|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1366 |
24.5.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1366 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chód gréasáin a bhunú i ndáil le rialacha earnáilsonracha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (1), go háirithe Airteagal 59 (2), pointe (e) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá bainistiú riosca cibearshlándála ríthábhachtach chun slándáil an tsoláthair leictreachais a choinneáil ar bun agus chun ardleibhéal cibearshlándála in earnáil an leictreachais a áirithiú. |
|
(2) |
Is tosca cinntitheacha iad an digiteáil agus an chibearshlándáil chun seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar agus tá ábharthacht straitéiseach acu dá bhrí sin don bhonneagar criticiúil fuinnimh. |
|
(3) |
Le Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais. Déanann Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) comhlánú ar Threoir (AE) 2022/2555 trína áirithiú go ndéanfar teagmhais chibearshlándála in earnáil an leictreachais a shainaithint go cuí mar riosca agus go dtabharfar aghaidh mar is cuí sna pleananna um riosca-ullmhacht ar na bearta a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt orthu. Déanann Rialachán (AE) 2019/943 comhlánú ar Threoir (AE) 2022/2555 agus ar Rialachán (AE) 2019/941 trí rialacha sonracha um earnáil an leictreachais a leagan amach ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, déanann an Rialachán Tarmligthe seo comhlánú ar fhorálacha Threoir (AE) 2022/2555 maidir le hearnáil an leictreachais, aon uair a bhíonn sreafaí leictreachais trasteorann i gceist. |
|
(4) |
I gcás córais leictreachais atá digitithe idirnasctha, ní féidir a bhreithniú gur cúram náisiúnta amháin iad cosc agus bainistíocht ar ghéarchéimeanna leictreachais a bhaineann le cibirionsaithe. Ba cheart an fhorbairt is mó is féidir a dhéanamh trí chomhar réigiúnach agus comhar an Aontais ar bhearta atá níos éifeachtúla agus níos tíosaí. Tá gá, dá bhrí sin, le creat coiteann rialacha agus nósanna imeachta comhordaithe níos fearr chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit agus gníomhaithe eile in ann oibriú go héifeachtach i gcomhar thar theorainneacha de mheon trédhearcacht, iontaoibh agus dlúthpháirtíocht mhéadaithe idir na Ballstáit agus údaráis inniúla atá freagrach as leictreachas agus cibearshlándáil. |
|
(5) |
Chun bainistiú riosca cibearshlándála a dhéanamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo tá gá le próiseas struchtúrtha lena n-áirítear, i measc nithe eile, sainaithint rioscaí do shreafaí leictreachais trasteorann a eascraíonn as cibirionsaithe, na próisis agus na paraiméadair oibríochtúla ghaolmhara, na rialuithe cibearshlándála comhfhreagracha agus na sásraí fíorúcháin. Cé go maireann tráthchlár an phróisis iomláin roinnt blianta, ba cheart gach céim de rannchuidiú le hardleibhéal coiteann cibearshlándála san earnáil agus leis an maolú ar rioscaí cibearshlándála. Ba cheart do na rannpháirtithe uile sa phróiseas a ndícheall a dhéanamh chun na modheolaíochtaí a fhorbairt agus a chomhaontú a luaithe is féidir gan moill mhíchuí, agus in aon chás, tráth nach déanaí ná na sprioc-amanna a shainítear sa Rialachán seo. |
|
(6) |
Féadfaidh na measúnuithe riosca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais, an Bhallstáit, an réigiúin agus an eintitis sa Rialachán seo a bheith teoranta dóibh siúd a leanann as cibirionsaithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena n-eisiatar dá bhrí sin, mar shampla, ionsaithe fisiceacha, tubaistí nádúrtha agus éarthaí seirbhíse i ngeall ar chaillteanas saoráidí nó acmhainní daonna. Rioscaí uile-Aontais agus réigiúnacha a bhaineann le hionsaithe fisiceacha nó tubaistí nádúrtha san fhearann leictreachais, cumhdaítear cheana féin iad le reachtaíocht eile de chuid an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/941, nó Rialachán (AE) 2017/1485 ón gCoimisiún (5) lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais. Ar an gcaoi chéanna, is é is aidhm do Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil laghdú a dhéanamh ar leochaileachtaí eintiteas criticiúil agus a n-athléimneacht fhisiceach a neartú agus cumhdaítear léi na rioscaí ábhartha uile, idir rioscaí nádúrtha agus rioscaí de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí riachtanacha, lena n-áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí amhail paindéimí, agus bagairtí hibrideacha nó bagairtí eascairdiúla eile, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta, insíothlú coiriúil agus sabaitéireacht. |
|
(7) |
An coincheap ‘eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil’ sa Rialachán seo, tá sé bunúsach chun raon feidhme eintiteas a bheidh faoi réir na n-oibleagáidí ar a dtugtar tuairisc sa Rialachán seo a shainiú. Is é is aidhm don chur chuige rioscabhunaithe a leagtar amach sna forálacha éagsúla na próisis, na sócmhainní tacaíochta agus na heintitis a oibríonn iad a dhéanann difear do shreafaí leictreachais trasteorann a shainaithint. D’fhéadfadh sé go mbreithneofar ‘ardtionchar’ nó ‘tionchar criticiúil’ a bheith acu ag brath ar an méid tionchair a d’imreodh cibirionsaithe féideartha ar a n-oibríochtaí sreafaí leictreachais trasteorann. Le hAirteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555 leagtar síos na coincheapa ‘eintitis fhíor-riachtanacha agus eintitis thábhachtacha’ agus na critéir chun eintitis sna catagóirí sin a shainaithint. Cé go mbreithneofar agus go sainaithneofar go comhuaineach go bhfuil roinnt mhaith díobh ‘fíor-riachtanach’ de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555 agus go bhfuil ardtionchar nó tionchar criticiúil acu an tráth céanna de bhun Airteagal 24 den Rialachán seo, ní thagraíonn na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo ach dá ról agus dá dtionchar sna próisis leictreachais a dhéanann difear do shreafaí leictreachais trasteorann gan aon bhreithniú a dhéanamh ar na critéir a shainítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555. |
|
(8) |
Na heintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, a bhreithnítear ardtionchar nó tionchar criticiúil a bheith acu de bhun Airteagal 24 den Rialachán seo agus atá faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos ann, is iad sin na cinn a imríonn tionchar díreach ar shreafaí leictreachais trasteorann san Aontas go príomha. |
|
(9) |
Baintear úsáid sa Rialachán seo as sásraí agus ionstraimí atá ann cheana, a bunaíodh cheana i bpíosaí reachtaíochta eile, chun éifeachtúlacht a áirithiú agus dúbailt a sheachaint agus na cuspóirí á mbaint amach. |
|
(10) |
Nuair a bheidh an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit, d’údaráis ábhartha agus d’oibreoirí córais na caighdeáin Eorpacha chomhaontaithe agus sonraíochtaí teicniúla na nEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú a chur san áireamh agus gníomhú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le táirgí a chumhdaítear leis an reachtaíocht sin de chuid an Aontais a chur ar an margadh nó i seirbhís. |
|
(11) |
D’fhonn maolú a dhéanamh ar rioscaí cibearshlándála, is gá leabhar rialacha mionsonraithe a bhunú lena rialaítear gníomhaíochtaí na ngeallsealbhóirí ábhartha, agus an comhar eatarthu, a mbaineann a ngníomhaíochtaí le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann, chun slándáil an chórais leictreachais a áirithiú. Leis na rialacha eagraíochtúla agus teicniúla sin, ba cheart a áirithiú go ndéileálfar go héifeachtach ar an leibhéal oibríochtúil le formhór na dteagmhas leictreachais arb í an chibearshlándáil is bunchúis leo. Is gá a leagan amach an rud ba cheart do na geallsealbhóirí ábhartha sin a dhéanamh chun géarchéimeanna den sórt sin a chosc agus na bearta is féidir leo a dhéanamh i gcás nár leor na rialacha maidir le hoibríocht an chórais, astu féin, a thuilleadh. Dá bhrí sin, is gá creat comhchoiteann rialacha a bhunú maidir le conas géarchéimeanna comhuaineacha leictreachais arb í an chibearshlándáil is bunchúis leo a chosc agus a bhainistiú agus conas ullmhú faoina gcoinne. Leis sin, tugtar isteach níos mó trédhearcachta i gcéim an ullmhúcháin agus le linn géarchéim chomhuaineach leictreachais agus áirithítear go ndéanfar bearta ar bhealach comhordaithe éifeachtach in éineacht leis na húdaráis inniúla um chibearshlándáil sna Ballstáit. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit agus ar eintitis ábhartha dul i gcomhar le chéile, ar an leibhéal réigiúnach agus, i gcás inarb infheidhme, go déthaobhach, de mheon dlúthpháirtíochta. Beartaítear leis an gcomhar agus leis na rialacha sin riosca-ullmhacht cibearshlándála níos fearr a bhaint amach ar chostas níos lú, rud atá i gcomhréir freisin le cuspóirí Threoir (AE) 2022/2555. Is cosúil gur gá freisin an margadh inmheánach leictreachais a neartú trí fheabhas a chur ar an iontaoibh agus an mhuinín atá ag na Ballstáit as a chéile, go háirithe trí chiorruithe míchuí ar shreafaí leictreachais trasteorann a mhaolú, agus an riosca go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha acu ar na Ballstáit chomharsanachta a laghdú dá réir. |
|
(12) |
Is éard atá i gceist le slándáil an tsoláthair leictreachais comhar éifeachtach idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus idir geallsealbhóirí ábhartha. Tá ról lárnach ag oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin maidir le córas leictreachais slán, iontaofa agus éifeachtúil a áirithiú i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 40 de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Tá ról tábhachtach freisin ag na húdaráis rialála éagsúla agus ag údaráis náisiúnta inniúla ábhartha eile chun an chibearshlándáil laistigh den soláthar leictreachais a áirithiú, agus faireachán a dhéanamh uirthi, mar chuid dá gcúraimí a shanntar le Treoracha (AE) 2019/944 agus (AE) 2022/2555. Ba cheart do na Ballstáit eintiteas nua, nó eintiteas atá ann cheana, a ainmniú mar a n-údarás náisiúnta inniúil chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, a mbeidh sé d’aidhm aige rannpháirtíocht thrédhearcach agus chuimsitheach na ngníomhaithe uile lena mbaineann a áirithiú, ullmhú éifeachtúil agus cur chun feidhme cuí an Rialacháin a áirithiú agus an comhar i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha agus na n-údarás inniúil éagsúil sa leictreachas agus sa chibearshlándáil a áirithiú, chomh maith le cosc agus meastóireacht ex post ar na géarchéimeanna leictreachais arb í an chibearshlándáil is bunchúis leo agus na malartuithe faisnéise i ndáil leo a éascú. |
|
(13) |
I gcás ina soláthróidh eintiteas ardtionchair nó tionchair chriticiúil seirbhísí i níos mó ná Ballstát amháin, nó i gcás ina mbeidh a phríomhbhunaíocht nó bunaíocht eile nó ionadaí eile lonnaithe i mBallstát amháin ach a chórais gréasán agus faisnéise lonnaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile, ba cheart do na Ballstáit sin a n-údaráis inniúla ar leith a spreagadh chun a ndícheall a dhéanamh dul i gcomhar le chéile agus cúnamh a thabhairt dá chéile de réir mar is gá. |
|
(14) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla, i ndáil le heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a chur chun cinn. Leis na cumhachtaí sin, ba cheart a cheadú d’údaráis inniúla cigireachtaí ar an láthair agus maoirseacht lasmuigh den láthair a dhéanamh. Is féidir a áireamh orthu sin seiceálacha randamacha, iniúchtaí tráthrialta, iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó ar fhaisnéis a bhaineann le riosca atá ar fáil agus scanacháin slándála bunaithe ar chritéir measúnaithe riosca atá oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, cóir agus trédhearcach a dhéanamh agus lena n-áirítear an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar na bearta cibearshlándála a ghlacann an t-eintiteas a iarraidh. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin beartais chibearshlándála dhoiciméadaithe, sonraí rochtana, doiciméid nó aon fhaisnéis is gá chun a gcúraimí maoirseachta a dhéanamh, agus fianaise ar chur chun feidhme beartas cibearshlándála, amhail torthaí iniúchtaí slándála arna ndéanamh ag iniúchóir cáilithe agus an fhianaise ábhartha is bun leo. |
|
(15) |
Chun bearnaí idir na hoibleagáidí bainistithe riosca cibearshlándála a fhorchuirtear ar eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil, nó dúbailt na n-oibleagáidí sin, a sheachaint, ba cheart d’údaráis náisiúnta faoi Threoir (AE) 2022/2555 agus do na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo dul i gcomhar le chéile i ndáil le cur chun feidhme beart bainistithe riosca cibearshlándála agus i ndáil leis an maoirseacht a dhéantar ar chomhlíonadh na mbeart sin ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis na ceanglais bainistithe riosca cibearshlándála a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag eintiteas, d’fhéadfadh na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555 a mheas go n-áirithíonn sé comhlíonadh na gceanglas comhfhreagrach a leagtar síos sa Treoir sin, nó vice versa. |
|
(16) |
Chun go mbeidh cur chuige coiteann ann maidir le cosc agus bainistiú géarchéimeanna comhuaineacha leictreachais, is gá tuiscint choiteann a bheith ag na Ballstáit ar an rud is géarchéim chomhuaineach leictreachais ann agus ar an uair atá cibirionsaí ina thoisc thábhachtach inti. Go sonrach, ba cheart comhar idir na Ballstáit agus na heintitis ábhartha a éascú chun aghaidh a thabhairt ar chás ina bhféadfadh riosca a bheith ann go mbeadh ganntanas mór leictreachais ann nó nach bhféadfaí leictreachas a sholáthar do chustaiméirí, bíodh an riosca sin ann nó ar tí a bheith ann, de dheasca cibirionsaithe. |
|
(17) |
Aithnítear le hAithris (1) de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) an ról ríthábhachtach atá ag córais gréasán agus faisnéise agus ag córais agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun an geilleagar a choimeád ag imeacht i bpríomhearnálacha amhail fuinneamh, agus mínítear le hAithris (44) gur cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (‘ENISA’) idirchaidreamh a dhéanamh le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘ACER’). |
|
(18) |
Le Rialachán (AE) 2019/943 sanntar freagrachtaí sonracha a bhaineann leis an gcibearshlándáil d’Oibreoirí Córais Tarchurtha (‘OCTanna’) agus d’Oibreoirí Córais Dáileacháin (‘OCDanna’). Déanfaidh a gcomhlachais Eorpacha, is iad sin an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (‘ENTSO don Leictreachas’) agus an t-eintiteas Eorpach d’oibreoirí córais dáileacháin (‘an t-eintiteas AE do OCDanna’), de bhun Airteagail 30 agus 55 den Rialachán sin faoi seach, an chibearshlándáil a chur chun cinn i gcomhar leis na húdaráis ábhartha agus le heintitis rialáilte. |
|
(19) |
Chun go mbeidh cur chuige coiteann ann maidir le cosc agus bainistiú géarchéimeanna comhuaineacha leictreachais arb í an chibearshlándáil is bunchúis leo, is gá freisin do na geallsealbhóirí ábhartha uile modhanna agus sainmhínithe comhchuibhithe a úsáid chun rioscaí a bhaineann le cibearshlándáil an tsoláthair leictreachais a shainaithint. Is gá dóibh freisin a bheith in ann a bhfeidhmíocht sa réimse sin a chur i gcomparáid go héifeachtach le feidhmíocht a gcomharsan. Dá bhrí sin, is gá na próisis, na róil agus na freagrachtaí a bhunú chun modheolaíochtaí bainistithe riosca, scálaí aicmithe teagmhais agus bearta cibearshlándála arna n-oiriúnú do na rioscaí cibearshlándála a imríonn tionchar ar shreafaí leictreachais trasteorann a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(20) |
Tá na Ballstáit, tríd an údarás inniúil arna ainmniú le haghaidh an Rialacháin seo, freagrach as sainaithint na n-eintiteas a chomhlíonann na critéir chun bheith cáilithe mar eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil. Chun deireadh a chur leis na héagsúlachtaí idir na Ballstáit ina leith sin agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú a mhéid a bhaineann leis na bearta bainistithe riosca cibearshlándála agus na hoibleagáidí tuairiscithe do gach eintiteas ábhartha, ba cheart tacar critéar a bhunú lena gcinntear cé na heintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart an tacar critéar sin a shainiú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta tríd an bpróiseas lena ndéantar téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí a fhorbairt agus a ghlacadh, ar próiseas é a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(21) |
Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a bheith gan dochar do dhlí an Aontais lena ndéantar foráil maidir le rialacha sonracha i ndáil le deimhniú táirgí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (‘TFC’), seirbhísí TFC agus próiseas TFC, go háirithe é sin a dhéanamh gan dochar do Rialachán (AE) 2019/881 maidir leis an gcreat le haghaidh bunú scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. I gcomhthéacs an Rialacháin seo, ba cheart gairis agus bogearraí teicniúla lena gcumasaítear idirghníomhú díreach leis an ngréasán leictriteicniúil a áireamh sna táirgí TFC freisin, go háirithe córais rialaithe thionsclaíoch is féidir a úsáid chun fuinneamh a tharchur, a dháileadh agus a tháirgeadh, chomh maith lena n-úsáid chun faisnéis ghaolmhar a bhailiú agus a tharchur. Ba cheart a áirithiú leis na forálacha sin go gcomhlíonfaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC atá le soláthar na cuspóirí slándála ábhartha in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/881. |
|
(22) |
Léiríonn cibirionsaithe le déanaí gur mó atáthar ag díriú ionsaithe sa slabhra soláthair ar eintitis. Ní hamháin go mbíonn tionchar ag ionsaithe den sórt sin sa slabhra soláthair ar eintitis aonair a thagann faoin raon feidhme, ach is féidir éifeacht chascáideach a bheith acu freisin ar ionsaithe níos mó ar eintitis lena bhfuil siad nasctha san eangach leictreachais. Cuireadh isteach forálacha agus moltaí dá bhrí sin chun cuidiú le maolú a dhéanamh ar na rioscaí cibearshlándála atá bainteach le próisis a bhaineann leis an slabhra soláthair, go háirithe soláthar, a mbíonn tionchar acu ar shreafaí leictreachais trasteorann. |
|
(23) |
Ós féidir dúshaothrú na leochaileachtaí i gcórais gréasán agus faisnéise a bheith ina chúis le suaití móra fuinnimh agus díobháil don gheilleagar agus do thomhaltóirí, ba cheart na leochaileachtaí sin a shainaithint agus a leigheas go tapa chun rioscaí a laghdú. Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a éascú, ba cheart d’eintitis ábhartha agus d’údaráis inniúla dul i gcomhar le chéile chun gníomhaíochtaí a dhéanamh agus a thástáil a mheastar a bheith iomchuí chun na críche sin, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú maidir le cibearbhagairtí, cibirionsaithe, leochaileachtaí, uirlisí agus modhanna, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, ullmhacht bainistithe géarchéime cibearshlándála agus cleachtaí eile. Ós rud é go mbíonn forbairt ag teacht ar an teicneolaíocht de shíor agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go gasta le digiteáil earnáil an leictreachais, níor cheart cur chun feidhme na bhforálacha arna nglacadh a bheith díobhálach don nuálaíocht ná ina bhacainn roimh rochtain ar an margadh leictreachais ná roimh an úsáid a bhainfear ina dhiaidh sin as réitigh nuálacha a rannchuideoidh le héifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an chórais leictreachais. |
|
(24) |
An fhaisnéis a bhailítear d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart í a bheith réasúnta teoranta ar an bprionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Ba cheart sprioc-amanna éifeachtachta is féidir a chomhlíonadh a dheonú do gheallsealbhóirí chun faisnéis den sórt sin a chur isteach. Ba cheart fógra dúbailte a sheachaint. |
|
(25) |
Ní scoirtear de chosaint na cibearshlándála ag teorainneacha an Aontais. Chun go mbeidh an córas slán, is gá do thríú tíortha comharsanachta a bheith rannpháirteach. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit féachaint le tacú le tríú tíortha comharsanachta a bhfuil a mbonneagar leictreachais nasctha leis an eangach Eorpach rialacha cibearshlándála atá comhchosúil leis na cinn a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. |
|
(26) |
Chun feabhas a chur go luath ar an gcomhordú slándála, chun téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí ceangailteacha a bheidh ann amach anseo a thástáil, ba cheart do ENTSO don Leictreachas, don eintiteas AE do OCDanna agus do na húdaráis inniúla tús a chur le treoraíocht neamhcheangailteach a fhorbairt go díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Feidhmeoidh an treoraíocht sin mar bhunlíne forbartha le haghaidh na dtéarmaí, na gcoinníollacha agus na modheolaíochtaí amach anseo. I gcomhthráth, ba cheart do na húdaráis inniúla a shainaithint cé na heintitis a d’fhéadfadh a bheith ina n-eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil chun go dtosóidh siad ag comhlíonadh na n-oibleagáidí ar bhonn deonach. |
|
(27) |
Forbraíodh an Rialachán seo i ndlúthchomhar le ACER, ENISA, ENTSO don Leictreachas, an t-eintiteas AE do OCDanna agus geallsealbhóirí eile, chun rialacha éifeachtacha cothromaithe comhréireacha a ghlacadh ar bhealach trédhearcach rannpháirtíoch. |
|
(28) |
Comhlánaíonn an Rialachán seo, agus cuireann sé feabhas ar, na bearta bainistithe géarchéime a bhunaítear i gCreat an Aontais maidir le Freagairt ar Ghéarchéimeanna Cibearshlándála, mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún (9). D’fhéadfadh cibirionsaí a bheith ina chúis freisin le géarchéim leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Rialachán (AE) 2019/941, nó d’fhéadfadh sé cur le géarchéim leictreachais nó tarlú i gcomhthráth le géarchéim leictreachais, a d’imreodh tionchar ar shreafaí leictreachais trasteorann. D’fhéadfadh géarchéim chomhuaineach leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) 2019/941 a bheith mar thoradh ar an ngéarchéim leictreachais sin. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag teagmhas den sórt sin freisin ar earnálacha eile a bhraitheann ar shlándáil an tsoláthair leictreachais. Dá dtiocfadh teagmhas den sórt sin chun bheith ina theagmhas mórscála cibearshlándála de réir bhrí Airteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha san Airteagal sin lena mbunaítear an líonra Eorpach um eagrú an idirchaidrimh maidir le cibirghéarchéimeanna (‘EU-CyCLONe’). Maidir le bainistíocht géarchéime ar leibhéal an Aontais, ba cheart do pháirtithe ábhartha brath ar shocruithe comhtháite an Aontais maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle (socruithe IPCR) (10). |
|
(29) |
Níl dochar sa Rialachán seo do chumas na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun cosaint leasanna bunúsacha a slándála a áirithiú, beartas agus an tslándáil phoiblí a chosaint, agus chun gur féidir cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE, ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála. |
|
(30) |
Cé go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo, i bprionsabal, maidir le heintitis a dhéanann gníomhaíochtaí i dtáirgeadh leictreachais ó stáisiúin cumhachta núicléiche, d’fhéadfadh roinnt de na gníomhaíochtaí sin a bheith nasctha leis an tslándáil náisiúnta. |
|
(31) |
Dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus dlí an Aontais maidir le príobháideachas, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Go sonrach, ní dochar an Rialachán seo do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ná do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) ná do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Dá bhrí sin, níor cheart an Rialachán seo difear a dhéanamh, inter alia, do chúraimí ná cumhachtaí na n-údarás atá inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh dhlí an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus dhlí an Aontais is infheidhme maidir le príobháideachas. |
|
(32) |
I bhfianaise a thábhachtaí atá comhar idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil, na húdaráis inniúla atá freagrach as na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh agus arna n-ainmniú ag na Ballstáit, ba cheart iad a bheith in ann a bheith rannpháirteach i líonraí comhair idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, chun a gcuid cúraimí a dhéanamh, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a mhalartú le húdaráis inniúla tríú tíortha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus sonraí pearsanta á n-aistriú chuig tríú tíortha, inter alia na coinníollacha in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(33) |
Maidir le próiseáil sonraí pearsanta, a mhéid is gá agus is comhréireach chun slándáil sócmhainní de chuid eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil a áirithiú, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil sí dleathach ar an mbonn go gcomhlíonann an phróiseáil sin oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 6(1), pointe (c), agus Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2016/679. D’fhéadfadh próiseáil sonraí pearsanta a bheith riachtanach freisin le haghaidh leasanna dlisteanacha arna saothrú ag eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil, chomh maith le soláthraithe teicneolaíochtaí agus seirbhísí slándála a ghníomhaíonn thar ceann na n-eintiteas sin, de bhun Airteagal 6(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear cásanna inar gá an phróiseáil sin le haghaidh socruithe comhroinnte faisnéise maidir leis an gcibearshlándáil nó le haghaidh fógra deonach a thabhairt faoi fhaisnéis ábhartha i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maidir le bearta a bhaineann le teagmhais a chosc, a bhrath, a shainaithint nó a shrianadh nó anailís a dhéanamh orthu agus freagairt orthu, bearta chun feasacht a ardú i ndáil le cibearbhagairtí sonracha, malartú faisnéise i gcomhthéacs feabhsúchán leochaileachta agus nochtadh comhordaithe leochaileachta, malartú deonach faisnéise maidir leis na teagmhais sin, agus cibearbhagairtí agus leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta, féadfar a cheangal leis na bearta sin catagóirí áirithe sonraí pearsanta a phróiseáil, amhail seoltaí IP, aimsitheoirí aonfhoirmeacha acmhainne (URLanna), ainmneacha fearainn, seoltaí ríomhphoist agus, i gcás ina nochtar sonraí pearsanta leo, stampaí ama. D’fhéadfadh an phróiseáil a dhéanann na húdaráis inniúla, na pointí teagmhála aonair agus na CSIRTanna ar shonraí pearsanta a bheith ina hoibleagáid dhlíthiúil nó d’fhéadfaí í a mheas a bheith riachtanach chun cúram a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú an údaráis oifigiúil atá dílsithe sa rialaitheoir de bhun Airteagal 6(1), pointe (c) nó (e), agus Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2016/679, nó chun leas dlisteanach na n-eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil a shaothrú, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), den Rialachán sin. Thairis sin, leis an dlí náisiúnta d’fhéadfaí rialacha a leagan síos lena gceadaítear do na húdaráis inniúla, do na pointí teagmhála aonair agus do na CSIRTanna, a mhéid is gá agus is comhréireach chun slándáil córas gréasán agus faisnéise eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil a áirithiú, catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe trí fhoráil a dhéanamh maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna daoine nádúrtha a choimirciú, lena n-áirítear srianta teicniúla ar athúsáid sonraí den sórt sin agus ar úsáid beart úrscothach slándála agus beart úrscothach um chaomhnú príobháideachais, amhail bréagainmniú, nó criptiú i gcás ina bhféadfadh anaithnidiú difear suntasach a dhéanamh don chuspóir atá á shaothrú. |
|
(34) |
I roinnt mhaith cásanna cuirtear sonraí pearsanta i mbaol de dheasca cibirionsaithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na húdaráis inniúla oibriú i gcomhar leis na húdaráis dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679 agus i dTreoir 2002/58/CE agus faisnéis faoi na hábhair ábhartha uile a mhalartú leo. |
|
(35) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 17 Samhain 2023. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear cód gréasáin lena leagtar síos rialacha earnáilsonracha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann, lena n-áirítear rialacha maidir le híoscheanglais choiteanna, pleanáil, faireachán, tuairisciú agus bainistiú géarchéime.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann i ngníomhaíochtaí na n-eintiteas seo a leanas, má shainaithnítear mar eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil iad i gcomhréir le hAirteagal 24:
|
(a) |
gnóthais leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(57) de Threoir (AE) 2019/944; |
|
(b) |
oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais (‘OAMLanna’) mar a shainmhínítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2019/943; |
|
(c) |
ionaid margaidh eagraithe nó ‘margaí eagraithe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún (14) a shocraíonn idirbhearta i ndáil le táirgí atá ábhartha do shreafaí leictreachais trasteorann; |
|
(d) |
soláthraithe seirbhíse TFC criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (9) den Rialachán seo; |
|
(e) |
ENTSO don Leictreachas a bhunaítear de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2019/943; |
|
(f) |
an t-eintiteas AE do OCDanna a bhunaítear de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2019/943; |
|
(g) |
páirtithe freagracha cothromúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Rialachán (AE) 2019/943; |
|
(h) |
oibreoirí pointí athluchtaithe mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555; |
|
(i) |
lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha (‘RCCanna’) mar a bhunaítear de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2019/943; |
|
(j) |
soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe (‘MSSPanna’) mar a shainmhínítear in Airteagal 6(40) de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(k) |
aon eintiteas nó tríú páirtí eile ar tarmligeadh freagrachtaí chucu nó ar sannadh freagrachtaí dóibh de bhun an Rialacháin seo. |
2. Tá na húdaráis seo a leanas, mar chuid dá sainorduithe faoi láthair, freagrach as cúraimí a shanntar sa Rialachán seo a dhéanamh:
|
(a) |
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘ACER’) a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15); |
|
(b) |
údaráis náisiúnta inniúla atá freagrach as na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh agus arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 4, nó ‘údarás inniúil’; |
|
(c) |
údaráis rialála náisiúnta (‘NRAnna’) arna n-ainmniú ag gach Ballstát de bhun Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/944; |
|
(d) |
údaráis inniúla um riosca-ullmhacht (‘RP-NCAnna’) a bhunaítear de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/941; |
|
(e) |
foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (‘CSIRTanna’) mar a ainmnítear nó a bhunaítear de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(f) |
údaráis inniúla atá freagrach as cibearshlándáil (‘CS-NCAnna’) mar a ainmnítear nó a bhunaítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(g) |
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil a bhunaítear de bhun Rialachán (AE) 2019/881; |
|
(h) |
aon údarás nó tríú páirtí eile ar tarmligeadh freagrachtaí chucu nó ar sannadh freagrachtaí dóibh de bhun Airteagal 4(3). |
3. Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le gach eintiteas nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a sholáthraíonn seirbhísí d’eintitis san Aontas, ar choinníoll gur shainaithin na húdaráis inniúla iad mar eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil i gcomhréir le hAirteagal 24(2).
4. Ní dochar an Rialachán seo do fhreagracht na mBallstát an tslándáil náisiúnta a choimirciú ná dá gcumhacht feidhmeanna fíor-riachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an t-ord poiblí a chaomhnú.
5. Ní dochar an Rialachán seo do fhreagracht na mBallstát an tslándáil náisiúnta a choimirciú i ndáil le gníomhaíochtaí i dtáirgeadh leictreachais ó stáisiúin cumhachta núicléiche, lena n-áirítear gníomhaíochtaí laistigh den slabhra luacha núicléach, i gcomhréir leis na Conarthaí.
6. Déanfaidh eintitis, na húdaráis inniúla, na pointí teagmhála aonair ar leibhéal an eintitis agus na CSIRTanna sonraí pearsanta a phróiseáil a mhéid is gá chun críocha an Rialacháin seo agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, agus beidh próiseáil den sórt sin go háirithe ag brath ar Airteagal 6 de.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘sócmhainn’ aon fhaisnéis, aon bhogearra nó aon chrua-earra sna córais gréasán agus faisnéise, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, atá luachmhar do dhuine aonair, d’eagraíocht nó do rialtas; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil um riosca-ullmhacht’ an t-údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/941; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘foireann freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí’ foireann atá freagrach as láimhseáil riosca agus teagmhas i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘sócmhainn tionchair chriticiúil’ sócmhainn a bhfuil gá léi chun próiseas tionchair chriticiúil a dhéanamh; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘eintiteas tionchair chriticiúil’ eintiteas a dhéanann próiseas tionchair chriticiúil agus atá sainaitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 24; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘imlíne tionchair chriticiúil’ imlíne arna sainiú ag eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(1) ina bhfuil na sócmhainní tionchair chriticiúil uile agus inar féidir rochtain ar na sócmhainní sin a rialú agus lena sainítear an raon feidhme faoina bhfuil feidhm ag na hardrialuithe cibearshlándála; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘próiseas tionchair chriticiúil’ próiseas gnó a dhéanann eintiteas a bhfuil na hinnéacsanna tionchair cibearshlándála leictreachais ina leith os cionn na tairsí tionchair chriticiúil; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘tairseach tionchair chriticiúil’ luachanna na n-innéacsanna tionchair cibearshlándála leictreachais dá dtagraítear in Airteagal 19(3)b, ar os a gcionn a bheidh cibirionsaí ar phróiseas gnó ina chúis le suaitheadh criticiúil ar shreafaí leictreachais trasteorann; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí TFC criticiúil’ eintiteas a sholáthraíonn seirbhís TFC, nó próiseas TFC a theastaíonn le haghaidh próiseas tionchair chriticiúil nó ardtionchair a dhéanann difear do ghnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann agus a d’fhéadfadh, dá gcuirfí i mbaol é, a bheith ina chúis le cibirionsaí a mbeadh tionchar os cionn na tairsí tionchair chriticiúil nó ardtionchair aige; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘sreabhadh leictreachais trasteorann’ sreabh thrasteorann mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2019/943; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘cibirionsaí’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (14), de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ cibearshlándáil mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/881; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘rialú cibearshlándála’ na gníomhaíochtaí nó na nósanna imeachta a dhéantar chun rioscaí cibearshlándála a sheachaint, a bhrath nó a íoslaghdú nó chun gníomhú ina n-aghaidh; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘teagmhas cibearshlándála’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6), de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘córas bainistithe cibearshlándála’ na beartais, na nósanna imeachta, na treoirlínte agus na hacmhainní agus na gníomhaíochtaí bainteacha, a ndéanann eintiteas bainistíocht orthu i gcomhpháirt agus cosaint a shócmhainní faisnéise ar chibearbhagairtí á saothrú aige, lena ndéantar slándáil córais gréasán agus faisnéise eagraíochta a bhunú, a chur chun feidhme, a oibriú, a athbhreithniú agus a choinneáil ar bun agus lena ndéantar faireachán uirthi agus lena gcuirtear feabhas uirthi go córasach; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘lárionad oibríochtaí cibearshlándála’ lárionad tiomnaithe ina ndéanann foireann theicniúil ina bhfuil saineolaí amháin nó níos mó, le tacaíocht ó chórais TF cibearshlándála, cúraimí a bhaineann leis an tslándáil (seirbhísí lárionaid oibríochtaí cibearshlándála (‘CSOC’)) amhail cibirionsaithe agus earráidí cumraíochta slándála a láimhseáil, faireachán slándála a dhéanamh, anailís a dhéanamh ar logaí agus cibirionsaithe a bhrath; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘bainistíocht leochaileachta chibearshlándála’ an cleachtas lena sainaithnítear leochaileachtaí agus lena dtugtar aghaidh orthu; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘eintiteas’ eintiteas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (38), de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘luathrabhadh’ an fhaisnéis is gá chun a léiriú an bhfuil amhras ann gur gníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha is cúis leis an teagmhas suntasach nó go bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith aige; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘innéacs tionchair cibearshlándála leictreachais’ (‘ECII’) innéacs nó scála aicmithe lena rangaítear na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag cibirionsaithe ar phróisis ghnó a bhaineann le sreafaí leictreachais trasteorann; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála’ scéim mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) 2019/881; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘eintiteas ardtionchair’ eintiteas a dhéanann próiseas ardtionchair agus atá sainaitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 24; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘próiseas ardtionchair’ aon phróiseas gnó a dhéanann eintiteas a bhfuil na hinnéacsanna tionchair cibearshlándála leictreachais ina leith os cionn na tairsí ardtionchair; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘sócmhainn ardtionchair’ sócmhainn a bhfuil gá léi chun próiseas ardtionchair a dhéanamh; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘tairseach ardtionchair’ luachanna na n-innéacsanna tionchair cibearshlándála leictreachais dá dtagraítear in Airteagal 19(3)b, ar os a gcionn a bheidh cibirionsaí rathúil ar phróiseas ina chúis le suaitheadh ard ar shreafaí leictreachais trasteorann; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘imlíne ardtionchair’ imlíne arna sainiú ag aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(1) ina bhfuil na sócmhainní ardtionchair uile agus lenar féidir rochtain ar na sócmhainní sin a rialú agus lena sainítear an raon feidhme faoina bhfuil feidhm ag na híosrialuithe cibearshlándála; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘táirge TFC’ táirge TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán (AE) 2019/881; |
|
(29) |
ciallaíonn ‘seirbhís TFC’ seirbhís TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (AE) 2019/881; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘próiseas TFC’ próiseas TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Rialachán (AE) 2019/881; |
|
(31) |
ciallaíonn ‘córas leagáide’ córas TFC leagáide mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2022/2554; |
|
(32) |
ciallaíonn ‘pointe teagmhála aonair náisiúnta’ an pointe teagmhála aonair arna ainmniú nó arna bhunú ag gach Ballstát de bhun Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(33) |
ciallaíonn ‘údaráis bainistithe cibirghéarchéime NIS’ na húdaráis arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 9, pointe (1), de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(34) |
ciallaíonn ‘tionscnóir’ eintiteas a thionscnaíonn teagmhas malartaithe faisnéise, comhroinnte faisnéise nó stórála faisnéise; |
|
(35) |
ciallaíonn ‘sonraíochtaí soláthair’ na sonraíochtaí a shainíonn eintitis chun táirgí TFC, próisis TFC nó seirbhísí TFC a sholáthar, ar táirgí, próisis nó seirbhísí nua nó nuashonraithe iad; |
|
(36) |
ciallaíonn ‘ionadaí’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus ainmnithe go sainráite chun gníomhú thar ceann eintiteas ardtionchair nó tionchair chriticiúil nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a sholáthraíonn seirbhísí d’eintitis san Aontas agus a bhféadfaidh údarás inniúil nó CSIRT dul i dteagmháil leis in ionad an eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil féin maidir le hoibleagáidí an eintitis sin faoin Rialachán seo; |
|
(37) |
ciallaíonn ‘riosca’ riosca mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (9), de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(38) |
ciallaíonn ‘maitrís tionchair riosca’ maitrís a úsáidtear le linn measúnú riosca chun a chinneadh cén leibhéal tionchair riosca a leanann as gach riosca a ndéantar measúnú air; |
|
(39) |
ciallaíonn ‘géarchéim chomhuaineach leictreachais’ géarchéim leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2019/941; |
|
(40) |
ciallaíonn ‘pointe teagmhála aonair ar leibhéal an eintitis’ pointe teagmhála aonair ar leibhéal an eintitis mar a ainmnítear faoi Airteagal 38(1) pointe (c); |
|
(41) |
Is é is ‘geallsealbhóir’ ann aon pháirtí a bhfuil leas aige i rath agus oibriú leanúnach eagraíochta nó próisis amhail fostaithe, stiúrthóirí, scairshealbhóirí, rialtóirí, comhlachais, soláthróirí agus custaiméirí; |
|
(42) |
ciallaíonn ‘caighdeán’ caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16); |
|
(43) |
ciallaíonn ‘réigiún oibríochta córais’ na réigiúin oibríochta córais a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 05-2022 ó ACER maidir le Sainiú Réigiún Oibríochta Córais, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2019/943; |
|
(44) |
ciallaíonn ‘oibreoirí córais’‘oibreoir córais dáileacháin’ (OCD) agus ‘oibreoir córais tarchurtha’ (OCT) mar a shainmhínítear in Airteagail 2(29) agus 2(35) de Threoir (AE) 2019/944; |
|
(45) |
ciallaíonn ‘próiseas tionchair chriticiúil uile-Aontais’ aon phróiseas de chuid earnáil an leictreachais, lena bhféadfadh baint a bheith ag eintitis iomadúla, ar ina leith a fhéadfar a mheas, le linn measúnú riosca cibearshlándála uile-Aontais, gur tionchar criticiúil é an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cibirionsaí air; |
|
(46) |
ciallaíonn ‘próiseas ardtionchair uile-Aontais’ aon phróiseas de chuid earnáil an leictreachais, lena bhféadfadh baint a bheith ag eintitis iomadúla, ar ina leith a fhéadfar a mheas, le linn measúnú riosca cibearshlándála uile-Aontais, gur tionchar ard é an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cibirionsaí air; |
|
(47) |
ciallaíonn ‘leochaileacht neamhphaisteáilte arna dúshaothrú go gníomhach’ leochaileacht, nár nochtadh go poiblí ná nár paisteáladh fós agus a bhfuil fianaise iontaofa ann ina leith go ndearna gníomhaí cód mailíseach a fheidhmiú ar chóras gan cead úinéir an chórais; |
|
(48) |
ciallaíonn ‘leochaileacht’ leochaileacht mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (15), de Threoir (AE) 2022/2555. |
Airteagal 4
Údarás inniúil
1. A luaithe is féidir agus in aon chás faoin 13 Nollaig 2024, ainmneoidh gach Ballstát údarás rialtais nó rialála náisiúnta a bheidh freagrach as na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo a dhéanamh (‘údarás inniúil’). Go dtí go sannfar don údarás inniúil na cúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, is é an t-údarás rialála arna ainmniú ag gach Ballstát de bhun Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/944 a dhéanfaidh cúraimí an údaráis inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra, gan mhoill, don Choimisiún, do ACER, do ENISA agus don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise a bhunaítear de bhun Airteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555 agus don Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais a bhunaítear faoi Airteagal 1 den Chinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012 (17) agus cuirfidh na Ballstáit in iúl dóibh ainm agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil arna ainmniú acu de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus aon athrú orthu ina dhiaidh sin.
3. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú dá n-údarás inniúil cúraimí a shanntar dó sa Rialachán seo a tharmligean chuig údaráis náisiúnta eile cé is moite de na cúraimí a liostaítear in Airteagal 5. Déanfaidh gach údarás inniúil faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag na húdaráis ar chucu a tharmlig sé cúraimí. Déanfaidh an t-údarás inniúil ainm, sonraí teagmhála agus cúraimí sannta na n-údarás ar chucu a tarmligeadh cúram, agus aon athrú orthu sin ina dhiaidh sin, a chur in iúl don Choimisiún, do ACER, don Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais, do ENISA agus don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise.
Airteagal 5
Comhar idir údaráis agus comhlachtaí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta
Comhar iomchuí idir na húdaráis inniúla atá freagrach as cibearshlándáil, na húdaráis bainistithe cibirghéarchéime, na NRAnna, na húdaráis inniúla um riosca-ullmhacht agus na CSIRTanna, comhordóidh agus áiritheoidh na húdaráis inniúla é chun na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na húdaráis inniúla comhordú freisin le haon chomhlacht nó údarás eile mar a chinneann gach Ballstát, chun nósanna imeachta éifeachtúla a áirithiú agus dúbailt ar chúraimí agus oibleagáidí a sheachaint. Beidh na húdaráis inniúla in ann treorú do na NRAnna ar leith tuairim a iarraidh ar ACER de bhun Airteagal 8(3).
Airteagal 6
Téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí nó pleananna
1. Forbróidh OCTanna, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí de bhun mhír 2, nó le haghaidh pleananna de bhun mhír 3.
2. Is faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil uile a bheidh na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí seo a leanas agus aon leasú orthu:
|
(a) |
na modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála de bhun Airteagal 18(1); |
|
(b) |
an tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála chuimsitheach i ndáil leis an leictreachas trasteorann de bhun Airteagal 23; |
|
(c) |
na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála de bhun Airteagal 29, an mhapáil ar rialuithe cibearshlándála leictreachais in aghaidh caighdeán de bhun Airteagal 34, lena n-áirítear íosrialuithe agus ardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair i gcomhréir le hAirteagal 33; |
|
(d) |
moladh maidir le soláthar cibearshlándála de bhun Airteagal 35; |
|
(e) |
modheolaíocht an scála aicmithe cibirionsaithe de bhun Airteagal 37(8). |
3. Na tograí le haghaidh pleananna réigiúnacha um maolú ar riosca cibearshlándála de bhun Airteagal 22, beidh siad faoi réir fhormheas údaráis inniúla uile an réigiúin oibríochta córais lena mbaineann.
4. Sna tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí a liostaítear i mír 2, nó le haghaidh pleananna a liostaítear i mír 3, áireofar amscála beartaithe dá gcur chun feidhme agus tuairisc ar an tionchar a mheastar a bheidh acu ar chuspóirí an Rialacháin seo.
5. Féadfaidh an t-eintiteas AE do OCDanna tuairim réasúnaithe a sholáthar do na OCTanna lena mbaineann go dtí 3 seachtaine roimh an sprioc-am chun an togra le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí nó pleananna a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil. OCTanna atá freagrach as an togra le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí nó pleananna, cuirfidh siad tuairim réasúnaithe an eintitis AE do OCDanna san áireamh sula gcuirfidh siad an togra faoi bhráid na n-údarás inniúil lena fhormheas. Soláthróidh OCTanna réasúnú i gcás nach dtabharfar tuairim an eintitis AE do OCDanna san áireamh.
6. I gcás ina mbeidh téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí agus pleananna á bhforbairt go comhpháirteach, rachaidh na OCTanna rannpháirteacha i ndlúthchomhar le chéile. Cuirfidh OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, údaráis inniúla agus ACER ar an eolas go tráthrialta faoin dul chun cinn i bhforbairt téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí, nó pleananna.
Airteagal 7
Rialacha vótála sna OCTanna
1. I gcás nach mbeidh OCTanna in ann teacht ar chomhaontú chun cinneadh a dhéanamh maidir le tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí, is le vótáil trí thromlach cáilithe a dhéanfaidh siad cinneadh. Is mar a leanas a ríomhfar tromlach cáilithe i gcás tograí den sórt sin:
|
(a) |
OCTanna a dhéanann ionadaíocht ar 55 % ar a laghad de na Ballstáit; agus |
|
(b) |
OCTanna a dhéanann ionadaíocht ar Bhallstáit ina bhfuil 65 % de dhaonra an Aontais ar a laghad. |
2. Maidir le mionlach blocála i gcomhair cinntí maidir le tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí a liostaítear in Airteagal 6(2), beidh OCTanna ann a dhéanann ionadaíocht ar cheithre Bhallstát ar a laghad, agus dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann.
3. I gcás nach mbeidh OCTanna réigiúin oibríochta córais in ann teacht ar chomhaontú chun cinneadh a dhéanamh maidir le tograí le haghaidh pleananna a liostaítear in Airteagal 6(2), agus i gcás ina mbeidh níos mó ná cúig Bhallstát sa réigiún oibríochta córais lena mbaineann, is le vótáil trí thromlach cáilithe a dhéanfaidh OCTanna cinneadh. I gcás tromlach cáilithe le haghaidh na dtograí a liostaítear in Airteagal 6(2), is gá an tromlach seo a leanas a bheith ann:
|
(a) |
OCTanna a dhéanann ionadaíocht ar 72 % ar a laghad de na Ballstáit lena mbaineann; agus |
|
(b) |
OCTanna a dhéanann ionadaíocht ar Bhallstáit ina bhfuil 65 % de dhaonra an réigiúin lena mbaineann ar a laghad. |
4. Mionlach blocála i gcás cinntí maidir le tograí le haghaidh na bpleananna, áireofar ar a laghad ann líon íosta OCTanna a dhéanann ionadaíocht ar níos mó ná 35 % de dhaonra na mBallstát rannpháirteach, móide OCTanna a dhéanann ionadaíocht ar Bhallstát breise amháin lena mbaineann ar a laghad, agus dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith faighte.
5. I gcás cinntí OCTanna maidir le tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí de bhun Airteagal 6(2), sannfar vóta amháin do gach Ballstát. Má tá níos mó ná OCT amháin i gcríoch Ballstáit, déanfaidh an Ballstát na cumhachtaí vótála a leithdháileadh i measc na OCTanna.
6. Mura ndéanfaidh OCTanna, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, togra tosaigh nó leasaithe le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí, nó le haghaidh pleananna, a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil ábhartha laistigh de na sprioc-amanna a shocraítear sa Rialachán seo, soláthróidh siad do na húdaráis inniúla ábhartha agus do ACER na dréachtaí ábhartha de na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí, nó de na pleananna. Míneoidh siad céard a choisc comhaontú. Is go comhpháirteach a dhéanfaidh na húdaráis inniúla na bearta iomchuí chun na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí is gá, nó na pleananna is gá, a ghlacadh. Féadfar é sin a dhéanamh, mar shampla, trí leasuithe ar na dréachtaí a iarraidh de bhun na míre seo, trí na dréachtaí sin a athbhreithniú agus a thabhairt i gcrích nó, i gcás nár soláthraíodh aon dréacht, trí na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí nó na pleananna is gá a shainiú agus a fhormheas.
Airteagal 8
Tograí a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil
1. Déanfaidh OCTanna na tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí, nó le haghaidh pleananna, a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil ábhartha lena bhformheas laistigh de na sprioc-amanna ar leith a leagtar amach in Airteagail 18, 23, 29, 33, 34, 35 agus 37. Féadfaidh na húdaráis inniúla fad a chur leis na sprioc-amanna sin go comhpháirteach in imthosca eisceachtúla, go háirithe i gcásanna nach féidir sprioc-am a chomhlíonadh i ngeall ar imthosca lasmuigh de réimse na OCTanna nó an eintitis AE do OCDanna.
2. Tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí nó le haghaidh pleananna de bhun mhír 1, cuirfear faoi bhráid ACER iad le haghaidh faisnéise an tráth céanna a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad.
3. Arna iarraidh sin go comhpháirteach do na NRAnna, eiseoidh ACER tuairim maidir leis an togra le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí, nó le haghaidh pleananna, laistigh de 6 mhí ó na tograí a fháil le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí, nó le haghaidh pleananna, agus tabharfaidh sé fógra faoin tuairim do NRAnna agus d’údaráis inniúla. NRAnna, CS-NCAnna agus aon údarás eile a ainmnítear mar údaráis inniúla, comhordóidh siad le chéile sula n-iarrfaidh na NRAnna tuairim ar ACER. Féadfaidh ACER moltaí a áireamh i dtuairim den sórt sin. Rachaidh ACER i gcomhairle le ENISA sula n-eiseoidh sé tuairim maidir leis na tograí a liostaítear in Airteagal 6(2).
4. Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle agus i ndlúthchomhar le chéile agus comhordóidh siad le chéile chun teacht ar chomhaontú maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha, na modheolaíochtaí nó na pleananna atá beartaithe. Sula bhformheasfaidh siad na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí, nó na pleananna, athbhreithneoidh siad na tograí i gcás inar gá agus tabharfaidh siad i gcrích iad, tar éis dul i gcomhairle le ENTSO don Leictreachas agus leis an eintiteas AE do OCDanna, chun a áirithiú go mbeidh na tograí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go rannchuideoidh siad le hardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais.
5. Déanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí, nó maidir leis na pleananna, laistigh de 6 mhí ó na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí nó na pleananna a fháil ón údarás inniúil ábhartha nó, i gcás inarb infheidhme, ón údarás inniúil ábhartha deireanach lena mbaineann.
6. I gcás ina n-eiseoidh ACER tuairim, cuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha an tuairim sin san áireamh agus déanfaidh siad a gcinntí uile laistigh de 6 mhí ó thuairim ACER a fháil.
7. I gcás ina gceanglóidh na húdaráis inniúla go comhpháirteach go leasófar na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí nó na pleananna atá beartaithe, chun go gcuirfear feabhas orthu, forbróidh na OCTanna, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, togra le haghaidh an leasaithe sin ar na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí, nó na pleananna. Cuirfidh na OCTanna an togra leasaithe isteach lena fhormheas laistigh de 2 mhí ón iarraidh ó na húdaráis inniúla. Déanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí nó na pleananna leasaithe laistigh de 2 mhí ón tráth a chuirtear isteach iad.
8. I gcás nach mbeidh na húdaráis inniúla in ann teacht ar chomhaontú laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 5 nó 7, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas. Féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a dhéanamh chun go mbeifear in ann na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí is gá, nó na pleananna is gá, a ghlacadh.
9. Déanfaidh OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus an t-eintiteas AE do OCDanna na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí, nó na pleananna, a fhoilsiú ar a shuíomhanna gréasáin tar éis do na húdaráis inniúla ábhartha iad a fhormheas, ach amháin i gcás ina mbreithneofar an fhaisnéis sin a bheith rúnda i gcomhréir le hAirteagal 47.
10. Féadfaidh na húdaráis inniúla tograí le haghaidh leasuithe ar na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí formheasta, nó ar na pleananna formheasta, a iarraidh go comhpháirteach ar OCTanna agus ar an eintiteas AE do OCDanna agus sprioc-am a chinneadh chun na tograí sin a chur isteach. Féadfaidh OCTanna, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, leasuithe a mholadh do na húdaráis inniúla freisin ar a dtionscnamh féin. Na tograí le haghaidh leasú ar na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí, nó le haghaidh leasuithe ar na pleananna, forbrófar agus formheasfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo.
11. Gach 3 bliana ar a laghad ón tráth a ghlactar den chéad uair na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí ar leith, nó na pleananna ar leith arna nglacadh, déanfaidh OCTanna, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, athbhreithniú ar éifeachtacht na dtéarmaí agus na gcoinníollacha nó na modheolaíochtaí arna nglacadh, nó ar éifeachtacht na bpleananna arna nglacadh, agus torthaí an athbhreithnithe a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus do ACER gan moill mhíchuí.
Airteagal 9
Comhairliúchán
1. Rachaidh OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, i gcomhairle le geallsealbhóirí, lena n-áirítear ACER, ENISA agus údarás inniúil gach Ballstáit, maidir leis na dréacht-tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí a liostaítear in Airteagal 6(2) agus le haghaidh pleananna dá dtagraítear in Airteagal 6(3). Mairfidh an comhairliúchán ar feadh tréimhse nach lú ná mí amháin.
2. Na tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí a liostaítear in Airteagal 6(2) arna gcur isteach ag na OCTanna, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, foilseofar agus cuirfear isteach le haghaidh comhairliúchán ar leibhéal an Aontais iad. Na tograí le haghaidh pleananna a liostaítear in Airteagal 6(3) arna gcur isteach ag na OCTanna ábhartha, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, ar an leibhéal réigiúnach, cuirfear isteach iad le haghaidh comhairliúchán ar an leibhéal réigiúnach ar a laghad.
3. Le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, déanfaidh OCTanna agus an t-eintiteas AE do OCDanna atá freagrach as an togra le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí nó pleananna tuairimí geallsealbhóirí a leanann as na comhairliúcháin a rinneadh i gcomhréir le mír 1 a chur san áireamh sula gcuirfidh siad an togra isteach le haghaidh formheas rialála. I ngach cás, déanfar réasúnú fónta as na tuairimí a leanann as an gcomhairliúchán a chur san áireamh nó gan iad a chur san áireamh a sholáthar in éineacht leis an aighneacht agus a fhoilsiú go tráthúil roimh an togra le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí nó i gcomhthráth leis.
Airteagal 10
Rannpháirtíocht geallsealbhóirí
Déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar le ENTSO don Leictreachas agus leis an eintiteas AE do OCDanna, rannpháirtíocht geallsealbhóirí a eagrú, lena n-áirítear cruinnithe tráthrialta le geallsealbhóirí chun fadhbanna a shainaithint agus feabhsuithe a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a mholadh.
Airteagal 11
Gnóthú costas
1. Na costais a íocann OCTanna agus OCDanna atá faoi réir rialáil taraifí gréasáin agus a eascraíonn as na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear na costais a íocann ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna, déanfaidh NRA ábhartha gach Ballstáit measúnú orthu.
2. Costais a mheasúnaítear a bheith réasúnach, éifeachtúil agus comhréireach, gnóthófar iad trí tharaifí gréasáin nó sásraí iomchuí eile, de réir mar a chinnfidh an NRA ábhartha.
3. Arna iarraidh sin do na NRAnna ábhartha, soláthróidh OCTanna agus OCDanna dá dtagraítear i mír 1, laistigh de thréimhse réasúnta a chinnfidh an NRA ábhartha, an fhaisnéis is gá chun an measúnú ar na costais a tabhaíodh a éascú.
Airteagal 12
Faireachán
1. Déanfaidh ACER faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2019/942. Agus an measúnú sin á dhéanamh, féadfaidh ACER dul i gcomhar le ENISA agus tacaíocht a iarraidh ó ENTSO don Leictreachas agus ón eintiteas AE do OCDanna. Cuirfidh ACER an Grúpa Comhordaithe Leictreachais agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
2. Foilseoidh ACER tuarascáil gach 3 bliana ar a laghad tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chun
|
(a) |
athbhreithniú a dhéanamh ar stádas cur chun feidhme na mbeart bainistithe riosca cibearshlándála is infheidhme maidir leis na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil; |
|
(b) |
a shainaithint an bhféadfadh gá a bheith le rialacha breise maidir le ceanglais choiteanna, pleanáil, faireachán, tuairisciú agus bainistiú géarchéime chun rioscaí d’earnáil an leictreachais a chosc; agus |
|
(c) |
réimsí feabhsúcháin i dtaca le hathbhreithniú an Rialacháin seo a shainaithint, nó réimsí nach gcumhdaítear agus tosaíochtaí nua a chinneadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn i ngeall ar fhorbairtí teicneolaíocha. |
3. Faoin 13 Meitheamh 2025, féadfaidh ACER, i gcomhar le ENISA agus tar éis comhairliúchán le ENTSO don Leictreachas agus leis an eintiteas AE do OCDanna, treoraíocht a eisiúint maidir leis an bhfaisnéis ábhartha atá le cur in iúl do ACER chun críoch faireacháin chomh maith le próiseas agus minicíocht an bhailithe, bunaithe ar tháscairí feidhmíochta a shainítear i gcomhréir le mír 5.
4. Féadfaidh rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis ábhartha atá i seilbh ACER, arna bailiú aige i gcomhréir leis an Airteagal seo.
5. Déanfaidh ACER, i gcomhar le ENISA agus le tacaíocht ó ENTSO don Leictreachas agus ón eintiteas AE do OCDanna, táscairí feidhmíochta neamhcheangailteacha a eisiúint le haghaidh na mheasúnaithe ar iontaofacht oibríochtúil a bhaineann le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann.
6. Na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo, cuirfidh siad faoi bhráid ACER an fhaisnéis a bhfuil gá ag ACER léi chun na cúraimí a liostaítear i mír 2 a dhéanamh.
Airteagal 13
Tagarmharcáil
1. Faoin 13 Meitheamh 2025, bunóidh ACER, i gcomhar le ENISA, treoir tagarmharcála cibearshlándála neamhcheangailteach. Leis an treoir sin, míneofar do NRAnna prionsabail tagarmharcála na rialuithe cibearshlándála arna gcur chun feidhme de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus costais chur chun feidhme na rialuithe agus a éifeachtaí a fheidhmíonn na próisis, na táirgí, na seirbhísí, na córais agus na réitigh a úsáidtear chun na rialuithe sin a chur chun feidhme á gcur san áireamh. Cuirfidh ACER tuarascálacha tagarmharcála atá ann cheana san áireamh nuair a bheidh an treoir tagarmharcála cibearshlándála neamhcheangailteach á bunú aige. Cuirfidh ACER an treoir tagarmharcála cibearshlándála neamhcheangailteach faoi bhráid na NRAnna le haghaidh faisnéise.
2. Laistigh de 12 mhí tar éis bhunú na treorach tagarmharcála de bhun mhír 1, déanfaidh na NRAnna anailís tagarmharcála chun measúnú a dhéanamh ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh na nithe seo a leanas maidir le hinfheistíochtaí atá ann faoi láthair sa chibearshlándáil:
|
(a) |
déanann siad maolú ar rioscaí a bhfuil tionchar acu ar shreafaí leictreachais trasteorann; |
|
(b) |
soláthraíonn siad na torthaí is inmhianaithe agus gineann siad gnóthachain éifeachtúlachta le haghaidh fhorbairt na gcóras leictreachais; |
|
(c) |
tá siad éifeachtúil agus comhtháthaithe le soláthar foriomlán sócmhainní agus seirbhísí. |
3. I gcás na hanailíse tagarmharcála, féadfaidh na NRAnna an treoir tagarmharcála cibearshlándála neamhcheangailteach arna bunú ag ACER a chur san áireamh, agus déanfaidh siad measúnú ar na nithe seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
an meánchaiteachas a bhaineann leis an gcibearshlándáil chun maolú ar rioscaí a bhfuil tionchar acu ar shreafaí leictreachais trasteorann, go háirithe maidir leis na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil; |
|
(b) |
i gcomhar le ENTSO don Leictreachas agus leis an eintiteas AE do OCDanna, meánphraghsanna seirbhísí, córas agus táirgí cibearshlándála a rannchuidíonn go mór le feabhas a chur ar na bearta bainistithe riosca cibearshlándála agus lena gcoinneáil ar bun sna réigiúin oibríochta córais éagsúla; |
|
(c) |
inchomparáideacht costas agus feidhmeanna seirbhísí, córas agus réiteach cibearshlándála atá oiriúnach do chur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith ann agus leibhéal na hinchomparáideachta sin, agus bearta féideartha á sainaithint a bhfuil gá leo chun éifeachtúlacht caiteachais a chothú, go háirithe i gcás ina bhféadfadh gá a bheith le hinfheistíochtaí teicneolaíocha cibearshlándála. |
4. Aon fhaisnéis a bhaineann le hanailís tagarmharcála, láimhseálfar agus próiseálfar í de bhun cheanglais aicmithe sonraí an Rialacháin seo, na n-íosrialuithe cibearshlándála agus na tuarascála measúnaithe riosca cibearshlándála i ndáil leis an leictreachas trasteorann. Ní chuirfear an anailís tagarmharcála dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 ar fáil go poiblí.
5. Gan dochar do na ceanglais rúndachta in Airteagal 47 ná don ghá slándáil eintiteas atá faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo a chosaint, roinnfear an anailís tagarmharcála dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo le gach NRA, gach údarás inniúil, ACER, ENISA agus an Coimisiún.
Airteagal 14
Comhaontuithe le OCTanna ó lasmuigh den Aontas
1. Laistigh de 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, OCTanna i réigiún oibríochta córais atá comharsanach le tríú tír, féachfaidh siad le comhaontuithe a dhéanamh le OCTanna an tríú tír comharsanachta a bheidh i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus lena leagfar amach an bonn comhair maidir le cosaint na cibearshlándála agus na socruithe comhair cibearshlándála leis na OCTanna sin.
2. Cuirfidh OCTanna an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na comhaontuithe a dhéantar de bhun mhír 1.
Airteagal 15
Ionadaithe dlíthiúla
1. Eintitis nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a sholáthraíonn seirbhísí d’eintitis san Aontas agus a dtugtar fógra dóibh gur eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil iad i gcomhréir le hAirteagal 24(6), déanfaidh siad, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh fógra a fháil, ionadaí san Aontas a ainmniú, i scríbhinn, agus an t-údarás inniúil a thugann fógra a chur ar an eolas dá réir sin.
2. Sainordófar an t-ionadaí sin chun go rachaidh aon údarás inniúil nó CSIRT san Aontas i dteagmháil leis i dteannta nó in ionad an eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil maidir le hoibleagáidí an eintitis faoin Rialachán seo. Soláthróidh an t-eintiteas ardtionchair nó tionchair chriticiúil na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha dá ionadaí dlíthiúil chun a ráthú go rachaidh sé i gcomhar go héifeachtúil agus go tráthúil leis na húdaráis inniúla nó na CSIRTanna ábhartha.
3. Beidh an t-ionadaí dlíthiúil bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit ina gcuireann an t-eintiteas a sheirbhísí ar fáil. Measfar go bhfuil an t-eintiteas sin faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí bunaithe. Tabharfaidh eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil fógra faoi ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dhlíthiúil don údarás inniúil sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlíthiúil sin nó ina bhfuil sé bunaithe.
4. Beidh an t-ionadaí dlíthiúil ainmnithe in ann a bheith faoi dhliteanas mar gheall ar oibleagáidí neamhchomhlíonta faoin Rialachán seo, gan dochar don dliteanas ná do na caingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh an eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil féin.
5. In éagmais ionadaí ainmnithe laistigh den Aontas faoin Airteagal seo, féadfaidh aon Bhallstát ina soláthraíonn an t-eintiteas seirbhísí caingne dlí a thionscnamh in aghaidh an eintitis maidir le neamhchomhlíontacht na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.
6. Ní hionann ionadaí dlíthiúil laistigh den Aontas a ainmniú de bhun mhír 1 agus bunaíocht san Aontas.
Airteagal 16
Comhar idir ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna
1. Rachaidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna i gcomhar le chéile chun measúnuithe riosca cibearshlándála a dhéanamh de bhun Airteagal 19 agus Airteagal 21, agus na cúraimí seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
na modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála a fhorbairt de bhun Airteagal 18(1); |
|
(b) |
an tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála chuimsitheach a fhorbairt i ndáil leis an leictreachas trasteorann de bhun Airteagal 23; |
|
(c) |
an creat comhchoiteann cibearshlándála leictreachais a fhorbairt de bhun Chaibidil III; |
|
(d) |
an moladh maidir le soláthar cibearshlándála a fhorbairt de bhun Airteagal 35; |
|
(e) |
modheolaíocht an scála aicmithe cibirionsaithe a fhorbairt de bhun Airteagal 37(8); |
|
(f) |
an t-innéacs tionchair cibearshlándála leictreachais (‘ECII’) sealadach a fhorbairt de bhun Airteagal 48(1) pointe (a); |
|
(g) |
an liosta sealadach comhdhlúite d’eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil a fhorbairt de bhun Airteagal 48(3); |
|
(h) |
an liosta sealadach de phróisis ardtionchair agus tionchair chriticiúil uile-Aontais a fhorbairt de bhun Airteagal 48(4); |
|
(i) |
an liosta sealadach de chaighdeáin agus rialuithe Eorpacha agus idirnáisiúnta a fhorbairt de bhun Airteagal 48(6); |
|
(j) |
an measúnú riosca cibearshlándála uile-Aontais a dhéanamh de bhun Airteagal 19; |
|
(k) |
na measúnuithe riosca cibearshlándála réigiúnacha a dhéanamh de bhun Airteagal 21; |
|
(l) |
na pleananna maolaithe riosca cibearshlándála réigiúnacha a shainiú de bhun Airteagal 22; |
|
(m) |
treoraíocht maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 36; |
|
(n) |
treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a fhorbairt i gcomhairle le ACER agus ENISA. |
2. An comhar idir ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna, féadfaidh sé a bheith i bhfoirm meitheal um riosca cibearshlándála.
3. Cuirfidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna ACER, ENISA, an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus an Grúpa Comhordaithe Leictreachais ar an eolas go tráthrialta maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme na measúnuithe riosca cibearshlándála uile-Aontais agus réigiúnacha de bhun Airteagail 19 agus 21.
Airteagal 17
Comhar idir ACER agus na húdaráis inniúla
Déanfaidh ACER na nithe seo a leanas, i gcomhar le gach údarás inniúil:
|
(1) |
faireachán ar chur chun feidhme beart bainistithe riosca cibearshlándála de bhun Airteagal 12(2) pointe (a) agus oibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagail 27 agus 39; agus |
|
(2) |
faireachán ar an bpróiseas lena nglactar téarmaí agus coinníollacha, modheolaíochtaí nó pleananna agus ar a gcur chun feidhme de bhun Airteagal 6(2) agus (3). An comhar idir ACER, ENISA agus gach údarás inniúil, féadfaidh sé a bheith i bhfoirm comhlacht um fhaireachán riosca cibearshlándála. |
CAIBIDIL II
MEASÚNÚ RIOSCA AGUS SAINAITHINT RIOSCAÍ CIBEARSHLÁNDÁLA ÁBHARTHA
Airteagal 18
Modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála
1. Faoin 13 Márta 2025, déanfaidh na OCTanna, le cúnamh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna agus tar éis comhairliúchán leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, togra le haghaidh na modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na mBallstát a chur isteach.
2. Sna modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na mBallstát, áireofar:
|
(a) |
liosta cibearbhagairtí atá le breithniú, lena n-áirítear na bagairtí seo a leanas ar an slabhra soláthair ar a laghad:
|
|
(b) |
na critéir chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar rioscaí cibearshlándála mar ardtionchar nó tionchar criticiúil agus úsáid á baint as tairseacha sainithe i ndáil le hiarmhairtí agus dóchúlacht; |
|
(c) |
cur chuige i leith anailís a dhéanamh ar rioscaí cibearshlándála a eascraíonn as córais leagáide, ar éifeachtaí cascáideacha cibirionsaithe agus ar chineál fíor-ama na gcóras lena n-oibrítear an t-eangach; |
|
(d) |
cur chuige i leith anailís a dhéanamh ar na rioscaí cibearshlándála a eascraíonn as spleáchas ar sholáthróir amháin i dtaca le táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC. |
3. Leis na modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na mBallstát, déanfar measúnú ar rioscaí cibearshlándála agus úsáid á baint as an maitrís tionchair riosca chéanna. Leis an maitrís tionchair riosca, déanfar:
|
(a) |
tomhas ar iarmhairtí cibirionsaithe bunaithe ar na critéir seo a leanas:
|
|
(b) |
tomhas ar dhóchúlacht teagmhais mar mhinicíocht cibirionsaithe in aghaidh na bliana. |
4. Leis na modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais, tabharfar tuairisc ar conas a shaineofar luachanna ECII le haghaidh tairseacha ardtionchair agus tionchair chriticiúil. Cuirfidh ECII ar a gcumas d’eintitis meastachán a dhéanamh le cabhair ó na critéir dá dtagraítear i mír 2 pointe (b) faoi thionchar na rioscaí ar a bpróiseas gnó le linn na measúnuithe tionchair gnó a dhéanfaidh siad de bhun Airteagal 26(4) pointe (c)(i).
5. Cuirfidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, an Grúpa Comhordaithe Leictreachais ar an eolas faoi na tograí le haghaidh modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála a fhorbraítear de bhun mhír 1.
Airteagal 19
Measúnú riosca cibearshlándála uile-Aontais
1. Laistigh de 9 mí tar éis fhormheas na modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála de bhun Airteagal 8 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna agus i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, gan dochar d’Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555, measúnú riosca cibearshlándála uile-Aontais agus dréacht-tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais a tharraingt anuas. Chun na críche sin, úsáidfidh siad na modheolaíochtaí a fhorbraítear de bhun Airteagal 18, agus a fhormheastar de bhun Airteagal 8, chun na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag cibirionsaithe a dhéanann difear do shlándáil oibríochtúil an chórais leictreachais agus a shuaitheann sreafaí leictreachais trasteorann a shainaithint agus chun anailís agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Ní bhreithneofar sa mheasúnú riosca cibearshlándála uile-Aontais an damáiste dlíthiúil, an damáiste airgeadais ná an damáiste do chlú a dhéanann cibirionsaithe.
2. Beidh na heilimintí seo a leanas sa tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais:
|
(a) |
na próisis ardtionchair uile-Aontais agus na próisis tionchair chriticiúil uile-Aontais; |
|
(b) |
maitrís tionchair riosca a úsáidfidh eintitis agus na húdaráis inniúla chun measúnú a dhéanamh ar an riosca cibearshlándála a shainaithnítear sa mheasúnú riosca cibearshlándála ar leibhéal na mBallstát a dhéantar de bhun Airteagal 20 agus sa mheasúnú riosca cibearshlándála ar leibhéal an eintitis de bhun Airteagal 26(2) pointe (b). |
3. A mhéid a bhaineann leis na próisis ardtionchair uile-Aontais agus na próisis tionchair chriticiúil uile-Aontais, is é a bheidh sa tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais:
|
(a) |
measúnú ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag cibirionsaí agus úsáid á baint as na méadraigh a shainítear sa mhodheolaíocht measúnaithe riosca cibearshlándála a fhorbraítear de bhun Airteagal 18(2), (3) agus (4), agus a fhormheastar de bhun Airteagal 8; |
|
(b) |
ECII agus na tairseacha ardtionchair agus tionchair chriticiúil a úsáidfidh na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 24(1) agus (2) chun eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil a bhfuil páirt acu sna próisis ardtionchair uile-Aontais agus sna próisis tionchair chriticiúil uile-Aontais a shainaithint. |
4. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, an dréacht-tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais i dteannta thorthaí an mheasúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais a chur faoi bhráid ACER lena thuairim a fháil. Eiseoidh ACER tuairim maidir leis an dréacht-tuarascáil laistigh de 3 mhí ón tráth a fhaightear í. Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna lánaird ar thuairim ACER agus an tuarascáil sin á tabhairt chun críche acu.
5. Laistigh de 3 mhí tar éis an tuairim ó ACER a fháil, tabharfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, fógra faoin tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais chríochnaitheach do ACER, don Choimisiún, do ENISA agus do na húdaráis inniúla.
Airteagal 20
Measúnú riosca cibearshlándála Ballstáit
1. Déanfaidh gach údarás inniúil measúnú riosca cibearshlándála Ballstáit ar gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil ina Bhallstát agus úsáid á baint as na modheolaíochtaí a fhorbraítear de bhun Airteagal 18 agus a fhormheastar de bhun Airteagal 8. Leis an measúnú riosca cibearshlándála Ballstáit, sainaithneofar agus déanfar anailís ar na rioscaí cibearshlándála a dhéanann difear do shlándáil oibríochtúil an chórais leictreachais lena suaitear sreafaí leictreachais trasteorann. Ní bhreithneofar sa mheasúnú riosca cibearshlándála Ballstáit an damáiste dlíthiúil, an damáiste airgeadais ná an damáiste do chlú a dhéanann cibirionsaithe.
2. Laistigh de 21 mhí tar éis fógra a thabhairt faoi na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil de bhun Airteagal 24(6) agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, agus tar éis dul i gcomhairle leis an CS-NCA atá freagrach as leictreachas, déanfaidh gach údarás inniúil, le tacaíocht ón CSIRT, tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála Ballstáit a sholáthar do ENTSO don Leictreachas agus don eintiteas AE do OCDanna, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas i gcás gach próisis gnó ardtionchair agus tionchair chriticiúil:
|
(a) |
stádas cur chun feidhme na n-íosrialuithe agus na n-ardrialuithe cibearshlándála de bhun Airteagal 29; |
|
(b) |
liosta de na cibirionsaithe uile a tuairiscíodh sna 3 bliana roimhe sin de bhun Airteagal 38(3); |
|
(c) |
achoimre ar an bhfaisnéis maidir le cibearbhagairtí a tuairiscíodh sna 3 bliana roimhe sin de bhun Airteagal 38(6); |
|
(d) |
i gcás gach próisis ardtionchair nó tionchair chriticiúil uile-Aontais, meastachán ar na rioscaí go gcuirfí rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise agus sócmhainní ábhartha i mbaol; |
|
(e) |
i gcás inar gá, liosta d’eintitis bhreise a shainaithnítear mar eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil de bhun Airteagal 24(1), (2), (3), agus (5). |
3. Cuirfear san áireamh i dtuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála an Bhallstáit plean riosca-ullmhachta an Bhallstáit a bhunaítear de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/941.
4. An fhaisnéis a áireofar i dtuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála an Bhallstáit de bhun mhír 2 pointí (a) go (d), ní bheidh sí nasctha le heintitis ná sócmhainní sonracha. I dtuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála an Bhallstáit, áireofar freisin measúnú riosca ar na maoluithe sealadacha arna n-eisiúint ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit de bhun Airteagal 30.
5. Féadfaidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna faisnéis bhreise a iarraidh ar na húdaráis inniúla i ndáil leis na cúraimí a shonraítear i bhfomhír 2 pointí (a) agus (c).
6. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn siad cruinn agus ceart.
Airteagal 21
Measúnuithe riosca cibearshlándála réigiúnacha
1. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna agus i gcomhairle leis an Lárionad Comhordúcháin Réigiúnach ábhartha, measúnú riosca cibearshlándála réigiúnach le haghaidh gach réigiúin oibríochta córais agus úsáid á baint as na modheolaíochtaí a fhorbraítear de bhun Airteagal 19, agus a fhormheastar de bhun Airteagal 8, chun rioscaí cibirionsaithe a dhéanann difear do shlándáil oibríochtúil an chórais leictreachais agus a shuaitheann sreafaí leictreachais trasteorann a shainaithint agus chun anailís agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Ní bhreithneofar sna measúnuithe riosca cibearshlándála réigiúnacha an damáiste dlíthiúil, an damáiste airgeadais ná an damáiste do chlú a dhéanann cibirionsaithe.
2. Laistigh de 30 mí tar éis fógra a thabhairt faoi na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil de bhun Airteagal 24(6), agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna agus i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnach a tharraingt suas le haghaidh gach réigiúin oibríochta córais.
3. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnach an fhaisnéis ábhartha atá sna tuarascálacha measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais agus sna tuarascálacha measúnaithe riosca cibearshlándála Ballstáit.
4. Leis an measúnú riosca cibearshlándála réigiúnach, breithneofar na cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a bhaineann leis an gcibearshlándáil a shainítear de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/941.
Airteagal 22
Pleananna maolaithe riosca cibearshlándála réigiúnacha
1. Laistigh de 36 mhí tar éis fógra a thabhairt faoi na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil de bhun Airteagal 24(6) agus tráth nach déanaí ná an 13 Meitheamh 2031, agus gach 3 bliana i ndiaidh an dáta sin, déanfaidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna agus i gcomhairle leis na Lárionaid Chomhordúcháin Réigiúnacha agus leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, plean maolaithe riosca cibearshlándála réigiúnach a fhorbairt le haghaidh gach réigiúin oibríochta córais.
2. Áireofar sna pleananna maolaithe riosca cibearshlándála réigiúnacha:
|
(a) |
na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála a chuirfidh eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil i bhfeidhm sa réigiún oibríochta córais; |
|
(b) |
na rioscaí cibearshlándála iarmharacha sna réigiúin oibríochta córais tar éis chur i bhfeidhm na rialuithe dá dtagraítear i bpointe (a). |
3. Cuirfidh ENTSO don Leictreachas na pleananna maolaithe riosca réigiúnacha faoi bhráid na n-oibreoirí córais tarchurtha ábhartha, na n-údarás inniúil agus an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais. Féadfaidh an Grúpa Comhordaithe Leictreachais leasuithe a mholadh.
4. Déanfaidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna agus i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, pleananna maolaithe riosca réigiúnacha a thabhairt cothrom le dáta gach 3 bliana, ach amháin má fhágann na himthosca gur gá iad a thabhairt cothrom le dáta níos minice ná sin.
Airteagal 23
Tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála chuimsitheach i ndáil leis an leictreachas trasteorann
1. Laistigh de 40 mí tar éis fógra a thabhairt faoi na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil de bhun Airteagal 24(6) agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna agus i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, tuarascáil ar thoradh an mheasúnaithe ar rioscaí cibearshlándála i ndáil le sreafaí leictreachais trasteorann (‘an tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála chuimsitheach i ndáil leis an leictreachas trasteorann’) a sholáthar don Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais.
2. Beidh an tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála chuimsitheach i ndáil leis an leictreachas trasteorann bunaithe ar an tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais, ar thuarascálacha measúnaithe riosca cibearshlándála an Bhallstáit agus ar na tuarascálacha measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnacha agus áireofar an fhaisnéis seo a leanas inti:
|
(a) |
an liosta de phróisis ardtionchair agus tionchair chriticiúil uile-Aontais arna sainaithint sa tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais i gcomhréir le hAirteagal 19(2) pointe (a) lena n-áirítear meastachán ar dhóchúlacht agus tionchar rioscaí cibearshlándála a ndéanfar meastóireacht orthu le linn na dtuarascálacha measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnacha de bhun Airteagal 21(2) agus Airteagal 19(3) pointe (a); |
|
(b) |
cibearbhagairtí atá ann faoi láthair, lena ndíreofar go sonrach ar bhagairtí agus rioscaí don chóras leictreachais atá ag teacht chun cinn; |
|
(c) |
cibirionsaithe sa tréimhse roimhe sin ar leibhéal an Aontais, lena ndéanfar forbhreathnú géarchúiseach ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith imeartha ag na cibirionsaithe sin ar shreafaí leictreachais trasteorann; |
|
(d) |
stádas cur chun feidhme na mbeart cibearshlándála ar an iomlán; |
|
(e) |
stádas cur chun feidhme na sreafaí faisnéise de bhun Airteagail 37 agus 38; |
|
(f) |
liosta faisnéise nó critéar sonrach chun faisnéis a aicmiú de bhun Airteagal 46; |
|
(g) |
rioscaí arna sainaithint agus arna gcur i dtábhacht a d’fhéadfadh teacht as bainistíocht neamhshlán ar an slabhra soláthair; |
|
(h) |
torthaí agus taithí charntha a fuarthas ó chleachtaí cibearshlándála réigiúnacha agus trasréigiúnacha a eagraítear de bhun Airteagal 44; |
|
(i) |
anailís ar an gcaoi ar fhorbair na rioscaí cibearshlándála trasréigiúnacha foriomlána in earnáil an leictreachais ó rinneadh na measúnuithe riosca cibearshlándála réigiúnacha deireanacha; |
|
(j) |
aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun feabhsuithe féideartha ar an Rialachán seo nó an gá le hathbhreithniú ar an Rialachán seo nó ar aon cheann dá uirlisí a shainaithint; agus |
|
(k) |
faisnéis chomhiomlánaithe anaithnidithe maidir le maoluithe a dheonaítear de bhun Airteagal 30(3). |
3. Féadfaidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1) rannchuidiú le forbairt na tuarascála measúnaithe riosca cibearshlándála cuimsithí i ndáil leis an leictreachas trasteorann, ach rúndacht na faisnéise a urramú i gcomhréir le hAirteagal 47. Rachaidh OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, i gcomhairle leis na heintitis sin ag céim luath.
4. Beidh an tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála chuimsitheach i ndáil leis an leictreachas trasteorann faoi réir na rialacha maidir le malartú faisnéise a chosaint de bhun Airteagal 46. Gan dochar d’Airteagal 10(4) ná Airteagal 47(4), cuirfidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna leagan poiblí den tuarascáil sin ar fáil nach mbeidh faisnéis ann a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1). Ní chuirfear an leagan poiblí den tuarascáil sin ar fáil ach le comhaontú an Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais. Beidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, freagrach as an leagan poiblí den tuarascáil a thiomsú agus a chur ar fáil.
Airteagal 24
Eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil a shainaithint
1. Sainaithneoidh gach údarás inniúil, trí úsáid a bhaint as ECII agus na tairseacha ardtionchair agus tionchair chriticiúil a áirítear sa tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais de bhun Airteagal 19(3), pointe (b), na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil ina Bhallstát a bhfuil páirt acu sna próisis ardtionchair agus tionchair chriticiúil uile-Aontais. Is féidir leis na húdaráis inniúla faisnéis a iarraidh ar eintiteas ina mBallstát chun luachanna ECII an eintitis sin a chinneadh. Má tá ECII eintitis arna chinneadh os cionn na tairsí ardtionchair nó tionchair chriticiúil, liostófar an t-eintiteas sainaitheanta i dtuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 20(2).
2. Sainaithneoidh gach údarás inniúil, trí úsáid a bhaint as ECII agus na tairseacha ardtionchair agus tionchair chriticiúil a áirítear sa tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais de bhun Airteagal 19(3), pointe (b), na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil nach bhfuil bunaithe san Aontas a mhéid atá siad gníomhach laistigh den Aontas. Féadfaidh an t-údarás inniúil faisnéis a iarraidh ar eintiteas nach bhfuil bunaithe san Aontas chun luachanna ECII an eintitis a chinneadh.
3. Féadfaidh gach údarás inniúil eintitis bhreise ina Bhallstát a shainaithint mar eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil má chomhlíontar na critéir seo a leanas:
|
(a) |
tá an t-eintiteas ina chuid de ghrúpa eintiteas a bhfuil riosca mór ann go ndéanfaidh cibirionsaí difear dóibh go comhuaineach; |
|
(b) |
tá ECII comhiomlánaithe an ghrúpa eintiteas os cionn na tairsí ardtionchair nó tionchair chriticiúil. |
4. Má shainaithníonn údarás inniúil eintitis bhreise i gcomhréir le mír 3, breithneofar gur próisis ardtionchair iad na próisis uile sna heintitis sin ar ina leith atá ECII comhiomlánaithe an ghrúpa os cionn na tairsí ardtionchair, agus breithneofar gur próisis tionchair chriticiúil iad na próisis uile sna heintitis sin ar ina leith atá ECII comhiomlánaithe an ghrúpa os cionn na dtairseacha tionchair chriticiúil.
5. Má shainaithníonn údarás inniúil eintitis dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh sé na húdaráis inniúla eile, ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna ar an eolas. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar ó na húdaráis inniúla uile, anailís ar an gcomhbhailiú eintiteas i níos mó ná Ballstát amháin is féidir suaitheadh dáilte a dhéanamh ar shreafaí leictreachais trasteorann, agus ar féidir cibirionsaí a bheith mar thoradh air, a sholáthar do na húdaráis inniúla. I gcás ina sainaithneofar grúpa eintiteas i roinnt Ballstát mar chomhbhailiú a bhfuil ECII acu os cionn na tairsí ardtionchair nó tionchair chriticiúil, déanfaidh na húdaráis inniúla uile lena mbaineann na heintitis i ngrúpa den sórt sin a shainaithint mar eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil i gcás a Bhallstáit féin, bunaithe ar ECII comhiomlánaithe an ghrúpa eintiteas, agus liostófar na heintitis shainaitheanta sa tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais.
6. Tabharfaidh gach údarás inniúil, laistigh de 9 mí tar éis do ENTSO don Leictreachas agus don eintiteas AE do OCDanna fógra a thabhairt dó faoin tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais de bhun Airteagal 19(5) agus in aon chás tráth nach déanaí ná an 13 Meitheamh 2028, fógra do na heintitis ar an liosta go sainaithnítear ina mBallstát iad mar eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil.
7. I gcás ina dtuairisceofar d’údarás inniúil go bhfuil soláthraí seirbhíse ina sholáthraí seirbhíse TFC criticiúil de bhun Airteagal 27 pointe (c), tabharfaidh an t-údarás inniúil sin fógra faoi d’údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil a phríomhbhunaíocht nó a ionadaí lonnaithe ina chríoch. Tabharfaidh an t-údarás inniúil deireanach sin fógra don soláthraí seirbhíse go sainaithnítear mar sholáthraí seirbhíse criticiúil é.
Airteagal 25
Scéimeanna fíorúcháin náisiúnta
1. Féadfaidh na húdaráis inniúla scéim fíorúcháin náisiúnta a bhunú chun a fhíorú gur chuir eintitis tionchair chriticiúil a shainaithnítear de bhun Airteagal 24(1) an creat reachtach náisiúnta i bhfeidhm a áirítear sa mhaitrís mhapála dá dtagraítear in Airteagal 34. Féadfaidh an scéim fíorúcháin náisiúnta a bheith bunaithe ar chigireacht arna déanamh ag an údarás inniúil, ar iniúchtaí slándála neamhspleácha, nó ar athbhreithnithe piaraí frithpháirteacha arna ndéanamh ag eintitis tionchair chriticiúil sa Bhallstát céanna faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil.
2. Má dhéanann údarás inniúil an cinneadh scéim fíorúcháin náisiúnta a bhunú, áiritheoidh an t-údarás inniúil sin go ndéanfar an fíorú i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
aon pháirtí a dhéanann an t-athbhreithniú piaraí, an t-iniúchadh nó an chigireacht, beidh sé neamhspleách ón eintiteas tionchair chriticiúil a bhfuiltear a fhíorú, agus ní bheidh aon choinbhleacht leasa aige; |
|
(b) |
an fhoireann a dhéanann an t-athbhreithniú piaraí, an t-iniúchadh nó an chigireacht, beidh eolas follasach aici ar na nithe seo a leanas:
|
|
(c) |
an páirtí a dhéanann an t-athbhreithniú piaraí, an t-iniúchadh nó an chigireacht, tabharfar am leordhóthanach dó chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh; |
|
(d) |
an páirtí a dhéanann an t-athbhreithniú piaraí, an t-iniúchadh nó an chigireacht, déanfaidh sé na bearta iomchuí chun an fhaisnéis a bhailíonn sé le linn an fhíorúcháin a chosaint, i gcomhréir lena leibhéal rúndachta; agus |
|
(e) |
déanfar athbhreithnithe piaraí, iniúchtaí nó cigireachtaí uair amháin sa bhliain ar a laghad agus cumhdófar an raon feidhme fíorúcháin iomlán leo gach 3 bliana. |
3. Má dhéanann údarás inniúil an cinneadh scéim fíorúcháin náisiúnta a bhunú, tuairisceoidh sé do ACER ar bhonn bliantúil maidir lena mhinice a rinne sé cigireachtaí faoin scéim sin.
Airteagal 26
Bainistiú riosca cibearshlándála ar leibhéal an eintitis
1. Gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil arna sainaithint amhlaidh ag na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 24(1), déanfaidh sé bainistiú riosca cibearshlándála ar na sócmhainní uile atá aige laistigh dá imlínte ardtionchair agus tionchair chriticiúil. Gach 3 bliana déanfaidh gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil bainistiú riosca cibearshlándála ina mbeidh na céimeanna i mír 2.
2. Gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil, bunóidh sé a bhainistiú riosca cibearshlándála ar chur chuige a fhéachann lena chórais gréasán agus faisnéise a chosaint agus beidh na céimeanna seo a leanas ann:
|
(a) |
bunú comhthéacs; |
|
(b) |
measúnú riosca cibearshlándála ar leibhéal an eintitis; |
|
(c) |
láimhseáil riosca cibearshlándála; |
|
(d) |
glacadh le riosca cibearshlándála. |
3. Le linn na céime bunaithe comhthéacs, déanfaidh gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil an méid seo a leanas:
|
(a) |
raon feidhme an mheasúnaithe riosca cibearshlándála a shainiú, lena n-áirítear na próisis ardtionchair agus tionchair chriticiúil arna sainaithint ag ENTSO don Leictreachas agus ag an eintiteas AE do OCDanna, agus próisis eile a d’fhéadfadh a bheith ina spriocanna ag cibirionsaithe a bhfuil ardtionchar nó tionchar criticiúil acu ar shreafaí leictreachais trasteorann; agus |
|
(b) |
na critéir maidir le meastóireacht riosca agus glacadh riosca a shainiú i gcomhréir leis an maitrís tionchair riosca a úsáidfidh na heintitis agus na húdaráis inniúla chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí cibearshlándála sna modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na mBallstát arna bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas agus ag an eintiteas AE do OCDanna i gcomhréir le hAirteagal 19(2). |
4. Le linn chéim an mheasúnaithe riosca cibearshlándála, déanfaidh gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil:
|
(a) |
rioscaí cibearshlándála a shainaithint trí na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
|
|
(b) |
anailís ar dhóchúlacht agus iarmhairtí na rioscaí cibearshlándála arna sainaithint i bpointe (a) agus an leibhéal riosca cibearshlándála a chinneadh trí úsáid a bhaint as an maitrís tionchair riosca a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí cibearshlándála i modheolaíochtaí measúnaithe riosca cibearshlándála ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na mBallstát arna bhforbairt ag OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna i gcomhréir le hAirteagal 19(2); |
|
(c) |
sócmhainní a aicmiú de réir na n-iarmhairtí féideartha i gcás ina gcuirfí an chibearshlándáil i mbaol agus an imlíne ardtionchair agus tionchair chriticiúil a chinneadh agus úsáid á baint as na céimeanna seo a leanas:
|
|
(d) |
meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí cibearshlándála trína gcur in ord tosaíochta de réir na gcritéar maidir le meastóireacht riosca agus glacadh riosca dá dtagraítear i mír 3 pointe (b). |
5. Le linn chéim na láimhseála riosca cibearshlándála, bunóidh gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil plean maolaithe riosca trí roghanna láimhseála riosca iomchuí a roghnú chun na rioscaí a bhainistiú agus na rioscaí iarmharacha a shainaithint.
6. Le linn chéim an ghlacaidh le riosca cibearshlándála, déanfaidh gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil cinneadh cé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh sé leis an riosca iarmharach bunaithe ar na critéir maidir le glacadh riosca a bhunaítear i mír 3 pointe (b).
7. Déanfaidh gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil na sócmhainní a shainaithnítear i mír 1 a chlárú i bhfardal sócmhainní. Ní bheidh an fardal sócmhainní sin ina chuid den tuarascáil measúnaithe riosca.
8. Féadfaidh an t-údarás inniúil cigireacht a dhéanamh ar na sócmhainní san fhardal le linn cigireachtaí.
Airteagal 27
An measúnú riosca ar leibhéal an eintitis a thuairisciú
Déanfaidh gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil, laistigh de 12 mhí tar éis fógra a thabhairt do na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil de bhun Airteagal 24(6), agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don údarás inniúil:
|
(1) |
liosta rialuithe a roghnaítear le haghaidh an phlean maolaithe riosca ar leibhéal an eintitis de bhun Airteagal 26(5) agus stádas cur chun feidhme gach rialaithe faoi láthair; |
|
(2) |
i gcás gach próisis ardtionchair nó tionchair chriticiúil uile-Aontais, meastachán ar an riosca go gcuirfí rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise agus sócmhainní ábhartha i mbaol. Déanfar an meastachán ar an riosca sin i gcomhréir leis an maitrís tionchair riosca in Airteagal 19(2); |
|
(3) |
liosta soláthraithe seirbhíse TFC criticiúla le haghaidh a bpróiseas tionchair criticiúil. |
CAIBIDIL III
CREAT COMHCHOITEANN CIBEARSHLÁNDÁLA LEICTREACHAIS
Airteagal 28
Comhdhéanamh agus feidhmiú an chreata chomhchoitinn cibearshlándála leictreachais agus athbhreithniú air
1. Beidh na rialuithe agus an córas bainistithe cibearshlándála seo a leanas sa chreat comhchoiteann cibearshlándála leictreachais:
|
(a) |
na híosrialuithe cibearshlándála, arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 29; |
|
(b) |
na hardrialuithe cibearshlándála, arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 29; |
|
(c) |
an mhaitrís mhapála, a fhorbraítear i gcomhréir le hAirteagal 34, lena ndéantar na rialuithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a mhapáil in aghaidh caighdeáin roghnaithe Eorpacha agus idirnáisiúnta agus creataí náisiúnta reachtacha nó rialála; |
|
(d) |
an córas bainistithe cibearshlándála a bhunaítear de bhun Airteagal 32. |
2. Cuirfidh na heintitis ardtionchair uile na híosrialuithe cibearshlándála i bhfeidhm de bhun mhír 1, pointe (a), laistigh dá n-imlíne ardtionchair.
3. Cuirfidh na heintitis tionchair chriticiúil uile na hardrialuithe cibearshlándála i bhfeidhm de bhun mhír 1, pointe (b), laistigh dá n-imlíne tionchair chriticiúil.
4. Laistigh de 7 mí tar éis an chéad dréacht-tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais a chur isteach de bhun Airteagal 19(4), déanfar an creat comhchoiteann cibearshlándála leictreachais dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh leis na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair a fhorbraítear de bhun Airteagal 33.
Airteagal 29
Íosrialuithe agus ardrialuithe cibearshlándála
1. Laistigh de 7 mí tar éis an chéad dréacht den tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais a chur isteach de bhun Airteagal 19(4), forbróidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, togra le haghaidh íosrialuithe agus ardrialuithe cibearshlándála.
2. Laistigh de 6 mhí tar éis gach tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnach a tharraingt suas de bhun Airteagal 21(2), déanfaidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, leasú ar na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála a mholadh don údarás inniúil. Déanfar an togra sin i gcomhréir le hAirteagal 8(10) agus cuirfear na rioscaí a shainaithnítear sa mheasúnú riosca réigiúnach san áireamh ann.
3. Beifear in ann na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála a fhíorú trí pháirt a ghlacadh i scéim fíorúcháin náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 31 nó trí bhíthin iniúchtaí slándála tríú páirtí neamhspleácha a dhéanfar de réir na gceanglas a liostaítear in Airteagal 25(2).
4. Na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála tosaigh a fhorbraítear de bhun mhír (1), beidh siad bunaithe ar na rioscaí a shainaithnítear sa tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 19(5). Na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála leasaithe a fhorbraítear de bhun mhír (2), beidh siad bunaithe ar an tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 21(2).
5. Áireofar sna híosrialuithe cibearshlándála rialuithe chun an fhaisnéis a mhalartaítear de bhun Airteagal 46 a chosaint.
6. Laistigh de 12 mhí tar éis na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála a fhormheas de bhun Airteagal 8(5), nó tar éis gach nuashonraithe de bhun Airteagal 8(10), déanfaidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1) agus a shainaithnítear mar eintitis tionchair chriticiúil agus eintitis ardtionchair de bhun Airteagal 24, le linn don phlean maolaithe riosca ar leibhéal an eintitis a bheith á bhunú de bhun Airteagal 26(5), na híosrialuithe cibearshlándála a chur i bhfeidhm laistigh den imlíne ardtionchair agus na hardrialuithe cibearshlándála a chur i bhfeidhm laistigh den imlíne tionchair chriticiúil.
Airteagal 30
Maolaithe ar na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála
1. Féadfaidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1) a iarraidh ar an údarás inniúil ar leith maolú a dheonú dóibh ar a n-oibleagáid i leith chur i bhfeidhm na n-íosrialuithe agus na n-ardrialuithe cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 29(6). Féadfaidh an t-údarás inniúil maolú den sórt sin a dheonú ar cheann amháin de na forais seo a leanas:
|
(a) |
in imthosca eisceachtúla, i gcás inar féidir leis an eintiteas a léiriú gur mó i bhfad na costais a bhaineann le cur i bhfeidhm na rialuithe cibearshlándála iomchuí ná na tairbhí. Féadfaidh ACER agus ENTSO don Leictreachas i gcomhar le heintiteas AE do OCDanna treoraíocht a fhorbairt go comhpháirteach maidir le meastachán a dhéanamh ar chostais rialuithe cibearshlándála chun cuidiú leis na heintitis; |
|
(b) |
i gcás ina soláthróidh an t-eintiteas plean láimhseála riosca ar leibhéal an eintitis lena ndéantar maolú ar na rioscaí cibearshlándála trí rialuithe malartacha a úsáid ar leibhéal atá inghlactha i gcomhréir leis na critéir maidir le glacadh riosca dá dtagraítear in Airteagal 26(3), pointe (b). |
2. Laistigh de 3 mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh gach údarás inniúil cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil maolú ar na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála le deonú. Is le haghaidh uastréimhse 3 bliana a dheonófar maoluithe ar na híosrialuithe nó na hardrialuithe cibearshlándála, agus an fhéidearthacht ann go n-athnuafaí iad.
3. Faisnéis chomhiomlánaithe anaithnidithe maidir leis na maoluithe arna ndeonú, áireofar í mar iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála chuimsitheach i ndáil leis an leictreachas trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 23. Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna an liosta cothrom le dáta, i gcás inar gá, go comhpháirteach.
Airteagal 31
An creat comhchoiteann cibearshlándála leictreachais a fhíorú
1. Tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis na rialuithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 28(1) a ghlacadh agus tar éis an córas bainistithe cibearshlándála dá dtagraítear i bpointe (d) den Airteagal sin a bhunú, beidh gach eintiteas tionchair chriticiúil a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 24(1) in ann a léiriú, arna iarraidh sin don údarás inniúil, go gcomhlíonann sé an córas bainistithe cibearshlándála agus na híosrialuithe nó na hardrialuithe cibearshlándála.
2. Comhlíonfaidh gach eintiteas tionchair chriticiúil an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin iniúchtaí slándála tríú páirtí neamhspleácha a dhéanfar i gcomhréir leis na ceanglais a liostaítear in Airteagal 25(2) nó trí pháirt a ghlacadh i scéim fíorúcháin náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 25(1).
3. Leis an bhfíorúchán go gcomhlíonann eintitis tionchair chriticiúil an córas bainistithe cibearshlándála agus na híosrialuithe nó na hardrialuithe cibearshlándála, cumhdófar na sócmhainní uile atá laistigh d’imlíne tionchair chriticiúil an eintitis tionchair chriticiúil.
4. An fíorúchán go gcomhlíonann eintitis tionchair chriticiúil an córas bainistithe cibearshlándála agus na híosrialuithe nó na hardrialuithe cibearshlándála, déanfar arís go tráthrialta é tráth nach déanaí ná 36 mhí tar éis dheireadh an chéad fhíorúcháin, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin.
5. Léireoidh gach eintiteas tionchair chriticiúil a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 24 go gcomhlíonann sé na rialuithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 28(1) agus bunú an chórais bainistithe cibearshlándála dá dtagraítear i bpointe (d) den Airteagal sin trí thorthaí an fhíorúcháin comhlíontachta a thuairisciú don údarás inniúil.
Airteagal 32
Córas bainistithe cibearshlándála
1. Laistigh de 24 mhí tar éis don údarás inniúil fógra a thabhairt don eintiteas ardtionchair nó tionchair chriticiúil go sainaithnítear amhlaidh iad i gcomhréir le hAirteagal 24(6), déanfaidh gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil córas bainistithe cibearshlándála a bhunú, agus a athbhreithniú gach 3 bliana ina dhiaidh sin, chun:
|
(a) |
raon feidhme an chórais bainistithe cibearshlándála a chinneadh agus breithniú á dhéanamh ar chomhéadain le heintitis eile agus spleáchais orthu; |
|
(b) |
a áirithiú go gcuirfear a ardbhainistíocht uile ar an eolas maidir le hoibleagáidí dlíthiúla ábhartha agus go rannchuideoidh sí go gníomhach le cur chun feidhme an chórais bainistithe cibearshlándála trí chinntí tráthúla agus frithghníomhartha prasa a dhéanamh; |
|
(c) |
a áirithiú go mbeidh na hacmhainní a bhfuil gá leo le haghaidh an chórais bainistithe cibearshlándála ar fáil; |
|
(d) |
beartas cibearshlándála a bhunú a dhoiciméadófar agus chuirfear in iúl laistigh den eintiteas agus do pháirtithe dá ndéanann na rioscaí slándála difear; |
|
(e) |
freagrachtaí ról atá ábhartha don chibearshlándáil a shannadh agus a chur in iúl; |
|
(f) |
bainistiú riosca cibearshlándála a dhéanamh ar leibhéal an eintitis mar a shainmhínítear in Airteagal 26; |
|
(g) |
na hacmhainní is gá chun an córas bainistithe cibearshlándála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun agus chun feabhas leanúnach a chur air a chinneadh agus a sholáthar, agus an inniúlacht is gá agus an fheasacht i leith acmhainní cibearshlándála á gcur san áireamh; |
|
(h) |
an chumarsáid inmheánach agus sheachtrach atá ábhartha don chibearshlándáil a chinneadh; |
|
(i) |
faisnéis dhoiciméadaithe a bhaineann leis an gcóras bainistithe cibearshlándála a chruthú, a thabhairt cothrom le dáta agus a rialú; |
|
(j) |
meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus éifeachtacht an chórais bainistithe cibearshlándála; |
|
(k) |
iniúchtaí inmheánacha a dhéanamh ag eatraimh phleanáilte chun a áirithiú go ndéanfar an córas bainistithe cibearshlándála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun go héifeachtach; |
|
(l) |
athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chórais bainistithe cibearshlándála ag eatraimh phleanáilte; agus neamhchomhlíontacht acmhainní agus gníomhaíochtaí leis na beartais, na nósanna imeachta agus na treoirlínte sa chóras bainistithe cibearshlándála a rialú agus a cheartú. |
2. Áireofar i raon feidhme an chórais bainistithe cibearshlándála na sócmhainní uile atá laistigh d’imlíne ardtionchair agus tionchair chriticiúil an eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil.
3. Spreagfaidh na Ballstáit, gan a fhorchur go n-úsáidfí cineál teicneolaíochta ar leith ná idirdhealú a dhéanamh ina fabhar, úsáid caighdeán agus sonraíochtaí Eorpacha nó idirnáisiúnta a bhaineann le córais bainistithe agus atá ábhartha do shlándáil córas gréasán agus faisnéise.
Airteagal 33
Íosrialuithe agus ardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair
1. Laistigh de 7 mí tar éis an chéad dréacht den tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais a chur isteach de bhun Airteagal 19(4), forbróidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, togra le haghaidh íosrialuithe agus ardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair a dhéanfaidh maolú ar na rioscaí slabhra soláthair arna sainaithint sna measúnuithe riosca cibearshlándála uile-Aontais, lena bhforlíontar na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála a fhorbraítear de bhun Airteagal 29. Na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair, forbrófar iad in éineacht leis na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála de bhun Airteagal 29. Leis na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair, cumhdófar saolré iomlán gach táirge TFC, seirbhíse TFC agus próisis TFC laistigh d’imlínte ardtionchair nó tionchair chriticiúil eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil. Rachfar i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise nuair a bheidh an togra le haghaidh íosrialuithe agus ardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair á fhorbairt.
2. Is é a bheidh sna híosrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair rialuithe d’eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil arb amhlaidh na nithe seo a leanas ina leith:
|
(a) |
áirítear iontu moltaí maidir le soláthar táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próiseas TFC a thagraíonn do shonraíochtaí cibearshlándála, lena gcumhdófar na nithe seo a leanas ar a laghad:
|
|
(b) |
ceanglaítear leo ar eintitis den sórt sin na moltaí maidir le soláthar dá dtagraítear i bhfomhír (a) a chur san áireamh i gcás ina mbeidh conarthaí á ndéanamh acu le soláthróirí, comhpháirtithe comhair agus páirtithe eile sa slabhra soláthair, lena gcumhdófar gnáthsholáthairtí táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próiseas TFC chomh maith le teagmhais agus imthosca gan iarraidh amhail foirceannadh agus aistriú conarthaí i gcásanna faillí ag an gcomhpháirtí conarthach; |
|
(c) |
ceanglaítear leo ar eintitis den sórt sin torthaí na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ábhartha ar shlabhraí soláthair criticiúla a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Threoir (AE) 2022/2555 a chur san áireamh; |
|
(d) |
áirítear iontu critéir maidir le soláthróirí a roghnú agus conradh a dhéanamh leo, ar soláthróirí iad a chomhlíonann na sonraíochtaí cibearshlándála mar a luaitear i mír (a) agus a bhfuil leibhéal cibearshlándála acu atá iomchuí do rioscaí cibearshlándála an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó na bpróiseas TFC a sholáthraíonn an soláthróir; |
|
(e) |
áirítear iontu critéir maidir le foinsí soláthair táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próiseas TFC a éagsúlú agus an riosca go dtarlódh gaibhniú díoltóirí a laghdú; |
|
(f) |
áirítear iontu critéir maidir le faireachán, athbhreithniú nó iniúchadh a dhéanamh ar shonraíochtaí cibearshlándála i dtaca le próisis oibríochtúla inmheánacha soláthróra ar fud saolré iomlán gach táirge TFC, seirbhíse TFC agus próisis TFC ar bhonn tráthrialta. |
3. I gcás na sonraíochtaí cibearshlándála atá sa mholadh maidir le soláthar cibearshlándála dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), úsáidfidh eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil prionsabail an tsoláthair de bhun Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), i gcomhréir le hAirteagal 35(4), nó saineoidh siad a sonraíochtaí féin bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe riosca cibearshlándála ar leibhéal an eintitis.
4. Sna hardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair, áireofar rialuithe d’eintitis tionchair chriticiúil lena bhfíoróidh siad, le linn an tsoláthair, go mbeidh na sonraíochtaí cibearshlándála á gcomhlíonadh ag táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a úsáidfear mar shócmhainní tionchair chriticiúil. Déanfar an táirge TFC, an tseirbhís TFC nó an próiseas TFC a fhíorú trí scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 31 nó trí ghníomhaíochtaí fíorúcháin arna roghnú agus arna n-eagrú ag an eintiteas. Beidh doimhneacht agus cumhdach na ngníomhaíochtaí fíorúcháin leordhóthanach chun a dhearbhú gur féidir úsáid a bhaint as táirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a shainaithnítear sa mheasúnú riosca ar leibhéal an eintitis. Déanfaidh an t-eintiteas tionchair chriticiúil doiciméadú ar na céimeanna a dhéanfar chun na rioscaí sainaitheanta a laghdú.
5. Na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair, beidh feidhm acu maidir le soláthar táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próiseas TFC ábhartha. Na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair, beidh feidhm acu maidir le próisis soláthair sna heintitis a shainaithnítear mar eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair de bhun Airteagal 24, dar tús 6 mhí tar éis na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 29 a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta.
6. Laistigh de 6 mhí tar éis gach tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnach a tharraingt suas de bhun Airteagal 21(2), déanfaidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, leasú ar na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála sa slabhra soláthair a mholadh don údarás inniúil. Déanfar an togra sin i gcomhréir le hAirteagal 8(10) agus cuirfear na rioscaí a shainaithnítear sa mheasúnú riosca réigiúnach san áireamh ann.
Airteagal 34
Maitrís chun rialuithe cibearshlándála leictreachais a mhapáil in aghaidh caighdeán
1. Laistigh de 7 mí tar éis an chéad dréacht den tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála uile-Aontais a chur isteach de bhun Airteagal 19(4), forbróidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna agus i gcomhairle le ENISA, togra le haghaidh maitrís chun na rialuithe a leagtar amach in Airteagal 28(1), pointí (a) agus (b), a mhapáil in aghaidh caighdeáin roghnaithe Eorpacha agus idirnáisiúnta chomh maith leis na sonraíochtaí teicniúla ábhartha (‘an mhaitrís mhapála’). Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna doiciméadú ar choibhéis na rialuithe éagsúla leis na rialuithe a leagtar amach in Airteagal 28(1), pointí (a) agus (b).
2. Féadfaidh na húdaráis inniúla mapáil ar na rialuithe a leagtar amach in Airteagal 28(1), pointí (a) agus (b), a sholáthar do ENTSO don Leictreachas agus don eintiteas AE do OCDanna faoi chuimsiú na gcreataí náisiúnta reachtacha nó rialála gaolmhara, lena n-áirítear caighdeáin náisiúnta ábhartha na mBallstát de bhun Airteagal 25 de Threoir (AE) 2022/2555. Má sholáthraíonn údarás inniúil Ballstáit an mhapáil sin, comhtháthóidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna an mhapáil náisiúnta sin isteach sa mhaitrís mhapála.
3. Laistigh de 6 mhí tar éis gach tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnach a tharraingt suas de bhun Airteagal 21(2), déanfaidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna agus i gcomhairle le ENISA, leasú ar an maitrís mhapála a mholadh don údarás inniúil. Déanfar an togra sin i gcomhréir le hAirteagal 8(10) agus cuirfear na rioscaí a shainaithnítear sa mheasúnú riosca réigiúnach san áireamh ann.
CAIBIDIL IV
MOLTAÍ MAIDIR LE SOLÁTHAR CIBEARSHLÁNDÁLA
Airteagal 35
Moltaí maidir le soláthar cibearshlándála
1. Déanfaidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, i gclár oibre atá le bunú agus le tabhairt cothrom le dáta gach uair a ghlactar tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnach, tacair moltaí neamhcheangailteacha maidir le soláthar cibearshlándála a fhorbairt a bhféadfaidh eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil úsáid a bhaint astu mar bhonn chun táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC atá laistigh de na himlínte ardtionchair agus tionchair chriticiúil a sholáthar. Áireofar an méid seo a leanas sa chlár oibre:
|
(a) |
tuairisc ar na cineálacha táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próiseas TFC a úsáideann eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil laistigh den imlíne ardtionchair agus tionchair chriticiúil agus aicmiú na dtáirgí, na seirbhísí agus na bpróiseas sin; |
|
(b) |
liosta de na cineálacha táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próiseas TFC ar ina leith a fhorbrófar tacar moltaí cibearshlándála neamhcheangailteacha bunaithe ar na tuarascálacha measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnacha ábhartha agus ar thosaíochtaí eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil. |
2. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, achoimre ar an gclár oibre sin a sholáthar do ACER laistigh de 6 mhí tar éis an tuarascáil measúnaithe riosca cibearshlándála réigiúnach a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta.
3. Féachfaidh na OCTanna lena áirithiú, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, go mbeidh na moltaí neamhcheangailteacha maidir le soláthar cibearshlándála a fhorbraítear bunaithe ar an measúnú riosca cibearshlándála réigiúnach ábhartha comhchosúil nó inchomparáide le chéile ó réigiún oibríochta córais go chéile. Leis na tacair moltaí maidir le soláthar cibearshlándála, cumhdófar na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 33(2), pointe (a), ar a laghad. I gcás inar féidir, roghnófar na sonraíochtaí as caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta.
4. Áiritheoidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, gurb amhlaidh na nithe seo a leanas i leith na dtacar moltaí maidir le soláthar cibearshlándála:
|
(a) |
comhlíonann siad prionsabail an tsoláthair de bhun Threoir 2014/24/AE; agus |
|
(b) |
tá siad comhoiriúnach leis na scéimeanna Eorpacha is déanaí um dheimhniú cibearshlándála atá ábhartha don táirge TFC, don tseirbhís TFC nó don phróiseas TFC agus cuireann siad san áireamh iad. |
Airteagal 36
Treoraíocht maidir le húsáid scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála chun táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a sholáthar
1. Féadfar a áireamh sna moltaí neamhcheangailteacha maidir le soláthar cibearshlándála a fhorbraítear de bhun Airteagal 35 treoraíocht earnáilsonrach maidir le húsáid scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, aon uair a bhíonn scéim oiriúnach ar fáil le haghaidh cineál táirge TFC, seirbhíse TFC nó próisis TFC a úsáideann eintitis tionchair chriticiúil, gan dochar don chreat maidir le bunú scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándáil de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/881.
2. Rachaidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, i ndlúthchomhar le ENISA chun an treoraíocht earnáilsonrach a áirítear i moltaí neamhcheangailteacha maidir le soláthar cibearshlándála a sholáthar de bhun mhír 1.
CAIBIDIL V
SREAFAÍ FAISNÉISE, CIBIRIONSAITHE AGUS BAINISTIÚ GÉARCHÉIME
Airteagal 37
Rialacha maidir le comhroinnt faisnéise
1. Má fhaigheann údarás inniúil faisnéis a bhaineann le cibirionsaithe intuairiscithe, beidh na nithe seo a leanas amhlaidh maidir leis an údarás inniúil:
|
(a) |
déanfaidh sé measúnú ar leibhéal rúndachta na faisnéise sin agus cuirfidh sé an t-eintiteas ar an eolas maidir le toradh a mheasúnaithe gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ón bhfaisnéis sin a fháil; |
|
(b) |
déanfaidh sé iarracht aon chibirionsaí comhchosúil eile san Aontas arna thuairisciú d’údaráis inniúla eile a aimsiú, chun an fhaisnéis a fhaightear i gcomhthéacs an chibirionsaithe intuairiscithe a chomhthacú leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhthéacs cibirionsaithe eile agus chun an fhaisnéis atá ann cheana a shaibhriú agus freagairtí cibearshlándála a neartú agus a chomhordú; |
|
(c) |
beidh sé freagrach as rúin ghnó a bhaint agus an fhaisnéis a anaithnidiú i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta ábhartha agus le rialacha ábhartha an Aontais; |
|
(d) |
roinnfidh sé an fhaisnéis leis na pointí teagmhála aonair náisiúnta, na CSIRTanna agus na húdaráis inniúla uile a ainmnítear de bhun Airteagal 4 i mBallstáit eile gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ón bhfaisnéis faoi chibirionsaí intuairiscithe a fháil agus soláthróidh sé faisnéis nuashonruithe ar bhonn tráthrialta do na húdaráis nó na comhlachtaí sin; |
|
(e) |
scaipfidh sé an fhaisnéis faoin gcibirionsaí, tar éis í a anaithnidiú agus rúin ghnó a bhaint di, de bhun mhír 1(c), ar eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair ina Bhallstát gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ón bhfaisnéis a fháil de réir mhír 1(a), agus soláthróidh sé faisnéis nuashonraithe ar bhonn tráthrialta a thabharfaidh caoi do na heintitis a gcosaint a eagrú go héifeachtach; |
|
(f) |
féadfaidh sé a iarraidh ar an eintiteas ardtionchair nó tionchair chriticiúil tuairiscithe an fhaisnéis maidir leis an gcibirionsaí intuairiscithe a scaipeadh a thuilleadh ar bhealach slán ar eintitis dá bhféadfadh sí difear a dhéanamh, agus an aidhm ann feasacht staide a mhúscailt in earnáil an leictreachais agus teacht ann do riosca a d’fhéadfadh a bheith ní ba ghéire i dteagmhas cibearshlándála leictreachais trasteorann a chosc; |
|
(g) |
roinnfidh sé tuarascáil achomair le ENISA, tar éis í anaithnidiú agus rúin ghnó a bhaint di, ina mbeidh an fhaisnéis maidir leis an gcibirionsaí. |
2. Má thagann CSIRT ar an eolas faoi leochaileacht neamhphaisteáilte arna dúshaothrú go gníomhach, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:
|
(a) |
é a roinnt gan mhoill le ENISA trí chainéal iomchuí malartaithe shláin faisnéise, mura sonraítear a mhalairt i ndlí an Aontais; |
|
(b) |
tacaíocht a thabhairt don eintiteas lena mbaineann sa chaoi go bhfaighidh siad ón monaróir nó ón soláthraí bainistíocht a bheidh éifeachtach, comhordaithe agus tapa ar an leochaileacht neamhphaisteáilte arna dúshaothrú go gníomhach nó ar bhearta maolaithe éifeachtacha agus éifeachtúla; |
|
(c) |
an fhaisnéis atá ar fáil a roinnt leis an díoltóir agus a iarraidh ar an monaróir nó ar an soláthraí, i gcás inar féidir, liosta CSIRTanna sna Ballstáit ar ábhar imní dóibh an leochaileacht neamhphaisteáilte arna dúshaothrú go gníomhach agus a chuirfear ar an eolas fúithi a shainaithint; |
|
(d) |
an fhaisnéis atá ar fáil a roinnt le CSIRTanna a shainaithnítear faoin bpointe roimhe seo, bunaithe ar an bprionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’; |
|
(e) |
straitéisí agus bearta maolaithe a roinnt, i gcás inarb ann dóibh, i leith na leochaileachta neamhphaisteáilte arna dúshaothrú go gníomhach a tuairiscíodh. |
3. Má thagann údarás inniúil ar an eolas faoi leochaileacht neamhphaisteáilte arna dúshaothrú go gníomhach, déanfaidh an t-údarás inniúil sin na nithe seo a leanas:
|
(a) |
straitéisí agus bearta maolaithe a roinnt, i gcás inarb ann dóibh, i leith na leochaileachta neamhphaisteáilte arna dúshaothrú go gníomhach a tuairiscíodh, i gcomhar leis na CSIRTanna ina Bhallstát; |
|
(b) |
an fhaisnéis a roinnt le CSIRT sa Bhallstát inar tuairiscíodh an leochaileacht neamhphaisteáilte arna dúshaothrú go gníomhach. |
4. Má thagann an t-údarás inniúil ar an eolas faoi leochaileacht neamhphaisteáilte, gan aon fhianaise a bheith ann go bhfuiltear á dúshaothrú go gníomhach go fóill, comhordóidh sé gan moill mhíchuí leis an CSIRT chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachta mar a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555.
5. Má fhaigheann CSIRT faisnéis a bhaineann le cibirionsaithe ó cheann amháin nó níos mó d’eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil de bhun Airteagal 38(6), déanfaidh sé an fhaisnéis sin nó aon fhaisnéis eile atá tábhachtach chun an riosca gaolmhar a chosc agus a bhrath nó chun freagairt dó nó maolú air a scaipeadh ar eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil ina Bhallstát agus, i gcás inarb iomchuí, chuig gach CSIRT lena mbaineann agus chuig a phointe teagmhála aonair náisiúnta gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 4 uair an chloig ón bhfaisnéis a fháil.
6. Má thagann údarás inniúil ar an eolas faoi fhaisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí ó cheann amháin nó níos mó d’eintitis ardtionchair nó tionchair chriticiúil, cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig CSIRT chun críocha mhír 5.
7. Féadfaidh na húdaráis inniúla na freagrachtaí faoi mhíreanna 3 agus 4 maidir le heintiteas ardtionchair nó tionchair chriticiúil amháin nó níos mó a oibríonn i níos mó ná Ballstát amháin a tharmligean go hiomlán nó go páirteach chuig údarás inniúil eile i gceann de na Ballstáit sin, tar éis comhaontú i measc na n-údarás inniúil lena mbaineann.
8. Déanfaidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas, agus i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, modheolaíocht i leith scála aicmithe cibirionsaithe a fhorbairt faoin 13 Meitheamh 2025. Féadfaidh na OCTanna, le cúnamh ó ENTSO don Leictreachas agus ón eintiteas AE do OCDanna, a iarraidh ar na húdaráis inniúla dul i gcomhairle le ENISA agus cúnamh a iarraidh ar a n-údaráis inniúla atá freagrach as cibearshlándáil chun an scála aicmithe sin a fhorbairt. Leis an modheolaíocht sin, aicmeofar a thromchúisí atá cibirionsaí de réir cúig leibhéal, arb iad ‘ard’ agus ‘criticiúil’ an dá leibhéal is airde. Beidh an t-aicmiú bunaithe ar an measúnú ar na paraiméadair seo a leanas:
|
(a) |
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann i bhfianaise na sócmhainní agus na n-imlínte neamhchosanta arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 26(4), pointe (c); agus |
|
(b) |
tromchúis an chibirionsaithe. |
9. Faoin 13 Meitheamh 2026, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, staidéar féidearthachta chun measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go bhforbrófaí uirlis choiteann lena gcuirfear ar a gcumas do na heintitis uile faisnéis a roinnt le húdaráis náisiúnta ábhartha agus ar na costais airgeadais is gá chun í a fhorbairt.
10. Leis an staidéar féidearthachta, tabharfar aghaidh ar an bhféidearthacht go mbeifí in ann na nithe seo a leanas leis an uirlis choiteann sin:
|
(a) |
tacaíocht a thabhairt d’eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair ó thaobh faisnéis ábhartha slándála i dtaca le hoibríochtaí sreafaí leictreachais trasteorann, amhail tuairisciú neas-fhíorama cibirionsaithe, luathrabhaidh a bhaineann le hábhair chibearshlándála agus leochaileachtaí neamhnochta maidir le trealamh atá in úsáid sa chóras leictreachais; |
|
(b) |
í a choinneáil ar bun i dtimpeallacht oiriúnach thar a bheith iontaofa; |
|
(c) |
caoi a thabhairt don bhailiú sonraí ó eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair agus éascaíocht a dhéanamh ar fhaisnéis rúnda a bhaint de na sonraí agus ar anaithnidiú na sonraí agus a scaipeadh chuig eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair. |
11. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, na nithe seo a leanas:
|
(a) |
rachaidh sé i gcomhairle le ENISA agus leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, le pointí teagmhála aonair náisiúnta agus le hionadaithe na bpríomhgheallsealbhóirí nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an bhféidearthacht; |
|
(b) |
torthaí an staidéir féidearthachta a chur i láthair do ACER agus don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise. |
12. Féadfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, anailís agus éascaíocht a dhéanamh ar thionscnaimh atá beartaithe ag eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair chun meastóireacht agus tástáil a dhéanamh ar na huirlisí sin le haghaidh comhroinnt faisnéise.
Airteagal 38
Ról eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil a mhéid a bhaineann le comhroinnt faisnéise
1. Is amhlaidh a dhéanfaidh gach eintiteas ardtionchair agus tionchair chriticiúil na nithe seo a leanas:
|
(a) |
bunóidh sé, i gcás gach sócmhainne laistigh dá imlíne chibearshlándála a chinntear de bhun Airteagal 26(4) pointe (c), cumais CSOC ar a laghad i leith na nithe seo a leanas:
|
|
(b) |
beidh an ceart aige na cumais sin uile nó codanna díobh a sholáthar de bhun phointe (a) trí MSSPanna. Beidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair freagrach i gcónaí as MSSPanna agus déanfaidh siad maoirseacht ar a n-iarrachtaí; |
|
(c) |
ainmneoidh sé pointe teagmhála aonair ar leibhéal an eintitis chun faisnéis a chomhroinnt. |
2. Féadfaidh ENISA treoraíocht neamhcheangailteach a eisiúint maidir leis na cumais sin a bhunú nó an tseirbhís a ligean ar fochonradh le MSSPanna, mar chuid den chúram a shainítear in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2019/881.
3. Déanfaidh gach eintiteas tionchair chriticiúil agus ardtionchair faisnéis ábhartha a bhaineann le cibirionsaí intuairiscithe a roinnt lena CSIRTanna agus lena údarás inniúil gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 4 uair an chloig ón tráth a thagann sé ar an eolas faoi theagmhas a bheith intuairiscithe.
4. Faisnéis a bhaineann le cibirionsaí, breithneofar í a bheith intuairiscithe i gcás ina ndéanfaidh an t-eintiteas dá ndéantar difear measúnú ar an gcibirionsaí a mbeidh aicmiú criticiúlachta idir ‘ard’ agus ‘criticiúil’ mar thoradh air de réir na modheolaíochta i leith scála aicmithe cibirionsaithe de bhun Airteagal 37(8). An pointe teagmhála aonair ar leibhéal an eintiteas a ainmnítear de bhun mhír 1, pointe (c), cuirfidh sé aicmiú an teagmhais in iúl.
5. I gcás ina dtabharfaidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair fógra do CSIRT faoi fhaisnéis ábhartha a bhaineann le leochaileachtaí neamhphaisteáilte arna ndúshaothrú go gníomhach, féadfaidh an CSIRT sin an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig a údarás inniúil. I bhfianaise leibhéal íogaireachta na faisnéise a dtugtar fógra fúithi, féadfaidh CSIRT an fhaisnéis a choinneáil siar nó moill a chur ar a cur ar aghaidh bunaithe ar fhoras cibearshlándála a bhfuil údar leis.
6. Déanfaidh gach eintiteas tionchair chriticiúil agus ardtionchair aon fhaisnéis a bhaineann le cibearbhagairt intuairiscithe a bhféadfadh éifeacht trasteorann a bheith aici a sholáthar gan moill mhíchuí dá CSIRTanna. Faisnéis a bhaineann le cibearbhagairt, breithneofar í a bheith intuairiscithe i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
soláthraíonn sí faisnéis atá ábhartha d’eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair eile chun tionchar an riosca a chosc nó a bhrath nó chun freagairt dó nó maolú a dhéanamh air; |
|
(b) |
mar thoradh ar na teicnící, an oirbheartaíocht agus na nósanna imeachta sainaitheanta a úsáidtear i gcomhthéacs ionsaithe, faightear faisnéis amhail seoltaí nó haiseanna URL nó IP atá curtha i mbaol nó aon tréith eile atá úsáideach chun an t-ionsaí a chur i gcomhthéacs agus a chomhghaolú; |
|
(c) |
féadfar tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar chibearbhagairt agus í a chur i gcomhthéacs a thuilleadh trí bhíthin faisnéis bhreise arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse nó tríú páirtithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo. |
7. Déanfaidh gach eintiteas tionchair chriticiúil agus ardtionchair, i gcás ina mbeidh faisnéis á comhroinnt acu de bhun an Airteagail seo, na nithe seo a leanas a shonrú:
|
(a) |
go gcuirtear an fhaisnéis isteach de bhun an Rialacháin seo; |
|
(b) |
cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an fhaisnéis le:
|
|
(c) |
i gcás cibirionsaí intuairiscithe, leibhéal an chibirionsaithe de réir na modheolaíochta i leith scála aicmithe cibirionsaithe dá dtagraítear in Airteagal 37(8) agus faisnéis as a leanann an t-aicmiú sin lena n-áirítear, ar a laghad, criticiúlacht an chibirionsaithe. |
8. I gcás ina dtabharfaidh eintiteas tionchair chriticiúil nó ardtionchair fógra faoi theagmhas suntasach de bhun Airteagal 23 de Threoir (AE) 2022/2555 agus ina mbeidh faisnéis ábhartha sa tuairisciú teagmhais faoin Airteagal sin mar a cheanglaítear faoi mhír 3 den Airteagal seo, is é a bheidh i dtuairisciú an eintitis faoi Airteagal 23(1) den Treoir sin tuairisciú faisnéise faoi mhír 3 den Airteagal seo.
9. Tuairisceoidh gach eintiteas tionchair chriticiúil nó ardtionchair dá údarás inniúil nó CSIRT trína shainaithint go soiléir cén fhaisnéis shonrach nach roinnfear ach leis an údarás inniúil agus CSIRT i gcásanna ina bhféadfadh sé gur foinse cibirionsaithe í an roinnt faisnéise féin. Beidh sé de cheart ag gach eintiteas tionchair chriticiúil agus ardtionchair leagan neamhrúnda den fhaisnéis a sholáthar do CSIRT inniúil.
Airteagal 39
Cibirionsaithe a bhrath agus faisnéis ghaolmhar a láimhseáil
1. Forbróidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair na cumais is gá chun cibirionsaithe braite a láimhseáil in éineacht leis an tacaíocht is gá ón údarás inniúil ábhartha, ó ENTSO don Leictreachas agus ón eintiteas AE do OCDanna. Féadfaidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair tacaíocht a fháil ó CSIRT arna ainmniú ina Bhallstát féin mar chuid den chúram a shanntar do CSIRTanna le hAirteagal 11(5), pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2555. Cuirfidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair próisis éifeachtacha chun feidhme chun cibirionsaithe a dhéanfaidh difear do shreafaí leictreachais trasteorann, nó a d’fhéadfadh an difear sin a dhéanamh, a shainaithint agus a aicmiú agus chun freagairt dóibh sa chaoi go n-íoslaghdófar a dtionchar.
2. Má bhíonn éifeacht ag cibirionsaí ar shreafaí leictreachais trasteorann, rachaidh na pointí teagmhála aonair ar leibhéal an eintitis, i gcás eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair dá ndéantar difear, i gcomhar le chéile chun faisnéis a chomhroinnt eatarthu, rud a chomhordóidh údarás inniúil an Bhallstáit inar tuairiscíodh an cibirionsaí den chéad uair.
3. Déanfaidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair na nithe seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go mbeidh rochtain ar bhonn riachtanais eolais ag a bpointe teagmhála aonair féin ar leibhéal an eintitis ar an bhfaisnéis a fuair siad ón bpointe teagmhála aonair náisiúnta trína n-údarás inniúil; |
|
(b) |
ach amháin má rinneadh é cheana féin de bhun Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2022/2555, fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe agus don phointe teagmhála aonair náisiúnta faoi liosta dá bpointí teagmhála aonair cibearshlándála ar leibhéal an eintitis:
|
|
(c) |
nósanna imeachta bainistithe cibirionsaithe a bhunú i ndáil le cibirionsaithe, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí, cúraimí agus frithghníomhartha bunaithe ar an bhforbairt a bhreathnaítear a bheith ag teacht ar an gcibirionsaí laistigh de na himlínte tionchair chriticiúil agus ardtionchair; |
|
(d) |
na nósanna imeachta bainistithe cibirionsaithe foriomlána a thástáil gach bliain ar a laghad trí thástáil a dhéanamh ar chás amháin ar a laghad a dhéanann difear díreach nó indíreach do shreafaí leictreachais trasteorann. Féadfaidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair an tástáil bhliantúil sin a dhéanamh le linn na gcleachtaí rialta dá dtagraítear in Airteagal 43. Aon ghníomhaíocht freagartha ar chibirionsaí beo a n-aicmítear a iarmhairt ar Scála 2 ar a laghad, de réir na modheolaíochta i leith scála aicmithe cibirionsaithe dá dtagraítear in Airteagal 37(8) agus arb í an chibearshlándáil is bunchúis leis, d’fhéadfadh sé feidhmiú mar thástáil bhliantúil ar an bplean freagartha do chibirionsaí. |
4. Féadfaidh na Ballstáit na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a tharmligean freisin chuig na Lárionaid Chomhordúcháin Réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2019/943.
Airteagal 40
Bainistiú géarchéime
1. I gcás ina suífidh an t-údarás inniúil go mbaineann géarchéim leictreachais le cibirionsaí a bhfuil tionchar aige ar níos mó ná Ballstát amháin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát dá ndearnadh difear, na CS-NCAnna, an RP-NCA agus na húdaráis bainistithe cibirghéarchéimeanna NIS ó na Ballstáit dá ndéantar difear grúpa ad hoc um chomhordú géarchéime trasteorann a chruthú go comhpháirteach.
2. Déanfaidh an grúpa ad hoc um chomhordú géarchéime trasteorann na nithe seo a leanas:
|
(a) |
an fhaisnéis chibearshlándála ábhartha uile a aisghabháil go héifeachtach agus a scaipeadh a thuilleadh chuig na heintitis a bhfuil baint acu leis an bpróiseas bainistithe géarchéime; |
|
(b) |
an chumarsáid idir na heintitis uile dá ndéanann an ghéarchéim difear agus na húdaráis inniúla a eagrú, chun forluití a laghdú agus éifeachtúlacht a mhéadú sna hanailísí agus sna freagairtí teicniúla chun na géarchéimeanna comhuaineacha leictreachais arb í an chibearshlándáil is bunchúis leo a leigheas; |
|
(c) |
an saineolais is gá a sholáthar, i gcomhar le CSIRTanna inniúla, lena n-áirítear comhairle oibríochtúil maidir le cur chun feidhme beart maolaithe féideartha a thabhairt do na heintitis a bhfuil tionchar ag an teagmhas orthu; |
|
(d) |
fógra a thabhairt agus nuashonruithe tráthrialta a sholáthar don Choimisiún agus don Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais maidir le staid an teagmhais, de réir phrionsabail an ionchais dhlisteanaigh a leagtar síos in Airteagal 46; |
|
(e) |
comhairle a lorg ó údaráis, gníomhaireachtaí nó eintitis ábhartha a d’fhéadfadh cuidiú le maolú a dhéanamh ar an ngéarchéim leictreachais. |
3. I gcás ina gcáileoidh an cibirionsaí mar theagmhas mórscála cibearshlándála, nó ina mbeidh coinne leis go gcáileoidh sé amhlaidh, cuirfidh an grúpa ad hoc um chomhordú géarchéime trasteorann na húdaráis bainistithe cibirghéarchéime náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Threoir (AE) 2022/2555 sna Ballstáit dá ndéanann an teagmhas difear, chomh maith leis an gCoimisiún agus EU-CyCLONe, ar an eolas láithreach. Sa chás sin, tabharfaidh an grúpa ad hoc um chomhordú géarchéime trasteorann tacaíocht do EU-CyCLONe maidir le sainiúlachtaí earnálacha.
4. Forbróidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair cumais, treoirlínte inmheánacha, pleananna ullmhachta agus foireann, agus beidh na nithe sin ar fáil dóibh, chun páirt a ghlacadh i mbrath na géarchéime trasteorann agus ina maolú. An t-eintiteas tionchair chriticiúil nó ardtionchair a bhfuil tionchar ag géarchéim chomhuaineach leictreachais air, déanfaidh sé imscrúdú ar an rud is bunchúis leis an ngéarchéim sin i gcomhar lena údarás inniúil chun a mhéid a bhaineann an ghéarchéim le cibirionsaí a chinneadh.
5. Féadfaidh na Ballstáit na cúraimí i mír 4 a tharmligean freisin chuig na Lárionaid Chomhordúcháin Réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2019/943.
Airteagal 41
Pleananna maidir le bainistiú géarchéime cibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna
1. Laistigh de 24 mhí tar éis fógra a thabhairt do ACER faoin tuarascáil measúnaithe riosca uile-Aontais, déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar le ENISA, ENTSO don Leictreachas, an t-eintiteas AE do OCDanna, na CS-NCAnna, na húdaráis inniúla, na RP-NCAnna, na NRAnna agus na údaráis bainistithe cibirghéarchéime náisiúnta NIS, plean maidir le bainistiú géarchéime cibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna a fhorbairt le haghaidh earnáil an leictreachais.
2. Laistigh de 12 mhí tar éis do ACER an plean maidir le bainistiú géarchéime cibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna a fhorbairt le haghaidh earnáil an leictreachais de bhun mhír 1, forbróidh gach údarás inniúil plean náisiúnta maidir le bainistiú géarchéime cibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna i ndáil le sreafaí leictreachais trasteorann lena gcuirfear san áireamh an plean bainistithe géarchéime cibearshlándála uile-Aontais agus an plean riosca-ullmhachta náisiúnta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/941. Beidh an plean sin comhsheasmhach leis an bplean maidir le freagairt ar theagmhais mhórscála chibearshlándála agus géarchéimeanna de bhun Airteagal 9(4) de Threoir (AE) 2022/2555. Comhordóidh an t-údarás inniúil leis na heintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair agus le RP-NCA ina Bhallstát.
3. An plean náisiúnta maidir le freagairt ar theagmhais mhórscála chibearshlándála agus géarchéimeanna a cheanglaítear de bhun Airteagal 9(4) de Threoir (AE) 2022/2555, breithneofar gur plean náisiúnta maidir le bainistiú géarchéime cibearshlándála é faoin Airteagal seo má áirítear ann forálacha maidir le bainistiú géarchéime agus freagairt ar ghéarchéimeanna i ndáil leis na sreafaí leictreachais trasteorann.
4. Féadfaidh na Ballstáit na cúraimí a liostaítear i míreanna 1 agus 2 a tharmligean freisin chuig na Lárionaid Chomhordúcháin Réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2019/943.
5. Áiritheoidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair gurb amhlaidh na nithe seo a leanas maidir lena bpróisis bainistithe géarchéime a bhaineann leis an gcibearshlándáil:
|
(a) |
tá nósanna imeachta comhoiriúnacha um láimhseáil teagmhas cibearshlándála trasteorann mar a shainmhínítear in Airteagal 6(8) de Threoir (AE) 2022/2555 ionchorpraithe go foirmiúil ina bpleananna bainistithe géarchéime; |
|
(b) |
is cuid de na gníomhaíochtaí bainistithe ginearálta géarchéime iad. |
6. Laistigh de 12 mhí tar éis fógra a thabhairt do na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil de bhun Airteagal 24(6), agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair plean bainistithe géarchéime a fhorbairt ar leibhéal an eintitis i ndáil le géarchéim a bhaineann leis an gcibearshlándáil, rud a áireofar ina bpleananna bainistithe ginearálta géarchéime. Áireofar sa phlean sin na nithe seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
rialacha maidir leis an ngéarchéim a fhógairt mar a leagtar amach in Airteagal 14(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/941; |
|
(b) |
róil agus freagrachtaí soiléire maidir le bainistiú géarchéime lena n-áirítear an ról atá ag eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair ábhartha eile; |
|
(c) |
sonraí teagmhála cothrom le dáta chomh maith le rialacha maidir le cumarsáid agus comhroinnt faisnéise i gcás géarchéime lena n-áirítear an ceangal le CSIRTanna. |
7. Na bearta maidir le bainistiú géarchéime de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), de Threoir (AE) 2022/2555, breithneofar gur plean bainistithe géarchéime ar leibhéal an eintitis le haghaidh earnáil an leictreachais é faoin Airteagal seo má áirítear ann na ceanglais uile a liostaítear i mír 6.
8. Déanfar na pleananna bainistithe géarchéime a thástáil le linn na gcleachtaí cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagail 43, 44 agus 45.
9. Áireoidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair a bpleananna bainistithe géarchéime ar leibhéal an eintitis ina bpleananna leanúnachais gnó le haghaidh na bpróiseas tionchair chriticiúil agus ardtionchair. Áireofar sna pleananna bainistithe géarchéime ar leibhéal an eintitis:
|
(a) |
próisis a bhraitheann ar infhaighteacht, sláine agus iontaofacht seirbhísí TFC; |
|
(b) |
gach suíomh leanúnachais gnó lena n-áirítear suíomhanna le haghaidh crua-earraí agus bogearraí; |
|
(c) |
na róil agus na freagrachtaí inmheánacha uile atá nasctha le próisis leanúnachais gnó. |
10. Tabharfaidh eintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair a bpleananna bainistithe géarchéime ar leibhéal an eintitis cothrom le dáta gach 3 bliana ar a laghad agus aon uair is gá.
11. An plean uile-Aontais maidir le bainistiú géarchéime cibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna a fhorbraítear de bhun mhír (1), tabharfaidh ACER cothrom le dáta gach 3 bliana ar a laghad é agus aon uair is gá.
12. An plean náisiúnta maidir le bainistiú géarchéime cibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna i ndáil le sreafaí leictreachais trasteorann a fhorbraítear de bhun mhír (2), tabharfaidh gach údarás inniúil cothrom le dáta gach 3 bliana ar a laghad é agus aon uair is gá.
13. Déanfaidh na heintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair tástáil ar a bpleananna leanúnachais gnó uair amháin gach 3 bliana ar a laghad nó tar éis mórathruithe ar phróiseas tionchair chriticiúil. Déanfar toradh an phlean leanúnachais gnó a dhoiciméadú. Féadfaidh na heintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair an tástáil ar a bplean leanúnachais gnó a áireamh sna cleachtaí cibearshlándála.
14. Tabharfaidh na heintitis tionchair chriticiúil agus ardtionchair a bplean leanúnachais gnó cothrom le dáta aon uair is gá agus uair amháin gach 3 bliana ar a laghad agus toradh na tástála á chur san áireamh.
15. Má shainaithnítear le tástáil go bhfuil easnaimh sa phlean leanúnachais gnó, ceartóidh an t-eintiteas tionchair chriticiúil agus ardtionchair na heasnaimh sin laistigh de 180 lá féilire tar éis na tástála agus déanfaidh tástáil nua chun fianaise a sholáthar go bhfuil na bearta ceartaitheacha éifeachtach.
16. I gcás nach féidir le heintiteas tionchair chriticiúil nó ardtionchair na heasnaimh a cheartú laistigh de 180 lá féilire, áireoidh sé na cúiseanna leis sin sa tuarascáil atá le soláthar dá údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 27.
Airteagal 42
Cumais luathrabhaidh cibearshlándála le haghaidh earnáil an leictreachais
1. Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhar le ENISA chun Cumais Luathrabhaidh Cibearshlándála Leictreachais (ECEAC) a fhorbairt mar chuid den chúnamh a thugtar do na Ballstáit de bhun Airteagail 6(2) agus (7) de Rialachán (AE) 2019/881.
2. Cuirfidh ECEAC ar a chumas do ENISA na nithe seo a leanas a dhéanamh le linn dó na cúraimí a liostaítear in Airteagal 7(7) de Rialachán (AE) 2019/881 a dhéanamh:
|
(a) |
faisnéis arna roinnt go deonach a bhailiú uathu seo a leanas:
|
|
(b) |
measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis bhailithe agus í a aicmiú; |
|
(c) |
measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhfuil rochtain ag ENISA uirthi chun dálaí riosca cibearshlándála agus táscairí ábhartha a shainaithint i ndáil le gnéithe de shreafaí leictreachais trasteorann; |
|
(d) |
dálaí agus táscairí a bhíonn comhghaolaithe go minic le cibirionsaithe laistigh d’earnáil an leictreachais a shainaithint; |
|
(e) |
a shainiú an ndéanfar a thuilleadh anailíse agus beart coisctheach trí mheasúnú agus sainaithint a dhéanamh ar thosca riosca; |
|
(f) |
na húdaráis inniúla a chur ar an eolas maidir leis na rioscaí sainaitheanta agus bearta coisctheacha a mholadh a bhainfidh go sonrach leis na heintitis lena mbaineann; |
|
(g) |
na heintitis ábhartha uile a liostaítear in Airteagal 2 a chur ar an eolas maidir le torthaí an mheasúnaithe faisnéise a dhéantar i gcomhréir le pointí (b), (c) agus (d) den mhír seo; |
|
(h) |
an fhaisnéis ábhartha a áireamh go tréimhsiúil sa tuarascáil feasachta staide, a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2019/881; |
|
(i) |
sonraí infheidhme a dhíorthú, i gcás inar féidir, a léiríonn leis na faisnéis a bailíodh go bhféadfadh sé go ndearnadh sárú slándála nó cibirionsaí (‘táscairí maidir le cur i mbaol’). |
3. Déanfaidh na CSIRTanna an fhaisnéis a fhaightear ó ENISA a scaipeadh gan mhoill ar na heintitis lena mbaineann, laistigh dá gcúraimí a shainítear in Airteagal 11(3), pointe (b), de Threoir (AE) 2022/2555.
4. Déanfaidh ACER faireachán ar éifeachtacht ECEAC. Tabharfaidh ENISA cúnamh do ACER tríd an bhfaisnéis uile is gá a sholáthar, de bhun Airteagal 6(2) agus Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2019/881. An anailís ar an ngníomhaíocht faireacháin sin, beidh sí ina cuid den fhaireachán de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo.
CAIBIDIL VI
CREAT CLEACHTAÍ CIBEARSHLÁNDÁLA LEICTREACHAIS
Airteagal 43
Cleachtaí cibearshlándála ar leibhéil an eintitis agus na mBallstát
1. Faoin 31 Nollaig den bhliain tar éis fógra a thabhairt d’eintitis tionchair chriticiúil, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh gach eintiteas tionchair chriticiúil cleachtadh cibearshlándála lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de chásanna ina dtarlaíonn cibirionsaithe a dhéanann difear díreach nó indíreach do shreafaí leictreachais trasteorann agus a bhaineann leis na rioscaí arna sainaithint le linn na measúnuithe riosca cibearshlándála ar leibhéil na mBallstát agus an eintitis i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 27.
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh RP-NCA an cinneadh a dhéanamh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus leis an údarás bainistithe cibirghéarchéime ábhartha mar a ainmnítear nó a bhunaítear i dTreoir (AE) 2022/2555 faoi Airteagal 9, cleachtadh cibearshlándála a eagrú ar leibhéal na mBallstát mar a thuairiscítear i mír 1 in ionad an cleachtadh cibearshlándála a dhéanamh ar leibhéal an eintitis. I ndáil leis sin, cuirfidh an t-údarás inniúil na páirtithe seo a leanas ar an eolas:
|
(a) |
gach ceann d’eintitis tionchair chriticiúil a Bhallstáit, an NRA, na CSIRTanna agus an CS-NCA, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh an bhliain roimh an gcleachtadh cibearshlándála ar leibhéal an eintitis; |
|
(b) |
gach eintiteas a bheidh rannpháirteach sa chleachtadh cibearshlándála ar leibhéal na mBallstát, tráth nach déanaí ná 6 mhí sula mbeidh an cleachtadh le déanamh. |
3. Déanfaidh RP-NCA, le tacaíocht theicniúil a CSIRTanna, an cleachtadh cibearshlándála ar a dtugtar tuairisc i mír 2 a eagrú ar leibhéal na mBallstát go neamhspleách nó i gcomhthéacs cleachtaidh cibearshlándála dhifriúil sa Bhallstát sin. Chun go mbeifear in ann na cleachtaí sin a ghrúpáil, féadfaidh RP-NCA an cleachtadh cibearshlándála ar leibhéal na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 a chur siar 1 bhliain amháin.
4. Na cleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an eintitis agus ar leibhéal na mBallstát, beidh siad comhsheasmhach leis na creataí bainistithe géarchéime cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 9(4), pointe (d), de Threoir (AE) 2022/2555.
5. Faoin 31 Nollaig 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, teimpléad cásanna cleachtaidh a chur ar fáil chun na cleachtaí cibearshlándála ar leibhéil an eintitis agus na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh. Cuirfear san áireamh sa teimpléad sin torthaí an mheasúnaithe riosca cibearshlándála is déanaí a rinneadh ar leibhéil an eintitis agus na mBallstát agus áireofar príomhchritéir ratha ann. Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna páirt do ACER agus ENISA i bhforbairt an teimpléid sin.
Airteagal 44
Cleachtaí cibearshlándála réigiúnacha nó trasréigiúnacha
1. Faoin 31 Nollaig 2029, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, i ngach réigiún oibríochta córais, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, cleachtadh cibearshlándála réigiúnach a eagrú. Beidh na heintitis tionchair chriticiúil sa réigiún oibríochta córais rannpháirteach sa chleachtadh cibearshlándála réigiúnach. Féadfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, cleachtadh cibearshlándála trasréigiúnach a eagrú, in ionad cleachtadh cibearshlándála réigiúnach, i níos mó ná réigiún oibríochta córais amháin laistigh den tráthchlár céanna. Ba cheart measúnuithe riosca cibearshlándála eile atá ann cheana agus cásanna arna bhforbairt ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh sa chleachtadh.
2. Tacóidh ENISA le ENTSO don Leictreachas agus leis an eintiteas AE do OCDanna chun an cleachtadh cibearshlándála a ullmhú agus a eagrú ar an leibhéal réigiúnach nó trasréigiúnach.
3. Cuirfidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, na heintitis tionchair chriticiúil a bheidh rannpháirteach sa chleachtadh cibearshlándála réigiúnach nó trasréigiúnach ar an eolas faoi sin 6 mhí sula ndéanfar an cleachtadh.
4. Eagraí gnáthchleachtaidh cibearshlándála ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2019/881, nó eagraí aon chleachtaidh cibearshlándála éigeantaigh a bhaineann le hearnáil an leictreachais laistigh den imlíne gheografach chéanna, féadfaidh sé a iarraidh ar ENTSO don Leictreachas agus ar an eintiteas AE do OCDanna a bheith rannpháirteach ann. Sna cásanna sin, níl feidhm ag an oibleagáid i mír 1, ar choinníoll go mbeidh na heintitis tionchair chriticiúil uile sa réigiún oibríochta córais rannpháirteach sa chleachtadh céanna.
5. Má bhíonn ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna rannpháirteach i gcleachtadh cibearshlándála dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh siad an cleachtadh cibearshlándála réigiúnach nó trasréigiúnach dá dtagraítear i mír 1 a chur siar 1 bhliain amháin.
6. Faoin 31 Nollaig 2027, agus gach 3 bliana i ndiaidh an dáta sin, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, teimpléad cleachtaidh a chur ar fáil chun na cleachtaí cibearshlándála réigiúnacha agus trasréigiúnacha a dhéanamh. Cuirfear san áireamh sa teimpléad sin torthaí an mheasúnaithe riosca cibearshlándála ar an leibhéal réigiúnach agus áireofar príomhchritéir ratha ann. Rachaidh ENTSO don Leictreachas i gcomhairle leis an gCoimisiún agus féadfaidh sé comhairle a lorg ó ACER, ENISA agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde maidir le heagrú agus feidhmiú na gcleachtaí cibearshlándála réigiúnacha agus trasréigiúnacha.
Airteagal 45
An toradh ar chleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an eintitis, leibhéal na mBallstát agus an leibhéal réigiúnach nó trasréigiúnach
1. Arna iarraidh sin d’eintiteas tionchair chriticiúil, beidh soláthraithe seirbhíse criticiúla rannpháirteach sna cleachtaí cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 43(1) agus (2) agus in Airteagal 44(1) i gcás ina soláthróidh siad seirbhísí don eintiteas tionchair chriticiúil sa réimse a chomhfhreagraíonn do raon feidhme an chleachtaidh cibearshlándála ábhartha.
2. Déanfaidh eagraithe na gcleachtaí cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 43(1) agus (2) agus in Airteagal 44(1), le comhairle ó ENISA arna hiarraidh sin dóibh agus de bhun Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2019/881, anailís ar an gcleachtadh cibearshlándála ábhartha agus é a thabhairt chun críche trí thuarascáil lena ndéanfar achoimre ar na ceachtanna, a sheolfar chuig na rannpháirtithe uile. Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:
|
(a) |
na cásanna cleachtaidh, na tuarascálacha ó chruinnithe, na príomhsheasaimh, an rath agus na ceachtanna foghlamtha ar aon leibhéal den slabhra luacha leictreachais; |
|
(b) |
cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na príomhchritéir ratha; |
|
(c) |
liosta moltaí d’eintitis a bhí rannpháirteach sa chleachtadh cibearshlándála ábhartha maidir le ceartúchán, oiriúnú nó athrú a dhéanamh ar phróisis géarchéime cibearshlándála, nósanna imeachta, samhlacha rialachais bainteacha agus aon chonradh atá ann cheana a rinneadh le soláthraithe seirbhíse criticiúla. |
3. Arna iarraidh sin don líonra CSIRTanna nó don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise nó do EU-CyCLONe, déanfaidh eagraithe na gcleachtaí cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 43(1) agus (2) agus in Airteagal 44(1) toradh an chleachtaidh cibearshlándála ábhartha a roinnt. Déanfaidh na heagraithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo a roinnt le gach eintiteas atá rannpháirteach sna cleachtaí. Déanfaidh na heagraithe an liosta moltaí dá dtagraítear sa mhír sin, pointe (c), a roinnt go heisiach leis na heintitis ar orthusan a dhírítear na moltaí.
4. Déanfaidh eagraithe na gcleachtaí cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 43(1) agus (2) agus in Airteagal 44(1) bearta leantacha go tráthrialta leis na heintitis atá rannpháirteach sna cleachtaí maidir le cur chun feidhme na moltaí de bhun mhír 2, pointe (c), den Airteagal seo.
CAIBIDIL VII
FAISNÉIS A CHOSAINT
Airteagal 46
Prionsabail maidir le cosaint faisnéise malartaithe
1. Áiritheoidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1) go mbeidh an fhaisnéis a sholáthrófar, a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear faoin Rialachán seo inrochtana ar bhonn riachtanais eolais amháin agus i gcomhréir le rialacha ábhartha náisiúnta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le slándáil faisnéise.
2. Áiritheoidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1) go ndéanfar an fhaisnéis a sholáthrófar, a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear faoin Rialachán seo a láimhseáil agus a rianú le linn shaolré iomlán na faisnéise sin agus nach bhféadfar í a scaoileadh ag deireadh a saolré ach tar éis a hanaithnidithe.
3. Áiritheoidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1) go gcuirfear i bhfeidhm gach beart cosanta de chineál eagraíochtúil agus teicniúil is gá chun rúndacht, sláine, infhaighteacht agus neamhshéanadh na faisnéise a sholáthrófar, a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear faoin Rialachán seo a choimirciú agus a chosaint, gan beann ar an modh a úsáidfear. Beidh na nithe seo a leanas amhlaidh maidir leis na bearta cosanta:
|
(a) |
beidh siad comhréireach; |
|
(b) |
cuirfear san áireamh iontu rioscaí cibearshlándála a bhaineann le bagairtí arb eol iad a bheith ann roimhe seo nó ag teacht chun cinn a bhféadfadh an fhaisnéis sin a bheith faoina réir i gcomhthéacs an Rialacháin seo; |
|
(c) |
a mhéid is féidir, beidh siad bunaithe ar chaighdeáin agus dea-chleachtais náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta; |
|
(d) |
beidh siad doiciméadaithe. |
4. Áiritheoidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1) go gcuirfear aon duine aonair dá ndeonaítear rochtain ar fhaisnéis a sholáthrófar, a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear faoin Rialachán seo ar an eolas maidir leis na rialacha slándála is infheidhme ar leibhéal an eintitis agus maidir leis na bearta agus na nósanna imeachta atá ábhartha do chosaint na faisnéise. Áiritheoidh na heintitis sin go n-admhaíonn an duine aonair lena mbaineann an fhreagracht as an bhfaisnéis a chosaint mar a threoraítear dó le linn an tseisiúin eolais.
5. Áiritheoidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1) go mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis a sholáthrófar, a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear faoin Rialachán seo teoranta do dhaoine aonair:
|
(a) |
dá n-údaraítear an fhaisnéis sin a rochtain bunaithe ar a bhfeidhmeanna agus teoranta d’fheidhmiú na gcúraimí a shanntar dóibh; |
|
(b) |
ar ina leith a bhí an t-eintiteas in ann measúnú a dhéanamh ar phrionsabail eiticiúla agus ionracais, agus nach bhfuil aon fhianaise ina leith ar thoradh diúltach ó sheiceáil fíorúcháin cúlra chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht an duine aonair i gcomhréir le dea-chleachtas agus gnáthcheanglais slándála an eintitis, agus, i gcás inar gá, leis na dlíthe agus rialacháin náisiúnta. |
6. Na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(1), beidh acu, i scríbhinn, comhaontú an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh a chruthaigh nó a sholáthair an fhaisnéis an chéad lá riamh, sula soláthróidh siad an fhaisnéis sin do thríú páirtí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
7. Féadfaidh eintiteas a liostaítear in Airteagal 2(1) a bhreithniú go roinnfear an fhaisnéis sin gan míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo a chomhlíonadh chun géarchéim chomhuaineach leictreachais arb í an chibearshlándáil is bunchúis léi nó aon ghéarchéim trasteorann laistigh den Aontas in earnáil eile a chosc. Sa chás sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:
|
(a) |
rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás inniúil agus beidh sé údaraithe aige chun an fhaisnéis sin a roinnt; |
|
(b) |
déanfaidh sé an fhaisnéis sin a anaithnidiú ar bhealach nach gcaillfear na heilimintí di a bhfuil gá leo chun an pobal a chur ar an eolas maidir le riosca tromchúiseach do shreafaí leictreachais trasteorann agus maidir leis na bearta maolaithe a d’fhéadfadh a bheith ann; |
|
(c) |
déanfaidh sé céannacht an tionscnóra agus na n-eintiteas a bhfuil an fhaisnéis sin á próiseáil acu faoin Rialachán seo a choimirciú. |
8. De mhaolú ar mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis a sholáthrófar, a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear faoin Rialachán seo a sholáthar do thríú páirtí nach liostaítear in Airteagal 2(1) gan toiliú a fháil i scríbhinn ó thionscnóir na faisnéise roimh ré ach an tionscnóir sin a chur ar an eolas a luaithe is féidir. Sula ndéanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann aon fhaisnéis a sholáthrófar, a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear faoin Rialachán seo a nochtadh do thríú páirtí nach liostaítear in Airteagal 2(1), áiritheoidh sé go réasúnta go bhfuil an tríú páirtí lena mbaineann ar an eolas maidir leis na rialacha slándála atá i bhfeidhm agus gheobhaidh sé dearbhú réasúnta gur féidir leis an tríú páirtí lena mbaineann an fhaisnéis a gheofar i gcomhréir le míreanna 1 go 5 den Airteagal seo a chosaint. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin a anaithnidiú ar bhealach nach gcaillfear na heilimintí di a bhfuil gá leo chun an pobal a chur ar an eolas maidir le riosca tromchúiseach do shreafaí leictreachais trasteorann atá ar tí tarlú agus maidir leis na bearta maolaithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus coimirceoidh sé céannacht thionscnóir na faisnéise sin. Sa chás sin, cosnóidh an tríú páirtí nach liostaítear in Airteagal 2(1) an fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm cheana ar leibhéal an eintitis, nó i gcás nach féidir sin, leis na forálacha agus na treoracha a sholáthraíonn an t-údarás inniúil ábhartha.
9. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le heintitis nach liostaítear in Airteagal 2(1) dá soláthraítear faisnéis de bhun mhír 6 den Airteagal seo. Sa chás sin, cuirfear mír 7 den Airteagal seo i bhfeidhm, nó féadfaidh an t-údarás inniúil forálacha i scríbhinn a sholáthar don eintiteas sin a bheidh le cur i bhfeidhm i gcásanna ina bhfaightear faisnéis de bhun an Rialacháin seo.
Airteagal 47
Rúndacht faisnéise
1. Cuirfear aon fhaisnéis a sholáthrófar, a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo den Rialachán seo agus faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2019/943. Aon fhaisnéis a sholáthrófar, a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear i measc na n-eintiteas a liostaítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, beidh sí cosanta, i bhfianaise leibhéal rúndachta na faisnéise arna chur i bhfeidhm ag an tionscnóir.
2. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na heintitis a liostaítear in Airteagal 2.
3. Malartóidh na CS-NCAnna, na NRAnna, na RP-NCAnna agus na CSIRTanna an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh.
4. Aon fhaisnéis a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear i measc na n-eintiteas a liostaítear in Airteagal 2(1), chun Airteagal 23 a chur chun feidhme, beidh sí anaithnidithe agus comhiomlánaithe.
5. Ní fhéadfar faisnéis a gheobhaidh aon eintiteas nó údarás atá faoi réir an Rialacháin seo i gcúrsa a ndualgas a nochtadh d’aon eintiteas nó d’aon údarás eile, gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí náisiúnta, le forálacha eile an Rialacháin seo nó le reachtaíocht ábhartha eile an Aontais.
6. Gan dochar do reachtaíocht náisiúnta ná do reachtaíocht an Aontais, ní fhéadfaidh údarás, eintiteas nó duine nádúrtha a gheobhaidh faisnéis de bhun an Rialacháin seo í a úsáid chun aon chríoch eile seachas chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.
7. Déanfaidh ACER, tar éis dul i gcomhairle le ENISA, na húdaráis inniúla uile, ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna, treoirlínte a eisiúint, faoin 13 Meitheamh 2025, lena dtabharfar aghaidh ar shásraí i dtaca leis na heintitis uile a liostaítear in Airteagal 2(1) chun faisnéis, agus go háirithe sreafaí cumarsáide atáthar atá beartaithe, agus modhanna anaithnidithe agus comhiomlánaithe faisnéise a mhalartú chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.
8. Faisnéis atá rúnda de bhun rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta, ní mhalartófar leis an gCoimisiún ná le húdaráis ábhartha eile í ach i gcás ina mbeidh gá leis an malartú sin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Ní bheidh san fhaisnéis a mhalartófar ach an méid is gá maidir le cuspóir an mhalartaithe agus an méid is comhréireach leis. Leis an malartú faisnéise, caomhnófar rúndacht na faisnéise sin agus cosnófar slándáil agus leasanna tráchtála eintiteas tionchair chriticiúil agus ardtionchair.
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 48
Forálacha sealadacha
1. Go dtí go bhformheasfar na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) nó na pleananna dá dtagraítear in Airteagal 6(3), forbróidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, treoraíocht neamhcheangailteach maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
|
(a) |
innéacs tionchair cibearshlándála leictreachais (‘ECII’) sealadach de bhun mhír 2 den Airteagal seo; |
|
(b) |
liosta sealadach de phróisis ardtionchair agus tionchair chriticiúil uile-Aontais de bhun mhír 4 den Airteagal seo; agus |
|
(c) |
liosta sealadach de chaighdeáin agus rialuithe Eorpacha agus idirnáisiúnta a cheanglaítear le reachtaíocht náisiúnta atá ábhartha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann de bhun mhír 6 den Airteagal seo. |
2. Faoin 13 Deireadh Fómhair 2024, forbróidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, moladh maidir le ECII sealadach. Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, fógra do na húdaráis inniúla faoin ECII sealadach molta.
3. 4 mhí tar éis ECII sealadach molta a fháil, nó tráth nach déanaí ná an 13 Feabhra 2025, sainaithneoidh na húdaráis inniúla eintitis ina mBallstáit a d’fhéadfadh a bheith ina n-eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil bunaithe ar ECII molta agus forbróidh siad liosta sealadach d’eintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil. Na heintitis ardtionchair agus tionchair chriticiúil a shainaithnítear sa liosta sealadach, féadfaidh siad a n-oibleagáidí mar a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh go deonach bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim. Faoin 13 Márta 2025, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do na heintitis arna sainaithint sa liosta sealadach go sainaithnítear mar eintiteas ardtionchair nó mar eintiteas tionchair chriticiúil iad.
4. Faoin 13 Nollaig 2024, forbróidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, liosta sealadach de phróisis ardtionchair agus tionchair chriticiúil uile-Aontais. Na heintitis dá dtugtar fógra de bhun mhír (3) a dhéanfaidh cinneadh deonach a n-oibleagáidí mar a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim, úsáidfidh siad an liosta sealadach de phróisis ardtionchair agus tionchair chriticiúil chun na himlínte sealadacha ardtionchair agus tionchair chriticiúil a chinneadh agus chun a chinneadh cé na sócmhainní atá le háireamh sa chéad mheasúnú riosca cibearshlándála ar leibhéal an eintitis.
5. Faoin 13 Meán Fómhair 2024, déanfaidh gach údarás inniúil de réir Airteagal 4(1) liosta dá reachtaíocht náisiúnta atá ábhartha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann a sholáthar do ENTSO don Leictreachas agus don eintiteas AE do OCDanna.
6. Faoin 13 Meitheamh 2025, ullmhóidh ENTSO don Leictreachas, i gcomhar leis an eintiteas AE do OCDanna, liosta sealadach de chaighdeáin agus rialuithe Eorpacha agus idirnáisiúnta a cheanglaítear le reachtaíocht náisiúnta atá ábhartha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann, agus an fhaisnéis arna soláthar ag na húdaráis inniúla á cur san áireamh.
7. Áireofar sa liosta sealadach de chaighdeáin agus rialuithe Eorpacha agus idirnáisiúnta:
|
(a) |
caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta agus reachtaíocht náisiúnta lena soláthraítear treoraíocht maidir le modheolaíochtaí i leith bainistiú riosca cibearshlándála ar leibhéal an eintitis; agus |
|
(b) |
rialuithe cibearshlándála atá coibhéiseach leis na rialuithe a bhfuil coinne leis go mbeidh siad ina gcuid de na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála. |
8. Cuirfidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna na tuairimí a thabharfaidh ENISA agus ACER uathu san áireamh agus an liosta sealadach caighdeán á thabhairt chun críche acu. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna an liosta idirthréimhseach de chaighdeáin agus rialuithe Eorpacha agus idirnáisiúnta a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin.
9. Rachaidh ENTSO don Leictreachas agus an t-eintiteas AE do OCDanna i gcomhairle le ENISA agus ACER maidir leis na tograí le haghaidh treoraíocht neamhcheangailteach a fhorbraítear de bhun mhír 1.
10. Go dtí go ndéanfar na híosrialuithe agus na hardrialuithe cibearshlándála a fhorbairt de bhun Airteagal 29 agus a ghlacadh de bhun Airteagal 8, féachfaidh gach eintiteas a liostaítear in Airteagal 2(1) leis an treoraíocht neamhcheangailteach a fhorbraítear de bhun mhír 1 a chur i bhfeidhm de réir a chéile.
Airteagal 49
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 158, 14.6.2019, lch. 54.
(2) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (An Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
(3) Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais (IO L 220, 25.8.2017, lch. 1).
(6) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).
(7) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(8) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
(9) Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).
(10) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28).
(11) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(12) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(13) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(14) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le sonraí a thuairisciú i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 363, 18.12.2014, lch. 121).
(15) Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(17) Cinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012 lena mbunaítear an Grúpa Comhordaithe Leictreachais (2012/C 353/02) (IO C 353, 17.11.2012, lch. 2).
(18) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(19) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1366/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)