European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1359

22.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1359 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2) (d) agus (e) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Agus limistéar saoirse, slándála agus ceartais á chomhdhéanamh aige, ba cheart don Aontas a áirithiú nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann le haghaidh daoine, agus ba cheart dó comhbheartas a chumadh maidir le tearmann agus imirce, agus teorainneacha seachtracha a rialú agus fillteacha, agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe idir na Ballstáit a chosc, a bheadh bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit, agus a bheadh cothrom freisin do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha.

(2)

Tá gá le cur chuige cuimsitheach, a mbeidh sé mar chuspóir aige muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a threisiú, agus é á aithint go mbíonn éifeachtacht an chur chuige fhoriomláin ag brath ar aghaidh a thabhairt ar ghnéithe uile an scéil ar bhonn comhpháirteach agus iad a chur chun feidhme ar bhealach comhtháite.

(3)

D’fhéadfadh dúshláin imirce a bheith roimh an Aontas agus a Bhallstáit, ar dúshláin iad a d’fhéadfadh a bheith an-éagsúil, go háirithe maidir le scála agus comhdhéanamh na ndaoine a bhíonn ag teacht isteach. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh uirlisí éagsúla ag an Aontas chun freagairt ar gach cineál cáis. Leis an gcur chuige cuimsitheach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí le tríú tíortha ábhartha, ba cheart a áirithiú go mbeidh rialacha sonracha ar fáil don Aontas chun an imirce a bhainistiú go héifeachtach, go háirithe maidir leis an sásra dlúthpháirtíochta éigeantach a chur i ngníomh, agus go gcuirfear na bearta uile is gá i bhfeidhm chun géarchéimeanna a chosc. Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha atá comhlántach leis an gcur chuige sin agus leis na rialacha a leagtar amach i dTreoir 2001/55/CE ón gComhairle (5) freisin, ar féidir iad a chur i bhfeidhm i gcomhthráth.

(4)

In ainneoin na bearta coisctheacha is gá a chur i bhfeidhm, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfaidh cás géarchéime nó force majeure chun cinn i réimse na himirce agus an tearmainn de thoradh imthosca nach bhfuil neart ag an Aontas nó ag a Bhallstáit orthu. Féadtar a áireamh ar chásanna eisceachtúla den sórt sin an líon ollmhór náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát atá ag teacht isteach ar chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó, nó cás ina bhfuil ionstraimiú imirceach á dhéanamh ag tríú tír nó ag gníomhaí naimhdeach nach gníomhaí stáit é chun an Ballstát nó an tAontas a dhíchobhsú, nó cás ina bhfuil force majeure ann sa Bhallstát. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé nach leordhóthanach na bearta agus an tsolúbthacht dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2024/1351 agus Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun aghaidh a thabhairt ar chásanna eisceachtúla den sórt sin. Tá na cásanna eisceachtúla sin éagsúil leis na cásanna sin ina bhfuil cás suntasach imirce roimh Bhallstát i ngeall ar éifeacht charnach na n-imirceach atá ag teacht isteach ar a chórais dhea-ullmhaithe tearmainn, ghlactha agus imirce nó i gcás ina bhfuil Ballstát faoi bhrú imirce mar gheall ar an líon ollmhór imirceach atá ag teacht isteach, nach sroicheann an líon daoine atá ag teacht isteach leibhéal ollmhór ach a chruthaíonn ualach díréireach ar chórais dhea-ullmhaithe an Bhallstáit ag an tráth céanna agus lena bhforáiltear do na bearta is infheidhme i leith na gcásanna sin i Rialachán (AE) 2024/1351. Anuas air sin, ní dhéanfar leis an Rialachán seo difear d’fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir le riail agus reacht a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a chosaint.

(5)

Leis an Rialachán seo, tá sé beartaithe ullmhacht agus athléimneacht an Aontais a fheabhsú chun cásanna géarchéime a bhainistiú agus comhordú oibríochtúil, tacaíocht acmhainneachta agus infhaighteacht cistiúcháin i gcásanna géarchéime a éascú.

(6)

Áirithítear leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm éifeachtach phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta idir na Ballstáit agus oiriúnú ar na rialacha ábhartha maidir le nós imeachta tearmainn, lena n-áirítear nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh na huirlisí dlí is gá ag na Ballstáit agus ag an Aontas chun freagairt go tapa do chásanna géarchéime agus force majeure, lena n-áirítear na hamlínte a oiriúnú chun na nósanna imeachta ar fad a dhéanamh.

(7)

Áirithítear leis an Rialachán seo go bhfaighidh na Ballstáit tacaíocht iomlán i gcásanna géarchéime agus force majeure, lena n-áirítear tríd an sásra dlúthpháirtíochta lena n-áirithítear comhroinnt chóir na freagrachta agus cothromaíocht iarrachtaí idir na Ballstáit i gcásanna géarchéime.

(8)

Leis an Rialachán seo, urramaítear cearta bunúsacha náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát agus cloítear leis na prionsabail a shainaithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), go háirithe urraim agus cosaint ar dhínit an duine, toirmeasc ar chéasadh agus ar íde atá mídhaonna nó táireach nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, prionsabal phríomhleas an linbh, an ceart chun tearmainn agus cosanta i gcás aistrithe, díbeartha nó eiseachadta, chomh maith le Coinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’). Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gCairt agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta. D’fhonn léiriú a thabhairt ar an tús áite nach mór a thabhairt do phríomhleas an linbh, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989, agus ar an ngá atá ann saol an teaghlaigh a urramú, chomh maith le cosaint shláinte na ndaoine lena mbaineann a áirithiú, ba cheart coimircí a chur i bhfeidhm i ndáil le mionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh, agus le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (‘iarratasóirí’) a dteastaíonn tacaíocht shonrach agus leordhóthanach uathu mar gheall ar a sláinte. Ba cheart do na rialacha agus na ráthaíochtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1348 leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le daoine atá faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt leis an Rialachán seo. Na rialacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hiarratasóirí a choimeád faoi choinneáil, ba cheart dóibh leanúint d’fheidhm a bheith acu, ón tráth a dhéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

(9)

Ní dhéantar leis an Rialachán seo foráil do mhaoluithe ar na rialacha agus ráthaíochtaí, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le dálaí glactha ábhartha, faoi Threoir (AE) 2024/1346. Ba cheart do Bhallstát atá i gcás géarchéime foráil a dhéanamh d’acmhainní daonna agus ábhartha breise agus leordhóthanacha chun go mbeidh sé in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Treoir sin.

(10)

Ba cheart do na rialacha agus ráthaíochtaí a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2024/1356 (8), (AE) 2024/1358 (9), agus (AE) 2024/1347 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTreoir (AE) 2024/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) leanúint d’fheidhm a bheith acu gan beann ar mhaoluithe arna gcur i bhfeidhm faoin Rialachán seo. Níor cheart do na Ballstáit na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ach amháin i gcomhréir leis na coinníollacha a bhfuil na bearta sin faoina réir, dá bhforáiltear sa chinneadh cur chun feidhme ábhartha ón gComhairle arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo agus nuair is fíorghá agus comhréireach é.

(11)

Ba cheart glacadh beart faoin Rialachán seo i ndáil le Ballstát ar leith a bheith gan dochar don fhéidearthacht Airteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chur i bhfeidhm.

(12)

D’fhéadfadh teacht isteach líon ollmhór náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a bheith ina chúis le cás nach féidir le Ballstát iarratais ar chosaint idirnáisiúnta náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1351 agus Rialachán (AE) 2024/1348 agus a bhfuil iarmhairtí ag cás den sórt sin d’fheidhmiú an chórais tearmainn agus imirce, ní hamháin sa Bhallstát sin ach san Aontas ina iomláine. Dá bhrí sin, is gá rialacha agus sásraí sonracha a leagan síos lena bhféadfar gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin.

(13)

Ba cheart acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha agus bonneagar leordhóthanach a bheith ag na Ballstáit chun beartais bainistithe tearmainn agus imirce a chur chun feidhme go héifeachtach. Ba cheart do na Ballstáit comhordú iomchuí a áirithiú idir na húdaráis náisiúnta ábhartha agus in éineacht le húdaráis náisiúnta na mBallstát eile chomh maith chun a áirithiú go bhfuil a gcórais tearmainn, a gcórais ghlactha, lena n-áirítear seirbhísí cosanta leanaí, nó a gcórais fillte dea-ullmhaithe, lena n-áirítear ullmhacht agus pleanáil theagmhasach, agus go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ag gach comhpháirt.

(14)

D’fhéadfadh cás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh a bheith ann i gcás ina spreagann nó ina n-éascaíonn tríú tír nó gníomhaí naimhdeach nach gníomhaí stáit é gluaiseacht náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát chuig teorainneacha seachtracha an Aontais nó chuig Ballstát, i gcás ina léireodh na gníomhaíochtaí sin rún tríú tír nó gníomhaí naimhdigh nach gníomhaí stáit é an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú, agus i gcás inar dócha go gcuirfeadh gníomhaíochtaí den sórt sin feidhmeanna bunriachtanacha Ballstáit i mbaol, lena n-áirítear riail agus reacht a chaomhnú, nó a shlándáil náisiúnta a chosaint.

(15)

Sna cásanna ina mbíonn gníomhaithe nach gníomhaithe stáit iad ag gabháil do choireacht eagraithe, go háirithe ag gabháil don smuigleáil, níor cheart a mheas gur ionstraimiú imirceach é sin nuair nach aidhm di an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú.

(16)

Níor cheart cabhair dhaonnúil a mheas mar ionstraimiú imirceach nuair nach aidhm di an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú.

(17)

Gan dochar do na bearta is infheidhme faoi réimsí beartais agus ionstraimí dlí eile, chun freagairt láithreach iomchuí ar bhagairtí hibrideacha a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta, dírítear sa Rialachán seo ar na bearta sonracha is infheidhme i réimse na himirce arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh.

(18)

I gcás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh, d’fhéadfadh náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn sheachtrach nó i limistéar idirthurais Ballstáit, ós minic is daoine iad a ghabhtar i dtaca le trasnú neamhúdaraithe na teorann seachtraí, ar tír, ar muir nó san aer, nó is daoine iad a chuirtear i dtír tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. Is féidir é sin a bheith ina chúis, go háirithe, leis an méadú suntasach gan choinne ar líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag na teorainneacha seachtracha. I ndáil leis sin, is gá fíor-rochtain éifeachtach ar an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 18 den Chairt agus le Coinbhinsiún na Ginéive.

(19)

I dtaca leis an gCipir, le Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle (12), foráiltear do rialacha sonracha a bhfuil feidhm acu maidir leis an líne idir limistéir Phoblacht na Cipire ina bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire an rialú éifeachtach agus na limistéir sin nach bhfeidhmíonn sé an rialú éifeachtach iontu. Cé nach teorainn sheachtrach í an líne sin, fágann sí gur cheart a mheas, i gcás ina spreagann nó ina n-éascaíonn tríú tír nó gníomhaí naimhdeach nach gníomhaí stáit é gluaiseacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát leis an líne sin a thrasnú, gurb ionann sin agus ionstraimiú, más ann do gach gné eile ionstraimiú.

(20)

Féadann imthosca neamhghnácha neamh-intuartha a bheith roimh an mBallstát freisin nach bhfuil neart aige orthu, imthosca nárbh fhéidir a n-iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin go ndearnadh gach cúram cuí. D’fhéadfadh cásanna force majeure den sórt sin cosc a chur ar an mBallstát a chuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith acu ní hamháin sa Bhallstát sin ach san Aontas ina iomláine. Samplaí de chás force majeure is ea, i measc nithe eile, paindéimí agus tubaistí nádúrtha.

(21)

I gcás ina measfaidh Ballstát gur ann do chás géarchéime nó force majeure ar a chríoch féin, ba cheart an Ballstát sin a bheith in ann údarú a iarraidh chun na maoluithe agus na bearta dlúthpháirtíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart a áireamh san iarraidh sin tuairisc ar an gcás agus ba cheart na bearta a iarrann Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sonrach a shonrú. Ba cheart don Bhallstát a sholáthar freisin na cúiseanna a n-éilítear leis an gcás dul i muinín na mbeart sin agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta a rinneadh go dtí sin chun aghaidh a thabhairt ar an gcás a léiriú.

(22)

Níor cheart úsáid na mbeart a áirítear i mBuanbhosca Uirlisí Tacaíochta an Aontais Eorpaigh don Imirce arna bhunú le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2024/1351 (‘an Bosca Uirlisí’) a bheith ina réamhchoinníoll chun tairbhe a bhaint as na bearta dlúthpháirtíochta faoin Rialachán seo.

(23)

I gcás géarchéime, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an mBallstát a bhfuil an cás sin roimhe na bearta dlúthpháirtíochta agus tacaíochta is oiriúnaí dá riachtanais a iarraidh ar Bhallstáit eile chun an cás sin a bhainistiú, bearta lena n-éilítear dlúthpháirtíocht fheabhsaithe i gcomparáid leis an dlúthpháirtíocht dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1351, chun freagracht an Bhallstáit as déileáil le cás géarchéime a mhaolú. D’fhéadfadh athshocruithe, ranníocaíochtaí airgeadais, bearta malartacha dlúthpháirtíochta nó meascán den mhéid thuas a bheith i gceist leis na bearta feabhsaithe dlúthpháirtíochta agus tacaíochta.

(24)

I gcás géarchéime nó force majeure, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an mBallstát a bhfuil an cás sin roimhe údarú a iarraidh chun maoluithe a chur i bhfeidhm ar na rialacha ábhartha maidir leis an nós imeachta tearmainn, lena n-áirítear an nós imeachta teorann um thearmann. I gcás inarb ábhartha, ba cheart a áireamh in iarrataí den sórt sin rogha an Bhallstáit lena mbaineann a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta teorann a eisiamh nó a scor i gcás catagóirí sonracha iarratasóirí. In éineacht le hiarraidh den sórt sin, ba cheart an Ballstát lena mbaineann a bheith in ann fógra a thabhairt don Choimisiún faoin rún atá aige an maolú ar an sprioc-am clárúcháin a chur i bhfeidhm, sula n-údaraítear é déanamh amhlaidh i gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, chomh maith leis na cúiseanna beachta a bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach ina leith. Níor cheart don iarraidh ar an maolú sin a bheith níos faide ná 10 lá ón lá tar éis na hiarrata mura rud é go n-údaraítear sin sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle. Ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle, agus a bhfreagrachtaí faoi seach faoin nós imeachta um údarú á gcomhlíonadh acu, dul ar aghaidh go gasta chun an bhearna ama a theorannú idir deireadh na tréimhse sin agus glacadh an chinnidh cur chun feidhme chomhfhreagraigh ón gComhairle.

(25)

Ós rud é go bhféadfadh roinnt de na cásanna ar a dtugtar tuairisc sa Rialachán seo a bheith roimh Bhallstát an tráth céanna, tá an Ballstát sin in ann na bearta éagsúla faoin Rialachán seo a iarraidh agus a bheith údaraithe na bearta sin a chur i bhfeidhm nó tairbhe a bhaint astu i gcomhthráth, ar ina mbearta comhlántacha a cheaptar iad.

(26)

Chun gur féidir cás géarchéime a bhainistiú go cuí, lena n-áirítear ionstraimiú, nó force majeure, agus chun intuarthacht agus oiriúnú iomchuí a áirithiú ar na rialacha ábhartha maidir leis an nós imeachta tearmainn i ndáil leis na cásanna sin, lena n-áirítear an nós imeachta teorann um thearmann, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcás, ach iarraidh réasúnaithe a fháil ón mBallstát lena mbaineann, agus a chinneadh, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, cibé acu atá nó nach bhfuil cás géarchéime, lena n-áirítear ionstraimiú, nó force majeure roimh an mBallstát iarrthach.

(27)

I gcás géarchéime, ba cheart do na bearta dlúthpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin dul thar na cinn dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1351. Chuige sin, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh aige ar an gcás, ba cheart don Choimisiún na táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán sin agus faisnéis a bhfuil bunús léi arna soláthar ag an mBallstát iarrthach agus faisnéis a bhailítear de bhun Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus de bhun Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus an Tuarascáil Bhliantúil Eorpach ar Thearmann agus Imirce dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1351 a chur san áireamh. I gcásanna ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh, ba cheart don Choimisiún na cúiseanna nach leordhóthanach an Bosca Uirlisí chun aghaidh a thabhairt ar an gcás. Ba cheart don Choimisiún faisnéis leordhóthanach a bhailiú chun a mheas i gceart an bhfuil cás géarchéime, lena n-áirítear ionstraimiú, nó force majeure, roimh an mBallstát iarrthach agus ba cheart dó é sin a dhéanamh i gcomhairle leis na Gníomhaireachtaí ábhartha, go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (‘An Ghníomhaireacht um Thearmann’), an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM), agus eagraíochtaí ábhartha eile.

(28)

Chun ardleibhéal grinnscrúdaithe pholaitiúil agus tacaíochta polaitiúla a áirithiú agus chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú, is ábhartha a mheas ar aithin an Chomhairle Eorpach go bhfuil cás ina bhfuil ionstraimiú imirceach á dhéanamh roimh an Aontas nó roimh cheann amháin dá Bhallstáit nó níos mó. Agus ionstraimiú imirceach á dhéanamh, d’fhéadfadh sé go gcuirfí i mbaol feidhmeanna bunriachtanacha Ballstáit, lena n-áirítear riail agus reacht a chaomhnú nó a shlándáil náisiúnta a chosaint.

(29)

Chun foráil a dhéanamh maidir le freagairt iomchuí atá riachtanach agus comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar an gcás, ba cheart a shainaithint sa togra ón gCoimisiún, i gcás inarb ábhartha, na maoluithe sonracha ar cheart údarú a thabhairt do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh, ba cheart na daoine atá á n-ionstraimiú a bhféadfaí na maoluithe ábhartha a chur i bhfeidhm orthu a shainaithint go soiléir. I gcás géarchéime, i gcás inarb iomchuí agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát a bhfuil an cás géarchéime roimhe, ba cheart don Choimisiún a áireamh ina thogra dréachtphlean Freagartha Dlúthpháirtíochta, ina léirítear na bearta dlúthpháirtíochta ábhartha agus leibhéal na mbeart sin a theastaíonn don chás sonrach a léiriú, lena n-áirítear líon iomlán na n-athshocruithe, ranníocaíochtaí airgeadais nó bearta malartacha dlúthpháirtíochta agus leibhéal na mbeart sin, lena n-aithnítear go bhfuil an luach céanna ag baint leis na cineálacha éagsúla dlúthpháirtíochta, agus lánrogha iomlán na mBallstát chun na bearta dlúthpháirtíochta sin a roghnú á hurramú.

(30)

Cé go bhfuil fritháirimh athshocrúcháin nó freagrachta, i gcás brú imirce, le 60 % de na riachtanais athshocrúcháin faoi Rialachán (AE) 2024/1351 a chumhdach, tá sé tábhachtach, i gcás géarchéime, aghaidh a thabhairt ar riachtanais dlúthpháirtíochta uile an Bhallstáit lena mbaineann. Ar an gcúis sin, má bhunaítear Plean Freagartha Dlúthpháirtíochta le cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, ba cheart tús áite a thabhairt don Bhallstát a bhfuil an cás géarchéime roimhe leas a bhaint as na gealltanais dlúthpháirtíochta neamh-leithdháilte nó astu siúd nár cuireadh chun feidhme go fóill agus atá ar fáil sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1351. Mura féidir é sin a dhéanamh, nó mura leordhóthanach na gealltanais sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil chun na riachtanais shainaitheanta a chumhdach, ba cheart don Bhallstát a bhfuil an cás géarchéime roimhe a bheith in ann leas a bhaint freisin as na rannchuidithe atá sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, lena n-aithnítear go bhfuil luach comhionann leis na cineálacha éagsúla dlúthpháirtíochta. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais uile an Bhallstáit lena mbaineann, mura leordhóthanach teaglaim na ngealltanas maidir le hathshocrú atá ar fáil sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil agus sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, ba cheart fritháirimh freagrachta a bheith éigeantach chun na riachtanais a leagtar amach sa Phlean Freagartha Dlúthpháirtíochta a chumhdach. Chun go dtarlóidh sé sin, is gá daoine a bheith i láthair ar chríoch an Bhallstáit is rannchuiditheoir a bhfuil feidhm ag na fritháirimh maidir leis.

(31)

I gcásanna géarchéime nó force majeure, d’fhéadfadh sé go gcuirfí feidhmeanna bunriachtanacha Ballstáit i mbaol freisin. Chun an mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a neartú agus chun comhordú ar leibhéal an Aontais a fheabhsú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle chun cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údaraítear do Bhallstát na maoluithe agus na bearta dlúthpháirtíochta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos. Ba cheart 3 mhí a bheith sa tréimhse ama chun na bearta a údaraítear leis an gcinneadh cur chun feidhme tosaigh a chur i bhfeidhm. Ba cheart a bheith in ann síneadh 3 mhí a chur leis an tréimhse sin tar éis don Choimisiún a dheimhniú gur ann fós don chás géarchéime nó force majeure. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gComhairle síneadh breise a chur leis an údarú chun na maoluithe agus na bearta dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm, suas le 3 mhí, ar bhonn togra ón gCoimisiún, más rud é gur ann fós do na himthosca a thugann údar le síneadh a chur leis na maoluithe agus na bearta dlúthpháirtíochta. Ba cheart a bheith in ann síneadh 3 mhí eile a chur leis an tréimhse sin tar éis deimhniú a fháil ón gCoimisiún gur ann fós don chás. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gComhairle cur i bhfeidhm na mbeart a aisghairm ar bhonn togra ón gCoimisiún i gcás ina dtiocfaidh deireadh leis na himthosca a thug údar le cur i bhfeidhm na maoluithe agus na mbeart dlúthpháirtíochta. Ba cheart a bheith in ann an cinneadh lena leathnaítear an t-údarú a dhéanamh chun leasú a dhéanamh ar na maoluithe a cuireadh i bhfeidhm. Agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu, ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle a áirithiú i gcónaí go n-urramófar prionsabail na comhréireachta agus an riachtanais.

(32)

Ba cheart a shonrú sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, i gcás inarb iomchuí, na maoluithe sonracha a údaraítear don Bhallstát a bhfuil cás géarchéime nó force majeure roimhe a chur i bhfeidhm, ag brath ar chineál gach maolaithe, agus an dáta a shocrú óna bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart a shonrú sa chinneadh na forais ar a bhfuil sé bunaithe agus raon feidhme pearsanta na maoluithe.

(33)

Leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, Plean Freagartha Dlúthpháirtíochta a bhunú, lena léirítear na bearta sonracha dlúthpháirtíochta agus tacaíochta a cheanglaítear, agus na leibhéil a bhaineann leo, chomh maith leis na gealltanais arna dtabhairt ag na Ballstáit is rannchuiditheoirí. Chuige sin, ba cheart an cleachtadh gealltanais a dhéanamh faoi chuimsiú ghlacadh an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle. Is den tábhacht go n-áiritheofar go mbeidh lánrogha iomlán ag na Ballstáit is rannchuiditheoirí rogha a dhéanamh idir na cineálacha beart dlúthpháirtíochta agus tacaíochta.

(34)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé gan na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ach chomh fada agus a mhéid is fíorghá, ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle faireachán agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an gcás a mhéid a bhaineann le riachtanas agus comhréireacht na mbeart sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus na gcaighdeán daonnúil agus féadann sé a cheadú iarraidh ar an nGníomhaireacht um Thearmann cleachtadh faireacháin ar chóras tearmainn nó glactha an Bhallstáit lena mbaineann a thionscnamh de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2021/2303.

(35)

Na rialacha nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1351 chun athshocrú a dhéanamh, tá feidhm acu chun a áirithiú go gcuirfear na bearta dlúthpháirtíochta chun feidhme go cuí i gcás géarchéime, agus tromchúis agus práinn an cháis á gcur san áireamh.

(36)

Chun cur chun feidhme rianúil an tsásra dlúthpháirtíochta faoin Rialachán seo a áirithiú, ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, i dteannta na gcúraimí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1351, tacú le gníomhaíochtaí athshocrúcháin agus cultúr ullmhachta, comhair agus athléimneachta a chur chun cinn sna Ballstáit. I gcás géarchéime, ba cheart do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, gach coicís, feasachán a sholáthar maidir le staid chur chun feidhme agus fheidhmiú an tsásra um athshocrú. Ba cheart dóthain foirne agus acmhainní a sholáthar d’oifig Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais chun a ról faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach. Agus an t-athshocrú á chur chun feidhme, ba cheart tús áite a thabhairt do dhaoine leochaileacha.

(37)

Ba cheart tús áite a thabhairt do dhaoine leochaileacha maidir le hathshocrú, go háirithe i gcás ina bhfuil riachtanais ghlactha speisialta acu de réir bhrí Airteagal 24 de Threoir (AE) 2024/1346, nó i gcás ina bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu dá dtagraítear in Airteagal 20 go 23 de Rialachán (AE) 2024/1438. De réir Airteagal 24 de Threoir (AE) 2024/1346, is mó seans go mbeidh riachtanais ghlactha speisialta ag na hiarratasóirí a thagann faoi réim aon cheann de na catagóirí seo a leanas: mionaoisigh, mionaoisigh neamhthionlactha, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, mná torracha, daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha, tuismitheoirí aonair le leanaí mionaoiseacha, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, daoine a bhfuil galair thromchúiseacha orthu, daoine ar a bhfuil neamhoird mheabhracha lena n-áirítear neamhord struis iarthrámaigh agus daoine ar a ndearnadh céasadh, éigniú nó foirmeacha tromchúiseacha eile d’fhoréigean síceolaíoch, fisiceach nó gnéasach, amhail íospartaigh d’fhoréigin inscne, de chiorrú ball giniúna ban, de phósadh linbh nó de phósadh éigeantach, nó foréigean a rinneadh ar chúis ghnéasach, inscne, chiníoch nó reiligiúnach.

(38)

I gcodarsnacht leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1351, inarb é an cás nach mbeidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit freagracht a ghlacadh as líon sa bhreis ar a gcion cothrom, d’fhéadfadh sé tarlú, i gcás géarchéime, gurbh é an toradh ar chur chun feidhme an phlean Freagartha Dlúthpháirtíochta go nglacfadh Ballstát is rannchuiditheoir amháin nó roinnt Ballstát is rannchuiditheoirí freagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta sa bhreis ar a gcion cothrom. Sna cásanna sin, ba cheart an Ballstát sin a bheith i dteideal laghdú comhréireach a dhéanamh ar an gcuid atá sa bhreis ar a chion cothrom ó chur chun feidhme gealltanas dlúthpháirtíochta faoi thimthriallta bliantúla Rialachán (AE) 2024/1351 atá le teacht thar thréimhse 5 bliana. D’fhéadfaí laghdú den sórt sin a chur i bhfeidhm freisin i gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 4(3) leis an méid comhfhreagrach iarratas thar an gcion cothrom agus laistigh de 5 bliana ón dáta nach bhfuil an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a thug ar an mBallstát dul thar a chion cothrom i bhfeidhm a thuilleadh. Ba cheart a bheith in ann na laghduithe faoi na timthriallta bliantúla atá le teacht agus i gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a chur i bhfeidhm go malartach nó i gcomhthráth, ar choinníoll go gcomhfhreagraíonn siad do líon na n-iarratas lenar rannchuidigh an Ballstát sin sa bhreis ar a chion cothrom agus nach dtéann siad thar an líon sin.

(39)

I gcás ina mbeidh cás géarchéime nó force majeure roimh Bhallstát, d’fhéadfaí gur gá don Bhallstát lena mbaineann acmhainní a atreorú chun bainistiú a dhéanamh ar theacht isteach náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a bhaineann a theorainneacha amach. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh am a bheith ag teastáil ón mBallstát lena mbaineann chun a chuid acmhainní a atheagrú agus chun a acmhainneacht a mhéadú, lena n-áirítear le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais. D’fhéadfadh níos mó ama a bheith ag teastáil ón mBallstát sin freisin chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais gan cead a thabhairt dul isteach ar a chríoch lena linn sin. I gcás den sórt sin, ba cheart an Ballstát sin a bheith in ann maolú ar na spriocdhátaí maidir le clárú agus ar an nós imeachta teorann.

(40)

I gcás ina gcuirfidh Ballstát ceann amháin nó níos mó de na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i bhfeidhm, ba cheart don Bhallstát na náisiúnaigh tríú tír agus na daoine gan stát a chur ar an eolas, i dteanga a thuigeann siad, nó i dteanga a síltear le réasún go dtuigfidh siad í, faoi na maoluithe arna gcur i bhfeidhm agus faoi fhad na mbeart. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar aon riachtanais ghlactha speisialta agus speisialta nós imeachta atá ag na hiarratasóirí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus faisnéis a sholáthar ar bhealach iomchuí dá réir sin. Ina theannta sin, tá feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1348 maidir le faisnéis a sholáthar agus tá feidhm ag Airteagal 36(3) den Rialachán sin maidir le faisnéis i ndáil leis an bhféidearthacht achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh maidir leis an iarratas.

(41)

I gcás ina gcuirfear maoluithe ar an nós imeachta tearmainn i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis inniúla tús áite a thabhairt do na coimircí d’iarratasóirí a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta agus ghlactha speisialta acu, lena n-áirítear fadhbanna sláinte. Ar an gcúis sin, an Ballstát a bhfuil cás géarchéime nó force majeure roimhe, níor cheart dó maoluithe ar an nós imeachta tearmainn a chur i bhfeidhm, nó ba cheart dó scor dá gcur i bhfeidhm, i gcásanna ina bhfuil cúiseanna leighis ann gan an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 53(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1348, i gcás nach féidir an tacaíocht is gá a sholáthar d’iarratasóirí a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta acu i gcomhréir le hAirteagal 53(2), pointe (b), den Rialachán sin nó i gcás nach féidir an tacaíocht is gá a sholáthar d’iarratasóirí a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta acu i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann tosaíocht a thabhairt don scrúdú ar iarratais ó dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta acu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1348 agus a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta acu mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14), de Threoir (AE) 2024/1346, go háirithe mionaoisigh agus a mbaill teaghlaigh.

(42)

I gcásanna géarchéime agus force majeure, ba cheart an Ballstát a údarú maolú ar Rialachán (AE) 2024/1348 chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú tráth nach déanaí ná 4 seachtaine tar éis iad a dhéanamh. Ba cheart síneadh den sórt sin a bheith gan dochar do chearta na n-iarratasóirí ar thearmann a ráthaítear leis an gCairt, Rialachán (AE) 2024/1348 agus Treoir (AE) 2024/1346. Gan dochar don eisceacht dá bhforáiltear le linn na tréimhse idir an iarraidh a dhéanamh agus an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a ghlacadh, i gcás géarchéime, arb é is príomhthréith dó líon ollmhór náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a bheith ag teacht isteach, níor cheart an síneadh leis an tréimhse chlárúcháin a chur i bhfeidhm ach amháin le linn na tréimhse ama a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme tosaigh ón gComhairle.

(43)

I gcás géarchéime nó force majeure, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a bheith in ann síneadh 6 seachtaine a chur le scrúdú na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn. Níor cheart an síneadh a úsáid i dteannta na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 51(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1348.

(44)

Agus cás géarchéime nó force majeure roimhe, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann bearta a iarraidh as measc roinnt roghanna maidir leis an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm, agus comhdhéanamh na sreabh agus a gcineál éagsúil, ag brath ar an gcás géarchéime beaichte, á gcur san áireamh.

(45)

I gcásanna géarchéime, arb é is príomhthréith dóibh líon ollmhór náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a bheith ag teacht isteach, nó i gcásanna force majeure, d’fhéadfadh sé gur gá cead a thabhairt do Bhallstát gan an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm maidir le daoine a thagann ó thríú tíortha ina bhfuil an meánráta aitheantais faoi bhun 20 % i dtaca leis an Aontas ar fad. Chun maolú den sórt sin a chur i bhfeidhm, ba cheart a mheas sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle an leordhóthanach na bearta atá i bplean teagmhasach an Bhallstáit lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir (AE) 2024/1346 chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin. Ar aon chaoi, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointí (c) agus (f) de Rialachán (AE) 2024/1348.

(46)

I gcás géarchéime arb é is príomhthréith dó líon ollmhór náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a bheith ag teacht isteach a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á dhéanamh acu, d’fhéadfadh sé gur gá cead a thabhairt do Bhallstát an tairseach le haghaidh chur i bhfeidhm éigeantach an nós imeachta teorann dá bhforáiltear in Airteagal 42(1), pointe (j), de Rialachán (AE) 2024/1348 a ísliú. In aon chás, níor cheart don tairseach laghdaithe dul faoi bhun 5 %. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointí (c) agus (f) den Rialachán sin.

(47)

I gcás géarchéime arb é is príomhthréith dó líon ollmhór náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a bheith ag teacht isteach a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á dhéanamh acu, d’fhéadfadh sé gur gá leathnú a dhéanamh ar raon feidhme chur i bhfeidhm an nós imeachta teorann, arna bhunú le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2024/1348 agus a cheadú do Bhallstát cinneadh a dhéanamh faoi chuimsiú nós imeachta teorann freisin maidir le fiúntas an iarratais i gcásanna inar náisiúnach an t-iarratasóir nó, i gcás daoine gan stát, inar duine é a raibh gnáthchónaí air i dtríú tír roimhe sin, ar ina leith is 50 % nó níos ísle cion na gcinntí lenar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta. Dá thoradh sin, agus an nós imeachta teorann géarchéime á chur i bhfeidhm acu, ba cheart do na Ballstáit leanúint den nós imeachta teorann dá bhforáiltear in Airteagail 43 go 54 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm ach d’fhéadfaidís cur i bhfeidhm an nós imeachta teorann a leathnú chun náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a chumhdach arb as tríú tír dóibh ina bhfuil an meánráta aitheantais os cionn 20 % ach faoi bhun 50 % i dtaca leis an Aontas ar fad, agus na riachtanais chosanta, a bhíonn ag athrú go tapa, a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa tír thionscnaimh á gcur san áireamh mar a léirítear sna nuashonruithe ráithiúla ar shonraí Eurostat. Níor cheart don leathnú sin ar raon feidhme an nós imeachta teorann difear a dhéanamh d’fhorais agus do rialacha eile is infheidhme maidir leis an nós imeachta éigeantach teorann faoin Rialachán sin. I gcás ina n-údaraítear do Bhallstát raon feidhme an nós imeachta teorann a leathnú, níor cheart iarratais a scrúdaítear faoin nós imeachta sin a mheas mar chuid den acmhainneacht leordhóthanach de bhun Airteagal 47 ná níor cheart iad a áireamh chun an uasteorainn bhliantúil a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 50 den Rialachán sin.

(48)

Ba cheart coinneáil iarratasóirí a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an mbunphrionsabal nár cheart duine a bheith faoi choinneáil ar an gcúis amháin go bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg ag an duine sin, go háirithe i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla idirnáisiúnta na mBallstát agus le hAirteagal 31 de Choinbhinsiún na Ginéive. I gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346, níor cheart, de ghnáth, mionaoisigh a chur faoi choinneáil ach iad a chur i gcóiríocht le soláthar speisialta do mhionaoisigh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i socrúcháin neamhchoinneála, phobalbhunaithe. I bhfianaise an drochthionchair a bhíonn ag an gcoinneáil ar mhionaoisigh, d’fhéadfaí coinneáil den sórt sin a úsáid, i gcomhréir le dlí an Aontais, in imthosca eisceachtúla amháin, i gcás fíorghá, mar rogha dheireanach amháin, don tréimhse ama is giorra agus is féidir, agus ní i gcás ar bith i gcóiríocht phríosúin nó i saoráid eile, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Níor cheart mionaoisigh a scaradh óna dtuismitheoirí nó óna gcúramóirí agus, mar thoradh ar phrionsabal na haontachta teaghlaigh, ba cheart roghanna malartacha leordhóthanacha ar choinneáil do theaghlaigh le mionaoisigh a úsáid, i gcóiríocht atá oiriúnach dóibh. Thairis sin, is gá gach ní is féidir a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh réimse inmharthana roghanna malartacha leordhóthanacha ar choinneáil do mhionaoisigh ar fáil agus inrochtana.

(49)

I gcás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh agus chun cosc a chur ar ghníomhaí de chuid tríú tír nó gníomhaí naimhdeach nach gníomhaí stáit é nó í díriú ar náisiúntachtaí sonracha nó ar chatagóirí sonracha náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát, ba cheart Ballstát a bheith in ann maolú ar an nós imeachta tearmainn a leagtar amach sa Rialachán seo trí chinneadh a dhéanamh faoi chuimsiú an nós imeachta teorann, mar a leagtar amach in Airteagail 44 go 55 de Rialachán (AE) 2024/1348, maidir le fiúntas na n-iarratas uile. Ba cheart na prionsabail agus na ráthaíochtaí a leagtar amach sa Rialachán sin a urramú. Sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena n-údaraítear don Bhallstát na maoluithe dá dtagraítear a chur i bhfeidhm, ba cheart na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát atá á n-ionstraimiú a shonrú. Agus an maolú sin á chur i bhfeidhm, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chatagóirí áirithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát atá á n-ionstraimiú, go háirithe mionaoisigh faoi bhun 12 bhliain d’aois agus a mbaill teaghlaigh, agus daoine leochaileacha a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta nó riachtanais ghlactha speisialta acu. Dá bhrí sin, ba cheart na grúpaí sin a eisiamh ón nós imeachta teorann, nó, nuair is conclúid measúnaithe aonair é gur dócha go bhfuil bunús maith lena n-iarratais, ba cheart don nós imeachta sin scor dá chur i bhfeidhm maidir leo a thuilleadh. Is faoin mBallstát, a bhfuil cur i bhfeidhm an mhaolaithe sin á iarraidh aige, fós an lánrogha roghnú idir na roghanna malartacha sin. Ba cheart an rogha a shonraítear san iarraidh a léiriú sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena n-údaraítear cur i bhfeidhm an mhaolaithe sin. Níor cheart don leathnú sin ar raon feidhme an nós imeachta teorann, i gcás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh, difear a dhéanamh do na forais ná do rialacha eile is infheidhme maidir leis an nós imeachta éigeantach teorann faoi Rialachán (AE) 2024/1348. I gcás ina n-údaraítear do Bhallstát raon feidhme an nós imeachta teorann a leathnú, níor cheart iarratais a scrúdaítear faoin nós imeachta sin a mheas mar chuid den acmhainneacht leordhóthanach de bhun Airteagal 48 den Rialachán sin ná níor cheart iad a áireamh chun an uasteorainn bhliantúil a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 51 den Rialachán sin.

(50)

Chun tacú leis an mBallstát lena mbaineann an cúnamh is gá a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart rochtain éifeachtach ar an teorainn, faoi na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2024/1346 agus i Rialachán (AE) 2024/1348, a bheith ag gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, UNHCR go háirithe, agus eagraíochtaí comhpháirtíochta ábhartha eile a gcuireann na Ballstáit cúraimí sonracha orthu. Ba cheart rochtain ar iarratasóirí, lena n-áirítear iad siúd ag an teorainn, a cheadú do UNHCR. Chuige sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann comhar leis na heagraíochtaí sin a choinneáil ar bun.

(51)

Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le cásanna géarchéime, arb é is príomhthréith dóibh líon ollmhór daoine a bheith ag teacht isteach, nó maidir le cásanna force majeure, chun gur féidir leis na Ballstáit síneadh a chur leis na teorainneacha ama a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1351 faoi choinníollacha diana i gcás ina mbeidh sé dodhéanta cloí leis na teorainneacha ama sin i ngeall ar an gcás eisceachtúil. Ba cheart feidhm a bheith ag an síneadh sin i gcomhthráth maidir leis na teorainneacha ama a leagtar amach maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh agus fógraí maidir le tógáil ar ais a sheoladh agus a fhreagairt, chomh maith leis an teorainn ama le haghaidh iarratasóir a aistriú chuig an mBallstát freagrach. Ba cheart síneadh a chur leis na teorainneacha ama gan beann ar cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar foráil sa Rialachán sin maidir le teorainneacha ama níos giorra i gcásanna áirithe.

(52)

Chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ar an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú, i gcás nach dtarlóidh an t-aistriú i ngeall ar mharthanacht an cháis ghéarchéime arb é is príomhthréith dó líon ollmhór daoine a bheith ag teacht, nó i ngeall ar mharthanacht an cháis force majeure, nó i gcás nach gcuirfidh Ballstát an aistrithe an t-aistriú chun feidhme nuair atá an t-iarratasóir ar fáil d’údaráis inniúla Bhallstát an aistrithe, ba cheart uasteorainn ama a leagan amach chun an t-aistriú a dhéanamh chuig Ballstát a bhfuil an cás sin roimhe. Níor cheart don uasteorainn ama sin a bheith níos faide ná bliain amháin ó ghlacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh nó ó dheimhniú an fhógra maidir le tógáil ar ais ó Bhallstát eile nó ón gcinneadh críochnaitheach maidir le cinneadh aistrithe a achomharc nó a athbhreithniú i gcás ina mbeidh éifeacht fionraíochta ann i gcomhréir le hAirteagal 43(3) de Rialachán (AE) 2024/1351. Tá an uasteorainn ama sin gan dochar don fhéidearthacht síneadh a chur leis na teorainneacha ama de bhun Airteagal 46(2) den Rialachán sin chun aistriú a dhéanamh.

(53)

Chun nach n-éireodh an Comhchóras Eorpach Tearmainn neamhfheidhmiúil mar gheall ar theacht isteach líon ollmhór daoine ar scála agus déine urghnách den sórt sin, fiú má tá córas dea-ullmhaithe tearmainn, glactha agus fillte ag Ballstát, mura dtabharfadh an tAontas aghaidh ar an gcás sin ina iomláine, d’fhéadfadh baol tromchúiseach d’easnaimh thromchúiseacha a bheith ann sa chaoi a gcaitear le hiarratasóirí. Ba cheart do Bhallstát a bheith in ann, sna himthosca is eisceachtúla sin, scaoileadh ón oibleagáid iarratasóir a thógáil ar ais de bhun Airteagal 16(2) agus Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2024/1351. Mar sin féin, chun a áirithiú nach mbeidh brú breise ar an mBallstát a bhfuil cás den sórt sin roimhe mar thoradh ar an maolú sin a chur i bhfeidhm, níor cheart feidhm a bheith ag an maolú sin ach go cúlghabhálach maidir le hiarratais atá cláraithe cheana sa Bhallstát sin laistigh de 4 mhí roimh an dáta a ghlacfar an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle.

(54)

I gcás ina dtabharfaí le fios le himthosca oibiachtúla, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1347, go bhféadfadh bunús maith a bheith le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna ndéanamh ag grúpaí iarratasóirí ó thír thionscnaimh shonrach nó ó áit iar-ghnáthchónaithe nó ó chuid den tír sin nó ar bhonn na gcritéar arna dtarraingt ón Rialachán sin, is chun leas na n-údarás cinntitheach agus na n-iarratasóirí lena mbaineann araon é scrúdú a chur i gcrích ar fhiúntas an iarratais a luaithe is féidir agus ligean do na húdaráis cosaint idirnáisiúnta a dheonú go tapa agus go héifeachtúil i gcás géarchéime.

(55)

Iarratasóirí, a ndéantar a n-iarratais a scrúdú i gcomhthéacs an nós imeachta bhrostaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart na cearta agus na ráthaíochtaí uile a bheith acu a bhfuil iarratasóirí ina dteideal i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1348, lena n-áirítear an ceart chun faisnéise agus chun leighis éifeachtaigh.

(56)

Agus an Moladh ón gCoimisiún maidir le nós imeachta brostaithe á chur i bhfeidhm, níor cheart aon agallamh a bheith ann maidir le fiúntas, ach má tá amhras ann maidir le cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an t-iarratasóir leis an gcatagóir nó leis na catagóirí daoine a shainaithnítear sa mholadh sin nó maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag na forais eisiaimh, d’fhéadfadh sé gur gá agallamh den sórt sin a dhéanamh. I ngach cás, níor cheart don nós imeachta maireachtáil níos faide ná 4 seachtaine ón dáta a taisceadh an t-iarratas. I gcás inar shuigh Ballstát gur bagairt ar an tslándáil inmheánach é iarratasóir, níor cheart don Bhallstát sin a bheith in ann an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an iarratasóir sin. Sna himthosca sin, ba cheart an t-iarratas a scrúdú i gcomhréir le hAirteagail 36 agus 40 de Rialachán (AE) 2024/1348.

(57)

I gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2024/1348, ba cheart d’iarratasóirí, a ndéantar a n-iarratais a scrúdú i gcomhthéacs an nós imeachta bhrostaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, doiciméad a fháil lena ndeimhnítear a stádas i dteanga a thuigeann siad nó i dteanga a shíltear le réasún go dtuigfidh siad í.

(58)

Is féidir dul i gcomhairle le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, le UNHCR agus le heagraíochtaí ábhartha eile ag na céimeanna éagsúla de chur i bhfeidhm an nós imeachta bhrostaithe.

(59)

Chun leibhéal leordhóthanach ullmhachta a áirithiú do chás géarchéime, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a áireamh ina bpleananna teagmhasacha chun freagairt do chás géarchéime agus chun é a réiteach, lena n-áirítear bearta a bhfuil gá leo chun dúshláin i bhfeidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a shárú agus chun cearta iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a chosaint chomh maith le hathléimneacht a chothú sa Bhallstát lena mbaineann amach anseo. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as na huirlisí uile atá ar fáil faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear úsáid a bhaint as uirlisí réamhaíochta agus luathrabhaidh faoi shásra an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce dá bhforáiltear i Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún (15).

(60)

Gan dochar don mhéid thuas agus i gcás inarb ábhartha, i gcás géarchéime, ba cheart leas a bhaint as na sásraí uile le haghaidh géarchéimeanna dá bhforáiltear sa Bhosca Uirlisí, go háirithe an tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil is féidir le gníomhaireachtaí an Aontais, Cistí an Aontais agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a sholáthar i gcomhréir leis na gníomhartha dlíthiúla is infheidhme. Ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhthéacs an Fhóraim Leibhéil Theicniúil um Imirce, comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú le hardáin eile atá ábhartha chun an cás géarchéime a bhainistiú, lena n-áirítear Líonra an Aontais um Ullmhacht agus Bainistiú Géarchéimeanna i gcomhréir le Moladh (AE) 2020/1366, agus leis na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR).

(61)

Is féidir le Ballstát a bhfuil cás géarchéime nó force majeure roimhe tacaíocht a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Thearmann, ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó ar Europol i gcomhréir lena sainorduithe. Ina theannta sin agus de réir mar is iomchuí, féadann an Ghníomhaireacht um Thearmann cúnamh a thairiscint ar a thionscnamh féin i gcomhréir le hAirteagal 16(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2303, agus is féidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cúnamh a thairiscint i réimse an fhillte i gcomhréir le hAirteagail 48, 50, 52 agus 53 de Rialachán (AE) 2019/1896 i gcomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann, agus féadann Europol cúnamh a thairiscint i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(62)

Chun tacú leis na Ballstáit a thugann faoi athshocrú mar bheart dlúthpháirtíochta, ba cheart tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais a sholáthar, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais ón tsaoráid théamach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(63)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon foráil a dhéanamh maidir leis an oiriúnú is gá ar na rialacha maidir le nósanna imeachta tearmainn agus, i gcás inarb ábhartha, ar na rialacha maidir le dlúthpháirtíocht chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime agus ar chásanna force majeure i réimse an bhainistithe tearmainn agus imirce laistigh den Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(64)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é gurb é atá in Airteagail 12 agus 13, agus Airteagail 1 agus 6, a mhéid a bhaineann siad leis na maoluithe in Airteagail 12 agus 13, den Rialachán seo leasuithe de réir bhrí Airteagal 3 den Chomhaontú a tugadh i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí lena ndéantar amach cén Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh sa Danmhairg nó in aon Bhallstát eile den Aontas Eorpach agus maidir le córas ‘Eurodac’ chun méarloirg a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (18), is gá don Danmhairg fógra a thabhairt don Choimisiún faoina cinneadh maidir lena bhfuil sna leasuithe sin a chur chun feidhme nó gan é a chur chun feidhme an tráth a ghlacfar na leasuithe nó laistigh de 30 lá ina dhiaidh sin.

(65)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(66)

A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus an Iorua, is reachtaíocht nua é Airteagail 12 agus 13, agus Airteagail 1 go 6, a mhéid a bhaineann leis na maoluithe in Airteagail 12 agus 13, den Rialachán seo i réimse atá cumhdaithe ag ábhar na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú a thug an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua i gcrích maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua (19).

(67)

A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá in Airteagail 12 agus 13, agus Airteagail 1 go 6, a mhéid a bhaineann leis na maoluithe in Airteagail 12 agus 13, den Rialachán seo gníomhartha nó bearta lena leasaítear nó lena bhforbraítear forálacha Airteagal 1 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (20).

(68)

A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá in Airteagail 12 agus 13, agus Airteagail 1 go 6, a mhéid a bhaineann leis na maoluithe in Airteagail 12 agus 13, den Rialachán seo gníomhartha nó bearta lena leasaítear nó lena bhforbraítear forálacha Airteagal 1 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis dá dtagraítear in Airteagal 3 den Phrótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (21),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, tugtar aghaidh ar chásanna eisceachtúla géarchéime, lena n-áirítear ionstraimiú, agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn laistigh den Aontas trí bhíthin bearta sealadacha. Déantar foráil ann maidir le bearta dlúthpháirtíochta agus tacaíochta feabhsaithe lena gcuirtear le Rialachán (AE) 2024/1351 agus comhroinnt chóir na freagrachta á háirithiú an tráth céanna, agus déantar foráil ann maidir le rialacha sonracha sealadacha lena maolaítear ar na rialacha sin a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1348.

2.   Comhlíonfaidh bearta sealadacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo ceanglais an riachtanais agus na comhréireachta, beidh siad iomchuí chun a gcuspóirí sonraithe a bhaint amach agus áiritheofar leo cosaint na gceart atá ag iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, agus beidh siad comhsheasmhach le hoibleagáidí na mBallstát faoin gCairt, faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi acquis tearmainn an Aontais. Ní dhéanfar leis an Rialachán seo difear do na prionsabail bhunúsacha agus na ráthaíochtaí bunúsacha arna mbunú leis na gníomhartha reachtacha a gceadaítear maoluithe ina leith de bhun an Rialacháin seo.

3.   Ní chuirfear na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin a mhéid a bhfuil fíorghá leo de réir riachtanais an cháis, ar bhealach sealadach agus teoranta agus in imthosca eisceachtúla amháin. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil IV a chur i bhfeidhm agus tairbhe a bhaint as na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III ach amháin ar iarraidh agus a mhéid dá bhforáiltear i gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) gan dochar d’Airteagal 10(5).

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn cás géarchéime:

(a)

cás eisceachtúil ina dtiocfaidh líon ollmhór náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát i mBallstát ar tír, san aer nó ar muir, lena n-áirítear daoine a díbhordáladh tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, ar a leithéid de scála agus de chineál, agus aird á tabhairt, inter alia, ar dhaonra, ar OTI agus ar shainiúlachtaí geografacha an Bhallstáit, lena n-áirítear méid na críche, go bhfágann sé córas dea-ullmhaithe tearmainn, glactha, lena n-áirítear seirbhísí cosanta leanaí, nó fillte an Bhallstáit neamhfheidhmiúil, lena n-áirítear mar thoradh ar chás ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach, a mhéid a d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann d’fheidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn; nó

(b)

cás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ina spreagann nó ina n-éascaíonn tríú tír nó gníomhaí naimhdeach nach gníomhaí stáit é gluaiseacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát chuig na teorainneacha seachtracha nó chuig Ballstát, agus é mar aidhm an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú, agus i gcás ina bhféadfadh gníomhaíochtaí den sórt sin feidhmeanna bunriachtanacha Ballstáit a chur i mbaol, lena n-áirítear riail agus reacht a chaomhnú nó a shlándáil náisiúnta a chosaint.

Féadfaidh na Ballstáit údarú a iarraidh chun bearta a liostaítear i gCaibidlí III agus IV a chur i bhfeidhm go háirithe i gcás ina dtiocfaidh méadú suntasach gan choinne ar líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag na teorainneacha seachtracha. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na maoluithe dá bhforáiltear i gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chur i bhfeidhm sa chás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ach amháin i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó le daoine gan stát atá á n-ionstraimiú agus a ghabhtar nó a aimsítear gar don teorainn sheachtrach, arb ionann é sin agus teorainneacha talún an Bhallstáit, lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha, teorainneacha farraige agus a aerfoirt, a chalafoirt abhann, a chalafoirt mhara agus a chalafoirt locha, ar choinníoll nach teorainneacha inmheánacha iad, a bhaineann le trasnú neamhúdaraithe ar tír, ar muir nó san aer nó i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nó le daoine gan stát a cuireadh i dtír tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, nó a chuir iad féin i láthair ag pointí trasnaithe teorann.

5.   Chun críocha an Rialacháin seo, tagraíonn force majeure d’imthosca neamhghnácha neamh-intuartha nach bhfuil neart ag an mBallstát orthu, imthosca nárbh fhéidir a n-iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin go ndearnadh gach cúram cuí, ar imthosca iad a chuireann cosc ar an mBallstát sin oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1348.

CAIBIDIL II

RIALACHAS

Airteagal 2

Iarraidh réasúnaithe ó Bhallstát

1.   I gcás ina measfaidh Ballstát cás géarchéime nó force majeure a bheith ar a chríoch féin, féadfaidh sé, i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla sin, iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin, chun go mbainfidh sé leas as bearta dlúthpháirtíochta lena bhféadfar an cás sin a bhainistiú go cuí agus chun maoluithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha ábhartha maidir leis an nós imeachta tearmainn a cheadú, agus é á áirithiú an tráth céanna go n-urramaítear cearta bunúsacha na n-iarratasóirí.

2.   Beidh an méid seo a leanas san áireamh in iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i)

an chaoi, mar thoradh ar chás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), a bhfuil córas tearmainn agus glactha an Bhallstáit, lena n-áirítear seirbhísí cosanta leanaí, éirithe neamhfheidhmiúil, chomh maith leis na bearta a rinneadh go dtí seo chun aghaidh a thabhairt ar an gcás agus bonn cirt lena gcruthaítear nach bhfuil an córas sin in ann aghaidh a thabhairt ar an gcás d’ainneoin é a bheith dea-ullmhaithe agus d’ainneoin na mbeart a rinneadh cheana; nó

(ii)

an chaoi a bhfuil cás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b), roimh an mBallstát, lena gcuirtear a fheidhmeanna bunriachtanacha i mbaol, lena n-áirítear riail agus reacht a chaomhnú nó a shlándáil náisiúnta a choimirciú; nó

(iii)

an chaoi a bhfuil imthosca neamhghnácha neamh-intuartha roimh an mBallstát nach bhfuil neart aige orthu, imthosca nárbh fhéidir a n-iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin go ndearnadh gach cúram cuí, agus an chaoi a gcuireann an cás force majeure sin cosc air a oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 27, Airteagal 45(1) agus Airteagal 51(2) de Rialachán (AE) 2024/1348 agus in Airteagail 39, 40, 41 agus 46 de Rialachán (AE) 2024/1351;

(b)

i gcás inarb ábhartha, cineál agus leibhéal na mbeart dlúthpháirtíochta dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) a mheasann sé a bheith riachtanach;

(c)

i gcás inarb ábhartha, na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 10 go hAirteagal 13 a mheasann sé a bheith riachtanach; agus

(d)

má iarrann an Ballstát an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 11(6) a chur i bhfeidhm, cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé ar intinn aige foráil a dhéanamh d’eisiamh catagóirí sonracha iarratasóirí dá dtagraítear i mír 7, pointe (a), nó i mír 7, pointe (b), den Airteagal sin, nó do scor an nós imeachta teorann do chatagóirí sonracha iarratasóirí tar éis measúnú aonair dá bhforáiltear i mír 9 den Airteagal sin.

Airteagal 3

Cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena suitear cás géarchéime nó force majeure

1.   Tar éis iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2 a thíolacadh, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an mBallstát iarrthach agus i gcomhairle le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe UNHCR agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, measúnú gasta ar an gcás agus, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 1, glacfaidh sé cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún moladh a ghlacadh freisin maidir le nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú do chatagóirí áirithe iarratasóirí dá dtagraítear in Airteagal 14.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra láithreach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Ballstáit go bhfuil measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige.

4.   Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil cás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b), den Rialachán seo roimh an mBallstát, déanfaidh an Coimisiún measúnú inter alia ar an méid seo a leanas:

(a)

cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tríú tír nó gníomhaí naimhdeach nach gníomhaí stáit é ag éascú gluaiseacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát chuig an Aontas;

(b)

cé acu an léiríonn nó nach léiríonn an fhaisnéis arna soláthar ag an mBallstát go leordhóthanach go bhfuil sé d’aidhm ag aon ghníomhaíochtaí a thagann faoi phointe (a) an tAontas nó an Ballstát lena mbaineann a dhíchobhsú;

(c)

cé acu an bhfuil nó nach bhfuil méadú suntasach gan choinne tagtha ar líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag na teorainneacha seachtracha nó sa Bhallstát lena mbaineann i gcomparáid le meánlíon na n-iarratas;

(d)

cé acu an féidir nó nach féidir aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an bhfreagairt ar impleachtaí an cháis ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar chóras imirce agus tearmainn an Bhallstáit lena mbaineann trí bhíthin bearta atá sa Bhosca Uirlisí i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán 2024/1351.

5.   Cinnfidh an Coimisiún an gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an gcás roimh an mBallstát mar a leagtar amach in Airteagal 1, agus an iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2 á cur san áireamh, agus i bhfianaise na faisnéise a soláthraíodh agus na dtáscairí a bhaineann leis an mBallstát lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1351. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh réasúnaithe ar bhonn an cháis sa Bhallstát lena mbaineann le linn an 2 mhí roimhe sin agus i gcomparáid leis an gcás foriomlán san Aontas.

6.   Cinnfidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

an bhfuil córas tearmainn, córas glactha, lena n-áirítear seirbhísí cosanta leanaí, nó córas imirce an Bhallstáit iarrthaigh, cé go bhfuil sé dea-ullmhaithe, agus d’ainneoin na mbeart a glacadh cheana, éirithe neamhfheidhmiúil mar thoradh ar líon ollmhór náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a bheith ag teacht isteach, ar rud é a fhágann nach bhfuil an Ballstát sin gan a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar an gcás, agus an bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann d’fheidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn.

(b)

cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b), roimh an mBallstát a bhfuil aghaidh le tabhairt air le húsáid riachtanach chomhréireach na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c)

cé acu an bhfuil nó nach bhfuil imthosca neamhghnácha neamh-intuartha roimh an mBallstát nach bhfuil neart aige orthu, imthosca nárbh fhéidir a n-iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin go ndearnadh gach cúram cuí, agus an gcuireann cás force majeure den sórt sin cosc air a oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 27, Airteagal 51(2) agus Airteagal 60(1) de Rialachán (AE) 2024/1348 agus in Airteagail 39, 40, 41 agus 46 de Rialachán (AE) 2024/1351 a chomhlíonadh.

7.   Agus cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo á ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún a léiriú cén fáth nach féidir aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an bhfreagairt ar an gcás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh trí bhíthin bearta a leagtar amach sa Bhosca Uirlisí i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2024/1351.

8.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún de bhun mhír 5 den Airteagal seo go léirítear leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 seo gurb ann do na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 1, agus an iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2 á cur san áireamh agus i bhfianaise na faisnéise a soláthraíodh agus na dtáscairí maidir leis an mBallstát lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1351, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus in aon chás tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis thíolacadh na hiarrata réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, cinneadh cur chun feidhme lena gcinntear an bhfuil an Ballstát iarrthach i gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a) nó (b), den Rialachán seo, nó i gcás force majeure. Tarchuirfidh an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 4

Togra ón gCoimisiún agus cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena n-údaraítear maoluithe agus lena mbunaítear bearta dlúthpháirtíochta

1.   I gcomhthráth le glacadh an chinnidh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach maidir leis an togra sin.

2.   Áiritheofar leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 go n-urramófar prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta agus áireofar an méid seo a leanas ann:

(a)

i gcás inarb iomchuí, na maoluithe sonracha dá dtagraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 13 ar cheart an Ballstát a údarú iad a chur i bhfeidhm;

(b)

i gcás inarb iomchuí, i gcás ina bhfuil cás géarchéime roimh an mBallstát, dréachtphlean Freagartha Dlúthpháirtíochta, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát, lena n-áiritheofar lánrogha iomlán na mBallstát is rannchuiditheoirí maidir leis na cineálacha beart dlúthpháirtíochta, agus lena n-áirítear:

(i)

i gcás inarb iomchuí, méid iomlán na rannchuidithe athshocrúcháin is gá chun aghaidh a thabhairt ar an gcás géarchéime;

(ii)

i gcás inarb iomchuí, na bearta dlúthpháirtíochta ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointí (b) agus (c), agus leibhéal na mbeart sin is gá chun aghaidh a thabhairt ar an gcás géarchéime sonraí;

(iii)

i gcás inarb infheidhme, méid iomlán na mbeart dlúthpháirtíochta atá le glacadh ó na gealltanais atá ar fáil sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil;

(iv)

i gcás nach gcumhdaíonn na gealltanais atá ar fáil sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil na riachtanais a shainaithnítear i bhfophointí (i) agus (ii) den phointe seo, bunófar leis an bplean freagartha dlúthpháirtíochta freisin na gealltanais bhreise is gá chun na riachtanais sin a chumhdach; agus

(v)

rannchuidithe táscacha gach Ballstáit chun rannchuidiú lena chion cothrom, arna ríomh i gcomhréir leis an eochair thagartha a leagtar amach in Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2024/1351; agus

(c)

i gcás ina bhfuil cás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b) roimh an mBallstát, déanfar na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát atá thíos leis an gcás sin a shainaithint.

Agus riachtanais dlúthpháirtíochta an Bhallstáit á mbunú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an Ballstát is tairbhí é cheana féin an Ballstát de bhun Airteagail 58 agus 59 de Rialachán (AE) 2024/1351.

I gcás ina measann an Ballstát, san iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 2, gurb é athshocrú an príomhbheart dlúthpháirtíochta nó an t-aon bheart dlúthpháirtíochta amháin chun aghaidh a thabhairt ar an gcás, cuirfidh an Coimisiún an iarraidh sin san áireamh sa togra uaidh le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, gan dochar do lánrogha na mBallstát is rannchuiditheoirí rogha a dhéanamh idir na cineálacha beart dlúthpháirtíochta.

3.   Déanfaidh an Chomhairle measúnú ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 agus glacfaidh sí cinneadh cur chun feidhme laistigh de 2 sheachtain ón togra sin a fháil lena n-údarófar don Bhallstát na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagail 10 go 13 a chur i bhfeidhm agus Plean Freagartha Dlúthpháirtíochta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo a bhunú, lena n-áirítear na bearta dlúthpháirtíochta ar féidir leis an mBallstát tairbhe a bhaint astu chun aghaidh a thabhairt ar an gcás.

4.   I gcás inarb iomchuí, agus an togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 á ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún moladh a ghlacadh i ndáil le nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú do chatagóirí áirithe iarratasóirí dá dtagraítear in Airteagal 14.

5.   Áiritheofar leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle go n-urramófar prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, luafar ann na forais ar a bhfuil sé bunaithe agus socrófar ann an dáta óna bhféadfar na maoluithe a leagtar síos in Airteagail 10 go 13 a chur i bhfeidhm, chomh maith leis an tréimhse ama chun iad a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 5. Leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

i gcás inarb iomchuí, na maoluithe sonracha dá dtagraítear in Airteagail 10 go 13 a shainaithint a n-údaraítear don Bhallstát iad a chur i bhfeidhm;

(b)

i gcás inarb iomchuí, Plean Freagartha Dlúthpháirtíochta a bhunú lena n-áireofar an méid seo a leanas:

(i)

méid iomlán na rannchuidithe athshocrúcháin is gá chun aghaidh a thabhairt ar an gcás géarchéime agus measúnú an Choimisiúin á mheas go hiomlán;

(ii)

na bearta dlúthpháirtíochta ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagail 8(1), pointí (b) agus (c), agus leibhéal na mbeart sin is gá chun aghaidh a thabhairt ar an gcás géarchéime;

(iii)

méid iomlán na mbeart dlúthpháirtíochta atá le glacadh as an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil;

(iv)

na gealltanais bhreise is gá lena gcumhdófar na riachtanais chun aghaidh a thabhairt ar an gcás géarchéime, mura leordhóthanach na gealltanais a tugadh cheana sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil;

(v)

an rannchuidiú sonrach ó gach Ballstát arna ghealladh faoin gcion cothrom éigeantach arna ríomh i gcomhréir leis an eochair thagartha a leagtar amach in Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2024/1351;

(c)

i gcás ina bhfuil cás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b), roimh an mBallstát lena mbaineann, déanfar na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát atá thíos leis an gcás sin a shainaithint.

Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh cur chun feidhme a tharchur láithreach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiún.

Airteagal 5

Fad tréimhse

1.   Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, 3 mhí a bheidh sa tréimhse chun na maoluithe agus na bearta dlúthpháirtíochta a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chur i bhfeidhm. Mura n-aisghairfear an Cinneadh sin de bhun Airteagal 6(3), féadfar, aon uair amháin, síneadh 3 mhí a chur leis an tréimhse tar éis don Choimisiún a dhearbhú gur ann fós don chás géarchéime nó force majeure.

2.   Ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 agus arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh le haghaidh cinneadh cur chun feidhme nua ón gComhairle chun na maoluithe sonracha nó an Plean Freagartha Dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(5) a leasú nó a fhadú ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí. Mura n-aisghairfear an Cinneadh sin de bhun Airteagal 6(3), féadfar, aon uair amháin, síneadh 3 mhí a chur leis an tréimhse sin tar éis don Choimisiún a dhearbhú gur ann fós don chás géarchéime nó force majeure. Beidh feidhm ag Airteagal 4(3) agus (5).

3.   Ní chuirfidh an Ballstát a bhfuil cás géarchéime nó force majeure roimhe Airteagail 10 go 13 i bhfeidhm ar feadh tréimhse is faide ná an fad is fíorghá chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin agus, in aon chás, nach faide ná an tréimhse a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3). Ní bheidh an fad iomlán maidir le cur i bhfeidhm na mbeart níos faide ná fad an cháis géarchéime nó force majeure agus beidh fad uasta 12 mhí maidir leis an gcur i bhfeidhm sin.

Airteagal 6

Faireachán

1.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle faireachán leanúnach le féachaint an ann fós do chás géarchéime, nó cás force majeure a shainaithnítear i gcinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 3(8).

2.   Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus na gcaighdeán daonnúil agus féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Thearmann cleachtadh faireacháin sonrach a thionscnamh de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2021/2303.

3.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach ann a thuilleadh do na himthosca as ar eascair an cás géarchéime nó force majeure, molfaidh sé go n-aisghairfear an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3). I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb iomchuí sin ar bhonn faisnéis ábhartha, molfaidh sé go nglacfar cinneadh cur chun feidhme nua ón gComhairle lena n-údarófar leasú nó fadú na mbeart a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(2).

4.   Cuirfidh an Coimisiún tuairisc chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, gach 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3), maidir le cur i bhfeidhm an chinnidh sin, go háirithe maidir le héifeachtacht na mbeart a rinneadh chun an cás géarchéime nó force majeure a réiteach agus cinnfidh sé an ann dó a thuilleadh agus an bhfuil na bearta fós riachtanach agus comhréireach.

Airteagal 7

Comhordaitheoir dlúthpháirtíochta an Aontais

Déanfaidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, a bhunaítear le hAirteagail 15 agus 60 de Rialachán (AE) 2024/1351, an méid seo a leanas, sa bhreis ar na cúraimí a liostaítear faoi na hAirteagail sin:

(a)

tacóidh sé leis na gníomhaíochtaí athshocrúcháin ón mBallstát lena mbaineann chuig an mBallstát is rannchuiditheoirí faoin Rialachán seo;

(b)

cuirfidh sé cultúr ullmhachta, comhair agus athléimneachta chun cinn sna Ballstáit i réimse an tearmainn agus na himirce, lena n-áirítear trí na dea-chleachtais a chomhroinnt.

Chun na críche sin, tabharfaidh an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce an t-eolas is déanaí do Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais faoi chuimsiú na gcéimeanna ábhartha den Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime de bhun Mholadh (AE) 2020/1366 ina leagan bunaidh.

Soláthróidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais, gach coicís, feasachán maidir le staid chur chun feidhme agus fheidhmiú an tsásra um athshocrú. Tarchuirfear an feasachán sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

CAIBIDIL III

BEARTA DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA IS INFHEIDHME I GCÁS GÉARCHÉIME

Airteagal 8

Bearta dlúthpháirtíochta agus tacaíochta i gcás géarchéime

1.   Féadfaidh Ballstát a bhfuil cás géarchéime roimhe na cineálacha rannchuidithe seo a leanas a iarraidh san iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2:

(a)

athshocruithe, atá le déanamh de réir na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 67 agus 68 de Rialachán (AE) 2024/1351:

(i)

iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta;

(ii)

i gcás ina gcomhaontóidh an Ballstát is rannchuiditheoir agus an Ballstát is tairbhí lena mbaineann go déthaobhach, tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh níos lú ná 3 bliana sular glacadh an gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúla;

(b)

ranníocaíochtaí airgeadais atá dírithe ar ghníomhaíochtaí atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar an gcás géarchéime sa Bhallstát lena mbaineann nó i dtríú tíortha ábhartha, agus lánurraim á tabhairt do chearta an duine, atá le soláthar ag Ballstáit eile de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2024/1351;

(c)

bearta dlúthpháirtíochta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1351, a bhfuil gá sonrach leo chun aghaidh a thabhairt ar an gcás géarchéime agus i gcomhréir le hAirteagal 65(2) agus (3) den Rialachán sin; measfar gur bearta dlúthpháirtíochta airgeadais na bearta sin, agus bunófar a luach iarbhír ar bhonn critéir oibiachtúla.

2.   Agus na hathshocruithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo á gcur chun feidhme, tabharfaidh na Ballstáit tús áite d’athshocrú daoine leochaileacha i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) 2024/1351.

Airteagal 9

Fritháirimh freagrachta

1.   I gcás ina mbeidh na gealltanais bhreise maidir le hathshocrú a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus na gealltanais atá ar fáil sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil faoi bhun na riachtanas athshocrúcháin a shainaithnítear sa chinneadh cur chun feidhme sin ón gComhairle:

(a)

gabhfaidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí freagracht orthu, suas le 100 % de na riachtanais athshocrúcháin arna sainaithint sa phlean freagartha Phlean Freagartha Dlúthpháirtíochta arna bhunú sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar cinneadh ina leith gurb é an Ballstát a bhfuil cás géarchéime roimhe atá freagrach;

(b)

tráth a mbeidh pointe (a) den fhomhír seo á chur i bhfeidhm agus i gcás inar gá, gabhfaidh na Ballstáit is rannchuiditheoirí freagracht orthu as líon sa bhreis ar a gcion cothrom féin de mhaolú ar Airteagal 63(7),de Rialachán (AE) 2024/1351.

(c)

tráth a mbeidh pointí (a) agus (b) den fhomhír seo á gcur i bhfeidhm, beidh feidhm ag Airteagal 63(6), (8) agus (9) de Rialachán (AE) 2024/1351 mutatis mutandis.

I gcás ina ngníomhachtaítear Treoir 2001/55/CE i ndáil leis an gcás céanna dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), agus i gcás ina gcomhaontaíonn na Ballstáit tráth an ghníomhachtaithe gan Airteagal 11 den Treoir sin a chur i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag fritháirimh éigeantacha de bhun an Airteagail seo. I gcás ina n-údaraítear, leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3), don Bhallstát lena mbaineann Airteagal 13 a chur i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag fritháirimh éigeantacha de bhun an Airteagail seo.

2.   I gcás nach leordhóthanach cur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal seo chun 100 % de na riachtanais athshocrúcháin arna sainaithint sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chumhdach, tionólfar Fóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta an Aontais mar ábhar práinne, i gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2024/1351 agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 57 den Rialachán sin.

3.   Féadfaidh Ballstát is tairbhí a iarraidh ar na Ballstáit eile freagracht a ghabháil orthu as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar cinneadh an Ballstát is tairbhí a bheith freagrach astu in ionad athshocruithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2024/1351.

4.   I gcás ina mbeidh Ballstát is rannchuiditheoir tagtha chun bheith freagrach as iarratais sa bhreis ar a chion cothrom féin i gcomhréir le mír 1, pointe (b), den Airteagal seo nó le hAirteagal 13, beidh sé i dteideal:

(a)

líon comhréireach a laghdú dá chion cothrom i ndáil le rannchuidithe dlúthpháirtíochta amach anseo faoi thimthriallta bliantúla Rialachán (AE) 2024/1351 a dhéanfar amach anseo, arb ionann é agus líon comhfhreagrach na n-iarratas lenar rannchuidigh an Ballstát sin sa bhreis ar a chion cothrom féin in imeacht thréimhse 5 bliana;

(b)

líon a laghdú dá chion cothrom i ndáil le rannchuidithe dlúthpháirtíochta amach anseo a leagtar amach i gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 4(3) arb ionann é agus an líon comhfhreagrach iarratas sa bhreis ar an gcion cothrom lenar rannchuidigh an Ballstát sin. Ní fhéadfar laghdú den sórt sin a éileamh ach amháin laistigh de 5 bliana ón dáta a stop an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, as ar eascair sé gur ghlac an Ballstát le breis ar a chion cothrom, de bheith i bhfeidhm a thuilleadh.

5.   I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag Ballstát leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear i mír 4, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún dá réir sin. Áireofar san fhógra líon na n-iarratas as a mbeidh an Ballstát freagrach sa bhreis ar a chion cothrom féin agus an laghdú a bheartaíonn sé a chur i bhfeidhm faoi thimthriallta bliantúla Rialachán (AE) 2024/1351 atá le teacht nó le linn cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, arna ghlacadh de bhun Airteagal 4(3), a bheith á chur chun feidhme.

Tar éis don Choimisiún an scrúdú ar an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i gcrích, i gcás ina ndearbhaíonn an Coimisiún gur rannchuidigh an Ballstát lena mbaineann líon sa bhreis ar a chion cothrom féin, údaróidh an Coimisiún don Bhallstát lena mbaineann, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, líon a laghdú dá chion cothrom arb ionann é agus an líon comhfhreagrach iarratas lenar rannchuidigh an Ballstát sin sa bhreis ar a chion cothrom féin faoi thimthriallta bliantúla Rialachán (AE) 2024/1351 atá le teacht nó nuair a bheidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 4(3), pointe (b), den Airteagal seo á chur chun feidhme aige laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 4 chun tacú le Ballstát eile, nó i gcás ina gceanglaítear fritháirimh freagrachta de bhun mhír 1, pointe (b), den Airteagal seo.

6.   I gcás nach féidir aghaidh a thabhairt ar riachtanais dlúthpháirtíochta na mBallstát eile ar Ballstáit is tairbhithe iad de bhun Airteagail 58 nó 59 de Rialachán (AE) 2024/1351 de dheasca gur úsáid an Ballstát a bhfuil cás géarchéime roimhe na gealltanais atá ar fáil sa Chomhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil de bhun Airteagal 4(5), pointe (b), den Airteagal seo, tionólfar an Fóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta an Aontais arís mar ábhar práinne, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1351 agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 57 den Rialachán sin.

7.   I gcás ina measfaidh Ballstát eile, mar thoradh ar na bearta is gá chun tacú leis an mBallstát a bhfuil cás géarchéime roimhe, ar bearta iad a áirítear sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3), go bhfuil sé faoi bhrú imirce nó go bhfuil cás suntasach imirce roimhe de réir bhrí Airteagal 2, pointí (24) agus (25) faoi seach, de Rialachán (AE) 2024/1351 nó go bhfuil cás géarchéime roimhe, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta dlúthpháirtíochta a iarraidh nó a iarraidh go laghdófaí a rannchuidithe dlúthpháirtíochta go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir leis an Rialachán sin, nó féadfaidh sé bearta dlúthpháirtíochta agus tacaíochta a iarraidh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar iarraidh réasúnaithe an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an bhfuil an Ballstát sin tar éis freagracht a ghlacadh as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú sa bhreis ar a chion cothrom féin agus, lena chois sin, an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 de Rialachán 2024/1351.

CAIBIDIL IV

MAOLUITHE

Airteagal 10

Iarratais a chlárú ar chosaint idirnáisiúnta i gcás géarchéime nó force majeure

1.   I gcás géarchéime nó force majeure, de mhaolú ar Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2024/1348, is féidir leis an mBallstát a bhfuil an cás sin roimhe na hiarratais a rinneadh le linn na tréimhse ar lena linn a chuirtear an mhír seo i bhfeidhm a chlárú, tráth nach déanaí ná 4 seachtaine tar éis na hiarratais sin a dhéanamh.

2.   Agus mír 1 á cur i bhfeidhm aige, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann tosaíocht do chlárú na n-iarratas ó dhaoine a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta acu mar a shainítear i dTreoir (AE) 2024/1346 agus ó mhionaoisigh agus baill teaghlaigh mionaoiseach.

3.   Agus mír 1 á cur i bhfeidhm acu, féadfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt freisin do chlárú na n-iarratas ar dócha bunús maith a bheith leo.

4.   I gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), ní dhéanfar an maolú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ach amháin le linn na tréimhse ama a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme tosaigh ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus ní fhéadfar é a chur i bhfeidhm i rith aon síntí ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 5(1) nó (2).

5.   I gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir (AE) 2024/1346 agus Rialachán (AE) 2024/1348, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh iarratasóirí in ann rochtain a fháil ar a gcearta agus a gcearta a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach faoi na hionstraimí sin a luaithe a dhéanfaidh siad iarratas, gan beann ar an uair a dhéantar an clárú. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát ar an eolas go cuí, i dteanga a thuigeann siad nó i dteanga a shíltear le réasún go dtuigfidh siad í, faoin mbeart atá á chur i bhfeidhm, faoi shuíomh na bpointí clárúcháin, lena n-áirítear na pointí trasnaithe teorann, a bhfuil rochtain orthu chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus a thaisceadh, agus faoi fhad an bhirt.

6.   Nuair a bheidh an iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(1) á cur isteach, féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún go measann sé gur gá an maolú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm sula n-údarófar dó sin a dhéanamh sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear i mír 4(3), agus na cúiseanna beachta a bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach á léiriú.

Sa chás sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an maolú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná 10 lá ón lá i ndiaidh an dáta a cuireadh an iarraidh isteach, mura n-údaraítear don Bhallstát lena mbaineann, le cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3), leanúint den mhaolú sin a chur i bhfeidhm.

7.   Maidir le síneadh na teorann ama chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú, beidh sé gan dochar do na hoibleagáidí na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 15(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1358 a chomhlíonadh.

Airteagal 11

Bearta is infheidhme maidir leis an nós imeachta teorann um thearmann i gcás géarchéime nó force majeure

1.   I gcás géarchéime nó force majeure, féadfaidh na Ballstáit, a mhéid a bhaineann le hiarratais a dhéanfar laistigh den tréimhse ar lena linn a chuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm, maolú ar Airteagal 51(2) de Rialachán (AE) 2024/1348, trí shíneadh breise nach faide ná 6 seachtaine a chur le huastréimhse ama an nós imeachta teorann maidir le hiarratais a scrúdú a leagtar amach san Airteagal sin. Ní úsáidfear an tréimhse sin i dteannta na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 51(2), an tríú fomhír, den Rialachán sin.

2.   I gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), nó i gcás force majeure, de mhaolú ar Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2024/1348, ní cheanglófar ar na Ballstáit, i nós imeachta teorann, iarratais arna ndéanamh ag iarratasóirí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (j), den Rialachán sin a scrúdú, nuair nach leordhóthanach na bearta i bplean teagmhasach an Bhallstáit lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir (AE) 2024/1346 chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin.

3.   I gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), de mhaolú ar Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2024/1348, féadfaidh na Ballstáit an tairseach dá bhforáiltear in Airteagal 42(1), pointe (j) a laghdú go 5 %.

4.   I gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), de mhaolú ar Airteagal 44(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1348, féadfaidh na Ballstáit, i nós imeachta teorann, cinntí a ghlacadh maidir le fiúntas iarratais i gcásanna ina mbeidh an t-iarratasóir ina náisiúnach tríú tír nó, i gcás daoine gan stát, ina raibh gnáthchónaí orthu i dtríú tír, ar ina leith is 50 % nó níos ísle cion na gcinntí ón údarás cinntitheach lenar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta, de réir an mheánráta i dtaca leis an Aontas ar fad sna sonraí bliantúla is déanaí atá le fáil ó Eurostat, sa bhreis ar na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 42(1), pointe (j), den Rialachán sin, agus riachtanais chosanta, atá ag athrú go tapa, agus a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa tír thionscnaimh mar a léirítear sna nuashonruithe ráithiúla ar na sonraí ó Eurostat, á gcur san áireamh.

5.   Agus mír 3 nó 4 den Airteagal seo á gcur i bhfeidhm aige, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann tosaíocht do scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais sin ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh ag daoine a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta nó riachtanais ghlactha speisialta acu mar a shainítear i dTreoir (AE) 2024/1346 agus i Rialachán (AE) 2024/1348, agus ag mionaoisigh agus baill teaghlaigh mionaoiseach. Agus míreanna 3, 4 nó 6 den Airteagal seo á gcur i bhfeidhm aige, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann freisin tosaíocht a thabhairt do scrúdú na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar dócha bunús maith a bheith leo.

6.   I gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b), de mhaolú ar Airteagal 44(1), pointe (b) agus Airteagal 53(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1348, féadfaidh na Ballstáit, i nós imeachta teorann, cinntí a ghlacadh maidir le fiúntas gach iarratais a dhéanfaidh aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát atá á n-ionstraimiú agus a cláraíodh le linn na tréimhse ina bhfuil an mhír seo á cur i bhfeidhm.

7.   Agus mír 6 á cur i bhfeidhm aige, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

mionaoisigh faoi bhun 12 bhliain d’aois agus a mbaill teaghlaigh, agus daoine a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta nó riachtanais ghlactha speisialta acu mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2024/1346 agus i Rialachán (AE) 2024/1348 leis an a eisiamh ón nós imeachta teorann; nó

(b)

scor den nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm i ndáil leis na catagóirí iarratasóirí seo a leanas i gcás ina gcinnfear, ar bhonn measúnú aonair, gur dócha bunús maith a bheith lena n-iarratais:

(i)

mionaoisigh faoi bhun 12 bhliain d’aois agus a mbaill teaghlaigh; agus

(ii)

daoine leochaileacha a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta nó riachtanais ghlactha speisialta acu mar a shainítear i dTreoir (AE) 2024/1346 agus i Rialachán (AE) 2024/1348.

Beidh an mhír seo gan dochar do chineál éigeantach an nós imeachta teorann dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2024/1348.

8.   Nuair a údarófar don Bhallstát lena mbaineann an maolú dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, sonrófar sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) an bhfuil feidhm ag mír 7, pointe (a) nó (b), bunaithe ar an rún a chuir an Ballstát lena mbaineann in iúl i gcomhréir le hAirteagal 2(2), pointe (d).

9.   An Ballstát a bhfuil cás géarchéime nó force majeure roimhe, ní dhéanfaidh sé an maolú ar an nós imeachta tearmainn dá bhforáiltear i míreanna 4 agus 6 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm nó déanfaidh sé scor dá gcur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil cúiseanna leighis ann gan an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 53(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1348, nó i gcás nach féidir an tacaíocht is gá a sholáthar d’iarratasóirí a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta acu i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1346 nó a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta acu i gcomhréir le hAirteagal 53(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1348.

10.   Chun na maoluithe dá dtagraítear san Airteagal seo a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag bunphrionsabail an chirt chun tearmainn agus urramú phrionsabal an non-refoulement chomh maith leis na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidlí I agus II de Rialachán (AE) 2024/1348 chun a áirithiú go ndéanfar cearta na ndaoine sin a iarrann cosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, a chosaint.

Beidh rochtain éifeachtach ag eagraíochtaí agus daoine a bhfuil cead acu faoin dlí náisiúnta comhairle agus comhairleoireacht a sholáthar d’iarratasóirí a choinnítear i saoráidí coinneála nó atá i láthair ag pointí trasnaithe teorann. Féadfaidh na Ballstáit teorainneacha a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí mar sin i gcás, de bhua dlí náisiúnta, ina bhfuil siad riachtanach don tslándáil, don ord poiblí nó don bhainistiú riaracháin ar shaoráid coinneála, ar choinníoll nach gcuirfear bacainn mhór nó bacainn iomlán ar an rochtain orthu leis na teorainneacha sin.

11.   Ní dhéanfaidh na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal seo difear don phróiseas lena gcinnfear cén Ballstát atá freagrach faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2024/1351. I gcás inar faide an próiseas lena gcinnfear cén Ballstát atá freagrach ná fad uasta an nós imeachta teorann um thearmann i gcás géarchéime nó i gcás force majeure, cuirfear an próiseas agus an chuid eile den nós imeachta tearmainn i gcrích ar chríoch an Bhallstáit a mbeidh an cinneadh á dhéanamh aige i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) 2024/1348.

Airteagal 12

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama a leagtar amach le haghaidh iarrataí ar ghabháil ar láimh, fógraí maidir le tógáil ar ais agus aistrithe i gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), nó i gcás force majeure

1.   I gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), nó i gcás force majeure a fhágann nach féidir leis an mBallstát a bhfuil an cás sin roimhe na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagail 39, 40, 41 agus 46 de Rialachán (AE) 2024/1351 a chomhlíonadh nó glacadh le daoine a bhfuil sé freagrach astu de bhun an Rialacháin sin, féadfaidh Ballstáit maolú ar na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagail 39, 40, 41 agus 46 den Rialachán sin an tráth céanna.

2.   I gcás ina gcuireann Ballstát an maolú dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh an Ballstát sin an méid seo a leanas:

(a)

iarraidh ar ghabháil ar láimh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2024/1351 a thíolacadh laistigh de 4 mhí ón dáta a cláraíodh an t-iarratas;

(b)

freagra a thabhairt ar an iarraidh ar ghabháil ar láimh dá dtagraítear in Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1351 laistigh de 2 mhí tar éis an iarraidh a fháil;

(c)

fógra maidir le tógáil ar ais dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2024/1351 a thíolacadh laistigh d’aon mhí amháin tar éis amas Eurodac a fháil nó a dheimhniú go bhfuil sé faighte laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra sin; agus

(d)

aistriú dá dtagraítear in Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2024/1351 a dhéanamh laistigh d’aon bhliain amháin tar éis glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh nó an fógra maidir le tógáil ar ais ó Bhallstát eile a dheimhniú nó tar éis an chinnidh chríochnaithigh maidir le cinneadh aistrithe a achomharc nó a athbhreithniú i gcás ina mbeidh éifeacht fionraíochta ann i gcomhréir le hAirteagal 43(3).

3.   I gcás nach gcloífidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1 leis na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 2, pointe (a), (b) nó (d), den Airteagal seo, is air féin a bheidh an fhreagracht scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de bhun Rialachán (AE) 2024/1351, nó déanfar í a aistriú chuige.

4.   I gcás ina gcuirfear mír 1 den Airteagal seo i bhfeidhm, ní dhéanfar aistrithe de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2024/1351 chuig an mBallstát freagrach a bhfuil cás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), den Rialachán seo nó cás force majeure, roimhe go dtí nach mbeidh an cás sin roimh an mBallstát sin a thuilleadh, mura rud é, de bharr imthosca aonair an iarratasóra, gur chomhaontaigh an Ballstát freagrach an duine lena mbaineann a ghlacadh. I gcás nach ndéanfar an t-aistriú laistigh d’aon bhliain amháin tar éis glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh nó an fógra maidir le tógáil ar ais ó Bhallstát eile a dheimhniú nó tar éis an chinnidh chríochnaithigh maidir le cinneadh aistrithe a achomharc nó a athbhreithniú i gcás ina mbeidh éifeacht fionraíochta ann i gcomhréir le hAirteagal 43 (3) den Rialachán (AE) 2024/1351, lena n-áirítear toisc gur ann don chás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), den Rialachán seo nó don chás force majeure, de mhaolú ar Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2024/1351, scaoilfear an Ballstát a bhfuil an cás sin roimhe óna oibleagáidí an duine lena mbaineann a ghabháil ar láimh nó a thabhairt ar ais agus aistreofar an fhreagracht chuig an mBallstát a dhéanfaidh an t-aistriú.

Airteagal 13

Maoluithe ar an oibleagáid iarratasóir a thógáil ar ais i gcás eisceachtúil ina bhfuil líon ollmhór daoine ag teacht isteach

1.   De mhaolú ar Airteagal 36(1), pointe (b), agus Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2024/1351, i gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a), den Rialachán seo ina bhféadfadh an líon ollmhór náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag teacht isteach a bheith chomh mór agus chomh dian sin go bhféadfadh an baol a bheith ann go mbeadh easnaimh thromchúiseacha sa chaoi a gcaitear le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, go mbeadh an baol ann nach mbeadh an Comhchóras Eorpach Tearmainn feidhmiúil, d’fhéadfaí an Ballstát a bhfuil an cás sin roimhe a scaoileadh óna oibleagáid chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

iarratasóir, náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil an Ballstát sin sonraithe ina leith gurb é an Ballstát atá freagrach faoi Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/1358 a thógáil ar ais, i gcás inar cinneadh an fhreagracht sin de bhun Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1351; nó

b)

an t-iarratasóir a thógáil ar ais de bhun Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2024/1351.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach i gcás inar cláraíodh an t-iarratas sa Bhallstát a bhfuil an cás sin roimhe laistigh de thréimhse a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo agus nach faide ná 4 mhí roimh dháta glactha an chinnidh cur chun feidhme sin ón gComhairle.

2.   I gcás ina gcuirfear mír 1 den Airteagal seo i bhfeidhm, agus inar cinneadh gurb é an Ballstát a bhfuil an cás sin roimhe atá freagrach de bhun Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1351, scaoilfear an Ballstát sin ón oibleagáid an duine lena mbaineann a thógáil ar ais agus aistreofar an fhreagracht chuig an mBallstát inar cláraíodh an dara hiarratas.

Déanfaidh an Ballstát a thagann chun bheith freagrach de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a léiriú in Eurodac gurb é an Ballstát atá freagrach i gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2024/1358.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 4 d’Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2024/1351, i gcás ina gcuirfear mír 1 den mhír seo i bhfeidhm, agus ina bhfuil sé d’oibleagáid ar an mBallstát a bhfuil an cás sin roimhe iarratasóir a thógáil ar ais de bhun Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2024/1351, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil an dara hiarratas cláraithe na nósanna imeachta a leagtar amach i gCuid III den Rialachán sin, cé is moite d’Airteagal 16(2), Airteagal 17(1) agus (2), Airteagal 25(5) agus Airteagal 33(1) agus (2), a chur i bhfeidhm, agus aistreofar an oibleagáid iarratasóir a thógáil ar ais de bhun Airteagal 38(4) chuig an mBallstát sin.

I gcás nach féidir aon Bhallstát atá freagrach a chinneadh faoin gcéad fhomhír den mhír seo, beidh an Ballstát inar cláraíodh an dara hiarratas freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Ní dhéanfaidh an fhomhír seo difear d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil fógra maidir le tógáil ar ais seolta ag Ballstát ina leith de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2024/1351 roimh an dáta a ghlacfar an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo.

Déanfaidh an Ballstát a bheidh freagrach de bhun an dara fomhír den mhír seo a fhreagracht a léiriú in Eurodac gurb é an Ballstát atá freagrach anois é i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2024/1358.

CAIBIDIL V

NÓS IMEACHTA BROSTAITHE

Airteagal 14

Nós imeachta brostaithe

1.   I gcás ina dtugtar le fios le himthosca oibiachtúla go bhféadfadh bunús maith a bheith le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó ghrúpaí iarratasóirí ó thír thionscnaimh shonrach nó ó iar-ghnáthchónaí nó ó chuid den tír sin nó ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1347, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le Fóram Ardleibhéil Dlúthpháirtíochta an Aontais, moladh a ghlacadh maidir le nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a sholáthar d’fhonn, go háirithe, cur i bhfeidhm Airteagal 13(11), pointe (a), agus 34(5), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1348 a éascú.

2.   I gcás ina gcuirfidh an t-údarás cinntitheach i bhfeidhm, tar éis moladh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh, Airteagal 13(12), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1348 chun an t-agallamh pearsanta a fhágáil ar lár agus Airteagal 34(5), pointe (a), den Rialachán sin chun tosaíocht a thabhairt don scrúdú ar an iarratas toisc gur dócha bunús maith a bheith leis, áiritheoidh sé, de mhaolú ar Airteagal 35(4) den Rialachán sin, go dtabharfar an scrúdú ar fhiúntas an iarratais i gcrích tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ó thaisceadh an iarratais.

3.   Le linn don Choimisiún a mheas an nglacfar moladh dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh sé dul i gcomhairle le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, le UNHCR agus le heagraíochtaí ábhartha eile.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Forálacha sonracha agus ráthaíochtaí

I gcás géarchéime, i gcás ina gcuireann Ballstát maolú dá dtagraítear in Airteagail 10 go 13 i bhfeidhm, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ar an eolas go cuí, i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát nó i dteanga a síltear le réasún go dtuigfidh sé í, faoi na bearta atá á gcur i bhfeidhm, faoi shuíomh na bpointí clárúcháin, lena n-áirítear na pointí trasnaithe teorann, a bhfuil rochtain orthu chun iarratas a chlárú agus a chur isteach, agus faoi fhad na mbeart.

Airteagal 16

Ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna

1.   Áireofar freisin sna straitéisí náisiúnta arna mbunú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1351 an méid a leanas:

(a)

bearta coisctheacha chun leibhéal leordhóthanach ullmhachta a áirithiú agus chun an riosca a bhaineann le cásanna géarchéime agus pleanáil theagmhasach a laghdú, agus an phleanáil theagmhasach de bhun Rialacháin (AE) 2021/2303 agus (AE) 2019/1896 agus Threoir (AE) 2024/1346 agus na tuarascálacha ón gCoimisiún arna n-eisiúint faoi chuimsiú an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime á gcur san áireamh;

(b)

anailís ar na bearta is gá chun freagairt do chásanna géarchéime agus force majeure sa Bhallstát lena mbaineann agus chun iad a réiteach, lena n-áirítear bearta chun cosaint a thabhairt do chearta na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do chearta na dtairbhithe de chosaint idirnáisiúnta agus de chineálacha eile cosanta.

2.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh na Ballstáit dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, go háirithe leis an nGníomhaireacht um Thearmann, chomh maith le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.   Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú, i gcás inar gá, ar na straitéisí náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1351 agus in aon chás, tráth nach déanaí ná bliain amháin ón dáta ar tháinig deireadh leis an gcás géarchéime i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo.

Airteagal 17

Comhar agus measúnú

1.   Chun cur i bhfeidhm rianúil na mbeart a áirítear sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo a áirithiú, tionólfaidh Comhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais an chéad chruinniú d’Fhóram Teicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2024/1351 díreach tar éis an cinneadh cur chun feidhme sin ón gComhairle a ghlacadh. Tar éis an chéad chruinnithe sin, tiocfaidh Fóram Teicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais le chéile a mhinice is gá.

2.   Féadfaidh an Ballstát atá i gcás géarchéime cúnamh a iarraidh ar na húdaráis uile atá in ann acmhainní daonna a údarás inniúil a mhéadú ar gearrfhógra, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/1348 agus cúnamh a iarraidh ar shaineolaithe arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht um Thearmann i gcomhréir le hAirteagal 5, pointe (a), den Rialachán sin, agus Airteagal 16(2), pointe (b), agus Airteagal 21(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2303.

3.   Oibreoidh an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus an Ballstát a bhfuil cás géarchéime nó force majeure roimhe i ndlúthchomhar le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

4.   Leanfaidh an Ballstát a bhfuil cás géarchéime nó force majeure roimhe de bheith ag tuairisciú na sonraí ábhartha go léir chuig an gCoimisiún, lena n-áirítear staitisticí atá ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ina theannta sin, soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis shonrach is gá don Choimisiún chun an t-athbhreithniú faoi Airteagal 6(3) a dhéanamh agus chun an togra maidir leis an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a aisghairm nó a shíneadh mar aon le haon fhaisnéis eile a iarrfaidh an Coimisiún ar an mbonn sin.

5.   Leanfaidh an Ballstát a bhfuil cás géarchéime nó force majeure roimhe de bheith ag obair i ndlúthchomhar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus le haon eagraíochtaí eile ar chuir an Ballstát cúraimí orthu i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus le Rialachán (AE) 2024/1348 agus le Treoir (AE) 2024/1346.

6.   Agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu de bhun an Airteagail seo, áiritheoidh an Coimisiún agus an Chomhairle i gcónaí go n-urramófar prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta.

Airteagal 18

Tacaíocht airgeadais

1.   Na Ballstáit a dhéanfaidh athshocrú mar bheart dlúthpháirtíochta, beidh siad in ann tairbhe a bhaint as tacaíocht airgeadais ón Aontas faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(9) de Rialachán (AE) 2021/1147, lena n-áirítear le haghaidh bearta lánpháirtíochta luatha arna gcur chun feidhme ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla.

2.   Féadfar tacaíocht cistiúcháin éigeandála do Bhallstát atá i gcás géarchéime a leithdháileadh de bhun Airteagal 31(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1147, lena n-áirítear le haghaidh tógáil, cothabháil agus athchóiriú saoráidí glactha is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na caighdeáin dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2024/1346.

Airteagal 19

Leasú ar Rialachán (AE) 2021/1147

In Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2021/1147, cuirtear an pointe seo leis:

‘(ba)

cás géarchéime de réir bhrí Airteagal 1(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 155, 30.4.2021, lch. 58.

(2)   IO C 175, 7.5.2021, lch. 32.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024.

(4)  Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).

(5)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(6)  Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).

(7)  Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, lena leasaítear Treoir 2003/109/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1347, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1347/oj).

(11)  Treoir (AE) 2024/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le córas faoi Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 10 a ghabhann leis an Ionstraim Aontachais (IO L 161, 30.4.2004, lch. 128).

(13)  Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1896 ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(15)  Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra AE um ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce (IO L 317, 1.10.2020, lch. 26).

(16)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(17)  Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1).

(18)   IO L 66, 8.3.2006, lch. 38.

(19)   IO L 93, 3.4.2001, lch. 40.

(20)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 5.

(21)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 39.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1359/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)