European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1347

22.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1347 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, lena leasaítear Treoir 2003/109/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 79(2), pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh roinnt athruithe substainteacha ar Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Chun a áirithiú go bhfuil comhchuibhiú agus tuilleadh cóineasaithe ann i gcinntí tearmainn agus maidir lena bhfuil i gcosaint idirnáisiúnta ionas go laghdaítear ar an spreagadh le bogadh laistigh den Aontas, chun tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a spreagadh chun fanacht sa Bhallstát a dheonaigh cosaint dóibh agus chun a áirithiú go gcaitear go cothrom le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ba cheart an Treoir sin a aisghairm agus Rialachán a chur ina hionad.

(2)

Tá comhbheartas ar thearmann, lena n-áirítear Comhchóras Eorpach Tearmainn (CET), atá bunaithe ar Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh ag Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’), a chur i bhfeidhm ina iomláine agus go cuimsitheach, ina chuid dhílis de chuspóir an Aontais limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile atá oscailte dóibh siúd a bhfuil orthu, mar gheall ar chúinsí, cosaint a lorg go dlisteanach san Aontas. Ba cheart an beartas sin a bheith rialaithe ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, lena n-áirítear a impleachtaí airgeadais, i measc na mBallstát. Tá Coinbhinsiún na Ginéive ina bhunchloch den réim dlí idirnáisiúnta i gcomhair cosaint dídeanaithe.

(3)

Tá an Comhchóras Eorpach Tearmainn bunaithe ar chaighdeáin choiteanna maidir le nósanna imeachta tearmainn, aitheantas agus cosaint a thugtar ar leibhéal an Aontais, coinníollacha glactha agus córas lena gcinntítear an Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú. D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta go dtí seo leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a fhorbairt de réir a chéile, tá difríochtaí suntasacha ann idir na Ballstáit go fóill maidir leis na nósanna imeachta a mbaintear úsáid astu, na rátaí aitheantais, an cineál cosanta a dheonaítear, an leibhéal ar a bhfuil na dálaí glactha ábharacha agus na sochair a thugtar d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta. D’fhéadfadh na héagsúlachtaí sin a bheith ina gcúis le gluaiseachtaí tánaisteacha agus an bonn a bhaint den chuspóir chun a áirithiú go gcaitear le hiarratasóirí go cothrom cibé áit a ndéanann siad iarratas san Aontas.

(4)

Sa teachtaireacht uaidh an 6 Aibreán 2016 dar teideal ‘Towards a Reform of the Common European Asylum System and Enhancing Legal Avenues to Europe’ [I dTreo an Comhchóras Eorpach Tearmainn a Athchóiriú agus Bealaí Dlíthiúla chun na hEorpa a Fheabhsú], leag an Coimisiún amach na roghanna atá aige maidir le feabhas a chur ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn, eadhon córas inbhuanaithe agus cothrom a bhunú chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, chun córas Eurodac a threisiú, chun cóineasú níos fearr a bhaint amach i gcóras tearmainn an Aontais, chun gluaiseachtaí tánaisteacha laistigh den Aontas a chosc agus chun gníomhaireacht a dhéanamh den Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn. Tá an teachtaireacht sin i gcomhréir le héileamh na Comhairle Eorpaí an 18-19 Feabhra 2016 dul chun cinn a dhéanamh maidir le creat reatha an Aontais a athchóiriú chun beartas daonna agus éifeachtach tearmainn a áirithiú.

(5)

De bharr go n-iarrtar le hAirteagal 78(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) stádas aonfhoirmeach tearmainn agus dea-fheidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn, ba cheart dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le cóineasú córas náisiúnta tearmainn agus aird faoi leith á tabhairt ar éagsúlacht sna rátaí aitheantais agus sna cineálacha stádais cosanta sna Ballstáit. De bhreis air sin, ba cheart na cearta atá deonaithe do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a shoiléiriú agus a chomhchuibhiú tuilleadh.

(6)

Tá gá mar sin le Rialachán chun leibhéal níos comhsheasmhaí de chomhchuibhiú ar fud an Aontais a áirithiú agus chun leibhéal níos airde deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcachta a sholáthar ann.

(7)

Is é príomhchuspóir an Rialacháin seo a áirithiú, ar lámh amháin, go gcuireann na Ballstáit critéir choiteanna i bhfeidhm le haghaidh sainaithint daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu i ndáiríre, agus, ar an lámh eile, go bhfuil sraith choiteann de chearta ar fáil do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta i ngach Ballstát.

(8)

De bharr tuilleadh comhfhogasaithe ar na rialacha maidir le stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí a aithint agus maidir lena bhfuil sna stádais sin, ba cheart cuidiú le srian a choinneáil ar ghluaiseachtaí tánaisteacha iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta idir na Ballstáit.

(9)

Ba cheart cosaint idirnáisiúnta a dheonú do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a cháilíonn do chosaint idirnáisiúnta. Níor cheart cosaint idirnáisiúnta a dheonú do na náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát sin a thagann lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir le stádais dhaonnúla náisiúnta, i gcás ina ndeonaítear iad, níor cheart aon bhaol a bheith ag gabháil leo go gceapfaí gurb ionann iad agus cosaint idirnáisiúnta.

(10)

Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir lena bhfuil i gcosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear na rialacha chun gluaiseachtaí tánaisteacha a dhíspreagadh, maidir leo siúd ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh tar éis nós imeachta um athlonnú nó nós imeachta um ligean isteach ar fhoras daonnúil a thabhairt chun críche go dearfach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(11)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR). Go háirithe, féachtar leis an Rialachán seo lena áirithiú go ndéanfar dínit an duine agus ceart chun tearmainn na n-iarratasóirí ar thearmann agus a mball teaghlaigh atá á dtionlacan a urramú ina n-iomláine agus féachtar leis le cur i bhfeidhm fhorálacha na Cairte a chur chun cinn, a mhéid a bhaineann le dínit an duine, urraim do shaol an teaghlaigh agus don saol príobháideach, saoirse cainte agus faisnéise, an ceart chun oideachais, saoirse gairme agus an ceart chun obair a dhéanamh, saoirse fiontraíochta, an ceart chun tearmainn, cosaint i gcás aistriú, díbirt nó eiseachadadh, comhionannas os comhair an dlí, neamh-idirdhealú, cearta an linbh, agus cearta a bhaineann le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta agus cúram sláinte. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha sin a chur chun feidhme dá réir.

(12)

Maidir leis an dóigh a gcaitear le daoine a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tá na Ballstáit faoi cheangal ag na hionstraimí dlí idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad, lena n-áirítear go háirithe na hionstraimí sin lena gcuirtear toirmeasc ar idirdhealú.

(13)

Ba cheart úsáid a bhaint as acmhainní an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), chun tacaíocht leormhaith a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát na caighdeáin a leagtar síos sa Rialachán a chur chun feidhme, go háirithe do na Ballstáit sin a bhfuil brú díréireach sonrach ar a gcórais tearmainn, go háirithe de dheasca a suímh gheografaigh nó a staide déimeagrafaí. Cé gur cheart prionsabal ginearálta an toirmisc ar chistiú dúbailte a urramú, ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint, ar gach leibhéal rialachais, as na féidearthachtaí atá ann a bhuí le cistí nach mbaineann go díreach leis an mbeartas tearmainn agus imirce ach a d’fhéadfaí a úsáid chun bearta a chistiú sa réimse sin.

(14)

Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (‘an Ghníomhaireacht um Thearmann’), tacaíocht leordhóthanach a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe trí shaineolaithe a sholáthar, arna iarraidh sin nó le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann, chun cuidiú le húdaráis an Bhallstáit sin iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh, a chlárú agus a scrúdú, agus trí fhaisnéis atá cothrom le dáta a sholáthar maidir le tríú tíortha, lena n-áirítear faisnéis faoin tír thionscnaimh, agus trí threoirlínte agus uirlisí ábhartha eile a sholáthar. Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, ba cheart d’údaráis na mBallstát caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais atá forbartha ag an nGníomhaireacht um Thearmann a chur san áireamh. Agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, agus gan dochar do chineál na measúnuithe sin de réir an cháis, ba cheart d’údaráis na mBallstát an fhaisnéis, na tuarascálacha, an anailís choiteann ar an staid i dtíortha tionscnaimh agus na nótaí treorach arna bhforbairt ar leibhéal an Aontais ag an nGníomhaireacht um Thearmann agus ag na líonraí Eorpacha maidir le faisnéis tríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2303 a chur san áireamh.

(15)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar leas an linbh i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989. Agus measúnú á dhéanamh ar leas an linbh, ba cheart d’údaráis na mBallstát aird chuí a thabhairt go háirithe ar phrionsabal aontacht an teaghlaigh, agus ar fholláine agus forbairt shóisialta, scileanna teanga, sábháilteacht agus slándáil, agus tuairimí an mhionaoisigh i gcomhréir le haois agus aibíocht an mhionaoisigh sin.

(16)

D’fhonn leas agus folláine ghinearálta an linbh a chosaint, agus chun an leanúnachas ó thaobh cúnaimh agus ionadaíochta de i dtaca le mionaoisigh neamhthionlactha a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit féachaint lena áirithiú, a mhéid is féidir, go mbeidh an duine nádúrtha céanna freagrach i gcónaí as mionaoiseach neamhthionlactha, lena n-áirítear le linn na nósanna imeachta tearmainn agus i ndiaidh cosaint idirnáisiúnta a dheonú.

(17)

Níor cheart leanbh lán-aoise a mheas mar chleithiúnaí, ar bhonn measúnú aonair, ach amháin in imthosca nach bhfuil an leanbh sin in ann é féin nó í féin a chothú de bharr riocht fisiceach nó meabhrach atá nasctha le breoiteacht thromchúiseach neamhshealadach nó míchumas trom.

(18)

Ní dhéantar difear le forálacha an Rialacháin seo maidir le haontacht an teaghlaigh do na luachanna ná prionsabail atá aitheanta ag na Ballstáit. I gcás pósadh polagamach, is faoi gach Ballstát atá sé cinneadh a dhéanamh i dtaobh an dteastaíonn uathu forálacha maidir le haontacht an teaghlaigh a chur i bhfeidhm maidir le teaghlaigh pholagamacha, lena n-áirítear maidir le leanaí mionaoiseacha céile bhreise agus tairbhí de chosaint idirnáisiúnta.

(19)

Ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le haontacht an teaghlaigh a bheith bunaithe i gcónaí ar fhíorchaidrimh theaghlaigh agus níor cheart a áireamh air sin póstaí éigeantais ná póstaí agus páirtnéireachtaí a dhéantar díreach chun go bhféadfadh an duine lena mbaineann teacht isteach go dtí an Ballstát nó cónaí ann, agus chun na críche sin amháin. Ionas nach ndéanfaí idirdhealú in aghaidh ball teaghlaigh ar bhonn na háite inar bunaíodh teaghlach, ba cheart teaghlaigh a bunaíodh lasmuigh den tír thionscnaimh, ach sular shroich siad críoch an Eorpaigh, a áireamh i gcoincheap an teaghlaigh freisin.

(20)

I gcás ina gcinnfidh Ballstát, chun críocha aontacht an teaghlaigh, go bhfuil leas mionaoisigh phósta ag tuismitheoirí an mhionaoisigh sin, níor cheart do chéile an mhionaoisigh sin aon chearta cónaithe a fháil ón bpósadh sin faoin Rialachán seo.

(21)

Tá an Rialachán seo gan dochar don Phrótacal Uimh. 24 maidir le tearmann le haghaidh náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(22)

Is gníomh dearbhaitheach é stádas dídeanaí a aithint.

(23)

D’fhéadfadh go dtabharfaí treoir luachmhar d’údaráis na mBallstát le comhairliúcháin le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh an dídeanaí é iarratasóir de réir bhrí Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Ginéive.

(24)

Agus scrúdú á dhéanamh acu i dtaobh an bhfuil eagla a bhfuil bunús maith léi ar iarratasóirí go ndéanfaí géarleanúint orthu nó go bhfuil siad i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt agus i dtaobh an ndéanann údaráis neamhstáit bhunaithe chobhsaí, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, Stát nó cuid shuntasach dá chríoch a rialú agus an dtugann siad cosaint, agus measúnú á dhéanamh acu i dtaobh an bhfuil rochtain ar chosaint ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach ag iarratasóirí i gcuid eile den tír thionscnaimh seachas a limistéar dúchais (‘rogha um chosaint inmheánach’), ba cheart don údarás cinntitheach a chur san áireamh, inter alia, faisnéis ghinearálta ábhartha agus moltaí arna n-eisiúint ag UNHCR.

(25)

Ba cheart caighdeáin a leagan síos maidir le stádas dídeanaí a shainmhíniú agus maidir lena bhfuil sa stádas sin chun comhlachtaí náisiúnta inniúla na mBallstát a threorú agus Coinbhinsiún na Ginéive á chur i bhfeidhm.

(26)

Is gá critéir choiteanna a thabhairt isteach chun iarratasóirí ar thearmann a aithint mar dhídeanaithe de réir bhrí Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Ginéive.

(27)

I gcás nach bhfuil fianaise dhoiciméadach ná fianaise eile ann le tacú le gné amháin ar leith nó níos mó de ráitis an iarratasóra, ba cheart sochar an amhrais a thabhairt don iarratasóir ar choinníoll go bhfuil iarracht dháiríre déanta ag an iarratasóir bunús a thabhairt leis an ngá atá le cosaint idirnáisiúnta, gur cuireadh isteach na heilimintí ábhartha uile atá ar fáil don iarratasóir agus gur tugadh míniú sásúil maidir leis an bhfáth a bhfuil aon eilimintí ábhartha eile in easnamh, go meastar go bhfuil ráitis na n-iarratasóirí comhleanúnach agus inchreidte agus gur suíodh creidiúnacht ghinearálta agus tráth a ndearna an t-iarratasóir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á chur san áireamh, agus, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna nach ndearnadh an t-iarratas tráth níos luaithe á gcur san áireamh.

(28)

Níor cheart don údarás cinntitheach a chinneadh nach bhfuil creidiúnacht ag an iarratasóir díreach toisc nár bhrath an t-iarratasóir ar a ghnéaschlaonadh dearbhaithe nó ar a gnéaschlaonadh dearbhaithe tráth ar tugadh an chéad deis dó nó di foras na géarleanúna a leagan amach, ach amháin má tá sé follasach nach bhfuil sé i gceist ag an iarratasóir ach moill a chur ar fhorghníomhú an chinnidh a mbeadh a fhilleadh nó a filleadh mar thoradh air nó go bhfuil sé nó sí ag iarraidh an cinneadh sin a chur ó rath.

(29)

Tuairimí daingne, creidimh nó luíonna an iarratasóra as a n-eascraíonn gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina mbunús le heagla a bhfuil bunús maith léi go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi nó go bhfuil sé nó sí i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt, ba cheart iad a chur san áireamh fiú i gcás ina ndearnadh iad a cheilt ina n-iomláine nó i bpáirt agus an t-iarratasóir sa tír thionscnaimh.

(30)

I gcás nach bhfuil an t-iarratasóir ar fáil le linn an nós imeachta de bharr imthosca nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, tá feidhm ag na forálacha ábhartha agus na coimircí ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE)2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(31)

Go háirithe, is gá coincheapa coiteanna a thabhairt isteach maidir le riachtanais chosanta a thagann chun cinn sur place, foinsí díobhála agus cosanta, cosaint inmheánach agus géarleanúint, lena n-áirítear cúiseanna na géarleanúna.

(32)

Maidir le Stát nó údaráis neamh-Stáit bhunaithe chobhsaí, lena n-airítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, a rialaíonn an Stát nó cuid shubstaintiúil de chríoch an Stáit agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, ar choinníoll go mbeidh siad toilteanach agus in ann cosaint a thabhairt, féadfaidh siad cosaint a thabhairt. Ba cheart an chosaint sin a bheith éifeachtach agus buan.

(33)

I gcás nach iad an Stát ná gníomhairí an Stáit na gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí, ba cheart don údarás cinntitheach scrúdú a dhéanamh, mar chuid den mheasúnú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, an ann do rogha um chosaint inmheánach a luaithe a shuífear go mbeadh feidhm ag na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hiarratasóir murach sin. Ba cheart rogha um chosaint inmheánach ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach a bheith ar fáil go héifeachtach d’iarratasóirí i gcuid den tír thionscnaimh ar féidir leo taisteal go sábháilte agus go dleathach chuici agus cead isteach a fháil inti agus ar féidir leo a bheith ag súil leis go réasúnta go lonnóidh siad inti. Ba cheart é a bheith ar an údarás cinntitheach a léiriú go bhfuil rogha um chosaint inmheánach ar fáil. I gcás ina léiríonn an t-údarás cinntitheach go bhfuil fáil ar rogha um chosaint inmheánach, ba cheart d’iarratasóirí a bheith i dteideal fianaise a thabhairt ar aird agus eilimintí atá ar fáil dóibh a chur isteach.

(34)

Agus breithniú á dhéanamh an féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go lonnóidh iarratasóirí i gcuid eile dá dtír thionscnaimh, ba cheart don údarás cinntitheach a chur san áireamh an mbeadh iarratasóirí in ann freastal ar a mbunriachtanais féin i dtaca le rochtain ar bhia, sláinteachas agus dídean i gcomhthéacs imthosca áitiúla ina dtír thionscnaimh.

(35)

I gcás inarb iad an Stát nó gníomhairí an Stáit na gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí, ba cheart a thoimhdiú nach bhfuil cosaint éifeachtach ar fáil don iarratasóir agus ní gá don údarás cinntitheach scrúdú a dhéanamh i dtaobh an ann do rogha um chosaint inmheánach. Níor cheart don údarás cinntitheach a bheith in ann scrúdú a dhéanamh i dtaobh an ann do rogha um chosaint inmheánach ach amháin i gcás ina bhfuil sé suite go soiléir go n-eascraíonn an baol géarleanúna nó díobhála tromchúisí as gníomhaí ar léir go bhfuil a chumhacht teoranta do limistéar sonrach geografach nó i gcás nach bhfuil smacht ag an Stát ach ar chodanna áirithe den tír thionscnaimh lena mbaineann.

(36)

Agus measúnú á dhéanamh ar iarratas sur place, d’fhéadfaí a thabhairt le fios, de bharr go bhfuil an baol géarleanúna nó díobhála tromchúisí bunaithe ar chúinsí nach ionann iad agus léiriú ar nó leanúint de thuairimí daingne nó luíonna a bhí ag duine agus é nó í sa tír thionscnaimh, gurb é an t-aon aidhm amháin nó an phríomhaidhm a bhí ag an iarratasóir na dálaí riachtanacha a chruthú chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta.

(37)

Ag brath ar na himthosca, d’fhéadfaí a áireamh ar ghníomhartha géarleanúna a bhaineann go sonrach le hinscne nó le leanaí, inter alia, earcaíocht faoi aois, ciorrú ball giniúna, pósadh éigeantais, gáinneáil ar leanaí agus saothar leanaí, agus teacht i dtír gnéasach.

(38)

D’fhéadfadh gníomhartha géarleanúna a bheith i bhfoirm ionchúiseamh nó pionós díréireach nó idirdhealaitheach. D’fhéadfadh an t-ionchúiseamh nó pionós díréireach nó idirdhealaitheach sin teacht chun cinn, inter alia, i gcásanna ina ndiúltaíonn iarratasóir seirbhís mhíleata a dhéanamh ar fhorais mhorálta, chreidimh nó pholaitiúla nó de bharr gur de ghrúpa eitneach faoi leith é nó í nó go bhfuil saoránacht faoi leith aige nó aici.

(39)

Ceann de na coinníollacha le haghaidh cáilitheacht do stádas dídeanaí de réir Airteagal 1(A) de Choinbhinsiún na Ginéive is ea nasc cúisíoch a bheith idir fáthanna na géarleanúna, mar atá cine, reiligiún nó creideamh, náisiúntacht, tuairim pholaitiúil nó ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe, agus na gníomhaíochtaí géarleanúna nó easpa cosanta in aghaidh gníomhaíochtaí den sórt sin.

(40)

Is gá freisin coincheap coiteann a thabhairt isteach maidir leis an bhforas géarleanúna ‘ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe’. Chun grúpa sóisialta áirithe a shainmhíniú, ba cheart aird a thabhairt ar shaincheisteanna a eascraíonn ó ghnéaschlaonadh nó inscne an iarratasóra, lena n-áirítear féiniúlacht inscne agus léiriú inscne, a d’fhéadfadh a bheith bainteach le traidisiúin dhlíthiúla áirithe agus le gnásanna áirithe, arb é is toradh orthu, mar shampla, ciorrú ball giniúna, aimridiú éigeantais nó ginmhilleadh éigeantais, a mhéid a bhaineann siad leis an eagla a bhfuil bunús maith léi atá ar an iarratasóir go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi. Ag brath ar na himthosca, d’fhéadfadh míchumas a bheith ina thréith chun grúpa sóisialta faoi leith a shainaithint.

(41)

De bharr imthosca na tíre tionscnaimh, lena n-áirítear mar shampla gur ann do dhlíthe coiriúla lena ndírítear go sonrach ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha agus go bhfuil na dlíthe sin á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go meastar na daoine sin mar ghrúpa sóisialta faoi leith.

(42)

Agus measúnú á dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát úsáid a bhaint as modhanna le measúnú a dhéanamh ar chreidiúnacht an iarratasóra ar bhealach lena léirítear urraim do chearta an iarratasóra mar atá ráthaithe sa Chairt agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, go háirithe an ceart chun dínit an duine agus urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh. Maidir le gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne go sonrach, níor cheart grinncheistiúchán ná tástálacha a dhéanamh ar iarratasóirí maidir lena gcleachtais ghnéis.

(43)

Tá cuspóirí agus prionsabail na Náisiún Aontaithe leagtha amach sa Bhrollach a ghabhann le Cairt na Náisiún Aontaithe agus in Airteagail 1 agus 2 de Chairt na Náisiún Aontaithe, agus tá siad corpraithe ina rúin maidir le bearta chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Dearbhaítear leis na rúin sin, inter alia, go bhfuil ‘gníomhartha, modhanna agus cleachtais sceimhlitheoireachta contrártha le cuspóirí agus prionsabail na Náisiún Aontaithe’ agus go bhfuil sé ‘contrártha freisin le cuspóirí agus le prionsabail na Náisiún Aontaithe gníomhartha sceimhlitheoireachta a mhaoiniú, a phleanáil agus a ghríosú go feasach’.

(44)

Chun forálacha an Rialacháin seo maidir le heisiamh ó chosaint idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann a thoimhdiú go bhfuil gníomh nó gníomhartha atá contrártha do na críocha agus do na prionsabail a leagtar amach in Airteagail 1 agus 2 de Chairt na Náisiún Aontaithe déanta ag iarratasóir, ní réamhriachtanas é a shuí gur ciontaíodh -iarratasóir den sórt sin i gceann de na cionta sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(45)

Chun forálacha an Rialacháin seo maidir le heisiamh ó chosaint idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm i dtaca le hiarratasóir de bharr go ndearna sé nó sí gníomhartha arb ionann iad agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta, mura bhfuil sé suite go ndearna an t-iarratasóir sin gníomh sceimhlitheoireachta mar a shainítear sna rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ná go ndearna an t-iarratasóir sin iarracht gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh ná gur bhagair an t-iarratasóir sin gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh, ní chuirtear bac leis sin ar údaráis na mBallstát iompar an iarratasóra a mheas mar iompar atá contrártha do chuspóirí agus prionsabail na Náisiún Aontaithe.

(46)

Chun measúnú aonair a dhéanamh ar na fíorais a d’fhéadfadh a bheith ina gcúiseanna tromchúiseacha lena mheas go bhfuil an t-iarratasóir ciontach i ngníomhartha atá contrártha do chuspóirí agus prionsabail na Náisiún Aontaithe, nó gur thionscain an t-iarratasóir gníomhartha den sórt sin nó go raibh an t-iarratasóir rannpháirteach i ngníomhartha den sórt sin, tá tábhacht ar leith leis an bhfíoras gur cúisíodh an t-iarratasóir i gcúirteanna Ballstáit as a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta, agus tá tábhacht ar leith chomh maith le cinneadh cúirte nó binse go raibh an t-iarratasóir mar bhall de cheannaireacht ghrúpa den sórt sin, agus níor cheart aon cheanglas a bheith ann chun a shuí gurb é nó í an t-iarratasóir a thionscain gníomh sceimhlitheoireachta nó a bhí rannpháirteach ann ar bhealach eile.

(47)

Ní foras é, i bprionsabal, coir pholaitiúil a bheith déanta ag duine le stádas dídeanaí a eisiamh uaidh nó uaithi. Maidir le gníomhaíochtaí an-chruálach, i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht atá i gceist díréireach leis an gcuspóir polaitiúil líomhnaithe, agus gníomhartha sceimhlitheoireachta a bhfuil foréigean mar shaintréith acu, fiú amháin má rinneadh iad chun cuspóir atá in ainm a bheith polaitiúil a bhaint amach, ba cheart iad sin a mheas, áfach, mar choireanna tromchúiseacha neamhpholaitiúla agus dá bhrí sin, is féidir stádas dídeanaí a eisiamh mar gheall orthu.

(48)

Ba cheart caighdeáin a leagan síos maidir le stádas cosanta coimhdí a shainmhíniú agus maidir lena bhfuil inti. Ba cheart cosaint choimhdeach a bheith comhlántach agus sa bhreis ar an gcosaint do dhídeanaithe a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Ginéive. Cé nach ionann na forais chosanta idir stádas dídeanaí agus stádas cosanta coimhdí, d’fhéadfadh gur mar a chéile a bheadh an gá leanúnach le cosaint ó thaobh fad tréimhse de. D’fhéadfadh nach mbeadh aon difear idir a bhfuil sa chosaint a thugtar le stádas dídeanaí nó le stádas cosanta coimhdí ach amháin i gcás ina bhforáiltear dó sin go sainráite sa Rialachán seo. Mar sin féin, leis an Rialachán seo cumasaítear do na Ballstáit na cearta céanna agus na sochair chéanna a dheonú faoin dá stádas.

(49)

Is gá critéir choiteanna a thabhairt isteach ar a mbonn a aithneofar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a bheith ina dtairbhithe de chosaint choimhdeach. Ba cheart na critéir sin a fháil ó oibleagáidí idirnáisiúnta faoi na hionstraimí agus na cleachtais atá ag na Ballstáit maidir le cearta an duine.

(50)

Chun measúnú a dhéanamh ar dhíobháil thromchúiseach a d’fhéadfadh iarratasóirí a cháiliú mar dhaoine atá incháilithe do chosaint choimhdeach, ba cheart a áireamh i nóisean an fhoréigin neamh-idirdhealaithigh foréigean a d’fhéadfadh cur isteach ar dhaoine gan beann ar a gcúinsí pearsanta.

(51)

Chun measúnú a dhéanamh ar dhíobháil thromchúiseach, ba cheart cásanna ina bhfuil fórsaí armtha tríú tír ag tabhairt faoi ghrúpa armtha amháin nó níos mó, nó ina bhfuil dhá ghrúpa armtha nó níos mó ag tabhairt faoina chéile, ba cheart a mheas gur coinbhleacht armtha inmheánach é. Níl sé riachtanach an choinbhleacht sin a aicmiú mar ‘choinbhleacht armtha nach de chineál idirnáisiúnta í’ faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta agus níl sé riachtanach ach oiread, i dteannta breithmheas ar an leibhéal foréigin atá sna críocha atá i gceist, measúnú ar leith a dhéanamh ar a dhéine atá na caismirtí armtha, leibhéal eagrúcháin na bhfórsaí armtha lena mbaineann nó fad na coinbhleachta.

(52)

Maidir leis an gcruthúnas is gá chun a shuí gur ann do bhagairt thromchúiseach agus bagairt aonair ar bheatha an tsibhialtaigh nó ar iomláine an tsibhialtaigh, níor cheart d’údaráis chinntitheacha a cheangal ar iarratasóirí fianaise a thabhairt ar aird go bhfuiltear ag díriú go sonrach orthusan mar gheall ar thosca a bhaineann lena gcúinsí pearsanta féin. Is ísle áfach, leibhéal an fhoréigin neamh-idirdhealaithigh atá ag teastáil chun bunús a thabhairt leis an iarratas más féidir le hiarratasóirí a léiriú go bhfuil siad go sonrach thíos leis mar gheall ar thosca a bhaineann lena gcúinsí pearsanta féin. Thairis sin, ba cheart don údarás cinntitheach a mheas go heisceachtúil gur ann do bhagairt thromchúiseach agus do bhagairt aonair i gcás ina n-ardaítear ar mhéid an fhoréigin neamh-idirdhealaithaigh a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha go leibhéal chomh hard sin gur ann d’fhorais shubstaintiúla lena chreidiúint, i gcás sibhialtach, dá gcuirfí ar ais chuig an tír thionscnaimh nó chuig an gcuid ábhartha den tír thionscnaimh iad, go mbeidís i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt toisc iad a bheith ann, agus san imthosca sin amháin.

(53)

Ag brath ar na himthosca, lena n-áirítear fad agus cuspóir an fhanachta, d’fhéadfadh sé go bhféadfadh taisteal chuig an tír thionscnaimh a bheith ina léiriú go bhfuil leas á bhaint arís ag tairbhithe de stádas dídeanaí as cosaint na tíre tionscnaimh nó go bhfuil siad tar éis cur fúthu arís ina dtír thionscnaimh, nó, i gcás tairbhithe de stádas cosanta coimhdí, nach ann a thuilleadh do na forais chun an stádas sin a dheonú.

(54)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1348, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag iarratasóirí ar leigheas éifeachtach os comhair cúirte nó binse in aghaidh cinntí ó údaráis chinntitheacha diúltú d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta toisc iad a bheith gan bhunús nó i gcoinne cinntí maidir le cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar. I ndáil leis sin, ba cheart na cúiseanna a thug ar údarás cinntitheach cinneadh a dhéanamh diúltú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar ó thairbhí a bheith faoi réir athbhreithniú críochnúil ag cúirt nó binse inniúil faoi chuimsiú aon chaingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh sin maidir le diúltú nó tarraingt siar.

(55)

Maidir leis na doiciméid taistil a eisítear do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta den chéad uair nó a athnuaitear tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart iad a bheith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle (12) nó leis na íoschaighdeáin chomhionanna atá ann maidir le gnéithe slándála agus bithmhéadrachta,

(56)

An cead cónaithe a eisítear do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta den chéad uair nó a athnuaitear tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart é a bheith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (13).

(57)

Le linn na tréimhse idir cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus cead cónaithe a eisiúint, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta ar na cearta uile a leagtar síos sa Rialachán seo, cé is moite de shaoirse gluaiseachta laistigh den Aontas agus d’eisiúint doiciméad taistil.

(58)

Is iondúil go mbíonn baill teaghlaigh, mar gheall ar an ngaol gar atá acu le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i mbaol gníomhartha géarleanúna nó díobhála tromchúisí a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le cosaint idirnáisiúnta a dheonú. Chun aontacht an teaghlaigh a chaomhnú, i gcás nach gcáilíonn baill teaghlaigh atá i láthair ar chríoch an Bhallstáit chéanna do chosaint idirnáisiúnta, ba cheart dóibh a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar chead cónaithe. Ba cheart na ceadanna cónaithe sin a dheonú, mura rud é go dtagann baill teaghlaigh faoi na forais eisiaimh nó mura n-éilítear amhlaidh ar shlí eile ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta nó leis an mbeartas poiblí. Ba cheart do bhaill teaghlaigh a bheith i dteideal na gceart a thugtar don tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a luaithe agus atá cosaint idirnáisiúnta deonaithe. Gan dochar d’fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann le haontacht an teaghlaigh a chaomhnú, i gcás ina dtagann an staid faoi raon feidhme Threoir 2003/86/CE ón gComhairle (14) agus inar comhlíonadh na coinníollacha maidir le haontacht an teaghlaigh a leagtar amach inti, ba cheart ceadanna cónaithe agus cearta cónaithe a dheonú do bhaill teaghlaigh an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta nach gcáilíonn ar bhonn aonair do chosaint den sórt sin i gcomhréir leis an Treoir sin. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm gan dochar do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(59)

Ba cheart doiciméid taistil a eisiúint do bhaill teaghlaigh tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta.

(60)

Agus measúnú á dhéanamh ar athrú cúinsí i dtríú tír, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a fhíorú, agus aird á tabhairt acu ar staid aonair tairbhí de chosaint idirnáisiúnta, go bhfuil céimeanna réasúnta glactha ag gníomhaí nó gníomhaithe na cosanta sa tír sin chun an ghéarleanúint nó díobháil thromchúiseach a chosc, agus, dá bhrí sin go bhfeidhmíonn siad, inter alia, córas éifeachtach dlí chun gníomhartha ar géarleanúint nó díobháil thromchúiseach iad a bhrath, a ionchúiseamh agus a phionósú agus go mbeidh rochtain ag an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta lena mbaineann ar chosaint den sórt sin má tharraingítear siar an stádas dídeanaí nó an stádas cosanta coimhdí.

(61)

Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh ar scoir na forais ar a raibh deonú cosanta idirnáisiúnta bunaithe de bheith ann, ba cheart don údarás cinntitheach na foinsí faisnéise agus treorach náisiúnta, Aontais agus idirnáisiúnta ábhartha uile atá ar fáil, lena n-áirítear moltaí arna n-eisiúint ag UNHCR, a chur san áireamh.

(62)

I gcás ina dtagann iarratasóir faoi raon feidhme Airteagal 1(D) de Choinbhinsiún na Ginéive maidir le soláthar cosanta nó cúnaimh ag orgáin nó ag gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe seachas Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, agus measúnú á dhéanamh i dtaobh ar scoir an chosaint nó an cúnamh sin de bheith ann ar chúiseanna nach bhfuil smacht ag an iarratasóir orthu, agus atá neamhspleách ar thoil an iarratasóra, ba cheart don údarás cinntitheach a fháil amach ar cuireadh iallach ar an iarratasóir limistéar oibríochtaí an orgáin nó na gníomhaireachta ábhartha a fhágáil, an raibh sábháilteacht an iarratasóra i mbaol tromchúiseach agus an raibh an t-orgán nó an ghníomhaireacht ábhartha in ann dálaí maireachtála an iarratasóra a áirithiú i gcomhréir lena shainordú nó lena sainordú.

(63)

I gcás ina scoireann an stádas dídeanaí nó an stádas cosanta coimhdí de bheith ann, ní chuireann an cinneadh ó údarás cinntitheach Ballstáit an stádas a tharraingt siar cosc ar an náisiúnach tríú tír nó ar an duine gan stát lena mbaineann iarratas a dhéanamh ar chead cónaí ar fhorais eile seachas na forais ba bhunús le cosaint idirnáisiúnta a dheonú nó leanúint de bheith ag fanacht go dlíthiúil ar chríoch an Bhallstáit sin ar fhorais eile, go háirithe nuair atá cead cónaithe fadtéarmach bailí de chuid an Aontais i seilbh an té sin, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta.

(64)

Níor cheart éifeacht chúlghabhálach a bheith ag cinneadh deireadh a chur le cosaint idirnáisiúnta. Ba cheart éifeacht chúlghabhálach a bheith ag cinneadh cosaint idirnáisiúnta a chúlghairm. I gcás ina bhfuil cinneadh bunaithe ar fhoras scoir, níor cheart éifeacht chúlghabhálach a bheith ag gabháil leis. I gcás ina gcúlghairfear stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí ar an mbonn nár cheart riamh é a dheonú, d’fhéadfaí cearta faighte a choinneáil nó a chailleadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(65)

Ba cheart do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta cónaí sa Bhallstát a dheonaigh cosaint dóibh. Na tairbhithe sin de chosaint idirnáisiúnta a bhfuil doiciméad taistil bailí agus cead cónaithe acu a d’eisigh Ballstát a bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ina iomláine aige, ba cheart a cheadú dóibh dul isteach agus gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát a bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ina iomláine acu, laistigh den tréimhse údaraithe fanachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus le hAirteagal 21 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme (17). Is féidir le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta iarratas a dhéanamh chun fanacht i mBallstát eile nach é an Ballstát a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh, i gcomhréir leis na rialacha ábhartha de chuid an Aontais agus rialacha ábhartha náisiúnta. Mar sin féin, ní hionann sin agus a rá go n-aistreofar an stádas dídeanaí nó an stádas cosanta coimhdí agus cearta gaolmhara.

(66)

Chun a áirithiú go n-urramaíonn tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta an tréimhse údaraithe fanachta nó cónaithe i gcomhréir leis an dlí ábhartha náisiúnta, an dlí ábhartha de chuid an Aontais nó an dlí ábhartha idirnáisiúnta, ba cheart Treoir 2003/109/CE ón gComhairle (18) a leasú lena fhoráil gur cheart, i bprionsabal, tús a chur in athuair leis an tréimhse 5 bliana a mbeidh tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta i dteideal stádas mar chónaitheoir fadtéarmach an Aontais ina dhiaidh gach uair a aimseofar tairbhí de chosaint idirnáisiúnta i mBallstát, seachas an Ballstát a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta don tairbhí sin de chosaint idirnáisiúnta, gan ceart a bheith ag an tairbhí sin fanacht nó cónaí ann.

(67)

Bíonn lánrogha áirithe i gcónaí ag údaráis na mBallstát maidir le beartas poiblí agus slándáil náisiúnta, agus ba cheart í a léirmhíniú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta. Faoi réir measúnú aonair ar na fíorais shonracha, is féidir a chumhdach le cúrsaí beartais phoiblí agus slándála náisiúnta cásanna ina bhfuil náisiúnach tríú tír ina bhall nó ina ball de chomhlachas a thacaíonn le sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta nó ina dtacaíonn sé nó sí le comhlachas den sórt sin. Agus measúnú á dhéanamh acu an gcuireann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát slándáil náisiúnta Ballstáit i mbaol, tá údaráis an Bhallstáit i dteideal, inter alia, faisnéis a fhaightear ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha a chur san áireamh.

(68)

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le teidlíocht ar na sochair dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart d’údarás inniúil aird chuí a thabhairt ar leas an linbh agus ar na cúinsí ar leith a bhaineann leis an spleáchas ar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta de chuid garghaolta atá i láthair cheana féin sa Bhallstát lena mbaineann agus nach baill teaghlaigh iad. I gcúinsí eisceachtúla, i gcás ina bhfuil garghaol de chuid tairbhí de chosaint idirnáisiúnta ina mhionaoiseach pósta nó ina mionaoiseach pósta ach nach bhfuil a chéile nó a céile á thionlacan nó á tionlacan, d’fhéadfaí a mheas gurbh é leas an mhionaoisigh a bheith lena theaghlach bunaidh nó lena teaghlach bunaidh.

(69)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann srian a chur ar an rochtain sin ar ghníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe i ndáil le poist a bhaineann le húdarás poiblí a fheidhmiú, agus freagracht as leas ginearálta an Stáit nó údarás poiblí eile a chosaint. I gcomhthéacs fheidhmiú a gcirt chun cóir chomhionann a fháil maidir le ballraíocht in eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe nó atá i mbun gairm shonrach, ba cheart é a bheith indéanta tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a eisiamh ó pháirt a ghlacadh i mbainistiú comhlachtaí atá rialaithe ag an dlí poiblí agus ó bheith i seilbh oifig atá rialaithe ag an dlí poiblí.

(70)

Ba cheart sochair chóiríochta a bheith ina bpríomhshochar sa mhéid is gur féidir iad a mheas mar chúnamh sóisialta.

(71)

Chun feabhas a chur ar fheidhmiú éifeachtach na gceart agus na sochar a leagtar síos sa Rialachán seo ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, is gá a chur san áireamh na riachtanais shonracha atá acu agus na dúshláin lánpháirtíochta ar leith a bhíonn rompu agus a rochtain a éascú ar chearta a bhaineann le lánpháirtiú go háirithe maidir le deiseanna oideachais a bhaineann le fostaíocht, gairmoiliúint agus rochtain ar nósanna imeachta aitheantais le haghaidh dioplómaí agus teastais agus fianaise eile ón iasacht de cháilíochtaí foirmiúla, go háirithe in imthosca ina bhfuil easpa fianaise dhoiciméadach agus nach bhfuil ar a gcumas na costais a bhaineann leis na nósanna imeachta aitheantais a sheasamh.

(72)

Ba cheart an chóir a chuirtear ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a bheith comhionann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh maidir le slándáil shóisialta.

(73)

Ba cheart rochtain ar chúram sláinte, lena n-áirítear cúram sláinte fisiceach agus meabhrach agus cúram sláinte gnéis agus atáirgthe, a áirithiú do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll go n-áirithítear freisin í do náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh.

(74)

Chun lánpháirtiú tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta sa tsochaí a éascú, ba cheart rochtain a bheith acu ar bhearta lánpháirtíochta, ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta, faoi choinníollacha a shocróidh na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar rochtain a choimeád ar chúrsaí teanga do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta i gcás ina raibh rochtain acu ar chúrsaí teanga agus iad ina n-iarratasóirí.

(75)

Le faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ní mór meastóireacht a dhéanamh air go tráthrialta.

(76)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin a leagan síos i dtaca leis na Ballstáit a bheith ag deonú cosaint idirnáisiúnta do náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan Stát, i dtaca le stádas aonfhoirmeach le haghaidh dídeanaithe nó daoine atá incháilithe do chosaint choimhdeach, agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(77)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(78)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo caighdeáin i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a)

cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta;

(b)

stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach;

(c)

a bhfuil sa chosaint idirnáisiúnta a dheonaítear.

Airteagal 2

Raon feidhme ábhartha

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta agus maidir lena bhfuil sa chosaint idirnáisiúnta a dheonaítear.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le stádais dhaonnúla náisiúnta eile a dheonaíonn Ballstáit do náisiúnaigh tríú tír agus do dhaoine gan stát nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. I gcás ina ndeonófar stádais dhaonnúla náisiúnta, ní bheidh baol ann go gcuirfear mearbhall orthu maidir le cosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘stádas dídeanaí’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bheith aitheanta ag Ballstát mar dhídeanaí;

(2)

ciallaíonn ‘stádas cosanta coimhdí’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bheith aitheanta ag Ballstát mar dhuine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach;

(3)

ciallaíonn ‘cosaint idirnáisiúnta’ stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí;

(4)

ciallaíonn ‘tairbhí de chosaint idirnáisiúnta’ duine dar deonaíodh stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí;

(5)

ciallaíonn ‘dídeanaí’ náisiúnach tríú tír atá lasmuigh de thír a náisiúntachta de bharr eagla a bhfuil bunús maith léi go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi mar gheall ar chine, ar reiligiún, ar náisiúntacht, ar thuairim pholaitiúil nó ar bhallraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe agus nach bhfuil in ann nó, de bharr na heagla sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin, nó duine gan stát atá lasmuigh den tír ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo, ar na cúiseanna sin a luaitear thuas agus nach bhfuil in ann nó, de bharr na heagla sin, nach bhfuil toilteanach, filleadh ar an tír sin, i gcás inar duine é nó í nach bhfuil feidhm ag Airteagal 12 maidir leis nó léi;

(6)

ciallaíonn ‘duine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát nach gcáilíonn mar dhídeanaí ach ar taispeánadh ina leith go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena chreidiúint go mbeadh fíorbhaol ann, dá bhfillfeadh an duine sin ar a thír thionscnaimh nó ar a tír thionscnaimh, nó, i gcás duine gan stát, dá bhfillfeadh sé nó sí ar an tír ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo, go mbeadh sé nó sí i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt mar a shainmhínítear in Airteagal 15 í, agus ar duine é nó í nach bhfuil feidhm ag Airteagal 17(1) agus Airteagal 18(2) maidir leis nó léi, agus nach bhfuil in ann nó, de bharr an bhaoil sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin;

(7)

ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ iarraidh ó náisiúnach tríú tír nó ó dhuine gan stát ar chosaint Ballstáit, ar duine é nó í is féidir a thuiscint mar dhuine atá ag iarraidh stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí;

(8)

ciallaíonn ‘iarratasóir’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige nó aici agus nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta maidir leis an iarratas sin go fóill;

(9)

ciallaíonn ‘baill teaghlaigh’, a mhéid gurbh ann cheana don teaghlach sular bhain an t-iarratasóir críoch na mBallstát amach, na baill seo a leanas de theaghlach an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta atá i láthair ar chríoch an Bhallstáit chéanna i dtaca leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta:

(a)

céile an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta nó páirtnéir neamhphósta an tairbhí a bhfuil caidreamh seasmhach eatarthu, i gcás ina ndéileáiltear de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta ar bhealach is coibhéiseach leis an mbealach a dhéileáiltear le lánúineacha pósta;

(b)

leanaí mionaoiseacha nó leanaí cleithiúnacha lán-aoise na lánúineacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó leanaí mionaoiseacha an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll nach bhfuil siad pósta, is cuma cé acu a rugadh nó nár rugadh iad de phósadh nó is cuma cé acu a uchtaíodh nó nár uchtaíodh iad mar a fhoráiltear dó faoin dlí náisiúnta; meastar mionaoiseach a bheith neamhphósta ar choinníoll, ar bhonn measúnú aonair, nach mbeadh pósadh an mhionaoisigh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha dá mba rud é go ndearnadh conradh air sa Bhallstát lena mbaineann, ag féachaint, go háirithe, d’aois dhlíthiúil an phósta;

(c)

i gcás inar mionaoiseach tairbhí de chosaint idirnáisiúnta agus nach bhfuil sé nó sí pósta, an t-athair, an mháthair nó duine fásta eile atá freagrach as an tairbhí sin, lena n-áirítear siblín lán-aoise, cé acu de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann; meastar mionaoiseach a bheith neamhphósta ar choinníoll, ar bhonn measúnú aonair, nach mbeadh pósadh an mhionaoisigh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha dá mba rud é go ndearnadh conradh air sa Bhallstát lena mbaineann, ag féachaint, go háirithe, d’aois dhlíthiúil an phósta;

(10)

ciallaíonn ‘mionaoiseach’ náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhun 18 mbliana d’aois;

(11)

ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ mionaoiseach a bhaineann críoch na mBallstát amach gan tionlacan duine fásta atá freagrach as nó aisti de réir dhlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, agus fad nach dtógtar an mionaoiseach sin go héifeachtach faoi chúram an duine fhásta sin, lena n-áirítear mionaoiseach a fhágtar gan tionlacan tar éis dó nó di dul isteach i gcríoch na mBallstát.

(12)

ciallaíonn ‘cead cónaithe’ údarú arna eisiúint ag údaráis Bhallstáit, i bhformáid aonfhoirmeach mar a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, lena gceadaítear do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát cónaí go dleathach ar a chríoch;

(13)

ciallaíonn ‘tír thionscnaimh’ an tír nó na tíortha náisiúntachta nó, i gcás daoine gan stát, an tír nó na tíortha ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe seo;

(14)

ciallaíonn ‘cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar’ an cinneadh ó údarás cinntitheach nó ó Chúirt nó Binse inniúil an chosaint idirnáisiúnta a chúlghairm nó deireadh a chur léi, lena n-áirítear trí dhiúltú cosaint idirnáisiúnta a athnuachan;

(15)

ciallaíonn ‘údarás cinntitheach’ comhlacht garbhreithiúnach nó riaracháin i mBallstát ar comhlacht é atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus atá inniúil chun cinntí a dhéanamh ag an gcéim riaracháin den nós imeachta;

(16)

ciallaíonn ‘slándáil shóisialta’ na brainsí den tslándáil shóisialta a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(17)

ciallaíonn ‘cúnamh sóisialta’ sochair a dheonaítear chun a áirithiú go bhfreastalaítear ar riachtanais bhunúsacha na ndaoine sin nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu;

(18)

ciallaíonn ‘caomhnóir’ duine nádúrtha nó eagraíocht, lena n-áirítear comhlacht poiblí atá ainmnithe ag na húdaráis inniúla chun cúnamh a thabhairt do mhionaoiseach neamhthionlactha, chun ionadaíocht a dhéanamh dó nó di agus chun gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, de réir mar is infheidhme, chun a áirithiú gur féidir leis an mionaoiseach neamhthionlactha leas a bhaint as na cearta agus na hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, agus leasanna agus folláine ghinearálta an mhionaoisigh á gcoimirciú.

CAIBIDIL II

MEASÚNÚ AR IARRATAIS AR CHOSAINT IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 4

Faisnéis a chur isteach agus measúnú a dhéanamh ar fhíorais agus ar chúinsí

1.   Cuirfidh iarratasóirí isteach na heilimintí uile atá ar fáil dóibh lena léirítear go bhfuil bunús leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Chun na críche sin, comhoibreoidh iarratasóirí go hiomlán leis an údarás cinntitheach agus le húdaráis inniúla eile agus leanfaidh siad de bheith i láthair agus ar fáil ar chríoch an Bhallstáit atá freagrach as a n-iarratas a scrúdú le linn an nós imeachta, lena n-áirítear le linn an mheasúnaithe ar eilimintí ábhartha an iarratais.

2.   Beidh an méid seo a leanas sna heilimintí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ráitis an iarratasóra; agus

(b)

na doiciméid uile atá ar fáil don iarratasóir maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

na cúiseanna atá ag an iarratasóir le hiarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta;

(ii)

aois an iarratasóra;

(iii)

cúlra an iarratasóra, lena n-áirítear cúlra ball teaghlaigh ábhartha agus gaolta eile;

(iv)

céannacht an iarratasóra;

(v)

náisiúntacht nó náisiúntachtaí an iarratasóra;

(vi)

tír nó tíortha agus áit chónaithe nó áiteanna cónaithe an iarratasóra roimhe seo;

(vii)

iarratais ón iarratasóir roimhe seo ar chosaint idirnáisiúnta;

(viii)

torthaí aon nós imeachta athlonnaithe nó aon nós imeachta um ligean isteach daonnúil a bhaineann leis an iarratasóir mar a shainmhínítear i Rialachán (AE)2024/1350;

(ix)

bealaí taistil an iarratasóra; agus

(x)

doiciméid taistil an iarratasóra.

3.   Déanfaidh an t-údarás cinntitheach measúnú ar na heilimintí ábhartha d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2024/1348.

4.   Ós rud é go ndearnadh géarleanúint nó díobháil thromchúiseach ar an iarrthóir, nó go ndearnadh bagairtí díreacha air nó uirthi i dtaobh na géarleanúna sin nó na díobhála tromchúisí sin, measfar gur mórtáscaire é sin ar an eagla a bhfuil bunús maith léi atá ar an iarratasóir sin go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi nó go bhfuil sé nó sí i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt, ach amháin má tá fáthanna maithe ann lena mheas nach ndéanfar an ghéarleanúint nó an díobháil thromchúiseach sin arís.

5.   I gcás nach bhfuil fianaise dhoiciméadach ná fianaise eile ann le tacú le gné amháin ar leith nó níos mó de ráitis an iarratasóra, ní éileofar aon fhianaise bhreise maidir leis na gnéithe ar leith sin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá iarracht dháiríre déanta ag an iarratasóir bunús a thabhairt lena iarratas nó lena hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

(b)

cuireadh isteach na heilimintí ábhartha uile atá ar fáil don iarratasóir agus tugadh míniú sásúil ar an bhfáth a bhfuil aon eilimintí ábhartha eile in easnamh;

(c)

meastar go bhfuil ráitis an iarratasóra comhleanúnach agus inchreidte agus nach bhfuil siad ag teacht salach ar an bhfaisnéis shonrach agus ghinearálta atá ar fáil faoi chás an iarratasóra;

(d)

tá creidiúnacht ghinearálta an iarratasóra suite, agus, inter alia, an t-am a chuir an t-iarratasóir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta isteach á chur san áireamh.

Airteagal 5

Riachtanais chosanta idirnáisiúnta a thagann chun cinn sur place

1.   Eagla a bhfuil bunús maith léi roimh ghéarleanúint nó roimh fhíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt, d’fhéadfadh siad a bheith bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

imeachtaí a tharla ó d’fhág an t-iarratasóir an tír thionscnaimh; nó

(b)

gníomhaíochtaí a raibh an t-iarratasóir páirteach iontu ó d’fhág an t-iarratasóir an tír thionscnaimh, go háirithe i gcás ina suitear, maidir leis na gníomhaíochtaí ar a bhfuiltear ag brath, gurb ionann iad agus léiriú agus leanúint de thuairimí daingne, de chreidimh nó de luíonna a bhí i gceist leis an duine sin sa tír thionscnaimh.

2.   I gcás ina bhfuil an baol géarleanúna nó díobhála tromchúisí bunaithe ar chúinsí a chruthaigh an t-iarratasóir ó d’fhág sé nó sí an tír thionscnaimh agus a bhí ag an iarratasóir riachtanacha a chruthú chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta inarb é an t-aon chuspóir amháin nó an príomhchuspóir na dálaí riachtanacha a chruthú chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, féadfaidh an t-údarás cinntitheach diúltú cosaint idirnáisiúnta a dheonú, ar choinníoll go n-urramaíonn aon chinneadh a dhéantar maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh ag Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’), an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) agus an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí

Is féidir an méid seo a leanas bheith ina ghníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí:

(a)

an Stát;

(b)

páirtithe nó eagraíochtaí a rialaíonn an Stát nó a rialaíonn cuid shubstaintiúil de chríoch an Stáit;

(c)

gníomhaithe neamh-Stáit, más féidir a léiriú nach bhfuil na gníomhaithe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) in ann nó nach bhfuil siad toilteanach cosaint a thabhairt ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach.

Airteagal 7

Gníomhaithe cosanta

1.   Ní féidir ach leis na gníomhaithe seo a leanas cosaint a thabhairt ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach, ar choinníoll go bhfuil siad in ann agus toilteanach cosaint éifeachtach agus neamhshealadach a thabhairt i gcomhréir le mír 2:

(a)

an Stát;

(b)

údaráis neamh-Stáit bhunaithe chobhsaí, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, a rialaíonn an Stát nó a rialaíonn cuid shubstaintiúil de chríoch an Stáit.

2.   Is éifeachtach agus de chineál neamhshealadach a bheidh an chosaint ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach. Measfar gur tugadh an chosaint sin i gcás ina ndéanann na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1 bearta réasúnta chun an ghéarleanúint nó fulaingt díobhála tromchúisí a chosc trí bhíthin, inter alia, córas dlí éifeachtach a fheidhmiú chun gníomhartha ar gníomhartha géarleanúna nó díobhála tromchúisí iad a bhrath, a ionchúiseamh agus a phionósú, agus i gcás ina bhfuil rochtain ag an iarratasóir ar an gcosaint sin.

3.   Le linn dóibh measúnú a dhéanamh i dtaobh an rialaíonn údaráis neamh-Stáit bhunaithe chobhsaí, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, Stát nó cuid shubstaintiúil de chríoch an Stáit agus i dtaobh an dtugann siad cosaint de réir bhrí mhír 2, cuirfidh an t-údarás cinntitheach san áireamh faisnéis chruinn atá cothrom le dáta faoi thíortha tionscnaimh arna fáil ó fhoinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus foinsí de chuid an Aontais atá ábhartha agus ar fáil agus, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an anailís choiteann ar an staid i dtíortha tionscnaimh ar leith agus na nótaí treorach dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2303.

Airteagal 8

Rogha um chosaint inmheánach

1.   I gcás nach iad an Stát ná gníomhairí an Stáit na gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí, déanfaidh an t-údarás cinntitheach, mar chuid den mheasúnú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, scrúdú i dtaobh nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth ar iarratasóir toisc gur féidir leis an iarratasóir taisteal go sábháilte agus go dleathach chuig cuid den tír thionscnaimh, cead isteach sa chuid sin den tír a fháil agus gur féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go lonnóidh sé nó sí ansin agus, sa chuid sin den tír, an bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith an iarratasóra:

(a)

nach bhfuil aon eagla a bhfuil bunús maith léi air nó uirthi go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi agus nach bhfuil sé nó sí i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt; nó

(b)

go bhfuil rochtain aige nó aici ar chosaint éifeachtach agus neamhshealadach ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach.

2.   I gcás inarb iad an Stát nó gníomhairí an Stáit na gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí, déanfaidh an t-údarás cinntitheach a thoimhdiú nach bhfuil cosaint éifeachtach ar fáil don iarratasóir agus níl gá le scrúdú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.

Ní fhéadfaidh an t-údarás cinntitheach scrúdú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ach amháin i gcás ina suitear go soiléir go n-eascraíonn an baol géarleanúna nó díobhála tromchúisí as gníomhaí a bhfuil a chumhacht nó a cumhacht teoranta go soiléir do limistéar geografach ar leith nó i gcás nach bhfuil smacht ag an Stát féin ach ar chodanna áirithe den tír.

3.   Déanfaidh an t-údarás cinntitheach scrúdú dá dtagraítear i mír 1 a luaithe a shuífidh sé go mbeadh feidhm ag na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hiarratasóir murach sin. Is ar an údarás cinntitheach a thitfidh an t-ualach a bhaineann lena léiriú go bhfuil rogha um chosaint inmheánach ar fáil don iarratasóir. Beidh an t-iarratasóir i dteideal fianaise a chur i láthair agus aon eilimint a chur isteach lena léirítear nach bhfuil an rogha sin ar fail dó nó di. Cuirfidh an t-údarás cinntitheach san áireamh an fhianaise agus na heilimintí arna dtíolacadh ag an iarratasóir.

4.   Agus scrúdú á dhéanamh i dtaobh an bhfuil eagla a bhfuil bunús maith léi ar iarratasóir go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi, nó go bhfuil sé nó sí i bhfíorbhaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt, nó an bhfuil cosaint ag an iarratasóir ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach i gcuid den tír thionscnaimh lena mbaineann i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh an t-údarás cinntitheach, tráth a dhéanfaidh siad cinneadh maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, aird ar na cúinsí ginearálta atá i réim sa chuid sin den tír agus ar chúinsí pearsanta an iarratasóra a leagtar amach in Airteagal 4. Chuige sin, cuirfidh an t-údarás cinntitheach san áireamh faisnéis atá cruinn agus cothrom le dáta arna fáil ó fhoinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus foinsí de chuid an Aontais atá ábhartha agus ar fáil agus, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an anailís choiteann ar an staid i dtíortha tionscnaimh ar leith agus na nótaí treorach dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2303.

5.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh an t-údarás cinntitheach an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

na cúinsí ginearálta atá i réim sa chuid ábhartha den tír thionscnaimh, lena n-áirítear inrochtaineacht, éifeachtacht agus marthanacht na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b)

cúinsí pearsanta an iarratasóra i dtaca le tosca amhail sláinte, aois, inscne, lena n-áirítear féiniúlacht inscne, gnéaschlaonadh, bunadh eitneach agus ballraíocht de mhionlach náisiúnta; agus

(c)

an mbeadh an t-iarratasóir in ann freastal ar a bhunriachtanais nó a bunriachtanais féin.

6.   I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir, cuirfidh an t-údarás cinntitheach san áireamh leas an mhionaoisigh agus, go háirithe, infhaighteacht aire agus socruithe coinneála atá inbhuanaithe agus iomchuí.

CAIBIDIL III

CÁILITHEACHT MAR DHÍDEANAÍ

Airteagal 9

Gníomhartha géarleanúna

1.   Measfar go bhfuil gníomh ina ghníomh géarleanúna de réir bhrí Airteagal 1(A) de Choinbhinsiún na Ginéive, i gcás:

(a)

ina bhfuil sé tromchúiseach go leor de bharr a chineáil nó de bharr a athdhéanta le bheith ina shárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine, go háirithe na cearta sin nach féidir maolú a dhéanamh orthu faoi Airteagal 15(2) de Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; nó

(b)

inarb é atá ann bearta éagsúla arna gcarnadh, lena n-áirítear sáruithe ar chearta an duine, atá tromchúiseach go leor chun difear a dhéanamh do dhuine aonair ar bhealach atá cosúil le gníomh dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Féadfar gníomhartha géarleanúna, mar a cháilítear i mír 1 iad, inter alia, a bheith i bhfoirm an mhéid seo a leanas:

(a)

gníomhartha foréigin fhisicigh nó mheabhrach, lena n-áirítear gníomhartha foréigin ghnéasaigh;

(b)

bearta dlíthiúla, riaracháin, póilíneachta nó breithiúnacha atá idirdhealaitheach iontu féin nó a chuirtear chun feidhme ar bhealach idirdhealaitheach;

(c)

ionchúiseamh nó pionós atá díréireach nó idirdhealaitheach;

(d)

séanadh sásaimh bhreithiúnaigh arb é is toradh air pionós atá díréireach nó idirdhealaitheach;

(e)

ionchúiseamh nó pionós i leith diúltú seirbhís mhíleata a dhéanamh le linn coinbhleachta, i gcás ina mbeadh coireanna nó gníomhartha atá faoi raon feidhme an fhorais le heisiamh mar a leagtar amach in Airteagal 12(2) é ina gcuid den tseirbhís mhíleata sin;

(f)

gníomhartha a bhaineann go sonrach le hinscne nó le leanaí.

3.   Chun go gcomhlíonfaidh iarratasóir an sainmhíniú ar ‘dídeanaí’ mar a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (5), beidh nasc ann idir na cúiseanna le géarleanúint dá dtagraítear in Airteagal 10 agus na gníomhartha géarleanúna a cháilítear i mír 1 den Airteagal seo nó an easpa cosanta ar na gníomhartha sin.

Airteagal 10

Cúiseanna le géarleanúint

1.   Agus measúnú á dhéanamh ar na cúiseanna le géarleanúint, cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh:

(a)

áireofar le coincheap an chine na tosca maidir le, go háirithe, dath, ginealach, nó ballraíocht i ngrúpa eitneach ar leith;

(b)

áireofar le coincheap an reiligiún, go háirithe, creideamh diachúil, creideamh neamhdhiachúil nó creideamh aindiach a bheith ag duine, rannpháirtíocht i ngníomhartha adhartha go príobháideach nó go poiblí, ina aonar nó ina haonar nó in éineacht le daoine eile, nó staonadh ó rannpháirtíocht i ngníomhartha den sórt sin, gníomhartha reiligiúnacha eile nó léirithe eile ar thuairimí reiligiúnacha, nó foirmeacha iompair phearsanta nó phobail atá bunaithe ar aon chreideamh reiligiúnach nó a shainordaíonn aon chreideamh reiligiúnach;

(c)

ní bheidh coincheap na náisiúntachta teoranta don tsaoránacht ná d’easpa na saoránachta, ach áireofar leis, go háirithe, ballraíocht i ngrúpa a shainítear de réir a fhéiniúlachta cultúrtha, eitní nó teanga, de réir a bhunúis choitinn gheografaigh nó pholaitiúil, nó de réir a chaidreamh le pobal Stáit eile;

(d)

áireofar le coincheap na ballraíochta i ngrúpa sóisialta áirithe, go háirithe, ballraíocht sna grúpaí seo a leanas:

(i)

grúpa a bhfuil ag a chuid ball, nó a mbraitear go bhfuil ag a chuid ball, saintréith dhúchasach nó cúlra coiteann nach féidir a athrú, nó saintréith nó creideamh atá chomh bunúsach sin dá bhféiniúlacht nó dá gcoinsias nár cheart iallach a chur ar dhuine an tsaintréith nó an creideamh sin a thréigean; agus

(ii)

grúpa ag a bhfuil féiniúlacht ar leithligh sa tír ábhartha, toisc go mbraitear go bhfuil sé éagsúil leis an mórshochaí;

(e)

áireofar le coincheap na tuairime polaitiúla, go háirithe, tuairim, smaoineamh nó creideamh a bheith ag duine maidir le hábhar a bhaineann leis na gníomhaithe féideartha géarleanúna a luaitear in Airteagal 6 agus maidir lena gcuid beartas nó modhanna, is cuma cé acu a rinne nó nach ndearna an t-iarratasóir gníomh i leith na tuairime, an smaoinimh nó an chreidimh sin.

Ag brath ar na himthosca sa tír thionscnaimh, áireofar ar choincheap na ballraíochta i ngrúpa sóisialta ar leith dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír ballraíocht i ngrúpa bunaithe ar shaintréith choiteann gnéaschlaonta. Tabharfar aird chuí ar ghnéithe a bhaineann le hinscne, lena n-áirítear féiniúlacht inscne agus léiriú inscne, chun ballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe a chinneadh nó chun saintréith an ghrúpa sin a shainaithint.

2.   Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil eagla a bhfuil bunús maith léi ar iarratasóir go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi, is cuma an bhfuil ag an iarratasóir i ndáiríre an tsaintréith chiníoch, reiligiúnach, náisiúnta, shóisialta nó pholaitiúil is fáth na géarleanúna í, ar choinníoll go gcuireann an gníomhaí géarleanúna an tsaintréith sin i leith an iarratasóra.

3.   Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil eagla a bhfuil bunús maith léi ar iarratasóir go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi, ní fhéadann an t-údarás cinntitheach a bheith ag súil go réasúnta leis go n-oiriúnóidh nó go n-athróidh iarratasóir a iompraíocht nó a hiompraíocht, a thuairimí daingne nó a tuairimí daingne nó a fhéiniúlacht nó a féiniúlacht, ná go staonfaidh sé nó sí ó chleachtais áirithe, i gcás inar cuid dhílis dá fhéiniúlacht nó dá féiniúlacht iad an iompraíocht, na tuairimí daingne nó an fhéiniúlacht sin, chun an baol géarleanúna a sheachaint ina thír thionscnaimh nó ina tír thionscnaimh.

Airteagal 11

Scor

1.   Scoirfidh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát de bheith ina dhídeanaí nó ina dídeanaí i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

tá leas bainte arís go deonach ag an náisiúnach tríú tír as cosaint na tíre náisiúntachta;

(b)

tar éis don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát sin a náisiúntacht a chailliúint, tá sí faighte ar ais go deonach ag an duine;

(c)

tá náisiúntacht nua faighte ag an náisiúnach tríú tír nó ag an duine gan stát agus tá cosaint thír a náisiúntachta nua aige nó aici;

(d)

tá an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát tar éis cur faoi nó fúithi go deonach sa tír a d’fhág sé nó sí nó sa tír ar fhan sé nó sí lasmuigh di mar gheall ar eagla go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi;

(e)

ní féidir leis an náisiúnach tríú tír, toisc go bhfuil deireadh leis na cúinsí inar aithníodh é nó í mar dhídeanaí, leanúint a thuilleadh de dhiúltú leas a bhaint as cosaint thír a náisiúntachta;

(f)

tá an duine gan stá, in ann, toisc go bhfuil deireadh leis na cúinsí inar aithníodh é nó í mar dhídeanaí, filleadh ar an tír ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo.

Ní bheidh feidhm ag pointí (e) ná (f) den chéad fhomhír maidir le dídeanaí atá in ann fáthanna doshéanta a thabhairt de thoradh géarleanúint a rinneadh air nó uirthi roimhe seo lena dhiúltú nó lena diúltú leas a bhaint as cosaint thír a náisiúntachta nó, i gcás duine gan stát, ní bheidh feidhm acu maidir le duine atá in ann fáthanna doshéanta a thabhairt de thoradh géarleanúint a rinneadh air nó uirthi roimhe seo lena dhiúltú nó lena diúltú leas a bhaint as cosaint na tíre ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo.

2.   Chun measúnú a dhéanamh an mbeidh feidhm ag pointe (e) agus ag pointe (f) de mhír 1, an chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás cinntitheach an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé san áireamh faisnéis atá cruinn agus cothrom le dáta arna fáil ó fhoinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus foinsí de chuid an Aontais atá ábhartha agus ar fáil agus, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an anailís choiteann ar an staid i dtíortha tionscnaimh ar leith agus na nótaí treorach dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2303.

(b)

tabharfaidh sé aird ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-athrú ar chúinsí chomh suntasach agus neamhshealadach sin nach féidir a mheas a thuilleadh go bhfuil bunús maith leis an eagla atá ar an dídeanaí go ndéanfaí géarleanúint air nó uirthi.

Airteagal 12

Eisiamh

1.   Déanfar náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a eisiamh ó bheith ina dhídeanaí nó ina dídeanaí i gcás ina bhfuil an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin:

(a)

faoi raon feidhme Airteagal 1(D) de Choinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le cosaint nó le cúnamh ó orgáin nó ó ghníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe seachas Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe; i gcás ina bhfuil deireadh leis an gcosaint sin nó leis an gcúnamh sin ar aon chúis, gan seasamh an náisiúnaigh tríú tír nó an duine gan stát sin a bheith réitithe go cinnteach i gcomhréir leis na rúin ábhartha arna nglacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, beidh an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin ipso facto i dteideal na dtairbhí a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

aitheanta ag údaráis inniúla na tíre ina ndeachaigh an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin chun cónaithe go bhfuil aige nó aici na cearta agus go bhfuil air nó uirthi na hoibleagáidí a ghabhann le náisiúntacht na tíre sin a bheith ag duine, nó cearta agus oibleagáidí coibhéiseacha.

2.   Déanfar náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a eisiamh ó bheith ina dhídeanaí nó ina dídeanaí i gcás ina bhfuil cúiseanna tromchúiseacha ag an náisiúnach tríú tír nó ag an duine gan stát leis an méid seo a leanas a mheas:

(a)

go ndearna an duine sin coir in aghaidh na síochána, coir chogaidh, nó coir in aghaidh na daonnachta, mar a shainmhínítear in ionstraimí idirnáisiúnta arna dtarraingt suas chun foráil a dhéanamh i ndáil leis na coireanna sin;

(b)

go ndearna an duine sin coir thromchúiseach neamhpholaitiúil lasmuigh den tír dhídine sular ligeadh isteach an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin mar dhídeanaí, is é sin, tráth a deonaíodh an stádas dídeanaí; féadfar gníomhartha an-chruálach, fiú má mhaítear gur chun críoch polaitiúla a rinneadh iad, a rangú mar choireanna tromchúiseacha neamhpholaitiúla;

(c)

go raibh an duine sin ciontach i ngníomhartha atá contrártha le cuspóirí agus le prionsabail na Náisiún Aontaithe mar a leagtar amach iad sa Bhrollach agus in Airteagail 1 agus 2 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 maidir le daoine a ghríosaíonn daoine eile leis na coireanna nó na gníomhartha dá dtagraítear inti a dhéanamh, nó atá páirteach ar shlí eile iontu.

4.   A luaithe a bheidh sé suite ag an údarás cinntitheach, bunaithe ar mheasúnú ar a thromchúisí atá na coireanna nó gníomhartha a rinne an duine lena mbaineann agus ar fhreagracht aonair an duine sin, agus na cúinsí ar fad a bhaineann leis na coireanna nó na gníomhartha sin agus cás an duine sin á gcur san áireamh, go bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na forais eisiaimh ábhartha a leagtar síos i mír 2 nó mír 3, déanfaidh an t-údarás cinntitheach an t-iarratasóir a eisiamh ó stádas dídeanaí gan measúnú comhréireachta a dhéanamh maidir leis an eagla roimh ghéarleanúint.

5.   Mar chuid den mheasúnú dá dtagraítear i mír 4, nuair a dhéanfar scrúdú faoi mhíreanna 2 agus 3 maidir le mionaoiseach, cuirfidh an t-údarás cinntitheach san áireamh, inter alia, cumas an mhionaoisigh a mheas a bheith freagrach faoin dlí coiriúil dá ndéanfadh an mionaoiseach an choir ar chríoch an Bhallstáit atá ag scrúdú an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le haois na freagrachta coiriúla.

CAIBIDIL IV

STÁDAS DÍDEANAÍ

Airteagal 13

Stádas dídeanaí a dheonú

Deonóidh an t-údarás cinntitheach stádas dídeanaí do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát a cháilíonn mar dhídeanaí i gcomhréir le Caibidil II agus Caibidil III.

Airteagal 14

Stádas dídeanaí a tharraingt siar

1.   Déanfaidh an t-údarás cinntitheach an stádas dídeanaí atá ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a tharraingt siar más rud é:

(a)

nach bhfuil an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin ina dhídeanaí nó ina dídeanaí a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 11;

(b)

gur cheart don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát sin a bheith eisiata ó bheith ina dhídeanaí nó ina dídeanaí, nó go bhfuil sé nó sí eisiata ó bheith ina dhídeanaí nó ina dídeanaí, i gcomhréir le hAirteagal 12;

(c)

gur thug an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin míléiriú ar na fíorais, lena n-áirítear doiciméid bhréagacha a úsáid, nó gur fhág sé nó sí fíorais ar lár, agus go raibh an méid sin ina thoisc chinntitheach maidir leis an stádas dídeanaí a dheonú;

(d)

go bhfuil foras réasúnta ann lena mheas go bhfuil an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin ina chontúirt nó ina contúirt do shlándáil an Bhallstáit ina bhfuil an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin i láthair;

(e)

go bhfuil an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin ciontaithe i gcoir an-tromchúiseach le breithiúnas deiridh agus arb ionann is contúirt é nó í do phobal an Bhallstáit ina bhfuil an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát i láthair;

2.   I gcásanna ina bhfuil feidhm ag pointí (d) agus (e) de mhír 1, féadfaidh an t-údarás cinntitheach a chinneadh gan stádas dídeanaí a dheonú i gcás nach bhfuil cinneadh déanta fós maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

3.   Beidh daoine a bhfuil feidhm ag pointí (d) agus (e) de mhír 1 nó de mhír 2 den Airteagal seo maidir leo i dteideal na gceart a leagtar amach in Airteagail 3, 4, 16, 22, 31, 32 agus 33 de Choinbhinsiún na Ginéive, nó i dteideal ceart atá cosúil leis na cearta sin, ar choinníoll go bhfuil siad i láthair sa Bhallstát.

4.   Déanfaidh an t-údarás cinntitheach a dheonaigh an stádas dídeanaí a léiriú, ar bhonn aonair, nach bhfuil an tairbhí den stádas dídeanaí ina dhídeanaí nó ina dídeanaí a thuilleadh, nár cheart stádas dídeanaí a dheonú dó nó di riamh, nó nár cheart é nó í a bheith ina thairbhí nó ina tairbhí de stádas dídeanaí a thuilleadh, ar na cúiseanna a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Le linn an nós imeachta um tharraingt siar, beidh feidhm ag Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2024/1348.

CAIBIDIL V

CÁILITHEACHT DO CHOSAINT CHOIMHDEACH

Airteagal 15

Díobháil thromchúiseach

Is éard is díobháil thromchúiseach ann dá dtagraítear in Airteagal 3(6):

(a)

pionós an bháis nó bású;

(b)

céasadh iarratasóra nó íde a thabhairt dó nó di nó pionós a chur air nó uirthi atá mídhaonna nó táireach, sa tír thionscnaimh; nó

(c)

bagairt thromchúiseach agus bagairt aonair ar bheatha an tsibhialtaigh nó ar iomláine an tsibhialtaigh mar gheall ar fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcásanna coinbhleachta armtha idirnáisiúnta nó inmheánaí.

Airteagal 16

Scor

1.   Scoirfidh tairbhí de stádas cosanta coimhdí de bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach i gcás ina bhfuil deireadh leis na cúinsí ba chúis le deonú an stádais sin nó ina bhfuil siad athraithe chomh mór sin nach bhfuil cosaint ag teastáil a thuilleadh.

2.   Chun a mheas an bhfuil deireadh leis na cúinsí ba chúis le deonú an stádais cosanta coimhdí nó ina bhfuil siad athraithe chomh mór sin nach bhfuil cosaint ag teastáil a thuilleadh, déanfaidh an t-údarás cinntitheach an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé san áireamh faisnéis atá cruinn agus cothrom le dáta arna fáil ó fhoinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus foinsí de chuid an Aontais agus atá ábhartha agus ar fáil agus, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an anailís choiteann ar an staid i dtíortha tionscnaimh ar leith agus na nótaí treorach dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2303;

(b)

tabharfaidh sé aird ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-athrú ar chúinsí a shuntasaí agus a neamhshealadaí sin nach bhfuil an tairbhí de stádas cosanta coimhdí i bhfíorbhaol díobhála tromchúisí a thuilleadh;

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le tairbhí de stádas cosanta coimhdí atá in ann fáthanna doshéanta a thabhairt de thoradh díobháil thromchúiseach a d’fhulaing an duine sin roimhe seo lena dhiúltú nó lena diúltú leas a bhaint as cosaint thír a náisiúntachta nó, i gcás duine gan stát, ní bheidh feidhm ag an mír sin maidir le duine atá in ann fáthanna doshéanta a thabhairt de thoradh díobháil thromchúiseach a d'fhulaing sé nó sí roimhe seo lena dhiúltú nó lena diúltú leas a bhaint as cosaint na tíre ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo.

Airteagal 17

Eisiamh

1.   Déanfar náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a eisiamh ó bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach i gcás ina bhfuil cúiseanna tromchúiseacha ann lena mheas go mbeidh an méid seo a leanas i gceist leis an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin:

(a)

go ndearna an duine sin coir in aghaidh na síochána, coir chogaidh, nó coir in aghaidh na daonnachta, mar a shainmhínítear in ionstraimí idirnáisiúnta arna dtarraingt suas chun foráil a dhéanamh i ndáil leis na coireanna sin;

(b)

go ndearna an duine sin coir thromchúiseach roimh theacht isteach ar chríoch an Bhallstáit nó má ciontaíodh é nó í i gcoir thromchúiseach tar éis dó nó di teacht i dtír;

(c)

go raibh an duine sin ciontach i ngníomhartha atá contrártha le cuspóirí agus le prionsabail na Náisiún Aontaithe mar a leagtar amach iad sa Bhrollach agus in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 de Chairt na Náisiún Aontaithe;

(d)

gur contúirt don phobal nó don tslándáil náisiúnta é nó í an duine sin.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le daoine a ghríosaíonn daoine eile leis na coireanna nó na gníomhartha dá dtagraítear inti a dhéanamh, nó atá páirteach ar shlí eile iontu.

3.   Féadfar náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a eisiamh ó bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach i gcás ina ndearna an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin, sular ligeadh isteach é nó í sa Bhallstát lena mbaineann, coir amháin nó níos mó atá lasmuigh de raon feidhme phointí (a), (b) agus (c) de mhír 1, ar coireanna iad a bheadh inphionóis le príosúnacht dá ndéanfaí iad sa Bhallstát lena mbaineann, agus i gcás inar fhág an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin an tír thionscnaimh chun smachtbhannaí a sheachaint a d’eascair as na coireanna sin agus chun na críche sin amháin.

4.   A luaithe a bheidh sé suite ag an údarás cinntitheach, bunaithe ar mheasúnú ar a thromchúisí atá na coireanna nó na gníomhartha a rinne an duine lena mbaineann agus ar fhreagracht aonair an duine sin, agus na cúinsí ar fad a bhaineann leis na coireanna nó na gníomhartha sin agus cás an duine sin á gcur san áireamh, go bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na forais eisiaimh ábhartha a leagtar síos i mír 1 nó mír 2, déanfaidh an t-údarás cinntitheach an t-iarratasóir a eisiamh ó stádas cosanta coimhdí gan measúnú comhréireach a dhéanamh maidir leis an eagla roimh dhochar tromchúiseach.

5.   Mar chuid den mheasúnú dá dtagraítear i mír 4, nuair a dhéanfar scrúdú faoi mhír 1 maidir le mionaoiseach, cuirfidh an t-údarás cinntitheach san áireamh, inter alia, cumas an mhionaoisigh a mheas a bheith freagrach faoin dlí coiriúil dá ndéanfadh an mionaoiseach an choir ar chríoch an Bhallstáit atá ag scrúdú an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le haois na freagrachta coiriúla, nó, i gcás inarb infheidhme, cion i gcoir thromchúiseach tar éis don duine sin teacht.

CAIBIDIL VI

STÁDAS COSANTA COIMHDÍ

Airteagal 18

Stádas cosanta coimhdí a dheonú

Deonóidh an t-údarás cinntitheach stádas cosanta coimhdí do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach i gcomhréir le Caibidil II agus Caibidil V.

Airteagal 19

Stádas cosanta coimhdí a tharraingt siar

1.   Déanfaidh an t-údarás cinntitheach an stádas cosanta coimhdí atá ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:

(a)

nach bhfuil an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin incháilithe a thuilleadh le haghaidh cosaint choimhdeach i gcomhréir le hAirteagal 16;

(b)

tar éis stádas cosanta coimhdí a dheonú dó nó di, gur cheart don náisiúnach tríú tír nó don duine gan stát sin a bheith eisiata, nó go bhfuil sé nó sí eisiata ó bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach i gcomhréir le hAirteagal 17;

(c)

gur thug an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát sin míléiriú ar na fíorais, lena n-áirítear doiciméid bhréagacha a úsáid, nó gur fhág sé fíorais ar lár, agus go raibh an méid sin ina thoisc chinntitheach maidir leis an stádas cosanta coimhdí a dheonú.

2.   Déanfaidh an t-údarás cinntitheach a dheonaigh an stádas cosanta coimhdí a léiriú, ar bhonn aonair, nach bhfuil an tairbhí den stádas cosanta coimhdí incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach a thuilleadh, ná nár cheart stádas cosanta coimhdí a dheonú dó nó di riamh, ná nár cheart é nó í a bheith ina thairbhí nó ina tairbhí de stádas cosanta coimhdí a thuilleadh ar na cúiseanna a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Le linn an nós imeachta um tharraingt siar, beidh feidhm ag Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2024/1348.

CAIBIDIL VII

A BHFUIL SNA CEARTA COSANTA IDIRNÁISIÚNTA ATÁ AG TAIRBHITHE DE CHOSAINT IDIRNÁISIÚNTA AGUS NA HOIBLEAGÁIDÍ ATÁ ORTHU

ROINN I

Forálacha coiteanna

Airteagal 20

Rialacha ginearálta

1.   Gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Ginéive, beidh na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chaibidil seo ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta.

2.   Beidh rochtain ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta ar chearta dá bhforáiltear i gcomhréir leis an gCaibidil seo a luaithe a dheonófar cosaint idirnáisiúnta agus fad a shealbhaítear stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí.

3.   I gcás nach n-eisítear cead cónaithe do thairbhí de chosaint idirnáisiúnta laistigh de 15 lá tar éis cosaint idirnáisiúnta a dheonú, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta sealadacha, amhail doiciméad a chlárú nó a eisiúint, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag an tairbhí sin ar na cearta a leagtar síos sa Chaibidil seo, cé is moite de na cearta dá dtagraítear in Airteagail 25 agus 27, go dtí go n-eiseofar cead cónaithe i gcomhréir le hAirteagal 24.

4.   Agus an Chaibidil seo á cur i bhfeidhm, i gcás ina suitear go bhfuil riachtanais speisialta ag duine i ngeall ar an méid seo a leanas, mar shampla, gurb amhlaidh gur mionaoiseach, mionaoiseach neamhthionlactha, duine faoi mhíchumas, duine aosta, bean thorrach, tuismitheoir aonair ag a bhfuil leanbh mionaoiseach nó leanbh cleithiúnach lán-aoise, íospartach gáinneála ar dhaoine, duine ar a bhfuil galar tromchúiseach, duine ar a bhfuil neamhord meabhrach nó duine ar a ndearnadh céasadh, éigniú nó foirmeacha tromchúiseacha eile d’fhoréigean síceolaíoch, fisiceach nó gnéasach é nó í an duine, déanfaidh na húdaráis inniúla na riachtanas speisialta sin a chur san áireamh.

5.   Agus forálacha na Caibidle seo a bhaineann le mionaoisigh á gcur i bhfeidhm, tabharfaidh na húdaráis inniúla tús áite do leas an linbh.

Airteagal 21

Cosaint ar refoulement

Urramófar prionsabal an non-refoulement i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 22

Faisnéis

Tabharfaidh na húdaráis inniúla faisnéis do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le stádas dídeanaí nó le stádas cosanta coimhdí a luaithe is féidir tar éis don chosaint sin a bheith deonaithe. Maidir leis an bhfaisnéis sin, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I:

(a)

soláthrófar í i dteanga is féidir leis an tairbhí a thuiscint nó a gceaptar le réasún go dtuigfidh sé nó sí í; agus

(b)

déanfar tagairtí sainráite inti do na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 27 maidir le gluaiseacht laistigh den Aontas.

Airteagal 23

Aontacht an teaghlaigh a chaomhnú

1.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do thairbhí de chosaint idirnáisiúnta, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta, ceadanna cónaithe a eisiúint do bhaill teaghlaigh an tairbhí sin de chosaint idirnáisiúnta nach gcáilíonn ar bhonn aonair do chosaint idirnáisiúnta agus a dhéanann iarratas ar chead cónaithe sa Bhallstát sin, i gcás nach bhfuil feidhm ag mír 3, 4 nó 5 den Airteagal seo agus a mhéid atá sé comhoiriúnach le stádas dlíthiúil pearsanta an bhaill teaghlaigh.

2.   Beidh an dáta éaga céanna ag cead cónaithe arna eisiúint de bhun mhír 1 leis an gcead cónaithe arna eisiúint don tairbhí de chosaint idirnáisiúnta agus beidh sé in-athnuaite fad a athnuaitear an cead cónaithe arna eisiúint don tairbhí de chosaint idirnáisiúnta. Ní mhairfidh tréimhse bailíochta an cheada cónaithe arna eisiúint don bhall teaghlaigh níos faide ná dáta éaga an cheada cónaithe atá ag an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta.

3.   Ní eiseofar aon chead cónaithe faoin Rialachán seo do bhall teaghlaigh atá nó a bheadh eisiata ó chosaint idirnáisiúnta de bhun Chaibidlí III agus V.

4.   Ní eiseofar cead cónaithe faoin Rialachán seo do chéile ná do pháirtnéir neamhphósta atá i gcaidreamh seasmhach i gcás ina bhfuil comharthaí láidre ann gur conraíodh an pósadh nó an pháirtnéireacht chun go bhféadfadh an duine lena mbaineann teacht isteach go dtí an Ballstát lena mbaineann nó cónaí ann agus chun na críche sin amháin.

5.   I gcás inar gá déanamh amhlaidh ar chúiseanna slándála náisiúnta nó ar chúiseanna beartais phoiblí maidir leis an mball teaghlaigh lena mbaineann, ní eiseofar cead cónaithe don bhall teaghlaigh sin, agus tarraingeofar siar na ceadanna cónaithe sin atá eisithe cheana nó ní dhéanfar iad a athnuachan.

6.   Baill teaghlaigh a n-eiseofar cead cónaithe dóibh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh siad i dteideal na gceart dá dtagraítear in Airteagail 25 go 32, 34 agus 35.

7.   Féadfaidh na Ballstáit an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i leith garghaolta eile, lena n-áirítear siblíní, a bhí ina gcónaí le chéile mar chuid den teaghlach sular bhain an t-iarratasóir críoch an Bhallstáit amach agus atá i gcleithiúnas an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i leith mionaoiseach pósta, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh sin é.

ROINN II

Cearta agus oibleagáidí a bhaineann le cónaí agus le fanacht

Airteagal 24

Ceadanna cónaithe

1.   Beidh sé de cheart ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta cead cónaithe a bheith acu fad a bheidh an stádas dídeanaí nó an stádas cosanta coimhdí acu.

2.   Eiseofar cead cónaithe a luaithe is féidir tar éis stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a bheith deonaithe, agus ar a dhéanaí 90 lá tar éis fógra a thabhairt faoin gcinneadh maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú, trí úsáid a bhaint as an bhformáid aonfhoirmeach a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002.

3.   Eiseofar cead cónaithe saor in aisce nó ar tháille nach mó í ná an táille a ghearrtar ar náisiúnaigh an Bhallstáit lena mbaineann as cártaí aitheantais a eisiúint.

4.   Beidh tréimhse bhailíochta tosaigh trí bliana ar a laghad ag cead cónaithe i gcás tairbhithe de stádas dídeanaí agus bliain amháin ar a laghad i gcás tairbhithe de stádas cosanta coimhdí.

Ar dhul in éag dóibh, déanfar ceadanna cónaithe a athnuachan ar feadh 3 bliana ar a laghad i gcás tairbhithe de stádas dídeanaí agus ar feadh 2 bhliain ar a laghad i gcás tairbhithe de stádas cosanta coimhdí.

Eagrófar athnuachan na gceadanna cónaithe ar bhealach ina n-áiritheofar leanúnachas na tréimhse cónaithe ceadaithe, gan aon bhearna idir an tréimhse a chumhdaítear leis an gcead atá dul i léig agus tréimhse an cheada athnuaite, ar choinníoll go ngníomhaíonn an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha lena bhforáiltear do na foirmiúlachtaí riaracháin maidir le hathnuachan.

5.   Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla cead cónaithe a chúlghairm ná diúltú do chead cónaithe a athnuachan ach amháin i gcás ina bhfuil stádas dídeanaí tarraingthe siar acu i gcomhréir le hAirteagal 14 nó i gcás ina bhfuil stádas cosanta coimhdí tarraingthe siar acu i gcomhréir le hAirteagal 19.

Airteagal 25

Doiciméad taistil

1.   Mura n-éilítear a mhalairt ar chúiseanna doshéanta slándála náisiúnta nó beartais phoiblí a bhaineann le tairbhí de stádas dídeanaí, déanfaidh údaráis inniúla doiciméid taistil san fhoirm a leagtar amach sa Sceideal a ghabhann le Coinbhinsiún na Ginéive agus lena gcomhlíontar na híoschaighdeáin maidir le gnéithe slándála agus bithmhéadracht a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle a eisiúint do thairbhithe de stádas dídeanaí. Beidh na doiciméid taistil sin bailí ar feadh tréimhse níos faide ná bliain amháin.

2.   Mura n-éilítear a mhalairt ar chúiseanna doshéanta slándála náisiúnta nó beartais phoiblí a bhaineann le tairbhí de chosaint choimhdeach, déanfaidh údaráis inniúla doiciméid taistil lena gcomhlíontar na híoschaighdeáin maidir le gnéithe slándála agus bithmhéadracht a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 a eisiúint do thairbhithe de stádas cosanta coimhdí nach bhfuil in ann pas náisiúnta a fháil ná a athnuachan. Beidh na doiciméid taistil sin bailí ar feadh tréimhse níos faide ná bliain amháin.

3.   I bhfeidhmiú a n-oibleagáidí de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach in acquis Schengen doiciméid taistil a eisiúint do thairbhithe de stádas dídeanaí san fhoirm a leagtar amach sa Sceideal a ghabhann le Coinbhinsiún na Ginéive agus lena gcomhlíontar na híoschaighdeáin maidir le gnéithe slándála agus bithmhéadracht atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004, agus sonraíochtaí na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta á gcur san áireamh, go háirithe na sonraíochtaí a leagtar amach i nDoiciméad 9303 maidir le doiciméid taistil mheaisín-inléite.

I bhfeidhmiú a n-oibleagáidí de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach in acquis Schengen doiciméid taistil lena gcomhlíontar na híoschaighdeáin maidir le gnéithe slándála agus bithmhéadracht atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 a eisiúint do thairbhithe de stádas cosanta coimhdí nach bhfuil in ann pas náisiúnta a fháil ná a athnuachan, agus sonraíochtaí na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta á gcur san áireamh, go háirithe na sonraíochtaí a leagtar amach i nDoiciméad 9303 maidir le doiciméid taistil mheaisín-inléite.

Airteagal 26

Saoirse gluaiseachta laistigh den Bhallstát

Beidh saoirse gluaiseachta ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta laistigh de chríoch an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh, lena n-áirítear an ceart chun a n-áit chónaithe sa chríoch sin a roghnú faoi na coinníollacha agus na srianta céanna leis na srianta agus coinníollacha dá bhforáiltear do náisiúnaigh tríú tír eile atá ina gcónaí go dleathach ina gcríoch agus atá sna cúinsí céanna go ginearálta.

Airteagal 27

Gluaiseacht laistigh den Aontas

Ní bheidh sé de cheart ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta cónaí i mBallstát seachas an Ballstát a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh. Tá sé sin gan dochar dá gceart chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

iarratas a dhéanamh cónaí i mBallstát eile agus cead a fháil chuige sin de bhun dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin nó de bhun na bhforálacha ábhartha de dhlí an Aontais nó de chomhaontuithe idirnáisiúnta;

(b)

gluaiseacht faoi shaoirse i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 21 den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme.

ROINN III

Cearta a bhaineann le lánpháirtiú

Airteagal 28

Rochtain ar fhostaíocht

1.   Láithreach tar éis cosaint a bheith deonaithe, beidh sé de cheart ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta gabháil do ghníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe faoi réir na rialacha is infheidhme i gcoitinne maidir leis an ngairm lena mbaineann nó leis an tseirbhís phoiblí.

2.   Beidh an chóir a chuirfear ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta comhionann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do na tairbhithe sin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

téarmaí fostaíochta, lena n-áirítear an aois íosta oibre, agus coinníollacha oibre, lena n-áirítear íocaíocht agus dífhostú, uaireanta oibre, saoire agus laethanta saoire, mar aon le ceanglais sláinte agus sábháilteachta san áit oibre;

(b)

saoirse comhlachais agus cleamhnachta, agus comhaltais in eagraíocht a dhéanann ionadaíocht d’oibrithe nó d’fhostóirí in aon eagraíocht a bhfuil a cuid ball fostaithe i ngairm ar leith, lena n-áirítear na cearta agus sochair a chuireann na heagraíochtaí sin ar fáil;

(c)

deiseanna oideachais do dhaoine fásta a bhaineann le fostaíocht, gairmoiliúint, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna chun scileanna a uasghrádú, agus taithí phraiticiúil san áit oibre;

(d)

seirbhísí faisnéise agus comhairleoireachta a chuireann oifigí fostaíochta ar fáil.

3.   I gcás inar gá, éascóidh údaráis inniúla rochtain iomlán ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 2.

Airteagal 29

Rochtain ar oideachas

1.   Beidh an chóir a chuirfear ar mhionaoisigh a bhfuil cosaint idirnáisiúnta deonaithe dóibh comhionann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do na mionaoisigh sin a mhéid a bhaineann le rochtain ar an gcóras oideachais.

Leanfaidh an chóir a chuirfear ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta de bheith comhionann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do na tairbhithe sin chun oideachas meánscoile a chríochnú gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil lán-aois slánaithe acu.

2.   Beidh an chóir a chuirfear ar dhaoine fásta a bhfuil cosaint idirnáisiúnta deonaithe dóibh comhionann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do na daoine fásta sin a mhéid a bhaineann leis an gcóras oideachais ghinearálta, le breisoiliúint nó le hathoiliúint.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh údaráis inniúla deontais agus iasachtaí a dhiúltú do dhaoine fásta a bhfuil cosaint idirnáisiúnta deonaithe dóibh, i gcás ina bhforáiltear don fhéidearthacht sin faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 30

Rochtain ar nósanna imeachta le haghaidh cáilíochtaí a aithint agus scileanna a bhailíochtú

1.   Beidh an chóir a chuirfear ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta comhionann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do na tairbhithe sin i gcomhthéacs nósanna imeachta um aitheantas atá ann cheana chun dioplómaí eachtracha, deimhnithe eachtracha agus fianaise eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint.

2.   Gan dochar d’Airteagal 2(2) agus d’Airteagal 3(3) de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), éascóidh na húdaráis inniúla rochtain iomlán ar na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta nach féidir leo fianaise dhoiciméadach ar a gcáilíochtaí a sholáthar.

3.   Beidh an chóir a chuirfear ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta comhionann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do na tairbhithe sin maidir le rochtain ar scéimeanna iomchuí chun a gcuid torthaí foghlama agus taithí roimhe sin a mheasúnú, a bhailíochtú agus a aithint.

Airteagal 31

Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta

1.   Beidh an chóir a chuirfear ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta comhionann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do na tairbhithe sin a mhéid a bhaineann le slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta.

Féadfar rochtain ar chineálacha áirithe cúnaimh shóisialta a shonraítear sa dlí náisiúnta a bheith coinníollach ar rannpháirtíocht éifeachtach an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta i mbearta lánpháirtíochta, i gcás ina mbeidh rannpháirtíocht sna bearta sin éigeantach, ar choinníoll go mbeidh siad inrochtana agus saor in aisce.

2.   D’ainneoin mhír 1, féadfaidh soláthar na córa comhionainne maidir le cúnamh sóisialta a bheith teoranta do na príomhshochair i gcás tairbhithe de chosaint choimhdeach, i gcás ina bhforáiltear don fhéidearthacht sin sa dlí náisiúnta.

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna príomhshochair:

(a)

tacaíocht ioncaim íosta;

(b)

cúnamh i gcás tinnis nó toirchis;

(c)

cúnamh tuismitheoireachta, lena n-áirítear cúnamh cúraim leanaí; agus

(d)

sochair thithíochta, a mhéid a dheonaítear na sochair sin do náisiúnaigh an Bhallstáit lena mbaineann faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 32

Cúram sláinte

1.   Beidh rochtain ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta ar chúram sláinte faoi na coinníollacha incháilitheachta céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta do na tairbhithe sin.

2.   Tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta ag a bhfuil riachtanais speisialta, amhail mná torracha, daoine faoi mhíchumas, daoine ar a ndearnadh céasadh, éigniú nó cineálacha tromchúiseacha eile d’fhoréigean síceolaíoch, fisiceach nó gnéasach nó mionaoisigh arbh íospartaigh aon chineáil mí-úsáide, faillí, dúshaothraithe, céasta iad nó dár tugadh íde a bhí cruálach, mídhaonna nó táireach, nó a d’fhulaing de dheasca coinbhleacht armtha, tabharfar cúram sláinte leormhaith dóibh, lena n-áirítear cóireáil in aghaidh neamhoird mheabhrach nuair is gá, faoi na coinníollacha incháilitheachta céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh.

Airteagal 33

Mionaoisigh neamhthionlactha

1.   A luaithe is féidir tar éis cosaint idirnáisiúnta a dheonú i ndáil le mionaoiseach neamhthionlactha, déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta is gá, faoin dlí náisiúnta, chun caomhnóir a cheapadh.

Féadfaidh údaráis inniúla an duine céanna arna ainmniú nó arna hainmniú mar ionadaí faoi Airteagal 23(2), pointe (b), de Rialachán (AE)2024/1348 nó faoi Airteagal 27(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2024/1346 a choinneáil mar chaomhnóir, gan aon ghá le ceapadh foirmiúil.

Ionadaithe dá dtagraítear in Airteagal 23(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1348 nó Airteagal 27(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2024/1346, leanfaidh siad de bheith freagrach as mionaoisigh neamhthionlactha go dtí go gceapfar caomhnóir.

Maidir le heagraíochtaí nó daoine nádúrtha a bhfuil a leasanna i gcoinbhleacht nó a bhféadfadh a leasanna a bheith i gcoinbhleacht le leasanna an mhionaoisigh neamhthionlactha, ní bheidh siad incháilithe lena gceapadh mar chaomhnóir an mhionaoisigh sin.

I gcás ina gceapfar eagraíocht ina caomhnóir, ainmneoidh sí, a luaithe is féidir, duine nádúrtha a bheidh freagrach as dualgais an chaomhnóra a chomhlíonadh i leith an mhionaoisigh neamhthionlactha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, d’fhonn leas an linbh agus dea-bhail ghinearálta an mhionaoisigh neamhthionlactha a chosaint, déanfaidh an caomhnóir an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go mbeidh rochtain ag an mionaoiseach neamhthionlactha ar na cearta uile lena n-eascraítear as an Rialachán seo;

(b)

cúnamh a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaíocht a dhéanamh dó nó di i gcás ina dtarraingítear siar stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí an mhionaoisigh neamhthionlactha; agus

(c)

i gcás inarb infheidhme, cúnamh a thabhairt chun an teaghlach a lorg amhail dá bhforáiltear i mír 7.

Maidir le caomhnóirí:

(a)

beidh an saineolas is gá acu agus gheobhaidh siad oiliúint tosaigh agus leanúnach iomchuí maidir le cearta agus riachtanais mionaoiseach neamhthionlactha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le haon chaighdeáin is infheidhme maidir le cosaint leanaí;

(b)

beidh siad faoi cheangal na rialacha rúndachta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta maidir le haon fhaisnéis a fhaigheann siad le linn a gcuid oibre;

(c)

ní bheidh taifead fíoraithe acu maidir le coireanna agus cionta a bhaineann le leanaí, nó coireanna agus cionta a tharraingíonn móramhras ar a gcumas ról freagrachta a ghlacadh i dtaca le leanaí.

3.   Ceapfaidh na húdaráis inniúla gach caomhnóir chun ionadaíocht a dhéanamh do líon comhréireach agus sách teoranta mionaoiseach neamhthionlactha chun a áirithiú go mbeidh caomhnóirí in ann a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus go mbeidh rochtain éifeachtach ag mionaoisigh neamhthionlactha ar a gcearta agus ar a sochair.

4.   I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis ann, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha, nó daoine atá freagrach as maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chaomhnóirí ar bhonn leanúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a gcúraimí ar bhealach sásúil.

Déanfaidh eintitis agus daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír athbhreithniú ar fheidhmíocht caomhnóirí, go háirithe i gcás ina bhfuil comharthaí ann nach bhfuil caomhnóirí ag comhlíonadh a gcúraimí ar bhealach sásúil. Déanfaidh na heintitis agus na daoine sin scrúdú, gan mhoill, ar aon ghearán a dhéanann mionaoisigh neamhthionlactha i gcoinne a gcaomhnóirí.

I gcás inar gá, glacfaidh na húdaráis inniúla ionad duine atá ag gníomhú mar chaomhnóir, go háirithe i gcás ina measann siad nach bhfuil a chúraimí nó a cúraimí comhlíonta go leormhaith ag an duine sin.

Míneoidh na húdaráis inniúla do mhionaoisigh neamhthionlactha, ar bhealach atá oiriúnach dá n-aois agus ar bhealach a áiritheoidh go dtuigeann na mionaoisigh, conas gearán a dhéanamh i gcoinne a gcaomhnóirí faoi rún agus go sábháilte.

5.   Agus leas an linbh á chur san áireamh, cuirfidh na húdaráis inniúla mionaoisigh neamhthionlactha faoi chúram ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

le gaol ar duine fásta é nó í;

(b)

le teaghlach altrama;

(c)

in ionaid atá speisialaithe i gcóiríocht do mhionaoisigh; nó

(d)

i gcóiríocht eile atá oiriúnach do mhionaoisigh.

Cuirfear tuairimí na mionaoiseach neamhthionlactha san áireamh i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht.

6.   A mhéid is féidir, coinneofar siblíní le chéile, agus aird á tabhairt ar leas na mionaoiseach neamhthionlactha lena mbaineann agus, go háirithe, ar a n-aois agus a n-aibíocht. Coinneofar athruithe ar áit chónaithe mionaoiseach neamhthionlactha ag an íosmhéid.

7.   I gcás inar cuireadh tús le baill teaghlaigh mionaoisigh neamhthionlactha a lorg sula ndearnadh cosaint idirnáisiúnta a dheonú don mhionaoiseach sin, leanfar ar aghaidh leis an lorg tar éis cosaint idirnáisiúnta a dheonú. I gcás nach bhfuil tús curtha cheana le baill teaghlaigh a lorg, cuirfear tús leis a luaithe is féidir tar éis stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a dheonú, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é.

I gcás ina bhféadfadh sé go mbeadh bagairt ann ar bheatha an mhionaoisigh nó ar iomláine an mhionaoisigh nó ar gharghaolta leis nó léi, go háirithe má tá siad fós sa tír thionscnaimh, tabharfar aire chun a áirithiú gur ar bhonn rúndachta a dhéanfar bailiú, próiseáil agus scaipeadh na faisnéise a bhaineann leis na daoine sin, ionas nach gcuirfear a sábháilteacht i mbaol.

Airteagal 34

Rochtain ar chóiríocht

1.   Beidh rochtain ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta ar chóiríocht faoi choinníollacha atá coibhéiseach ar a laghad leis na coinníollacha sin is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír eile atá ina gcónaí go dleathach i gcríoch an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh agus atá sna cúinsí céanna go ginearálta.

2.   Áiritheofar le cleachtais náisiúnta maidir le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a scaipeadh go gcaithfear go cothrom le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta mura mbeidh bonn cirt oibiachtúil le cóir éagsúil. Áiritheofar leis na cleachtais náisiúnta sin comhdheiseanna maidir le rochtain ar chóiríocht.

Airteagal 35

Rochtain ar bhearta lánpháirtíochta

1.   Chun spreagadh a thabhairt agus éascú a dhéanamh ar a lánpháirtiú i sochaí an Bhallstáit a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh, beidh rochtain ag tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta ar bhearta lánpháirtíochta arna soláthar nó arna n-éascú ag an mBallstát a chuireann a riachtanais shonracha san áireamh agus a mheasann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí, go háirithe cúrsaí teanga, luí sóisialta, cláir lánpháirtíochta agus gairmoiliúint.

2.   Beidh tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta rannpháirteach i mbearta lánpháirtíochta i gcás ina mbeidh an rannpháirtíocht éigeantach sa Bhallstát a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh. Beidh na bearta lánpháirtíochta sin inrochtana agus saor in aisce.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo agus gan dochar don dara fomhír d’Airteagal 31(1), féadfaidh na Ballstáit táille a chur i bhfeidhm ar bhearta lánpháirtíochta éigeantacha áirithe i gcás ina bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag tairbhí de chosaint idirnáisiúnta agus i gcás nach gcuireann na táillí sin ualach míréasúnta ar an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta.

4.   Ní fhorchuirfidh údaráis inniúla smachtbhannaí ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta i gcás nach féidir leo a bheith rannpháirteach i mbearta lánpháirtíochta de dheasca cúinsí nach bhfuil aon neart acu orthu.

Airteagal 36

Aisdúichiú

Féadfar cúnamh a thabhairt do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta ar mian leo go n-aisdúicheofaí iad.

CAIBIDIL VIII

COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 37

Comhar

Déanfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta a cheapadh chun críoch an Rialacháin seo agus cuirfidh sé a sheoladh in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit eile.

Déanfaidh na Ballstáit, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, gach beart iomchuí chun comhar díreach agus malartú faisnéise a chur ar bun idir na húdaráis inniúla.

Airteagal 38

Foireann

Beidh an oiliúint is gá faighte ag údaráis agus ag eagraíochtaí eile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm nó cuirfear an oiliúint sin orthu agus beidh siad faoi cheangal ag prionsabal na rúndachta maidir le haon fhaisnéis phearsanta a gheobhaidh siad agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, mar a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 39

Faireachán agus meastóireacht

Faoin 13 Meitheamh 2028 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo sna Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh na leasuithe is gá.

Faoi cheann 9 mí roimh dhul in éag an spriocdháta ábhartha mar a leagtar amach sa chéad mhír, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún an fhaisnéis uile is iomchuí chun an tuarascáil dá dtagraítear sa mhír sin a ullmhú.

Airteagal 40

Leasú ar Threoir 2003/109/CE

Leasaítear Treoir 2003/109/CE mar a leanas:

(1)

In Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Maidir le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta deonaithe dóibh, déanfar an tréimhse idir an dáta a rinneadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar ar a bhonn a deonaíodh an chosaint idirnáisiúnta sin agus an dáta a deonaíodh an cead cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1347 (*1) a chur san áireamh agus an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 á ríomh.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, lena leasaítear Treoir 2003/109/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1347, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1347/oj).’;"

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a.   I gcás ina n-aimsítear tairbhí de chosaint idirnáisiúnta i mBallstát, seachas sa Bhallstát a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta don tairbhí sin, agus nach bhfuil ceart fanachta ná cónaithe ag an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin i gcomhréir leis an dlí ábhartha náisiúnta, le dlí ábhartha an Aontais ná leis an dlí ábhartha idirnáisiúnta, ní dhéanfar an tréimhse fanachta dlíthiúla sa Bhallstát dheonaigh cosaint idirnáisiúnta don tairbhí sin roimh chás den sórt sin a chur san áireamh agus an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 á ríomh.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, go háirithe i gcás ina léiríonn an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta gur mar gheall ar imthosca nach raibh neart ag an tairbhí sin orthu ba chúis leis an bhfanacht nó leis an gcónaí gan cheart, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, nach gcuirfear isteach ar ríomh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1’;

(3)

in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a thabhairt i bhfeidhm chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 23 Eanáir 2006 ar a dhéanaí. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a thabhairt i bhfeidhm chun Airteagal 4(2), an tríú fomhír, agus (3a) a chomhlíonadh faoin 12 Meitheamh 2026. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.’.

Airteagal 41

Aisghairm

Déantar Treoir 2011/95/AE a aisghairm le héifeacht ón 12 Meitheamh 2026. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

A mhéid a leanann Treoir 2004/83/CE ón gComhairle (21) de bheith ina ceangal ar Bhallstáit nach bhfuil faoi cheangal ag Treoir 2011/95/AE, déantar Treoir 2004/83/CE a aisghairm le héifeacht ón dáta a mbeidh an Rialachán seo ina cheangal ar na Ballstáit sin. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 42

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Iúil 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 75, 10.3.2017, lch. 97.

(2)   IO C 207, 30.6.2017, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024.

(4)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).

(5)  Rialachán (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 (IO L, 2024/1350, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1350/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L, 2024/1351, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1351/oj).

(9)  Rialachán (AE)2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).

(10)  Treoir (AE)2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: : http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj).

(11)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).

(14)  Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12).

(15)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(16)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(17)  An Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (IO L 239, 22.9.2000, lch. 19).

(18)  Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(20)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint ( IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(21)  Treoir 2004/83/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta ar shlí eile de dhíth orthu agus maidir le hinneachar na cosanta a thugtar (IO L 304, 30.9.2004, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

Faisnéis atá le soláthar do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta

A luaithe is féidir tar éis cosaint idirnáisiúnta a bheith deonaithe, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann lena stádas dídeanaí nó lena stádas cosanta coimhdí. I gcás inar gá, féadfaidh údaráis éagsúla, soláthraithe seirbhíse éagsúla nó pointí teagmhála ábhartha an fhaisnéis a sholáthar.

I.   

Faisnéis faoi chearta agus oibleagáidí a bhaineann le cónaí agus fanacht:

(a)

An ceart chun cead cónaithe le haghaidh tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta (Airteagal 24):

An chaoi agus an áit chun iarratas ar chead cónaithe a dhéanamh agus faisnéis faoin údarás inniúil nó faoi phointe teagmhála ábhartha;

(b)

An ceart chun cead cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta (Airteagal 23):

An chaoi agus an áit chun iarratas ar chead cónaithe a dhéanamh agus faisnéis faoin údarás inniúil nó faoi phointe teagmhála ábhartha;

Faisnéis faoi na cearta a bhfuil baill teaghlaigh a n-eisítear cead cónaithe dóibh ina dteideal;

(c)

An ceart doiciméad taistil a éileamh (Airteagal 25):

An chaoi agus an áit chun iarratas ar dhoiciméad taistil a dhéanamh agus faisnéis faoin údarás inniúil nó faoi phointe teagmhála ábhartha;

(d)

An ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Bhallstát agus srianta féideartha ar an ngluaiseacht sin (Airteagal 26):

I gcás inarb infheidhme, an ceanglas maidir le dul chun cónaithe nó clárú i mbardas ar leith agus faisnéis faoin údarás inniúil nó faoi phointe teagmhála ábhartha;

(e)

An ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas (Airteagal 27):

An oibleagáid cónaí a dhéanamh sa Bhallstát a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta;

An ceart chun gluaiseacht i limistéar Schengen agus na coinníollacha maidir leis an gceart sin a fheidhmiú mar a shonraítear in Airteagal 21 den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme agus an ceart chun iarratas a dhéanamh ar chónaí a dhéanamh i mBallstát eile agus an cead chun cónaithe sin a fháil de bhun dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin nó de bhun forálacha ábhartha de dhlí an Aontais nó de chomhaontuithe idirnáisiúnta;

Smachtbhannaí féideartha maidir le ríomh na mblianta i gcomhréir le Treoir 2003/109/CE agus an nós imeachta um ghabháil ar ais faoi Rialachán (AE) 2024/1351 i gcás nach leanann an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta na rialacha ábhartha agus ina bhfanann an tairbhí rófhada gan chead de shárú ar an gCoinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme nó ina bhfanann nó ina gcónaíonn an tairbhí i mBallstát eile gan chead.

II.   

Faisnéis faoi chearta a bhaineann le lánpháirtiú:

(a)

an ceart chun rochtain a fháil ar fhostaíocht (Airteagal 28):

Ceanglais riaracháin maidir le rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí fostaíochta nó féinfhostaithe;

I gcás inarb infheidhme, na srianta a bhaineann le fostaíocht sa tseirbhís phoiblí;

An oifig fostaíochta ábhartha nó an pointe teagmhála ábhartha chun tuilleadh faisnéise a fháil;

(b)

An ceart chun rochtain a fháil ar oideachas do mhionaoisigh (Airteagal 29(1))

An aois íosta don scolaíocht éigeantach;

I gcás inarb infheidhme, ceanglais riaracháin chun rochtain a fháil ar an gcóras oideachais;

(c)

An ceart chun rochtain a fháil ar an gcóras oideachais ghinearálta do dhaoine fásta (Airteagal 29(2)):

Na ceanglais, lena n-áirítear ceanglais riaracháin, chun rochtain a fháil ar an gcóras oideachais ghinearálta;

(d)

An ceart chun nósanna imeachta a rochtain chun cáilíochtaí a aithint agus scileanna a bhailíochtú (Airteagal 30):

Na húdaráis náisiúnta inniúla nó pointí teagmhála ábhartha chun faisnéis a sholáthar faoi ghairmeacha rialáilte nach bhfuil infheidhmithe ach amháin tar éis aitheantas foirmiúil a thabhairt do cháilíocht agus na nósanna imeachta riaracháin atá le cur i gcrích don aitheantas sin;

(e)

Faisnéis faoi scéimeanna iomchuí chun a gcuid torthaí agus taithí foghlama roimhe sin a mheasúnú, a bhailíochtú agus a aithint (Airteagal 30(3)):

I gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi scéimeanna den sórt sin agus pointe teagmhála ábhartha chun tuilleadh faisnéise a fháil;

(f)

An ceart chun córa atá comhionann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh maidir le slándáil shóisialta (Airteagal 31)

Pointe teagmhála ábhartha chun tuilleadh faisnéise a fháil;

(g)

An ceart chun cúnaimh shóisialta (Airteagal 31):

I gcás inarb infheidhme, liosta na sochar nach soláthraítear do thairbhithe de chosaint choimhdeach;

Pointe teagmhála ábhartha chun tuilleadh faisnéise a fháil;

(h)

An ceart chun cúraim sláinte faoi na coinníollacha incháilitheachta céanna a bhaineann le náisiúnaigh (Airteagal 32):

Faisnéis ghinearálta faoi na coinníollacha maidir le rochtain ar chúram sláinte;

I gcás inarb infheidhme, pointe teagmhála le haghaidh seirbhísí atá ar fáil d’íospartaigh mhí-úsáide, dhúshaothraithe, chéasta nó íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach;

(i)

An ceart chun rochtain a fháil ar chóiríocht faoi choinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír eile atá ina gcónaí go dleathach sa Bhallstát (Airteagal 34):

I gcás inarb infheidhme, faisnéis bhunúsach maidir le scéimeanna tithíochta sóisialta atá ar fáil;

I gcás inarb infheidhme, ceanglais chónaithe faoi chuimsiú cleachtas scaipthe;

Údarás inniúil nó pointe teagmhála ábhartha chun tuilleadh faisnéise a fháil;

(j)

An ceart chun rochtain a fháil ar bhearta lánpháirtíochta a mheastar a bheith iomchuí, faoi réir rannpháirtíocht éigeantach i gcás inarb infheidhme (Airteagal 35):

I gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le bearta lánpháirtíochta éigeantacha;

Pointe teagmhála ábhartha chun tuilleadh faisnéise a fháil.

III.   

Faisnéis faoi chearta sonracha i gcás mionaoisigh neamhthionlactha (Airteagal 33):

Faisnéis faoin gceart chun caomhnóra agus faoi dhualgais an chaomhnóra;

Na sonraí maidir le gearán a dhéanamh i gcoinne caomhnóra.


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Treoir 2011/95/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe (a)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 2, pointe (b)

Airteagal 3, pointe (4)

Airteagal 2, pointe (c)

Airteagal 2, pointe (d)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 2, pointe (e)

Airteagal 3, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (f)

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 2, pointe (g)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (h)

Airteagal 3, pointe (7)

Airteagal 2, pointe (i)

Airteagal 3, pointe (8)

Airteagal 2, pointe (j), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 3, pointe (9), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 2(j), an chéad fhleasc

Airteagal 3(9), pointe (a)

Airteagal 2(j), an dara fleasc

Airteagal 3(9), pointe (b)

Airteagal 2(j), an tríú fleasc

Airteagal 3(9), pointe (c)

Airteagal 2, pointe (k)

Airteagal 3, pointe (10)

Airteagal 2, pointe (l)

Airteagal 3, pointe (11)

Airteagal 2, pointe (m)

Airteagal 3, pointe (12)

Airteagal 2, pointe (n)

Airteagal 3, pointe (13)

Airteagal 3, pointí (14), (15), (16), (17) agus (18)

Airteagal 3

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3), pointí (a) go (e)

 (1)

Airteagal 4(4) agus (5)

Airteagal 4(4) agus (5)

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2) agus (3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(4)

Airteagal 8(5) agus (6)

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(2), pointí (a) agus (b)

Airteagal 11(3)

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 12(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 12(3)

Airteagal 12(3)

Airteagal 12(4) agus (5)

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14(1)

Airteagal 14(1), pointe (a)

Airteagal 14(2)

Airteagal 14(4)

Airteagal 14(3), pointe (a)

Airteagal 14(1), pointe (b)

Airteagal 14(3), pointe (b)

Airteagal 14(1), pointe (c)

Airteagal 14(4), pointe (a)

Airteagal 14(1), pointe (d)

Airteagal 14(4), pointe (b)

Airteagal 14(1), pointe (e)

Airteagal 14(5)

Airteagal 14(2)

Airteagal 14(6)

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 16(2), pointí (a) agus (b)

Airteagal 16(3)

Airteagal 16(3)

Airteagal 17(1), pointí (a), (b), (c) agus (d)

Airteagal 17(1), pointí (a), (b), (c) agus (d)

Airteagal 17(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 17(3)

Airteagal 17(3)

Airteagal 17(4) agus (5)

Airteagal 18

Airteagal 18

Airteagal 19(1)

Airteagal 19(1), pointe (a)

Airteagal 19(2)

Airteagal 19(1), pointe (b)

Airteagal 19(3), pointe (a)

Airteagal 19(1), pointe (b)

Airteagal 19(3), pointe (b)

Airteagal 19(1), pointe (c)

Airteagal 19(4)

Airteagal 19(2)

Airteagal 21

Airteagal 21

Airteagal 20(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 22

Airteagal 20(2)

Airteagal 20(3)

Airteagal 20(4)

Airteagal 20(4)

Airteagal 20(4)

Airteagal 20(5)

Airteagal 20(5)

Airteagal 21(1)

Airteagal 21

Airteagal 21(2)

Airteagal 21(3)

Airteagal 22

Airteagal 22

Airteagal 23(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 23(1) agus (4)

Airteagal 23(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 23(3)

Airteagal 23(4)

Airteagal 23(5)

Airteagal 23(5)

Airteagal 23(7)

Airteagal 24(1), an chéad fhomhír

Airteagal 24(2)

Airteagal 24(2)

Airteagal 26(4), an dara fomhír

Airteagal 25

Airteagal 25

Airteagal 26(1)

Airteagal 28(1)

Airteagal 26(2)

Airteagal 28(2), pointí (c) agus (d)

Airteagal 26(3)

Airteagal 28(3)

Airteagal 26(4)

Airteagal 31

Airteagal 27

Airteagal 29

Airteagal 28(1) agus (2)

Airteagal 30(1) agus (2)

Airteagal 30(3)

Airteagal 29(1)

Airteagal 31(1), an chéad fhomhír

Airteagal 31(1), an dara fomhír

Airteagal 29(2)

Airteagal 31(2)

Airteagal 30

Airteagal 32

Airteagal 31(1)

Airteagal 33(1), an chéad fhomhír

Airteagal 33(1), an dara fomhír

Airteagal 31(2), (3), (4), (5) agus (6)

Airteagal 33(2), (3), (4), (5), (6) agus (7)

Airteagal 32

Airteagal 34

Airteagal 33

Airteagal 26

Airteagal 34

Airteagal 35(1)

Airteagal 35(2)

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 37

Airteagal 38

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 42


(1)  Féach Airteagal 33(2) de Rialachán (AE) 2024/1348.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1347/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)