European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1310

8.5.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1310 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Bealtaine 2024

maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Pholainn

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3173)

(Is é an téacs Polainnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine, tá riosca tromchúiseach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh chuig muc-ainmhithe fiáine eile agus chuig bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás ráig ghalair i gcatagóir A i measc ainmhithe fiáine a bheith deimhnithe go hoifigiúil, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin, déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (4) leagtar síos rialacha i ndáil le bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, i gcás ráig den ghalar sin i measc muc-ainmhithe fiáine i limistéar de Bhallstát, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (b), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, tar éis ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe, déantar foráil le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go bhfuil an limistéar sin le liostú mar chrios ionfhabhtaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis, agus go bhfuil an crios ionfhabhtaithe a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 le coigeartú gan mhoill chun go gcuimseofar ann, ar a laghad, an crios ionfhabhtaithe a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin].

(5)

Thairis sin, déantar foráil le hAirteagal 8(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go gcuirfidh na Ballstáit lena mbaineann i bhfeidhm na bearta speisialta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin is infheidhme maidir le criosanna srianta II sna limistéir a liostaítear mar chriosanna ionfhabhtaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis, chomh maith leis na bearta a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 8(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go bhfuil na Ballstáit le toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád agus a dtáirgí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha ó chrios ionfhabhtaithe an Bhallstáit sin lena mbaineann a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II.

(6)

Ar deireadh, déantar foráil le hAirteagal 8(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go bhféadfaidh údarás inniúil na mBallstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sa chrios ionfhabhtaithe a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis, ar coinsíneachtaí iad a ndearnadh an chóireáil ábhartha maolaithe riosca orthu i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(7)

Chuir an Pholainn an Coimisiún ar an eolas faoi ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine a bheith deimhnithe i Réigiún Pomorskie an 25 Aibreán 2024, i limistéar a bhí saor ón ngalar sin roimhe sin. Dá réir sin, bhunaigh údarás inniúil an Bhallstáit sin crios ionfhabhtaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594.

(8)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní ar thrádáil ag tríú tíortha nach bhfuil údar leo a sheachaint, is gá an crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc sa Pholainn a shainaithint ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin.

(9)

Ina theannta sin, chun leathadh breise fhiabhras Afracach na muc a chosc, go dtí go liostófar na limistéir sin sa Pholainn atá buailte ag an ráig d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i muc-ainmhithe fiáine, mar chrios ionfhabhtaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart na limistéir sin sa Pholainn a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart iad a bheith faoi réir na mbeart speisialta rialaithe galar is infheidhme maidir le criosanna srianta II dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme i gcás limistéir a liostaíodh mar chriosanna ionfhabhtaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(10)

Mar gheall ar chineál marthanach agus tromchúiseach na staide eipidéimeolaíche nua seo a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Aontas, agus an riosca láithreach méadaithe atá ann go leathfaidh an galar á chur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta speisialta rialaithe galar i dtaca le fiabhras Afracach na muc dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) agus (4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 freisin maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád agus a dtáirgí ó na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha, chomh maith leis na bearta a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(11)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir.

(12)

Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sa Pholainn a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad an chriosúcháin sin a shocrú. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta speisialta rialaithe galar a chur i bhfeidhm.

(13)

Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Áiritheoidh an Pholainn go mbunóidh an Pholainn láithreach crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Cuirfidh an Pholainn i bhfeidhm na bearta speisialta rialaithe galar is infheidhme maidir le criosanna srianta II dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, sa bhreis ar na bearta a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 24 Iúil 2024.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/594/oj).


IARSCRÍBHINN

Limistéir a bunaíodh mar chrios ionfhabhtaithe sa Pholainn dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

w województwie pomorskim:

gminy Cedry Wielkie, Kolbudy, Pruszcz Gdański i Suchy Dąb w powiecie gdańskim;

gminy Przodkowo i Żukowo w powiecie kartuskim;

gminy Kosakowo i Puck w powiecie puckim;

gminy Reda, Rumia, Szemud i Wejherowo, w powiecie wejherowskim;

miasta na prawach powiatów: Gdańsk, Gdynia, Sopot.

24.7.2024


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1310/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)