European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1392

29.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1392 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Comhlachais’) ina bhonn leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Úcráin. I gcomhréir le Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle (3), bhí feidhm shealadach ag Teideal IV den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le hábhair a bhaineann le trádáil, ón 1 Eanáir 2016, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017, tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú.

(2)

Cuirtear in iúl sa Chomhaontú Comhlachais gur mian leis na Páirtithe sa Chomhaontú Comhlachais (‘na Páirtithe’) an caidreamh a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 25 den Chomhaontú Comhlachais go mbunófar limistéar saorthrádála de réir a chéile idir na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, 1994 (GATT 1994). Chuige sin, le hAirteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais foráiltear go ndéanfar dleachtanna custaim a dhíchur de réir a chéile i gcomhréir leis na Sceidil a áirítear ann agus foráiltear don fhéidearthacht dlús a chur le raon feidhme díchuir den sórt sin agus é a leathnú.

(4)

Ó bhí 24 Feabhra 2022 ann, tá cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh gan chúis gan údar, tar éis tionchar diúltach ollmhór a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, i ngeall ar scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus toisc nach bhfuil fáil ar chuid shuntasach de na modhanna iompair ó tharla, mar shampla, an rochtain ar an Muir Dhubh a bheith faoi shrian agus éiginnte. Faoi imthosca eisceachtúla den sórt sin agus chun tionchar diúltach eacnamaíoch chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú, tá gá le dlús a chur le forbairt caidrimh eacnamaíoch níos dlúithe idir an tAontas agus an Úcráin chun tacaíocht leanúnach a thabhairt d’údaráis na hÚcráine agus do mhuintir na hÚcráine. Is gá agus is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint de shreabha trádála a spreagadh agus lamháltais a dheonú i bhfoirm bearta um léirscaoileadh trádála le haghaidh gach táirge, i gcomhréir leis an luathú atá á dhéanamh ó thaobh dleachtanna custaim ar thrádáil idir an tAontas agus an Úcráin a dhíchur.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas le comhchuibheas idir na réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach a áirithiú. De bhun Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an comhbheartas tráchtála le seoladh faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

(6)

Téann Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) in éag an 5 Meitheamh 2024.

(7)

Ba cheart gur mar seo a leanas a bheadh na bearta um léirscaoileadh trádála sealadach a bhunaítear leis an Rialachán seo: (i) cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála maidir le torthaí agus glasraí a chur ar fionraí; (ii) taraif-chuótaí agus dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí; agus (iii) cur i bhfeidhm Chaibidil V agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur ar fionraí. Trí na bearta sin, tabharfaidh an tAontas, i ndáiríre, tacaíocht iomchuí eacnamaíoch agus airgeadais ar bhonn sealadach chun leas na hÚcráine agus na n-oibreoirí eacnamaíocha a ndéantar difear dóibh.

(8)

Chun calaois a chosc, na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith faoi réir an choinníll go gcomhlíonfadh an Úcráin na coinníollacha ábhartha uile chun socair a fháil faoin gComhaontú Comhlachais, lena n-áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí lena mbaineann agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus go mbeadh baint ag an Úcráin le dlúthchomhair leis an Aontas ó thaobh riaracháin de, dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais.

(9)

Na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith faoi réir an choinníll freisin go staonfadh an Úcráin ó aon dleacht nó muirear comhéifeachta nua agus ó aon srian cainníochtúil nó beart comhéifeachta nua a thabhairt isteach, ó mhéadú a dhéanamh ar na leibhéil ag a bhfuil dleachtanna nó muirir faoi láthair, nó ó aon srian eile ar thrádáil leis an Aontas a thabhairt isteach, ach amháin má tá údar soiléir leis sin i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

(10)

Na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith faoi réir an choinníll freisin go mbeadh urraim i gcónaí ag an Úcráin do phrionsabail ghinearálta an Chomhaontaithe Comhlachais. I ndáil leis sin, foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais, i measc nithe eile, gur bunghnéithe den Chomhaontú Comhlachais iad prionsabail dhaonlathacha, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú, urraim do phrionsabail na ceannasachta agus na hiomláine críochaí, do dhosháraitheacht teorainneacha agus do neamhspleáchas a chur chun cinn, chomh maith le cur i gcoinne le leathadh na n-arm ollscriosta, ábhair ghaolmhara agus modhanna seachadta na n-arm sin. Ina theannta sin, luaitear in Airteagal 3 den Chomhaontú Comhlachais gur gné lárnach ó thaobh an caidreamh idir na Páirtithe a fheabhsú iad an smacht reachta, an dea-rialachas, an comhrac i gcoinne na héillitheachta, an comhrac i gcoinne na gcineálacha éagsúla coireachta eagraithe trasnáisiúnta agus na sceimhlitheoireachta, cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachas éifeachtach.

(11)

Faoi réir measúnú ón gCoimisiún a dhéantar i gcomhthéacs an fhaireacháin thráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo agus a sheoltar tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht aon bheart is gá a dhéanamh maidir le hallmhairí aon táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, mar shampla cruithneacht agus gránaigh eile, agus a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Tá staid thar a bheith forbhásach sna margaí d’uibheacha, éanlaith chlóis, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuaran agus mil is féidir dochar a dhéanamh do tháirgeoirí talmhaíochta an Aontais dá dtiocfadh méadú ar allmhairí ón Úcráin. Is iomchuí coimirce uathoibríoch a thabhairt isteach do na táirgí sin a ghníomhachtaítear má shroicheann méideanna carnacha allmhairí i gcás aon cheann de na táirgí sin i dtréimhse shonrach leibhéal áirithe bunaithe ar mheán uimhriúil na méideanna allmhairí arna dtaifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023.

(12)

Is féidir allmhairí ón Úcráin, lena n-áirítear gránaigh agus olashíolta, a chur faoi réir faireachas faoi Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2015/478, lena n-áirítear an rogha go gceanglófaí doiciméad faireachais a thabhairt ar aird mar choinníoll le haghaidh saorchúrsaíochta (ceadúnú allmhairiúcháin), más baolach go ndéanfaí, leis an treocht in allmhairí, díobháil do tháirgeoirí de chuid an Aontais agus más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais.

(13)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na socruithe fabhracha dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) a chur ar fionraí go sealadach mura gcomhlíontar na coinníollacha maidir le teidlíocht i leith na socruithe fabhracha sin a thuilleadh agus chun coimircí a thabhairt isteach i gcásanna ina ndéanann allmhairí faoin Rialachán seo dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán sin a úsáid chun bearta coimirce sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí agus chineál na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach. Ina theannta sin, ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin sin a úsáid chun socruithe a ghlacadh chun faireachán a dhéanamh ar mhéideanna allmhairí uibheacha, éanlaithe clóis, siúcra, coirce, arbhair Indiaigh, piocuarain agus meala ón Úcráin chun feidhmiú éifeachtach na coimirce uathoibríche a ráthú.

(14)

Ba cheart measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a áireamh sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála, rud atá ina dhlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais.

(15)

I bhfianaise dhul in éag Rialachán (AE) 2023/1077 an 5 Meitheamh 2024, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bearta um léirscaoileadh trádála

1.   Tugtar isteach na socruithe fabhracha seo a leanas:

(a)

déanfar cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála a chur ar fionraí le haghaidh na dtáirgí sin a bhfuil feidhm aige maidir leo mar a shonraítear in Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. Ní bheidh feidhm ag aon dleacht chustaim maidir le hallmhairí na dtáirgí sin;

(b)

na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, déanfar iad a chur ar fionraí agus ceadófar allmhairiú na dtáirgí atá cumhdaithe faoi na cuótaí sin isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim.

2.   Déanfar cur i bhfeidhm Chaibidil V agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2015/478 a chur ar fionraí go sealadach maidir le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine.

Airteagal 2

Coinníollacha chun bheith i dteideal socruithe fabhracha

Beidh na socruithe fabhracha dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais a bheith á gcomhlíonadh ag an Úcráin;

(b)

staonadh na hÚcráine ó aon dleacht nó muirear comhéifeachta nua nó ó aon srian cainníochtúil nó beart comhéifeachta nua a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, ó mhéadú a dhéanamh ar na leibhéil ag a bhfuil dleachtanna nó muirir faoi láthair, nó ó aon srian eile ar thrádáil leis an Aontas a thabhairt isteach, lena n-áirítear bearta riaracháin inmheánacha atá idirdhealaitheach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs an chogaidh; agus

(c)

urraim a bheith á léiriú ag an Úcráin do phrionsabail dhaonlathacha, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus urraim a bheith á léiriú aici do phrionsabal an smachta reachta chomh maith le hiarrachtaí leanúnacha agus marthanacha i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3 agus 22 den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 3

Fionraíocht shealadach

1.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann lena léiriú gur mhainnigh an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh, féadfaidh sé, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na socruithe fabhracha uile dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) nó cuid díobh a chur ar fionraí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

2.   I gcás ina n-iarrann Ballstát ar an gCoimisiún aon cheann de na socruithe fabhracha a chur ar fionraí ar an mbonn gur mhainnigh an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (b), a chomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar fáil laistigh de 4 mhí ó rinneadh an iarraidh i dtaobh an raibh bunús leis an maíomh gur mhainnigh an Úcráin na coinníollacha a chomhlíonadh. I gcás ina dtagann an Coimisiún ar an tátal go bhfuil bunús leis an maíomh, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Bearta coimirce

1.   I gcás ina ndéantar táirge a chumhdaítear le hAirteagal 1(1) de thionscnamh na hÚcráine a allmhairiú faoi choinníollacha a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leis, féadfaidh an Coimisiún aon bheart is gá a fhorchur trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

Féadfar beart den sórt sin a fhorchur a fhad is gá chun cur in aghaidh na n-éifeachtaí díobhálacha ar mhargadh an Aontais nó ar mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis maidir le honnmhairí, allmhairí, praghsanna ar mhargadh an Aontais nó ar mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó agus táirgeadh na dtáirgí san Aontas atá faoi réir na mbeart um léirscaoileadh trádála faoi Airteagal 1(1), pointe (b).

Cuirfidh an Coimisiún torthaí an fhaireacháin thráthrialta in iúl do na Ballstáit gach 2 mhí, ag tosú ón 6 Meitheamh 2024.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid mhargadh an Aontais nó margaidh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach d’fhonn bearta a fhorchur i gcomhréir le mír 1. Seolfar an measúnú sin:

(a)

ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát lena n-áirítear fianaise leordhóthanach prima facie atá ar fáil go réasúnta don Bhallstát sin de bhun mhír 4 maidir le hallmhairí a dhéanann dochar don mhargadh dá dtagraítear i mír 1; nó

(b)

ar a thionscnamh féin, tar éis don Choimisiún teacht ar an tuiscint gur dealraitheach go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go ndéanann allmhairí dochar don mhargadh dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfear an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích laistigh de 4 mhí óna sheoladh.

4.   Agus an measúnú á dhéanamh aige de bhun mhír 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa mhargadh, lena n-áirítear tionchar na n-allmhairí lena mbaineann ar staid mhargadh an Aontais nó margaidh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Áireofar sa mheasúnú sin tosca amhail na nithe seo a leanas:

(a)

ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí an táirge lena mbaineann ón Úcráin i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta,

(b)

éifeacht na n-allmhairí lena mbaineann ar tháirgeadh agus ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais nó i margadh Ballstáit amháin nó níos mó, agus forbairt na n-allmhairí ó fhoinsí eile á cur san áireamh an tráth céanna.

Ní liosta uileghabhálach é liosta na dtosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus féadfar tosca ábhartha eile a chur san áireamh freisin.

5.   In imthosca criticiúla ina mbeadh moill ina cúis le díobháil a bheadh deacair a leigheas, féadfaidh an Coimisiún aon bheart is gá a fhorchur go sealadach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Ní fhéadfar beart den sórt sin a fhorchur ach amháin tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát de bhun mhír 3, pointe (a), den Airteagal seo agus glacfar é laistigh de 21 lá tar éis an iarraidh a fháil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5(4). Ní mhairfidh beart coimirce sealadach níos faide ná 120 lá.

6.   I gcás ina measann an Coimisiún, de thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go ndearnadh dochar do mhargadh an Aontais nó do mhargadh Ballstáit amháin nó níos mó le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach agus ina bhfuil sé beartaithe aige beart cinntitheach a fhorchur de bhun mhír 1, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar go dtabharfar isteach beart den sórt sin. Tabharfar achoimre san fhógra ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe agus sonrófar ann an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a dtuairimí a thíolacadh i scríbhinn. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 10 mí ó dháta foilsithe an fhógra.

7.   Más rud é, le linn na tréimhse ón 6 Meitheamh go dtí an 31 Nollaig 2024, go sroicheann méideanna carnacha allmhairí i gcás uibheacha, éanlaith chlóis, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuarain nó meala ón 1 Eanáir 2024 meán uimhriúil na méideanna allmhairí faoi seach a taifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas laistigh de 14 lá agus tar éis dó an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 (‘an Coiste um Choimircí’):

(a)

an taraif-chuóta comhfhreagrach arna chur ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán seo a thabhairt isteach an athuair don táirge sin go dtí an 31 Nollaig 2024; agus

(b)

a thabhairt isteach ón 1 Eanáir 2025 taraif-chuóta atá comhionann le cúig dhódhéagú den mheán uimhriúil sin nó an taraif-chuóta comhfhreagrach arna chur ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán seo cibé acu is airde.

Más rud é, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 5 Meitheamh 2025, go sroicheann méideanna carnacha allmhairí i gcás uibheacha, éanlaith chlóis, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuarain nó meala don tréimhse ón 1 Eanáir 2025 cúig dhódhéagú de mheán uimhriúil na méideanna allmhairí faoi seach a taifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus 2023, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 14 lá agus tar éis dó an Coiste um Choimircí a chur ar an eolas, an taraif-chuóta comhfhreagrach arna chur ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe (b), a thabhairt isteach an athuair don táirge sin.

Chun críocha na míre seo, tagraíonn na téarmaí uibheacha, éanlaith chlóis, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuaran agus mil do tháirgí a chumhdaítear le taraif-chuótaí san Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais le haghaidh uibheacha agus albaiminí, éineola agus ullmhóidí éineola, siúcraí, coirce, arbhar Indiach, plúir agus millíní, piocuaran eorna agus mine, gráin ghránaigh atá oibrithe ar bhealach eile, agus meala, faoi seach. Déanfar an meán uimhriúil dá dtagraítear sa mhír seo a ríomh trí shuim na méideanna allmhairí sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023, a roinnt ar dhó go leith.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na socruithe chun faireachán a dhéanamh ar na méideanna allmhairí dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfar an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(4).

8.   Má fhorchuireann an Coimisiún beart de bhun mhír 1, 5 nó 7 lena dtugtar isteach an athuair taraif-chuóta arna chur ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe (b), cuirfear san áireamh i mbainistiú an taraif-chuóta sin an chainníocht a allmhairíodh le linn na bliana féilire ina bhforchuireann an Coimisiún an beart sin.

Airteagal 5

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 3(1) den Rialachán seo. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Déanfaidh an Coiste um Choimircí cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 4(1) den Rialachán seo. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 6

Measúnú ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála

Beidh measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála agus áireofar inti, a mhéid is iomchuí, measúnú ar an tionchar sóisialta atá ag na bearta sin san Úcráin agus san Aontas. Cuirfear faisnéis faoi allmhairí táirgí faoi Airteagal 1(1), pointe (b), ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn míosúil.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus feidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2024.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 5 Meitheamh 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024.

(2)   IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(3)  Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Teideal III (seachas na forálacha a bhaineann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an Pháirtí eile) agus Teidil IV, V, VI agus VII, mar aon leis na Prótacail agus na hIarscríbhinní gaolmhara (IO L 278, 20.9.2014, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 144, 5.6.2023, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais ( IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


 

Rinneadh ráiteas maidir leis an Rialachán seo agus is féidir teacht air in IO C (1).


(1)  Ráiteas ón gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar allmhairí gráin ón Úcráin tráth ghlacadh Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO C, C/2024/3357, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3357/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)