European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1356

22.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1356 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) pointí (b) agus (d), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cruthaíodh an limistéar Schengen chun limistéar gan teorainneacha inmheánacha a bhaint amach ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine, mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Braitheann dea-fheidhmiú an limistéir sin ar mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus ar bhainistiú éifeachtúil na teorann seachtraí.

(2)

Leagtar síos na rialacha lena rialaítear rialú teorann daoine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha Bhallstát an Aontais i Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). In ainneoin na mbeart faireachais ar theorainneacha atá á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh ar Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe a dhéanfadh náisiúnaigh tríú tír agus iad ag seachaint seiceálacha teorann. Chun beartas an Aontais a fhorbairt a thuilleadh d’fhonn seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú teorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart aghaidh a thabhairt, le beartais bhreise, ar chásanna ina ngabhtar náisiúnaigh tríú tír i dtaca le trasnú neamhúdaraithe teorainneacha seachtracha, ar chásanna ina ndíbhordáiltear náisiúnaigh tríú tír i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus ar chásanna ina ndéanann náisiúnaigh tríú tír iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag pointe trasnaithe teorann gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh. Is comhlánú ar Rialachán (AE) 2016/399 an Rialachán seo maidir leis na cásanna sin. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú, sna cásanna sin, go ndéanfar náisiúnaigh tríú tír a scagadh, chun go mbeifear in ann iad a shainaithint i gceart agus chun go mbeifear in ann iad a threorú go héifeachtúil chuig na nósanna imeachta iomchuí, nósanna imeachta a d’fhéadfadh, ag brath ar na himthosca, a bheith ina nósanna imeachta um chosaint idirnáisiúnta nó ina nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Le scagadh ar náisiúnaigh tríú tír den sórt sin, ba cheart na seiceálacha a dhéantar ag an teorainn sheachtrach a chomhlánú gan bhriseadh nó cúiteamh a dhéanamh toisc nach ndearnadh na seiceálacha sin agus na náisiúnaigh tríú tír ag trasnú na teorann seachtraí.

(3)

Ní hamháin go ndéanann an rialú teorann leas an Bhallstáit ar ag a theorainneacha seachtracha a chuirtear i gcrích é ach déanann sé leas na mBallstát go léir a bhfuil deireadh curtha acu le rialú ag teorainneacha inmheánacha. Ba cheart rialú teorann a bheith ina chuidiú chun an imirce neamhdhleathach a laghdú, chun smuigleáil agus an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac, agus chun aon bhagairt ar shlándáil inmheánach, beartas poiblí, sláinte phoiblí nó caidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc. Agus rialú teorann á dhéanamh acu, tá na Ballstáit le gníomhú i gcomhréir leis dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, le hoibleagáidí a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, agus le cearta bunúsacha. Mar sin, is gnéithe tábhachtacha de chur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce iad na bearta a dhéantar ag na teorainneacha seachtracha lena gceadaítear do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le teacht isteach de mheascán d’imircigh neamhrialta agus daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.

(4)

De réir Rialachán (AE) 2016/399, leis an rialú teorann cuimsítear seiceálacha teorann a dhéantar ag pointí trasnaithe teorann agus faireachas ar theorainneacha, a dhéantar idir na pointí trasnaithe teorann, chun cosc a chur ar náisiúnaigh tríú tír an teorann a thrasnú nuair nach n-údaraítear sin faoin Rialachán sin nó dul timpeall ar sheiceálacha teorann. De bhun na bhforálacha maidir le faireachas ar theorainneacha atá i Rialachán (AE) 2016/399, tá duine a thrasnaigh teorainn ar bhealach neamhúdaraithe agus nach bhfuil cead aige nó aici fanacht ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann le gabháil agus le cur faoi réir na nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE. De bhun Rialachán (AE) 2016/399, tá an rialú teorann le déanamh gan dochar do chearta dídeanaithe agus daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le non-refoulement.

(5)

Bíonn ar ghardaí teorann aghaidh a thabhairt go minic ar náisiúnaigh tríú tír a iarrann cosaint idirnáisiúnta gan doiciméid taistil, i ndiaidh dóibh é a ghabháil agus faireachas ar theorainneacha nó le linn seiceálacha ag na pointí trasnaithe teorann. Thairis sin, ag codanna áirithe den teorainn bíonn ar ghardaí teorann aghaidh a thabhairt ar líon mór imirceach atá ag iarraidh teacht isteach ag an am céanna. Sna himthosca sin, tá sé iontach deacair agus tábhachtach a áirithiú go ndéanfar na bunachair sonraí ábhartha uile a cheadú agus an nós imeachta ábhartha a chinneadh chomh tapa agus is féidir.

(6)

Go háirithe, ba cheart an scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a bheith ina chuidiú chun a áirithiú go ndéanfaí iad a threorú chuig na nósanna imeachta iomchuí ag an gcéim is luaithe is féidir agus go leanfar de na nósanna imeachta sin gan bhriseadh ná moill. Ag an am céanna, ba cheart an scagadh a bheith ina chuidiú chun dul i ngleic leis an gcleachtas ina n-éalaíonn roinnt iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta tar éis dóibh údarú a fháil le dul isteach ar chríoch Bhallstáit bunaithe ar a n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, chun an t-iarratas céanna a dhéanamh i mBallstát eile nó gan é a dhéanamh ar chor ar bith.

(7)

Maidir le scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá le cosaint idirnáisiúnta i ndiaidh an scagtha. Leis sin, ba cheart a bheith in ann aon fhaisnéis a bhailiú agus a roinnt leis na húdaráis atá inniúil chun an scrúdú sin a dhéanamh, ar faisnéis í atá ábhartha chun go sainaithneoidh na húdaráis an nós imeachta iomchuí maidir leis an iarratas a scrúdú gan réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar an gcineál nós imeachta, agus dlús a chur leis an scrúdú dá bharr. Ba cheart an scagadh a bheith ina chuidiú freisin chun daoine leochaileacha a shainaithint, ionas go gcuirfear aon riachtanas speisialta san áireamh go hiomlán agus an nós imeachta is infheidhme á chinneadh agus á shaothrú.

(8)

Ba cheart na hoibleagáidí ar Bhallstáit a eascraíonn as an Rialachán seo a bheith gan dochar do Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(9)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu arna ngabháil i dtaca le theorainn sheachtrach Bhallstáit a thrasnú ar bhealach neamhúdaraithe ar talamh, ar muir nó san aer, seachas maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann na sonraí bithmhéadracha a thógáil de bhun Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ar chúiseanna eile seachas aois, agus maidir leis na náisiúnaigh tríú tír sin a dhíbhordáiltear i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Rialachán (AE) 2016/399. Maidir leis na náisiúnaigh tríú tír sin a dhíbhordáiltear i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát de réir an dlí idirnáisiúnta maidir le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir leis na daoine sin a lorgaíonn cosaint idirnáisiúnta ag na pointí trasnaithe teorann nó i gcriosanna idirthurais nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach nó i gcás ina ndéanann náisiúnaigh tríú tír iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis dóibh údarú a fháil dul isteach de bhun Rialachán (AE) 2016/399 ar fhorais daonnúla, ar fhorais leasa náisiúnta nó i ngeall ar oibleagáidí idirnáisiúnta.

(10)

Ba cheart an scagadh a dhéanamh ag aon suíomh leormhaith agus iomchuí arna ainmniú ag gach Ballstát, suite i gcoitinne ag an teorainn sheachtrach nó gar di nó, mar mhalairt air sin, i suíomhanna eile laistigh den chríoch, agus geografaíocht agus bonneagair atá ann cheana á gcur san áireamh, lena n-áirithítear gur féidir scagadh a dhéanamh gan mhoill. Maidir le scagadh ar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach laistigh de chríoch na mBallstát a thrasnaigh teorainn sheachtrach chun dul isteach ar chríoch na mBallstát ar bhealach neamhúdaraithe agus nár cuireadh faoi réir an scagtha iad cheana i mBallstát, ba cheart iad a scagadh ag aon suíomh leormhaith agus iomchuí, arna ainmniú ag gach Ballstát, ar a chríoch.

(11)

Náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha, ba cheart dóibh leanúint de bheith ar fáil do na húdaráis scagtha le linn an scagtha. Ba cheart do na Ballstáit forálacha a leagan síos ina ndlí náisiúnta lena áirithiú go bhfuil na náisiúnaigh tríú tír sin fós ar a gcríoch le linn an scagtha chun éalú a chosc. I gcás inar gá déanamh amhlaidh, agus é sin bunaithe ar mheasúnú aonair ar gach cás, féadfaidh na Ballstáit duine atá faoi réir an scagtha a choimeád faoi choinneáil, mura féidir bearta malartacha eile nach bhfuil chomh comhéigeantach céanna a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Níor cheart coinneáil a chur i bhfeidhm ach amháin mar rogha dheiridh i gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta agus ba cheart í a bheith faoi réir leigheas éifeachtach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta. Le linn an scagtha, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Threoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) , i gcás iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus ag na rialacha ábhartha maidir le coinneáil a leagtar amach i dTreoir 2008/115/CE (an Treoir um Fhilleadh), i gcás náisiúnaigh tríú tír nach ndearna iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

(12)

I gcás ina bhfuil sé soiléir le linn an scagtha go gcomhlíonann náisiúnach tríú tír atá faoi réir an scagtha sin na coinníollacha maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399, ba cheart deireadh a chur leis an scagadh agus ba cheart údarú a thabhairt don náisiúnach tríú tír lena mbaineann dul isteach sa chríoch, gan dochar do chur i bhfeidhm pionós maidir le trasnú neamhúdaraithe teorainneacha seachtracha ag áiteanna seachas pointí trasnaithe teorann nó ag amanna seachas na hamanna oscailte seasta dá dtagraítear sa Rialachán sin.

(13)

I bhfianaise chuspóir na maoluithe ó na coinníollacha maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/399, na daoine sin a bhfuil údarú tugtha ag Ballstát dóibh dul isteach i gcomhréir le maoluithe den sórt sin faoin Rialachán sin i gcinneadh aonair, níor cheart, cé nach gcomhlíonann siad na coinníollacha uile maidir le dul isteach, iad a chur faoi réir an scagtha, ach amháin má dhéanann siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

(14)

Na náisiúnaigh tríú tír ar fad atá faoi réir an scagtha ba cheart iad a chur faoi sheiceálacha, chun a gcéannacht a shainaithint nó a fhíorú agus chun a fhíorú an bhféadfadh siad a bheith ina mbagairt ar an tslándáil inmheánach nó ina mbaol don tsláinte poiblí. I gcás daoine a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann, ba cheart na seiceálacha céannachta agus slándála a dhéantar i gcomhthéacs seiceálacha teorann a chur san áireamh chun dúbláil seiceálacha a sheachaint.

(15)

Nuair a bheidh an scagadh curtha i gcrích, ba cheart na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a threorú chuig na húdaráis atá inniúil ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú nó ba cheart iad a bheith faoi réir nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE, de réir mar is iomchuí. Ba cheart an fhaisnéis arna fáil le linn an scagtha a chur ar fáil do na húdaráis inniúla chun tacú le measúnú breise ar gach cás aonair, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha. I gcás inar gá, ba cheart do na húdaráis inniúla faoi seach leanúint de na seiceálacha a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh laistigh den nós imeachta ina dhiaidh sin. Níor cheart feidhm a bheith ag na nósanna imeachta arna mbunú le Treoir 2008/115/CE go dtí go mbeidh deireadh leis an scagadh. Níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le clárú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) go dtí go mbeidh deireadh leis an scagadh. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don fhíoras gur cheart a mheas gur iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad na daoine a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tráth a ngabhála, le linn rialú teorann ag an bpointe trasnaithe teorann nó le linn an scagtha, agus ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2024/1348 agus ag Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na daoine sin.

(16)

Daoine a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus nach bhfuil na Ballstáit in ann nós imeachta teorann um thearmann a chur i bhfeidhm maidir leo nó a chur i bhfeidhm maidir leo a thuilleadh i gcomhréir leis na heisceachtaí ar an nós imeachta teorann um thearmann i Rialachán (AE) 2024/1348, ba cheart, de ghnáth, údarú a thabhairt dóibh dul isteach ar an gcríoch.

(17)

D’fhéadfaí athshocrú a dhéanamh i ndiaidh an scagtha freisin faoin sásra dlúthpháirtíochta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1351 nó le sásra dlúthpháirtíochta eile atá ann cheana.

(18)

I gcomhréir leis an toimhde maidir leis na coinníollacha i dtaobh tréimhse fanachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/399, is le stampa dul isteach ar an doiciméad taistil a léirítear comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le dul isteach agus an t-údarú maidir le dul isteach. Dá bhrí sin, mura bhfuil an stampa dul isteach sin nó doiciméad taistil aige, d’fhéadfaí sin a mheas mar léiriú nach gcomhlíonann an sealbhóir na coinníollacha maidir le dul isteach. Le tosnú oibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (EES), rud a fhágann nach mbeidh stampaí ann a thuilleadh ach go gcuirfear iontráil in EES, beidh an toimhde sin níos iontaofa dá bharr. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír atá laistigh dá gcríoch cheana féin agus nach bhfuil sé ar a gcumas a chruthú go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le dul isteach i gcríoch na mBallstát. Tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar na náisiúnaigh tríú tír sin, ar shroicheadh an limistéir Schengen dóibh, chun na seiceálacha a chúiteamh cionn is gur dócha gur sheachain siad na seiceálacha ar dhul isteach agus nach bhféadfadh sé a bheith, dá bhrí sin, gur diúltaíodh dul isteach dóibh nó gur treoraíodh chuig an nós imeachta iomchuí iad i ndiaidh an scagtha. Ba cheart déanamh an scagtha a bheith ina chuidiú, trí na bunachair sonraí dá dtagraítear sa Rialachán seo a cheadú, chun a dheimhniú nach mbeidh na daoine lena mbaineann ina mbagairt ar an tslándáil inmheánach. Faoin tráth a bheidh an scagadh déanta laistigh den chríoch, ba cheart na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a bheith faoi réir nós imeachta um fhilleadh nó, i gcás ina ndéanann siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, faoi réir an nós imeachta tearmainn iomchuí. Níor cheart náisiúnaigh tríú tír a chur faoi réir scagadh arís agus arís eile.

(19)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann staonadh ón scagadh a dhéanamh laistigh den chríoch má chuirtear ar ais náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch, díreach tar éis a ghabhála, chuig Ballstát eile faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó socruithe nó faoi chreataí déthaobhacha comhair. Sa chás sin, ba cheart don Bhallstát ar cuireadh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar ais chuige an scagadh a dhéanamh láithreach.

(20)

Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha an dlí náisiúnta lena gcumhdaítear náisiúnaigh tríú tír a shainaithint, ar ina leith atá amhras go bhfuil siad ag fanacht i mBallstát go neamhdhleathach i gcás ina ndéantar sainaithint den sórt sin chun taighde a dhéanamh, laistigh de thréimhse ghairid ach réasúnta, ar an bhfaisnéis lena gcumasaítear neamhdhleathacht nó dleathacht an fhanachta a chinneadh.

(21)

Gan dochar do na rialacha maidir le rialú teorann is infheidhme ag teorannacha inmheánacha na mBallstát i gcás nach bhfuil cinneadh déanta go fóill deireadh a chur le rialuithe den sórt sin, ba cheart scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar i dtaca le trasnú neamhúdaraithe na dteorainneacha inmheánacha sin i gcás nár cuireadh deireadh leis na rialuithe go fóill a bheith i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú ag an Rialachán maidir leis an scagadh laistigh den chríoch, seachas leis na rialacha arna mbunú le haghaidh an scagtha ag an teorainn sheachtrach.

(22)

Ba cheart an scagadh ag an teorainn sheachtrach a chur i gcrích a luaithe is féidir, agus níor cheart go rachadh sé thar 7 lá. Ba cheart an scagadh laistigh den chríoch a chur i gcrích a luaithe is féidir, agus níor cheart go rachadh sé thar 3 lá. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit an scagadh ag an teorainn sheachtrach agus an scagadh laistigh den chríoch a chur i gcrích i dtréimhsí níos giorra, ar choinníoll go ndéantar na seiceálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(23)

Is cuid de bhainistiú comhtháite teorainneacha an Aontais é an scagadh. Maidir leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí,, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), mar cuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, is féidir í a shlógadh go háirithe chun tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí na mBallstát a thagann faoin Rialachán seo, i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear úsáid na hIonstraime sin agus gan dochar do thosaíochtaí eile a bhfuil sí mar bhonn taca leo.

(24)

Chun cuspóirí an scagtha a bhaint amach, ba cheart creat níos láidre le haghaidh dlúthchomhair a áirithiú idir na húdaráis náisiúnta inniúla dá dtagraítear san fhoráil maidir le rialú a chur chun feidhme atá i Rialachán (AE) 2016/399, na húdaráis atá freagrach as nósanna imeachta tearmainn agus as iarratasóirí a ghlacadh, na húdaráis atá freagrach as an tsláinte poiblí a chosaint, agus na húdaráis atá freagrach as na nósanna imeachta um fhilleadh lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE a chur i gcrích. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit leas a bhaint as tacaíocht ó na gníomhaireachtaí ábhartha, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (‘an Garda Teorann agus Cósta Eorpach’) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann arna bunú le Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), faoi chuimsiú theorainneacha a sainorduithe. Ba cheart do na Ballstáit páirt a thabhairt do na húdaráis náisiúnta cosanta leanaí agus do na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar íospartaigh gáinneála ar dhaoine a bhrath nó a shainaithint pé áit a nochtann an scagadh fíricí is ábhartha don gháinneáil i gcomhréir le Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(25)

Le linn an scagtha, ba cheart leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh i gcónaí i gcomhréir le hAirteagal 24(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Pé uair is gá, ba cheart dlúthbhaint a bheith ag údaráis cosanta leanaí leis an scagadh chun a áirithiú go gcuirfear leas an linbh san áireamh i gcaitheamh an scagtha. Ba cheart ionadaí a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an leanbh mionaoiseach neamhthionlactha agus chun cúnamh a thabhairt dó nó di le linn an scagtha nó, i gcás nár ceapadh ionadaí, ba cheart duine a cheapadh atá oilte chun leas agus dea-bhail ghinearálta an linbh mhionaoisigh a chosaint. I gcás inarb infheidhme, ba cheart gurb ionann an t-ionadaí sin agus an t-ionadaí atá le ceapadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le mionaoisigh neamhthionlactha i dTreoir (AE) 2024/1346. Ba cheart gurbh é an duine oilte an duine a ainmnítear chun gníomhú go sealadach mar ionadaí faoin Treoir sin i gcás inar ainmníodh an duine sin.

(26)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramaítear dínit an duine agus níor cheart dóibh aon idirdhealú a dhéanamh ar dhuine de réir aon fhorais amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.

(27)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, le linn an scagtha, ba cheart do gach Ballstát foráil a dhéanamh maidir le sásra faireacháin agus coimircí leordhóthanacha a chur i bhfeidhm le haghaidh neamhspleáchas ina leith, amhail urraim a thabhairt do Phrionsabail Pháras, arna nglacadh ag Rún 48/134 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 20 Nollaig 1993, do Phrionsabail na Veinéise, arna nglacadh ag Coimisiún na Veinéise ag a 118ú Seisiún Iomlánach an 15-16 Márta 2019, don Rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 28 Nollaig 2020 maidir le ról an Ombudsman agus institiúidí idirghabhála maidir le cearta an duine, an dea-rialachas agus an smacht reachta a chur chun feidhme agus a chosaint, agus don Phrótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, arna ghlacadh an 18 Nollaig 2002 ag an seachtú seisiún is caoga de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe trí rún A/RES/57/199 (‘OPCAT’). Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dul ar iontaoibh sásraí faireacháin náisiúnta um chearta bunúsacha atá ann cheana i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart go háirithe an urraim do chearta bunúsacha i ndáil leis an scagadh a chumhdach leis an sásra faireacháin dá bhforáiltear ag gach Ballstát, chomh maith leis an urraim do rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le coinneáil agus comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement. Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 (15) ón gComhairle (‘an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha’) treoir ghinearálta a leagan síos maidir le bunú agus feidhmiú neamhspleách sásraí faireacháin den sórt sin a áirithiú. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit tacaíocht a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha chun a sásra faireacháin náisiúnta a fhorbairt. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit freisin comhairle a lorg ón nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha maidir le modheolaíocht dá sásra faireacháin náisiúnta a bhunú agus maidir le bearta oiliúna iomchuí. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit freisin a iarraidh ar eagraíochtaí agus comhlachtaí náisiúnta, idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha atá ábhartha agus inniúil a bheith rannpháirteach san fhaireachán. Ba cheart an sásra faireacháin neamhspleách a bheith gan dochar don fhaireachán ar chearta bunúsacha arna soláthar ag an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896, an sásra faireacháin chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn mar a leagtar amach in Rialachán (AE) 2021/2303, sásra meastóireachta agus faireacháin a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/922 (16) agus faireachán arna dhéanamh ag comhlachtaí faireacháin náisiúnta nó idirnáisiúnta atá ann cheana. Ba cheart do Bhallstáit líomhaintí maidir le sáruithe ar na cearta bunúsacha le linn an scagtha a fhiosrú, lena n-áirítear trína áirithiú go ndéileálfar le gearáin go gasta agus ar bhealach iomchuí.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit acmhainní iomchuí airgeadais a sholáthar don sásra faireacháin neamhspleách.

(29)

Ní leor gur ann do leigheasanna breithiúnacha i gcásanna aonair nó i gcórais náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar éifeachtúlacht an scagtha chun na ceanglais a bhaineann le faireachán ar chearta bunúsacha den Rialachán seo a chomhlíonadh.

(30)

Ba cheart do na húdaráis scagtha foirm scagtha a líonadh isteach. Ba cheart an fhoirm a tharchur trí aon mheán iomchuí, lena n-áirítear uirlisí digiteacha, chuig na húdaráis a bhfuil iarratais ar chosaint idirnáisiúnta á gclárú acu nó chuig na húdaráis atá inniúil ar nósanna imeachta um fhilleadh, ag brath ar cé chuige a threoraítear an duine.

(31)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do ghníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta d’fhonn céannacht an duine lena mbaineann a shuíomh nó chun aon bhagairt ar an tslándáil inmheánach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheasúnú.

(32)

Ba chóir an fhaisnéis ar an bhfoirm scagtha a thaifeadadh sa chaoi is go mbeidh sí inchurtha faoi athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach le linn aon nós imeachta tearmainn nó nós imeachta um fhilleadh ina dhiaidh sin. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an té atá faoi réir an scagtha a léiriú do na húdaráis scagtha go bhfuil an fhaisnéis ar an bhfoirm mícheart. Ba cheart aon léiriú den sórt sin a thaifeadadh ar an bhfoirm scagtha gan moill a chur ar chur i gcrích an scagtha.

(33)

Ba cheart an fhaisnéis atá ar an bhfoirm scagtha a chur ar fáil don duine lena mbaineann, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, cé is moite den fhaisnéis a bhaineann le ceadú bunachair sonraí le haghaidh seiceálacha slándála. I gcás mionaoiseach, ba cheart an fhaisnéis atá ar an bhfoirm scagtha a sholáthar don duine fásta nó do na daoine fásta atá freagrach as an leanbh. I gcás mionaoisigh neamhthionlactha, ba cheart an fhaisnéis atá ar an bhfoirm scagtha a sholáthar d’ionadaí an linbh nó do dhuine atá oilte chun leas an linbh mhionaoisigh agus a dhea-bhail ghinearálta a chosaint.

(34)

Ba cheart an phróiseáil sonraí a dhéanamh le linn nós imeachta an scagtha i gcónaí, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(35)

Ba cheart do na húdaráis inniúla na sonraí bithmhéadracha a tógadh le linn an scagtha a tharchur chuig Eurodac a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1358 (‘Eurodac’) in éineacht leis na sonraí dá dtagraítear sna forálacha maidir le bailiú agus tarchur sonraí bithmhéadracha iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a ghabhtar i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí, náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát agus náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála den Rialachán sin i gcomhréir leis na spriocdhátaí dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

(36)

Na náisiúnaigh tríú tír a chuirtear faoi réir an scagtha, ba cheart iad a bheith faoi réir réamhsheiceáil sláinte ó fhoireann leighis cháilithe d’fhonn a shainaithint an bhfuil gá le cúram sláinte nó leithlisiú ar fhorais sláinte poiblí. Ba cheart don fhoireann leighis cháilithe a bheith in ann a chinneadh nach gá aon seiceáil bhreise sláinte a dhéanamh le linn an scagtha bunaithe ar na himthosca leighis a bhaineann le staid ghinearálta gach náisiúnaigh tríú tír. Ba cheart d’fhoireann leighis cháilithe a bhaineann le ceann de na catagóirí seo a leanas d’aicmiú ISCO-08 Aicmiú caighdeánach idirnáisiúnta gairmeacha faoi fhreagracht na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair an réamhsheiceáil sláinte sin a dhéanamh: 221 Dochtúirí leighis, 2221 Gairmithe altranais, nó 2240 Paraimhíochaineoirí.

(37)

Ba cheart réamhsheiceáil leochaileachta a dhéanamh d’fhonn daoine mar seo a leanas a shainaithint; daoine a bhfuil léirithe ann ina leith go bhfuil siad leochaileach, daoine ar íospartaigh an chéasta nó aon íde eile mhídhaonna nó tháireach iad, nó daoine atá gan stát, daoine a bhféadfadh riachtanais speisialta ghlactha nó nós imeachta a bheith acu de réir bhrí Threoir (AE) 2024/1346 agus Rialachán (AE) 2024/1348, faoi seach. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do mheasúnú breise i nósanna imeachta ina dhiaidh sin a leanfaidh an scagadh nuair a bheidh an scagadh curtha i gcrích. Ba cheart d’fhoireann speisialaithe ó na húdaráis scagtha an tseiceáil leochaileachta a dhéanamh, foireann ar ar cuireadh oiliúint chun na críche sin.

(38)

Le linn an scagtha, ba cheart a ráthú do gach duine lena mbaineann caighdeán maireachtála a chomhlíonann an Chairt agus rochtain a bheith acu ar chúram sláinte éigeandála agus ar chóireáil riachtanach breoiteachta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine aonair leochaileacha, mar shampla mná torracha, daoine scothaosta, teaghlaigh aontuismitheora, daoine atá faoi mhíchumas meabhrach nó fisiciúil atá inaitheanta láithreach, daoine ar léir gur fhulaing siad tráma síceolaíoch nó tráma fisiciúil agus mionaoisigh neamhthionlactha. Go háirithe, i gcás mionaoisigh, ba cheart faisnéis a chur ar fáil ar bhealach atá fabhrach do leanaí agus oiriúnach dá n-aois. Na húdaráis uile a bhfuil baint acu le comhlíonadh na gcúraimí a bhaineann leis an scagadh, ba cheart dóibh aon chás de staid leochaileachtaí a chonacthas nó a bhfuarthas tuairisc ina leith a thuairisciú, ba cheart urraim a bheith acu do dhínit an duine agus don phríobháideachas, agus ba cheart dóibh staonadh ó aon idirdhealú.

(39)

Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh na doiciméid chéannachta agus taistil is gá ag náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha chun an teorainn sheachtrach a thrasnú go dleathach, ba cheart foráil maidir le nós imeachta um shainaithint nó um fhíorú a dhéanamh mar chuid den scagadh.

(40)

Bunaíodh an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) le Rialacháin (AE) 2019/817 (18) agus (AE) 2019/818 (19) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cuidiú le ceart-sainaithint na ndaoine atá cláraithe in EES, sa Chóras Faisnéise Víosaí a bunaíodh le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle (20) (VIS), sa Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) (ETIAS), in Eurodac agus sa córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) (‘ECRIS-TCN’), lena n-áirítear daoine nach eol cé hiad agus nach bhfuil in ann a gcéannacht a léiriú, agus chun an tsainaithint sin a éascú. Chun na críche sin, níl in CIR ach na sonraí céannachta, an doiciméad taistil agus na sonraí bithmhéadracha a thaifeadtar in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN, arna scaradh go loighciúil. Níl stóráilte in CIR ach na sonraí pearsanta atá fíor-riachtanach chun seiceáil chruinn a dhéanamh ar an gcéannacht. Scriostar na sonraí pearsanta a thaifeadtar in CIR go huathoibríoch nuair a scriostar na sonraí sna córais fholuiteacha. Le cuardach CIR is féidir daoine a shainaithint nó céannacht daoine a fhíorú ar bhealach iontaofa uileghabhálach, trí bhíthin é a bheith indéanta na sonraí céannachta uile in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN a cheadú in aon iarraidh amháin, ar bhealach gasta iontaofa, agus cosaint na sonraí á áirithiú agus aon phróiseáil neamhriachtanach nó dúbláil sonraí a sheachaint.

(41)

Chun céannacht na ndaoine sin atá le dul faoi scagadh a shuíomh nó a fhíorú, ba cheart tús a chur le fíorú in CIR i láthair an duine le linn an scagtha. Le linn an fhíoraithe sin, ba cheart sonraí bithmhéadracha an duine a sheiceáil leis na sonraí in CIR. I gcás nach féidir sonraí bithmhéadracha duine a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach ar na sonraí sin nó mura mbíonn aon amas ann, d’fhéadfaí an cuardach a dhéanamh le sonraí céannachta an duine i dteannta sonraí doiciméid taistil, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil nó le sonraí nó faisnéis a chuirfeadh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar fáil nó a gheofaí uaidh. I gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus i gcás ina léireoidh an cuardach go bhfuil sonraí an duine sin stóráilte in CIR, ba cheart rochtain a bheith ag údaráis na mBallstát ar shonraí céannachta, sonraí doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha an duine sin in CIR lena gceadú, gan aon léiriú á sholáthar ag CIR i dtaobh cén córas faisnéise de chuid an Aontais ina bhfuil na sonraí.

(42)

Ós rud é go bhfuil úsáid CIR chun críoch sainaitheanta teoranta le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle do cheart-sainaithint daoine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN a éascú agus cuidiú leis sin i gcásanna seiceálacha póilíneachta laistigh de chríoch na mBallstát, ní mór na Rialacháin sin a leasú chun foráil a dhéanamh le haghaidh CIR a úsáid chun céannacht na ndaoine a shainaithint nó a fhíorú le linn an scagtha. I gcás Rialachán (AE) 2019/818, ba cheart, ar chúiseanna na geoiméadrachta athraithí, an leasú sin a dhéanamh trí Rialachán eile seachas tríd an Rialachán seo.

(43)

Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh aon doiciméad taistil ag a lán daoine agus iad á gcur faoin scagadh, ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis scagtha ar aon doiciméad ábhartha eile atá ag an duine lena mbaineann i gcás nach féidir sonraí bithmhéadracha an duine sin a úsáid nó nach bhfuil aon toradh in CIR. Ba cheart cead a bheith ag na húdaráis freisin sonraí ó na doiciméid sin, seachas sonraí bithmhéadracha, a úsáid chun seiceálacha a dhéanamh sna bunachair sonraí ábhartha.

(44)

Nuair a dhéanann na húdaráis daoine a shainaithint nó céannacht daoine a fhíorú le linn seiceálacha teorann ag an bpointe trasnaithe teorann nó na bunachair sonraí a cheadú i gcomhthéacs faireachais ar theorainneacha nó seiceálacha póilíneachta ag an teorainn sheachtrach nó laistigh den chríoch, agus gurb iad na húdaráis chéanna iad a chuir an duine lena mbaineann ar aghaidh lena scagadh, ba cheart a mheas gur cuid den scagadh é sin agus níor cheart é a dhéanamh arís, seachas i gcás ina bhfuil imthosca speisialta ann a thugann údar maith leis sin. Bailiú sonraí bithmhéadracha chun críoch sainaitheanta nó chun céannacht a fhíorú agus chun críocha an chlárúcháin i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2024/1358, ba cheart é a dhéanamh uair amháin mar chuid den scagadh.

(45)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, lena gcumasaítear dó a leagan amach an nós imeachta mionsonraithe agus sonraíochtaí maidir le sonraí a aisghabháil agus chun go sonrófar an nós imeachta maidir le comhar idir na húdaráis atá freagrach as an scagadh a dhéanamh, Biúrónna Náisiúnta Lárnacha Interpol agus aonaid náisiúnta Europol, faoi seach, chun an bhagairt ar an tslándáil inmheánach a chinneadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(46)

Ba cheart a fhíorú sa scagadh freisin an bhféadfadh sé go mbeadh dul isteach na náisiúnach tríú tír lena mbaineann chuig an Aontas ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach.

(47)

Ós rud é go mbaineann an scagadh le náisiúnaigh tríú tír a bhíonn ag an teorainn sheachtrach gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh, le náisiúnaigh tríú tír a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh, agus le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach laistigh de chríoch Ballstát, ba cheart leibhéal comhionann a bheith ag na seiceálacha slándála a dhéantar mar chuid den scagadh agus na seiceálacha a dhéantar i leith náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas roimh ré ar údarú dul isteach san Aontas le haghaidh gearrfhanachta, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil siad faoi oibleagáid víosa.

(48)

Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa faoi Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) ar bhonn a náisiúntachta, foráiltear le Rialachán (AE) 2018/1240 go mbeidh orthu iarratas a dhéanamh ar údarú taistil chun teacht chuig an Aontas ar feadh gearrfhanachta. Sula bhfaigheann siad an t-údarú taistil sin, cuirtear na sonraí pearsanta a thíolacann na daoine lena mbaineann faoi sheiceálacha slándála i roinnt bunachair sonraí de chuid an Aontais, eadhon VIS, Córas Faisnéise Schengen a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2018/1860 (25), (AE) 2018/1861 (26) agus (AE) 2018/1862 (27) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (SIS), EES, ETIAS, na sonraí Europol a próiseáladh chun críche cros-seiceála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), ECRIS-TCN, chomh maith le bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid atá Goidte nó Caillte (SLTD) agus bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil lena mbaineann Fógraí (TDAWN). Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an cheanglais víosa faoi Rialachán (AE) 2018/1806, cuirtear faoi sheiceálacha slándála iad sula n-eisítear víosa, sna bunachair sonraí céanna a úsáidtear chun seiceálacha a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir an cheanglais víosa sin, de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 810/2009 (29) agus (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

(49)

A mhéid a bhaineann le daoine atá faoi réir an scagtha, ba cheart fíoruithe uathoibríocha a dhéanamh chun críoch slándála sna córais chéanna dá bhforáiltear maidir le hiarratasóirí ar víosa, víosa fadfhanachta, cead cónaithe faoi VIS nó údarú taistil faoi ETIAS, eadhon VIS, EES, ETIAS, lena n-áirítear liosta faire ETIAS dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1240, SIS, ECRIS-TCN a mhéid a bhaineann le daoine a ciontaíodh as cionta sceimhlitheoireachta nó cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha, sonraí Europol a phróiseáiltear chun críche cros-seiceála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/794, SLTD agus TDAWN.

(50)

Ba cheart ceadú na mbunachar sonraí ábhartha chun críocha slándála a dhéanamh ar bhealach a áiritheoidh nach ndéanfaí ach na sonraí is gá chun na seiceálacha slándála a dhéanamh a aisghabháil ó na bunachair sonraí sin. Maidir le daoine a bhfuil iarratas déanta acu ar chosaint idirnáisiúnta ag pointe trasnaithe teorann nó i limistéir idirthurais, ba cheart, leis an gceadú a dhéantar sna bunachair sonraí don tseiceáil slándála mar chuid den scagadh, díriú ar na bunachair sonraí nár ceadaíodh le linn na seiceálacha teorann ag an teorainn sheachtrach, ionas nach ndéanfar ceaduithe iolracha.

(51)

I gcás ina mbeadh údar maith leis, d’fhéadfaí réada atá i seilbh náisiúnach tríú tír a fhíorú mar chuid den scagadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart aon bheart a chuirfear i bhfeidhm i gcomhthéacs seiceáil slándála a bheith comhréireach agus ba cheart urraim a thabhairt do dhínit na ndaoine atá faoi réir an scagtha. Ba cheart do na húdaráis rannpháirteacha a áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha na ndaoine aonair lena mbaineann, lena n-áirítear an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh.

(52)

Ós rud é gur gá rochtain ar EES, ETIAS, VIS agus ECRIS-TCN a bheith ag na húdaráis scagtha chun a fhíorú an bhféadfadh an duine a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/816 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis an gceart breise rochtana sin, rud nach bhforáiltear sna Rialacháin sin faoi láthair. I gcás Rialachán (AE) 2019/816, ba cheart, ar chúiseanna na geoiméadrachta athraithí, leasú den sórt sin a dhéanamh trí Rialachán eile seachas tríd an Rialachán seo.

(53)

Ba cheart úsáid a bhaint as an tairseach chuardaigh Eorpach, arna bunú le Rialachán (AE) 2019/817 (ESP) chun cuardaigh a dhéanamh in CIR chun críoch sainaitheanta nó chun céannacht a fhíorú.

(54)

Ba cheart gur féidir leis na húdaráis scagtha úsáid a bhaint as an tairseach chuardaigh Eorpach (ESP) chun na cuardaigh a dhéanamh in EES, ETIAS, VIS, SIS agus ECRIS-TCN, sonraí Europol, SLTD agus TDAWN, chun críche seiceálacha slándála, de réir mar is infheidhme.

(55)

Is féidir údar maith a bheith le bunachair sonraí an Aontais a cheadú chun críoch sainaitheanta nó chun céannacht a fhíorú nó chun seiceálacha céannachta agus slándála a dhéanamh ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach an scagtha agus chun an cuspóir céanna a bhaint amach leis na cuspóirí dar bunaíodh gach ceann de na bunachair sonraí sin, eadhon bainistiú éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais i gcomhthéacs an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip.

(56)

I gcás amas chun críoch sainaitheanta nó chun céannacht a fhíorú nó chun críoch seiceála slándála, ba cheart don údarás scagtha a fhíorú go gcomhfhreagraíonn na sonraí arna dtaifeadadh i gcórais faisnéise an Aontais nó sonraí Europol do na sonraí a spreag an t-amas.

(57)

Ba cheart gur féidir leis na húdaráis scagtha freisin na bunachair sonraí náisiúnta ábhartha a sheiceáil i gcomhthéacs sainaitheanta nó céannacht a fhíorú nó seiceálacha slándála i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(58)

Chun an oibleagáid atá orthu sainaithint a dhéanamh nó céannacht a fhíorú agus seiceálacha slándála a dhéanamh le linn an scagtha a chomhlíonadh, beidh na Ballstáit nach gcuireann roinnt forálacha de acquis Schengen i bhfeidhm ina n-iomláine go fóill agus nach bhfuil rochtain acu, dá bhrí sin, ar chórais fhaisnéise uile an Aontais agus ar bhunachair sonraí uile an Aontais, beidh siad freagrach as na seiceálacha céannachta agus slándála a dhéanamh trí chuardaigh i gcórais agus bunachair an Aontais a bhfuil rochtain acu orthu, agus sna córais agus bunachair sonraí sin amháin.

(59)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialú náisiúnaigh tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha a neartú agus foráil a dhéanamh maidir le gach náisiúnach tríú tír atá faoi réir an scagtha a shainaithint nó a gcéannacht a fhíorú agus maidir leis na bunachair sonraí ábhartha a cheadú chun a fhíorú an bhféadfadh na náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha a bheith ina mbagairt ar an tslándáil inmheánach agus chun rannchuidiú le hiad a threorú chuig na nósanna imeachta iomchuí, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(60)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(61)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (31); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(62)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (32).

(63)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (33).

(64)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (34).

(65)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(66)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir, le Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle (35), foráiltear do rialacha sonracha a bhfuil feidhm acu maidir leis an líne idir limistéir Phoblacht na Cipire ina bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire an rialú éifeachtach agus na limistéir sin nach bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire an rialú éifeachtach iontu. Faoin Rialachán sin, cé nach teorainn sheachtrach atá sa líne sin, déanfar seiceálacha ar gach duine a thrasnaíonn an líne trí phointe trasnaithe údaraithe nó neamhúdaraithe d’fhonn inimirce neamhdhleathach náisiúnach tríú tír a chomhrac agus aon riosca slándála a bhrath agus a chosc. Dá bhrí sin, féadfaidh feidhm a bheith ag scagadh faoi ag an teorainn sheachtrach freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír a ghabhtar i dtaca leis an líne sin a thrasnú ar bhealach neamhúdaraithe agus maidir leo siúd a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu ag na pointí trasnaithe údaraithe.

(67)

Níl an Danmhairg, an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis ná Lichtinstéin faoi cheangal ag Treoir (AE) 2024/1346. Sna Stáit sin, rialaítear na dálaí glactha d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta le reachtaíocht náisiúnta ábhartha bunaithe ar chur i bhfeidhm Choinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967. A mhéid a bhaineann leis na Stáit sin, ba cheart na tagairtí a dhéantar sa Rialachán seo don Treoir sin a thuiscint mar thagairtí d’fhorálacha comhfhreagracha sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo:

(a)

an scagadh ag teorainneacha seachtracha na mBallstát ar náisiúnaigh tríú tír, a thrasnaigh an teorainn sheachtrach ar bhealach neamhúdaraithe, gan na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 a chomhlíonadh, a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le linn seiceálacha teorann, nó a díbhordáladh i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála, sula ndéanfar iad a threorú chuig an nós imeachta iomchuí; agus

(b)

scagadh ar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach laistigh de chríoch na mBallstát i gcás nach ann do léiriú go raibh na náisiúnaigh tríú tír sin faoi réir rialuithe ag teorainneacha seachtracha, sula ndéanfar iad a threorú chuig an nós imeachta iomchuí.

Is é is cuspóir don scagadh rialú ar náisiúnaigh tríú tír a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha a neartú, gach náisiúnach tríú tír atá faoin réir an scagtha a shainaithint agus a sheiceáil leis na bunachair sonraí ábhartha an bhféadfadh na daoine atá faoin réir an scagtha a bheith ina mbagairt ar an tslándáil inmheánach. Déanfar réamhsheiceálacha sláinte agus leochaileachta freisin mar chuid den scagadh daoine a bhfuil cúram sláinte de dhíth orthu agus daoine a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol don tsláinte phoiblí, agus chun daoine leochaileacha a shainaithint. Le seiceálacha den sórt sin, éascófar daoine den sórt sin a threorú chuig an nós imeachta iomchuí.

Déantar foráil sa Rialachán seo freisin maidir le sásra faireacháin neamhspleách i ngach Ballstát chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), le linn an scagtha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘baol don tsláinte phoiblí’‘baol don tsláinte phoiblí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), de Rialachán (AE) 2016/399;

(2)

ciallaíonn ‘fíorú’‘fíorú’mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5), de Rialachán (AE) 2019/817;

(3)

ciallaíonn ‘sainaithint’‘sainaithint’mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (6), de Rialachán (AE) 2019/817;

(4)

ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’‘náisiúnach tríú tír’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Rialachán (AE) 2016/399;

(5)

ciallaíonn ‘duine gan stát’ duine nach measann aon Stát gur náisiúnach é nó í ag aon Stát faoi fheidhmiú a dhlí;

(6)

ciallaíonn ‘sonraí Europol’‘sonraí Europol’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (16), de Rialachán (AE) 2019/817;

(7)

ciallaíonn ‘ionadaí’ duine nadúrtha nó eagraíocht, lena n-áirítear údarás poiblí, arna cheapadh nó arna ceapadh ag na húdaráis inniúla nó ag na comhlachtaí inniúla chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann mionaoiseach, chun cuidiú leo agus chun gníomhú, de réir mar is infheidhme, thar a gceann;

(8)

ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’‘sonraí bithmhéadracha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/817;

(9)

ciallaíonn ‘mionaoiseach’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhun 18 mbliana d’aois;

(10)

ciallaíonn ‘údaráis scagtha’ gach údarás inniúil arna ainmniú leis an dlí náisiúnta chun ceann amháin nó níos mó de na cúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, seachas na seiceálacha sláinte dá dtagraítear in Airteagal 12(1);

(11)

ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ mionaoiseach a shroicheann críoch na mBallstát gan tionlacan duine fhásta atá freagrach as nó aisti, de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, agus fad nach dtógtar an mionaoiseach sin go héifeachtach faoi chúram an duine fhásta sin, lena n-áirítear mionaoiseach a fhágtar gan tionlacan tar éis dó nó di dul isteach i gcríoch na mBallstát;

(12)

ciallaíonn ‘coinneáil’ duine a ghaibhniú ag Ballstát laistigh d’áit áirithe, ina mbaintear saoirse gluaiseachta de dhuine den sórt sin.

(13)

ciallaíonn ‘bunachair sonraí Interpol’‘bunachair sonraí Interpol’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (17), de Rialachán (AE) 2019/817;

(14)

ciallaíonn ‘oibríocht cuardaigh agus tarrthála’ oibríocht cuardaigh agus tarrthála dá dtagraítear sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir arna nglacadh in Hamburg na Gearmáine, an 27 Aibreán 1979.

Airteagal 3

Cearta bunúsacha

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, gníomhóidh na Ballstáit i gcomhréir iomlán le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Chairt, leis an dlí idirnáisiúnta is ábhartha, lena n-áirítear an Coinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, le hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, agus le cearta bunúsacha.

Airteagal 4

Gaol le hionstraimí eile

1.   Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu:

(a)

cinnfear clárú an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1348 le hAirteagal 27 den Rialachán sin; agus

(b)

cinnfear cur i bhfeidhm na gcaighdeán comhchoiteann maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta faoin Treoir maidir le Treoir (AE) 2024/1346, le hAirteagal 3 den Treoir sin.

2.   Gan dochar d’Airteagal 8(7) den Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag Treoir 2008/115/CE ná ag forálacha náisiúnta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE, go dtí go mbeidh deireadh leis an scagadh, cé is moite den scagadh dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, i gcás ina mbeidh feidhm ag an Treoir sin nó ag forálacha náisiúnta lena n-urramaítear an Treoir sin i gcomhthráth leis an scagadh dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo.

Airteagal 5

Scagadh ag an teorainn sheachtrach

1.   Beidh feidhm ag an scagadh dá bhforáiltear faoin Rialachán seo maidir leis na náisiúnaigh tríú tír uile, gan beann ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith déanta acu nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 agus:

(a)

a ghabhtar i dtaca le teorainn sheachtrach Bhallstáit a thrasnú ar bhealach neamhúdaraithe ar talamh, ar muir nó san aer, seachas náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann a gcuid sonraí bithmhéadracha a thógáil de bhun Airteagal 22(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2024/1358 ar chúiseanna eile seachas aois, nó

(b)

a dhíbhordáiltear ar chríoch Bhallstáit i ndiaidh oibríocht chuardaigh agus tarrthála

2.   Beidh feidhm ag an scagadh dá bhforáiltear faoin Rialachán seo maidir leis na náisiúnaigh tríú tír uile a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann seachtraí nó i limistéir idirthurais agus nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399.

3.   Ní bheidh náisiúnaigh tríú tír a údaraíodh dul isteach de bhun Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2016/399, faoi réir an scagtha. Mar sin féin, beidh náisiúnaigh tríú tír atá tar éis údarú a fháil dul isteach de bhun Airteagal 6(5)(c) den Rialachán sin agus a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoi réir an scagtha.

I gcás inar léir le linn an scagtha go gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399, cuirfear deireadh leis an scagadh ar an náisiúnach tríú tír sin.

Féadfar deireadh a chur leis an scagadh i gcás ina bhfágann na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann críoch na mBallstát, le dul chuig a thír thionscnaimh nó a thír chónaithe nó chuig tríú tír eile a gcinneann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann filleadh uirthi dá dheoin féin agus ina nglactar le filleadh na náisiúnach tríú tír sin.

Airteagal 6

Údarú dul isteach ar chríoch Bhallstáit

Le linn an scagtha, ní bheidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) údaraithe dul isteach ar chríoch Bhallstáit. Leagfaidh na Ballstáit síos ina ndlí náisiúnta forálacha chun a áirithiú go bhfanfaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) ar fáil do na húdaráis inniúla atá freagrach as an scagadh a dhéanamh sna suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 8, fad a mhairfidh an scagadh, chun aon riosca éalaithe, bagairtí ar an tslándáil inmheánach a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar éalú den sórt sin nó baol don tsláinte phoiblí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar éalú den sórt sin a chosc.

Airteagal 7

Scagadh laistigh den chríoch

1.   Déanfaidh na Ballstáit scagadh ar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach laistigh dá gcríoch i gcás inar thrasnaigh náisiúnaigh tríú tír den sórt sin teorainn sheachtrach ar bhealach neamhúdaraithe chun dul isteach ar chríoch na mBallstát agus nár cuireadh faoi réir an scagtha cheana i mBallstát iad, agus sa chás sin amháin. Leagfaidh na Ballstáit síos ina ndlí náisiúnta forálacha chun a áirithiú go bhfanfaidh na náisiúnaigh tríú tír sin ar fáil do na húdaráis atá freagrach as an scagadh a dhéanamh ar feadh an scagtha, chun aon riosca éalaithe agus bagairtí ar an tslándáil inmheánach a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar éalú den sórt sin a chosc.

2.   Féadfaidh na Ballstáit staonadh ón scagadh a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 má chuirtear ar ais náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch, díreach tar éis a ghabhála, chuig Ballstát eile faoi chomhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó faoi chreata déthaobhacha comhair. Sa chás sin, is é an Ballstát ar cuireadh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar ais chuige a dhéanfaidh an scagadh.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 5(3), an dara agus an tríú fomhíreanna, maidir leis an scagadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 8

Ceanglais maidir leis an scagadh

1.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5, déanfar an scagadh ag aon suíomh leormhaith agus iomchuí arna ainmniú ag gach Ballstát, suite go ginearálta ag an teorainn sheachtrach nó gar di nó, mar mhalairt air sin, i suíomhanna eile laistigh dá chríoch.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 7, déanfar an scagadh ag aon suíomh leormhaith agus iomchuí, arna ainmniú ag gach Ballstát, atá laistigh de chríoch Bhallstáit.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo, déanfar an scagadh gan mhoill agus in aon chás cuirfear i gcrích é laistigh de 7 lá ó lá na gabhála i limistéar na teorann seachtraí, ó lá na díbhordála i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann nó ón lá a chuir an duine é féin ar láimh ag an bpointe trasnaithe teorann. Maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), den Rialachán seo a mbeidh feidhm ag Airteagal 23(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2024/1358 ina leith, sa chás ina bhfanann na daoine sin go fisiciúil ag an teorainn sheachtrach ar feadh os cionn 72 uair an chloig, déanfar iad a scagadh ina dhiaidh sin agus laghdófar an tréimhse don scagadh go dtí 4 lá.

4.   Déanfar an scagadh dá dtagraítear in Airteagal 7 gan mhoill agus cuirfear i gcrích é laistigh de 3 lá ó dháta na gabhála.

5.   Beidh an méid a leanas i gceist leis an scagadh:

(a)

réamhsheiceáil sláinte i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b)

réamhsheiceáil leochaileachta i gcomhréir le hAirteagal 12;

(c)

sainaithint nó céannacht a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 14;

(d)

sonraí bithmhéadracha a chlárú i gcomhréir le [hAirteagail 15, 22 agus 24a de Rialachán (AE) 2024/1358, a mhéid nach ndearnadh go fóill é;

(e)

seiceáil slándála i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16;

(f)

foirm scagtha a líonadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 17;

(g)

treorú chuig an nós imeachta iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 18.

6.   Beidh rochtain éifeachtach ag eagraíochtaí agus daoine a thugann comhairle agus comhairleoireacht do náisiúnaigh tríú tír le linn an scagtha. Féadfaidh na Ballstáit teorainneacha a fhorchur ar an rochtain sin de bhua an dlí náisiúnta i gcás ina mbeidh teorainneacha den sórt sin riachtanach go hoibiachtúil don tslándáil, don bheartas poiblí nó don bhainistiú riaracháin ar phointe trasnaithe teorann nó ar shaoráid ina ndéantar an scagadh, ar choinníoll nach gcuirfear bac tromchúiseach ar rochtain den sórt sin nó nach ndéanfar dodhéanta í.

7.   Beidh feidhm ag na rialacha ábhartha maidir le coinneáil a leagtar amach i dTreoir 2008/115/CE le linn an scagtha i ndáil le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar caighdeán maireachtála do gach duine atá faoi réir an scagtha a ráthaíonn a mbeatha, a chosnaíonn a sláinte choirp agus mheabhrach, agus a urramaíonn a gcearta faoin gCairt.

9.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis scagtha agus áiritheoidh siad go mbeidh an t-eolas iomchuí ag foireann na n-údarás sin a dhéanfaidh an scagadh agus go mbeidh an oiliúint is gá faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/399.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh foireann leighis cháilithe an réamhsheiceáil sláinte dá bhforáiltear in Airteagal 12 agus go ndéanfaidh foireann speisialaithe ó na húdaráis scagtha an réamhsheiceáil leochaileachta, foireann ar ar cuireadh oiliúint chun na críche sin, dá bhforáiltear san Airteagal sin. Beidh údaráis náisiúnta cosanta leanaí agus údaráis náisiúnta atá i gceannas ar íospartaigh gáinneála ar dhaoine nó sásraí coibhéiseacha a bhrath agus a shainaithint rannpháirteach sna seiceálacha sin freisin, i gcás inarb iomchuí.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach mbeidh rochtain ar na sonraí, córais agus bunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15 ach ag foireann údaraithe iomchuí na n-údarás scagtha atá freagrach as an tsainaithint nó céannacht a fhíorú agus as an tseiceáil slándála.

Déanfaidh na Ballstáit foireann iomchuí agus acmhainní leordhóthanacha a imscaradh chun an scagadh a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil.

Féadfaidh na húdaráis scagtha cúnamh nó tacaíocht a fháil ó shaineolaithe nó oifigigh idirchaidrimh nó foirne arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann chun scagadh a dhéanamh laistigh de shrianta a sainorduithe ar choinníoll go mbeidh an oiliúint ábhartha dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír ag saineolaithe nó oifigigh idirchaidrimh nó foirne den sórt sin.

Airteagal 9

Oibleagáidí náisiúnach tríú tír a chuirtear faoi réir an scagtha

1.   Le linn an scagtha, leanfaidh náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha de bheith ar fáil do na húdaráis scagtha.

2.   Déanfaidh náisiúnaigh tríú tír an méid seo a leanas:

(a)

a n-ainm, a ndáta breithe, a n-inscne agus a náisiúntacht a lua, agus doiciméid agus faisnéis lenar féidir na sonraí sin a chruthú a chur ar fáil, i gcás ina mbeidh fáil orthu;

(b)

sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1358 a sholáthar.

Airteagal 10

Faireachán ar chearta bunúsacha

1.   Glacfaidh na Ballstáit forálacha ábhartha chun líomhaintí ar mhainneachtain cearta bunúsacha a urramú i ndáil leis an scagadh a fhiosrú.

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tarchur chun imeachtaí ceartais shibhialta nó choiriúil a thionscnamh i gcásanna ina mainnítear cearta bunúsacha a urramú nó a fhorfheidhmiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.   Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le sásra faireacháin neamhspleách i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo, lena ndéanfar an méid seo a leanas:

(a)

faireachán ar chomhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar an nós imeachta tearmainn, prionsabal an non-refoulement, leas an linbh agus na rialacha ábhartha maidir le coinneáil, lena n-áirítear forálacha ábhartha maidir le coinneáil sa dlí náisiúnta, le linn an scagtha; agus

(b)

a áirithiú go ndéileálfar go héifeachtach agus gan moill mhíchuí le líomhaintí ar mhainneachtain cearta bunúsacha a urramú i ngach gníomhaíocht ábhartha i ndáil leis an scagadh, chun imscrúduithe ar líomhaintí den sórt sin a thionscnamh, i gcás inar gá, agus chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn imscrúduithe den sórt sin.

Cumhdófar leis an sásra faireacháin neamhspleách na gníomhaíochtaí uile a dhéanann na Ballstáit agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu.

Beidh sé de chumhacht ag an sásra faireacháin neamhspleách moltaí bliantúla a eisiúint chuig na Ballstáit.

Cuirfidh na Ballstáit coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm chun neamhspleáchas an tsásra faireacháin neamhspleách a ráthú. Beidh Oifigí Ombudsman Náisiúnta agus institiúidí náisiúnta um chearta an duine, lena n-áirítear sásraí náisiúnta coisctheacha arna mbunú faoi OPCAT, rannpháirteach in oibriú an tsásra faireacháin neamhspleách agus féadfar iad a cheapadh chun cúraimí uile an tsásra faireacháin neamhspleách nó cuid díobh a dhéanamh. Féadfaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha ábhartha agus comhlachtaí poiblí atá neamhspleách ar na húdaráis a dhéanann an scagadh a bheith rannpháirteach sa sásra faireacháin neamhspleách freisin. A mhéid nach bhfuil baint dhíreach ag ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí, de na heagraíochtaí nó de na comhlachtaí sin leis an sásra faireacháin neamhspleách, déanfaidh an sásra faireacháin neamhspleách dlúthnaisc a bhunú agus a chothabháil leo. Leis an sásra faireacháin neamhspleách, bunófar agus cothabhálfar dlúthnaisc leis na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Déanfaidh an sásra faireacháin neamhspleách a chúraimí ar bhonn spotseiceálacha agus seiceálacha randamacha agus gan réamhfhógra.

Cuirfidh na Ballstáit rochtain ar fáil don sásra faireacháin neamhspleách ar gach suíomh ábhartha, lena n-áirítear saoráidí glactha agus coinneála, daoine aonair agus doiciméid, a mhéid is gá an rochtain sin chun go mbeidh an sásra faireacháin neamhspleách in ann na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh. Tabharfar rochtain ar shuíomhanna ábhartha nó ar fhaisnéis rúnaicmithe do dhaoine a ghníomhaíonn thar ceann an tsásra faireacháin neamhspleách agus dóibh siúd amháin, agus a bhfuil imréiteach slándála iomchuí acu arna eisiúint ag údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Eiseoidh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha treoir ghinearálta do na Ballstáit maidir le sásra faireacháin a bhunú agus le feidhmiú neamhspleách an tsásra sin. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha chun a sásra faireacháin neamhspléach a fhorbairt, lena n-áirítear na coimircí do neamhspleáchas sásra den sórt sin, chomh maith leis an modheolaíocht faireacháin agus scéimeanna oiliúna iomchuí.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh torthaí na sásraí faireacháin neamhspleácha maidir le measúnú ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme éifeachtach na Cairte de réir Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

3.   Beidh an sásra faireacháin neamhspleách dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo gan dochar don sásra faireacháin a bhfuil sé d’aidhm aige faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn mar a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/2303 agus do ról lucht faireacháin ar chearta bunúsacha maidir le faireachán a dhéanamh ar urramú cearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta mar a leagtar amach in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2019/1896.

4.   Soláthróidh na Ballstáit acmhainní iomchuí airgeadais don sásra faireacháin neamhspleách dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 11

Faisnéis a sholáthar

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

(a)

cuspóir, fad agus gnéithe an scagtha, chomh maith leis an gcaoi a dhéantar é agus na torthaí a d’fhéadfadh teacht as;

(b)

an ceart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta agus na rialacha is infheidhme maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh, i gcás inarb infheidhme sna himthosca a shonraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2024/1348, agus, ina gcás na náisiúnach tríú tír sin a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, oibleagáidí agus iarmhairtí an neamhchomhlíonta a leagtar síos in Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE) 2024/1351;

(c)

cearta agus oibleagáidí náisiúnach tríú tír le linn an scagtha, lena n-áirítear an oibleagáid atá orthu faoi Airteagal 9 agus an fhéidearthacht dul i dteagmháil leis na heagraíochtaí agus na daoine dá dtagraítear in Airteagal 8(6) agus an fhéidearthacht go ndéanfaí teagmháil leo;

(d)

na cearta a thugtar d’ábhair sonraí le dlí cosanta sonraí an Aontais is infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

(a)

na rialacha is infheidhme maidir leis na coinníollacha maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, chomh maith leis na coinníollacha eile maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí sa Bhallstát lena mbaineann, a mhéid nár tugadh an fhaisnéis sin cheana féin;

(b)

an oibleagáid maidir le filleadh i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE agus na féidearthachtaí chun clárú i gclár lena soláthraítear cúnamh lóistíochta, airgeadais agus ábhar eile nó cúnamh comhchineáil chun tacú le himeacht deonach;

(c)

na coinníollacha maidir le hathshocrú i gcomhréir le hAirteagal 67 de Rialachán (AE) 2024/1351 nó sásra dlúthpháirtíochta eile atá ann cheana.

3.   Tabharfar an fhaisnéis a sholáthraítear le linn an scagtha i dteanga a thuigeann an náisiúnach tríú tír nó i dteanga a cheaptar le réasúin go dtuigfeadh sé. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil i scríbhinn, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, agus, i gcás inar gá, ó bhéal trí úsáid a bhaint as seirbhísí ateangaireachta. I gcás mionaoiseach, soláthrófar an fhaisnéis ar bhealach atá fabhrach do leanaí agus oiriúnach dá n-aois agus le rannpháirtíocht an ionadaí nó an duine dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus (3). Féadfaidh na húdaráis scagtha na socruithe riachtanacha a dhéanamh chun seirbhísí idirghabhála cultúrtha a bheith ar fáil chun rochtain ar an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a éascú.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a údarú d’eagraíochtaí agus comhlachtaí náisiúnta, idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha ábhartha faisnéis a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear san Airteagal seo le linn an scagtha de réir an dlí náisiúnta.

Airteagal 12

Réamhsheiceálacha sláinte agus leochaileachtaí

1.   Náisiúnaigh tríú tír a chuirtear faoi réir an scagtha dá dtagraítear in Airteagal 5 agus 7, beidh siad faoi réir réamhsheiceáil sláinte atá le déanamh ag foireann leighis cháilithe d’fhonn a shainaithint an bhfuil gá le cúram sláinte nó leithlisiú ar fhorais sláinte poiblí. Féadfaidh an fhoireann leighis cháilithe a chinneadh, bunaithe ar na himthosca leighis a bhaineann le staid ghinearálta náisiúnaigh tríú tír faoi leith, nach gá aon seiceáil bhreise sláinte a dhéanamh le linn an scagtha. Beidh rochtain ag náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 7 ar chúram sláinte éigeandála agus ar chóir leighis riachtanach i gcás galair.

2.   Gan dochar do na hoibleagáidí ar Bhallstáit a leagtar síos in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1348, i gcás na náisiúnach tríú tír atá tar éis iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh, féadfar an tseiceáil sláinte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh mar chuid den scrúdú leighis dá dtagraítear in Airteagal 24 den Rialachán sin.

3.   Náisiúnaigh tríú tír a chuirtear faoi réir an scagtha dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 7, beidh siad faoi réir réamhsheiceáil leochaileachta a dhéanann foireann speisialaithe ó na húdaráis scagtha orthu, atá oilte chun na críche sin, d’fhonn a shainaithint an bhféadfadh sé gur duine gan stát, duine leochaileach nó íospartach an chéasta nó aon íde eile mhídhaonna nó tháireach atá sa náisiúnach tríú tír, nó an bhféadfadh riachtanais speisialta a bheith ag an náisiúnach tríú tír de réir bhrí Threoir 2008/115/CE, Airteagal 25 de Threoir (AE) 2024/1348, agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2024/1348. Chun críoch na seiceála leochaileachta sin, féadfaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha agus, i gcás inarb ábhartha, foireann leighis cháilithe, cúnamh a thabhairt don údarás scagtha.

4.   I gcás ina bhfuil léirithe leochailteachta nó riachtanais speisialta ghlactha nó nós imeachta ann, gheobhaidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann tacaíocht thráthúil leordhóthanach i saoráidí leordhóthanacha i bhfianaise a shláinte fisiciúla agus meabhraí. I gcás mionaoiseach, cuirfidh pearsanra atá oilte agus cáilithe chun déileáil le mionaoisigh tacaíocht ar fáil ar bhealach atá fabhrach do leanaí agus oiriúnach dá n-aois, agus i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta cosanta leanaí.

5.   Gan dochar don mheasúnú ar riachtanais speisialta ghlactha a cheanglaítear faoi Threoir (AE) 2024/1346, an measúnú ar riachtanais nós imeachta speisialta a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2024/1348 agus an tseiceáil leochaileachta a cheanglaítear faoi Threoir 2008/115/CE, féadfaidh an réamhsheiceáil leochaileachta dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a bheith mar chuid de na measúnuithe leochaileachta agus nós imeachta speisialta a leagtar síos sa Rialachán sin agus sna Treoracha sin.

Airteagal 13

Ráthaíochtaí do mhionaoisigh

1.   Le linn an scagtha, beidh leas an linbh ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh i gcónaí i gcomhréir le hAirteagal 24(2) den Chairt.

2.   Le linn an scagtha, beidh duine fásta den teaghlach in éineacht leis an mionaoiseach, i gcás ina bhfuil an duine fásta sin i láthair.

3.   Déanfaidh na Ballstáit bearta, a luaithe is féidir, chun a áirithiú go mbeidh ionadaí nó, i gcás nár ceapadh ionadaí, duine atá oilte chun leas an mhionaoisigh agus dea-bhail ghinearálta an mhionaoisigh a choimirciú agus go dtabharfaidh sé nó sí cúnamh don mhionaoiseach neamhthionlactha le linn an scagtha ar bhealach atá fabhrach do leanaí agus oiriúnach dá n-aois agus i dteanga a thuigeann sé nó sí. Is é an duine oilte an duine a ainmneofar chun gníomhú go sealadach mar ionadaí faoi Threoir (AE) 2024/1346 i gcás inar ainmníodh an duine sin faoin Treoir sin.

Beidh na scileanna agus an saineolas is gá ag an ionadaí, lena n-áirítear maidir le cóireáil agus riachtanais shonracha mionaoiseach. Gníomhóidh an t-ionadaí chun leas agus dea-bhail ghinearálta an mhionaoisigh a chosaint agus ionas gur féidir leis an mionaoiseach neamhthionlactha tairbhe a bhaint as na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

4.   An duine atá i gceannas ar mhionaoiseach neamhthionlactha a thionlacan agus cúnamh a thabhairt dó nó di i gcomhréir le mír 3, ní bheidh sé nó sí ina dhuine nó ina duine atá freagrach as aon ghnéithe den scagadh, gníomhóidh sé go neamhspleách agus ní bhfaighidh sé nó sí orduithe ó dhaoine atá freagrach as an scagadh ná ó na húdaráis scagtha. Comhlíonfaidh daoine den sórt sin a gcuid dualgas i gcomhréir le prionsabal leas an linbh agus beidh an saineolas is gá acu chuige sin. D’fhonn dea-bhail agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh a áirithiú, ní athrófar an duine ach amháin nuair is gá.

5.   Cuirfidh na Ballstáit ionadaí nó duine dá dtagraítear i mír 3 i bhfeighil líon comhréireach agus teoranta mionaoiseach neamhthionlactha agus, faoi ghnáththosca, líon nach mó ná tríocha an tráth céanna chun a áirithiú go mbeidh na hionadaithe sin in ann a chúraimí nó a cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach.

6.   I gcás nach bhfuil ionadaí ceaptha nó nach bhfuil duine atá ag gníomhú go sealadach mar ionadaí ainmnithe faoi Threoir (AE) 2024/1346, ní chuirfidh sé sin cosc ar mhionaoiseach neamhthionlactha an ceart chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta a fheidhmiú.

Airteagal 14

Sainaithint nó céannacht a fhíorú

1.   A mhéid nach ndearnadh go fóill é le linn chur i bhfeidhm Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/399, fíorófar nó bunófar céannacht náisiúnach tríú tír a chuirtear faoi réir an scagtha de bhun Airteagal 5 nó 7 den Rialachán seo trí úsáid a bhaint as an méid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:

(a)

doiciméid chéannachta, doiciméid taistil nó doiciméid eile;

(b)

sonraí nó faisnéis a chuirfidh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar fáil nó a gheofar uaidh; agus

(c)

sonraí bithmhéadracha.

2.   Chun críoch na sainaitheanta agus chun céannacht a fhíorú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis scagtha, agus úsáid á baint acu as na sonraí nó an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin, cuardach sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 (CIR) de bhun Airteagal 20a de Rialachán (AE) 2019/817 agus de bhun Airteagal 20a de Rialachán (AE) 2019/818, cuardach i gCóras Faisnéise Schengen a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862 (SIS) agus, i gcás inarb ábhartha, cuardach sa bhunachar sonraí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfar sonraí bithmhéadracha náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha a thógáil uair amháin chun an duine sin a shainaithint nó chun céannacht an duine sin a fhíorú agus chun an duine sin a chlárú i gcomhréir le hAirteagail 15(1)(b), 22, 23 agus 24 de Rialachán (AE) 2024/1358 de réir mar is infheidhme.

3.   Seolfar cuardach in CIR dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo agus úsáid á baint as ESP i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/817 agus Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/818. I gcás nach bhfuil sé indéanta ar chúiseanna teicniúla ESP a úsáid chun córas amháin faisnéise nó níos mó de chuid an Aontais nó CIR a chuardach, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo agus déanfaidh na Ballstáit córais faisnéise an Aontais nó CIR a rochtain go díreach. Ní dochar an mhír seo don rochtain atá ag na húdaráis scagtha ar SIS, a mbeidh úsáid ESP ina leith roghnach i gcónaí.

4.   I gcás nach féidir sonraí bithmhéadracha an náisiúnaigh tríú tír a úsáid nó i gcás ina dteipfidh ar an gcuardach leis na sonraí sin dá dtagraítear i mír 2 nó nach bhfaightear aon amas ina leith, déanfar an cuardach le húsáid sonraí céannachta an náisiúnaigh tríú tír, i dteannta aon sonraí céannachta, aon sonraí doiciméid taistil nó sonraí doiciméid eile, nó le haon sonraí nó faisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

5.   Déanfar cuardaigh in SIS le sonraí bithmhéadracha i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2018/1862.

6.   Áiritheofar ar na seiceálacha freisin, i gcás inar féidir, fíorú ar cheann amháin ar a laghad de na haitheantóirí bithmhéadracha atá comhtháite in aon doiciméad céannachta, doiciméad taistil nó doiciméad eile.

Airteagal 15

Seiceáil slándála

1.   Na náisiúnaigh tríú tír a chuirtear faoi réir an scagtha de bhun Airteagal 5 nó 7, déanfar seiceáil slándála orthu chun a fhíorú an bhféadfadh siad a bheith ina mbagairt ar an tslándáil inmheánach. Féadfar, leis an tseiceáil slándála sin, na náisiúnaigh tríú tír féin agus na rudaí atá ina seilbh acu a chumhdach. Beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit lena mbaineann maidir le haon chuardach a dhéanfar.

2.   Chun an tseiceáil slándála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, agus sa mhéid nach ndearnadh í cheana le linn na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2016/399, déanfar na bunachair sonraí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe SIS, Córas Dul Isteach/Imeachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240 (EES), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2226, lena n-áirítear liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1240, an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) a bunaíodh le Treoir 2004/512/CE, agus córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/816 (ECRIS-TCN), sonraí Europol a phróiseáiltear chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/794, agus bunachair sonraí Interpol a cheadú mar a fhoráiltear don mhéid sin in Airteagal 16 den Rialachán seo. Féadfar na bunachair sonraí náisiúnta ábhartha a cheadú freisin chun na críche sin.

3.   A mhéid a bhaineann le ceadú EES, ETIAS, cé is moite de liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1240, agus VIS de bhun mhír 2 den Airteagal seo, beidh na sonraí a aisghabhfar teoranta do dhiúltuithe dul isteach, diúltaithe, neamhniú nó cúlghairm údaraithe taistil, nó cinntí lena ndiúltaítear, lena neamhnítear nó lena gcúlghairtear víosa, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe, faoi seach, atá bunaithe ar fhorais slándála a léiriú.

I gcás ina bhfaightear amas in SIS, beidh rochtain ag an údarás scagtha a rinne an cuardach ar na sonraí san fholáireamh.

4.   A mhéid a bhaineann le ceadú ECRIS-TCN, beidh na sonraí a gheofar ar ais teoranta do chiontuithe a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/816.

5.   Más gá, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagtar amach an nós imeachta mionsonraithe agus sonraíochtaí maidir le sonraí a aisghabháil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 16

Socruithe le haghaidh na sainaitheanta agus seiceálacha slándála

1.   Maidir leis na cuardaigh dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus in Airteagal 15(2), féadfar iad a sheoladh, i gcás na gcuardach a bhaineann le córais faisnéise an Aontais, sonraí Europol, Bunachar Sonraí Interpol, trí úsáid a bhaint as ESP i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/817 agus le Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/818.

2.   I gcás ina bhfaighfear amas i leith sonraí atá i gceann de na córais faisnéise de chuid an Aontais de thoradh cuardach a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 15(2), beidh rochtain ag na húdaráis scagtha ar cheadú sonraí a fhreagraíonn don amas sin sna córais faisnéise de chuid an Aontais faoi seach atá faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha dlí lena rialaítear rochtain mar sin.

3.   Nuair a fhaightear amas tar éis cuardach in SIS, déanfaidh na húdaráis inniúla na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 nó (AE) 2018/1862, lena n-áirítear dul i gcomhairle leis an mBallstát a d’eisigh an foláireamh, trí Bhiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/1861 agus in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/1862.

4.   I gcás ina gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta náisiúnaigh tríú tír do dhuine a bhfuil a chuid sonraí ar taifead in ECRIS-TCN agus a bhfuil bratach curtha leis i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/816, ní fhéadfar na sonraí a úsáid ach amháin chun críoch na seiceála slándála dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo agus chun na taifid choiriúla náisiúnta a cheadú, a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7c den Rialachán sin. Ceadófar taifid choiriúla náisiúnta sula dtabharfar tuairim de bhun Airteagal 7c den Rialachán sin.

5.   I gcás ina bhfaighfear meaits i sonraí Europol de bharr cuardach dá bhforáiltear in Airteagal 15(2), seolfar fógra uathoibrithe, ina mbeidh na sonraí a úsáidtear le haghaidh an chuardaigh, chuig Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 chun go mbeidh Europol in ann, más gá, aon ghníomhaíocht leantach iomchuí a dhéanamh, agus úsáid á baint as na bealaí cumarsáide dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

6.   Déanfar cuardaigh ar bhunachair sonraí Interpol dá bhforáiltear in Airteagal 15(2) den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagail 9(5) agus 72(1) de Rialachán (AE) 2019/817. I gcás nach féidir cuardaigh den sórt sin a dhéanamh ar shlí nach nochtfar aon fhaisnéis d’úinéir fholáireamh Interpol, ní áireofar leis an scagadh an cuardach i mbunachar sonraí Interpol.

7.   Nuair a fhaightear amas i liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1240, beidh feidhm ag Airteagal 35a den Rialachán sin.

8.   Más gá, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun go sonrófar an nós imeachta maidir le comhar idir na húdaráis atá freagrach as an scagadh a dhéanamh, Biúrónna Náisiúnta Lárnacha Interpol agus aonaid náisiúnta Europol, faoi seach, chun an bhagairt ar an tslándáil inmheánach a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 17

An fhoirm scagtha

1.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 7, déanfaidh na húdaráis scagtha foirm a líonadh isteach ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

ainm, dáta breithe agus áit bhreithe agus inscne;

(b)

léiriú ar náisiúntachtaí nó ar na daoine a bheith gan stát, tíortha cónaithe roimh theacht dóibh agus teangacha a labhraíonn siad;

(c)

an chúis a ndearnadh an scagadh;

(d)

faisnéis maidir leis an réamhsheiceáil sláinte a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1), lena n-áirítear i gcás nach raibh gá le haon seiceáil sláinte eile bunaithe ar na himthosca a bhain le bail ghinearálta gach náisiúnaigh tríú tír;

(e)

faisnéis ábhartha maidir leis an réamhsheiceáil leochaileachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12(3), go háirithe aon leochaileacht nó aon riachtanas speisialta glactha nó nós imeachta a sainaithníodh;

(f)

faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann;

(g)

faisnéis arna soláthar ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann faoi cé acu atá nó nach bhfuil baill teaghlaigh aige nó aici ar chríoch aon cheann de na Ballstáit;

(h)

an raibh amas ann mar thoradh ar cheadú na mbunachar sonraí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 15;

(i)

ar chomhlíon an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a oibleagáid nó a hoibleagáid maidir le comhoibriú i gcomhréir le hAirteagal 9.

2.   I gcás ina mbeidh fáil orthu, áireofar an méid seo a leanas ar an bhfoirm dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an chúis le teacht neamhrialta nó dul isteach neamhrialta;

(b)

faisnéis faoi na bealaí taistil a tógadh, lena n-áirítear an chéad áit imeachta, áiteanna cónaithe roimhe sin, tríú tíortha idirthurais, tríú tíortha ina bhféadfadh sé gur lorgaíodh cosaint idirnáisiúnta nó inar tugadh cosaint, agus an ceann scríbe laistigh den Aontas atá beartaithe;

(c)

doiciméid taistil nó céannachta a bhí ina seilbh ag na náisiúnaigh tríú tír;

(d)

aon bharúlacha agus aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear aon fhaisnéis ghaolmhar i gcásanna amhrasta smuigleála nó gáinneála ar dhaoine.

3.   Déanfar an fhaisnéis ar an bhfoirm dá dtagraítear i mír 1 a thaifeadadh sa chaoi is go mbeidh sí inchurtha faoi athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach le linn aon nós imeachta tearmainn nó nós imeachta um fhilleadh ina dhiaidh sin.

Sonrófar ann ar dheimhnigh na húdaráis scagtha nó an duine lena mbaineann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b).

Cuirfear an fhaisnéis a bheidh ar an bhfoirm ar fáil don duine lena mbaineann, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 den Airteagal seo a fholú. Sula dtarchuirfear an fhoirm chuig na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18(1), (2), (3) agus (4), beidh an fhéidearthacht ag an duine atá faoi réir an scagtha a léiriú go bhfuil an fhaisnéis ar an bhfoirm mícheart. Déanfaidh na húdaráis scagtha aon léiriú den sórt sin a thaifeadadh faoin bhfaisnéis ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 18

Cur i gcrích an scagtha

1.   Nuair atá an scagadh curtha i gcrích nó, ar a dhéanaí, nuair a théann na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo in éag, déanfar náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo nach bhfuil iarratas ar chosaint náisiúnta déanta acu a threorú chuig na húdaráis atá inniúil chun nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE a chur i bhfeidhm, gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2016/399.

Tarchuirfear an fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 17 chuig na húdaráis ábhartha chuig a bhfuil an náisiúnach tríú tír á tharchur.

2.   Déanfar náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 7 a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu a threorú chuig na húdaráis atá inniúil chun an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú.

3.   I gcás ina ndéanfar náisiúnach tríú tír a athshocrú i gcomhréir le hAirteagal 67 de Rialachán (AE) 2024/1351 nó le haon sásra dlúthpháirtíochta eile atá ann cheana, déanfar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a threorú chuig údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann mar aon leis an bhfoirm dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán seo.

4.   Leanfaidh na náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, nach bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta acu de bheith faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE.

5.   I gcás ina ndéantar náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) agus in Airteagal 7 den Rialachán seo a threorú chuig an nós imeachta iomchuí maidir le cosaint idirnáisiúnta, chuig nós imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE nó chuig údaráis ábhartha Ballstáit eile maidir le náisiúnaigh tríú tír atá le hathshocrú, tiocfaidh deireadh leis an scagadh. I gcás nach gcuirfear na seiceálacha ar fad i gcrích laistigh de na spriocdhátaí dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo, beidh deireadh leis an scagadh mar sin féin i gcás an duine sin, a threorófar chuig an nós imeachta iomchuí.

6.   I gcás ina bhfuil náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagail 5 nó 7 den Rialachán seo faoi réir nósanna imeachta an dlí choiriúil, nó faoi réir nós imeachta eiseachadta, i gcomhréir leis an dlí coiriúil náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an scagadh a chur i bhfeidhm. Má cuireadh tús leis an scagadh cheana féin, seolfar an fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán seo, agus léiriú ann ar na cúinsí a chuir deireadh leis an scagadh, chuig na húdaráis atá inniúil maidir leis na nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE, nó, má rinne an náisiúnach tríú tír iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, chuig na húdaráis atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú.

7.   Déanfar na sonraí pearsanta a stóráiltear de bhun an Rialacháin seo a scriosadh i gcomhréir leis na hamlínte a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1358.

Airteagal 19

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 20

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Leasaítear Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Forchoimeádfar rochtain ar VIS chun na sonraí a cheadú go heisiach d’fhoireann chuí-údaraithe na n-eintiteas seo a leanas:

(a)

údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus údaráis náisiúnta chomhlachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 15 go 22, Airteagail 22g go 22m, agus Airteagal 45e den Rialachán seo;

(b)

Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS, arna n-ainmniú de bhun Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2018/1240, chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 18c agus 18d den Rialachán seo agus chun críocha Rialachán (AE) 2018/1240;

(c)

na húdaráis scagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 15 agus 16 den Rialachán sin;

(d)

údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus údaráis náisiúnta na gcomhlachtaí de chuid an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 20, 20a agus 21 de Rialachán (AE) 2019/817.

Beidh rochtain den sórt sin teoranta de réir an mhéid a bheidh na sonraí sin riachtanach chun a gcúraimí a dhéanamh chun na gcríoch sin, agus comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).’;"

(2)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Beidh rochtain ag na húdaráis scagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 ar VIS freisin chun na sonraí a cheadú le seiceáil slándála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin.

Déanfar cuardach i gcomhréir leis an mír seo trí úsáid a bhaint as na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2024/1356 agus tabharfar amas ar ais le VIS i gcás ina bhfuil cinneadh maidir le diúltú, neamhniú nó cúlghairm víosa, víosa fadfhanachta nó ceada cónaithe atá bunaithe ar na forais dá bhforáiltear in Airteagal 12(2)(a)(i), (v) agus (vi) den Rialachán seo taifeadta i gcomhad meaitseála.

I gcás ina bhfaighfear amas, beidh rochtain ag na húdaráis scagtha ar na sonraí ábhartha uile sa chomhad.’.

Airteagal 21

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2226

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2226 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(l)

tacú le cuspóirí an scagtha arna mbunú le Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), go háirithe maidir le seiceálacha dá bhforáiltear faoi Airteagail 14 go 16 de.

(*2)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).’;"

(2)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2b.   Beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás scagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 ar EES chun sonraí EES a cheadú.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Forchoimeádfar rochtain ar shonraí EES a stóráiltear in CIR go heisiach d’fhoireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus d’fhoireann chuí-údaraithe ghníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 20, 20a agus 21 de Rialachán (AE) 2019/817 agus in Airteagail 20, 20a agus 21 de Rialacháin (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). Beidh rochtain den sórt sin teoranta de réir an mhéid a bheidh na sonraí riachtanach chun a gcúraimí a dhéanamh chun na gcríoch sin, agus comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

(*3)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (EU) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).’;"

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 24a

Rochtain ar shonraí don tseiceáil slándála chun críocha an scagtha

Beidh rochtain ag na húdaráis scagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 ar EES chun na sonraí a cheadú d’fhonn seiceáil slándála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin.

Déanfar cuardach i gcomhréir leis an Airteagal seo trí úsáid a bhaint as na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2024/1356 agus tabharfar amas ar ais le EES i gcás ina bhfuil taifead ar dhiúltú dul isteach bunaithe ar na forais dá bhforáiltear i bpointí B, D, H, I agus J de Chuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/399 nasctha le sainchomhad meaitseála. I gcás ina bhfaightear amas, beidh rochtain ag na húdaráis scagtha ar na sonraí ábhartha uile sa chomhad.

Mura bhfuil aon sonraí bithmhéadracha san áireamh sa sainchomhad, féadfaidh na húdaráis scagtha rochtain a fháil ar shonraí bithmhéadracha an duine lena mbaineann agus comhfhreagras a fhíorú in VIS i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.’;

(4)

in Airteagal 46(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

cuspóir na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 9(2), (2a) agus (2b).’.

Airteagal 22

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1240

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1240 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(eb)

tacú le críocha Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

(*4)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj)’;"

(2)

in Airteagal 8(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(i)

tuairimí a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 35a.’;

(3)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4a:

‘4a.   Chomh maith leis sin, is ag foireann chuí-údaraithe údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus ag foireann chuí-údaraithe ghníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 20, 20a agus 21 de Rialachán (AE) 2019/817 agus acu sin amháin a bheidh rochtain ar shonraí céannachta ETIAS agus sonraí doiciméid taistil a stóráiltear in CIR lena gceadú. Beidh rochtain den sórt sin teoranta de réir an mhéid a bheidh na sonraí riachtanach chun a gcúraimí a dhéanamh chun na gcríoch sin, agus comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4b.   Beidh rochtain ag na húdaráis scagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 (“na húdaráis scagtha”) ar ETIAS freisin chun na sonraí a cheadú chun na seiceálacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin.

Déanfar cuardach i gcomhréir leis an mír seo trí úsáid a bhaint as na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/1356 agus tabharfar amas ar ais le ETIAS i gcás ina bhfuil cinneadh maidir le diúltú, neamhniú nó cúlghairm údaraithe taistil atá bunaithe ar Airteagal 28(7) nó ar Airteagal 37(1), pointí (a), (b) agus (e), den Rialachán seo taifeadta i gcomhad iarratais meaitseála.

I gcás ina bhfaighfear amas, beidh rochtain ag na húdaráis scagtha ar na sonraí ábhartha uile sa chomhad.

Má léirítear sa chuardach arna dhéanamh i gcomhréir leis an mír seo go bhfuil comhfhreagras idir na sonraí a úsáideadh don chuardach agus na sonraí arna dtaifeadadh ar liosta faire ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 34, cuirfear Aonad Náisiúnta ETIAS nó Europol, i gcás inarb é a d’iontráil na sonraí ar liosta faire ETIAS, ar an eolas faoin gcomhfhreagras sin agus beidh siad freagrach as rochtain a fháil ar na sonraí ar liosta faire ETIAS agus as tuairim a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 35a.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 4 agus 4a den Airteagal seo, agus na húdaráis scagtha dá dtagraítear i mír 4b den Airteagal seo, agus cuirfidh siad liosta de na húdaráis sin in iúl do eu-LISA gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 87(2) den Rialachán seo. Sonrófar sa liosta sin an chríoch chuig a mbeidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe gach údaráis ar na sonraí i gCóras Faisnéise ETIAS i gcomhréir le míreanna 1, 2, 4 agus 4a den Airteagal seo.’;

(4)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 35a

Cúraimí Aonad Náisiúnta ETIAS agus Europol maidir le liosta faire ETIAS chun críocha an scagtha

1.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 13(4b), an ceathrú fomhír, cuirfidh Lárchóras ETIAS fógra uathoibrithe chuig Aonad Náisiúnta ETIAS nó chuig Europol, ag brath ar cé acu a rinne na sonraí a iontráil i liosta faire ETIAS. I gcás ina measann aonad Náisiúnta ETIAS nó Europol, de réir mar is iomchuí, go bhféadfadh an náisiúnach tríú tír atá ag dul faoin scagadh a bheith ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach, tabharfaidh sé fógra láithreach do na húdaráis scagtha ábhartha agus tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe don Bhallstát a dhéanann an scagadh, laistigh de 2 lá ón bhfógra a fháil, ar an modh seo a leanas:

(a)

cuirfidh Aonaid Náisiúnta ETIAS na húdaráis maidir le scagadh ar an eolas trí shásra slán, a bheidh le bunú ag eu-LISA, lena ndéanfar cumarsáid idir Aonaid Náisiúnta ETIAS ar thaobh amháin agus na húdaráis scagtha ar an taobh eile;

(b)

cuirfidh Europol na húdaráis scagtha ar an eolas trí úsáid a bhaint as na bealaí cumarsáide dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/794; mura dtugtar aon tuairim, ba cheart a mheas nach bhfuil aon riosca slándála ann.

2.   Beidh san fhógra uathoibrithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na sonraí arna n-úsáid le haghaidh an chuardaigh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2024/1356’;

(5)

in Airteagal 69(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(ea)

i gcás inarb ábhartha, tagairt do chuardaigh i Lárchóras ETIAS chun críocha Airteagail 14 agus 15 de Rialachán 2024/1356, do na hamais a fuarthas agus do thorthaí an chuardaigh sin;’.

Airteagal 23

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/817

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/817 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Údaráis na mBallstát agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, úsáidfidh siad ESP chun sonraí a chuardach i lárchórais EES, VIS agus ETIAS ar sonraí iad a bhaineann le daoine nó lena ndoiciméid taistil i gcomhréir lena gcearta rochtana dá dtagraítear sna hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE sin agus sa dlí náisiúnta. Úsáidfidh siad ESP freisin chun CIR a chuardach i gcomhréir lena gcearta rochtana faoin Rialachán seo chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagail 20, 20a, 21 agus 22.’;

(2)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Bunaítear stóras coiteann sonraí céannachta (CIR), lena gcruthaítear sainchomhad le haghaidh gach duine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac nó ECRIS-TCN ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18, chun ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in EES, VIS, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 20a a éascú agus cabhrú leis, chun tacú le feidhmiú MID i gcomhréir le hAirteagal 21 agus chun rochtain ag údaráis ainmnithe agus ag Europol ar EES, VIS, ETIAS agus Eurodac a éascú agus a chuíchóiriú, i gcás inar gá an méid sin chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 22.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   I gcás nach mbeidh sé indéanta ar chúiseanna teicniúla, de dheasca chliseadh CIR an stóras a chuardach chun duine a shainaithint de bhun Airteagal 20 nó chun duine a shainaithint nó céannacht duine a fhíorú de bhun Airteagal 20a, chun ilchéannachtaí a bhrath de bhun Airteagal 21 nó chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú de bhun Airteagal 22, tabharfaidh eu-LISA fógra d’úsáideoirí CIR ar bhealach uathoibrithe.’;

(3)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Na húdaráis a dhéanann CIR a rochtain, déanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir lena gcearta rochtana faoi na hionstraimí dlí lena rialaítear córais faisnéise AE, agus faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir lena gcearta rochtana faoin Rialachán seo chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagail 20, 20a, 21 agus 22.’;

(4)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 20a

Rochtain ar an stóras coiteann sonraí céannachta chun críoch sainaitheanta nó chun céannacht a fhíorú de réir Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*5)

1.   Déanfaidh na húdaráis scagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“na húdaráis scagtha”) cuardaigh CIR chun duine a shainaithint nó céannacht duine a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndearnadh an próiseas a thionscnamh i láthair an duine sin.

2.   I gcás ina léireoidh an cuardach go bhfuil sonraí an duine sin stóráilte in CIR, beidh rochtain ag na húdaráis scagtha ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán seo chomh maith leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2019/818 lena gceadú.

(*5)  Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).’;"

(5)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gan dochar d'Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2017/2226, d’Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ná d’Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240, coinneoidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile in CIR i gcomhréir le míreanna 2, 2a, 3 agus 4 den Airteagal seo.’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   De bhun Airteagal 20a, coimeádfaidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile in CIR. Áireofar an méid seo a leanas sna logaí sin:

(a)

an Ballstát a sheol an cuardach;

(b)

cuspóir rochtana an úsáideora atá ag cuardach trí CIR;

(c)

dáta agus am an chuardaigh;

(d)

na cineálacha sonraí arna n-úsáid chun an cuardach a sheoladh;

(e)

torthaí an chuardaigh.’;

(c)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Coimeádfaidh gach Ballstát logaí de chuardaigh a dhéanfaidh a údaráis agus foireann na n-údarás sin atá cuí-údaraithe CIR a úsáid de bhun Airteagail 20, 20a, 21 agus 22. Coimeádfaidh gach gníomhaireacht de chuid an Aontais logaí de chuardaigh a dhéanann a foireann chuí-údaraithe de bhun Airteagail 21 agus 22.’.

Airteagal 24

Meastóireacht

Faoin 12 Meitheamh 2028, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo.

Faoin 12 Meitheamh 2031, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú, faoin 12 Nollaig 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Meitheamh 2026.

Na forálacha a leagtar síos in Airteagail 14 go 16 a bhaineann le cuardaigh i gcórais faisnéise an Aontais, CIR agus ESP, ní bheidh feidhm acu go dtí go dtiocfaidh na córais faisnéise ábhartha aonair, CIR agus ESP i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 155, 30.4.2021, lch. 58.

(2)   IO C 175, 7.5.2021, lch. 32.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024.

(4)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(5)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(6)  Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147, agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2024/1358 an 14 Bealtaine 2024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1351 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).

(8)  Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).

(12)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).

(14)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013(IO L 160, 15.6.2022, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(19)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(20)  Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).

(21)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(24)  Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).

(25)  Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).

(27)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

(28)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(30)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(31)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(32)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(33)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(34)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le córas faoi Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 10 a ghabhann leis an Ionstraim Aontachais (IO L 161, 30.4.2004, lch. 128).

(36)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)