European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1357

16.5.2024

CINNEADH (AE) 2024/1357 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibrean 2024

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Feabhra 2022, le Cinneadh (AE) 2022/442 ón gComhairle (2), d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an Íoslainn, le Ríocht na hIorua, le Cónaidhm na hEilvéise agus le Prionsacht Lichtinstéin i ndáil leis na socruithe maidir le ranníocaíochtaí airgeadais na dtíortha sin agus leis na rialacha forlíontacha is gá chun go mbeidh siad rannpháirteach, lena n-áirítear forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus cumhachtaí iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí, atá le tabhairt i gcrích de bhun Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tugadh an chaibidlíocht le Prionsacht Lichtinstéin i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur le Comhaontú an 16 Meitheamh 2023.

(2)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/199 ón gComhairle (4), síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027 (‘an Comhaontú’) an 28 Samhain 2023, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(3)

De bhun Airteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is iomchuí don Chomhairle an Coimisiún a údarú chun modhnuithe ar an gComhaontú a fhormheas, modhnuithe a bhfuil gá leo d’fhonn tagairtí do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a choigeartú aon uair a thabharfar an Rialachán sin cothrom le dáta.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (6). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(6)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027 (7) (‘an Comhaontú’).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) den Chomhaontú (8).

Airteagal 3

Chun críocha Airteagal 2, mír 2, pointe (b), den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, modhnuithe ar Airteagal 2, mír 1, an dara fomhír, pointe (a), den Chomhaontú a fhormheas chun aon leasú, aisghairm, athsholáthar nó athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais a chur san áireamh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)  Toiliú an 10 Aibreán 2024.

(2)  Cinneadh (AE) 2022/442 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin d’fhonn Comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus na tíortha sin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IO L 90, 18.3.2022, lch. 116).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).

(4)  Cinneadh (AE) 2024/199 an 13 Samhain 2023 ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027 (IO L, 2024/199, 4.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/199/oj).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(7)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2024/200, 4.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/200/oj.

(8)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1357/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)