|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1321 |
13.5.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1321 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Bealtaine 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 a mhéid a bhaineann le fíorú sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15, an tríú fomhír agus Airteagal 30f(1) agus (5), an dara fomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tar éis leasú ar Threoir 2003/87/CE le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (3) a leasú ionas go n-ionchorpraítear rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le fíorú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó shuiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach ag a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe iomlán is mó ná 20 MW. Chun cineálacha cur chuige comhchuibhithe a áirithiú sna suiteálacha uile a dhéanann gníomhaíochtaí loiscthe, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais chéanna maidir le suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach agus maidir le suiteálacha dócháin eile. I gcás nár cheangail Ballstát ar an tsuiteáil loiscthe dramhaíola cathrach cead astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith aici dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2003/87/CE, ba cheart don fhíoraitheoir a mheasúnú a dhíriú ar chomhlíonadh an phlean faireacháin. |
|
(2) |
Le Treoir (AE) 2023/959, leathnaíodh raon feidhme na ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE maidir le táirgeadh ola, táirgeadh iarainn, táirgeadh alúmanaim agus alúmana, táirgeadh hidrigine agus iompar CO2 trí mhodhanna eile nach píblínte iad. Chun ailíniú a áirithiú idir Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí ar cheart an fíoraitheoir a chreidiúnú ina leith ionas gur féidir leis fíorú a dhéanamh sna hearnálacha sin, ní mór raon feidhme an chreidiúnaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Tar éis oibleagáid a thabhairt isteach in Airteagal 10a(1), an tríú fomhír, de Threoir 2003/87/CE chun leithdháileadh saor in aisce a dhéanamh coinníollach ar chur chun feidhme beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, áiríodh rialacha nua i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (4) chun a leagan amach cá huair a mheastar gur cuireadh chun feidhme moltaí ó na tuarascálacha iniúchóireachta fuinnimh nó ó chórais bainistíochta fuinnimh dheimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Réamhriachtanas tábhachtach chun cur chun feidhme na moltaí sin a léiriú is ea an deimhniú ón bhfíoraitheoir le linn fhíorú na tuarascála ar shonraí bonnlíne nó, i gcás inarb ábhartha, na tuarascála bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta, go bhfuil cur chun feidhme na moltaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh curtha i gcrích. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach sraith rialacha comhchuibhithe a sholáthar maidir leis na seiceálacha atá le déanamh ag an bhfíoraitheoir chun a dheimhniú go bhfuil cur chun feidhme na moltaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh curtha i gcrích. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 22a(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, tá an fíoraitheoir le seiceáil an bhfuil feidhm ag eisceacht ar choinníollacht faoi Airteagal 22a(1), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 mura bhfuil cur chun feidhme na moltaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh curtha i gcrích. Chun deimhneacht dhlíthiúil agus cóir chomhionann a áirithiú idir cásanna inchomparáide, is gá rialacha comhchuibhithe a shonrú maidir le measúnú ón bhfíoraitheoir ar chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí sin. |
|
(5) |
Ionas go ndéanfaidh an fíoraitheoir na seiceálacha riachtanacha ar chur chun feidhme na moltaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh nó ar chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí ó choinníollacht, ba cheart don oibreoir fianaise agus faisnéis ábhartha a sholáthar don fhíoraitheoir a bhaineann le cur chun feidhme na moltaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus le cur i bhfeidhm eisceachtaí le linn chéimeanna ábhartha an fhíorúcháin. |
|
(6) |
Chun an fhaisnéis is gá a sholáthar don údarás inniúil chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le leithdháileadh saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 22a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus an gá an leithdháileadh lamháltas astaíochtaí a laghdú, is gá rialacha sonracha a thabhairt isteach maidir leis an tuairisciú ón bhfíoraitheoir ar thorthaí na seiceálacha deimhniúcháin agus ar aon bharúil a fuarthas le linn na seiceálacha deimhniúcháin sin. |
|
(7) |
Le hAirteagal 10a de Threoir 2003/87/CE, ceadaítear d’oibreoirí an laghdú ar an leithdháileadh saor in aisce a chur ar ceal tar éis dóibh moltaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme. Réamhriachtanas maidir leis an gcur ar ceal sin is ea an deimhniú ón bhfíoraitheoir mar chuid d’fhíorú na tuarascála bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta go bhfuil cur chun feidhme na moltaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh curtha i gcrích. Chun tacú le timthriall bliantúil a bhunú chun na gcríoch sin, tá sé tábhachtach go ndéanfar obair leantach ar bharúlacha a thug an fíoraitheoir le linn fíoruithe roimhe sin maidir le cur chun feidhme na moltaí, agus go ndéanfaidh fíoraitheoirí é sin a sheiceáil i bhfíoruithe ina dhiaidh sin. |
|
(8) |
Ceanglaítear le hAirteagail 4 agus 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an plean modheolaíochta faireacháin a fhormheas. Maidir leis na forálacha a bhaineann le bailíochtú na modheolaíochta faireacháin ag an bhfíoraitheoir in éagmais formheas ón údarás inniúil, tá siad imithe i léig agus ba cheart iad a scriosadh dá bhrí sin. |
|
(9) |
Is léir ón taithí a fuarthas maidir le cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 gur gá soiléiriú a dhéanamh ar an gceanglas ar an bhfíoraitheoir seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i gcás ina n-úsáidtear breoslaí bithmhaise. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart foráil a chur isteach chun a cheangal ar fhíoraitheoirí comhlíonadh na gcritéar sin a sheiceáil. |
|
(10) |
Is léir ón taithí a fuarthas gur gá a shoiléiriú cá huair a dhéantar cuairteanna fíorúla ar an láithreán agus cén fáth, agus cá huair a rinneadh an chuairt fhisiceach dheireanach ar an láithreán. Leis an bhfaisnéis sin is féidir le húdaráis inniúla agus na comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais maidir le cuairteanna fíorúla ar an láithreán. Ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht, ba cheart an fhaisnéis sin a áireamh sa tuarascáil fíorúcháin. |
|
(11) |
Maidir le cur chuige an fhíoraitheora i dtaca le feabhsuithe a shainaithint a bhaineann le feidhmíocht an oibreora i ndáil le faireachán agus tuairisciú ar shonraí leithdháilte, tá sé tábhachtach, ar mhaithe le soiléireacht, an cur chuige sin a ailíniú leis an gcur chuige maidir le deiseanna a shainaithint chun faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí a fheabhsú. Ba cheart feabhsuithe a áireamh sna moltaí a bhaineann le sonraí leithdháilte chun an leibhéal cruinnis is airde a bhaint amach i ndáil le foinsí sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331. |
|
(12) |
Léiríonn an taithí a fuarthas maidir le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha i dtaca le cuairteanna ar an láithreán a tharscaoileadh faoi Airteagal 32(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 go mbíonn rioscaí comhchosúla ag baint le suiteálacha i gcatagóirí A agus B a úsáideann gás nádúrtha nó flosc bunaidh de minimis amháin nó níos mó, ina ndéantar faireachán ar ghás nádúrtha trí mhéadrú fioscach agus go n-úsáidtear luachanna réamhshocraithe le haghaidh fachtóirí ríofa i gcomhair an gháis nádúrtha, i gcomparáid le cásanna ina gcinneann an t-iompróir gáis fachtóirí ríofa gan aon ionchur ná próiseáil ón oibreoir. Is iomchuí, dá bhrí sin, tarscaoileadh cuairteanna ar an láithreán a cheadú freisin i gcásanna ina gcinneann an t-iompróir gáis an fachtóir ríofa trí úsáid a bhaint as anailíseoirí ar líne atá faoi réir córas dlí iomchuí chun anailíseoirí fioscacha a rialú gan aon ionchur ón oibreoir. |
|
(13) |
Tar éis leasú ar Threoir 2003/87/CE le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tugadh rialacha nua isteach le haghaidh leithdháileadh lamháltas saor in aisce ar oibreoirí aerárthaigh. Ní bheidh an leithdháileadh bunaithe a thuilleadh ar shonraí tona-ciliméadair arna dtuairisciú. Dá bhrí sin, tá na forálacha uile a bhaineann le fíorú sonraí tona-ciliméadair imithe i léig agus ba cheart iad a scriosadh dá réir sin agus an t-ualach riaracháin a laghdú. |
|
(14) |
I ndiaidh leasuithe ar Threoir (AE) 2023/958, leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/2066 ón gCoimisiún (8) rialacha faireacháin agus tuairiscithe maidir le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus a n-astaíochtaí a shannadh d’eitiltí agus, i gcás nach féidir an breosla eitlíochta inbhuanaithe a shannadh d’eitilt ar leith go fisiceach, maidir le sannadh comhréireach na mbreoslaí sin agus a n-astaíochtaí d’eitiltí a imíonn ó aerfoirt. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus sláine comhshaoil, is iomchuí sraith rialacha comhchuibhithe a shonrú le haghaidh fíoraitheoirí chun a sheiceáil gur sannadh na breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus a n-astaíochtaí i gceart agus gur comhlíonadh na ceanglais ábhartha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. |
|
(15) |
Déantar sonraí in earnáil na heitlíochta a phróiseáil agus a thaifeadadh den chuid is mó i gcórais uathoibrithe, rud a fhágann gur féidir sonraí a rochtain go cianda. Tugann sé sin údar le cuairteanna fíorúla ar an láithreán a chur i bhfeidhm lasmuigh de chúinsí force majeure in earnáil na heitlíochta. Chun stóinseacht an fhíorúcháin a áirithiú, níor cheart cuairteanna fíorúla ar an láithreán a cheadú ach amháin faoi choinníollacha dochta. Ba cheart do chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin agus ar fheidhmíocht na bhfíoraitheoirí le linn na gcuairteanna sin ar an láithreán mar chuid den fhaireachas bliantúil ar fhíoraitheoirí. |
|
(16) |
Le Treoir (AE) 2023/959 tugadh isteach córas trádála astaíochtaí atá leithleach ach comhthreomhar, córas is infheidhme maidir le breoslaí arna scaoileadh lena dtomhailt in earnáil na bhfoirgneamh agus in earnáil an iompair de bhóthar mar aon le hearnálacha breise a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí tionsclaíocha nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE (‘earnáil na bhfoirgneamh, an iompair de bhóthar agus earnálacha breise’). Áiríodh forálacha nua a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí sna hearnálacha sin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. Mar thoradh ar na hathruithe sin, ba cheart rialacha comhchuibhithe a chur isteach maidir le hastaíochtaí sna hearnálacha sin a fhíorú agus maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a dhéanann an fíorú sin. Ba cheart na rialacha agus na forálacha atá ann faoi láthair maidir le fíorú astaíochtaí a oiriúnú dá réir. |
|
(17) |
Maidir le fíorú astaíochtaí gás ceaptha teasa agus creidiúnú fíoraitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 15 agus Airteagal 30f de Threoir 2003/87/CE agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, na sainmhínithe in Airteagal 3, an oibleagáid in Airteagal 4 agus cur i bhfeidhm na gceanglas i gCaibidlí II agus III de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, ba cheart sin a leathnú chun fíorú tuarascálacha eintitis rialáilte a chumhdach mura n-éilítear rialacha eile nó rialacha níos saincheaptha le saintréithe sonracha an chórais trádála astaíochtaí is infheidhme maidir le breoslaí arna scaoileadh lena dtomhailt in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus in earnálacha breise. Ar an gcaoi chéanna, na ceanglais maidir le creidiúnú fíoraitheoirí i gCaibidil V de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus na ceanglais maidir le comhar agus malartú faisnéise idir comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe agus údaráis inniúla i gCaibidil VI den Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an gcóras trádála astaíochtaí ar leithligh sin. |
|
(18) |
Tá sé tábhachtach róil agus freagrachtaí an fhíoraitheora agus an údaráis inniúil a shonrú maidir le tuarascálacha eintiteas rialáilte a fhíorú. I gcomhréir le prionsabail Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, ba cheart don fhíoraitheoir measúnú a dhéanamh ar iomláine agus ar chomhlíontacht na faisnéise i dtuarascálacha ó eintitis rialáilte leis na ceanglais a liostaítear in Iarscríbhinní X agus Xb a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, deiseanna chun feabhas a chur ar an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe agus cruinneas na sonraí astaíochtaí. Ar an gcaoi chéanna le fíorú tuarascála oibreora, ba cheart don fhíoraitheoir an plean faireacháin arna fhormheas ag an údarás inniúil a ghlacadh mar thúsphointe agus measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an eintitis rialáilte leis an bplean sin. Más rud é gur plean é sin nár formheasadh, atá neamhiomlán, nó a athraíodh go suntasach gan na hathruithe sin a bheith formheasta, tá sé tábhachtach go bhfaighidh an t-eintiteas rialáilte formheas ón údarás inniúil. Más rud é nach gcomhlíonann an plean faireacháin na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, neamhchomhlíontacht a shainaithin an fíoraitheoir agus nár cheartaigh an t-eintiteas rialáilte sular eisíodh an tuarascáil fíorúcháin, ba cheart é sin a thuairisciú sa tuarascáil fíorúcháin. |
|
(19) |
I gcomhréir le hIarscríbhinn V, cuid C, pointí 1 go 5 agus pointe 7 a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, tabharfaidh an fíoraitheoir cuairt ar an láithreán chun teorainneacha faireacháin an eintitis rialáilte a sheiceáil, chun measúnú a dhéanamh ar oibriú feistí, córas agus próiseas tomhais a úsáideann na heintitis rialáilte chun na méideanna breosla arna scaoileadh lena dtomhailt a chinneadh, chun agallaimh a dhéanamh agus chun gníomhaíochtaí eile a dhéanamh. Ionas nach gá d’fhíoraitheoirí cuairt a thabhairt ar shuíomhanna ollumar nó saoráidí stórála, i gcás ina ndéanann tríú páirtithe na méideanna breosla arna scaoileadh lena dtomhailt a chinneadh, a phróiseáil agus a rialú nó i gcás nach n-úsáidtear na sonraí tomhaiste chun sonraí astaíochtaí eintitis rialáilte a chinneadh agus a phróiseáil, ba cheart sainmhíniú sonrach ar an láithreán a bheith ann. Is le hanailís riosca an fhíoraitheora a dhéantar a chinneadh cé na suíomhanna ag láithreán an eintitis rialáilte ar cheart cuairt a thabhairt orthu. Níor cheart cuairt an fhíoraitheora ar an láithreán a tharscaoileadh ach amháin faoi choinníollacha sonracha. |
|
(20) |
Tá an malartú faisnéise ábhartha idir an t-eintiteas rialáilte agus an fíoraitheoir fíor-riachtanach i ngach gné den phróiseas fíorúcháin, go háirithe sa chéim réamhchonarthach, i bhfeidhmiú anailíse straitéisí ag an bhfíoraitheoir agus i rith an fhíorúcháin. Is gá ceanglais chomhchuibhithe a bhunú lenar cheart soláthar faisnéise idir an t-eintiteas rialáilte agus an fíoraitheoir a rialú i gcónaí. |
|
(21) |
Ionas go seachnaítear áireamh dúbailte astaíochtaí a chumhdaítear leis an gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise agus an córas trádála astaíochtaí le haghaidh suiteálacha do-aistrithe, iompar eitlíochta agus muiriompair i gcomhréir le hAirteagal 30f(5) de Threoir 2003/87/CE, ceanglaítear ar eintitis rialáilte, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, a bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe a úsáid trí na méideanna de bhreosla a úsáidtear in aon bhliain tuairiscithe amháin le haghaidh gníomhaíochtaí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint as méid iomlán na mbreoslaí arna scaoileadh lena dtomhailt. Is fíor-riachtanach í an fhaisnéis ó oibreoirí, oibreoirí aerárthaigh agus cuideachtaí loingseoireachta maidir le breoslaí arna soláthar agus an slabhra soláthair, i gcomhréir le hIarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, chun a chinneadh cén méid breosla ba cheart a bhaint de mhéid iomlán an bhreosla arna scaoileadh. Maidir leis an eintiteas rialáilte agus na fíoraitheoirí a dhéanann fíorú ar tuarascáil an eintitis rialáilte, chun muinín leormhaith a thabhairt dóibh i gcruinneas na faisnéise a liostaítear in Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, is iomchuí d’fhíoraitheoirí tuarascálacha ó oibreoir nó ó oibreoir aerárthaigh measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin mar chuid d’fhíorú na dtuarascálacha sin agus a dheimhniú nach mó méid an bhreosla ó sholáthróir a úsáideadh ná an méid a fuair an t-oibreoir nó an t-oibreoir aerárthaigh ón soláthróir sin, agus, an tráth céanna, na méideanna a stóráiltear i stoc de réir na modheolaíochta sa phlean faireacháin formheasta á gcur san áireamh. |
|
(22) |
Chun trédhearcacht iomlán a sholáthar maidir le cruinneas na faisnéise a liostaítear in Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh an fíoraitheoir tuarascálacha ó oibreoir nó ó oibreoir aerárthaigh tuairisciú ar thorthaí an mheasúnaithe ar an bhfaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus go dtabharfaidh sé tuairisc ar aon bharúil sa tuarascáil fíorúcháin, lena n-áirítear aon mhíráiteas, neamhchomhréireacht, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó aon mholadh chun feabhais a sainaithníodh agus nár ceartaíodh. Ba cheart don oibreoir nó don oibreoir aerárthaigh an fhaisnéis sin a chur ar fáil don eintiteas rialáilte ábhartha mar aon leis an bhfaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn Xa i gcomhréir le hAirteagal 75v(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. |
|
(23) |
Leis an bhfaisnéis sin, is féidir leis an bhfíoraitheoir a dhéanann fíorú ar thuarascálacha ón eintiteas rialáilte seiceálacha comhsheasmhachta a dhéanamh idir an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus an fhaisnéis maidir le breoslaí arna dtomhailt a liostaítear in Iarscríbhinn Xb a ghabhann leis an Rialachán sin, agus is féidir leis a chinneadh ina dhiaidh sin an cruinn iad na méideanna de bhreosla a baineadh i gcomhréir le hAirteagal 75v(4) den Rialachán sin, agus an bhfuil iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa arna dtuairisciú ag an eintiteas rialáilte saor ó mhíráiteas ábhartha. Tá gá le rialacha comhchuibhithe maidir leis na seiceálacha atá le déanamh mar chuid den fhíorú sonraí agus den mheasúnú ar an modheolaíocht faireacháin agus ar an bhfachtóir raoin feidhme. |
|
(24) |
Chun an fíorú ar thuarascáil an eintitis rialáilte a phleanáil agus chun tacú le measúnú an fhíoraitheora i dtaobh an bhfuil tionchar ábhartha ag míráiteas, neamh-chomhréireacht nó neamhchomhlíontacht ar na sonraí astaíochtaí, ba cheart tairseach ábharthachta iomchuí a shainiú chun tuarascáil an eintitis rialáilte a fhíorú. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, agus san am céanna, sláine comhshaoil an chórais agus stóinseacht an fhíorúcháin á n-áirithiú, níl feidhm ag tairseach ábharthachta níos déine ach amháin maidir le heintitis rialáilte a bhfuil na leibhéil is airde astaíochtaí acu, is é sin astaíochtaí bliantúla os cionn 500 cileagram CO2. |
|
(25) |
Mar is amhlaidh i gcás fíorú tuarascálacha ón oibreoir, is é freagracht an fhíoraitheora a mheasúnú an sáraíonn an míráiteas, an neamh-chomhréireacht nó an neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/2066 an tairseach ábharthachta is infheidhme, ina n-aonar nó nuair a dhéantar iad a chomhiomlánú, agus ar cheart, dá bhrí sin, a mheas gur ábhartha iad. Fiú mura sáraítear an tairseach ábharthachta, ba cheart don fhíoraitheoir a chinneadh an bhfuil tionchar ábhartha ag an tsaincheist ábhartha i bhfianaise chineál, mhéid agus imthosca sonracha na saincheiste áirithe sin. |
|
(26) |
Chun feidhmiú cuí an phróisis faireacháin agus tuairiscithe a áirithiú, ba cheart moltaí a sholáthar maidir le feabhas leanúnach a chur ar fhaireachán agus ar thuairisciú an eintitis rialáilte mar chuid de na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanann an fíoraitheoir. |
|
(27) |
Tá sé tábhachtach go mbeidh fíoraitheoirí inniúil ar thuarascálacha ón eintiteas rialáilte a fhíorú. Ionas gur féidir leis an bhfíoraitheoir measúnú a dhéanamh ar na teorainneacha sonracha faireacháin agus tuairiscithe agus ar ghnéithe den eintiteas rialáilte a bhaineann leis an gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise, ba cheart critéir inniúlachta shonracha a shainiú le haghaidh fíoraitheoirí a dhéanann tuarascálacha ó eintitis rialáilte a fhíorú. Chun na críche sin, ba cheart raon feidhme creidiúnaithe ar leithligh a chruthú ionas gur féidir leis na comhlachtaí creidiúnaithe meastóireacht a dhéanamh ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht an fhíoraitheora de réir na gcritéar sonrach sin agus na fíoraitheoirí a chreidiúnú de réir an raoin feidhme ar leith sin. |
|
(28) |
Chun an riosca a laghdú go gcuirfí neamhchlaontacht an fhíoraitheora i mbaol, ba cheart uainíocht a dhéanamh ar an bpríomhiniúchóir tar éis dó tuarascáil ó eintiteas rialáilte amháin a fhíorú ar feadh 5 bliana as a chéile. Leis an gceanglas sin, níor cheart bac ar an bhfíoraitheoir bearta breise a dhéanamh chun rioscaí neamhchlaontachta a laghdú. |
|
(29) |
Tá an faireachán agus an tuairisciú le haghaidh an chórais trádála astaíochtaí nua le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise le tosú an 1 Eanáir 2025. I gcomhréir le hAirteagal 30f de Threoir 2003/87/CE, tá an chéad tuarascáil fíoraithe ón eintiteas rialáilte le cur faoi bhráid an údaráis inniúil faoin 30 Aibreán 2026, i ndáil leis an mbliain tuairiscithe 2025. Dá bhrí sin, is iomchuí go dtiocfaidh na forálacha ábhartha a bhaineann le tuarascálacha ón eintiteas rialáilte a fhíorú le haghaidh an chórais trádála astaíochtaí nua chun bheith infheidhme maidir le fíorú astaíochtaí gás ceaptha teasa eintitis rialáilte a tharlóidh ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha a bhaineann le fíorú na faisnéise a liostaítear in Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 freisin ón mbliain tuairiscithe 2025 ar aghaidh. |
|
(30) |
Na leasuithe a bhaineann le fíorú sonraí bonnlíne agus seiceálacha an fhíoraitheora ar chur chun feidhme moltaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus cur i bhfeidhm na n-eisceachtaí ó choinníollacht, ba cheart iad a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ós rud é gur gá na tuarascálacha ar shonraí bonnlíne fíoraithe mar chuid de chur i bhfeidhm an leithdháilte saor in aisce a chur isteach faoin 30 Bealtaine 2024 mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. |
|
(31) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin, gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, forálacha maidir le haitheantas frithpháirteach fíoraitheoirí agus athbhreithniú piaraí ar chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe de bhun Airteagail 15 agus 30f de Threoir 2003/87/CE.’; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 Raon feidhme Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: ‘Airteagal 4 Toimhde na comhréireachta Más rud é go léiríonn fíoraitheoir a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a shainítear in Airteagal 2, pointe 9 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó codanna de, ar foilsíodh na tagairtí díobh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II, III agus IIIa den Rialachán seo á gcomhlíonadh aige, cé is moite d’Airteagail 7(1) agus (4), Airteagal 22, Airteagal 27(1), Airteagail 28, 31, 32, Airteagal 43b (1) agus (4), Airteagal 43v agus Airteagal 43w den Rialachán seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.’; |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II: ‘CAIBIDIL II TUARASCÁLACHA OIBREOIRÍ NÓ OIBREOIRÍ AERÁRTHAÍIGH A FHÍORÚ ’; |
|
(6) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Beidh úsáideoirí ábalta brath ar thuarascáil astaíochtaí fíoraithe, tuarascáil ar shonraí bonnlíne, tuarascáil sonraí maidir le hiontrálaí nua nó tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta. Léireoidh sí go dílis an méid a mhaítear go léiríonn sí nó an méid a bhféadfaí coinne a bheith leis go réasúnach go léireodh sí.’; |
|
(7) |
in Airteagal 7, leasaítear mír 4 mar a leanas:
|
|
(8) |
in Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
|
(9) |
leasaítear Airteagal 10(1) mar a leanas:
|
|
(10) |
leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
|
(11) |
in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(12) |
leasaítear Airteagal 16(2) mar a leanas:
|
|
(13) |
leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
|
(14) |
cuirtear na hAirteagail 17a agus 17b seo a leanas isteach: ‘Airteagal 17a Seiceálacha ar mholtaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh 1. De bhun na gceanglas comhlíontachta faoi Airteagal 22a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, seiceálfaidh an fíoraitheoir cur chun feidhme na moltaí ó iniúchtaí fuinnimh nó ó chórais bainistíochta fuinnimh dheimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 22a(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus deimhneoidh sé gur cuireadh i gcrích cur chun feidhme na moltaí sin. 2. Chun cur i gcrích chur chun feidhme na moltaí dá dtagraítear i mír 1 a dheimhniú, seiceálfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:
Airteagal 17b Seiceáil ar chur i bhfeidhm na maoluithe a liostaítear in Airteagal 22a(1), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 1. I gcás nach mbeidh cur chun feidhme na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 17a den Rialachán seo curtha i gcrích, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar fhianaise ón oibreoir agus seiceálfaidh sé an méid seo a leanas:
2. I gcás nach sonraítear an tréimhse aisghabhála dá dtagraítear in Airteagal 22a(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 sa tuarascáil iniúchóireachta fuinnimh, sa chóras bainistíochta fuinnimh deimhnithe nó i ndearbhú faoi mhionn ón iniúchóir fuinnimh, seiceálfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:
3. Chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1, pointe (f), seiceálfaidh agus deimhneoidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:
|
|
(15) |
in Airteagal 22(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Cinnfidh an fíoraitheoir an bhfuil éifeacht ábhartha ag na míráitis neamhcheartaithe, ina n-aonar nó nuair a chomhiomlánaítear iad le míráitis eile, ar na hastaíochtaí iomlána tuairiscithe nó ar na sonraí atá ábhartha maidir le leithdháileadh saor in aisce. Agus measúnú á dhéanamh ar ábharthacht na míráiteas, breithneoidh an fíoraitheoir méid agus cineál an mhíráitis chomh maith leis na himthosca ar leith a bhaineann leis.’; |
|
(16) |
in Airteagal 23, scriostar mír 3; |
|
(17) |
in Airteagal 26(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(18) |
leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
|
|
(19) |
in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
|
(20) |
in Airteagal 30(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d) agus (e):
|
|
(21) |
cuirtear an tAirteagal 30a seo a leanas isteach: ‘Airteagal 30a Aghaidh a thabhairt ar bharúlacha maidir le moltaí le haghaidh le héifeachtúlacht fuinnimh a chur chun feidhme I gcás inar tuairiscíodh barúlacha nó torthaí sa tuarascáil fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3), pointe (rc), seiceálfaidh an fíoraitheoir le linn fhíorú na tuarascála bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta sa bhliain ina dhiaidh sin cén ghníomhaíocht a rinne an t-oibreoir mar thoradh ar na barúlacha sin agus an bhfuil tionchar aige sin ar an deimhniú ón bhfíoraitheoir go bhfuil cur chun feidhme na moltaí gan réiteach curtha i gcrích chun Airteagal 22a(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a chur i bhfeidhm.’; |
|
(22) |
in Airteagal 32(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(23) |
in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. De mhaolú ar Airteagal 21(1) den Rialachán seo, féadfaidh fíoraitheoir a chinneadh gan cuairt a thabhairt ar láithreán oibreora aerárthaigh trí úsáid a bhaint as na huirlisí simplithe dá dtagraítear in Airteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 más rud é gur chinn an fíoraitheoir ar bhonn a anailíse riosca, gur féidir leis an bhfíoraitheoir na sonraí ábhartha uile a rochtain go cianda.’ |
|
(24) |
in Airteagal 34a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Airteagal 34a Cuairteanna fíorúla ar an láithreán chun tuarascáil oibreora nó oibreora aerárthaigh a fhíorú’;’ |
|
(25) |
cuirtear an tAirteagal 34b seo a leanas isteach: ‘Airteagal 34b Cuairteanna fíorúla ar an láithreán chun tuarascálacha astaíochtaí oibreora aerárthaigh a fhíorú 1. De mhaolú ar Airteagal 21(1), féadfaidh an fíoraitheoir a chinneadh cuairt fhíorúil a thabhairt ar an láithreán chun tuarascáil oibreora aerárthaigh a fhíorú i gcásanna eile nach gcumhdaítear le hAirteagal 34a. Beidh an cinneadh ón bhfíoraitheoir cuairt fhíorúil a thabhairt ar an láithreán bunaithe ar thoradh na hanailíse riosca agus tar éis a chinneadh gur féidir leis an bhfíoraitheoir na sonraí ábhartha uile a rochtain go cianda. Cuirfidh an fíoraitheoir an t-oibreoir aerárthaigh ar an eolas faoina chinneadh cuairt fhíorúil a thabhairt ar an láithreán gan moill mhíchuí. 2. Déanfaidh an fíoraitheoir bearta chun an riosca fíorúcháin a laghdú chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil tuarascáil an oibreora aerárthaigh saor ó mhíráitis ábhartha. 3. I gcásanna eile seachas na cásanna sin a chumhdaítear le hAirteagal 34a, tabharfaidh an fíoraitheoir cuairt fhisiceach ar an láithreán i gcónaí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
4. Ní bheidh feidhm ag mír 3, pointe (d), i gcás ina bhfuil an t-oibreoir aerárthaigh incháilithe le haghaidh fíorú simplithe i gcomhréir le hAirteagal 33(2).’; (*2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/1122/oj).’;" |
|
(26) |
in Airteagal 36(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Déanfaidh an meastóir inniúil faireachán ar na hiniúchóirí sin le linn fhíorú thuarascáil an oibreora nó an oibreora aerárthaigh nó thuarascáil an eintitis rialáilte ar láithreán na suiteála, ón oibreoir aerárthaigh nó ón eintiteas rialáilte de réir mar is iomchuí, chun a chinneadh an gcomhlíonann siad na critéir inniúlachta.’; |
|
(27) |
in Airteagal 37(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘5. Áireofar ar an bhfoireann fíorúcháin duine amháin ar a laghad ag a bhfuil an inniúlacht theicniúil agus an tuiscint is gá chun measúnú a dhéanamh ar na gnéithe sonracha faireacháin theicniúil agus tuairiscithe a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a dhéanann an tsuiteáil, an t-oibreoir aerárthaigh nó an t-eintiteas rialáilte. Áireofar ar an bhfoireann fíorúcháin freisin duine amháin atá in ann cumarsáid a dhéanamh sa teanga is gá chun tuarascáil an oibreora nó an oibreora aerárthaigh a fhíorú sa Bhallstát ina bhfuil an fíorú sin á dhéanamh ag an bhfíoraitheoir.’ |
|
(28) |
in Airteagal 38(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(29) |
cuirtear isteach an Chaibidil IIIa seo a leanas: ‘CAIBIDIL IIIa TUARASCÁLACHA Ó EINTITEAS RIALÁILTE A FHÍORÚ Airteagal 43a Iontaofacht fhíorú na dtuarascálacha ó eintiteas rialáilte 1. Beidh úsáideoirí ábalta brath ar thuarascáil fíoraithe ó eintiteas rialáilte. Léireoidh sí go dílis an méid a mhaítear go léiríonn sí nó an méid a bhféadfaí coinne a bheith leis go réasúnach go léireodh sí. 2. Beidh an próiseas fíorúcháin tuarascála ó eintiteas rialáilte ina uirlis éifeachtach agus iontaofa chun tacú le nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta, lena soláthraítear faisnéis ar féidir le heintiteas rialáilte gníomhú ina leith chun feabhas a chur ar fheidhmíocht maidir le faireachán agus tuairisciú astaíochtaí. Airteagal 43b Barúlacha ginearálta ón bhfíoraitheoir 1. Déanfaidh an fíoraitheoir an fíorú agus na gníomhaíochtaí a cheanglaítear leis an gCaibidil seo agus é ina aidhm aige tuarascáil fíorúcháin a sholáthar ina gcinnfear le dearbhú réasúnta go bhfuil tuarascáil an eintitis rialáilte saor ó mhíráitis ábhartha. 2. Déanfaidh an fíoraitheoir an fíorú a phleanáil agus a dhéanamh de mheon an sceipteachais ghairmiúil, ag aithint dó go bhféadfadh sé go bhfuil imthosca ann a fhágann go bhfuil míráitis ábhartha san fhaisnéis i dtuarascáil an eintitis rialáilte. 3. Ní mór don fhíoraitheoir fíorú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, agus a bheith neamhspleách ar an eintiteas rialáilte agus ar na húdaráis inniúla atá freagrach as Treoir 2003/87/CE. 4. Le linn an fhíoraithe, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar an méid seo a leanas:
Chun críoch phointe (c) den chéad fhomhír, gheobhaidh an fíoraitheoir fianaise shoiléir oibiachtúil ón eintiteas rialáilte chun tacú le tuairisciú na hastaíochtaí comhiomlánaithe, agus an fhaisnéis eile ar fad a sholáthraítear i dtuarascáil an eintitis rialáilte á cur san áireamh. 5. Cuirfidh an fíoraitheoir comhairle ar an eintiteas rialáilte an formheas is gá a fháil ón údarás inniúil sna cásanna seo a leanas:
Tar éis don údarás inniúil é a fhormheas, leanfaidh an fíoraitheoir de na gníomhaíochtaí fíoraithe, déanfaidh sé iad an athuair nó a oiriúnú dá réir. Mura bhfuarthas an formheas sular eisíodh an tuarascáil fíorúcháin, tuairisceoidh an fíoraitheoir é sin sa tuarascáil fíorúcháin. 6. Má fhaigheann an fíoraitheoir amach nach bhfuil eintiteas rialáilte ag comhlíonadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, áireofar an neamhrialtacht sin sa tuarascáil fíorúcháin fiú má d’fhormheas an t-údarás inniúil an plean faireacháin lena mbaineann. Airteagal 43c Oibleagáidí réamhchonarthacha 1. Sula nglacfaidh fíoraitheoir le fíorú a dhéanamh, gheobhaidh fíoraitheoir tuiscint cheart ar an eintiteas rialáilte agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an féidir leis tabhairt faoin bhfíorú. Chun na críche sin, déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas ar a laghad:
2. Soláthróidh an t-eintiteas rialáilte an fhaisnéis ábhartha uile don fhíoraitheoir a chuirfidh ar a chumas don fhíoraitheoir na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh. Airteagal 43d Leithdháileadh ama 1. Agus an leithdháileadh ama á chinneadh ag an bhfíoraitheoir le haghaidh fíorú dá dtagraítear in Airteagal 43c(1), pointe (f), cuirfidh sé an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh:
2. Áiritheoidh an fíoraitheoir go ndéanfar foráil sa chonradh fíorúcháin maidir leis an bhféidearthacht go ngearrfar am breise anuas ar an am a chomhaontaítear sa chonradh, i gcás ina bhfaighfear amach go bhfuil gá leis an am breise sin le haghaidh na hanailíse straitéisí, na hanailíse riosca nó na ngníomhaíochtaí fíorúcháin eile. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna cásanna ina bhféadfadh gá a bheith leis an am breise:
3. Déanfaidh an fíoraitheoir an t-am a leithdháiltear sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach a thaifeadadh. Airteagal 43e Faisnéis ón eintiteas rialáilte 1. Roimh an anailís straitéiseach agus ag pointí eile ama le linn an fhíoraithe, soláthróidh an t-eintiteas rialáilte an fhaisnéis uile seo a leanas don fhíoraitheoir:
2. Sula n-eiseoidh an fíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin, cuirfidh an t-eintiteas rialáilte tuarascáil chríochnaitheach ón eintiteas rialáilte ar fáil dó arna húdarú agus arna bailíochtú go hinmheánach. Airteagal 43f Anailís straitéiseach 1. Ag tús an fhíoraithe, déanfaidh an fíoraitheoir cineál, scála agus castacht dhóchúil na gcúraimí fíorúcháin a mheasúnú trí anailís straitéiseach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí uile is ábhartha don eintiteas rialáilte. 2. Chun tuiscint a fháil ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-eintiteas rialáilte, baileoidh agus athbhreithneoidh an fíoraitheoir an fhaisnéis is gá chun a mheasúnú an bhfuil dóthain inniúlachtaí ag an bhfoireann fíorúcháin chun an fíorú a dhéanamh, chun a chinneadh a gur socraíodh an leithdháileadh ama a thugtar le fios sa chonradh i gceart agus chun a áirithiú gur féidir leis an anailís riosca is gá a dhéanamh. Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis sin ar a laghad:
3. Le linn don fhíoraitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú, déanfaidh sé na gnéithe seo a leanas a mheasúnú ar a laghad:
4. Le linn don fhíoraitheoir an anailís straitéiseach a dhéanamh, ba cheart dó na nithe seo a leanas a sheiceáil:
Airteagal 43g Anailís riosca 1. Sainaithneoidh an fíoraitheoir na heilimintí seo a leanas agus déanfaidh sé anailísiú orthu chun fíorú éifeachtach a dhearadh, a phleanáil agus a chur chun feidhme:
2. Agus na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á sainaithint agus á n-anailísiú ag an bhfíoraitheoir, breithneoidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas ar a laghad:
3. Má chinneann an fíoraitheoir nár shainaithin an t-eintiteas rialáilte na rioscaí fréimhíochta agus na rioscaí rialaithe ábhartha ina mheasúnú riosca, cuirfidh an fíoraitheoir an t-eintiteas rialáilte ar an eolas faoi sin. 4. I gcás inarb iomchuí, de réir na faisnéise a fuarthas le linn an fhíoraithe, déanfaidh an fíoraitheoir an anailís riosca a athbhreithniú agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin a bheidh le déanamh a mhodhnú nó a athdhéanamh. Airteagal 43h Plean fíorúcháin 1. Dréachtóidh an fíoraitheoir plean fíorúcháin a bheidh ag teacht leis an bhfaisnéis a gheofar agus na rioscaí a shainaithneofar le linn na hanailíse straitéisí agus na hanailíse riosca, ina gcuimseofar an méid seo a leanas ar a laghad:
2. Bunóidh an fíoraitheoir an plean tástála dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo ar bhealach lenar féidir leis a chinneadh a mhéid is féidir brath ar na gníomhaíochtaí rialaithe ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 43b(4), pointí (b) agus (c). Agus an méid samplála agus na gníomhaíochtaí samplála á gcinneadh chun na gníomhaíochtaí rialaithe a thástáil, cuirfidh an fíoraitheoir na heilimintí seo a leanas san áireamh:
3. Agus an méid samplála agus na gníomhaíochtaí samplála á gcinneadh chun sonraí a shampláil dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), cuirfidh an fíoraitheoir na heilimintí seo a leanas san áireamh:
4. Bunóidh an fíoraitheoir plean fíorúcháin agus cuirfidh sé chun feidhme é ar bhealach lena laghdaítear an riosca fíorúcháin chuig leibhéal inghlactha chun dearbhú réasúnach a fháil go bhfuil tuarascáil an eintitis rialáilte saor ó mhíráitis ábhartha. 5. Déanfaidh an fíoraitheoir an anailís riosca agus an plean fíorúcháin a nuashonrú, agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí fíorúcháin a oiriúnú le linn an fhíorúcháin más rud é go n-aimsíonn sé rioscaí breise is gá a laghdú nó más rud é gur lú an riosca iarbhír ná mar a bhí coinne leis ar dtús. Airteagal 43i Gníomhaíochtaí fíorúcháin Cuirfidh an fíoraitheoir an plean fíorúcháin chun feidhme agus, ar bhonn na hanailíse riosca, seiceálfaidh an fíoraitheoir cur chun feidhme an phlean faireacháin a d’fhormheas an t-údarás inniúil. Chuige sin, déanfaidh an fíoraitheoir tástáil shubstainteach ar a laghad ina mbeidh nósanna imeachta anailíseacha, fíorú sonraí agus seiceáil na modheolaíochta faireacháin agus seiceálfaidh sé an méid seo a leanas:
Chun críocha phointe (a) den dara mír, déanfaidh an fíoraitheoir rianú ar an sreabhadh sonraí agus é ag leanúint sheicheamh agus idirghníomhú na ngníomhaíochtaí sreafa sonraí idir na sonraí foinse príomhúla go dtí tiomsú na tuarascála ón eintiteas rialáilte. Airteagal 43j Nósanna imeachta Anailíseacha 1. Úsáidfidh an fíoraitheoir nósanna imeachta anailíseacha chun sochreidteacht agus iomláine na sonraí a mheasúnú i gcás ina léiríonn an riosca fréimhíochta, an riosca rialaithe agus oiriúnacht ghníomhaíochtaí rialaithe an eintitis rialáilte an gá atá le nósanna imeachta anailíseacha den sórt sin. 2. Agus na nósanna imeachta anailíseacha dá dtagraítear i mír 1 á gcur i gcrích ag an bhfíoraitheoir, déanfaidh sé measúnú ar na sonraí tuairiscithe chun réimsí riosca a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin atá beartaithe a bhailíochtú agus a chur in oiriúint ina dhiaidh sin. Déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas ar a laghad:
3. Agus na nósanna imeachta anailíseacha dá dtagraítear i mír 1 á gcur i bhfeidhm ag an bhfíoraitheoir, déanfaidh sé na nósanna imeachta seo a leanas:
4. I gcás ina sainaithníonn an fíoraitheoir asluitigh, luaineachtaí, treochtaí, bearnaí sonraí nó sonraí nach bhfuil comhsheasmhach le faisnéis ábhartha eile nó a bhfuil éagsúlacht nach beag idir iad agus na méideanna nó cóimheasa a raibh coinne leo, gheobhaidh an fíoraitheoir mínithe ón eintiteas rialáilte agus fianaise ábhartha bhreise ag gabháil leo. Ar bhonn na mínithe agus na fianaise breise a chuirfear ar fáil, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar an tionchar ar an bplean fíorúcháin agus ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin atá le déanamh. Airteagal 43k Fíorú sonraí 1. Fíoróidh an fíoraitheoir na sonraí i dtuarascáil an eintitis rialáilte trí thástáil mhionsonraithe ar na sonraí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear trí na sonraí a rianú ar ais go dtí an fhoinse sonraí phríomhúil, sonraí a chros-seiceáil le foinsí sonraí seachtracha, réitigh a dhéanamh, tairseacha maidir le sonraí iomchuí a sheiceáil agus athríomhanna a dhéanamh. 2. Agus na sonraí dá dtagraítear i mír 1 á bhfíorú agus an plean faireacháin formheasta á chur san áireamh, lena n-áirítear na nósanna imeachta a bhfuil tuairisc orthu sa phlean sin, seiceálfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:
Airteagal 43l Cur i bhfeidhm ceart na modheolaíochta faireacháin a fhíorú 1. Seiceálfaidh an fíoraitheoir cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme ceart na modheolaíochta faireacháin a d’fhormheas an t-údarás inniúil sa phlean faireacháin lena n-áirítear sonraí sonracha na modheolaíochta faireacháin sin. 2. Chun tuarascáil astaíochtaí an eintitis rialáilte a fhíorú, seiceálfaidh an fíoraitheoir cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme ceart an phlean samplála dá dtagraítear in Airteagail 33 agus 75k de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, mar a d’fhormheas an t-údarás inniúil é. 3. I gcás ina gceanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ar an eintiteas rialáilte comhlíontacht leis na tairseacha éiginnteachta le haghaidh sonraí gníomhaíochta agus fachtóirí ríofa a léiriú, deimhneoidh an fíoraitheoir bailíocht na faisnéise a úsáideadh chun na leibhéil éiginnteachta a leagtar amach sa phlean faireacháin formheasta a ríomh. 4. Agus an mhodheolaíocht faireacháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á seiceáil, seiceálfaidh an fíoraitheoir cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme ceart an mhodha chun an fachtóir raoin feidhme a chinneadh, mar a leagtar síos é sa phlean faireacháin a d’fhormheas an t-údarás inniúil, de bhun Chaibidil VIIa de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. 5. Seiceálfaidh an fíoraitheoir fianaise an eintitis rialáilte lena léirítear ar scaoileadh an breosla lena thomhailt in earnálacha a chumhdaítear le Caibidil III de Threoir 2003/87/CE. 6. Chun a mheasúnú ar úsáideadh na breoslaí arna scaoileadh lena dtomhailt in earnálacha a chumhdaítear le Caibidil III de Threoir 2003/87/CE san aon bhliain tuairiscithe amháin agus an féidir iad a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 75v(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, seiceálfaidh an fíoraitheoir an chomhsheasmhacht idir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 43e(1), pointe (g), den Rialachán seo leis an bhfaisnéis i dtuarascáil an eintitis rialáilte a bhaineann le hIarscríbhinn Xb a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. Airteagal 43m Fíorú na modhanna a cuireadh i bhfeidhm ar shonraí in easnamh 1. I gcás inar úsáideadh modhanna a leagtar síos sa phlean faireacháin arna fhormheas ag an údarás inniúil chun sonraí in easnamh a chomhlánú de bhun Airteagal 66 agus Airteagal 75o de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, seiceálfaidh an fíoraitheoir arbh iad modhanna is iomchuí don chás sonrach a úsáid, agus ar cuireadh i bhfeidhm i gceart iad. Má fhaigheann an t-eintiteas rialáilte formheas ón údarás inniúil chun modhanna eile a úsáid nach na modhanna sin iad dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 66 agus Airteagal 75o de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, seiceálfaidh an fíoraitheoir ar cuireadh an cur chuige formheasta i bhfeidhm i gceart agus an ndearnadh doiciméadú iomchuí air. I gcás nach féidir leis an eintiteas rialáilte an formheas sin a fháil in am, seiceálfaidh an fíoraitheoir an áirithítear leis an gcur chuige a úsáideann an t-eintiteas rialáilte chun na sonraí atá in easnamh a chomhlánú nach ndéantar gannmheastachán ar na hastaíochtaí agus nach n-eascraíonn míráitis ábhartha as an gcur chuige sin. 2. Seiceálfaidh an fíoraitheoir éifeachtacht na ngníomhaíochtaí rialaithe arna gcur chun feidhme ag eintiteas rialáilte chun sonraí in easnamh a chosc dá dtagraítear in Airteagail 66 agus 75o de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. Airteagal 43n Sampláil 1. Agus comhréireacht na ngníomhaíochtaí rialaithe agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43i, pointí (b) agus (c) á seiceáil ag an bhfíoraithe, nó nuair a bheidh na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagail 43j agus 43k á ndéanamh aige, féadfaidh an fíoraitheoir modhanna samplála a úsáid a bhaineann go sonrach le heintiteas rialáilte ar choinníoll go mbeidh údar le sampláil ar bhonn na hanailíse riosca. 2. I gcás ina sainaithníonn an fíoraitheoir neamh-chomhréireacht nó míráiteas le linn na samplála, iarrfaidh sé ar an eintiteas rialáilte na príomhchúiseanna leis an neamh-chomhréireacht nó leis an míráiteas a mhíniú chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na neamh-chomhréireachta nó an mhíráitis ar na sonraí a tuairiscíodh. Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe sin, cinnfidh an fíoraitheoir an bhfuil gá le gníomhaíochtaí fíorúcháin breise, an gá an méid samplála a mhéadú, agus cén chuid dhaonra na sonraí a chaithfidh an t-eintiteas rialáilte a cheartú. 3. Doiciméadóidh an fíoraitheoir toradh na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagail 43i go 43l, lena n-áirítear sonraí na samplaí breise, sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach. Airteagal 43o Aghaidh a thabhairt ar mhíráitis, neamh-chomhréireachtaí agus neamhchomhlíontacht 1. Má shainaithníonn an fíoraitheoir míráitis, neamh-chomhréireachtaí nó neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, le linn an fhíoraithe, cuirfidh sé an t-eintiteas rialáilte ar an eolas faoi sin ar go tráthúil agus iarrfaidh sé ceartúcháin ábhartha. Ceartóidh an t-eintiteas rialáilte aon mhíráiteas nó neamh-chomhréireacht a cuireadh in iúl. I gcás inar sainaithníodh neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tabharfaidh an t-eintiteas rialáilte fógra don údarás inniúil agus ceartóidh sé an neamhchomhlíontacht de réir mar is iomchuí gan moill mhíchuí. 2. Maidir le gach míráiteas, neamh-chomhréireacht nó neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a cheartaigh an t-eintiteas rialáilte le linn an fhíoraithe, déanfaidh an fíoraitheoir iad a dhoiciméadú agus a mharcáil mar míráitis, neamh-chomhréireachtaí nó neamhchomhlíontachtaí a réitíodh sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach. 3. Mura gceartaíonn an t-eintiteas rialáilte na míráitis nó na neamh-chomhréireachtaí a chuir an fíoraitheoir in iúl dó i gcomhréir le mír 1 sula n-eiseoidh an fíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin, iarrfaidh an fíoraitheoir ar an eintiteas rialáilte na príomhchúiseanna leis an neamh-chomhréireacht nó leis an míráiteas a mhíniú chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na neamh-chomhréireachtaí nó na míráiteas ar na sonraí tuairiscithe. Cinnfidh an fíoraitheoir an bhfuil éifeacht ábhartha ag na míráitis neamhcheartaithe, ina n-aonar nó nuair a chomhiomlánaítear iad le míráitis eile, ar na hastaíochtaí iomlána tuairiscithe. Agus measúnú á dhéanamh ar ábharthacht na míráiteas, breithneoidh an fíoraitheoir méid agus cineál an mhíráitis chomh maith leis na himthosca ar leith a bhaineann le tarlú na míráiteas. Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú i dtaobh an mbíonn tionchar ag an neamh-chomhréireacht neamhcheartaithe, go haonarach nó nuair a chomhiomlánaítear í le neamh-chomhréireachtaí eile, ar na sonraí tuairiscithe agus an mbíonn míráiteas ábhartha ann mar thoradh air sin. Mura gceartaíonn an t-eintiteas rialáilte neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 i gcomhréir le mír 1 sula n-eiseoidh an fíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú i dtaobh an bhfuil tionchar ag an neamhchomhlíontacht neamhcheartaithe ar na sonraí tuairiscithe agus an mbíonn míráiteas ábhartha ann mar thoradh air sin. Féadfaidh an fíoraitheoir míráitis a bhreithniú mar mhíráitis ábhartha fiú má bhíonn na míráitis sin, ina n-aonar nó nuair a chomhiomlánaítear iad le míráitis eile, faoi bhun na tairsí ábharthachta a leagtar amach in Airteagal 43p, i gcás ina bhfuil údar leis an mbreithniú sin i ngeall ar mhéid agus ar chineál na míráiteas agus ar imthosca ar leith a bhaineann le tarlú na míráiteas. Airteagal 43p Tairseach ábharthachta 1. Maidir le heintitis rialáilte a bhfuil astaíochtaí bliantúla acu a bhaineann le breoslaí arna scaoileadh lena dtomhailt atá cothrom le 500 000 tona CO2e nó níos lú ná sin, is í an tairseach ábharthachta 5 % de na hastaíochtaí iomlána tuairiscithe sa tréimhse tuairiscithe atá faoi réir fíorúcháin, chun tuarascálacha ó eintitis rialáilte a fhíorú. 2. Maidir le heintitis rialáilte a bhfuil astaíochtaí bliantúla acu a bhaineann le breoslaí arna scaoileadh lena dtomhailt is mó ná 500 000 tona CO2e, is í an tairseach ábharthachta 2 % de na hastaíochtaí iomlána tuairiscithe sa tréimhse tuairiscithe atá faoi réir fíorúcháin, chun tuarascálacha ó eintitis rialáilte a fhíorú. Airteagal 43q Fíorú, athbhreithniú neamhspleách agus taifeadadh a thabhairt i gcrích 1. Agus an fíorú á chur i gcrích agus an fhaisnéis a fuarthas le linn an fhíorúcháin á cur san áireamh, déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:
2. Déanfaidh an fíoraitheoir athbhreithniú neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 25. 3. Ullmhóidh agus tiomsóidh an fíoraitheoir doiciméadacht fíorúcháin inmheánach ina mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad:
Beidh feidhm ag Airteagal 26(2) agus (3) chun tuarascálacha ó eintiteas rialáilte a fhíorú. Airteagal 43r Tuarascáil fíorúcháin 1. Ar bhonn na faisnéise a bailíodh le linn an fhíorúcháin, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin don eintiteas rialáilte maidir le gach tuarascáil astaíochtaí a bhí faoi réir fíorúcháin. Leagfar amach sa tuarascáil fíorúcháin an méid seo a leanas:
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), ní fhéadfar tuarascáil an eintitis rialáilte a fhíorú mar thuarascáil shásúil ach amháin i gcás ina bhfuil tuarascáil an eintitis rialáilte saor ó mhíráitis ábhartha. 2. Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte an tuarascáil fíorúcháin faoi bhráid an údaráis inniúil in éineacht le tuarascáil an eintitis rialáilte atá i gceist. 3. Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil fíorúcháin:
4. Tabharfaidh an fíoraitheoir tuairisc sa tuarascáil fíorúcháin ar na míráitis, na neamh-chomhréireachtaí agus an neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 chun go mbeidh an t-eintiteas rialáilte agus an t-údarás inniúil in ann an méid seo a leanas a thuiscint:
Airteagal 43s Teorainn an raoin feidhme Féadfaidh an fíoraitheoir a chinneadh go bhfuil raon feidhme an fhíorúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43r(1), pointe (c) rótheoranta in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
Airteagal 43t Aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhréireachtaí neamhábhartha gan réiteach 1. Déanfaidh an fíoraitheoir a mheasúnú ar cheartaigh an t-eintiteas rialáilte na neamh-chomhréireachtaí a léirítear sa tuarascáil fíorúcháin a bhaineann leis an tréimhse faireacháin roimhe sin de réir na gceanglas ar an eintiteas rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 75q(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, i gcás inarb ábhartha. Murar cheartaigh an t-eintiteas rialáilte na neamh-chomhréireachtaí sin de bhun Airteagal 75q(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, breithneoidh an fíoraitheoir an méadaíonn an t-easnamh an riosca míráitis nó an bhféadfadh sé an riosca míráitis a mhéadú. Tuairisceoidh an fíoraitheoir sa tuarascáil fíorúcháin ar réitigh an t-eintiteas rialáilte na neamh-chomhréireachtaí sin. 2. Déanfaidh an fíoraitheoir sonraí a thaifeadadh sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach maidir le cathain agus conas a réitigh an t-eintiteas rialáilte neamh-chomhréireachtaí arna sainaithint le linn an fhíorúcháin. Airteagal 43u Feabhas a chur ar an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe 1. I gcás inar shainaithin an fíoraitheoir réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar fheidhmíocht an eintitis rialáilte a bhaineann le pointí (a) go (d) den mhír seo, áireoidh sé sa tuarascáil fíorúcháin moltaí chun feabhais a bhaineann le feidhmíocht an eintitis rialáilte maidir leis na pointí seo a leanas:
2. Le linn an fhíorúcháin tar éis bliana ina ndearnadh moltaí chun feabhais i dtuarascáil fíorúcháin, seiceálfaidh an fíoraitheoir ar chuir an t-eintiteas rialáilte na moltaí sin chun feabhais chun feidhme agus an bealach ina ndearnadh sin. I gcás nár chuir an t-eintiteas rialáilte na moltaí sin chun feidhme nó nár chuir sé chun feidhme i gceart iad, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar an tionchar aige sin ar an riosca a bhaineann le míráitis agus neamh-chomhréireachtaí. Airteagal 43v Cuairteanna ar an láithreán agus fíorú simplithe 1. Uair iomchuí amháin nó níos mó le linn an phróisis fíorúcháin, tabharfaidh an fíoraitheoir cuairt ar an láithreán chun measúnú a dhéanamh ar oibriú na bhfeistí tomhais agus na gcóras faireacháin, agallaimh a dhéanamh, na gníomhaíochtaí a cheanglaítear leis an gCaibidil seo a dhéanamh agus faisnéis agus fianaise leormhaith a bhailiú lena gcuirfear ar a chumas a chinneadh an bhfuil tuarascáil an eintitis rialáilte saor ó mhíráitis ábhartha. Agus cuairteanna ar an láithreán á ndéanamh ag an bhfíoraitheoir i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú freisin ar iomláine na sreabh breosla arna scaoileadh agus na méideanna breosla arna scaoileadh. 2. Tabharfaidh an t-eintiteas rialáilte rochtain don fhíoraitheoir ar a chuid láithreán. 3. Chun tuarascáil astaíochtaí an eintitis rialáilte a fhíorú, cinnfidh an fíoraitheoir, ar bhonn na hanailíse riosca, an bhfuil gá le cuairteanna ar shuíomhanna breise, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, i gcás ina ndéantar codanna ábhartha de ghníomhaíochtaí sreafa sonraí agus gníomhaíochtaí rialaithe i suíomhanna eile amhail ceanncheathrú na cuideachta agus oifigí lasmuigh den láithreán. 4. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an fíoraitheoir a chinneadh gan cuairteanna ar an láithreán a thabhairt ar eintitis rialáilte. Beidh an cinneadh sin bunaithe ar na critéir seo a leanas:
Cuirfidh an fíoraitheoir a chinneadh in iúl don eintiteas rialáilte gan moill mhíchuí. 5. Cuirfidh an t-eintiteas rialáilte iarratas faoi bhráid an údaráis inniúil lena n-iarrfar ar an údarás inniúil cinneadh an fhíoraitheora gan an chuairt a thabhairt ar an láithreán a fhormheas. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san iarratas:
Ní cheanglófar formheas an údaráis inniúil le haghaidh eintitis rialáilte a bhfuil astaíochtaí ísle acu, mar a shonraítear in Airteagal 75n(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. 6. Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5, pointí (a) go (d) á cur san áireamh, cinnfidh an t-údarás inniúil an ndéanfaidh sé an cinneadh ón bhfíoraitheoir gan an chuairt a thabhairt ar an láithreán a fhormheas nó gan é a fhormheas. I gcás nár thug an t-údarás inniúil freagra ar an iarratas ón eintiteas rialáilte, i gcomhréir le mír 5 laistigh de 2 mhí ón iarratas a fháil, measfar go bhfuil cinneadh ón bhfíoraitheoir formheasta. 7. Tabharfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an láithreán i gcónaí sna cásanna seo a leanas:
Airteagal 43w Coinníollacha maidir le gan cuairteanna a thabhairt ar an láithreán Beidh aon cheann díobh seo a leanas a bheidh ina gcoinníollacha maidir le gan cuairteanna a thabhairt ar an láithreán:
Airteagal 43x Fíorú simplithe agus cuairteanna fíorúla ar an láithreán Beidh feidhm ag Airteagail 34 agus 34a maidir le fíorú astaíochtaí eintitis rialáilte a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE. Chun na críche sin léifear aon tagairt don oibreoir, an tsuiteáil agus an t-oibreoir aerárthaí amhail is dá mba thagairt í don eintiteas rialáilte. Airteagal 43y Raon feidhme an chreidiúnaithe Ní eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin ach chuig eintiteas rialáilte a dhéanann gníomhaíocht a chumhdaítear le grúpa gníomhaíochta Uimhir 1c in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar tugadh creidiúnú don fhíoraitheoir ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus leis an Rialachán seo. Airteagal 43z Nósanna imeachta agus doiciméadú an fhíoraitheora 1. Déanfaidh fíoraitheoir nós imeachta amháin nó níos mó a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun le haghaidh gníomhaíochtaí fíorúcháin dá bhforáiltear i gCaibidil IIIa, agus le haghaidh na nósanna imeachta agus na bpróiseas a cheanglaítear le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus na nósanna imeachta agus na próisis sin á mbunú agus á gcur chun feidhme ag an bhfíoraitheoir, déanfaidh an fíoraitheoir na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. 2. Beidh feidhm ag Airteagail 41(2) agus 42(1) den Rialachán seo maidir le fíorú astaíochtaí eintitis rialáilte a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE. 3. Cuirfidh fíoraitheoir faisnéis ar fáil don eintiteas rialáilte agus do pháirtithe ábhartha eile go tráthrialta i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Airteagal 43za Neamhchlaontacht agus neamhspleáchas 1. Beidh fíoraitheoir neamhspleách ar an eintiteas rialáilte agus beidh sé neamhchlaonta agus é ag gabháil dá ghníomhaíochtaí fíorúcháin. Chun neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a áirithiú, ní bheidh an fíoraitheoir ná aon chuid den eintiteas dlítheanach céanna ina eintiteas rialáilte, úinéir eintitis rialáilte ná faoina úinéireacht, ná ní bheidh caidreamh ag an bhfíoraitheoir leis an eintiteas rialáilte a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas agus dá neamhchlaontacht. Beidh an fíoraitheoir neamhspleách freisin ar chomhlachtaí a thrádálann lamháltais astaíochtaí faoin gcóras trádála lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa a bunaíodh de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/87/CE. 2. Eagrófar fíoraitheoir ar bhealach a dhéanfaidh a oibiachtúlacht, a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht a choimirciú. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na ceanglais ábhartha maidir le struchtúr agus eagrú an fhíoraitheora a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn II. 3. Ní dhéanfaidh fíoraitheoir gníomhaíochtaí fíorúcháin le haghaidh eintiteas rialáilte lena ngabhann riosca do-ghlactha dá neamhchlaontacht nó lena gcruthaítear coinbhleacht leasa dó. Ní bhainfidh an fíoraitheoir úsáid as pearsanra ná as daoine atá ar conradh chun tuarascáil ó eintiteas rialáilte a fhíorú lena mbaineann coinbhleacht leasa iarbhír nó fhéideartha. Áiritheoidh an fíoraitheoir freisin nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí pearsanra ná eagraíochtaí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht an fhíorúcháin. Chun na críche sin, déanfaidh an fíoraitheoir faireachán ar na rioscaí don neamhchlaontacht agus déanfaidh sé gníomhaíocht iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. Maidir le riosca do-ghlactha don neamhchlaontacht nó do choinbhleacht leasa dá dtagraítear sa chéad abairt den chéad fhomhír, measfar gur ann dó go háirithe i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
4. Measfar gur tháinig coinbhleacht leasa chun cinn maidir le fíoraitheoir sa chaidreamh idir é agus an t-eintiteas rialáilte, go háirithe i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, measfar go bhfuil neamhchlaontacht an fhíoraitheora curtha i mbaol i gcás ina bhfuil an caidreamh idir an fíoraitheoir agus an comhlacht comhairleach, an comhlacht cúnaimh theicniúil nó an eagraíocht eile ar bhonn na comhúinéireachta, an rialachais choitinn, na comhbhainistíochta nó an phearsanra choitinn, na n- acmhainní comhroinnte, an mhaoinithe choitinn agus na gcomhchonarthaí nó na margaíocht coitinne agus na híocaíochta coitinne ar choimisiún díolacháin nó dreasú eile chun cliaint nua a tharchur. 5. Ní dhéanfaidh fíoraitheoir tabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an t-eintiteas rialáilte agus an fíoraitheoir, an t-athbhreithniú neamhspleách ná eisiúint na tuarascála fíorúcháin a sheachfhoinsiú. Chun críocha an Rialacháin seo, nuair a bheidh gníomhaíochtaí fíorúcháin eile á seachfhoinsiú, comhlíonfaidh an fíoraitheoir na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn II. Mar sin féin, chun críocha na chéad fhomhíre, ní hionann daoine aonair a chur faoi chonradh chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh, má ghlacann an fíoraitheoir, le linn dó na daoine sin a chur faoi chonradh, freagracht iomlán as na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanann pearsanra ar conradh. Nuair a bheidh daoine aonair ar conradh chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh, cuirfidh an fíoraitheoir de cheangal ar na daoine aonair sin comhaontú i scríbhinn a shíniú go gcomhlíonann siad nósanna imeachta an fhíoraitheora agus nach bhfuil coinbhleacht leasa ann agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin sin á ndéanamh. 6. Déanfaidh fíoraitheoir próiseas a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun neamhchlaontacht agus neamhspleáchas leanúnach an fhíoraitheora a áirithiú, mar aon le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas leanúnach na gcodanna den eintiteas dlítheanach céanna, eagraíochtaí eile dá dtagraítear i mír 4, agus gach pearsanra agus gach duine ar conradh a bhfuil baint acu leis an bhfíorú. Áireofar sa phróiseas sin sásra chun neamhchlaontacht agus neamhspleáchas an fhíoraitheora a chosaint agus chun na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a chomhlíonadh. 6a. Nuair a dhéanfaidh fíoraitheoir an t-eintiteas rialáilte céanna a fíoraíodh an bhliain roimh sin a fhíorú, déanfaidh an fíoraitheoir an riosca don neamhchlaontacht a mheas agus déanfaidh sé bearta chun an riosca don neamhchlaontacht a laghdú. 7. Ó 2026 ar aghaidh, i gcás ina ndéanfaidh an t-iniúchóir CTA AE fíorú bliantúil ar astaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE le haghaidh tréimhse 5 bliana as a chéile maidir le heintiteas rialáilte ar leith, tógfaidh sé briseadh 3 bliana as a chéile ó sheirbhísí fíorúcháin a sholáthar don eintiteas rialáilte céanna sin.’; (*3) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51, ELI:: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/96/oj)." (*4) Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj)." |
|
(30) |
in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘Maidir le fíoraitheoir a eisíonn tuarascáil fíorúcháin d’oibreoir, oibreoir aerárthaí nó eintiteas rialáilte, beidh sé creidiúnaithe i leith raon feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil fíorú na tuarascála ó oibreoir, oibreoir aerárthaigh nó ó eintiteas rialáilte á dhéanamh ag an bhfíoraitheoir ina leith.’; |
|
(31) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45: ‘Airteagal 45 Cuspóirí an chreidiúnaithe Le linn an phróisis creidiúnaithe agus an fhaireacháin ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, déanfaidh gach comhlacht náisiúnta creidiúnaithe measúnú i dtaobh an bhfuil an méid seo a leanas amhlaidh i leith an fhíoraitheora agus a phearsanra a bhfuil gníomhaíochtaí fíorúcháin á ndéanamh acu:
|
|
(32) |
in Airteagal 48(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(33) |
in Airteagal 56, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘Más rud é go measann Ballstát nach bhfuil sé fóinteach ná inbhuanaithe ar bhonn eacnamaíoch comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a cheapadh nó seirbhísí creidiúnaithe áirithe a chur ar fáil de réir bhrí Airteagal 15 nó Airteagal 30f de Threoir 2003/87/CE, rachaidh an Ballstáit sin ar iontaoibh comhlachta náisiúnta creidiúnaithe Ballstáit eile.’; |
|
(34) |
in Airteagal 58(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Áireofar ar an bhfoireann mheasúnaithe duine amháin ar a laghad a bhfuil eolas aige ar fhaireachán agus ar thuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 atá ábhartha maidir le raon feidhme an chreidiúnaithe agus an inniúlacht agus an tuiscint aige is gá chun measúnú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin laistigh den tsuiteáil, an t-oibreoir aerárthaigh nó an t-eintiteas rialáilte le haghaidh an raoin feidhme sin, agus duine amháin ar a laghad a bhfuil eolas aige ar reachtaíocht agus treoir náisiúnta ábhartha.’; |
|
(35) |
in Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití: ‘I gcás ina bhfuil gearán maidir leis an bhfíoraitheoir faighte ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnaithe ón údarás inniúil, an t-oibreoir, an t-oibreoir aerárthaigh, an t-eintiteas rialáilte nó ó pháirtithe leasmhara eile, déanfaidh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an méid seo a leanas laistigh de thréimhse ama réasúnach ach tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a fuarthas é:’; |
|
(36) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 69: ‘Airteagal 69 Malartú leictreonach sonraí agus úsáid córas uathoibrithe 1. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar fhíoraitheoirí teimpléid leictreonacha nó formáidí comhaid sonracha a úsáid le haghaidh tuarascálacha fíorúcháin i gcomhréir le hAirteagal 74(1) nó Airteagal 75u de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331. 2. Féadfar teimpléid leictreonacha chaighdeánaithe nó sonraíochtaí formáide comhaid a chur ar fáil le haghaidh cineálacha breise cumarsáide idir an t-oibreoir, an t-oibreoir aerárthaigh, an t-eintiteas rialáilte, an fíoraitheoir, an t-údarás inniúil agus an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 74(2) nó Airteagal 75u de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.’ |
|
(37) |
in Airteagal 71(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(38) |
in Airteagal 73(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
|
(39) |
in Airteagal 76, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Bunóidh agus bainisteoidh comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe, nó i gcás inarb infheidhme údaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 55(2), bunachar sonraí agus ceadóidh siad rochtain ar an mbunachar sonraí sin do chomhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe eile, údaráis náisiúnta, fíoraitheoirí, oibreoirí, oibreoirí, oibreoirí aerárthaigh, eintitis rialáilte agus údaráis inniúla. Maidir leis an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, déanfaidh sé rochtain ar na bunachair shonraí a éascú agus a chomhchuibhiú chun cumarsáid éifeachtúil chostéifeachtach a chumasú idir comhlachtaí náisiúnta creidiúnaithe, údaráis náisiúnta, fíoraitheoirí, oibreoirí, oibreoirí aerárthaigh, eintitis rialáilte údaráis inniúla, agus féadfaidh sé na bunachair sonraí sin a réiteach ina mbunachar sonraí aonair láraithe.’ |
|
(40) |
leasaítear Airteagal 77(1) mar a leanas:
|
|
(41) |
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (4), (7)(a)(i), (12)(d), (13)(d), (18)(b), (18)(c)(vii), (26) go (29), (38), (40)(b) agus (c) agus pointe 2(a) den Iarscríbhinn ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj .
(2) Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/959/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú na sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2067/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/331/oj).
(5) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1, ELI:http://data.europa.eu/eli/dir/2012/27/oj).
(6) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú), (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).
(7) Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/958/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2066/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1321/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)