European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1327

14.5.2024

CINNEADH (AE) 2024/1327 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Bealtaine 2024

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na hIodáile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 6 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/1834 (2), lena gceaptar seisear comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún.

(3)

Ceapadh Arno KOMPATSCHER mar chomhalta de Choiste na Réigiún go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023. Dá bhrí sin, tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh.

(4)

Mhol rialtas na hIodáile Arno KOMPATSCHER, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus sainordú toghchánach aige in údarás réigiúnach, Presidente della Provincia autonoma di Bolzano (Uachtarán Chúige Féinrialaitheach Bolzano), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Arno KOMPATSCHER, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus sainordú toghchánach aige in údarás réigiúnach, Presidente della Provincia autonoma di Bolzano (Uachtarán Chúige Féinrialaitheach Bolzano), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M.-C. LEROY


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2021/1834 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena gceaptar seisear comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún (IO L 372, 20.10.2021, lch. 11).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1327/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)