍBHINN IV

COINNÍOLLACHA LENA RIALAÍTEAR ADHMAD AGUS TÁIRGÍ DÍORTHAITHE A ONNMHAIRÍTEAR ÓN gCÓSTA EABHAIR AGUS A CHUMHDAÍTEAR LE CEADÚNAS FLEGT A SCAOILEADH I SAORCHÚRSAÍOCHT SAN AONTAS

1.   Creat ginearálta

Tá forálacha na hIarscríbhinne seo bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) 1024/2008 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 (1), lena rialaítear na coinníollacha maidir le hadhmad agus táirgí díorthaithe a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT a theacht isteach i margadh an Aontais ó thír chomhpháirtíochta.

2.   Ceadúnais FLEGT a phróiseáil

Taiscfear ceadúnas FLEGT le húdaráis inniúla Bhallstát an Aontais ina ndearbhaítear an lastas a chumhdaítear leis an gceadúnas FLEGT sin chun é a scaoileadh i saorchúrsaíocht. Féadfar sin a dhéanamh go leictreonach nó ar aon bhealach gasta eile.

Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme, na húdaráis chustaim a chur ar an eolas a luaithe a ghlacfar le ceadúnas FLEGT.

3.   Rialú doiciméadach ar cheadúnais FLEGT

Comhlíonfaidh na ceadúnais FLEGT i bhfoirm páipéir an fhormáid a dtugtar tuairisc uirthi i bhFoscríbhinn 1, Iarscríbhinn V,. Aon cheadúnas FLEGT nach gcomhlíonann na ceanglais nó na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ní bheidh sé bailí.

Measfar go bhfuil ceadúnas FLEGT ar neamhní má thaisctear é ar dháta níos déanaí ná an dáta éaga a léirítear air.

Ní bheidh aon scriosadh ná athrú ar cheadúnas FLEGT.

Ní ghlacfar le fadú ar bhailíocht ceadúnais FLEGT mura ndearna an t-údarás ceadúnúcháin an fadú sin a bhailíochtú.

Ní ghlacfar le haon cheadúnas FLEGT dúblach ná ceadúnas athsholáthair mura ndearna an t-údarás ceadúnúcháin é a eisiúint agus a fhormheas.

4.   Iarrataí ar fhaisnéis bhreise

Má tá amhras ann faoi bhailíocht nó faoi bharántúlacht ceadúnais FLEGT, ceadúnais dhúblaigh nó ceadúnais athsholáthair, féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás ceadúnúcháin.

Féadfar cóip den cheadúnas FLEGT, den cheadúnas dúblach nó den cheadúnas FLEGT athsholáthair atá i gceist a chur ar aghaidh in éineacht leis an iarraidh.

5.   Comhréireacht an cheadúnais FLEGT leis an lastas a fhíorú

Má mheasann na húdaráis inniúla gur gá an lastas a fhíorú a thuilleadh sula gcinneann siad cé acu a ghlacfaidh siad le ceadúnas FLEGT nó nach nglacfaidh, féadfar seiceálacha a dhéanamh chun a bhunú an bhfuil an lastas atá i gceist i gcomhréir leis an bhfaisnéis a thugtar sa cheadúnas FLEGT agus sna cartlanna a bhaineann leis an gceadúnas FLEGT lena mbaineann atá ag an údarás ceadúnúcháin.

I gcás nach gclaonann méid ná meáchan an adhmaid agus na dtáirgí díorthaithe atá sa lastas a thíolactar lena scaoileadh i saorchúrsaíocht níos mó ná 10 % ón méid ná ón meáchan a léirítear sa cheadúnas comhfhreagrach FLEGT, measfar go bhfuil an lastas i gcomhréir leis an bhfaisnéis a thugtar sa cheadúnas FLEGT a mhéid a bhaineann le méid nó meáchan.

Má tá amhras ann faoi chomhréireacht an lastais leis an gceadúnas FLEGT, féadfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann soiléiriú breise a lorg ón údarás ceadúnúcháin.

Féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin iarraidh ar an údarás inniúil cóip den cheadúnas FLEGT nó den cheadúnas athsholáthair atá i gceist a sheoladh chuige.

Más gá, tarraingeoidh an t-údarás ceadúnúcháin an ceadúnas FLEGT siar agus eiseoidh sé leagan ceartaithe de réir na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V.

Mura bhfaighidh an t-údarás inniúil freagra laistigh de 21 lá féilire ón iarraidh ar shoiléiriú breise, ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil leis an gceadúnas FLEGT agus gníomhóidh sé i gcomhréir leis an reachtaíocht agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm.

Ní fhéadfar glacadh le ceadúnas FLEGT má shuitear, más gá, tar éis sholáthar na faisnéise breise a iarradh i gcomhréir le pointe 4 nó tar éis thabhairt i gcrích aon imscrúdaithe breise a rinneadh i gcomhréir leis an bpointe seo, nach gcomhfhreagraíonn an ceadúnas FLEGT don lastas.

6.   Fíorú roimh theacht an lastais

Féadfar ceadúnas FLEGT a thaisceadh sula dtagann an lastas a chumhdaítear leis.

Glacfar le ceadúnas FLEGT má chomhlíonann sé na ceanglais uile a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus mura measfar gur gá fíoruithe breise a dhéanamh i gcomhréir le pointí 4 agus 5 den Iarscríbhinn seo.

7.   Nithe eile

Is ar an allmhaireoir amháin a bheidh na costais a thabhófar agus an fíorú á chur i gcrích, ach amháin i gcás ina gcinntear a mhalairt le reachtaíocht agus nósanna imeachta Bhallstát an Aontais lena mbaineann.

I gcás ina dtiocfaidh deacrachtaí nó easaontais chun cinn go leanúnach maidir le ceadúnais FLEGT a fhíorú, féadfar an t-ábhar a tharchur chuig JIC agus cuirfear an t-údarás ceadúnúcháin ar an eolas faoi sin.

8.   Scaoileadh i saorchúrsaíocht

I mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair ar a ndéantar an dearbhú custaim lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, déanfar tagairt d’uimhir an cheadúnais FLEGT lena gcumhdaítear an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe atá faoi réir an dearbhaithe sin.

I gcás ina ndéanfar an dearbhú custaim trí theicníc leictreonach, soláthrófar an tagairt sa bhosca cuí.

Ní fhéadfar adhmad ná táirgí díorthaithe a scaoileadh i saorchúrsaíocht ach amháin tar éis thabhairt i gcrích an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc san Iarscríbhinn seo.


(1)   IO AE L 277, 18.10.2008, lch. 23.

IARSCRÍBHINN V

AN NÓS IMEACHTA UM EISIÚINT AGUS SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA CHEADÚNAIS FLEGT

1.   Forálacha ginearálta maidir le ceadúnais FLEGT

I gcomhréir le hAirteagal 6 den Chomhaontú seo, is é ceadúnas FLEGT an bealach chun a dheimhniú gur táirgeadh an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe go dleathach agus gur rianaíodh iad i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

Tá sé éigeantach ceadúnas FLEGT a fháil le haghaidh gach onnmhairithe adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig Ballstáit an Aontais, a liostaítear an liosta táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I. I gcás tíortha eile, eiseofar deimhniú poiblí lena ndeimhneofar dlíthiúlacht agus inrianaitheacht an adhmaid i gcomhréir le ceanglais LAS.

Eiseofar ceadúnas FLEGT le haghaidh lastas aonair ó onnmhaireoir amháin chuig an Aontas.

Leagfar síos na ceanglais mhionsonraithe agus na nósanna imeachta mionsonraithe maidir le bailíocht, tarraingt siar, athsholáthar agus bainistiú ceadúnas FLEGT a eisiúint, a athnuachan nó síneadh a chur leo sa lámhleabhar fíorúcháin dá dtagraítear i bpointe 4.2.3 d’Iarscríbhinn III.

2.   Údarás ceadúnúcháin

Is eagraíocht é an t-údarás ceadúnúcháin atá faoi fhreagracht na hAireachta atá freagrach as foraoisí.

Leagtar síos comhdhéanamh, cumhachtaí agus feidhmiú an údaráis ceadúnúcháin le téacs reachtúil.

Is é an t-údarás ceadúnúcháin an eagraíocht inniúil chun faisnéis a mhalartú idir an Cósta Eabhair agus na húdaráis inniúla maidir le hábhair a bhaineann le ceadúnais FLEGT.

3.   An nós imeachta um eisiúint ceadúnas FLEGT

Eiseofar an ceadúnas FLEGT tar éis comhlíonadh dlí agus inrianaitheacht an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid atá le honnmhairiú a fhíorú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Gheofar an ceadúnas FLEGT tar éis chur i gcrích an nós imeachta seo a leanas:

Céim 1 – an iarraidh a fháil: Déanfaidh an t-onnmhaireoir iarraidh ar cheadúnas FLEGT a líonadh isteach agus a chur isteach ar bhonn foirm arna sainiú ag an údarás ceadúnúcháin,

Céim 2 – scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh: Áiritheoidh an t-údarás ceadúnúcháin go ndéanfar comhlíonadh na dtáirgí adhmaid atá le honnmhairiú a fhíorú i gcomhréir le hIarscríbhinn III,

Céim 3 – cinneadh ar eisiúint an cheadúnais:

i gcás comhlíontachta, eiseoidh an t-údarás ceadúnúcháin an ceadúnas FLEGT don onnmhaireoir lena mbaineann,

i gcás neamhchomhlíontachta, diúltóidh an t-údarás ceadúnúcháin don iarraidh agus cuirfidh sé an t-onnmhaireoir lena mbaineann ar an eolas faoi sin. Tugtar tuairisc in Iarscríbhinn III ar an nós imeachta um chásanna neamhchomhlíontachta a phróiseáil.

Déantar iarrataí ar cheadúnas FLEGT a chur isteach agus a phróiseáil go leictreonach trí úsáid a bhaint as an gcóras bainistithe sonraí. Mar sin féin, féadfar iad a chur isteach agus a phróiseáil de láimh i gcás nach bhfuil an córas bainistithe sonraí ag obair. I gcás ina ndéantar iarraidh ar cheadúnas FLEGT de láimh, ní mór deimhniú dlíthiúlachta agus inrianaitheachta arna eisiúint ag an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht a bheith ag gabháil léi i gcomhréir leis na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn III.

Féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin aon cheadúnas FLEGT a bhfuil earráid ann a tharraingt siar agus ceadúnas ceartaithe a eisiúint a bhfuil na focail ‘ Autorisation corrigée ’ (Ceadúnas ceartaithe) air a fhíordheimhneofar le stampa agus síniú an údaráis ceadúnúcháin.

Beidh eisiúint ceadúnais FLEGT faoi réir táille a íoc, agus socraítear i dtéacs reachtúil méid na táille sin agus an bealach a n-íocfar í.

4.   Saintréithe ginearálta cheadúnais FLEGT

Féadfar ceadúnais FLEGT a eisiúint i bhfoirm páipéir nó leictreonach.

Áireofar i gceadúnas FLEGT an fhaisnéis a shonraítear i bhFoscríbhinn 1, i gcomhréir leis na nótaí míniúcháin a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2.

I gcás lastais chasta nach féidir an fhaisnéis uile is gá dá dtagraítear sa chéad samhail a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 a áireamh ina leith, cuirfear ceangaltán dar teideal ‘ Description complémentaire de marchandises jointe à l'autorisation FLEGT ’ (Tuairisc bhreise ar earraí a cheanglaítear leis an gceadúnas FLEGT) leo. Áireofar sa cheangaltán sin faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil a bhaineann leis an tuairisc ar an lastas, mar a shonraítear i bhFoscríbhinn 1. Sa chás sin, ní bheidh faisnéis faoin lastas i mboscaí comhfhreagracha an cheadúnais FLEGT, ach tagairt don cheangaltán.

Beidh an ceadúnas FLEGT bailí ó lá iarbhír a eisiúna ar aghaidh.

Beidh an ceadúnas FLEGT bailí ar feadh 6 mí, agus féadfar é a athnuachan nó síneadh a chur leis ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí. Léireofar an dáta éaga ar an gceadúnas FLEGT.

Tar éis dó dul in éag, measfar an ceadúnas FLEGT a bheith ar neamhní.

I gcás ina scriosfar an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe lena mbaineann, beidh an ceadúnas FLEGT ar neamhní agus cuirfidh an t-oibreoir an t-údarás ceadúnúcháin ar an eolas faoi sin.

5.   Saintréithe na gceadúnas FLEGT i bhfoirm páipéir

Comhlíonfaidh na ceadúnais FLEGT i bhfoirm páipéir an fhormáid a dtugtar tuairisc uirthi i bhFoscríbhinn 1.

Eiseofar an ceadúnas FLEGT i bhformáid A4.

Eiseofar sé chóip den cheadúnas FLEGT agus sainaithneofar mar a leanas:

dírítear cóip ar a bhfuil na focail ‘ORIGINAL’ (LEAGAN BUNAIDH) ar údarás inniúil an Bhallstáit den Aontas ina ndearbhaítear an lastas a chumhdaítear leis an gceadúnas chun é a scaoileadh i saorchúrsaíocht,

dírítear cóip ar a bhfuil na focail ‘AUTORITÉ DOUANIÈRE DE L'UNION EUROPÉENNE’ (ÚDARÁS CUSTAIM AN AONTAIS EORPAIGH) ar údarás custaim an Aontais,

dírítear cóip ar a bhfuil na focail ‘ONNMHAIREOIR’ (EXPORTATEUR) ar iarratasóir an cheadúnais FLEGT,

dírítear cóip ar a bhfuil na focail ‘AUTORITÉ DOUANIÈRE DE LA CÔTE D'IVOIRE’ (ÚDARÁS CUSTAIM AN CHÓSTA EABHAIR) ar údarás custaim an Chósta Eabhair,

coinneoidh an t-údarás ceadúnúcháin cóip ar a bhfuil na focail ‘AUTORITÉ DE DÉLIVRANCE DES AUTORISATIONS FLEGT’ (ÚDARÁS CEADÚNÚCHÁIN FLEGT),

dírítear cóip ar a bhfuil na focail ‘ARCHIVES’ (CARTLANNA) ar na cartlanna a choinníonn an Aireacht atá freagrach as foraoisí an Chósta Eabhair.

Is le clóscríobhán nó le ríomhaire a líonfar ceadúnais FLEGT isteach. Féadfar iad a líonadh isteach de láimh, más gá. Sonróidh an t-údarás ceadúnúcháin na cainníochtaí ar bhealach nach féidir figiúirí ná focail bhreise a chur isteach.

Déanfar an t-údarás ceadúnúcháin a fhianú ar gach cóip den cheadúnas le síniú fisiceach agus le stampa cabhartha an údaráis ceadúnúcháin.

Beidh uimhir thagartha agus barrachód ar an gceadúnas FLEGT. Ní bheidh aon scriosadh ná athrú ar an bhfoirm.

Déanfar na ceadúnais FLEGT a phriontáil agus a líonadh isteach i bhFraincis.

Cé is moite de na cóipeanna a dhírítear ar na cartlanna a choinníonn an Aireacht atá freagrach as foraoisí agus ar an údarás ceadúnúcháin, tabharfar gach cóip eile don iarratasóir a choinneoidh a chóip féin agus a chuirfidh na cóipeanna eile chuig na seolaithe cuí.

6.   Ceadúnas FLEGT caillte nó scriosta

I gcás ina gcaillfear nó ina scriosfar ceann de na cóipeanna a liostaítear i bpointe 5, an tríú fomhír, féadfaidh an t-onnmhaireoir nó a ionadaí údaraithe iarraidh ar an údarás ceadúnúcháin ceadúnas FLEGT athsholáthair a eisiúint. Cuirfidh sealbhóir an cheadúnais FLEGT nó a ionadaí údaraithe dearbhú lena iarraidh lena bhfianaítear gur cailleadh an chóip atá i gceist, dearbhú arna eisiúint ag na póilíní náisiúnta nó ag an Gendarmerie nationale de la Côte d’Ivoire.

Eiseoidh údarás ceadúnúcháin FLEGT ceadúnas/ceadúnais FLEGT athsholáthair laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis dó iarraidh an onnmhaireora a fháil.

Maidir leis na ceadúnais FLEGT athsholáthair a chuirfear in ionad na gceadúnas FLEGT, beidh an fhaisnéis agus na hiontrálacha a bhí le feiceáil ar an gceadúnas FLEGT orthu, lena n-áirítear uimhir an cheadúnais.

Beidh na focail ‘ Autorisation de substitution ’ (Ceadúnas malartach) a fhíordheimhneofar le stampa agus síniú an údaráis ceadúnúcháin ar cheadúnais FLEGT athsholáthair.

Trí cheadúnas FLEGT athsholáthair a eisiúint, cuirfear an ceadúnas bunaidh ar neamhní. Má aimsítear an doiciméad a cailleadh nó a goideadh, ní mór é a scriosadh nó a chur ar ais chuig an údarás ceadúnúcháin.

7.   Amhras faoi bhailíocht an cheadúnais FLEGT

I gcás ina bhfuil amhras ann faoi bhailíocht an cheadúnais FLEGT nó faoin gceadúnas FLEGT athsholáthair, féadfaidh na húdaráis inniúla fíoruithe breise a iarraidh ar an údarás ceadúnúcháin.

Féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin, má mheasann sé gur gá déanamh amhlaidh, iarraidh ar na húdaráis inniúla cóip den cheadúnas FLEGT nó den cheadúnas FLEGT athsholáthair atá i gceist a sheoladh chuige.

Má mheasann an t-údarás ceadúnúcháin gur gá déanamh amhlaidh, tarraingeoidh sé an ceadúnas FLEGT siar agus eiseoidh sé cóip cheartaithe ar a bhfuil na focail ‘ Autorisation corrigée ’ (Ceadúnas ceartaithe) a fhíordheimhneofar le stampa agus síniú an údaráis ceadúnúcháin agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an údarás inniúil í.

Má dheimhnítear bailíocht an cheadúnais FLEGT, cuirfidh an t-údarás ceadúnúcháin, trí mheán leictreonach más féidir, na húdaráis inniúla ar an eolas faoi sin, agus seolfaidh sé cóipeanna den cheadúnas FLEGT ar ais. Beidh na focail ‘ Validé le …’ (Arna bhailíochtú an …) a fhíordheimhneofar le stampa agus síniú an údaráis ceadúnúcháin ar chóipeanna a sheolfar ar ais ar an mbealach sin.

Mura bhfuil an ceadúnas FLEGT atá i gceist bailí, cuirfidh an t-údarás ceadúnúcháin, trí mheán leictreonach más féidir, na húdaráis inniúla ar an eolas faoi sin.

8.   Sonraíochtaí teicniúla maidir le ceadúnas FLEGT ríomhairithe

Féadfar úsáid a bhaint as córais ríomhairithe chun ceadúnas FLEGT a eisiúint agus a úsáid.

Soláthrófar ceadúnas i bhfoirm páipéir do Bhallstáit an Aontais nach nasctar leis an gcóras ríomhairithe.

9.   Téarmaíocht

Tugtar tuairisc thíos ar na téarmaí a úsáidtear sna foscríbhinní i gcomhthéacs an Chósta Eabhair:

a)

‘Tuairisc thráchtála ar an adhmad nó ar na táirgí díorthaithe’: tuairisc ar chineál na dtáirgí;

b)

‘Modh iompair’: an modh iompair ón bpointe onnmhairiúcháin: ‘iompar muirí’/‘aeriompar’/‘iompar de thalamh’;

c)

‘Gnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha’: gnáthainmneacha tráchtála nó ainmneacha eolaíocha na gcatagóirí adhmaid a úsáidtear sa táirge. Ní mholtar an t-ainm dúchais a úsáid mura n-aithnítear é de ghnáth i réimse na trádála idirnáisiúnta;

d)

‘Tír lománaíochta’: tír ina mbaintear an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe lena mbaineann.

Foscríbhinní

1.

Samhail an cheadúnais FLEGT agus samhail na tuairisce breise ar earraí a cheanglaítear leis an gceadúnas FLEGT

2.

Nótaí míniúcháin

Foscríbhinn 1

Samhail cheadúnas FLEGT

Armais agus lógónna an Chósta Eabhair

An tAontas Eorpach

 

FLEGT

1

1.

an tÚdarás ceadúnúcháin

Ainm:

Seoladh:

2.

Allmhaireoir

Ainm:

Seoladh:

LEAGAN BUNAIDH

3.

Uimhir an cheadúnais FLEGT

4.

Dáta éaga

5.

An tír is onnmhaireoir

7.

Modh iompair

6.

Cód ISO

8.

Ceadúnaí FLEGT (ainm agus seoladh)

9.

‘Tuairisc thráchtála ar an adhmad nó ar na táirgí díorthaithe’

10.

Cóid CC

1

 

11.

Gnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha

12.

Tír lománaíochta

13.

Cóid ISO

 

14.

Toirt (m3)

15.

Glanmheáchan (kg)

16.

Líon aonad

 

17.

Marcanna sainiúla

 

18.

Síniú agus stampa an údaráis ceadúnúcháin FLEGT

Áit:

Dáta:


Samhail na tuairisce breise ar earraí a cheanglaítear leis an gceadúnas FLEGT

Tuairisc bhreise ar earraí a cheanglaítear leis an gceadúnas FLEGT

Uimhir an cheadúnais FLEGT:

Uimh. an táirge

Tuairisc thráchtála ar an adhmad nó ar na táirgí díorthaithe

Cód SH

Gnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha

Tír lománaíochta

Cód ISO na tíre lománaíochta

Toirt (m3)

Glanmheáchan (kg)

Líon aonad

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Síniú agus stampa an údaráis ceadúnúcháin FLEGT

Áit:

Dáta:

Foscríbhinn 2

Nótaí míniúcháin

Faisnéis ghinearálta

Úsáid ceannlitreacha,

Aon uair a luaitear iad, tagraíonn na cóid ISO don chód tíre dhá litir caighdeánach idirnáisiúnta, i gcomhréir leis an gcaighdeán idirnáisiúnta,

Ciallaíonn na téarmaí ‘Union européenne’ (an tAontas Eorpach) agus ‘FLEGT’ go gcumhdaítear leis an gceadúnas lastas a mbeartaítear é a onnmhairiú chuig an Aontas,

Cuirtear ceann amháin de na tásca seo a leanas, a chomhfhreagraíonn do sheolaí na cóipe, in ionad an táisc ‘ORIGINAL’ (LEAGAN BUNAIDH): ‘AUTORITÉ DOUANIÈRE DE L'UNION EUROPÉENNE’ (ÚDARÁS CUSTAIM AN AONTAIS EORPAIGH), ‘EXPORTATEUR’ (ONNMHAIREOIR), ‘AUTORITÉ DOUANIÈRE DE LA CÔTE D'IVOIRE’ (ÚDARÁS CUSTAIM AN CHÓSTA EABHAIR), ‘AUTORITÉ DE DÉLIVRANCE DES AUTORISATIONS FLEGT’ (ÚDARÁS CEADÚNÚCHÁIN FLEGT) nó ‘ARCHIVES’ (CARTLANNA).

Bosca 1

Údarás ceadúnúcháin

Cuir isteach ainm iomlán agus seoladh iomlán an údaráis ceadúnúcháin.

Bosca 2

Allmhaireoir

Cuir isteach ainm iomlán agus seoladh iomlán an allmhaireora.

Bosca 3

Uimhir an cheadúnais FLEGT

Cuir isteach uimhir an cheadúnais.

Bosca 4

Dáta éaga

Cuir isteach dáta éaga an cheadúnais FLEGT.

Bosca 5

An tír is onnmhaireoir

Cuir isteach an tír chomhpháirtíochta ónar onnmhairíodh an t-adhmad agus na táirgí adhmaid chuig an Aontas.

Bosca 6

Cód ISO

Cuir isteach cód dhá litir na tíre comhpháirtíochta a luaitear i mbosca 5.

Bosca 7

Modh iompair

Cuir isteach an modh iompair ón bpointe onnmhairiúcháin

Bosca 8

Sealbhóir an cheadúnais FLEGT

Cuir isteach ainm agus seoladh an onnmhaireora.

Bosca 9

Tuairisc trádála

Cuir isteach an cineál táirge

Bosca 10

Ceannteideal agus sonrúchán CC

Cuir isteach cód na dtáirgí ceithre dhigit nó sé dhigit a bunaíodh faoin gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí.

Bosca 11

Gnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha

Cuir isteach gnáthainmneacha nó ainmneacha eolaíocha na catagóire adhmaid a úsáidtear sa táirge. Má úsáidtear níos mó ná catagóir amháin i dtáirge, úsáid líne ar leith le haghaidh gach ceann acu. Roghnach i gcás táirgí ilchodacha nó comhpháirteanna ina bhfuil níos mó ná catagóir neamh-inaitheanta amháin (e.g. slischlár).

Bosca 12

Tír lománaíochta

Cuir isteach na tíortha inar lománaíodh na catagóirí adhmaid a luaitear i mbosca 10. Má úsáidtear níos mó ná catagóir amháin sa táirge, cuir isteach an tír lománaíochta i gcás gach catagóire adhmaid a úsáidtear. Roghnach i gcás táirgí ilchodacha nó comhpháirteanna ina bhfuil níos mó ná catagóir neamh-inaitheanta amháin (e.g. slischlár).

Bosca 13

Cóid ISO

Cuir isteach cód ISO na dtíortha (cóid tíre) a luaitear i mbosca 12. Roghnach i gcás táirgí ilchodacha nó comhpháirteanna ina bhfuil níos mó ná catagóir neamh-inaitheanta amháin (e.g. slischlár).

Bosca 14

Toirt (m3)

Cuir isteach an toirt fhoriomlán in m3. Roghnach, ach amháin má fágadh an fhaisnéis a luaitear i mbosca 15 ar lár.

Bosca 15

Glanmheáchan (kg)

Cuir isteach an meáchan iomlán in kg, is é sin glanmhais an adhmaid nó na dtáirgí díorthaithe, gan céadphacáistiú ná pacáistíocht a chur san áireamh, seachas sparraí fáiscthe, spásairí, greamáin, etc. Roghnach, ach amháin má fágadh an fhaisnéis a luaitear i mbosca 14 ar lár.

Bosca 16

Líon aonad

Cuir isteach an líon aonad, i gcás inar fearr a dhéantar táirge monaraithe a chainníochtú ar an mbealach sin. Roghnach.

Bosca 17

Marcanna sainiúla

Cuir isteach, i gcás inarb infheidhme, gach marc sainiúil, amhail uimhir na baisce nó uimhir an bhille luchta. Roghnach.

Bosca 18

Síniú agus stampa an údaráis eisiúna

Ní mór síniú an oifigigh údaraithe, stampa oifigiúil an údaráis atá freagrach as ceadúnais a eisiúint, an áit agus an dáta a bheith sa bhosca sin.

IARSCRÍBHINN VI

TÉARMAÍ TAGARTHA AN INIÚCHÓRA NEAMHSPLEÁCH

1.   Prionsabail

Déanfar an t-iniúchadh neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 10 den Chomhaontú seo. Baineann an t-iniúchadh neamhspleách le LAS, lena n-áirithítear go gcomhlíonann na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I – a lománaítear, a iompraítear, a phróiseáiltear, a onnmhairítear, a allmhairítear nó a dhíoltar – na critéir dlíthiúlachta agus inrianaitheachta. Áiritheoidh LAS freisin nach n-eiseoidh an t-údarás ceadúnúcháin ceadúnais ach amháin maidir le lastais a chomhlíonann a cheanglais.

Tugtar tuairisc sna téarmaí tagartha, arb iad is ábhar don Iarscríbhinn seo, ar chuspóirí, cúraimí agus modheolaíocht an iniúchta neamhspleách agus na rialacha mionsonraithe maidir le tuarascálacha an iniúchóra neamhspleách a tharraingt suas. Leagtar amach san Iarscríbhinn seo freisin na príomhfhoinsí faisnéise agus cuirtear de cheangal ar na Páirtithe tacú le gníomhaíochtaí an iniúchóra neamhspleách agus iad a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis. Tugtar tuairisc sna téarmaí tagartha ar na cáilíochtaí agus ar an taithí is gá agus is iad is bonn le doiciméid tairisceana níos mionsonraithe a tharraingt suas agus an t-iniúchóir neamhspleách á earcú.

2.   Cuspóirí

Is é cuspóir don iniúchadh neamhspleách measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme cuí agus éifeachtacht LAS.

3.   Cúraimí

Ní mór an méid seo a leanas a áireamh i gcúraimí an iniúchóra neamhspleách, gan a bheith teoranta dóibh:

a)

lámhleabhar iniúchóireachta a tharraingt suas ina sonrófar na hoibríochtaí iniúchóireachta uile, lena n-áirítear na modhanna agus uirlisí a bhaineann le faisnéis a bhailiú, measúnú a dhéanamh ar shonraí ábhartha, agus tuarascálacha a tharraingt suas. Ina theannta sin, léireofar sa lámhleabhar iniúchóireachta sin an bealach a láimhseáiltear gearáin agus na nósanna imeachta lena n-áirithítear neamhspleáchas agus rúndacht obair na n-iniúchóirí;

b)

LAS a iniúchadh: áiritheoidh an t-iniúchóir neamhspleách go n-oibríonn LAS go héifeachtach agus i gcomhréir le ceanglais an Chomhaontaithe seo. Go sonrach, baineann an t-iniúchadh leis na heilimintí seo a leanas:

an córas eisiúna ceadúnas lománaíochta, próiseála agus margaíochta,

an córas iniúchóireachta agus um fíorú dlíthiúlachta (Iarscríbhinní II agus III),

an córas iniúchóireachta agus fíoraithe inrianaitheachta (Iarscríbhinn III),

córas eisiúna cheadúnais FLEGT (Iarscríbhinn V),

an córas láimhseála cásanna neamhchomhlíontachta faoi LAS (Iarscríbhinn III),

feidhmiú na n-údarás atá freagrach as ceadúnais FLEGT a fhíorú agus a eisiúint (Iarscríbhinní III agus V);

c)

easnaimh agus laigí a shainaithint i gcur chun feidhme (1) LAS agus le linn a chéime oibríochtúla (2), agus moltaí a chur faoi bhráid JIC;

d)

measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart ceartaitheach arna gcinneadh ag JIC chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus na laigí arna sainaithint sna tuarascálacha cigireachta agus fíorúcháin;

e)

tuarascáil ar na torthaí agus ar na moltaí a chur faoi bhráid JIC, a fhoilseoidh achoimre na dtuarascálacha sin go tráthrialta;

f)

aon suirbhé, anailís nó staidéar eile a iarrfaidh JIC a dhéanamh chun tacú a thuilleadh leis an iniúchadh neamhspleách.

4.   Modheolaíocht

Ceanglaítear ar an iniúchóir neamhspleách an méid seo a leanas a dhéanamh:

gairmiúlacht agus ionracas a léiriú i gcónaí agus i ngach cúinse,

dea-chleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh trí chaighdeáin ISO 19011 (3) agus 17021 (4) nó a gcoibhéis a leanúint,

a chuid conclúidí a bhunú ar eilimintí fíorasacha agus ar fhianaise, lena n-áirítear iad a fhaightear ó imscrúduithe allamuigh agus iniúchtaí doiciméadacha,

dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile agus go háirithe leis na heagraíochtaí atá gníomhach sa bhreathnóireacht neamhspleách ar ghníomhaíochtaí lománaíochta.

Déanfaidh JIC an lámhleabhar iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe 3 arna mholadh ag an iniúchóir neamhspleách a scrúdú agus a fhormheas sula bhféadfaidh an t-iniúchóir neamhspleách tús a chur leis na gníomhaíochtaí iniúchóireachta i gcomhréir leis an lámhleabhar formheasta.

4.1.   Sceideal oibre

Le linn na chéad bhliana de chur chun feidhme LAS, déanfaidh an t-iniúchóir neamhspleách an lámhleabhar iniúchóireachta agus an plean iniúchóireachta a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid JIC agus déanfaidh sé iniúchadh tosaigh. Le linn an iniúchta tosaigh sin, ceanglaítear ar an iniúchóir neamhspleách cruinniú tionscnaimh a eagrú ina n-áiritheoidh sé comhthuiscint ar a shainordú i measc na ngrúpaí páirtithe leasmhara éagsúla (an tsochaí shibhialta, taoisigh thraidisiúnta, an earnáil phríobháideach, aireachtaí agus struchtúir eile rialtais). Is deis é an cruinniú sin freisin ionchais agus moltaí na rannpháirtithe a bhailiú maidir leis an mbeart iniúchóireachta sin. Sna blianta ina dhiaidh sin, déanfaidh an t-iniúchóir neamhspleách iniúchtaí bliantúla ar feadh tréimhse 4 bliana ar a laghad. Ina dhiaidh sin, déanfaidh JIC an mhinicíocht sin a scrúdú. Féadfaidh an t-iniúchóir neamhspleách iniúchtaí gan réamhfhógra agus ad hoc a dhéanamh freisin, arna iarraidh sin do na Páirtithe agus tar éis do JIC iad a fhormheas.

Ag deireadh gach iniúchta, tionólfaidh an t-iniúchóir neamhspleách cruinniú chun na torthaí a chur in iúl do na gníomhaithe éagsúla. Is deis é an cruinniú sin chun an tuarascáil achomair arna formheas ag JIC a chur i láthair.

4.2.   Raon feidhme na hoibre

Cumhdófar le gníomhaíochtaí an iniúchóra neamhspleách na cúraimí uile a liostaítear i bpointe 3 i gcomhréir leis an lámhleabhar iniúchóireachta.

Le linn chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus sula mbeidh LAS ag feidhmiú go hiomlán, féadfaidh baint a bheith ag an iniúchadh neamhspleách le codanna den Chomhaontú arna sainaithint ag JIC.

Le linn na céime oibríochtúla, bainfidh an t-iniúchadh neamhspleách le gach ceann de na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhfíorú: an Córas um Fíorú Dlíthiúlachta agus Inrianaitheachta, córas eisiúna cheadúnais FLEGT, an córas láimhseála cásanna neamhchomhlíontachta faoi LAS agus gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí atá freagrach as ceadúnais FLEGT a fhíorú agus a eisiúint.

Chun a chinneadh an ndéantar cásanna neamhchomhlíontachta féideartha ar leibhéal an iniúchta agus ar an leibhéal allamuigh a shainaithint iarbhír le linn an fhíoraithe, déanfaidh an t-iniúchóir neamhspleách iniúchadh ar ghníomhaíochtaí ábhartha na ndaoine seo a leanas freisin:

na húdaráis atá freagrach as ceadúnais lománaíochta, próiseála agus margaíochta a eisiúint,

na húdaráis atá freagrach as iniúchtaí dlíthiúlachta agus inrianaitheachta,

na hoibreoirí lománaíochta, na próiseálaithe, na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus na trádálaithe.

Roghnóidh an t-iniúchóir neamhspleách na gníomhaíochtaí ábhartha ar bhonn anailís ar na rioscaí agus, i gcás inarb infheidhme, na tosaíochtaí arna sainaithint ag JIC á gcur san áireamh.

4.3.   Bailiú agus próiseáil sonraí

Ní mór tuairisc a thabhairt sa lámhleabhar iniúchóireachta ar na nósanna imeachta agus na cleachtais bailithe fianaise, lena n-áirítear na hiniúchtaí allamuigh, na himscrúduithe, na hagallaimh agus an scrúdú ar an doiciméadacht. Ní mór tuairisc a thabhairt ann freisin ar an mbealach a bhfreagraíonn an t-iniúchóir neamhspleách gearáin faoina gcuid oibre féin. Déanfar na sonraí a bhaileofar a phróiseáil ar bhealach oibiachtúil (ar bhonn anailís dhlíthiúil, ar bhonn máistreacht ar an gcóras bainistithe sonraí, i gcomhréir leis na rialacha eiticiúla is infheidhme maidir le bainistiú sonraí den sórt sin, etc.).

4.4.   Córais iniúchóireachta

Ar bhonn torthaí agus fianaise iniúchóireachta arna ndoiciméadú agus arna gcur sna cartlanna a gheofar trí athbhreithniú doiciméadach, agallaimh, cigireachtaí ar an láthair agus bailiú sonraí, sainaithneoidh an t-iniúchóir neamhspleách an méid seo a leanas:

na cásanna neamhchomhlíontachta arna sainaithint le linn fhíorú na dlíthiúlachta agus na hinrianaitheachta agus na bearta ceartaitheacha chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna neamhchomhlíontachta sin,

láidreachtaí agus laigí LAS (a mbreathnófar orthu mar dheiseanna chun feabhas a chur air) lena mbeifear in ann díriú ar bhearta chun feidhmiú agus éifeachtacht LAS a fheabhsú.

4.5.   Acmhainní agus ceadanna leordhóthanacha

Beidh acmhainní leordhóthanacha agus na ceadanna is gá ag an iniúchóir neamhspleách chun a chuid oibre a dhéanamh.

4.6.   Córas bainistithe doiciméad

Beidh fáil ag an iniúchóir neamhspleách ar chóras bainistíochta doiciméadaithe leordhóthanach chun a áirithiú go bhfuil na scileanna agus an taithí is gá ag a fhoireann chun iniúchadh éifeachtach a dhéanamh agus chun an rialú agus faireachán inmheánach is gá a chur i bhfeidhm.

5.   Tuarascálacha agus scaipeadh

Cloífidh an t-iniúchóir neamhspleách leis an struchtúr agus leis an gcur chuige a leagtar amach sa lámhleabhar iniúchóireachta chun a thuarascálacha a tharraingt suas, mar a comhaontaíodh le JIC. Déanfaidh an t-iniúchóir neamhspleách an méid seo a leanas:

tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an bpleanáil a comhaontaíodh le JIC,

lámhleabhar iniúchóireachta agus plean iniúchóireachta a tharraingt suas agus a chur isteach, ar saothair iad a bheidh le formheas ag JIC sula ndéanfar an t-iniúchadh,

a thuarascálacha a tharraingt suas i gcomhréir le prionsabail iniúchóireachta a aithnítear go hidirnáisiúnta agus leis na prionsabail a shonraítear sa lámhleabhar iniúchóireachta,

réamhthuarascáil a chur faoi bhráid JIC chun barúlacha a fháil uaidh,

tuarascáil chríochnaitheach a chur faoi bhráid JIC (bunaithe ar na barúlacha a fuarthas faoin réamhthuarascáil agus faoi na heilimintí fianaise a bailíodh), ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile faoin gclár iniúchóireachta agus faoi fheidhmiú LAS,

tuarascáil achomair a tharraingt suas a bhailíochtóidh JIC chun í a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne. Bunófar an tuarascáil achomair ar an tuarascáil iomlán agus déanfar achoimre inti ar phríomh-mholtaí agus príomhchonclúidí na tuarascála iomláine, lena n-áirítear laigí agus láidreachtaí LAS a sainaithníodh.

6.   Modhanna agus foinsí faisnéise

I measc na bpríomh-mhodhanna chun rochtain a fháil ar fhaisnéis tá:

scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid agus ar thaifid (tuarascálacha, pleananna, cláir, foirmeacha, ceangláin, comhaid, suíomhanna gréasáin, bunachair sonraí agus eile),

cigireachtaí allamuigh,

agallaimh le daoine a bhfuil baint acu le LAS agus le daoine eile a bhfuil saineolas ar an ábhar acu,

comhairliúcháin agus cruinnithe leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann.

I dtaca le cigireachtaí allamuigh, ní mór rochtain a bheith ag an iniúchóir neamhspleách ar na limistéir ina ndéantar na hacmhainní foraoise a lománú, a iompar, a phróiseáil agus a dhíol, agus ar na pointí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin freisin.

Áiritheoidh an Cósta Eabhair go mbeidh rochtain iomlán ag an iniúchóir neamhspleách ar gach faisnéis, doiciméad agus bunachar sonraí atá tábhachtach nó ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme cuí agus éifeachtacht LAS. I gcás ina mbeidh amhras ann faoi thábhacht, ábharthacht nó rúndacht na faisnéise le haghaidh an iniúchta neamhspleách, déanfaidh JIC an cheist a mheas. Áireofar sa rochtain ar fhaisnéis faisnéis atá i seilbh na hAireachta atá freagrach as foraoisí agus faisnéis atá i seilbh aireachtaí eile agus eagraíochtaí eile rialtais a bhfuil baint acu le LAS. Beidh rochtain go háirithe ag an iniúchóir neamhspleách ar fhaisnéis ó LAS, ó chodanna de agus ó fhoinsí eile, amhail iniúchtaí arna bhfoilsiú ag tíortha eile a bhunaigh scéim eisiúna cheadúnais FLEGT.

Is iad seo a leanas na gníomhaithe a d’fhéadfadh faisnéis ábhartha a sholáthar:

a)

Gníomhaithe stáit:

an Aireacht atá freagrach as foraoisí, aireachtaí eile agus as eagraíochtaí eile rialtais a bhfuil baint acu le LAS. Meastar gur príomhfhoinsí faisnéise iad na húdaráis sin ar fad a mhéid a bhaineann leis an iniúchóir neamhspleách a chur ar an eolas.

b)

Gníomhaithe neamhstáit:

eagraíochtaí na sochaí sibhialta (go háirithe iad siúd atá freagrach as an mbreathnóireacht neamhspleách) agus eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta atá gníomhach sna hearnálacha a bhaineann le LAS,

eagraíochtaí atá freagrach as córais phríobháideacha deimhniúcháin dheonaigh dlíthiúlachta agus inrianaitheachta,

oibreoirí príobháideacha (oibreoirí lománaíochta, próiseálaithe, onnmhaireoirí agus eile),

taoisigh thraidisiúnta,

gnólachtaí comhairliúcháin, daoine a bhfuil saineolas ar an ábhar acu agus saineolaithe.

7.   Cáilíochtaí a éilítear

a)

Ní mór don iniúchóir neamhspleách a bheith in ann na cáilíochtaí seo a leanas a léiriú:

taithí chruthaithe ar iniúchadh agus measúnú comhlíontachta i ndáil le bainistiú foraoisí, próiseáil adhmaid, inrianaitheacht adhmaid, custaim agus córais bainistithe an tslabhra soláthair,

eolas maith ar an trádáil náisiúnta, fhoréigiúnach (ECOWAS) agus idirnáisiúnta adhmaid agus ar an earnáil foraoiseachta tráchtála,

eolas maith ar thionscal an adhmaid sa Chósta Eabhair,

sárscileanna cumarsáide labhartha agus scríofa sa Fhraincis,

cumas léirithe de bheith ag obair le raon leathan rannpháirtithe,

ceanglais ISO 9001 (5) a chomhlíonadh ar a laghad,

eolas maith ar chaighdeáin ISO 19011 agus 17021 nó ar a gcoibhéis.

b)

Ní mór don iniúchóir neamhspleách na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

níl aon choinbhleacht leasa aige a eascraíonn as caidreamh eagraíochtúil nó tráchtála mar a cheanglaítear le caighdeáin ISO 19011 agus 17021 nó lena gcoibhéis;

níl aon leas díreach acu i mbainistiú foraoisí, i bpróiseáil adhmaid, i dtrádáil adhmaid ná sa reachtaíocht in earnáil na foraoiseachta ná in earnálacha eile a mbaineann LAS leo;

foireann iniúchóireachta de dhaoine atá cáilithe agus a bhfuil taithí acu a bhíogadh chun gnímh;

a chóras rialaithe féin i gcomhréir le ISO 9001, 19011 agus 17021 nó a gcoibhéis a bheith aige;

c)

Ina theannta sin, ní mór don iniúchóir neamhspleách a bheith in ann:

sásra trédhearcach láimhseála gearán i ndáil leis an iniúchadh neamhspleách a chur i bhfeidhm.

8.   An próiseas roghnúcháin agus socruithe institiúideacha

Tá an próiseas tairisceana oscailte do gach institiúid a bhfuil na cumais ábhartha aici, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, institiúidí acadúla agus ionaid taighde.

Beidh an measúnú ar thairiscintí trédhearcach agus cuirfear na critéir arna gcur i bhfeidhm ar fáil don phobal. Áireofar i bpróiseas roghnúcháin an iniúchóra neamhspleách dícheall maidir le heintitis iomaíocha, i gcomhréir leis na caighdeáin arna mbunú ag JIC. Cuirfear an tuarascáil mheasúnaithe ar na tairiscintí ar fáil don phobal.

Maidir leis na doiciméid tairisceana níos mionsonraithe a tharraingeofar suas ar bhonn na hIarscríbhinne seo tráth earcaithe an iniúchóra neamhspleách, cuirfear faoi bhráid JIC iad lena bhformheas. Déanfaidh an Cósta Eabhair earcú an iniúchóra neamhspleách a thabhairt i gcrích tar éis do JIC fógra nach bhfuil aon agóid a eisiúint.

9.   Maoiniú an iniúchta neamhspleách

Ina dhiaidh sin, tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le sásra maoinithe an iniúchta neamhspleách, agus a neamhspleáchas á áirithiú acu an tráth céanna.


(1)  Is éard atá i gceist anseo leis an téarma ‘cur chun feidhme’ céim tógála LAS.

(2)  Is éard atá i gceist anseo leis an téarma ‘céim oibríochtúil’ an chéim tar éis bhailíochtú LAS.

(3)  Treoirlínte maidir le córais bainistíochta a iniúchadh.

(4)  Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí a dhéanann córais bhainistíochta a iniúchadh agus a dheimhniú.

(5)  Córais bhainistíochta cáilíochta.

IARSCRÍBHINN VII

CRITÉIR AN MHEASÚNAITHE NEAMHSPLEÁCH AR AN gCÓRAS UM FÍORÚ DLÍTHIÚLACHTA (LAS)

1.   Forálacha ginearálta

Is é is aidhm do LAS Chósta Eabhair dlíthiúlacht an adhmaid agus na dtáirgí díorthaithe a ráthú. Déanfar measúnú neamhspleách ar LAS roimh theacht i bhfeidhm scéim ceadúnúcháin FLEGT i gcás onnmhairí adhmaid agus táirgí díorthaithe ón gCósta Eabhair chuig an Aontas. Sonraítear san Iarscríbhinn seo critéir an mheasúnaithe neamhspleách ar an gcóras sin i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chomhaontú seo. Is é is cuspóir dó feidhmiú cuí agus creidiúnacht LAS a chinneadh chun é a chur ar a chumas do na Páirtithe cinneadh a dhéanamh maidir le tús na céime oibríochtúla de scéim ceadúnúcháin FLEGT. Dá bhrí sin, ní hionann an measúnú neamhspleách agus an t-iniúchadh neamhspleách. Cé gur buanfheidhm é an t-iniúchadh neamhspleách i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, ní dhéantar an measúnú neamhspleách ach sula gcuirtear tús le scéim ceadúnúcháin FLEGT.

2.   Cuspóir an mheasúnaithe

Chun tacú le cinnteoireacht na bPáirtithe maidir le tús na céime oibríochtúla de scéim ceadúnúcháin FLEGT, tá sé de chuspóir ag an measúnú an méid seo a leanas a mheas:

feidhmiú, creidiúnacht agus éifeachtacht LAS,

na hathbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar LAS tar éis thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe seo,

cumas na ngníomhaithe a bhfuil baint acu le LAS a ról a imirt, a mhéid a bhaineann le ról gach ceann acu faoi seach, mar a fhoráiltear sa Chomhaontú seo agus sna hIarscríbhinní a ghabhann leis.

3.   Modh chur chun feidhme an mheasúnaithe

Is le cur chuige céim ar chéim a dhéanfar an measúnú ar LAS. Tabharfar aghaidh de réir a chéile ar easnaimh agus laigí an chórais a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe trí chur chun feidhme beartaithe beart ceartaitheach, mar a chomhaontaigh na Páirtithe ag cruinniú de chuid JIC, go dtí go mbainfear leibhéal amach a mheasfaidh na Páirtithe a bheith sásúil.

Cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar LAS iniúchtaí neamhspleácha a rinneadh roimhe ar chodanna de LAS arna sainaithint ag JIC, mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn VI.

Beidh sainordú agus téarmaí tagartha an mheasúnaithe neamhspleách faoi réir comhaontú idir an Cósta Eabhair agus an tAontas ag cruinniú de chuid JIC. Is iad na critéir mheasúnaithe a leagtar amach san Iarscríbhinn seo bunús an tsainordaithe sin agus na dtéarmaí tagartha.

4.   Critéir mheasúnaithe

4.1.   Sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach

Déantar adhmad a tháirgtear go dleathach a shainmhíniú in Airteagail 1 go 7 agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus déantar an sainmhíniú sin a chomhlánú leis an lámhleabhar fíorúcháin ina ndéantar na fíoraitheoirí a shainaithint. Tá an sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach soiléir, infhíoraithe go hoibiachtúil agus infheidhme ar bhonn oibríochtúil, agus tagraítear iontu, ar a laghad, d’fhorálacha ábhartha sna réimsí seo a leanas:

cearta lománaíochta: leithdháileadh lamháltas foraoiseachta agus cearta rochtana eile chun adhmad a lománú laistigh de theorainneacha atá sainithe go dleathach,

oibríochtaí foraoise: ceanglais dhlíthiúla agus theicniúla maidir le bainistiú foraoisí agus oibríochtaí foraoiseachta a chomhlíonadh, lena n-áirítear an reachtaíocht shóisialta agus chomhshaoil is infheidhme a chomhlíonadh,

táillí agus cánacha: comhlíonadh ceanglas dlíthiúil maidir le cánacha, táillí agus aon chóras ioncaim eile a bhaineann go díreach le lománaíocht adhmaid agus cearta lománaíochta,

úsáideoirí eile: urraim do thionacht dhlíthiúil páirtithe eile nó do chearta úsáide talún agus acmhainní a bhféadfadh cearta lománaíochta adhmaid difear a dhéanamh dóibh, i gcás inarb ann do chearta eile den sórt sin,

trádáil agus custaim: comhlíonadh ceanglas dlíthiúil maidir le nósanna imeachta trádála agus custaim.

Is iad seo a leanas na príomh-shaincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú sa réimse seo:

An sainaithnítear na forálacha dlíthiúla go soiléir sa sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach?

An bhfuil sé soiléir cén ionstraim dlí atá ina bonn agus ina taca ag gach eilimint den sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach?

An sonraítear prionsabail, critéir agus táscairí is féidir a úsáid chun comhlíonadh gach eiliminte den sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach a thástáil?

An bhfuil na fíoraitheoirí, arb é is aidhm dóibh comhlíonadh phrionsabail, chritéir agus tháscairí an tsainmhínithe ar adhmad a tháirgtear go dleathach a fhíorú, bunaithe ar thagairtí dlíthiúla doiciméadaithe?

An bhfuil na fíoraitheoirí soiléir, oibiachtúil agus infheidhme ar bhonn oibríochtúil? An bhfuil siad oiriúnach agus leordhóthanach chun comhlíonadh an táscaire a dheimhniú?

An gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach príomhcheanglais dhlíthiúla na ndlíthe agus na rialachán atá i bhfeidhm sna réimsí a shainaithnítearsa chéad fhomhír?

I gcás ina n-athrófar an sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, is iad seo a leanas na príomh-shaincheisteanna forlíontacha:

An ndeachthas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha maidir le leasuithe arna ndéanamh agus ar cuireadh a gcuid moltaí san áireamh?

An bhfuil na dlíthe agus na rialacháin shonracha atá le cur i bhfeidhm maidir le gach eilimint nua den sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach sainaitheanta go soiléir?

Na fíoraitheoirí a chomhfhreagraíonn do na coigeartuithe féideartha ar an sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach, an ndearnadh iad a shainaithint go soiléir?

An ndearnadh na leasuithe i gcomhréir leis an gComhaontú seo?

4.2.   Raon feidhme LAS

Cumhdóidh LAS na táirgí a shainaithnítear in Iarscríbhinn I agus na foinsí adhmaid a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 3.1 d’Iarscríbhinn III. Sula dtiocfaidh scéim ceadúnúcháin FLEGT i bhfeidhm le haghaidh onnmhairí adhmaid ón gCósta Eabhair chuig an Aontas, le LAS, beifear in ann a fhíorú, ar a laghad, gur táirgeadh go dleathach an t-adhmad agus na táirgí díorthaithe a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig margadh an Aontais nó a mhargú ann.

Is iad seo a leanas na príomh-shaincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú sa réimse seo:

Na táirgí a thagann faoin raon feidhme agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, an gcumhdaítear iad ar fad le LAS?

Na foinsí adhmaid éagsúla a luaitear i bpointe 3.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo, an gcumhdaítear iad le LAS?

Adhmad a eascraíonn as dífhoraoisiú agus glanadh mar aon le hadhmad a urghabhadh, an ndéantar é a shainaithint feadh an tslabhra soláthair, a chumhdach le LAS agus a eisiamh ón gceanglas ceadúnas FLEGT a fháil?

An t-adhmad faoi bhealach agus na táirgí adhmaid críochnaithe allmhairithe, an ndéantar iad a scaradh ón slabhra soláthair agus a eisiamh ón gceanglas ceadúnas FLEGT a fháil?

An bhfuil na gníomhaithe a bhfuil baint acu le LAS in ann a róil a imirt, mar a fhoráiltear sa Chomhaontú seo agus sna hIarscríbhinní a ghabhann leis?

4.3.   Iniúchtaí

Is é is cuspóir do na hiniúchtaí dlíthiúlachta a áirithiú go mbeidh na hoibreoirí bunaithe go dleathach agus formheasta agus go mbeidh gníomhaíochtaí uile thionscal an adhmaid dleathach. Is é is cuspóir do na hiniúchtaí inrianaitheachta an t-adhmad a rianú ón áit leagtha go dtí céim na margaíochta nó an onnmhairithe, agus sláine an tslabhra soláthair á háirithiú an tráth céanna.

Cumhdaítear leis an leibhéal sin na gnáthiniúchtaí a dhéanann struchtúir inniúla an Stáit agus dá bhforáiltear sa chreat dlíthiúil agus i lámhleabhair na nósanna imeachta. Tá na hiniúchtaí sin dírithe ar oibreoirí uile an tionscail: oibreoirí lománaíochta, próiseálaithe, onnmhaireoirí, allmhaireoirí agus trádálaithe.

Mar sin, is é is aidhm don mheasúnú a áirithiú go bhfuil na hiniúchtaí dlíthiúlachta agus inrianaitheachta, mar a dhéantar iad, bunaithe ar nósanna imeachta soiléire, mionsonraithe agus inrochtana agus go ndéantar iad ar bhealach inar féidir an dlíthiúlachta agus an inrianaitheacht a fhíorú. Chun a chinneadh an ndéantar cásanna neamhchomhlíontachta féideartha ar leibhéal an iniúchta agus ar an leibhéal allamuigh a shainaithint iarbhír le linn an fhíoraithe, cumhdófar leis an measúnú gníomhaíochtaí ábhartha na ndaoine seo a leanas:

na húdaráis atá freagrach as ceadúnais lománaíochta, próiseála agus margaíochta a eisiúint,

na húdaráis atá freagrach as iniúchtaí dlíthiúlachta agus inrianaitheachta,

na hoibreoirí lománaíochta, na próiseálaithe, na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus na trádálaithe.

Roghnóidh an measúnóir na gníomhaíochtaí ábhartha ar bhonn anailís ar na rioscaí agus, i gcás inarb infheidhme, na tosaíochtaí arna sainaithint ag JIC á gcur san áireamh.

Is iad seo a leanas na príomh-shaincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú sa réimse seo:

An bhfuil na nósanna imeachta um iniúchadh dlíthiúlachta agus inrianaitheachta sainithe go soiléir ag na húdaráis inniúla?

An eisítear na fíoraitheoirí go tráthrialta?

An gcuireann na gníomhaithe ábhartha nó inniúla na fíoraitheoirí i gcartlann go tráthúil agus i bhformáid lenar féidir iad a fhíorú?

An ndéantar pointí criticiúla iniúchóireachta an tslabhra soláthair a shainaithint agus an dtugtar tuairisc orthu ar bhealach inar féidir inrianaitheacht an adhmad agus na dtáirgí díorthaithe a fhíorú?

An ndéantar na sonraí cainníochtúla a thaifeadadh ar bhealach inar féidir iad a réiteach in am trátha leis na pointí criticiúla iniúchóireachta roimhe sin agus ina dhiaidh sin sa slabhra soláthair?

Na lámhleabhair, na treoirlínte agus na doiciméid riaracháin eile go léir ina bhfuil na nósanna imeachta iniúchta a dhéanann na húdaráis éagsúla, an bhfuil siad ar fáil go poiblí?

4.4.   Fíorú

Cuirtear céim an fhíoraithe leis an gcéim iniúchóireachta chun dlíthiúlacht agus inrianaitheacht adhmaid agus na dtáirgí díorthaithe a áirithiú. Dá bhrí sin, tá an fíorú dírithe ní hamháin ar oibreoirí ach ar struchtúir inniúla an Stáit freisin i dtaca le deimhnithe a eisiúint agus leis an iniúchadh.

Is é is aidhm don mheasúnú a áirithiú go mbeidh na hiniúchtaí dlíthiúlachta agus inrianaitheachta, mar a dhéantar iad, dian agus éifeachtach go leor chun aon neamhchomhlíonadh cheanglais LAS a bhrath agus chun a áirithiú nach dtiocfaidh aon adhmad de thionscnamh neamhdhleathach nó anaithnid isteach sa slabhra soláthair ná nach n-onnmhaireofar chuig an Aontas é.

Is iad seo a leanas na príomh-shaincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú sa réimse seo:

Ar bunaíodh CNGF agus an bhfuil sé in ann cur chun feidhme LAS a stiúradh agus a fheidhmeanna sa chóras bainistithe gearán a bhaineann le LAS a dhéanamh?

Ar cheap an t-údarás foraoiseachta an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht, agus an bhfuil an tseirbhís sin in ann cúnamh a thabhairt do CNGF agus na feidhmeanna a shanntar di sa Chomhaontú seo a dhéanamh?

Ar fhormheas an t-údarás foraoiseachta gníomhaireacht amháin nó níos mó chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh mar chuid de phróiseas oscailte trédhearcach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III?

Ar tarraingíodh an lámhleabhar fíorúcháin suas mar chuid de phróiseas rannpháirtíochta, a d’fhormheas JIC agus a d’fhoilsigh an Cósta Eabhair? Leis an lámhleabhar sin, an féidir ceanglais aonfhoirmeacha fíorúcháin a chomhlíonadh mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn III?

An bhfuil feidhmeanna agus freagrachtaí na bpáirtithe leasmhara agus na n-eintiteas fíoraithe uile sainaitheanta go soiléir maidir le gach táscaire agus fíoraitheoir?

An bhfuil na gníomhaireachtaí fíorúcháin in ann iniúchtaí fíorúcháin a dhéanamh mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn III agus sa lámhleabhar fíorúcháin?

An anailís ar na rioscaí ar ar a bonn a chinneann na gníomhaireachtaí fíorúcháin na riachtanais i dtéarmaí an fhíoraithe dara leibhéil agus fíoruithe allamuigh, an bhfuil an anailís sin sainithe sa lámhleabhar fíorúcháin i gcomhréir le nósanna imeachta cuimsitheacha praiticiúla?

Leis na tuarascálacha iniúchóireachta ó na gníomhaireachtaí fíorúcháin, arna gcomhlánú le sonraí eile sa chóras bainistithe sonraí, an féidir leis an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht cinntí comhlíontachta nó neamhchomhlíontachta a dhéanamh maidir leis an dlíthiúlacht agus an inrianaitheacht?

I gcás inar bunaíodh nósanna imeachta chun deimhnithe príobháideacha a aithint, an bhfuil siad ag feidhmiú agus ina gcuid den lámhleabhar fíorúcháin?

An bhfuil an córas bainistithe sonraí i bhfeidhm, an bhfuil sé ag feidhmiú agus an gcomhlíonann sé ceanglais Iarscríbhinn III?

Na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun cearta rochtana ar an gcóras bainistithe sonraí a fháil, agus chun na sonraí a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne orthu a shainaithint, an ndearnadh iad a tharraingt suas agus a fhoilsiú? Na gníomhaithe a bhfuil baint acu le LAS, an bhfuil na cearta rochtana agus eagarthóireachta iomchuí acu sa chóras bainistithe sonraí?

Na cásanna neamhchomhlíontachta arna sainaithint le linn an fhíoraithe, an ndéantar iad a chur in iúl chun gur féidir eilimintí breise a chur leo agus bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun iad a láimhseáil?

An mheitheal ar a bhfuil ionadaithe ó sheirbhísí éagsúla na n-údarás a bhaineann le LAS, meitheal a bhfuil sé de chúram uirthi cuidiú le láimhseáil agus réiteach cásanna neamhchomhlíontachta agus moltaí ar an ábhar sin a chur faoi bhráid na seirbhísí lena mbaineann, ar cruthaíodh í agus an bhfuil sí in ann na feidhmeanna a shanntar di in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh?

Leis an gcóras láimhseála cásanna neamhchomhlíontachta, an féidir a áirithiú nach dtiocfaidh aon adhmad de thionscnamh neamhdhleathach nó anaithnid isteach sa slabhra soláthair ná nach n-onnmhaireofar chuig an Aontas é?

4.5.   Ceadúnais agus deimhnithe a eisiúint

Chuir an Cósta Eabhair na freagrachtaí a bhaineann le ceadúnais FLEGT agus le deimhnithe poiblí dlíthiúlachta ar iontaoibh an údaráis ceadúnúcháin. Eiseofar ceadúnas FLEGT le haghaidh gach lastais a onnmhaireofar chuig an Aontas, agus bunófar deimhniú poiblí dlíthiúla le haghaidh gach lastais atá dírithe ar mhargaí onnmhairiúcháin nach margaí onnmhairiúcháin an Aontais iad.

Is iad seo a leanas na príomh-shaincheisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu sa mheasúnú sa réimse seo:

Ar cheap nó ar chruthaigh an tAire atá freagrach as foraoisí an t-údarás ceadúnúcháin?

Ar chuir an t-údarás ceadúnúcháin nósanna imeachta um leithdháileadh ceadúnas FLEGT i bhfeidhm? An bhfuil rochtain ag an bpobal ar na nósanna imeachta sin, lena n-áirítear na táillí is infheidhme?

An é nach n-eisíonn an t-údarás ceadúnúcháin ceadúnais FLEGT ach amháin i gcás adhmaid agus táirgí díorthaithe a fíoraíodh agus a measadh a bheith dleathach mar a fhoráiltear sa Chomhaontú seo?

An gcoinnítear taifid iomlána ar cheadúnais FLEGT agus ar dheimhnithe poiblí dlíthiúlachta a deonaíodh agus ar diúltaíodh dóibh?

An bhfuil na ceanglais a bhaineann le ceadúnais FLEGT sainithe go soiléir agus an dtugtar fógra fúthu do na honnmhaireoirí agus do na páirtithe leasmhara freisin?

Leis na nósanna imeachta arna mbunú le haghaidh an údaráis ceadúnúcháin, an féidir leis na húdaráis inniúla soiléiriú a fháil maidir le ceadúnais FLEGT arna n-eisiúint sa Chósta Eabhair?

4.6.   Breathnóireacht neamhspleách agus trédhearcacht

Is cuid de LAS í an bhreathnóireacht neamhspleách a dhéanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta d’fhonn faisnéis inchreidte infhíoraithe a bhailiú agus a chomhroinnt maidir le bainistiú foraoisí chun feabhas a chur ar an rialachas foraoise agus ar fheidhmiú LAS.

Is iad seo a leanas na príomh-shaincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú sa réimse seo:

An bhfuil eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann an bhreathnóireacht neamhspleách in ann an fheidhm sin a chomhlíonadh mar a fhoráiltear sa Chomhaontú seo, go háirithe Iarscríbhinn III?

An ndéantar tuarascálacha breathnóireachta neamhspleáiche a thaifeadadh sa chóras bainistithe sonraí agus a chur san áireamh sa phróiseas fíorúcháin, go háirithe i gcás anailísí ar na rioscaí?

An údaraítear eagraíochtaí a chuireann gníomhaíochtaí breathnóireachta neamhspleáiche chun feidhme a bheith i láthair le linn misin iniúchóireachta fíorúcháin a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin, agus rúndacht rún gnó á hurramú an tráth céanna?

An ráthaítear an rochtain ar dhoiciméid dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo, go háirithe Iarscríbhinn IX?

4.7.   Sásra bainistithe gearán

Is ann do shásra leordhóthanach chun gearáin agus díospóidí a eascraíonn as cur chun feidhme LAS a bhainistiú. Leis an sásra sin, is féidir aon ghearán a bhaineann le LAS a láimhseáil.

Is iad seo a leanas na príomh-shaincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú sa réimse seo:

An dtugtar tuairisc ar an sásra bainistithe gearán, ar bunaíodh é agus an bhfuil na páirtithe leasmhara uile ar an eolas faoi?

Leis an sásra bainistithe gearán, an féidir leis na gníomhaithe éagsúla a bhaineann le LAS gearáin a chur isteach maidir le hiniúchtaí, fíorú na dlíthiúlachta, an inrianaitheacht agus eisiúint ceadúnas FLEGT?

An bhfuil an sásra bainistithe gearán ag feidhmiú agus an bhfuil sé inchreidte?

5.   Ceapachán, próifíl agus cúraimí an mheasúnóra neamhspleách

Déanfaidh comhlacht neamhspleách an measúnú neamhspleách, ar comhlacht é a cheapfaidh an Cósta Eabhair ar bhonn nós imeachta roghnúcháin trédhearcach iomaíoch, tar éis do JIC fógra nach bhfuil aon agóid a eisiúint.

Ní mór don mheasúnóir neamhspleách a bheith in ann na cáilíochtaí seo a leanas a léiriú:

taithí chruthaithe ar mheasúnú comhlíontachta i ndáil le bainistiú foraoisí, próiseáil adhmaid, inrianaitheacht adhmaid, custaim agus córais bainistithe an tslabhra soláthair,

eolas maith ar thionscal an adhmaid sa Chósta Eabhair,

eolas maith ar phlean gníomhaíochta FLEGT agus ar phróisis chaibidlíochta agus cur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta Deonaí,

cumas léirithe de bheith ag obair le raon leathan rannpháirtithe,

eolas maith ar chaighdeáin ISO 19011 agus 17021 nó ar a gcoibhéis.

Déanfar an measúnóir neamhspleách a roghnú de réir na gceanglas seo a leanas:

ní mór an measúnóir a cheapadh trí bhíthin nós imeachta trédhearcach,

ní mór na rialacha maidir le ceapadh an mheasúnóra a bheith soiléir agus ar fáil don phobal,

ní mór don mheasúnóir a bheith neamhspleách agus neodrach,

ní mór nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ag an measúnóir a eascraíonn as caidreamh eagraíochtúil nó tráchtála mar a cheanglaítear le caighdeáin ISO 19011 agus 17021 nó lena gcoibhéis,

ní mór nach bhfuil aon leas díreach ag an measúnóir sa lománaíocht, i bpróiseáil adhmaid, i dtrádáil adhmaid ná sa riarachán foraoiseachta ná i riarachán earnálacha eile a mbaineann LAS leo,

ní mór nach bhfuil an measúnóir neamhspleách ina chuid den údarás ceadúnúcháin ná de na struchtúir iniúchóireachta,

ní mór don mheasúnóir neamhspleách córas rialaithe cáilíochta i dtaca lena chuid oibre féin a bheith mar aon le taithí chuí a léiriú ar obair den chineál céanna dhéanamh.

Is iad seo a leanas príomhchúraimí an mheasúnóra neamhspleách:

foireann iniúchóireachta de dhaoine atá cáilithe, a bhfuil taithí acu agus a bhfuil sárscileanna cumarsáide labhartha agus scríofa sa Fhraincis acu a bhíogadh chun gnímh,

lámhleabhar nósanna imeachta a tharraingt suas ina sonrófar céimeanna uile an mheasúnaithe, lena n-áirítear modhanna agus uirlisí a bhaineann le faisnéis a bhailiú, measúnú a dhéanamh ar shonraí ábhartha, agus tuarascálacha a tharraingt suas. Ina theannta sin, léireofar sa lámhleabhar nósanna imeachta sin an bealach a bhfaighfear agus a láimhseálfar gearáin, mar aon leis na nósanna imeachta lena n-áiritheofar neamhspleáchas agus rúndacht obair a fhoirne,

an lámhleabhar nósanna imeachta agus sceideal a ghníomhaíochtaí a chur faoi bhráid JIC lena bhformheas sula gcuirfear tús leis an measúnú féin,

an measúnú a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir agus na ceanglais a shainítear san Iarscríbhinn seo,

a chinneadh an gcomhlíonann LAS, atá ina bhonn agus ina thaca le scéim ceadúnúcháin FLEGT, a fheidhmeanna go leormhaith.

Ina dhiaidh sin, tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le sásra maoinithe an mheasúnaithe neamhspleách, agus a neamhspleáchas á áirithiú acu an tráth céanna.

IARSCRÍBHINN VIII

BEARTA TIONLACAIN

Chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme go héifeachtach sa Chósta Eabhair, tá gá le bearta tionlacain le haghaidh na n-institiúidí agus na ngníomhaithe lena mbaineann.

Tá cur ar fáil na n-acmhainní ar fad is gá chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme faoi réir nósanna imeachta an Aontais agus a Bhallstát maidir le clársceidealú an chomhair leis an gCósta Eabhair agus le nósanna imeachta buiséadacha an Chósta Eabhair féin.

Eascróidh na bearta tionlacain as comhairliúcháin a dhéanfar leis na páirtithe leasmhara, conclúidí agus moltaí ó thástálacha allamuigh, chomh maith le moltaí ó thionscadail agus staidéir éagsúla a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta sa Chósta Eabhair.

Sainaithneoidh na Páirtithe na bearta tionlacain is gá chun an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm. Áireofar i sainaithint na mbeart tionlacain an méid seo a leanas:

buiséid a tharraingt suas le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, lena sonraítear an tacaíocht a chuirtear ar fáil le hacmhainní an Chósta Eabhair agus an tacaíocht a chuireann tAontas agus comhpháirtithe forbartha eile ar fáil,

moladh maidir leis an ngá atá le comhshocrú trína gcomhordófar maoiniú agus rannchuidiú teicniúil an Choimisiúin Eorpaigh agus Bhallstáit an Aontais.

Beidh na bearta tionlacain ina gcuid de sceideal cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus de chreat an fhaireacháin agus an mheasúnaithe ar dhul chun cinn a dhéanfaidh JIC. Cumhdófar leis na bearta tionlacain na catagóirí agus na gníomhaíochtaí straitéiseacha seo a leanas ar a laghad:

a)

struchtúir a bhunú lena ndéanfar an rialachas agus comhordú idir na hinstitiúidí poiblí agus na gníomhaithe ábhartha eile a chur chun feidhme agus a neartú;

b)

LAS a fhorbairt;

c)

fothú acmhainneachta, go háirithe:

tacaíocht don fhothú acmhainneachta teicniúla agus oibríochtúla i gcás eagraíochtaí na sochaí sibhialta d’fhonn an bhreathnóireacht neamhspleách a dhéanamh go héifeachtach,

tacaíocht don fhothú acmhainneachta teicniúla agus oibríochtúla i gcás na n-údarás agus na hearnála príobháidí d’fhonn LAS a fhorbairt go héifeachtach agus go dtabharfar urraim dó,

fothú acmhainneachta na bpáirtithe leasmhara i dtaca le cistí a shlógadh chun tionscadail agus cláir a chur chun feidhme a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo;

d)

tacaíocht do thionscnaimh lena rannchuidítear le rialachas foraoisí agus le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí;

e)

athbhunú an chumhdaigh foraoise, lena n-áirítear athnuachan stoc an adhmaid inlománaithe, go háirithe:

tacaíocht d’athbhunú an chumhdaigh foraoise le speicis foraoise ghearruainíochta agus le speicis foraoise torthaí a mbainfidh na pobail leas eacnamaíoch astu,

tacaíocht d’athbhunú an chumhdaigh foraoise le speicis foraoise áitiúla chun seirbhísí éiceachórasacha na bhforaoisí agus an bhithéagsúlacht a athbhunú agus a mhéadú;

f)

an creat rialála agus dlíthiúil a athchóiriú agus a neartú a thuilleadh;

g)

tacaíocht don mhéid seo a leanas:

deimhniú talún na limistéar foraoise,

foraoisí a fhorbairt agus a chlárú,

téacsanna agus nósanna imeachta foraoise agus talún a scaipeadh i measc an phobail;

h)

inscne a chur san áireamh i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus an rialachais foraoisí;

i)

tuilleadh athchóirithe sna réimsí seo a leanas go háirithe:

margadh náisiúnta an adhmaid agus na dtáirgí díorthaithe,

adhmad agus táirgí díorthaithe a onnmhairiú,

adhmad agus táirgí díorthaithe a allmhairiú,

dlíthiúlacht adhmaid agus táirgí díorthaithe a fhíorú le LAS;

j)

an trédhearcacht agus an chumarsáid.

IARSCRÍBHINN IX

FAISNÉIS A CHUIRTEAR AR FÁIL DON PHOBAL

1.   Cuspóirí, prionsabail agus bunúis dlí

Chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, ní mór doiciméid agus faisnéis a fhoilsiú maidir le bainistiú foraoisí agus maidir le cur chun feidhme na rialachán is infheidhme maidir le hearnáil na foraoiseachta. Is é is aidhm d’fhoilsiú doiciméad agus faisnéise foraoiseachta cur chun feidhme agus faireachán scéim ceadúnúcháin FLEGT a éascú agus dea-rialachas a chur chun cinn in earnáil na foraoiseachta.

Tá sé d’oibleagáid ar institiúidí agus comhlachtaí poiblí an pobal a chur ar an eolas. Tá an ceart chun faisnéise is ábhar spéise don phobal cumhdaithe i reachtaíocht an Chósta Eabhair atá i bhfeidhm (1). Ina theannta sin, tá an oibleagáid sin bunaithe ar na prionsabail seo a leanas: i) beidh rochtain ar an bhfaisnéis gan chostas nó ar chostas íseal; ii) cuirfear liosta de dhoiciméid phoiblí inrochtana ar fáil don phobal; iii) beidh an fhaisnéis cruinn agus tabharfar cothrom le dáta go tráthrialta í; iv) cuirfear an fhaisnéis ar fáil ar bhonn buan nó in am tráth; (v) soláthrófar an fhaisnéis i bhformáidí iomchuí lena foilsiú; vi) tabharfaidh an Stát cosaint ar leith do sceithirí, finnéithe, saineolaithe, íospartaigh agus a ngaolta, brathadóirí agus comhaltaí an Ard-Údaráis um Dhea-Rialachas ar ghníomhartha díoltais nó imeaglaithe a d’fhéadfadh a bheith ann.

Rinneadh an fhaisnéis a gheallann na Páirtithe a fhoilsiú a shainaithint tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile agus cuireadh í i dtoll a chéile i liosta de 10 gcatagóir faisnéise a chuirtear i láthair i mír 2. Is é JIC a chuirfidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe 2(a) ar fáil don phobal. Is é an Cósta Eabhair a chuirfidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe 2 (b) go (i) ar fáil don phobal. Is éard atá i bpointe 2 (j) liosta na faisnéise a chuirfidh an tAontas ar fáil don phobal.

2.   Faisnéis agus doiciméid a chuirtear ar fáil don phobal

a)

faisnéis faoi chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo:

téacs an Chomhaontaithe seo, na hiarscríbhinní uile a ghabhann leis agus na leasuithe a dhéanfar air ina dhiaidh sin;

liosta na dtionscadal lena dtacaítear leis an gComhaontú seo sa Chósta Eabhair agus achoimrí orthu;

tuarascálacha ar thionscadail arna ndéanamh sa Chósta Eabhair a bhaineann leis an gComhaontú seo;

doiciméad oifigiúil lena ndéantar comhlachtaí cur chun feidhme LAS a bhunú, a leithdháileadh, a eagrú agus a fheidhmiú chomh maith le rialacha nós imeachta JIC agus, i gcás inarb infheidhme, na nósanna imeachta eadrána;

nótaí ar chruinnithe JIC;

tuarascálacha bliantúla ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas go háirithe:

dul chun cinn chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo;

comhdhéanamh agus feidhmiú JIC;

líon na gceadúnas FLEGT a d’eisigh an Cósta Eabhair;

líon na n-iarratas ar cheadúnais FLEGT ar diúltaíodh dóibh;

na cásanna neamhchomhlíontachta a cinneadh an tseirbhís atá freagrach as an dlíthiúlacht foraoiseachta agus as an inrianaitheacht agus na bearta a rinneadh chun na cásanna sin a réiteach;

cainníochtaí bliantúla an adhmad agus na dtáirgí díorthaithe a onnmhairíodh chuig an Aontas;

líon na gceadúnas FLEGT a fuair an tAontas;

cainníochtaí an adhmad agus na dtáirgí díorthaithe a allmhairíodh chuig an Aontas faoi scéim ceadúnúcháin FLEGT, de réir Bhallstát an Aontais inar tharla an t-allmhairiú;

cainníochtaí an adhmad agus na dtáirgí díorthaithe a allmhairíodh isteach sa Chósta Eabhair agus na dtáirgí adhmaid atá faoi bhealach ar chríoch an Chósta Eabhair;

téarmaí tagartha, nósanna imeachta, cláir agus tuarascálacha iniúchóireachta neamhspleáiche agus measúnaithe neamhspleách;

tuarascáil mheasúnaithe ar na tairiscintí le haghaidh an iniúchta neamhspleách;

b)

faisnéis dhlíthiúil:

coinbhinsiúin agus comhaontuithe idirnáisiúnta arna síniú agus arna ndaingniú ag an gCósta Eabhair i ndáil le bainistiú foraoisí;

an Dlí maidir leis an gCód Foraoiseachta agus an reachtaíocht cur chun feidhme a bhaineann leis;

téacsanna reachtacha agus rialacháin eile a bhaineann leis an gComhaontú seo;

c)

faisnéis faoi leithdháileadh ceadúnas:

nósanna imeachta um ghníomhaíochtaí foraoiseachta a fhormheas;

liosta na gcuideachtaí formheasta de réir an chineáil formheasa;

nósanna imeachta um leithdháileadh na gceadúnas éagsúla chun táirgí foraoise a lománú, a phróiseáil agus a mhargú, agus na táillí a bhaineann leis an leithdháileadh sin;

faisnéis faoi aicmiú na bhforaoisí agus na n-agrafhoraoisí chomh maith le faisnéis faoi obair an Choimisiúin Idir-aireachta, agus torthaí na hoibre sin, maidir leis an lamháltas chun fearann foraoiseachta príobháideach an Stáit a bhainistiú;

ceadúnais agus sonraíochtaí sonracha de réir an lamháltais foraoiseachta;

d)

faisnéis faoi fhorbairt foraoisí:

liosta na bhforaoisí i bhfearann príobháideach an Stáit agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a bhfuil pleananna forbartha acu nó nach bhfuil;

liosta na bhforaoisí beannaithe na bhforaoisí atá faoi chosaint ar bhealach eile, léarscáil suímh agus achar dromchla;

liosta na bhforaoisí atá i seilbh daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach nó daoine nádúrtha, léarscáil suímh agus achar dromchla;

liosta na limistéar faoi chosaint, léarscáil suímh agus achar dromchla;

liosta agus freagrachtaí na seirbhísí a bhfuil baint acu le forbairt foraoisí agus agrafhoraoisí;

nósanna imeachta riaracháin agus teicniúla chun na pleananna forbartha foraoisí agus agrafhoraoisí, na pleananna forbartha simplithe agus na pleananna bainistíochta a tharraingt suas agus a bhailíochtú;

tuairisc ar an réamhchomhairliúchán leis na pobail áitiúla;

torthaí obair an choiste um fhormheas pleananna forbartha;

pleananna forbartha foraoisí agus agrafhoraoisí, pleananna forbartha simplithe, pleananna bainistíochta agus sonraíochtaí formheasta;

léarscáileanna lamháltas foraoiseachta;

coinbhinsiúin chomhpháirtíochta, conarthaí lamháltais agus conarthaí lománaíochta;

tuarascálacha bliantúla ó Stiúrthóireacht an Athfhoraoisithe agus na Clárlainne Foraoiseachta, achair dromchla agus léarscáileanna de na hathfhoraoisithe arna ndéanamh;

tuarascálacha ar staid na bhforaoisí (fardal náisiúnta foraoise, atlas foraoise, eile);

e)

faisnéis faoin lománaíocht:

liosta na bhforaoisí aicmithe, na n-agrafhoraoisí agus na bhforaoisí atá i seilbh daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach nó daoine nádúrtha;

liosta na speiceas faoi chosaint;

liosta na speiceas a bhfuil toirmeasc ar a lománú;

liosta na lamháltas atá ann cheana, léarscáileanna suímh agus achair dromchla;

liosta na lamháltas atá faoi chomhaontú bainistíochta, léarscáileanna suímh agus achair dromchla;

liosta na lamháltas arna n-údarú lena lománú, léarscáileanna suímh agus achair dromchla;

liosta na lamháltas atá in úsáid;

liosta na bhforaoisí arna n-aicmiú a bheith á lománú, léarscáileanna suímh agus achair dromchla;

liosta fhoraoisí agus phlandálacha foraoise na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, léarscáileanna suímh agus achair dromchla;

liosta na bhforaoisí agus na bplandálacha foraoise atá á lománú agus i seilbh daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach nó daoine nádúrtha, léarscáileanna suímh agus achair dromchla;

liosta na bhforaoisí aicmithe, na n-agrafhoraoisí agus na bhforaoisí atá i seilbh daoine dlítheanacha faoi dhlí príobháideach nó daoine nádúrtha agus atá os cionn an ochtú líne dhomhanleithid;

staidreamh maidir le méideanna arna lománú de réir an speicis, na cuideachta, an cheadúnais agus an achair dromchla agus léarscáileanna athfhoraoiseachta an Stáit ar an leibhéal náisiúnta;

tuarascálacha bliantúla ó Stiúrthóireacht an Táirgthe agus an Tionscadail Foraoiseachta;

f)

faisnéis faoi phróiseáil adhmaid:

liosta na monarchana próiseála gníomhacha, an acmhainneacht atá acu agus cá bhfuil siad;

méideanna bliantúla na lomán arna bpróiseáil de réir an speicis;

méideanna bliantúla a thagann ón bpróiseáil phríomha;

méideanna bliantúla a thagann ón bpróiseáil thánaisteach;

méideanna bliantúla adhmaid phróiseáilte arna gcur ar an margadh náisiúnta;

méideanna bliantúla táirgí a thagann ón bpróiseáil threasach;

g)

faisnéis faoi mhargú adhmaid:

liosta na n-oibreoirí arna bhformheas chun adhmad a onnmhairiú agus a allmhairiú;

méideanna an adhmad agus na dtáirgí díorthaithe arna n-onnmhairiú de réir na cuideachta, an chineáil táirge (cód CC), speicis, pointí seolta (arna miondealú de réir an leibhéil próiseála) agus de réir an chinn scríbe;

méideanna an adhmad agus na dtáirgí díorthaithe arna n-onnmhairiú agus ceadúnais FLEGT ag gabháil leo (cineálacha táirgí agus cinn scríbe);

méideanna nó cainníochtaí an adhmad agus na dtáirgí díorthaithe arna n-allmhairiú de réir an chineáil táirge, de réir an speicis agus an tionscnaimh;

méideanna an adhmad agus na dtáirgí díorthaithe arna ndíriú ar an margadh náisiúnta;

méideanna bliantúla an adhmaid arna urghabháil agus arna dhíol ar ceant poiblí agus arna dtabhairt mar thabhartais;

an méid a chuireann earnáil na foraoiseachta le OTI an Chósta Eabhair;

an líon daoine atá fostaithe i bhfiontair foraoiseachta;

h)

faisnéis faoi ranníocaíocht chánach earnáil na foraoiseachta:

liosta na gcánacha agus na dtáillí foraoiseachta éagsúla;

miondealú na gcánacha agus na dtáillí foraoiseachta éagsúla;

méideanna bliantúla na gcánacha ar dhíol adhmaid ina lomáin;

méideanna bliantúla na gcánacha ar leithdháileadh achair dromchla;

méideanna bliantúla na dtáillí a bhaineann le pianbhreith seirbhíse pobail;

méideanna na dtáillí arna n-aisíoc leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus na pobail de réir an réigiúin nó an cheantair;

méideanna na bpionós arna n-eascairt as díospóidí (lena n-áirítear athfhoraoisiú cúiteach nach ndearnadh) agus na n-idirbheart foraoiseachta;

i)

faisnéis a bhaineann le LAS agus le heisiúint cheadúnais FLEGT:

liosta na ndeimhnithe poiblí dlíthiúlachta arna n-eisiúint (ainm na cuideachta, an dáta eisiúna, an dáta éaga, etc.);

liosta na gceadúnas FLEGT arna n-eisiúint;

lámhleabhar fíorúcháin lena n-áirítear an méid seo a leanas:

nósanna imeachta um chórais agus eagraíochtaí deimhniúcháin phríobháidigh a aithint;

nósanna imeachta um fíorú dlíthiúlachta;

nósanna imeachta um eisiúint deimhnithe dlíthiúlachta;

tuairisc ar an gcóras inrianaitheachta adhmaid sa Chósta Eabhair;

tuairisc ar an gcóras rialaithe foraoiseachta;

nósanna imeachta um iniúchadh an tslabhra soláthair adhmaid;

nós imeachta um eisiúint cheadúnais FLEGT;

liosta na gcóras príobháideach deimhniúcháin agus na n-eagraíochtaí deimhniúcháin dlíthiúlachta/inbhuanaitheachta atá aitheanta ag an gCósta Eabhair faoi LAS;

tuarascálacha ar na misin iniúchóireachta gníomhaíochtaí foraoiseachta;

méideanna bliantúla an adhmaid arna urghabháil;

tuarascálacha ar an mbreathnóireacht neamhspleách agus faisnéis faoin obair leantach ar na moltaí arna n-eascairt as na tuarascálacha sin;

tuarascálacha ón iniúchóir neamhspleách agus faisnéis faoi chur chun feidhme na mbeart ceartaitheach arna sainaithint;

j)

faisnéis atá le foilsiú ag an Aontas:

cainníochtaí an adhmad agus na dtáirgí díorthaithe arna n-allmhairiú ag an Aontas de réir an tionscnaimh faoin scéim ceadúnúcháin FLEGT;

líon na gceadúnas FLEGT ón gCósta Eabhair arna bhfáil ag an Aontas;

liosta na dtíortha Eorpacha is allmhaireoirí adhmaid ón gCósta Eabhair agus ceadúnas FLEGT ag gabháil leis;

eolaire údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais atá freagrach as cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí díorthaithe ar an margadh (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005;

Rialacháin an Aontais maidir le hadhmad agus na téacsanna a ghabhann leo arna bhfoilsiú ina ndiaidh;

liosta na gceadúnas FLEGT ar dhiúltaigh na húdaráis inniúla dóibh agus na cúiseanna leis an diúltú;

méid an adhmaid lena ngabhann ceadúnais FLEGT de thionscnamh an Chósta Eabhair arna urghabháil ag na húdaráis inniúla;

cinn scríbe agus modhanna úsáide an adhmaid le ceadúnais FLEGT de thionscnamh an Chósta Eabhair arna urghabháil ag na húdaráis inniúla;

tuarascálacha ón mbreathnóireacht neamhspleách ar mhargadh an adhmaid arna déanamh ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach.

3.   Faisnéis agus doiciméid a rochtain, a fhoilsiú agus a scaipeadh

Beidh an t-údarás atá freagrach as bainistiú na bhforaoisí freagrach as an rochtain ar an bhfaisnéis foraoiseachta is ábhar spéise don phobal.

Is le reachtaíocht an Chósta Eabhair atá i bhfeidhm (3) a shaineofar na rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar an bhfaisnéis phoiblí, mar sin féin, beidh an rochtain ar an bhfaisnéis a liostaítear san Iarscríbhinn seo saor simplí. Beidh an fhaisnéis sin le fáil ar shuíomh gréasáin an Chomhaontaithe seo.

Is iad na bealaí éagsúla a leagtar amach i straitéis chumarsáide an Chósta Eabhair a úsáidfear chun an fhaisnéis a scaipeadh.

Ceapfaidh an tAire atá freagrach as foraoisí oifigeach a bheidh freagrach as an rochtain ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid is ábhar spéise don phobal.

4.   Sásra leighis agus bainistithe gearán

Is iad seo a leanas na modhanna leighis dá bhforáiltear leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm maidir le rochtain ar fhaisnéis is ábhar spéise don phobal: achomharc, achomharc os comhair an Choimisiúin um Rochtain ar Fhaisnéis is Ábhar Spéise don Phobal agus ar Dhoiciméid Phoiblí agus an leigheas breithiúnach. Mar sin féin, ní bheidh an leigheas breithiúnach ar fáil don iarratasóir go dtí go n-ídeofar an t-achomharc os comhair an Choimisiúin um Rochtain ar Fhaisnéis is Ábhar Spéise don Phobal agus ar Dhoiciméid Phoiblí. Feidhmeofar é laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sna gníomhartha atá i bhfeidhm agus tabharfar os comhair na cúirte inniúla riaracháin í.

Bunófar Coiste um Rochtain ar Fhaisnéis is Ábhar Spéise don Phobal laistigh den Aireacht atá freagrach as foraoisí, chun gearáin maidir le rochtain ar fhaisnéis foraoiseachta arna dtabhairt os comhair an Choimisiúin um Rochtain ar Fhaisnéis is Ábhar Spéise don Phobal agus ar Dhoiciméid Phoiblí a fháil agus a thaifeadadh. Is le hordú ón Aire atá freagrach as foraoisí a shonrófar cúraimí, comhdhéanamh agus modh oibre an choiste sin, a nglacfaidh ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ón earnáil phríobháideach páirt ann.


(1)   Loi relative à l'accès à l'information d'intérêt public [an Dlí maidir le Rochtain ar Fhaisnéis is Ábhar Spéise don Phobal]; Ordonnance relative à la prévention et à la lutte contre la corruption et les infractions assimilées [an tOrdú maidir le hÉilliú agus Cionta Gaolmhara a Chosc agus a Chomhrac]; Loi portant code de l'environnement [an Dlí maidir leis an gCód Comhshaoil].

(2)   IO AE L 295, 12.11.2010, lch. 23.

(3)   Loi relative à l'accès à l'information d'intérêt public [an Dlí maidir le Rochtain ar Fhaisnéis is Ábhar Spéise don Phobal].

IARSCRÍBHINN X

COMHCHOISTE CUR CHUN FEIDHME

De bhun Airteagal 19 den Chomhaontú seo, bunóidh na Páirtithe struchtúr a bheidh freagrach as rialachas an Chomhaontaithe seo, dá ngairtear ‘Comhchoiste Cur Chun Feidhme’ (JIC) anseo feasta. Beidh JIC freagrach as an gComhaontú seo a bhainistiú mar aon le faireachán agus measúnú a dhéanamh air. Ionadaithe a cheapfaidh na Páirtithe a bheidh ar JIC. Áiritheoidh an Cósta Eabhair go mbeidh páirtithe leasmhara éagsúla ó earnáil na foraoiseachta, lena n-áirítear an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus na taoisigh thraidisiúnta thar ceann na bpobal áitiúil, ina gcuid de. Cuirfidh JIC idirphlé agus malartú faisnéise chun cinn maidir le feidhmiú an Chomhaontaithe seo. Déanfaidh JIC na nithe seo a leanas go háirithe:

a)

Maidir leis an gComhaontú seo a bhainistiú:

scrúdóidh sé agus déanfaidh sé bearta chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, agus molfaidh sé agus déanfaidh sé aon bheart is gá chun a chur chun feidhme a fheabhsú,

i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo,

molfaidh sé an dáta a mbeidh feidhm ag scéim ceadúnúcháin FLEGT tar éis an mheasúnaithe neamhspleách ar fheidhmiú LAS a bheith déanta ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII,

sceideal cur chun feidhme agus creat faireacháin agus measúnaithe an dul chun cinn lena n-áirítear na bearta tionlacain a tharraingt suas agus a ghlacadh,

déanfaidh sé barúlacha a fháil, a scrúdú agus a fhorbairt mar aon leis an lámhleabhar fíorúcháin a fhormheas,

ar bhonn na ndoiciméad agus na socruithe cur chun feidhme, a bhfuil sé freagrach astu, scrúdóidh sé an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí agus na sprioc-amanna a leagtar síos le haghaidh na ngníomhaíochtaí éagsúla dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo agus ina chur chun feidhme, agus molfaidh sé agus déanfaidh sé bearta arb é is aidhm dóibh feidhmiú an Chomhaontaithe seo a fheabhsú,

déanfaidh sé gach leasú is gá ar an gComhaontú seo a anailísiú agus a thaifeadadh. Déanfaidh JIC anailís freisin, uair amháin gach 2 bhliain ar a laghad, ar aon togra chun an Comhaontú seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis a leasú chun forbairt na gcreataí polaitiúla, rialála, riaracháin agus institiúideacha sa Chósta Eabhair san Aontas a chur san áireamh,

a rialacha nós imeachta féin a shainiú, a mheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta,

fochomhlachtaí a bhunú, amhail meithleacha, a ndéanfaidh sé a dtéarmaí oifige a shocrú agus dá molfaidh sé cúraimí nó staidéir bhreise, i gcás inar gá,

sainaithneoidh sé na deacrachtaí a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, lena n-áirítear ceisteanna nó deacrachtaí a bhaineann le bealach chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal atá comhordaithe agus nach dtagann salach air féin maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, agus molfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt air sin,

tabharfaidh sé aghaidh ar shaincheisteanna a tharraingeoidh ceachtar den dá Pháirtí anuas agus déanfaidh sé iarracht, a mhéid is féidir, aon choinbhleacht nó díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcás éagsúlacht tuairime idir na Páirtithe a réiteach, lena n-áirítear trí nósanna imeachta eadrána a bhunú, i gcomhréir le hAirteagail 23 agus 24 den Chomhaontú seo,

déanfaidh sé miontuairiscí a chruinnithe agus nótaí a dhéanfar orthu, mar aon le doiciméid eile a eascraíonn as a chuid oibre a tharraingt suas, a fhormheas agus a chur ar fáil don phobal, chun go mbeidh a fheidhmiú trédhearcach;

b)

Maidir le faireachán agus measúnú ar an gComhaontú seo:

Úsáidfidh sé modh oibre chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus ar thionchar an Chomhaontaithe,

déanfaidh sé téarmaí oifige, téarmaí tagartha, lámhleabhar nósanna imeachta agus sceideal an mheasúnaithe neamhspleách a fhormheas agus eiseoidh sé fógra nach bhfuil aon agóid maidir le hearcú an mheasúnóra,

déanfaidh sé faireachán agus scrúdú ar an dul chun cinn uile arna dhéanamh i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, lena n-áirítear feidhmiú LAS agus scéim ceadúnúcháin FLEGT, go háirithe ar bhonn na dtuarascálacha measúnaithe agus na hiniúchóireachta neamhspleáiche i gcomhréir le hAirteagail 10, 12 agus 19 den Chomhaontú seo agus le hIarscríbhinní VI agus VII a ghabhann leis,

gabhfaidh sé i gceann misin go tráthrialta d’fhonn measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus tionchar an Chomhaontaithe seo, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil,

déanfaidh sé faireachán ar fhorbairt na margaí, déanfaidh sé nótaí faisnéise ar an ábhar sin a tharraingt suas go tráthrialta, mar aon le staidéir ar staid na margaí adhmaid agus staid mhargaí na dtáirgí díorthaithe a choimisiúnú, más gá, agus molfaidh sé bearta le déanamh,

déanfaidh sé faireachán agus measúnú ar thionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an Chomhaontaithe seo agus glacfaidh sé bearta iomchuí chun aon drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith aige a mhaolú,

déanfaidh sé faireachán ar ghlacadh mholtaí thuarascálacha na breathnóireachta neamhspleáiche agus ar chur chun feidhme na mbeart ceartaitheach a eascraíonn astu,

seolfaidh sé iniúchtaí nó measúnuithe inmheánacha a bhaineann le cur chun feidhme LAS agus gheobhaidh sé conclúidí na n-iniúchtaí inmheánacha sin;

c)

Maidir leis an iniúchadh neamhspleách ar an gComhaontú seo:

déanfaidh sé na doiciméid tairisceana a fhormheas agus tabharfaidh sé a fhógra nach bhfuil aon agóid in aghaidh roghnú an iniúchóra neamhspleách, a earcóidh an Cósta Eabhair tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aontas, ar bhonn théarmaí oifige an iniúchta neamhspleách a leagtar amach in Iarscríbhinn VI,

déanfaidh sé na hiarrataí ar iniúchtaí gan réamhfhógra agus ad hoc arna gcur isteach ag na Páirtithe a fhormheas,

sainaithneoidh sé na tosaíochtaí chun gníomhaíochtaí ábhartha a roghnú ar leibhéal an iniúchta agus ar an leibhéal allamuigh,

i gcás ina mbeidh amhras ann faoi thábhacht, ábharthacht nó rúndacht na faisnéise le haghaidh an iniúchta neamhspleách, déanfaidh sé an t-amhras sin a mheas,

déanfaidh sé an lámhleabhar iniúchóireachta, an plean iniúchóireachta agus creat dréachtaithe na dtuarascálacha, arna moladh ag an iniúchóir neamhspleách, a bhailíochtú,

déanfaidh sé cinneadh maidir le minicíocht na n-iniúchtaí neamhspleácha tar éis na chéad 4 bliana de chur chun feidhme scéim ceadúnúcháin FLEGT,

gheobhaidh sé agus scrúdóidh sé na tuarascálacha uile arna dtarraingt suas agus arna gcur isteach ag an iniúchóir neamhspleách mar aon le haon ghearán a bhaineann le feidhmiú scéim ceadúnúcháin FLEGT arna bhforbairt ag ceachtar den dá Pháirtí,

déanfaidh sé dearadh an chórais bainistithe gearán a bhaineann le feidhmiú LAS agus an sásra bainistithe gearán maidir leis an iniúchadh neamhspleách a fhormheas, mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI,

déanfaidh sé tuarascálacha an iniúchóra neamhspleách a fháil, a fhormheas agus a fhoilsiú i gcomhréir le hIarscríbhinn IX,

socróidh sé bearta ceartaitheacha chun na heasnaimh nó na cásanna neamhchomhlíontachta in LAS a leigheas, ar bhonn chonclúidí an iniúchóra neamhspleách nó ar bhonn fianaise nó gearán eile a bhaineann le LAS, agus déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme agus tionchar na mbeart sin;

d)

Maidir le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus san fhaireachán agus sa mheasúnú air:

gheobhaidh sé faisnéis, tuarascálacha agus aighneachtaí ó na páirtithe leasmhara agus déanfaidh sé anailís orthu,

déanfaidh sé moltaí maidir leis na riachtanais chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme go cuí agus, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an ngá atá le hacmhainneacht agus rannpháirtíocht na n-údarás ábhartha, na hearnála príobháidí, na sochaí sibhialta, na dtaoiseach traidisiúnta agus na bpobal áitiúil a mhéadú chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ndlíthe agus na rialachán a bhaineann le bainistiú na bhforaoisí sa Chósta Eabhair,

déanfaidh sé bearta iomchuí chun rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a spreagadh,

áiritheoidh sé go mbeidh rochtain oscailte ag na páirtithe leasmhara uile ar fhaisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm,

cuirfidh sé chun cinn cúrsaí inscne agus go háirithe aitheantas níos fearr do ról na mban agus na gcailíní i rialachas foraoise agus i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.


ELI: http://data.europa.eu/eli/agree/2024/1414/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)