Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1388 |
22.5.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1388 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2024
lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2623 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhionsonraí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair a shonrú le haghaidh na tréimhse 2024-2027
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2623 (2) ón gCoimisiún, sonraítear mionsonraí maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2024-2027. Tá earráid sa Rialachán sin i dtaca le hainmniú roinn ICES i ndáil le cur i bhfeidhm na díolúine inmharthanachta maidir leis an leathóg. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 6(1), pointe f de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2623 a cheartú dá réir sin. |
(3) |
Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag an gceartúchán dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. |
(4) |
Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2024, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
‘(f) |
Ranna 7b go 7k ICES le saighní (SSC)’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 83, 25.3.2019, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2623 ón gCoimisiún an 22 Lúnasa 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhionsonraí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair a shonrú le haghaidh na tréimhse 2024-2027, (IO L, 2023/2623, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2623/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1388/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)