European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1329

15.5.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1329 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Bealtaine 2024

lena leasaítear agus lena gceartaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le cosc agus cosaint ar phléascanna in atmaisféir phléascacha, trealamh a bhaineann le léasair, codanna de chórais rialaithe a bhaineann le sábháilteacht, meaisíní plaistice agus rubair, feithiclí bailithe dramhaíola, trealamh tacaíochta ar thalamh d’aerárthaí, trucailí tionsclaíocha gan tiománaithe agus a gcórais, rothair leictreacha, criosanna iompair do spórt an gheimhridh nó d’úsáid turasóireachta, trucailí arna dtiomáint ag coisithe, meaisíní adhmadóireachta próifílithe agus tionúraithe, tarracóirí agus innealra le haghaidh talmhaíochta agus foraoiseachta, fearais folúsphacáistithe tráchtála, feistis cuisnithe tráchtála agus déantóirí oighir, deimhis féir agus innealra gairdín a oibrítear le mótar faoi rialú coisithe a shiúlann ar a gcúl

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

Ag féachaint do Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (2), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2006/42/CE, innealra a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil an t-innealra sin i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.

(2)

Le litir M/396 an 19 Nollaig 2006, chuir an Coimisiún iarraidh faoi bhráid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) agus Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) (‘an Iarraidh’) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2006/42/CE, agus go gcuirfí an obair ar na caighdeáin sin i gcrích, ionas go gcuirfí athruithe san áireamh a tugadh isteach leis an Treoir sin i gcomparáid le Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

Ar bhonn na hIarrata sin, dhréachtaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas: EN ISO 3691-4:2023 maidir le ceanglais sábháilteachta agus fíorú trucailí tionsclaíocha gan tiománaí agus a gcórais, EN ISO 19085-12:2021 agus an leasú a rinneadh air, EN ISO 19085-12:2021/A11:2023, maidir le sábháilteacht meaisíní adhmadóireachta tionúraithe agus próifílithe, EN ISO 25119-1:2023 agus an leasú a rinneadh air, EN ISO 25119-1:2023/A1:2023, maidir le prionsabail ghinearálta páirteanna córais smachta bainteacha le sábháilteacht de chuid tarracóirí agus innealra le haghaidh talmhaíochta agus foraoiseachta, EN ISO 25119-2:2023 maidir le céim choincheapa pháirteanna córais smachta bainteacha le sábháilteacht de chuid tarracóirí agus innealra le haghaidh talmhaíochta agus foraoiseachta, EN ISO 25119-3:2023 agus an leasú a rinneadh air, EN ISO 25119-3:2023/A1:2023, maidir le forbairt sraithe, crua-earraí agus bogearraí tarracóirí agus innealra le haghaidh talmhaíochta agus foraoiseachta, EN ISO 25119-4:2023 agus an leasú a rinneadh air, EN ISO 25119-4:2023/A1:2023, maidir le próisis táirgthe, feidhmithe, modhnaithe agus tacaíochta tarracóirí agus innealra le haghaidh talmhaíochta agus foraoiseachta, chomh maith le EN IEC 60335-2-119:2024 agus an leasú a rinneadh air sin, EN IEC 60335-2-119:2024/A11:2024, maidir le fearais folúsphacáistithe tráchtála.

(4)

Thairis sin, ar bhonn na hIarrata, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún (4), chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicneolaíoch, chun iad a cheartú nó chun iad a tharraingt siar: EN 1218-1:1999+A1:2009; EN 1218-2:2004+A1:2009, EN 1218-5:2004+A1:2009; EN 1417:2014, EN 1501-4:2007; EN 1915-1:2013; EN ISO 13849-1:2015; EN 15194:2017; EN 15700:2011; EN 16307-5:2013; EN IEC 60335-2-89:2022 agus an leasú agus an ceartúchán a rinneadh air, EN IEC 60335-2-89:2022/A11:2022 agus EN IEC 60335-2-89:2022/AC:2023-11; EN IEC 62841-4-5:2021 agus an leasú a rinneadh air, EN IEC 62841-4-5:2021/A11:2021; agus EN IEC 62841-4-7:2022 agus an leasú a rinneadh air, EN IEC 62841-4-7:2022/A11:2022. Dá thoradh sin, glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha, ionadacha nó cheartaitheacha seo a leanas: EN ISO 19085-12:2021 agus an leasú a rinneadh air, EN ISO 19085-12:2021/A11:2023; EN 1417:2023, EN 1501-4:2023; EN 1915-1:2023; EN ISO 13849-1:2023; EN 15194:2017+A1:2023; EN 15700:2023; EN 16307-5:2023; EN IEC 60335-2-89:2022/AC:2023-11; EN IEC 62841-4-5:2021/AC:2024-01; agus EN IEC 62841-4-7:2022/AC:2023-05 agus EN IEC 62841-4-7:2022/AC:2023-10.

(5)

Na caighdeáin a rinne CEN agus Cenelec a dhréachtú, a athbhreithniú agus a leasú, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an Iarraidh.

(6)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán EN 15700:2023 maidir le sábháilteacht le haghaidh criosanna iompair do spórt an gheimhridh nó d’úsáid fóillíochta, tháinig sé ar an gconclúid nach gcomhlíonann an caighdeán na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.7.4.2. (u) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, is iad sin na ceanglais a bhaineann le hábhar na dtreoracha úsáide a mhéid a bhaineann le faisnéis éigeantach faoi astaíochtaí torainn aeriompartha.

(7)

An tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017 maidir le rothair leictreacha, luadh í maille le dhá shrian lena gcumhdaítear rioscaí a bhaineann le teochtaí foircneacha, dóiteán agus pléascadh, chomh maith leis na rioscaí lena gcumhdaítear creathanna. Ós rud é nach dtugtar aghaidh le EN 15194:2017+A1:2023 ach ar rioscaí a bhaineann le teochtaí foircneacha, le dóiteán agus le pléascadh, ba cheart an srian lena dtugtar aghaidh ar chreathanna a choimeád ann.

(8)

Na ceanglais sábháilteachta arb é a gcumhdach is aidhm do na caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtaigh, a d’athbhreithnigh agus a leasaigh CEN agus Cenelec ar bhonn na hIarrata, seachas caighdeán comhchuibhithe EN 15700:2023 agus 15194:2017+A1:2023, tá sásamh na gceanglas sin iontu, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2006/42/CE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin, maille le srian i gcás inarb ábhartha, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2006/42/CE. Chun a áirithiú go liostófar in aon ghníomh amháin na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE, ba cheart na tagairtí seo a leanas do chaighdeáin chomhchuibhithe a áireamh san Iarscríbhinn sin: EN 1417:2023, EN 1501-4:2023, EN 1915-1:2023, EN ISO 3691-4:2023, EN ISO 13849-1:2023, EN 15194:2017+A1:2023, EN 15700:2023, EN 16307-5:2023, EN ISO 19085-12:2021 agus an leasú a rinneadh air, EN ISO 19085-12:2021/A11:2023, EN ISO 25119-1:2023 agus an leasú a rinneadh air, EN ISO 25119-1:2023/A1:2023, EN ISO 25119-2:2023, EN ISO 25119-3:2023 agus an leasú a rinneadh air, EN ISO 25119-3:2023/A1:2023, EN ISO 25119-4:2023 agus an leasú a rinneadh air, EN ISO 25119-4:2023/A1:2023, EN IEC 60335-2-89:2022 agus an leasú agus an ceartúchán a rinneadh air, EN IEC 60335-2-89:2022/A11:2022 agus EN IEC 60335-2-89:2022/AC:2023-11, EN IEC 60335-2-119:2024 agus an leasú a rinneadh air, EN IEC 60335-2-119:2024/A11:2024, EN IEC 62841-4-5:2021 agus an ceartúchán agus an leasú a rinneadh air, EN IEC 62841-4-5:2021/A11:2021 agus EN IEC 62841-4-5:2021/AC:2024-01, chomh maith le EN IEC 62841-4-7:2022 agus an leasú agus na ceartúcháin a rinneadh air, EN IEC 62841-4-7:2022/A11:2022, EN IEC 62841-4-7:2022/AC:2023-05 agus EN IEC 62841-4-7:2022/AC:2023-10.

(10)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN 16590-1:2014, EN 16590-2:2014, EN 16590-3:2014 agus EN 16590-4:2014, caighdeáin a liostaítear na tagairtí dóibh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, ba cheart a mheas go bhfuil na caighdeáin sin imithe i léig, toisc nach den úrscothacht na caighdeáin sin a thuilleadh.

(11)

Is gá na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh: EN 1218-1:1999+A1:2009, EN 1218-2:2004+A1:2009, EN 1218-5:2004+A1:2009, EN 1417:2014, EN 1501-4:2007, EN 1915-1:2013, EN ISO 13849-1:2015, EN 15194:2017, EN 15700:2011 agus EN 16307-5:2013, ós rud é go ndearnadh athbhreithniú orthu, agus EN 16590-1:2014, EN 16590-2:2014, EN 16590-3:2014 agus EN 16590-4:2014, ós rud é go meastar iad a bheith imithe i léig. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586.

(12)

Caighdeán comhchuibhithe EN 1127-2:2014 maidir le cosc agus cosaint ar phléasc, lena mbaineann coincheapa bunúsacha agus modheolaíocht bhunúsach, caighdeán a bhfoilsítear an tagairt dó i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, liostaíodh go hearráideach é mar chaighdeán de chineál A seachas mar chaighdeán de chineál B, a mhéid a bhaineann le hinnealra. Dá bhrí sin, ba cheart an earráid sin agus an ceartú a rinneadh uirthi a léiriú i gCodanna a hAon agus a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, dá réir sin.

(13)

Caighdeán comhchuibhithe EN ISO 11554:2017 i dtaca le modhanna tástála maidir le léasacha léasair i dtrealamh a bhaineann le léasair, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, liostaíodh go hearráideach é mar chaighdeán de chineál C seachas mar chaighdeán de chineál B, a mhéid a bhaineann le hinnealra. Dá bhrí sin, ba cheart an earráid sin agus an ceartú a rinneadh uirthi a léiriú i gCodanna a Dó agus a Trí d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, dá réir sin.

(14)

Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a n-innealra a oiriúnú, ar innealra é a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe EN 1218-1:1999+A1:2009, EN 1218-2:2004+A1:2009, EN 1218-5:2004+A1:2009, EN 1501-4:2007, EN 16590-1:2014, EN 16590-2:2014, EN 16590-3:2014, EN 16590-4, EN 1915-1:2013, EN ISO 13849-1:2015, EN 15194:2017, EN 15700:2011 nó EN 16307-5:2013, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a chur siar.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a leasú dá réir sin.

(16)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tugtar le fios le comhlíonadh an chaighdeáin sin go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear i gCuid a Trí, pointe 2, rónna 121, 266, 324a, 343, 405, 495, 495a, 502a, 513a, 671a agus 681a d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear iad maille le srian.’; agus

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1)(a) d’Iarscríbhinn I ón 15 Bealtaine 2027.

Beidh feidhm ag pointe (1)(b) d’Iarscríbhinn I ón 15 Samhain 2025.

Beidh feidhm ag pointe (2)(a) d’Iarscríbhinn I ón 15 Samhain 2025.

Beidh feidhm ag pointe (2)(b) d’Iarscríbhinn I ón 15 Bealtaine 2026.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.

(2)   IO L 157, 9.6.2006, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/42/oj.

(3)  Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra (IO L 207, 23.7.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/37/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 194, 2.8.2023, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1586/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2023/1586 mar a leanas:

(1)

i gCuid a Dó, leasaítear pointe 2 mar a leanas:

(a)

scriostar ró 66;

(b)

scriostar rónna 89 agus 90;

(c)

cuirtear isteach an ró seo a leanas:

‘66a.

EN ISO 13849-1:2023

Sábháilteacht innealra - Codanna de chórais rialaithe a bhaineann le sábháilteacht - Cuid 1: Prionsabail ghinearálta maidir le dearadh (ISO 13849-1:2023)’;

(2)

i gCuid a Trí, leasaítear pointe 2 mar a leanas:

(a)

Scriostar rónna 103, 104, 106, 112, 125, 173, 502, 542, 550 agus 551;

(b)

scriostar ró 495;

(c)

cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:

‘112a.

EN 1417:2023

Meaisíní plaistice agus rubair - Muilte dhá rollóir - Ceanglais sábháilteachta’;

‘125a.

EN 1501-4:2023

Feithiclí bailithe dramhaíola - Ceanglais ghinearálta agus ceanglais sábháilteachta - Cuid 4: Cód tástála torainn le haghaidh feithiclí bailithe dramhaíola’;

‘173a.

EN 1915-1:2023

Trealamh tacaíochta ar thalamh d’aerárthaí - Riachtanais ghinearálta - Cuid 1: Bunriachtanais sábháilteachta’;

‘189a.

EN ISO 3691-4:2023

Trucailí tionsclaíocha - Ceanglais sábháilteachta agus deimhniú - Cuid 4: Trucailí tionsclaíocha gan tiománaithe agus a gcórais’;

‘495a.

EN 15194:2017+A1:2023

Rothair - Rothair leictreacha - Rothair EPAC

Srian: Le caighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017+A1:2023, ní thugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.5.9 agus 3.6.3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear innealra a dhearadh agus a thógáil chun na rioscaí a thagann as creathanna a chur san áireamh, agus lena gceanglaítear go gcuirfear tomhas na gcreathanna a sheoltar ón innealra chuig an oibreoir ar fáil in éineacht leis an innealra’;

‘502a.

EN 15700:2023

Sábháilteacht le haghaidh criosanna iompair do spórt an gheimhridh nó d’úsáid fóillíochta

Srian: Maidir le mír 7.3 den chaighdeán comhchuibhithe seo, ní thugtar le fios le comhlíonadh an chaighdeáin sin go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le ceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta 1.7.4.2 (u) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE’;

‘542a.

EN 16307-5:2023

Trucailí tionsclaíocha - Ceanglais agus fíorú sábháilteachta - Cuid 5: Ceanglais fhorlíontacha maidir le trucailí faoi thiomáint ag coisithe’;

‘585a.

EN ISO 19085-12:2021

Meaisíní adhmadóireachta - Sábháilteacht - Cuid 12: Meaisíní tionúraithe/próifílithe (ISO 19085-12:2021)

EN ISO 19085-12:2021/A11:2023’;

‘604a.

EN ISO 25119-1:2023

Tarracóirí agus meaisíní d’fheirmeoireacht agus d’fhoraoiseacht - Páirteanna córais smachta bainteacha le sábháilteacht - Cuid 1: Prionsabail ghinearálta maidir le dearadh agus forbairt (ISO 25119-1:2018)

EN ISO 25119-1:2023/A1:2023’;

‘604b.

EN ISO 25119-2:2023

Tarracóirí agus meaisíní d’fheirmeoireacht agus d’fhoraoiseacht - Páirteanna córais smachta bainteacha le sábháilteacht - Cuid 2: Céim an choincheapa (ISO 25119-2:2019)’;

‘604c.

EN ISO 25119-3:2023

Tarracóirí agus meaisíní d’fheirmeoireacht agus d’fhoraoiseacht - Páirteanna córais smachta bainteacha le sábháilteacht - Cuid 3: Forbairt sraithe, crua-earraí agus bogearraí (ISO 25119-3:2018)

EN ISO 25119-3:2023/A1:2023’;

‘604d.

EN ISO 25119-4:2023

Tarracóirí agus meaisíní d’fheirmeoireacht agus d’fhoraoiseacht - Páirteanna córais smachta bainteacha le sábháilteacht - Cuid 4: Próisis um tháirgeadh, feidhmiú, modhnú, agus tacaíocht (ISO 25119-4:2018)

EN ISO 25119-4:2023/A1:2023’;

‘655a.

EN IEC 60335-2-119:2024

Fearais tí agus fearais leictreacha chomhchosúla - Sábháilteacht - Cuid 2-119: Riachtanais shainiúla maidir le fearais folúsphacáistithe tráchtála

EN IEC 60335-2-119:2024/A11:2024’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna 651, 698 agus 699:

‘651.

EN IEC 60335-2-89:2022

Fearais tí agus fearais leictreacha chomhchosúla - Sábháilteacht - Cuid 2-89: Ceanglais shainiúla le haghaidh feistis cuisnithe tráchtála agus déantóirí oighir ina bhfuil aonad comhdhlúthúcháin nó comhbhrúiteoir corpraithe nó cianda (IEC 60335-2-89:2019)

EN IEC 60335-2-89:2022/A11:2022

EN IEC 60335-2-89:2022/AC:2023-11’;

‘698.

EN IEC 62841-4-5:2021

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht - Cuid 4-5: Riachtanais shainiúla le haghaidh deimheas féir (IEC 62841-4-5:2021)

EN IEC 62841-4-5:2021/A11:2021

EN IEC 62841-4-5:2021/AC:2024-01’;

‘699.

EN IEC 62841-4-7:2022

Uirlisí láimhe a oibrítear le mótar leictreach, uirlisí iniompartha agus innealra faiche agus gairdín - Sábháilteacht - Cuid 4-7: Riachtanais shainiúla maidir le corraitheoirí agus aerthóirí faoi rialú ag coisithe a shiúlann ar a gcúl (IEC 62841-4-7:2022)

EN IEC 62841-4-7:2022/A11:2022

EN 62841-4-7:2022/AC:2023-05

EN IEC 62841-4-7:2022/AC:2023-10’.


IARSCRÍBHINN II

ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2023/1586 mar a leanas:

(1)

i gCuid a hAon, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

An tagairt don chaighdeán.

EN ISO 12100:2010, Sábháilteacht innealra - Prionsabail ghinearálta maidir le dearadh - Measúnú riosca agus laghdú riosca (ISO 12100:2010).’

(2)

i gCuid a Trí, pointe 2, scriostar ró 259;

(3)

i gCuid a Dó, pointe 2, cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:

‘26a.

EN 1127-2:2014

Atmaisféir phléascacha - Cosc agus cosaint ar phléascanna - Cuid 2: Coincheapa bunúsacha agus modheolaíocht bhunúsach le haghaidh mianadóireachta’;

‘53a.

EN ISO 11554:2017

Optaic agus fótóinic - Léasair agus trealamh a bhaineann le léasair - Modhanna tástála maidir le cumhacht, fuinneamh agus tréithe ama léasacha léasair (ISO 11554:2017)’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1329/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)