European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1379

13.6.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 312/2023

an 8 Nollaig 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1379]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/972 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena t-údaraítear eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá ar Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 239 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1141 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘240.

32023 R 0972: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/972 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena t-údaraítear eastóscán eatánólach uiscí ó Labisia pumila a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L 132, 17.5.2023, lch. 46).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/972 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 132, 17.5.2023, lch. 46.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1379/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)