European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1306

8.5.2024

TREOIR (AE) 2024/1306 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ama chun caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacadh le haghaidh earnálacha áirithe agus le haghaidh gnóthais tríú tír áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta maidir le trédhearcacht sa mhargadh a áirithiú agus chun a áirithiú go bhfuil gnóthais freagrach as a dtionchar ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Tá sé tábhachtach, áfach, na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú.

(2)

Le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ceanglaítear ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, faoin 30 Meitheamh 2024, lena sonraítear an fhaisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta agus na réimsí tuairiscithe a bhaineann go sonrach leis an earnáil ina n-oibríonn gnóthas, sa bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear ar ghnóthais a sholáthar cheana féin faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún (4).

(3)

Chun an t-ualach tuairiscithe ar ghnóthais a laghdú, mar a luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 dar teideal Long-term competitiveness of the EU: looking beyond 2030 [Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030], ba cheart cead a bheith ag gnóthais díriú ar dtús ar chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772. Chuige sin, ba cheart an teorainn ama maidir le glacadh na ngníomhartha tarmligthe ina bhfuil na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, lena sonraítear an fhaisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta agus na réimsí tuairiscithe a bhaineann go sonrach leis an earnáil ina n-oibríonn gnóthas dá dtagraítear i dTreoir 2013/34/AE a chur siar 2 bhliain. Mar sin féin, leis an gcur siar sin, níor cheart cosc a chur ar an gCoimisiún na gníomhartha tarmligthe ina bhfuil na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha a fhoilsiú roimh dhul in éag na tréimhse 2 bhliain sin agus ba cheart don Choimisiún féachaint le gníomhartha tarmligthe ina bhfuil ocht gcinn de na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha, a ghlacadh, a luaithe a bheidh siad réidh.

(4)

Is minic a bhíonn gnóthais san aon earnáil amháin nochta do rioscaí inbhuanaitheachta comhchosúla, agus bíonn tionchair chomhchosúla acu ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol go minic freisin. Tá sé fíorluachmhar d’infheisteoirí agus d’úsáideoirí eile na faisnéise inbhuanaitheachta comparáidí a dhéanamh idir gnóthais san earnáil chéanna. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an fhaisnéis ar cheart do ghnóthais i ngach earnáil a nochtadh agus an fhaisnéis ar cheart do ghnóthais a nochtadh ag brath ar a n-earnáil gníomhaíochta. Tá tábhacht ar leith ag baint le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha i gcás earnálacha a mbaineann rioscaí arda inbhuanaitheachta leo don chomhshaol, do chearta an duine agus don rialachas nó a mbíonn tionchair arda inbhuanaitheachta acu ar an gcomhshaol, ar chearta an duine agus ar an rialachas, lena n-áirítear na hearnálacha a liostaítear iRanna A, B (lena n-áirítear ola, mianadóireacht agus gás) go H, K agus L d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus i gcás na ngníomhaíochtaí ábhartha laistigh de na hearnálacha sin. Agus gníomhartha tarmligthe ina bhfuil caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a shonraítear leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin comhréireach le scála na rioscaí agus na dtionchar a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta a bhaineann go sonrach le gach earnáil, agus é á chur san áireamh gurb airde na rioscaí agus na tionchair a bhaineann le hearnálacha áirithe ná na rioscaí agus na tionchair a bhaineann le hearnálacha eile. Ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh freisin nach gá go mbeadh baint ag gach gníomhaíocht laistigh d’earnáil ar leith le rioscaí nó tionchair arda inbhuanaitheachta. I gcás gnóthais a oibríonn in earnálacha a bhíonn ag brath go háirithe ar acmhainní nádúrtha, bheadh sé de cheangal orthu, le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha, na tionchair ar an dúlra agus rioscaí don bhithéagsúlacht agus d’éiceachórais, a nochtadh.

(5)

Le Treoir 2013/34/AE, ceanglaítear freisin ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, faoin 30 Meitheamh 2024, chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta atá le húsáid chun faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh a bhaineann le gnóthais tríú tír a bhfuil glanláimhdeachas os cionn EUR 150 milliún san Aontas acu agus a bhfuil fochuideachtaí san Aontas acu ar gnóthais mhóra nó gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad a bhfuil urrúis acu atá ligthe isteach chun a dtrádála i margaí rialáilte an Aontais, nó le brainsí san Aontas ag a bhfuil glanláimhdeachas os cionn EUR 40 milliún. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas tuairiscithe sin le haghaidh gnóthais tríú tír áirithe ach ón mbliain airgeadais 2028 ar aghaidh. Ós rud é go bhfuil an teorainn ama maidir le glacadh na ngníomhartha tarmligthe ina bhfuil na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena sonraítear an fhaisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta agus na réimsí tuairiscithe a bhaineann go sonrach leis an earnáil ina n-oibríonn gnóthas le cur siar 2 bhliain, ba cheart an teorainn ama maidir le glacadh na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais tríú tír áirithe a chur siar 2 bhliain freisin.

(6)

Chun rialú daonlathach, grinnscrúdú agus trédhearcacht a chothú, ba cheart don Choimisiún, uair sa bhliain ar a laghad, dul i gcomhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt le Parlaimint na hEorpa, agus go comhpháirteach le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe agus leis an gCoiste Rialála Cuntasaíochta maidir le clár oibre EFRAG. A mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt, ba cheart a bheith san áireamh i gclár oibre EFRAG faisnéis maidir le pleanáil, beartú tosaíochta mar aon le hamlínte le haghaidh dréachtchaighdeáin a ghlacfar amach anseo agus le haghaidh táirgí insoláthartha eile.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2013/34/AE a leasú dá réir sin. Ós rud é go mbaineann na leasuithe a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo le gné shonrach de chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna thabhairt don Choimisiún, ní gá do na Ballstáit na leasuithe sin a thrasuí i gcás nach ndéantar ina reachtaíocht náisiúnta ach tagairt don chumhachtú sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2013/34/AE

Leasaítear Treoir 2013/34/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 29b(1) mar a leanas:

(a)

sa tríú fomhír, san fhoclaíocht réamhráiteach, cuirtear an dáta ‘30 Meitheamh 2026’ in ionad ‘30 Meitheamh 2024’;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh an tríú fomhír:

‘Féachfaidh an Coimisiún le gníomhartha tarmligthe ina bhfuil ocht gcinn de na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (ii), a ghlacadh, ceann ar cheann a luaithe a bheidh siad réidh.’

(2)

in Airteagal 40b, cuirtear an dáta ‘30 Meitheamh 2026’ in ionad ‘30 Meitheamh 2024’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C, C/2024/1584, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1584/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Aibreán 2024.

(3)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chuid chineálacha áirithe gnóthais, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/2024-01-09).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta (IO L, 2023/2772, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2772/oj).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1893/2019-07-26).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1306/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)