European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1363

17.5.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1363 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Márta 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbaintear an Bhútáin de liosta na dtíortha is tairbhithe den socrú speisialta do na tíortha is lú forbairt

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 17(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, tír a shainaithníonn na Náisiúin Aontaithe (‘NA’) mar cheann de na tíortha is lú forbairt, foráiltear gur cheart í a thairbhiú de na fabhair tharaife faoin socrú speisialta le haghaidh na dtíortha is lú forbairt, ‘Gach Ní Seachas Airm’ (‘EBA’).

(2)

Leagtar amach liosta na dtíortha is tairbhithe den socrú speisialta do na tíortha is lú forbairt dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán. Le hAirteagal 17(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, leagtar amach go bhfuil athbhreithniú leanúnach le déanamh ar Iarscríbhinn IV chun athruithe a bhaineann leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17(1) a léiriú. Thairis sin, le hAirteagal 17(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 leagtar amach idirthréimhse 3 bliana chun tír a bhaint ó liosta na dtíortha is tairbhithe den scéim EBA.

(3)

Thug na Náisiúin Aontaithe ardú céime amach as catagóir na dtíortha is lú forbartha don Bhútáin an 13 Nollaig 2023. Dá bhrí sin, níl an Bhútáin cáilithe a thuilleadh le haghaidh stádas an tairbhí de EBA faoi Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus ba cheart í a bhaint d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, baint na Bútáine de liosta na dtíortha is tairbhithe de EBA, ba cheart feidhm a bheith aici tar éis idirthréimhse 3 bliana ón dáta a thiocfaidh an gníomh tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, an Bhútáin a bhaint d’Iarscríbhinn IV agus feidhm a bheith ag an méid sin ón 1 Eanáir 2028.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 978/2012

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, scriostar an cód aibítre agus an tír chomhfhreagrach seo a leanas ó cholúin A agus B faoi seach:

‘BT

an Bhútáin’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 303, 31.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/978/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1363/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)