|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1368 |
13.6.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 299/2023
an 8 Nollaig 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1368]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2022/2246 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le galar sirg ainsealach in ainmhithe beo den chineál fia (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/118 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí éan i mbraighdeanas a bheartaítear le haghaidh taispeántas laistigh den Aontas (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/751 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i ndáil le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13e (Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1:
|
|
2. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13s (Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1:
|
|
3. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12 (Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) i gCuid 7.1:
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2022/2246 agus Rialacháin Tarmligthe (AE) 2023/118 agus (AE) 2023/751 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 295, 16.11.2022, lch. 1.
(2) IO L 16, 18.1.2023, lch. 1.
(3) IO L 100, 13.4.2023, lch. 7.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1368/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)