European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1378

13.6.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 310/2023

an 8 Nollaig 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1378]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2023/1627 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a mhéid a bhaineann le húdarú na substainte bis(2-eitilheicsil)cioglaiheacsán-1,4-décharbocsaláit (Uimh. FCM 1079) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá ar Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 55 (Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32023 R 1627: Rialachán (AE) 2023/1627 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 (IO L 201, 11.8.2023, lch. 4).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2023/1627 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 201, 11.8.2023, lch. 4.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1378/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)