Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1353 |
15.5.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/1353 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Bealtaine 2024
lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 22 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/486/CBES (1) lenar bunaíodh Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine). |
(2) |
An 20 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/813 (2), lenar cuireadh síneadh le EUAM Ukraine go dtí an 31 Bealtaine 2024. |
(3) |
An 23 Feabhra 2022, thug Cónaidhm na Rúise fogha míleata gan chúis gan údar faoin Úcráin, rud a cháin an Chomhairle Eorpach go géar sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022. |
(4) |
An 18 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/452 (3), lenar tugadh an cúram sealadach breise do EUAM Ukraine comhairle a chur ar údaráis na hÚcráine d’fhonn sreabhadh na ndídeanaithe go dtí an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic a éascú mar aon le tabhairt isteach na cabhrach daonnúla san Úcráin a éascú. |
(5) |
An 13 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/638 (4), lenar tugadh an cúram breise do EUAM Ukraine tacaíocht a sholáthar d’údaráis na hÚcráine imscrúdú agus ionchúiseamh coireanna idirnáisiúnta a éascú. |
(6) |
An 23 Meitheamh 2022, dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas iarrthóra ar aontachas leis an Aontas don Úcráin. |
(7) |
An 11 Nollaig 2023, sna conclúidí uaithi maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) sibhialtach, chuir an Chomhairle i dtreis tacaíocht bhuanseasmhach fhadtéarmach an Aontais don Úcráin. Leag an Chomhairle béim láidir ar a thábhachtaí atá sé tacaíocht do CBSC sibhialtach a neartú agus freagairt go mear do riachtanais mhéadaitheacha na hÚcráine mar chuid d’iarrachtaí níos leithne an Aontais chun slándáil na hÚcráine a fheabhsú. Mhol an Chomhairle an obair uile atá déanta ag EUAM Ukraine, lena n-áirítear tacaíocht don athchóiriú ar earnáil slándála na hÚcráine, bainistiú comhtháite teorainneacha, agus, mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise, na hiarrachtaí a rinneadh i réimse imscrúdú agus ionchúiseamh coireanna idirnáisiúnta agus i ndáil leis an smacht reachta a athbhunú sna Críocha a Saoradh agus sna Críocha Tadhlacha. |
(8) |
An 12 Nollaig 2023, agus Clár Oibre Thessaloniki 2003 agus na conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí an Mheithimh 2022 á meabhrú aici i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, dhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil sí tiomanta go huile is go hiomlán do pheirspictíocht bhallraíocht an Aontais atá ag na Balcáin Thiar, ag an Úcráin, ag an Moldóiv agus ag an tSeoirsia, agus d’athdhearbhaigh sí gurb é an tAontas Eorpach is dán dóibh. |
(9) |
An 14 Feabhra 2024, i gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh ar EUAM Ukraine, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála síneadh a chur leis an misean go dtí an 31 Bealtaine 2027. An 19 Márta 2024, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála sainordú an mhisin a leasú. |
(10) |
An 21 Márta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl sna conclúidí uaithi go bhfuil an tAontas Eorpach fós tiomanta do thacú le deisiú, téarnamh agus atógáil na hÚcráine, i gcomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach gur neartaíodh EUAM Ukraine le déanaí, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann cur leis an tacaíocht a thugtar do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na hÚcráine sna críocha a saoradh agus sna críocha tadhlacha, agus go mbeifear in ann athchóirithe a dhéanamh i gcomhthéacs a próisis aontachais leis an Aontas. |
(11) |
Ba cheart Cinneadh 2014/486/CBES a leasú chun toradh an athbhreithnithe straitéisigh ar an misean a léiriú. |
(12) |
Cuirfear EUAM Ukraine i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo Cinneadh 2014/486/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘1. Beidh sé d’aidhm ag EUAM Ukraine, mar mhisean sibhialtach neamhfheidhmiúcháin CBSC, an méid seo a leanas a dhéanamh:
2. Chun na gcríoch sin, déanfaidh EUAM Ukraine an méid seo a leanas:
|
(2) |
in Airteagal 2a, scriostar mír 2, pointe (c). |
(3) |
scriostar Airteagal 2b. |
(4) |
in Airteagal 14(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘Is é EUR 122 900 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le EUAM Ukraine a chumhdach don tréimhse ón 1 Meitheamh 2024 go dtí an 31 Bealtaine 2027.’. |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: ‘Déanfar measúnú straitéiseach ar EUAM Ukraine faoin 31 Nollaig 2025.’. |
(6) |
in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mhír: ‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Bealtaine 2027.’. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. VAN PETEGHEM
(1) Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 217, 23.7.2014, lch. 42).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/813 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 180, 21.5.2021, lch. 149).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/452 ón gComhairle an 18 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 92, 21.3.2022, lch. 3).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/638 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 117, 19.4.2022, lch. 38).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1353/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)