|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1334 |
17.5.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1334 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Meán Fómhair 2023
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne lena leasaítear an Comhaontú trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh AE 2023/2216 ón gComhairle (2), i dtaca leis an gComhaontú trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne lena leasaítear an Comhaontú trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (‘an Comhaontú’), síníodh é thar ceann an Aontais an 4 Nollaig 2023, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
|
(2) |
Is é is cuspóir don Chomhaontú an Comhaontú idir an tAontas agus Poblacht na hAirgintíne (3) a síníodh an 10 Bealtaine 2021 a leasú i ndáil le méid dhá tharaif-chuóta agus foráil a dhéanamh maidir le cionroinnt na dtaraif-chuóta a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, de bhun Airteagal XXVIII de CGTT 1994. |
|
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne lena leasaítear an Comhaontú trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (4).
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear sa Chomhaontú.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Toiliú ó 10 Aibreán 2024.
(2) Cinneadh (AE) 2023/2216 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne lena leasaítear an Comhaontú trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L, 2023/2216, 18.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2216/oj).
(3) Comhaontú trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 264, 26.7.2021, lch. 3).
(4) Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2024/1326, 17.5.2024, . ELI: http://data.europa.eu/agree_internal/2024/1326/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1334/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)