![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1343 |
21.5.2024 |
MOLADH (AE) 2024/1343 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Bealtaine 2024
maidir le dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá fuinneamh in-athnuaite i gcroílár an aistrithe chuig fuinneamh glan, ar rud é atá riachtanach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach (1), chun go mbeidh fuinneamh inacmhainne agus chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise agus allmhairí fuinnimh a laghdú. Is foinse fáis agus post é freisin agus rannchuidíonn sé le ceannaireacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch an Aontais, rud a threisíonn uathriail straitéiseach an Aontais agus a dhéanann geilleagar an Aontais níos athléimní. Trí dhlús a chur le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh, ní bheidh an tAontas ag brath chomh mór sin ar bhreoslaí iontaise, ar breoslaí iad a allmhairítear go príomha. |
(2) |
Tá sé ríthábhachtach an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a mhéadú go pras chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb maidir le praghsanna arda luaineacha fuinnimh. I bhfianaise na gcostas seasta laghdaithe agus na gcostas inathraitheach atá gar do nialas, ar costais iad a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite, léirítear go bhfuil na costais fuinnimh in-athnuaite níos cobhsaí agus níos ísle ná costais breoslaí iontaise. |
(3) |
Le linn na géarchéime fuinnimh, le leathadh amach luathaithe foinsí in-athnuaite fuinnimh, cruthaíodh gur féidir na rioscaí do shlándáil soláthair an Aontais a laghdú, go háirithe i gcás gáis agus leictreachais, agus chuidigh sé le praghsanna fuinnimh a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais. Maidir le forbairtí ar shlándáil an tsoláthair san Aontas, tá feabhas foriomlán tagtha uirthi ó bhí 2022 ann. Beidh rioscaí nach beag ann fós, áfach, agus tá gá le dlús breise a chur le cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite chun go gcomhlíonfaidh an tAontas cuspóirí an phlean REPowerEU (2). |
(4) |
De ghnáth bíonn tógáil agus oibriú tionscadal fuinnimh in-athnuaite faoi réir údaruithe agus ceadanna riaracháin i ngach Ballstát. Le nósanna imeachta deonaithe ceadanna cuidítear lena áirithiú go mbíonn na tionscadail sin inbhuanaithe, sábháilte agus slán. Mar sin féin, i ngeall ar chastacht agus éagsúlacht na nósanna imeachta sin agus ar an bhfad iomarcach a bhaineann leo go minic, is bacainn mhór iad ar úsáid phras riachtanach fuinnimh in-athnuaite agus ar chóras fuinnimh de chuid an Aontais atá níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe a bhaint amach. |
(5) |
Le moilleanna ar údaruithe tionscadal a phróiseáil, cuirtear baint amach thráthúil na spriocanna fuinnimh agus aeráide i mbaol agus méadaítear na costais a bhaineann leis na tionscadail is gá chun an méid sin a bhaint amach. Trí bhac a chur ar nuálaíocht dhinimiciúil i ngeall ar mhoilleanna d’fhéadfadh sé go suiteálfaí suiteálacha fuinnimh in-athnuaite nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna. |
(6) |
Ar bhonn na taithí a fuarthas trí chur i bhfeidhm Treoir 2001/77/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) tugadh aghaidh ar na fadhbanna sin trí ceanglais fheabhsaithe a thabhairt isteach maidir le heagrú nósanna imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh forbróirí fuinnimh in-athnuaite. Le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), lenar leasaíodh Treoir (AE) 2018/2001, neartaíodh na ceanglais sin a thuilleadh. Má thrasuíonn na Ballstáit uile Treoir (AE) 2023/2413 go hiomlán agus go pras, cuideoidh sé sin go mór le nósanna imeachta riaracháin a ghiorrú agus is ábhar ardtosaíochta agus práinne é. Sa bhreis ar na hathruithe struchtúracha a tugadh isteach le Treoir (AE) 2023/2413, le Rialachán (AE) 2022/2577 (7) ón gComhairle tugadh isteach bearta breise spriocdhírithe práinneacha sealadacha a bhí dírithe ar theicneolaíochtaí sonracha agus ar chineálacha tionscadal. Cuireadh síneadh sealadach le cur i bhfeidhm cuid de na bearta sin le Rialachán (AE) 2024/223 ón gComhairle (8), lenar tugadh isteach bearta nua freisin. Léiríonn na sonraí atá ar fáil gur tháinig méaduithe dhá dhigit ar líon na gceadanna a eisíodh le haghaidh tionscadail ghaoithe ar talamh i roinnt Ballstát ó tháinig Rialachán (AE) 2022/2577 i bhfeidhm mar aon le méadú mór ar chur in úsáid grianfhuinnimh (9). |
(7) |
Tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit trí fhóraim éagsúla ina malartaítear dea-chleachtais chun dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara (10), agus tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chomh maith a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/204 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), lena soláthraítear saineolas teicniúil saincheaptha chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na cinn sin lena gcuíchóirítear an creat le haghaidh próisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite. Is éard atá i gceist leis an tacaíocht theicniúil a sholáthraítear faoi Thionscnamh Suaitheanta 2023 maidir le Dlús a chur le ceadú le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite (12), mar shampla, an acmhainn riaracháin a neartú, na creataí reachtacha a chomhchuibhiú, agus dea-chleachtais ábhartha a chomhroinnt. |
(8) |
Cé go bhfuil tacaíocht leathan ón bpobal ann do chur in úsáid méadaithe fuinnimh in-athnuaite, d’fhéadfadh sé nach mbeadh glacadh ag an bpobal le tionscadail aonair, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar a gcur chun feidhme. Chun aghaidh a thabhairt ar an méid sin, ba cheart riachtanais agus dearcadh na saoránach agus na ngeallsealbhóirí sochaíocha a chur san áireamh ag gach céim d’fhorbairt sna tionscadail fuinnimh in-athnuaite, ó fhorbairt beartas go pleanáil spásúlachta agus forbairt, cur in úsáid agus oibriú tionscadal. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart dea-chleachtais a spreagadh chun dáileadh cóir tionchar agus tairbhí éagsúla suiteálacha a áirithiú i measc an phobail áitiúil, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (13). |
(9) |
Rinneadh formhór na mbacainní a bhaineann le deonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus leis an mbonneagar gaolmhar mar aon le dea-chleachtais chun na bacainní sin a shárú a shainaithint ar leibhéal na mBallstát. |
(10) |
Leis an Moladh seo tugtar aghaidh ar na hábhair imní sin, agus iarrtar leis go dtiocfar ar réitigh laistigh den chreat dlíthiúil atá ann cheana. Tá sé gan dochar do dhlí an Aontais, go háirithe sa réimse fuinnimh agus comhshaoil, agus sa réimse rochtana ar fhaisnéis, rannpháirtíochta poiblí i gcinnteoireacht agus rochtana ar cheartas i gcúrsaí fuinnimh, a bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’) maidir leo. |
(11) |
Ós rud é go bhfuil sé práinneach dlús a chur le cur in úsáid tionscnamh fuinnimh in-athnuaite, ba cheart do na Ballstáit tús a chur le limistéir oiriúnacha thalún agus farraige a shainaithint agus pleananna a ullmhú le haghaidh limistéir atá an-oiriúnach (‘dlúslimistéir in-athnuaiteán’), a luaithe agus is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 15b agus 15c de Threoir (AE) 2018/2001. Foilsíodh treoir thiomnaithe maidir le hainmniú dlúslimistéar in-athnuaiteán in éineacht leis an Moladh seo, i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2024)333. |
(12) |
Is príomhuirlis í an Phleanáil Spásúlachta Mhuirí chun limistéir a shainaithint le fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid iontu amach anseo mar aon le húsáidí iomadúla a éascú maidir leis an spás muirí, lena n-áirítear caomhnú agus cosaint an chomhshaoil mhuirí. Le Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) ceanglaíodh ar na Ballstáit a bplean spásúlachta muirí náisiúnta a ghlacadh faoin 31 Márta 2021. Molann an Coimisiún do na Ballstáit ar fad a shocraigh spriocanna náisiúnta maidir le gaoth amach ón gcósta ina bplean náisiúnta fuinnimh agus aeráide an spás muirí is gá a shainaithint agus a leithdháileadh go luath agus é a chomhtháthú ina bplean spásúlachta muirí. |
(13) |
Le bacainní a eascraíonn as nósanna imeachta deonaithe ceadanna d’fhéadfaí difear a dhéanamh freisin do chur in úsáid amach anseo na dteicneolaíochtaí dícharbónaithe nuálacha is gá le haghaidh na haeráidneodrachta. Maidir le boscaí gainimh rialála a bhunú, is é sin an tástáil, i dtimpeallacht fíorshaoil, ar theicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí nó cuir chuige nuálacha, nach bhfuil go hiomlán i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil agus rialála atá ann cheana, d’fhéadfadh an méid sin tacú leis an nuálaíocht agus oiriúnú na timpeallachta rialála ina dhiaidh sin chun freastal ar na teicneolaíochtaí, na táirgí, na seirbhísí nó na cuir chuige sin a éascú. Thairis sin, pearsanra leordhóthanach leormhaith a áirithiú i gcomhair na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a bhfuil baint acu le measúnuithe comhshaoil agus nósanna imeachta deonaithe ceadanna agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna (15), is coinníollacha cumasúcháin fíor-riachtanacha iad sin chun dlús a chur le forbairt tionscadal agus cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite. |
(14) |
In éineacht leis an Moladh seo, tá an Coimisiún ag cur tacair sonraí atá comhdhlúite go digiteach ar fáil maidir le réimse leathan gnéithe ábhartha fuinnimh agus comhshaoil tríd an tSaotharlann Tíreolaíochta Fuinnimh agus Tionscail (16) (EIGL), chun cuidiú leis na Ballstáit dlúslimistéir in-athnuaiteán a shainaithint chun tionscadail nua fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid go pras. |
(15) |
D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le forbairt luathaithe na n-eangach is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais agus, ar an gcaoi sin, tuilleadh moilleanna ar a chur in úsáid a sheachaint, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta (17) i láthair an 28 Samhain 2023 chun a áirithiú go n-oibreoidh eangacha leictreachais ar bhealach níos éifeachtúla agus go ndéanfar iad a rolladh amach a thuilleadh agus níos tapúla san Aontas. |
(16) |
Díríonn roinnt gníomhaíochtaí de chuid an phlean sin ar dhlús a chur le cur chun feidhme na n-eangach trí dheonú ceadanna níos tapúla, pleanáil fhadtéarmach agus intuarthacht, agus feabhas a chur ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí, rud a chomhlánaíonn na forálacha maidir le dlús a chur le fuinneamh in-athnuaite. |
(17) |
Le Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) leagtar síos go ndeonófar an stádas tábhachta náisiúnta is airde is féidir ar thionscadail leasa choitinn agus tionscadail leasa fhrithpháirtigh, i gcás ina bhfuil stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta, agus go gcaithfear leo go hiomchuí sna próisis deonaithe ceadanna. Gach nós imeachta réitithe díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann le tionscadail ar liosta an Aontais os comhair aon chúirt náisiúnta, aon bhinse náisiúnta nó aon phainéal náisiúnta, lena n-áirítear idirghabháil nó eadráin, i gcás inarb ann dóibh sa dlí náisiúnta, láimhseálfar iad mar ábhar práinne, a mhéid is féidir faoin dlí náisiúnta. |
(18) |
Cuirtear an Moladh seo in ionad Mholadh an 18 Bealtaine 2022 (19) maidir le dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta a éascú, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
SAINMHÍNITHE
1. |
Chun críocha an Mholta seo ba cheart a thuiscint gurb é atá i gceist le tionscadail fuinnimh in-athnuaite gléasraí táirgthe chun fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint (20), lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite i bhfoirm hidrigin in-athnuaite, mar aon leis na sócmhainní is gá chun iad a nascadh leis an eangach agus chun an fuinneamh a thairgtear a stóráil. An bonneagar gaolmhar, dá dtagraítear sa Mholadh seo, ba cheart a thuiscint gurb iad atá i gceist leis líonraí leictreachais, gáis agus teasa nó sócmhainní stórála a bhfuil gá leo chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras fuinnimh. |
NÓSANNA IMEACHTA ATÁ NÍOS TAPÚLA AGUS NÍOS GIORRA
2. |
I gcás pleanáil, tógáil agus oibriú tionscadal fuinnimh in-athnuaite agus tionscadal bonneagair gaolmhar, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh siad incháilithe le haghaidh an nós imeachta is fabhraí ina bpleanáil agus ina nósanna imeachta deonaithe ceadanna. Go háirithe, a mhéid a bhaineann le tionscadail forbartha líonra, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an stádas tábhachta náisiúnta is airde is féidir ag na tionscadail sin uile, i gcás ina bhfuil stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta, agus na buntáistí ar fad a eascraíonn as sin in aon imeacht riaracháin nó dlíthiúil. |
3. |
Gan dochar do sprioc-amanna ceadaithe Threoir (AE) 2018/2001, arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413, ba cheart do na Ballstáit sprioc-amanna atá sainithe go soiléir agus atá chomh gearr agus is féidir a bhunú le haghaidh na gcéimeanna uile is gá maidir le ceadanna a dheonú chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara a thógáil agus a oibriú, agus ba cheart dóibh na cásanna inar féidir síneadh a chur leis na sprioc-amanna sin agus na coinníollacha a bhaineann leis sin a shonrú. Ba cheart do an Ballstáit sprioc-amanna uasta ceangailteacha a bhunú le haghaidh gach céime ábhartha den nós imeachta um mheasúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol chun a áirithiú go gcomhlíonfar na sprioc-amanna a shainítear i dTreoir (AE) 2018/2001. |
4. |
Ba cheart do na Ballstáit tráthchláir a bhunú agus rialacha sonracha nós imeachta a leagan síos d’fhonn éifeachtúlacht na n-imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le rochtain ar cheartas le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara a áirithiú. |
5. |
Ba cheart do na Ballstáit próiseas aonair aontaithe iarratais a chruthú i gcomhair an phróisis iomláin riaracháin maidir le hiarratas a dhéanamh ar chead agus cead a dheonú le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite. Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’iarratais chomhuaineacha thar iarratais sheicheamhacha má tá gá le húdaruithe éagsúla, lena n-áirítear é sin a dhéanamh le haghaidh tionscadail ghaolmhara nasctha eangaí. |
6. |
Ba cheart do na Ballstáit a cheadú d’iarratasóirí sonraíochtaí teicneolaíochta a dtionscadal a thabhairt cothrom le dáta san am idir an t-iarratas ar chead a chur isteach agus na tionscadail a thógáil chun glacadh teicneolaíochtaí nuálacha a éascú. |
7. |
Agus na moltaí faoi phointí (2) go (6) á gcur chun feidhme, moltar do na Ballstáit na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i roinn 2 den treoir sa Doiciméad Inmheánach Oibre atá nasctha leis an Moladh seo a chur san áireamh (21). |
RANNPHÁIRTÍOCHT NA SAORÁNACH AGUS AN PHOBAIL A ÉASCÚ
8. |
Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta deonaithe ceadanna simplithe a chur i bhfeidhm le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh ar mionscála agus féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear ceanglais níos éadroime maidir le toiliú, amhail tromlaigh laghdaithe, chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a shuiteáil i bhfoirgnimh il-áitribh, nó iad a sheachaint ina n-iomláine. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ar fhaisnéis i ndáil le nósanna imeachta deonaithe ceadanna agus ceanglais maidir le toiliú ag tomhaltóirí atá toilteanach ar bheith rannpháirteach i bhféintomhaltas foinsí in-athnuaite fuinnimh. |
9. |
Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht na saoránach a spreagadh, lena n-áirítear rannpháirtíocht ó theaghlaigh atá ar ioncam íseal agus ar mheánioncam, mar aon le rannpháirtíocht na bpobal fuinnimh i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara, chomh maith le bearta a dhéanamh chun cur ar aghaidh thairbhí an aistrithe fuinnimh chuig na pobail áitiúla a spreagadh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí rannpháirtíocht i bpobail fuinnimh nó struchtúir chomhúinéireachta eile. I ndáil leis sin, moltar do na Ballstáit cloí le colúin an ‘Chomhshocraithe um Rannpháirtíocht chun rannpháirtíocht luath, thráthrialta agus bhríoch le páirtithe leasmhara i bhforbairt eangaí a áirithiú’ a fógraíodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le Plean Gníomhaíochta de chuid an Aontais um Eangacha agus na cleachtais rannpháirtíochta atá ann faoi láthair i leith an phobail a threisiú chun próiseas tráthrialta a áirithiú ina mbaintear leas as muinín agus rannpháirtíocht i bhforbairt eangaí agus ina dtugtar aghaidh ar an tionchar ar phobail agus ar an dúlra, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt air sin trí thairbhí a chomhroinnt agus a dháileadh. |
10. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-eagrófar éisteachtaí poiblí, nó deiseanna eile rannpháirtíochta le haghaidh geallsealbhóirí, go luath agus go tráthrialta sa nós imeachta deartha agus pleanála nuair is féidir leo tionchar a imirt fós ar shuíomh, ródúchán nó teicneolaíocht sócmhainní líonra. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh éisteachtaí poiblí agus tionscnaimh eile i ndáil le rannpháirtíocht geallsealbhóirí cuimsitheach agus inrochtana, rud a chuirfidh ar a chumas don phobal idirghníomhú go tráthúil leis na tionscnóirí tionscadail agus leis na cinnteoirí, agus a spreagfaidh rannpháirtíocht ghníomhach i ngach céim d’fhorbairt, cur in úsáid agus oibriú tionscadail. |
11. |
Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta deonaithe ceadanna simplithe agus ceanglais chomhréireacha maidir le deonú ceadanna le haghaidh pobail fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh saoránach a chur chun feidhme, lena n-áirítear é sin a dhéanamh maidir le nascadh gléasraí faoi úinéireacht an phobail leis an eangach agus ba cheart dóibh nósanna imeachta um cheadúnú táirgthe agus ceanglais maidir le ceadúnú tairgthe a laghdú a mhéid is féidir, agus comhlíonadh dhlí an Aontais á áirithiú an tráth céanna. |
12. |
Agus na moltaí faoi phointí (8) go (11) á gcur chun feidhme, moltar do na Ballstáit na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i roinn 5, pointe (c), agus roinn 6, pointe (a), den treoir sa Doiciméad Inmheánach Oibre atá nasctha leis an Moladh seo a chur san áireamh (22). |
FEABHAS A CHUR AR AN gCOMHORDÚ INMHEÁNACH
13. |
Ba cheart do na Ballstáit comhordú éifeachtach a áirithiú idir na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus bhardadacha maidir le róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil, mar aon le cuíchóiriú na reachtaíochta, na rialachán agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus leis an mbonneagar gaolmhar a údarú. |
14. |
Ba cheart do na Ballstáit pointí teagmhála aonair a dhearadh chun ceadanna a dheonú le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail leasa choitinn agus tionscadail leasa fhrithpháirtigh a cheanglaítear le Treoir (AE) 2018/2001 agus le Rialachán (AE) 2022/869, faoi seach, ar bhealach lena ndéanfaí líon na n-údarás lena mbaineann a theorannú go dtí an líon is gá. Ba cheart do na Ballstáit an éifeachtúlacht a uasmhéadú, agus na tairbhí a bhaineann le saineolas teicneolaíoch, comhshaoil agus dlíthiúil a chomhchruinniú á gcur san áireamh. |
15. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na pointí teagmhála aonair idirghabháil ar mhalartuithe idir forbróirí tionscadail agus údaráis ábhartha eile chun léirmhíniú aonfhoirmeach ar rialacha maidir le deonú ceadanna agus ar fhothú acmhainneachta a áirithiú sna húdaráis uile lena mbaineann. |
16. |
Ba cheart do na Ballstáit malartuithe a dhreasú idir na pointí teagmhála aonair agus údaráis ábhartha eile maidir leis na riachtanais agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le deonú ceadanna le haghaidh na dtionscadal, díreach tar éis thús an phróisis deonaithe ceadanna. |
17. |
Ba cheart do na Ballstáit, lasmuigh de dhlúslimistéir in-athnuaiteán freisin agus leis na coimircí is gá, rialacha a thabhairt isteach chun iarmhairtí a shannadh i leith aon mhoill nó easpa gníomhaíochta de chuid údaráis riaracháin, amhail formheas intuigthe céimeanna idirmheánacha a thabhairt isteach nuair nach bhfuarthas freagra sainráite ón údarás inniúil nó ó na húdaráis inniúla laistigh de na sprioc-amanna atá leagtha síos. |
18. |
Agus na moltaí faoi phointí (13) go (17) á gcur chun feidhme, moltar do na Ballstáit na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i roinn 3 den treoir sa Doiciméad Inmheánach Oibre atá nasctha leis an Moladh seo a chur san áireamh (23). |
NÓSANNA IMEACHTA SOILÉIRE, TRÉDHEARCACHA AGUS DIGITITHE
19. |
Ba cheart do na Ballstáit faisnéis shoiléir, iomlán agus thrédhearcach a chur in iúl do na hiarratasóirí maidir leis na ceanglais agus na céimeanna nós imeachta uile, lena n-áirítear nósanna imeachta um ghearáin (24), ag tús an nós imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara. |
20. |
Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta lándigiteacha deonaithe ceadanna agus cumarsáid leictreonach a thabhairt isteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 21 Samhain 2025 de réir Airteagal 16, mír 3, de Threoir (AE) 2018/2001. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na sprioc-amanna a leagtar síos agus chun iarratasóirí a chur ar an eolas faoi stádas a n-iarratais. Ba cheart a áireamh sa lámhleabhar nósanna imeachta ar líne atá le cur ar fáil d’fhorbróirí tionscadail de réir Airteagal 16, mír 4, de Threoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear é a chur ar fáil tríd an tairseach YourEurope (25), tuairisc sheicheamhach shoiléir ar na céimeanna agus na sprioc-amanna ceangailteacha le haghaidh gach céime den phróiseas deonaithe ceadanna, ina sonraítear fad uasta gach sínidh leis, teimpléid le haghaidh iarratas, staidéir chomhshaoil agus sonraí, chomh maithe le faisnéis faoi na roghanna le haghaidh rannpháirtíocht phoiblí agus maidir le muirir riaracháin. |
21. |
Ba cheart do na Ballstáit féachaint freisin ar úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí nua, amhail an intleacht shaorga agus sonraí geospásúla, chun a fháil amach cé na réimsí inar féidir dlús a chur le próiseáil faisnéise agus í a uathoibriú agus sonraí a fhaightear trí mhodhanna eile a chur in ionad tuairisciú ó thionscnóirí tionscadail, agus ar an gcaoi sin an t-ualach ar thionscnóirí tionscadail a laghdú agus dlús á chur leis an nós imeachta deonaithe ceadanna an tráth céanna. |
22. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéileálfar le tionscadail a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo ar an leibhéal náisiúnta, agus baint a bheith ag aon údarás áitiúil lena mbaineann leis, de réir mar is iomchuí. |
23. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara plé déthaobhach le forbróirí agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis áitiúla go luath sa phróiseas pleanála chun measúnú a dhéanamh ar na riachtanais a bhaineann le ceadú an tionscadail agus le comhairliúchán poiblí, chomh maith leis na bearta maolaithe is gá chun an tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú, rud a mbeadh tarraingt suas sceidil ceadaithe chuimsithigh mar thoradh air, más féidir. |
24. |
Agus na moltaí faoi phointí (19) go (23) á gcur chun feidhme, moltar do na Ballstáit na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i roinn 3 den treoir sa Doiciméad Inmheánach Oibre atá nasctha leis an Moladh seo a chur san áireamh (26). |
ACMHAINNÍ DAONNA AGUS SCILEANNA LEORDHÓTHANACHA
25. |
Ba cheart do na Ballstáit pearsanra leordhóthanach leormhaith a áirithiú, a bhfuil na scileanna agus na cáilíochtaí ábhartha acu, le haghaidh a n-eintiteas deonaithe ceadanna agus a n-údarás atá i gceannas ar mheasúnuithe comhshaoil a dhéanamh. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta na n-earnálacha lena mbaineann, ar ionaid bairr feabhais náisiúnta le haghaidh oiliúint théamach chomh maith le hardáin le haghaidh malartú idir údaráis deonaithe ceadanna a bhunú. |
26. |
Ba cheart do na Ballstáit maoiniú leordhóthanach cuí a áirithiú d’údaráis deonaithe ceadanna agus úsáid a bhaint as na deiseanna cistiúcháin de chuid an Aontais agus náisiúnta atá ar fáil don uasoiliúint agus don athoiliúint, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, agus dul i gcomhar leis na Comhpháirtíochtaí Scileanna ar Mhórscála a bunaíodh faoin gComhshocrú um Scileanna sna Éiceachórais Fuinnimh In-Athnuaite ar Talamh agus amach ón gCósta (27) chun an bhearna scileanna atá ag baill foirne a bhíonn ag obair ar nósanna imeachta deonaithe ceadanna agus ar mheasúnuithe comhshaoil a dhúnadh. |
27. |
Agus na moltaí faoi phointí (25) agus (26) á gcur chun feidhme, moltar do na Ballstáit na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i roinn 4 den treoir sa Doiciméad Inmheánach Oibre atá nasctha leis an Moladh seo a chur san áireamh (28). |
SUÍOMHANNA NA dTIONSCADAL A SHAINAITHINT AGUS A PHLEANÁIL AR BHEALACH NÍOS FEARR
28. |
Chun críocha na n-oibleagáidí mapála in Airteagal 15b agus 15c de Threoir (AE) 2018/2001, ba cheart do na Ballstáit bacainní rialála a bhaint go pras, bearnaí sonraí a shainaithint agus rannpháirtíocht luath na ngeallsealbhóirí ábhartha a áirithiú chun bailiú sonraí comhshaoil a éascú agus feabhas a chur ar thacaíocht phoiblí. Chun na críche sin, spreagtar na Ballstáit le húsáid a bhaint as na tacair sonraí nuashonraithe atá le fáil sa tSaotharlann Tíreolaíochta Fuinnimh agus Tionscail (29) (‘EIGL’) agus sa Chóras Faisnéise Geografaí Fótavoltachais (30) (‘PVGIS’) agus iad a chomhlánú a thuilleadh le tacair sonraí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach. |
29. |
Ba cheart do na Ballstáit na limistéir nach féidir fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt iontu (‘limistéir eisiata’) a theorannú don mhéid íosta lena bhfuil gá. Ba cheart dóibh faisnéis shoiléir thrédhearcach a sholáthar mar aon le bunús réasúnaithe le srianta a bhaineann le gaireacht do thithíocht agus do limistéir mhíleata agus limistéir eitlíochta sibhialta. Ba cheart na srianta sin a bhunú ar fhianaise agus a dhearadh ar bhealach lena gcomhlíontar an cuspóir atá beartaithe dóibh agus an tráth céanna an infhaighteacht spáis maidir le forbairt tionscadal fuinnimh in-athnuaite a uasmhéadú, agus srianta eile maidir le pleanáil spásúlachta á gcur san áireamh. |
30. |
Ba cheart do na Ballstáit na ceanglais maidir le measúnuithe comhshaoil le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara a chuíchóiriú. Chuige sin, ba cheart dóibh treoir theicniúil atá ar fáil a chur i bhfeidhm maidir le réiteach a dhéanamh idir cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite agus eangacha lena mbaineann agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit céim shainordaitheach a dhéanamh as scóipiú (31) le haghaidh tionscadail bhonneagair ghaolmhara freisin chun feabhas a chur ar cháilíocht an phróisis measúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol. Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta comhpháirteacha nó comhordaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na measúnuithe ábhartha uile a eascraíonn as dlí comhshaoil an Aontais. |
31. |
Ba cheart do na Ballstáit comhroinnt sonraí ó mheasúnuithe comhshaoil a rinneadh roimhe seo agus ón bhfaireachán ar thionchair chomhshaoil tionscadal fuinnimh in-athnuaite agus tionscadal bonneagair gaolmhar a éascú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí dhigitiú na sonraí sin i dtairseach atá inrochtana go poiblí. Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar a n-iarrachtaí chun bearnaí eolais a líonadh maidir le dáileadh agus riocht na ngnáthóg cosanta, chomh maith le conairí dáileacháin agus imirce speiceas, go háirithe sa mhuirthimpeallacht, agus a áirithiú go mbeidh sonraí faireacháin ar fáil go tapa don phobal agus go háirithe do thionscnóirí tionscadail. |
32. |
Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht luath an phobail a spreagadh chun pleananna spásúlachta a shainiú, úsáidí iomadúla láithreán a chur chun cinn agus trédhearcacht a áirithiú maidir leis an áit agus maidir leis an gcaoi a bhféadfaí tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus an bonneagar gaolmhar a thógáil nó a shuiteáil, lena n-áirítear suiteálacha ar mionscála ar an leibhéal bardasach. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le pleanáil fhadtéarmach chomhordaithe oirchilleach a dhéanamh ar gach leibhéal maidir leis na líonraí, an stóráil agus na hacmhainneachtaí i ndáil le giniúint fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear féachaint leis sin a dhéanamh i gcomhthéacs an chomhair réigiúnaigh. |
33. |
Agus na moltaí faoi phointí (28) go (32) á gcur chun feidhme, moltar do na Ballstáit na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i roinn 5 den treoir sa Doiciméad Inmheánach Oibre atá nasctha leis an Moladh seo a chur san áireamh (32). |
NASC LÍONRA NÍOS ÉASCA AGUS ÚSÁID ÉIFEACHTÚIL LÍONRAÍ
34. |
Ba cheart do na Ballstáit pleanáil fhadtéarmach líonra agus infheistíocht oirchilleacha chur chun feidhme atá i gcomhréir leis an méadú atá beartaithe ar acmhainneachtaí táirgthe fuinnimh in-athnuaite, agus an t-éileamh a bheidh ann amach anseo agus an cuspóir maidir le haeráidneodracht á gcur san áireamh. |
35. |
Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta simplithe a bhunú chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana a athchumhachtú, lena n-áirítear á sin a dhéanamh trí shoiléiriú a dhéanamh ar na srianta is infheidhme ar úsáid talún agus ar na ceanglais achair agus trí threoirlínte a eisiúint maidir leis an gcaoi ar cheart déileáil leis an difríocht idir athchumhachtú agus tionscadail nua sa chreat náisiúnta. |
36. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na hoibreoirí córas an méid seo a leanas:
|
37. |
A luaithe a ghlacfar í, ba cheart do na Ballstáit an Treoir athmhúnlaithe maidir leis an Margadh Gáis (33) a thrasuí go pras sa dlí náisiúnta chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir leis na píblínte gáis nádúrtha a athúsáid le haghaidh hidrigine trína chur in iúl go soiléir cé na húdaruithe nua a d’fhéadfadh gá a bheith leo agus trí mharthanú na n-údaruithe atá acu cheana a cheadú. |
38. |
Agus na moltaí faoi phointí (34) go (37) á gcur chun feidhme, moltar do na Ballstáit na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i roinn 6 den treoir sa Doiciméad Inmheánach Oibre atá nasctha leis an Moladh seo a chur san áireamh (34). |
TIONSCADAIL NUÁLACHA
39. |
Spreagtar na Ballstáit le boscaí gainimh rialála a chur i bhfeidhm chun díolúintí spriocdhírithe a dheonú ón gcreat reachtach nó rialála náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil le haghaidh teicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí nó cuir chuige nuálacha, chun deonú ceadanna a éascú d’fhonn tacú le cur in úsáid agus comhtháthú córas fuinnimh in-athnuaite, le heangaí lena mbaineann, le stóráil agus le teicneolaíochtaí eile dícharbónaithe, agus chun deonú ceadanna a éascú le haghaidh láithreáin tástála i gcomhair teicneolaíochtaí nua. |
FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS ATHBHREITHNIÚ
40. |
Ba cheart do na Ballstáit pointe teagmhála a bhunú le haghaidh forbróirí tionscadail agus le haghaidh an Choimisiúin, a mbeidh sé de chúram air faireachán tráthrialta a dhéanamh ar na príomhbhaic sa phróiseas deonaithe ceadanna agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a dtugann forbróirí tionscadal fuinnimh in-athnuaite agus tionscadal bonneagair gaolmhar aghaidh orthu. Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar na tionchair fostaíochta, shóisialta agus dáileacháin a bhaineann le forbairt agus cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (35). |
41. |
Ba cheart do na Ballstáit iniúchadh a dhéanamh ar a nósanna imeachta deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus maidir leis an mbonneagar gaolmhar, agus na próisis agus na húdaráis lena mbaineann a mhapáil, agus meastóireachtaí tráthrialta a dhéanamh chun bearta a chinneadh agus a chur chun feidhme chun dlús a chur leis na nósanna imeachta sin. |
42. |
Moltar do na Ballstáit a chur in iúl don Choimisiún, go háirithe mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn atá le cur isteach de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), an fhaisnéis mhionsonraithe ar fad maidir leis na bearta náisiúnta a rinneadh i gcomhthéacs an Mholta seo. |
43. |
Agus faisnéis a chuirfidh na Ballstáit isteach á cur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Mholta seo agus measúnú á dhéanamh aige, faoin 21 Samhain 2025, de bhun Threoir (AE) 2018/2001, ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le bearta breise chun tacú leis na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta deonaithe ceadanna dá bhforáiltear sa Treoir sin, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí eochairtháscairí feidhmíochta táscacha a fhorbairt. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) COM(2019) 640 final
(2) COM(2022) 230 final
(3) Treoir 2001/77/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 maidir le leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn sa mhargadh inmheánach leictreachais (IO L 283, 27.10.2001, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/77/oj).
(4) Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 2001/77/CE agus 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/28/oj).
(5) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).
(6) Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj)
(7) Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite (IO L 335, 29.12.2022, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2577/oj).
(8) Rialachán (AE) 2024/223 ón gComhairle an 22 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2577 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite (IO L 2024/223, 10.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/223/oj).
(9) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite, COM(2023) 764 final.
(10) Áirítear orthu sin an sainghrúpa neamhfhoirmiúil maidir le dlús a chur le ceadú le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite, an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair, an Ghníomhaíocht Chomhbheartaithe CA-RES, na sainghrúpaí maidir leis an measúnú straitéiseach comhshaoil/measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus maidir le pleanáil spásúlachta mhuirí, agus na Grúpaí Ardleibhéil réigiúnacha amhail Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh, an Phlean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach agus CESEC chomh maith leis an bpobal cleachtais Comhtháthú le haghaidh Aistrithe – C4T.
(11) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/240/oj).
(12) https://reform-support.ec.europa.eu/accelerating-permitting-renewable-energy_en
(13) Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35).
(14) Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat don phleanáil spásúlachta mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/89/oj).
(15) I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin um ghanntanais saothair agus scileanna san Aontas, COM (2024) 131 final.
(16) https://energy-industry-geolab.jrc.ec.europa.eu/
(17) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Eangacha, an nasc atá ar iarraidh: Plean Gníomhaíochta an Aontais le haghaidh Eangach, COM/2023/757 final.
(18) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj).
(19) C(2022)3219 final.
(20) Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara fomhír, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001.
(21) Treoraíocht le haghaidh na mBallstát maidir le dea-chleachtais chun dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara, SWD(2024)124.
(22) SWD(2024)124
(23) SWD(2024)124
(24) Féach, mar shampla, an achoimre ar na rialacha náisiúnta ábhartha uile maidir le láimhseáil gearán comhshaoil a chuirtear i láthair ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir:
https://e-justice.europa.eu/300/EN/access_to_justice_in_environmental_matters.
(25) Cumhdaítear nósanna imeachta deonaithe ceadanna leis an bpointe maidir le gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1724/oj).
(26) SWD(2024)124
(27) https://pact-for-skills.ec.europa.eu/about/industrial-ecosystems-and-partnerships/renewables_en
(28) SWD(2024)124
(29) https://ec.europa.eu/energy-industry-geography-lab
(30) https://joint-research-centre.ec.europa.eu/photovoltaic-geographical-information-system-pvgis_en
(31) Ciallaíonn scóipiú tuairim a thabhairt maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise comhshaoil a bheidh le cur isteach i bhfoirm tuarascáil mheasúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol.
(32) SWD(2024)124
(33) Níor glacadh go fóill í. D’fhormheas Parlaimint na hEorpa é (https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2024-0283_GA.html), ach tá glacadh na Comhairle fós ar feitheamh.
(34) SWD(2024)124
(35) Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú.
(36) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1343/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)