European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1383

13.6.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE UIMH. 307/2023

an 8 Nollaig 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1383]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2023/1329 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid polairicineoláite polaigliocróil (E 476) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí maidir le gliocról (E 422), eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) agus polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2023/1428 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2023 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a mhéid a bhaineann le monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1333 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 maidir le hullmhóid in–1,3(4) béite-ghlúcanáise arna táirgeadh ag Aspergillus fijiensis CBS 589.94 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd., atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1333 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 ón gCoimisiún (4), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(5)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha agus ábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha agus ábhair bhia ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1zzr (Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005 ón gCoimisiún):

‘-

32023 R 1333: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1333 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 (IO L 166, 30.6.2023, lch. 106).’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 504 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 ón gCoimisiún):

‘505.

32023 R 1333: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1333 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 maidir le hullmhóid in–1,3(4) béite-ghlúcanáise arna táirgeadh ag Aspergillus fijiensis CBS 589.94 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd., atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 (IO L 166, 30.6.2023, lch. 106).’

3.

Scriostar téacs phointe 1zs (Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzzr (Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-

32023 R 1329: Rialachán (AE) 2023/1329 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 (IO L 166, 30.6.2023, lch. 66).’

2.

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 69 (Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún):

‘—

32023 R 1329: Rialachán (AE) 2023/1329 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 (IO L 166, 30.6.2023, lch. 66),

32023 R 1428: Rialachán (AE) 2023/1428 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2023 (IO L 175, 10.7.2023, lch. 6).’

Airteagal 3

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2023/1329 agus (AE) 2023/1428 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1333 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 166, 30.6.2023, lch. 66.

(2)   IO L 175, 10.7.2023, lch. 6.

(3)   IO L 166, 30.6.2023, lch. 106.

(4)   IO L 239, 9.7.2004, lch. 8.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1383/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)