|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1331 |
14.5.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1331 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Feabhra 2024
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an réamhtheachtaí drugaí (2-(3,4-meitiléindé-ocsaifeinil)aicéitil)malónáit iseapróipilidéine (IMDPAM) agus substaintí eile a chur le liosta na substaintí sceidealaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (1), agus go háirithe Airteagal 15 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha maidir le faireachán ar thrádáil na réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha (2), agus go háirithe Airteagal 30a de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 bearta maidir le faireachán ar thrádáil na réamhtheachtaithe drugaí laistigh den Aontas, agus rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 trádáil na réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, i ngach ceann de na hIarscríbhinní sin tá liosta de shubstaintí sceidealaithe, substaintí atá faoi réir roinnt beart comhchuibhithe rialaithe agus faireacháin dá bhforáiltear leis na Rialacháin sin. |
|
(2) |
Thuairiscigh na húdaráis inniúla náisiúnta go ndearnadh salann sóidiam (2-(3,4-meitiléindé-ocsaifeinil)aicéitil)malónáit iseapróipilidéine (IMDPAM) a urghabháil i gcomhthéacs monarú aindleathach drugaí támhshuanacha. |
|
(3) |
Úsáidtear IMDPAM chun 3,4-meitiléindé-ocsaifeinilprópán-2-ón a tháirgeadh, agus is réamhtheachtaí é sin de chuid 3,4-meitiléindé-ocsaimeitilamfataimín (MDMA), ar a dtugtar ‘eacstais’ de ghnáth. |
|
(4) |
Tá MDMA ar na drugaí is coitianta a tháirgtear go haindleathach san Aontas. Is eol go mbaineann rioscaí suntasacha leis do shláinte an duine. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart IMDPAM a áireamh ar liosta na substaintí sceidealaithe ar leibhéal an Aontais chun an rialú agus an faireachán air a threisiú. |
|
(6) |
Ina theannta sin, sainaithníodh seacht n-eistear d’aigéad 2-meitil-3-feiniolocsaíorán-2-carbocsaileach (aigéad glicideach BMK) agus sé eistear d’aigéad 3-(1,3-beinsidhé-ocsól-5-il)-2-meitiolocsaíorán-2-carbocsaileach (aigéad glicideach PMK)) mar ionadaigh fhéideartha ar aigéad glicideach BMK agus ar aigéad glicideach PMK i dtáirgeadh aindleathach drugaí. Is féidir na heistir sin a dhearadh go héasca chun na bearta rialaithe agus faireacháin is infheidhme maidir le haigéad glicideach BMK agus maidir le haigéad glicideach PMK a sheachaint, ar substaintí sceidealaithe Chatagóir 1 iad. Ina theannta sin, is féidir iad a thiontú go héasca ina dhá shubstaint sceidealaithe. Chun an rialú agus an faireachán orthu a áirithiú, ba cheart na heistir faoi seach a chur le liosta na substaintí sceidealaithe i Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus i Rialachán (CE) Uimh. 111/2005. |
|
(7) |
Na substaintí sceidealaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, roinntear iad ina gcatagóirí, catagóirí dá gcuirtear bearta éagsúla i bhfeidhm, ionas go mbainfear cothromaíocht chomhréireach amach idir leibhéal na bagartha a bhaineann le gach substaint faoi seach agus an t-ualach ar an trádáil dhleathach. Cuirtear na bearta rialaithe agus faireacháin is doichte i bhfeidhm maidir leis na substaintí i gCatagóir 1. |
|
(8) |
Bagairt mhór ar an tsláinte shóisialta agus phoiblí san Aontas is ea IMDPAM agus na heistir shainaitheanta d’aigéad glicideach BMK agus d’aigéad glicideach PMK. Ní heol aon táirgeadh, trádáil ná úsáid dhleathach a bheith i gceist leo, ach amháin chun críocha an taighde. Dá bhrí sin, dá gcuirfí na substaintí sin i gCatagóir 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus i gCatagóir 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, is freagairt leordhóthanach a bheadh ansin chun cosc a chur ar a n-úsáid i monarú aindleathach na ndrugaí támhshuanacha agus, san am céanna, gan aon ualach mór riaracháin breise a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha agus ar na húdaráis inniúla san Aontas. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 273/2004 agus (CE) Uimh. 111/2005 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1577 (3) ón gCoimisiún athaicmíodh fosfar dearg san Ainmníocht Chomhcheangailte (‘AC’). Dá bhrí sin, ba cheart na cóid AC i Rialacháin (CE) Uimh. 273/2004 agus (CE) Uimh. 111/2005 a leasú dá réir. |
|
(11) |
Le comhéifeacht Rialacháin (CE) Uimh. 273/2004 agus (CE) Uimh. 111/2005, cuirtear i bhfeidhm forálacha áirithe de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha, arna dhéanamh i Vín an 20 Nollaig 1988 agus arna fhormheas le Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle (4). I bhfianaise an dlúthcheangail shubstaintigh idir na cumhachtuithe atá sa dá Rialachán sin, is iomchuí na leasuithe a ghlacadh trí bhíthin aon ghnímh tharmligthe amháin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 273/2004
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 111/2005
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Feabhra 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 47, 18.2.2004, lch. 1.
(2) IO L 22, 26.1.2005, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1577 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 361, 30.10.2020).
(4) Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1990 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a thabhairt i gcrích thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 326, 24.11.1990, lch. 56).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear an tábla ‘Catagóir 1’ mar a leanas;
|
|
(2) |
sa tábla ‘Fochatagóir 2A’, san iontráil ‘Fosfar dearg’, cuirtear an Cód AC ‘2804 70 10’ in ionad an Chóid AC ‘2804 70 00’. |
(*1) agus a eistir eitile, mheitile (Uimh. CAS 80532-66-7), phróipile, iseapróipile, bhúitile, iseabúitile, thán-búitile agus threas-búitile, ag a bhfuil an cód AC céanna agus atá ag aigéad glicideach BMK.’;
(*2) agus a eistir eitile (Uimh. CAS 28578-16-7), mheitile (Uimh. CAS 13605-48-6), phróipile, iseapróipile, bhúitile, iseabúitile, thán-búitile agus threas-búitile, ag a bhfuil an cód AC céanna agus atá ag aigéad glicideach PMK.’;
(*3) dá ngairtear freisin 5-[2-(1,3-beinsidhé-ocsól-5-il)aicéitil]–2,2-démheitil–1,3-dé-ocsán–4,6-dé-ón, de réir IUPAC (Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí).’;
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear an tábla ‘Catagóir 1’ mar a leanas:
|
|
(2) |
sa tábla ‘Catagóir 2’, san iontráil ‘Fosfar dearg’, cuirtear an Cód AC ‘2804 70 10’ in ionad an Chóid AC ‘2804 70 00’. |
(*1) agus a eistir eitile, mheitile (Uimh. CAS 80532-66-7), phróipile, iseapróipile, bhúitile, iseabúitile, thán-búitile agus threas-búitile, ag a bhfuil an cód AC céanna agus atá ag aigéad glicideach BMK.’;
(*2) agus a eistir eitile (Uimh. CAS 28578-16-7), mheitile (Uimh. CAS 13605-48-6), phróipile, iseapróipile, bhúitile, iseabúitile, thán-búitile agus threas-búitile, ag a bhfuil an cód AC céanna agus atá ag aigéad glicideach PMK.’;
(*3) dá ngairtear freisin 5-[2-(1,3-beinsidhé-ocsól-5-il)aicéitil]–2,2-démheitil–1,3-dé-ocsán–4,6-dé-ón, de réir IUPAC (Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí).’;
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1331/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)