European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1320

16.5.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1320 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Bealtaine 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 a mhéid a bhaineann le liosta na gcriosanna ionfhabhtaithe chun Xylella fastidiosa (Wells et al.) a imshrianadh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 ón gCoimisiún (2), is Rialachán é atá i bhfeidhm ó bhí Lúnasa 2020 agus é mar aidhm aige cosc a chur ar thabhairt isteach Xylella fastidiosa (Wells et al.) (‘an lotnaid shonraithe’) san Aontas agus ar a leathadh breise laistigh den Aontas.

(2)

Tar éis na suirbhéanna a rinneadh de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201, dheimhnigh an Iodáil nach bhfuil sé indéanta a thuilleadh an lotnaid shonraithe a dhíothú i mbardais Alberobello, Castellana Grotte, Monopoli, Polignano a Mare agus Putignano i gcúige Bari ná i mbardas Fasano i gcúige Taranto.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart na bardais sin a chur leis an liosta lena mbaineann de na criosanna ionfhabhtaithe atá faoi imshrianadh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201, maidir le cúigí Taranto agus Bari.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 a leasú dá réir.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2020 maidir le bearta chun cosc a chur ar thabhairt isteach Xylella fastidiosa (Wells et al.) san Aontas agus ar a leathadh laistigh den Aontas (IO L 269, 17.8.2020, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1201/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn III, Cuid A a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 mar a leanas:

(1)

I bpointe 3, ‘Bardais atá lonnaithe i gcúige Taranto’: Cuirtear isteach ‘Fasano’ i ndiaidh ‘Faggiano’.

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 4:

‘4.

‘Bardais atá lonnaithe i gcúige Bari’:

 

Alberobello

 

Castellana Grotte

 

Locorotondo

 

Monopoli

 

Polignano a Mare

 

Putignano’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1320/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)