European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1313

17.5.2024

Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na hAirméine i gclár an Aontais, Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht

An Coimisiún Eorpach (dá ngairtear ‘an Coimisiún’ anseo feasta), thar ceann an Aontais Eorpaigh,

de pháirt,

agus

Rialtas Phoblacht na hAirméine (dá ngairtear ‘an Airméin’ anseo feasta),

den pháirt eile,

(dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta),

DE BHRÍ go sonraítear sa Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, maidir le Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht na hAirméine i gcláir an Aontais (1), de bhrí go sonraítear ann go ndéanfar na téarmaí agus na coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht na hAirméine i ngach clár sonrach, go háirithe an ranníocaíocht airgeadais is iníoctha agus na nósanna imeachta tuairiscithe agus meastóireachta, a chinneadh i Meabhrán Tuisceana (2) idir an Coimisiún Eorpach agus údaráis inniúla na hAirméine ar bhonn na gcritéar arna mbunú leis na cláir lena mbaineann;

DE BHRÍ gur bunaíodh clár an Aontais Eorpaigh, Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (dá ngairtear ‘an Clár Fís Eorpach’ anseo feasta);

I bhFIANAISE iarrachtaí an Aontais Eorpaigh an fhreagairt a stiúradh trí dhul i gcomhar lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta ar mhaithe le daoine, an pláinéad agus an rathúnas i gClár Oibre na Náisiún Aontaithe “I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe”, agus á admháil dóibh gur uirlisí fíor-riachtanacha iad an taighde agus an nuálaíocht agus gurb iad is mó a spreagann an fás inbhuanaithe a bheidh á threorú ag an nuálaíocht, an t-iomaíochas agus an tarraingteacht eacnamaíoch;

AG AITHINT DÓIBH na bprionsabal ginearálta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695;

AG ADMHÁIL DÓIBH chuspóirí an Limistéir Eorpaigh Taighde athnuaite chun limistéar coiteann eolaíoch agus teicneolaíoch a fhorbairt, margadh aonair don taighde agus don nuálaíocht a chruthú, an comhar idir ollscoileanna agus malartú dea-chleachtas agus gairmeacha taighde tarraingteacha a chothú agus a éascú, soghluaisteacht trasteorann agus idirearnálach taighdeoirí a éascú, saorghluaiseacht eolais eolaíoch agus nuálaíochta eolaíche a chothú, an urraim don tsaoirse acadúil agus do shaoirse an taighde eolaíoch a chur chun cinn, tacú le hoideachas eolaíochta agus gníomhaíochtaí cumarsáide, agus iomaíochas agus tarraingteacht na ngeilleagar rannpháirteach a spreagadh, agus ag admháil dóibh gur príomh-chomhpháirtithe iad na tíortha comhlachaithe san iarracht sin;

AG CUR I dTÁBHACHT ról na gComhpháirtíochtaí Eorpacha a thugann aghaidh ar roinnt de na dúshláin is práinní atá san Eoraip trí thionscnaimh chomhbheartaithe taighde agus nuálaíochta lena rannchuidítear go mór le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i réimse an taighde agus na nuálaíochta ina bhfuil gá le mais chriticiúil agus fís fhadtéarmach agus tábhacht rannpháirtíocht na dtíortha comhlachaithe sna Comhpháirtíochtaí sin;

AG FÉACHAINT le coinníollacha comhthairbheacha a bhunú chun poist chuibhiúla a chruthú, éiceachórais nuálaíochta na bPáirtithe a neartú agus tacú leo trí chabhrú le fiontair nuálaíocht agus méadú a dhéanamh i margaí na bPáirtithe agus trí ghlacadh na nuálaíochta, mar aon le cur in úsáid agus inrochtaineacht na nuálaíochta, a éascú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta;

AG AITHINT DÓIBH gur cheart go dtiocfadh sochair fhrithpháirteacha as rannpháirtíocht chómhalartach i gcláir thaighde agus nuálaíochta a chéile, agus á admháil dóibh go bhforchoimeádann na Páirtithe a gceart chun teorainn nó coinníoll a chur le rannpháirtíocht ina gcláir thaighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear, go háirithe, i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann lena sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil,

I bhFIANAISE spriocanna coiteanna, luachanna agus naisc láidre na bPáirtithe i réimse an taighde agus na nuálaíochta, arna mbunú san am a chuaigh thart tríd an gComhaontú Comhlachais maidir leis an gClár Fís 2020, agus ag aithint dóibh mian chomhchoiteann na bPáirtithe a gcaidreamh agus an comhar eatarthu a fhorbairt, a neartú, a spreagadh agus a shíneadh a thuilleadh ann,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Raon feidhme an chomhlachais

1.   Glacfaidh an Airméin páirt mar thír chomhlachaithe i ngach cuid den Chlár Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (an Clár Fís Eorpach), agus rannchuideoidh sí le gach cuid de, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/695 agus a chuirtear chun feidhme trí bhíthin an chláir shonraigh arna bhunú le Cinneadh (AE) 2021/764 (4), sna leaganacha is cothroime le dáta díobh, agus trí bhíthin ranníocaíocht airgeadais leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus Cinneadh (AE) 2021/820 (6), sna leaganacha is cothroime le dáta díobh; beidh feidhm acu maidir le rannpháirtíocht eintitis dhlítheanacha na hAirméine i bPobail Eolais agus Nuálaíochta.

Airteagal 2

Téarmaí agus coinníollacha sonracha na rannpháirtíochta sa Chlár Fís Eorpach

1.   Glacfaidh an Airméin páirt sa Chlár Fís Eorpach i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, maidir le Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht na hAirméine i gcláir an Aontais agus faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa Chomhaontú seo, sna gníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chomhaontú seo, agus in aon riail eile a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir Fís Eorpach, sna leaganacha is cothroime le dáta díobh.

2.   Mura bhforáiltear a mhalairt sna téarmaí agus sna coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear i gcur chun feidhme Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/695, féadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Airméin páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí indíreacha an Chláir Fís Eorpach faoi choinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha is infheidhme maidir le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas Eorpach, lena n-áirítear urraim do bhearta sriantacha an Aontais Eorpaigh (7).

3.   Sula ndéanfar cinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Airméin incháilithe chun páirt a ghlacadh i gníomhaíocht a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/695, féadfaidh an Coimisiún faisnéis nó dearbhuithe sonracha a iarraidh, amhail:

a)

faisnéis maidir le cé acu a deonaíodh nó a dheonófar rochtain chómhalartach d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas Eorpach ar chláir na hAirméine atá ann cheana agus atá beartaithe, ar cláir iad atá coibhéiseach leis an ngníomhaíocht Fís Eorpach lena mbaineann;

b).

faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sásra náisiúnta um scagadh ar infheistíocht ag an Airméin agus dearbhuithe go ndéanfaidh údaráis na hAirméine tuairisciú chuig an gCoimisiún agus go rachaidh siad i gcomhairle leis maidir le haon chás féideartha i gcás, agus sásra den chineál sin á chur i bhfeidhm, ina bhfaighidh siad eolas faoi infheistíocht eachtrach/táthcheangal atá beartaithe ag eintiteas atá bunaithe lasmuigh den Airméin, nó atá á rialú ó lasmuigh di, ar eintiteas dlítheanach de chuid na hAirméine, a fuair cistiú ó Fhís Eorpach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais, ar choinníoll go soláthróidh an Coimisiún don Airméin liosta de na heintitis dhlítheanacha ábhartha atá bunaithe san Airméin tar éis shíniú na gcomhaontuithe deontais leis na heintitis sin; agus

c)

dearbhuithe nach mbeidh aon cheann de na torthaí, na teicneolaíochtaí, na seirbhísí nó na táirgí arna bhforbairt faoi na gníomhaíochtaí lena mbaineann ag eintitis atá bunaithe san Airméin faoi réir srianta ar a n-onnmhairiú chuig Ballstáit an Aontais Eorpaigh le linn na gníomhaíochta agus ar feadh 4 bliana tar éis dheireadh na gníomhaíochta. Roinnfidh an Airméin liosta cothrom le dáta de na hábhair maidir le srianta náisiúnta ar onnmhairiú ar bhonn bliantúil, le linn na gníomhaíochta agus ar feadh 4 bliana tar éis dheireadh na gníomhaíochta.

4.   Féadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Airméin páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC), faoi théarmaí agus coinníollacha atá coibhéiseach leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas Eorpach ach amháin má tá gá le teorainneacha chun comhsheasmhacht a áirithiú le raon feidhme na rannpháirtíochta a eascraíonn as cur chun feidhme mhír 2 agus 3 den Airteagal seo.

5.   I gcás ina gcuirfidh an tAontas Eorpach an Clár Fís Eorpach chun feidhme trí Airteagail 185 agus 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Airméin agus eintitis dhlítheanacha na hAirméine páirt a ghlacadh sna struchtúir dhlíthiúla a chruthaítear faoi na forálacha sin, i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais Eorpaigh a glacadh nó a ghlacfar chun na struchtúir dhlíthiúla sin a bhunú.

6.   Beidh sé de cheart ag ionadaithe na hAirméine páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí sa choiste dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chinneadh (AE) 2021/764, gan cearta vótála agus le haghaidh pointí a bhaineann leis an Airméin.

Tiocfaidh na coistí seo le chéile gan ionadaithe na hAirméine a bheith i láthair tráth na vótála. Cuirfear an Airméin ar an eolas faoin toradh.

An fhoirm a bheidh ar an rannpháirtíocht dá dtagraítear sa mhír seo, lena n-áirítear nósanna imeachta maidir le faisnéis agus doiciméadacht a fháil, beidh sí ar aon fhoirm leis an bhfoirm is infheidhme maidir le hionadaithe ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

7.   Na cearta is infheidhme maidir le tíortha comhlachaithe, sin iad na cearta ionadaíochta agus rannpháirtíochta a bheidh ag an Airméin sa Choiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus ina fhoghrúpaí.

8.   Beidh sé de cheart ag ionadaithe na hAirméine páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí ar Bhord Gobharnóirí JRC, gan cearta vótála a bheith acu. Faoi réir an choinníll sin, rialófar an rannpháirtíocht sin leis na rialacha agus na nósanna imeachta céanna is infheidhme maidir le hionadaithe Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear cearta labhartha agus nósanna imeachta maidir le faisnéis agus doiciméadacht a fháil i ndáil le pointe a bhaineann leis an Airméin.

9.   Féadfaidh an Airméin páirt a ghlacadh i gCuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle (8), sa leagan is cothroime le dáta de, agus leis an ngníomh dlí lena mbunaítear ERIC.

10.   Na costais taistil agus na speansais chothaithe a thabhóidh ionadaithe agus saineolaithe na hAirméine as bheith páirteach mar bhreathnóirí in obair an choiste dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chinneadh (AE) 2021/764, nó i gcruinnithe eile a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir Fís Eorpach, aisíocfaidh an tAontas Eorpach iad ar an mbonn céanna agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm le haghaidh ionadaithe Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

11.   Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht, laistigh de chreat na bhforálacha atá ann cheana, chun saorghluaiseacht agus áit chónaithe na n-eolaithe a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a éascú agus chun gluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí atá ceaptha lena n-úsáid i ngníomhaíochtaí den sórt sin a éascú.

12.   Déanfaidh an Airméin na bearta uile is gá, mar is iomchuí, chun a áirithiú go mbeidh earraí agus seirbhísí, a cheannófar san Airméin nó a allmhaireofar isteach san Airméin, arb earraí agus seirbhísí iad a mhaoinítear i bpáirt nó go hiomlán de bhun na gcomhaontuithe deontais agus/nó na gconarthaí a tugadh i gcrích chun na gníomhaíochtaí a bhaint amach i gcomhréir leis an gComhaontú seo, go mbeidh siad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim, ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus ó mhuirir fhioscacha eile, lena n-áirítear CBL, is infheidhme san Airméin.

Airteagal 3

Ranníocaíocht airgeadais

1.   Rannpháirtíocht na hAirméine nó rannpháirtíocht eintitis dhlítheanacha na hAirméine sa Chlár Fís Eorpach, beidh sí faoi réir ranníocaíocht airgeadais ón Airméin leis an gClár agus leis na costais ghaolmhara bhainistíochta, chur i bhfeidhm agus oibriúcháin faoi bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘buiséad an Aontais’ anseo feasta).

2.   Is éard a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais suim na méideanna seo a leanas:

a)

ranníocaíocht oibríochtúil; agus

b)

táille rannpháirtíochta.

3.   Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm íocaíochta bliantúla a dhéanfar in dhá thráthchuid, agus beidh sí le híoc i mí na Bealtaine agus i mí Iúil ar a dhéanaí.

4.   Cumhdófar leis an ranníocaíocht oibríochtúil caiteachas oibríochtúil agus caiteachas tacaíochta an Chláir agus beidh sí sa bhreis, i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe íocaíochta araon, ar na méideanna arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais Eorpaigh arna ghlacadh go cinntitheach le haghaidh an Cháir Fís Eorpach, lena n-áirítear aon leithreasú a chomhfhreagraíonn do ghealltanais saortha a chuirtear ar fáil arís dá dtagraítear in Airteagal 15(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), sa leagan is cothroime le dáta de (dá ngairtear ‘an Rialachán Airgeadais’ anseo feasta), agus arna méadú le hioncam sannta seachtrach nach n-eascraíonn as ranníocaíochtaí airgeadais leis an gClár Fís Eorpach ó dheontóirí eile (10).

I gcás ioncam sannta seachtrach a leithdháiltear ar an gClár Fís Eorpach faoi Airteagal 3.1 de Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (11), comhfhreagróidh an méadú seo do na leithreasuithe bliantúla a léirítear sna doiciméid a ghabhann leis an Dréachtbhuiséad maidir leis an gClár Fís Eorpach.

5.   Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir Olltáirgeacht Intíre (OTI) na hAirméine ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais Eorpaigh ag praghsanna an mhargaidh. Is iad seirbhísí tiomnaithe an Choimisiúin a chinnfidh na OTInna ag praghsanna an mhargaidh a bheidh le cur i bhfeidhm bunaithe ar na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil do ríomhanna buiséid sa bhliain roimh an mbliain ina mbeidh an íocaíocht bhliantúil le híoc. De mhaolú air sin, le haghaidh 2021, is ar OTI na bliana 2019 ag praghsanna an mhargaidh a bheidh an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh bunaithe. Leagtar síos coigeartuithe ar an treoir ranníoca sin in Iarscríbhinn I.

6.   Ríomhfar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh tríd an treoir ranníoca, arna coigeartú, a chur i bhfeidhm ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas tosaigh arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais Eorpaigh a ghlacfar go cinntitheach i leith na bliana is infheidhme chun an Clár Fís Eorpach a mhaoiniú, leithreasuithe a mhéadófar i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

7.   Is 4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil tosaigh a bheidh sa táille rannpháirtíochta, táille a ríomhfar i gcomhréir le mír 5 agus 6 den Airteagal seo, agus déanfar í a chéimniú isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ní bheidh an táille rannpháirtíochta faoi réir coigeartuithe ná ceartuithe cúlghabhálacha.

8.   Féadfar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh le haghaidh bhliain N a choigeartú suas nó síos go cúlghabhálach i mbliain amháin nó níos mó blianta ina dhiaidh sin ar bhonn na ngealltanas buiséadach a dhéanfar maidir leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh bhliain N sin, ranníocaíocht a mhéadófar i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, agus ar bhonn chur chun feidhme a ngealltanas dlíthiúil agus a ngealltanas saortha. Leagtar amach na forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo in Iarscríbhinn I.

9.   Soláthróidh an tAontas Eorpach don Airméin faisnéis i ndáil lena rannpháirtíocht airgeadais mar a áirítear san fhaisnéis bhuiséadach, chuntasaíochta, feidhmíochta agus mheastóireachta arna soláthar d’údaráis bhuiséadacha agus d’údaráis um urscaoileadh an Aontais Eorpaigh maidir leis an gClár Fís Eorpach. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt do rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais Eorpaigh agus na hAirméine agus beidh sí gan dochar don fhaisnéis atá an Airméin i dteideal a fháil faoi Iarscríbhinn III.

10.   Is in euro a dhéanfar ranníocaíochtaí uile na hAirméine nó na híocaíochtaí uile ón Aontas Eorpach agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

Airteagal 4

Sásra ceartúcháin uathoibríoch

1.   Beidh feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh na hAirméine le haghaidh bhliain N, a choigeartófar i gcomhréir le hAirteagal 3(8), agus déanfar é a ríomh i mbliain N+2. Beidh sé bunaithe ar fheidhmíocht na hAirméine agus ar fheidhmíocht eintitis dhlítheanacha na hAirméine sna codanna sin den Chlár Fís Eorpach a chuirtear chun feidhme trí dheontais iomaíocha a mhaoinítear le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana N, a mhéadófar i gcomhréir le hAirteagal 3(4).

Déanfar méid an cheartúcháin uathoibríoch a ríomh bunaithe ar an difríocht idir:

a)

méideanna tosaigh na ngealltanas dlíthiúil le haghaidh deontais iomaíocha a dhéanfar iarbhír leis an Airméin nó le heintitis dhlítheanacha na hAirméine a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana N, leithreasuithe a mhéadófar i gcomhréir le hAirteagal 3(4); agus

b)

an ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach do bhliain N a íocfaidh an Airméin de réir a choigeartófar de bhun Airteagal 3(8), cé is moite de chostais neamh-idirghabhálacha arna maoiniú le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ó bhliain N, leithreasuithe a mhéadófar i gcomhréir le hAirteagal 3(4).

2.   I gcás inar mó an méid dá dtagraítear i mír 1, cibé acu atá an méid sin dearfach nó diúltach, ná 8 % den ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh chomhfhreagrach arna coigeartú de bhun Airteagal 3(8), ceartófar ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh na hAirméine le haghaidh bhliain N. Is é an méid a sháraíonn an tairseach 8 % sin an méid a bheidh dlite nó le fáil ag an Airméin mar ranníocaíocht bhreise nó mar laghdú ar ranníocaíocht na hAirméine faoin sásra ceartúcháin uathoibríoch, ní chuirfear an méid faoin tairseach 8 % sin san áireamh agus an ranníocaíocht bhreise atá dlite nó le cúiteamh á ríomh.

3.   Leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an sásra ceartúcháin uathoibríoch in Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Cómhalartacht

1.   Féadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas Eorpach páirt a ghlacadh i gcláir na hAirméine atá coibhéiseach leis an gClár Fís Eorpach, i gcomhréir le reachtaíocht na hAirméine.

2.   Soláthraítear liosta neamh-uileghabhálach de chláir choibhéiseacha na hAirméine in Iarscríbhinn II.

3.   Beidh cistiú ó eintitis dhlítheanacha na hAirméine atá bunaithe san Aontas Eorpach faoi réir reachtaíocht na hAirméine lena rialaítear oibriú na gclár taighde agus nuálaíochta. I gcás nach soláthrófar cistiú, féadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas páirt a ghlacadh trí bhíthin a gcuid acmhainní féin.

Airteagal 6

An Eolaíocht Oscailte

Déanfaidh na Páirtithe cleachtais eolaíochta oscailte a chur chun cinn agus a spreagadh go frithpháirteach ina gcuid clár i gcomhréir le rialacha an Chláir Fís Eorpach agus le reachtaíocht na hAirméine.

Airteagal 7

Faireachán, Meastóireacht agus Tuairisciú

1.   Gan dochar de fhreagrachtaí an Choimisiúin, na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Chúirt Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh i ndáil le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gClár Fís Eorpach, déanfar faireachán leanúnach ar rannpháirtíocht na hAirméine sa Chlár sin ar bhonn comhpháirtíochta lena mbeidh baint ag an gCoimisiún agus ag an Airméin.

2.   Leagtar síos in Iarscríbhinn III na rialacha maidir leis an mbainistíocht fhónta airgeadais, lena n-áirítear bearta rialaithe airgeadais, na bearta téarnaimh agus na bearta frithchalaoise eile i ndáil le cistiú ón Aontas Eorpach faoin gComhaontú seo.

Airteagal 8

Comhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Airméin um Thaighde agus um Nuálaíocht

1.   Bunaítear leis seo an Comhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Airméin um Thaighde agus um Nuálaíocht (dá ngairtear ‘an Comhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Airméin’ anseo feasta). Áireofar an méid seo a leanas i gcúraimí an Chomhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Airméin:

a)

measúnú, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, go háirithe:

(i)

rannpháirtíocht agus feidhmíocht eintitis dhlítheanacha na hAirméine sa Chlár Fís Eorpach;

(ii)

leibhéal oscailteachta (frithpháirtí) na n-eintiteas dlítheanach atá bunaithe i ngach Páirtí páirt a ghlacadh i gcláir, i mbearta, i dtionscadail agus i ngníomhartha an Pháirtí eile, nó i gcodanna díobh;

(iii)

cur chun feidhme an tsásra ranníocaíochta airgeadais agus an tsásra ceartúcháin uathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 3 agus 4;

(iv)

malartú faisnéise agus scrúdú a dhéanamh ar aon cheist a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le saothrú torthaí, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla;

b)

plé a dhéanamh, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, ar shrianta arna gcur i bhfeidhm nó atá beartaithe ag na Páirtithe ar an rochtain ar a gcláir thaighde agus nuálaíochta féin, lena n-áirítear go háirithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann lena sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil;

c)

scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir comhar a fheabhsú agus a fhorbairt;

d)

plé comhpháirteach a dhéanamh ar threoshuíomhanna agus ar thosaíochtaí na mbeartas a bheidh ann amach anseo a bhaineann leis an taighde agus an nuálaíocht agus le pleanáil taighde leasa choitinn; agus

e)

malartú faisnéise, inter alia, maidir le reachtaíocht nua, cinntí nua nó cláir thaighde agus nuálaíochta náisiúnta nua atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

2.   Déanfaidh an Comhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Airméin, ar a mbeidh ionadaithe an Aontais Eorpaigh agus na hAirméine, a Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

3.   Féadfaidh an Comhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Airméin a chinneadh aon mheitheal/aon chomhlacht comhairleach a bhunú ar bhonn ad hoc ar leibhéal na saineolaithe a bheidh in ann cúnamh a thabhairt an Comhaontú seo a chur chun feidhme.

4.   Tiocfaidh an Comhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Airméin le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus, i gcás ina n-éileofar sin le himthosca speisialta, arna iarraidh sin d’aon Pháirtí. Déanfaidh an tAontas Eorpach agus Údarás Náisiúnta na hAirméine na cruinnithe a eagrú agus a óstáil ar bhonn idirmhalartach.

5.   Oibreoidh an Comhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Airméin ar bhonn leanúnach trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú trí bhíthin aon mhodh cumarsáide; go háirithe a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht/feidhmíocht eintitis dhlítheanacha na hAirméine. Féadfaidh an Comhchoiste idir an tAontas Eorpach agus an Airméin, go háirithe, a chuid cúraimí a dhéanamh i scríbhinn aon uair is gá.

Airteagal 9

Forálacha críochnaitheacha

1.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an dáta a thabharfaidh an dá Pháirtí fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun na críche sin.

2.   Beidh feidhm ag an gComhaontú seo ón 1 Eanáir 2021. Fanfaidh sé i bhfeidhm chomh fada agus is gá chun go dtabharfar i gcrích na tionscadail, na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí uile, nó codanna díobh, a mhaoineofar ón gClár Eorpach Fís, na gníomhartha uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint agus na hoibleagáidí airgeadais uile a eascraíonn as cur chun feidhme an Comhaontaithe seo idir na Páirtithe.

3.   Féadfaidh an tAontas Eorpach cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí i gcás neamhíocaíocht pháirteach nó neamhíocaíocht iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá dlite ag an Airméin faoin gComhaontú seo.

I gcás neamhíocaíocht a d’fhéadfadh cur chun feidhme agus bainistiú an Chláir Fís Eorpach a chur i mbaol go mór, seolfaidh an Coimisiún litir mheabhrúcháin fhoirmiúil. I gcás nach ndéanfar aon íocaíocht laistigh de 20 lá oibre tar éis na litreach meabhrúcháin foirmiúla, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Airméin maidir le cur ar fionraí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo trí litir fógra fhoirmiúil, fionraí a thiocfaidh i bhfeidhm 15 lá tar éis don Airméin an fógra sin a fháil.

I gcás ina gcuirfear cur i bhfeidhm an Comhaontaithe seo ar fionraí, ní bheidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Airméin incháilithe páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana nach bhfuil tugtha i gcrích go fóill nuair a chuirfear an fhionraí i bhfeidhm. Measfar nós imeachta dámhachtana a bheith tugtha i gcrích nuair a ghlacfar gealltanais dhlíthiúla de láimh mar thoradh ar an nós imeachta sin.

Leis an bhfionraí, ní dhéanfar difear do na gealltanais dhlíthiúla arna ndéanamh de láimh leis na heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Airméin sular tháinig an fhionraí i bhfeidhm. Leanfaidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige maidir le gealltanais dhlíthiúla den sórt sin.

Tabharfaidh an tAontas Eorpach fógra láithreach don Airméin a luaithe a gheobhaidh an tAontas Eorpach méid iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá dlite. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí le héifeacht láithreach ar an bhfógra sin a thabhairt.

Ón dáta a chuirfear deireadh leis an bhfionraí, beidh eintitis dhlítheanacha na hAirméine incháilithe arís le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana a sheolfar tar éis an dáta sin agus le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana a seoladh roimh an dáta sin, ar nósanna imeachta dámhachtana iad nach bhfuil na sprioc-amanna chun iarratais a chur isteach dulta in éag.

4.   Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt go bhfuil sé beartaithe é a fhoirceannadh. Tiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm trí mhí féilire tar éis an dáta a gheobhaidh an seolaí an fógra i scríbhinn. Is éard a bheidh sa dáta foirceanta chun críocha an Chomhaontaithe seo, an dáta a thiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm.

5.   I gcás ina ndéanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, comhaontaíonn na Páirtithe an méid seo a leanas:

(a)

leanfar le tionscadail, gníomhartha agus gníomhaíochtaí, nó codanna díobh, a ndearnadh gealltanais dhlíthiúla a ghlacadh de láimh ina leith tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus sula ndéanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh, leanfar leo go dtí go dtabharfar i gcrích iad faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo;

(b)

íocfar ina hiomláine i gcomhréir le hAirteagal 3 ranníocaíocht airgeadais bhliantúil bhliain N, ar lena linn a dhéanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Déanfar ranníocaíocht oibríochtúil bhliain N a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 3(8) agus a cheartú i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chomhaontú seo. Ní dhéanfar an táille rannpháirtíochta a íocfar le haghaidh bhliain N a choigeartú ná a cheartú, agus

(c)

tar éis na bliana ar lena linn a dhéanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh, déanfar na ranníocaíochtaí oibríochtúla tosaigh, a íocadh le haghaidh na mblianta ar lena linn a bhí feidhm ag an gComhaontú seo, a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 3(8) agus ceartófar go huathoibríoch iad i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chomhaontú seo.

Socróidh na Páirtithe de chomhthoil aon iarmhairt eile a ghabhann le foirceannadh an Chomhaontaithe seo.

6.   Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe. Leanfaidh teacht i bhfeidhm na leasuithe an nós imeachta céanna is infheidhme maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

7.   Cuid dhílis den Chomhaontú seo a bheidh sna hIarscríbhinní a ghabhann leis.

Dréachtófar an Comhaontú seo i ndúblach i mBéarla agus san Airméinis, agus comhúdarás ag gach téacs. I gcás ina mbeidh éagsúlacht sa léirmhíniú, is ag an téacs Béarla a bheidh an forlámhas.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12ú lá de mhí na Samhna sa bhliain 2021 in dhá chóip bhunaidh, san Airméinis agus i mBéarla.

Thar ceann an Choimisiúin, thar ceann an Aontais Eorpaigh,

Signe Ratso

Leas-Ard-Stiúrthóir

An Nuáil Oscailte agus an Príomh-Idirbheartaí le haghaidh

an Chomhlachais Fís Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta

Thar ceann Phoblacht na hAirméine,

Anna Aghadjanian

Ambasadóir Urghnách agus Lánchumhachtach Phoblacht na hAirméine chuig Ríocht na Beilge, Ceann Mhisean Phoblacht na hAirméine chuig an Aontas Eorpach


(1)   IO L 174, 13.6.2014, lch. 3.

(2)  Is Meabhrán Tuisceana atá sa Chomhaontú seo a bhfuil na héifeachtaí dlíthiúla céanna aige agus atá ag Meabhrán Tuisceana a shonraítear faoin bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, maidir le Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirméine maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht na hAirméine i gCláir an Aontais.

(3)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO L 167I, 12.5.2021, lch. 1.).

(5)  Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú) (IO L 189, 28.5.2021, lch. 61.).

(6)  Cinneadh (AE) 2021/820 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1312/2013/AE (IO L 189, 28.5.2021, lch. 91.).

(7)  Glactar bearta sriantacha an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó de bhun Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le Creat dlíthiúil an Chomhphobail maidir le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (IO L 206, 8.8.2009, lch. 1.).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Áirítear leis seo go háirithe na hacmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh arna bunú le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23.).

(11)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23.


 

IARSCRÍBHINN I:

Rialacha lena rialaítear ranníocaíocht airgeadais na hAirméine leis an gClár Fís Eorpach (2021-2027)

IARSCRÍBHINN II:

Liosta neamh-uileghabhálach de chláir choibhéiseacha na hAirméine

IARSCRÍBHINN III:

Bainistíocht Fhónta Airgeadais

IARSCRÍBHINN I

Rialacha lena rialaítear ranníocaíocht airgeadais na hAirméine leis an gClár Fís Eorpach (2021-2027)

I.   Ranníocaíocht airgeadais na hAirméine a ríomh

1.

Déanfar ranníocaíocht airgeadais na hAirméine leis an gClár Fís Eorpach a bhunú ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis an méid a bheidh ar fáil gach bliain i mbuiséad an Aontais le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas is gá chun an Clár Fís Eorpach a bhainistiú, a chur i bhfeidhm agus a oibriú, agus beidh an ranníocaíocht sin sa bhreis ar an méid sin, méid a mhéadófar i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Chomhaontú seo.

2.

An táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(7) den Chomhaontú seo, déanfar í a chéimniú isteach mar a leanas:

2021: 0,5 %;

2022: 1 %;

2023: 1,5 %;

2024: 2 %;

2025: 2,5 %;

2026: 3 %;

2027: 4 %.

3.

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Chomhaontú seo, déanfar an ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh atá le híoc ag an Airméin maidir lena rannpháirtíocht sa Chlár Fís Eorpach a ríomh le haghaidh na mblianta airgeadais faoi seach trí choigeartú a chur i bhfeidhm ar an treoir ranníoca.

Is éard a bheidh sa choigeartú ar an treoir ranníoca:

Formula

Is 0,05 a bheidh sa chomhéifeacht a úsáidfear sa ríomh thuasluaite chun an treoir ranníoca a choigeartú.

4.

I gcomhréir le hAirteagal 3(8) den Chomhaontú seo, sa bhliain N+1 a dhéanfar an chéad choigeartú a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid le haghaidh bhliain N nuair a choigeartófar ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh bhliain N suas nó síos de réir na difríochta idir:

a)

ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh tríd an treoir ranníoca a choigeartófar le haghaidh bhliain N a chur i bhfeidhm maidir le suim:

i.

mhéid na ngealltanas buiséadach a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh le haghaidh bhliain N faoi bhuiséad an Aontais Eorpaigh ar vótáladh ina fhabhar agus maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do ghealltanais saortha a chuirtear ar fáil arís; agus

ii.

aon leithreasú faoi chomhair gealltanas atá bunaithe ar ioncam sannta seachtrach nach dtagann as ranníocaíochtaí airgeadais leis an gClár Fís Eorpach ó dheontóirí eile agus a bhí ar fáil ag deireadh bhliain N (1). I gcás ioncam sannta seachtrach a shanntar d’Fhís Eorpach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (2), úsáidfear na méideanna táscacha ilbhliantúla i gclársceidealú CAI chun an ranníocaíocht choigeartaithe a ríomh.

b)

agus ranníocaíocht oibríochtúil tosaigh bhliain N.

Ag tosú i mbliain N+2, agus gach bliain ina dhiaidh sin, go dtí go mbeidh na gealltanais bhuiséadacha uile a mhaoinítear faoi leithreasaithe faoi chomhair gealltanas a thionscnaítear ó bhliain N, arna méadú i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den chomhaontú seo, íoctha nó saortha, agus 3 bliana ar a dhéanaí tar éis dheireadh an Chláir Fís Eorpach, ríomhfaidh an tAontas coigeartú ar ranníocaíocht oibríochtúil bhliain N trí ranníocaíocht oibríochtúil na hAirméine a laghdú faoin méid a fuarthas tríd an treoir ranníoca, arna coigeartú le haghaidh bhliain N, a chur i bhfeidhm maidir leis na gealltanais saortha a rinneadh gach bliain maidir le gealltanais bhliain N a mhaoinítear faoi bhuiséad an Aontais nó ó ghealltanais saortha a chuirtear ar fáil arís.

I gcás ina gcuirfear ar ceal na méideanna a eascraíonn as ioncam sannta seachtrach bhliain N (chun leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, agus, i gcás méideanna faoi Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle, na méideanna táscacha ilbhliantúla i gclársceidealú CAI, a áireamh) nach dtagann as ranníocaíochtaí airgeadais leis an gClár Fís Eorpach ó dheontóirí eile, déanfar ranníocaíocht oibríochtúil na hAirméine a laghdú faoin méid a fuarthas tríd an treoir ranníoca, arna coigeartú le haghaidh bhliain N, a chur i bhfeidhm maidir leis an méid a cuireadh ar ceal.

II.   Ranníocaíocht oibríochtúil na hAirméine a cheartú go huathoibríoch

1.

Chun an ceartúchán uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chomhaontú seo a ríomh, beidh feidhm ag na módúlachtaí seo a leanas:

a)

ciallaíonn ‘deontais iomaíocha’ deontais a dhámhtar trí ghlaonna ar thograí inar féidir na tairbhithe deiridh a shainaithint tráth a ríomhtar an ceartúchán uathoibríoch. Eisiatar tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe mar a shainmhínítear in Airteagal 204 den Rialachán Airgeadais;

b)

i gcás ina síneofar gealltanas dlíthiúil le cuibhreannas, is iad na méideanna carnacha a leithdháiltear ar thairbhithe is eintitis de chuid na hAirméine na méideanna a úsáidfear chun méideanna tosaigh an ghealltanais dhlíthiúil a bhunú i gcomhréir le miondealú táscach buiséid an chomhaontaithe deontais;

c)

bunófar méideanna uile na ngealltanas dlíthiúil a chomhfhreagraíonn do dheontais iomaíocha trí úsáid a bhaint as córas leictreonach an Choimisiúin Eorpaigh, eCorda, agus asbhainfear iad ar an dara Céadaoin i mí Feabhra na bliana N+2;

d)

ciallaíonn ‘costais neamh-idirghabhálacha’ costais an Chláir seachas deontais iomaíocha, lena n-áirítear caiteachas tacaíochta, riarachán clárshonrach, gníomhaíochtaí eile (3);

e)

measfar gur costais neamh-idirghabhálacha iad na méideanna a leithdháiltear ar eagraíochtaí idirnáisiúnta mar eintitis dhlítheanacha arb iad an tairbhí deiridh (4) iad.

2.

Cuirfear an sásra i bhfeidhm mar a leanas:

a)

Ceartúcháin uathoibríocha le haghaidh bhliain N i ndáil le forghníomhú leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i leith bhliain N, arna méadú i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Chomhaontú seo, cuirfear i bhfeidhm iad bunaithe ar shonraí bhliain N agus ar shonraí bhliain N+1 ó eCorda dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír (1) de phointe (II) den Iarscríbhinn seo i mbliain N+2 tar éis aon choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 3(8) den Chomhaontú seo a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíocht na hAirméine leis an gClár Fís Eorpach. Is é an méid a bhreithneofar méid na ndeontas iomaíoch a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, tráth a ríomhtar an ceartúchán.

b)

Ag tosú i mbliain N+2 agus suas go dtí 2029, déanfar méid an cheartúcháin uathoibríoch a ríomh le haghaidh bhliain N tríd an difríocht idir na nithe seo a leanas a ghlacadh:

i.

méid iomlán na ndeontas iomaíoch arna gcionroinnt ar an Airméin nó ar eintitis dhlítheanacha na hAirméine mar ghealltanais arna ndéanamh maidir le leithreasuithe buiséid le haghaidh bhliain N; agus

ii.

méid ranníocaíocht oibríochtúil choigeartaithe na hAirméine le haghaidh bhliain N arna iolrú faoin gcóimheas idir:

A.

méid na ndeontas iomaíoch arna dtabhairt ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do bhliain N, arna méadú i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Chomhaontú seo; agus

B.

iomlán na leithreasuithe buiséadacha údaraithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh bhliain N, lena n-áirítear costais neamh-idirghabhálacha.

III.   Íocaíocht ranníocaíocht airgeadais na hAirméine, íocaíocht na gcoigeartuithe a rinneadh ar ranníocaíocht oibríochtúil na hAirméine, agus íocaíocht an cheartúcháin uathoibríoch is infheidhme maidir le ranníocaíocht oibríochtúil na hAirméine

1.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Airméin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tráth eisiúna an chéad ghlao ar chistí na bliana airgeadais:

a.

na méideanna i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i mbuiséad an Aontais arna nglacadh go críochnaitheach le haghaidh na bliana i gceist do na línte buiséid lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na hAirméine sa Chlár Fís Eorpach, méideanna a mhéadófar, más ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Chomhaontú seo;

b.

méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(7) den Chomhaontú seo;

c.

ó bhliain N+1 de chur chun feidhme an Chláir Fís Eorpach, cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do bhliain bhuiséadach N, leithreasuithe a mhéadófar i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Chomhaontú seo, agus leibhéal na ngealltanas saortha;

d.

maidir leis an gcuid den Chlár Fís Eorpach ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun an ceartúchán uathoibríoch, leibhéal na ngealltanas a tugadh i bhfabhar eintitis dhlítheanacha na hAirméine arna miondealú de réir bhliain chomhfhreagrach na leithreasuithe buiséadacha agus leibhéal iomlán gaolmhar na ngealltanas a ríomh.

Ar bhonn a Dhréachtbhuiséid, soláthróidh an Coimisiún meastachán ar fhaisnéis le haghaidh na bliana dár gcionn faoi phointí (a) agus (b) a luaithe is féidir, agus, faoin 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais ar a dhéanaí.

2.

I mí Aibreáin agus i mí an Mheithimh gach bliain airgeadais ar a dhéanaí, eiseoidh an Coimisiún glao ar chistí chuig an Airméin a chomhfhreagraíonn dá ranníocaíocht faoin gComhaontú seo.

Le gach glao ar chistí, déanfar foráil maidir le híocaíocht sé dhódhéagú de ranníocaíocht na hAirméine tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis eisiúint an ghlao ar chistí.

I gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, eiseoidh an Coimisiún aon ghlao amháin ar chistí laistigh de 60 lá ó shíniú an Chomhaontaithe seo.

3.

Gach bliain ó 2023 amach, léireofar sna glaonna ar chiste méid an cheartúcháin uathoibríoch is infheidhme maidir leis an ranníocaíocht oibríochtúil a íocfar le haghaidh bhliain n-2.

Féadfar a áireamh freisin sa ghlao ar chistí a eiseofar i mí Aibreáin ar a dhéanaí, coigeartuithe ar an ranníocaíocht airgeadais a íocfaidh an Airméin as cur chun feidhme, bainistiú agus oibriú an Chláir nó na gClár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a bhí ann roimhe ar ghlac an Airméin páirt iontu.

I gcás gach ceann de na blianta airgeadais 2028, 2029 agus 2030, an méid a eascraíonn as an gceartúchán uathoibríoch a chur i bhfeidhm maidir leis na ranníocaíochtaí oibríochtúla a íocfaidh an Airméin sa bhliain 2026 agus sa bhliain 2027, nó an méid a eascraíonn as na coigeartuithe a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 3(8) den Chomhaontú seo, beidh sé dlite don Airméin nó dlite uaithi.

4.

Íocfaidh an Airméin a ranníocaíocht airgeadais faoin gComhaontú seo i gcomhréir le pointe (III) den Iarscríbhinn seo. In éagmais íocaíocht na hAirméine faoin dáta dlite, seolfaidh an Coimisiún litir mheabhrúcháin fhoirmiúil.

Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta go n-íocfaidh an Airméin ús mainneachtana ar an méid atá gan íoc ón dáta dlite.

Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n-íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, agus é sin méadaithe faoi aon phointe céatadáin go leith.


(1)  Áirítear leis seo go háirithe na hacmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh arna bunú le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23.).

(2)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23.

(3)  I measc na ngníomhaíochtaí eile, go háirithe, tá soláthar, duaiseanna, ionstraimí airgeadais, gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, Síntiúis (an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, Eureka, an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta um Chomhar in Éifeachtúlacht Fuinnimh, an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, ...), saineolaithe (meastóirí, faireachán ar thionscadail) etc.

(4)  Ní mheasfar gur costais neamh-idirghabhálacha iad eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin más tairbhithe deiridh iad. Ní bheidh feidhm aige sin i gcás inar comhordaitheoir ar thionscadal í an eagraíocht idirnáisiúnta (agus cistí á ndáileadh ar chomhordaitheoirí eile).


IARSCRÍBHINN II

Liosta neamh-uileghabhálach de chláir choibhéiseacha na hAirméine

Is mar chláir atá coibhéiseach leis an gClár Fís Eorpach san Airméin a mheasfar an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas:

Clár chun eolaithe eachtracha a imeascadh i bpobal eolaíochta Phoblacht na hAirméine - Deontas um Imeascadh;

Clár um Ollúnacht Taighde Taca (Ciansaotharlann);

Clár ‘IARDHOCHTÚIREACHTA’ d’eolaithe eachtracha ag eagraíochtaí taighde Phoblacht na hAirméine (Deontas Iardhochtúireachta);

Clár um Dheontas Ardtaighde;

Cláir um Dheontas Tionscnaimh agus Deontas Comhdhlúthúcháin.


IARSCRÍBHINN III

Bainistíocht Fhónta Airgeadais

Leasanna airgeadais a chosaint agus a aisghabháil

Airteagal 1

Athbhreithnithe agus iniúchtaí

1.   Beidh sé de cheart ag an Aontas Eorpach, i gcomhréir leis na gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus mar a fhoráiltear i gcomhaontuithe agus/nó i gconarthaí ábhartha, athbhreithnithe agus iniúchtaí teicniúla, eolaíocha, airgeadais, nó cineálacha eile athbhreithnithe agus iniúchtaí, a dhéanamh ar áitreabh aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air san Airméin nó ar áitreabh aon eintitis dhlítheanaigh atá bunaithe san Airméin agus a fhaigheann cistiú ón Aontas Eorpach, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistí an Aontais atá ina chónaí nó bunaithe san Airméin. Féadfaidh gníomhairí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, go háirithe gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí sin a dhéanamh, nó féadfaidh daoine eile, ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh, iad a dhéanamh.

2.   Beidh rochtain iomchuí ag gníomhairí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus na daoine eile ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh, ar láithreáin, oibreacha agus doiciméid (idir leaganacha leictreonacha agus leaganacha páipéir) agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun na hiniúchtaí sin a dhéanamh, lena n-áirítear an ceart chun cóip fhisiceach/leictreonach d’aon doiciméad nó d’ábhar aon mheáin sonraí, agus sleachta ó na doiciméid sin, atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi iniúchadh nó ag an tríú páirtí atá faoi iniúchadh.

3.   Ní chuirfidh an Airméin cosc ná aon bhac ar leith ar an gceart iontrála san Airméin ná ar rochtain ar áitreabh na ngníomhairí agus na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 2 ar fhorais fheidhmiú a ndualgas dá dtagraítear san Airteagal seo.

4.   Féadfar na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí a dhéanamh freisin, tar éis chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí, de bhun Airteagal 9(5) de, nó tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo, ar bhonn na dtéarmaí a leagtar síos sna gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus dá bhforáiltear i gcomhaontuithe agus/nó i gconarthaí ábhartha i ndáil le haon ghealltanas dlíthiúil lena gcuirtear chun feidhme buiséad an Aontais Eorpaigh ar gealltanas é a bheidh déanta ag an Aontas Eorpach roimh an dáta óna ngabhfaidh éifeacht le fionraí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo de bhun Airteagal 9(5) ann nó le foirceannadh an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 2

An comhrac i gcoinne neamhrialtachtaí, calaoise agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais

1.   Údarófar don Choimisiún Eorpach agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh i gcríoch na hAirméine, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair. Déanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna mbunú leis na gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais.

2.   Cuirfidh údaráis inniúla na hAirméine an Coimisiún Eorpach nó OLAF ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach ama faoi aon fhíoras nó amhras atá tugtha faoi deara acu i ndáil le neamhrialtacht, calaois nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais.

3.   Féadfar seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar áitreabh aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air san Airméin nó ar áitreabh aon eintitis dhlítheanaigh atá bunaithe san Airméin agus a fhaigheann cistí ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistí an Aontais atá ina chónaí nó bunaithe san Airméin.

4.   Is é an Coimisiún Eorpach nó OLAF, i ndlúthchomhar le húdarás inniúil na hAirméine arna ainmniú ag rialtas na hAirméine, a ullmhóidh agus a thabharfaidh i gcrích na seiceálacha agus na cigireachtaí. Tabharfar fógra, tréimhse réasúnach ama roimh ré, don údarás ainmnithe faoi aidhm, cuspóir agus bunús dlí na seiceálacha agus na gcigireachtaí, ionas go mbeidh sé in ann cúnamh a thabhairt. Chuige sin, féadfaidh oifigigh údaráis inniúla na hAirméine páirt a ghlacadh sna seiceálacha agus sna cigireachtaí ar an láthair.

5.   Arna iarraidh sin d’údaráis na hAirméine, féadfar na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach nó le OLAF.

6.   Beidh rochtain ag gníomhairí an Choimisiúin agus ag baill foirne OLAF ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht uile, lena n-áirítear sonraí ríomhaireachta, maidir leis na hoibríochtaí lena mbaineann, atá riachtanach chun na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh mar is cuí. Féadfaidh siad, go háirithe, doiciméid ábhartha a chóipeáil.

7.   I gcás ina gcuireann duine, eintiteas nó tríú páirtí eile i gcoinne seiceáil nó cigireacht ar an láthair, tabharfaidh údaráis na hAirméine cúnamh, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le rialacha agus rialacháin náisiúnta, don Choimisiún Eorpach nó do OLAF, ionas gur féidir leo a ndualgas a chomhlíonadh maidir le seiceáil nó cigireacht ar an láthair a dhéanamh. Áireofar leis an gcúnamh sin na bearta réamhchúraim iomchuí a dhéanamh faoin dlí náisiúnta, go háirithe chun fianaise a chosaint.

8.   Cuirfidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF údaráis na hAirméine ar an eolas faoi thoradh na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin. Tuairisceoidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF, go háirithe, a luaithe is féidir d’údarás inniúil na hAirméine maidir le haon fhíoras nó aon amhras a bhaineann le neamhrialtacht atá tugtha faoi deara acu le linn na seiceála nó na cigireachta ar an láthair.

9.   Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí coiriúil na hAirméine, féadfaidh an Coimisiún Eorpach bearta agus pionóis riaracháin a fhorchur ar dhaoine dlítheanacha nó ar dhaoine nádúrtha de chuid na hAirméine a ghlacann páirt i gcur chun feidhme cláir nó gníomhaíochta i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

10.   Chun críocha chur chun feidhme cuí an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus údaráis inniúla na hAirméine faisnéis a mhalartú go rialta agus, arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe sa Chomhaontú seo, rachaidh siad i gcomhairle le chéile.

11.   Chun comhar agus malartú faisnéise éifeachtach le OLAF a éascú, ainmneoidh an Airméin pointe teagmhála.

12.   An malartú faisnéise a dhéanfar idir an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus údaráis inniúla na hAirméine, déanfar é agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais rúndachta. Na sonraí pearsanta a áireofar sa mhalartú faisnéise, cosnófar iad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

13.   Oibreoidh údaráis na hAirméine i gcomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ionas go mbeidh siad in ann a ndualgas a chomhlíonadh maidir le déantóirí cionta coiriúla, agus a gcomhchoirithe, i gcionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

Airteagal 3

Aisghabháil agus forfheidhmiú

1.   Cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach lena bhforchuirtear oibleagáid airgid ar dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha seachas Stáit i ndáil le haon éileamh a eascraíonn as an gClár Fís Eorpach, beidh siad in-fhorfheidhmithe san Airméin. Beidh an t-ordú maidir lena fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile seachas fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ag an údarás náisiúnta arna ainmniú chun na críche sin ag rialtas na hAirméine.

Cuirfidh rialtas na hAirméine a údarás náisiúnta ainmnithe in iúl don Choimisiún agus do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 4, beidh an Coimisiún Eorpach i dteideal fógra maidir le cinntí in-fhorfheidhmithe den sórt sin a thabhairt go díreach do dhaoine a bhfuil cónaí orthu san Airméin agus d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Airméin. Déanfar an forfheidhmiú i gcomhréir le dlí agus rialacha nós imeachta na hAirméine.

2.   I gcás breithiúnais agus orduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thugtar i gcur i bhfeidhm clásail eadrána atá i gconradh nó i gcomhaontú i ndáil le cláir, gníomhaíochtaí, gníomhartha nó tionscadail an Aontais, beidh siad in-fhorfheidhmithe san Airméin ar an gcaoi chéanna le cinntí ón gCoimisiún Eorpach dá dtagraítear i mír (1).

3.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 agus forfheidhmiú an chinnidh sin a chur ar fionraí. Beidh dlínse ag Cúirteanna na hAirméine, áfach, ar ghearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á dhéanamh ar bhealach neamhrialta.

Airteagal 4

Cumarsáid agus malartú faisnéise

Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh atá rannpháirteach i gcur chun feidhme an Chláir Fís Eorpach, nó i rialú an chláir sin, beidh siad i dteideal cumarsáid a dhéanamh go díreach, lena n-áirítear trí chórais malartaithe leictreonaigh, le haon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air san Airméin nó le haon eintiteas dlítheanach atá bunaithe inti agus a fhaigheann cistí ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chistí an Aontais agus a bhfuil cónaí air san Airméin nó atá bunaithe inti. Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na páirtithe sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht ábhartha uile a chur go díreach faoi bhráid institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, ar faisnéis agus doiciméadacht iad a cheanglaítear orthu a chur isteach ar bhonn reachtaíocht an Aontais Eorpaigh is infheidhme maidir le clár an Aontais agus ar bhonn na gconarthaí nó na gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích chun an clár sin a chur chun feidhme.


ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1313/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)