European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1288

7.5.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1288 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Bealtaine 2024

lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, i leith filléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe agus luanta tuinnín ullmhaithe nó leasaithe (amh, cócaráilte agus reoite), filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus filléid tuinnín frigéid ullmhaithe nó leasaithe nó filléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 64(6) agus Airteagal 66, pointe (b), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is tír í Cabo Verde a thairbhíonn den socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas dá bhforáiltear faoi Airteagal 1(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), dá ngairtear an Córas Ginearálaithe um Fhabhair (GSP+). I Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún leagtar síos na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach chun críocha an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair (GSP), seachas rialacha nós imeachta (3).

(2)

I litir dar dáta an 14 Iúil 2023, chuir Cabo Verde iarraidh isteach maidir le síneadh a chur leis na maoluithe sealadacha ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, maoluithe a deonaíodh le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/561 (4), (AE) 2019/620 (5) agus (AE) 2021/966 ón gCoimisiún (6). Bhain an iarraidh le toirt bhliantúil 5 000 tona d’fhilléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe agus de luanta tuinnín ullmhaithe nó leasaithe (amh, cócaráilte agus reoite), 3 000 tona d’fhilléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus 1 000 tona d’fhilléid tuinnín frigéid ullmhaithe nó leasaithe nó d’fhilléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe. Faoin maolú a iarradh, mheasfaí gur de thionscnamh Cabo Verde iad na táirgí sin fiú dá mba ó éisc neamhthionscnaimh a táirgeadh iad.

(3)

Maidir lena iarraidh ar shíneadh a chur leis na maoluithe sin, thacaigh Cabo Verde léi trí bheith ag brath ar na hargóintí a rinneadh in iarrataí a cuireadh isteach roimhe seo, ar argóintí ábhartha iad fós, mar atá, méideanna ísle tuinnín agus ronnach arna ngabháil ina huiscí teorann, deiseanna iascaireachta atá gann lasmuigh dá huiscí teorann agus fad teoranta an tséasúir iascaireachta, rud lena laghdaítear na deiseanna chun iasc tionscnaimh a ghabháil. Eilimint thábhachtach eile is ea an fhorbairt a rinne Cabo Verde ar a bhonneagar calafoirt le déanaí. Mar thoradh air sin, is féidir méideanna níos mó éisc a láimhseáil agus dá bhrí sin tá deis ag tionscal na hiascaireachta dul i mbun fáis anois. Ar an drochuair, níl cabhlach tionsclaíoch ag Cabo Verde a bheadh in ann freastal ar a thionscal iascaireachta, agus níl infheistíochtaí leordhóthanacha a ndéanamh aige sa chabhlach. Mar thoradh ar an acmhainn theoranta gabhála éisc thionscnaimh atá ann faoi láthair ní fhéadfadh tionscal na hiascaireachta méid a tháirgeadh suas go dtí a uas-acmhainn. Ar deireadh, leis an iarraidh cuireadh i dtábhacht na deacrachtaí a bhfuil Cabo Verde ag dul i ngleic leo mar thoradh ar na moilleanna maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an Afraic Thiar. Forbraíonn Cabo Verde argóinteacht chun béim a leagan ar an ngá atá aige le maolú ar rialacha an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair maidir le tionscnamh fabhrach chun cúiteamh a thabhairt dó sa mhéid is nach féidir brath go fóill ar na cuótaí tionscnaimh ná na rialacha maidir le carnadh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, ar comhaontú é nach bhfuil feidhm shealadach aige go fóill.

(4)

Is maolú de chineál sealadach é an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 64(6) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (Cód Custaim an Aontais) agus tá sé faoi réir comhlíonadh feabhsaithe a dhéanamh ar na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí lena mbaineann agus ar an gceanglas maidir leis an gcomhar riaracháin. Chun go bhféadfaí maolú den sórt sin ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a bhainistiú, ba cheart don tír iarrthach na rialacha a chomhlíonadh maidir leis an bhfaisnéis faoi úsáid an mhaolaithe agus faoi bhainistiú na méideanna ar ina leith a dheonaítear an maolú.

(5)

Mar sin féin, mar thoradh ar na gníomhaíochtaí faireacháin a rinne an Coimisiún le blianta beaga anuas i ndáil leis an gcomhlíonadh atá Cabo Verde a dhéanamh ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach, ar na nósanna imeachta a bhaineann leo agus ar an gcomhar riaracháin leis an Aontas, tá roinnt easnamh tar éis teacht chun solais, go háirithe ó thaobh an cheanglais maidir lena chomhar riaracháin le húdaráis chustaim na mBallstát i dtaca le cruthúnais ar thionscnamh a fhíorú i tionscal na hiascaireachta.

(6)

Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún Eorpach cúram a ghlacadh ionas go dtiocfaidh sé as maoluithe sealadacha a dheonú go gcomhlíonfaidh Cabo Verde, mar sin féin, na coinníollacha atá ann chun déanamh de réir fhíorú na gcruthúnas tionscnaimh agus go leigheasfaidh sé na heasnaimh sa chomhar riaracháin. Ní hé maolú an uirlis lena bhfuil an t-údar is mó chun réiteach fadtéarmach a sholáthar ar na fadhbanna struchtúracha atá i dtionscal iascaireachta Cabo Verde.

(7)

Mar thoradh ar na deacrachtaí eacnamaíocha athfhillteacha a bhíonn air agus d’éagmais réitigh mhalartacha, ba cheart, mar sin féin, maolú sealadach a dheonú do Cabo Verde, faoi réir coinníollacha diana, ar an gceanglas faoi na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach, ar ceanglas é lena meastar nach de thionscnamh na tíre is tairbhí iad na táirgí ach amháin i gcás ina bhfaightear na hábhair iontu go hiomlán sa tír sin. De réir na méideanna a úsáideadh go hiomlán le linn an mhaolaithe roimhe seo ó 2020-2023, ba cheart an maolú a dheonú i leith mhéid bliantúil 3 000 tona d’fhilléid tuinnín agus de luanta tuinnín ullmhaithe nó leasaithe (amh, cócaráilte agus reoite), mhéid bliantúil 2 700 tona d’fhilléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus mhéid bliantúil 600 tona d’fhilléid tuinnín frigéid nó d’fhilléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe. Ba cheart teorainn 2 bhliain a chur le fad an mhaolaithe, rud a thabharfadh deis do Cabo Verde iarracht a dhéanamh na coigeartuithe struchtúracha is gá a dhéanamh in earnáil an iascaigh chun na rialacha tionscnaimh maidir leis na táirgí lena mbaineann a chomhlíonadh.. Ba cheart an maolú a dheonú, áfach, ar choinníoll go ndéanfaidh údaráis chustaim Cabo Verde na bearta is gá chun seiceálacha cainníochtúla a dhéanamh ar onnmhairiúcháin na dtáirgí atá faoi réir an mhaolaithe agus go gcuirfidh siad ráiteas in iúl don Choimisiún maidir leis na méideanna ar ina leith a eisíodh ráitis maidir le tionscnamh de bhun an Rialacháin seo agus sraithuimhreacha na ráiteas sin.

(8)

Thairis sin, ba cheart do Cabo Verde tairbhiú de mhaolú ar na rialacha tionscnaimh maidir le tuinnín agus ronnach ar choinníoll go dtuairiscíonn sé go tráthrialta do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin maidir leis na bearta atá glactha aige chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha tionscnaimh le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann agus go gcomhlíontar na nósanna imeachta a bhaineann leo agus go soláthróidh sé comhar riaracháin de réir mar a cheanglaítear chun na socruithe fabhracha faoin gCóras Ginearálaithe um Fhabhair dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 (Rialachán GSP) a chur chun feidhme. Ba cheart na tuarascálacha sin a chur isteach de réir sceideal ama beacht. Mar thoradh ar aon mhoill maidir leis an sprioc-am a socraíodh a bhaint amach, ba cheart fionraí an mhaolaithe a chur in iúl d’údaráis inniúla Cabo Verde tar éis meabhrúcháin agus ba cheart cuireadh a thabhairt na tuarascálacha a chur isteach laistigh de 10 lá oibre. Na heilimintí atá le háireamh sna tuarascálacha sin, ba cheart iad a liostú in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá cur chun feidhme an mhaolaithe faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.

(9)

Na méideanna a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (7) lena rialaítear bainistiú cuótaí taraife.

(10)

Ba cheart do na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe agus ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith acu amhail ón 1 Eanáir 2024, chun staid dhúshlánach Cabo Verde a chur san áireamh agus chun a cheadú don tír sin an maolú a chur i bhfeidhm ó bhí an dáta sin ann.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 41, pointe (b), agus Airteagal 45 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, maidir leis na táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a tháirgtear in Cabo Verde ó éisc neamhthionscnaimh measfar gur de thionscnamh Cabo Verde iad i gcomhréir le hAirteagail 2, 3 agus 4 den Rialachán seo.

Airteagal 2

1.   Beidh feidhm ag an maolú maidir le táirgí a onnmhairítear ó Cabo Verde agus a dhearbhaítear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025.

2.   Beidh feidhm ag an maolú maidir le méideanna táirgí suas go dtí na méideanna bliantúla a liostaítear in Iarscríbhinn I (tuinnín) agus Iarscríbhinn II (ronnach agus ronnach frigéid) a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Tá cur chun feidhme an mhaolaithe faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.

Airteagal 3

Na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, lena rialaítear bainistiú cuótaí taraife.

Airteagal 4

Deonaítear an maolú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(1)

Déanfaidh údaráis chustaim Cabo Verde na bearta is gá chun seiceálacha cainníochtúla a dhéanamh ar onnmhairiúcháin na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 1.

(2)

Cuirfear an lua seo a leanas isteach sna ráitis maidir le tionscnamh a dhéanfaidh na honnmhaireoirí cláraithe: ‘Maolú — Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1288 ón gCoimisiún’.

(3)

Tabharfaidh údaráis inniúla Cabo Verde don Choimisiún ráiteas maidir leis na méideanna ar eisíodh ráiteas maidir le tionscnamh ina leith de bhun Airteagal 92 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 agus na cóipeanna de na cruthúnais sin. Is i ndáil le trí thréimhse a bheidh na tuarascálacha a thabharfar don Choimisiún, mar atá 6 mhí, 12 mhí agus 20 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfar iad 2 mhí tar éis dheireadh gach tréimhse.

Dá bhrí sin, tabharfar an chéad tuarascáil idir an 1 Iúil agus an 1 Meán Fómhair 2024. Tabharfar an dara tuarascáil idir an 1 Eanáir agus an 1 Márta 2025. Tabharfar an tríú tuarascáil idir an 1 Lúnasa agus an 1 Deireadh Fómhair 2025. Maidir leis an tréimhse eile, is é sin an 1 Lúnasa–31 Nollaig 2025, beidh sí faoi réir tuarascáil bhreise a bheidh le seoladh laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh na tréimhse cur i bhfeidhm a leagtar amach in Airteagal 2(1).

(4)

Tabharfaidh údaráis inniúla Cabo Verde don Choimisiún, an tráth céanna leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, tuarascáil ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe maidir leis na bearta a ghlac siad chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

comhlíonadh a áirithiú i ndáil leis na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí lena mbaineann chun críocha an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair agus i ndáil leis na nósanna imeachta a bhaineann leo;

(b)

comhar riaracháin a chur ar fáil de réir mar is gá chun an socrú fabhrach faoin Rialachán maidir leis an gCóras Ginearálaithe um Fhabhair a chur chun feidhme.

In Iarscríbhinn III liostaítear an fhaisnéis is gá d’údaráis inniúla Cabo Verde a thuairisciú.

Airteagal 5

I gcás ina mainníonn na húdaráis inniúla a n-oibleagáidí tuairiscithe, a leagtar síos in Airteagal 4(3) agus (4), a chomhlíonadh laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach ann, seolfaidh an Coimisiún meabhrúchán chuig údaráis inniúla Cabo Verde, ina n-iarrfar orthu an fhaisnéis is gá a chur isteach laistigh de 10 lá oibre. Más rud é nach bhfreagraíonn údaráis inniúla Cabo Verde an iarraidh sin faoin sprioc-am socraithe, féadfaidh an Coimisiún an maolú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí. Le fionraí den sórt sin, ní chuirfear síneadh leis an tréimhse dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Cuirfear an fhionraí sin in iúl d’údaráis inniúla Cabo Verde agus foilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim na bhfabhar ginearálaithe taraife agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/978/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/561 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, i leith filléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe (IO L 98, 9.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/561/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/620 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, i leith filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus tuinnín frigéid nó ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe (IO L 108, 23.4.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/620/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/966 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2021 lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, i leith filléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe, filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus filléid tuinnín frigéid nó filléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe (IO L 214, 17.6.2021, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/966/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).


IARSCRÍBHINN I

Sraithuimhir

Cód AC

Cód TARIC

Tuairisc ar earraí

Tréimhsí

Méid bliantúil (i dtonaí glanmheáchain)

09.1602

1604142100

1604142690

1604142800

1604207050

1604207055

1604143190

1604143690

1604143800

1604207099

0304870090

1604144120

1604144629

1604144820

1604207045

0304870020

1604144130

1604144830

10

Filléid agus luanta boiníotó ullmhaithe nó leasaithe (Katsuwonus pelamis)

1.1.2024 go dtí 31.12.2024

3 000

01.01.2025 go dtí 31.12.2025

3 000

Filléid agus luanta tuinnín bhuí ullmhaithe nó leasaithe (Thunnus albacares)

Filléid agus luanta tuinnín mhórshúiligh ullmhaithe nó leasaithe (Thunnus obesus)

Tuinnín colgach ullmhaithe (Thunnus alalunga)


IARSCRÍBHINN II

Sraithuimhir

Cód AC

Cód TARIC

Tuairisc ar earraí

Tréimhsí

Méid bliantúil (i dtonaí glanmheáchain)

09.1647

1604151100

ex 1604 19 97

10

Filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe (Scomber scombrus, Scomber japonicus, Scomber colias)

1.1.2024 go dtí 31.12.2024

2 700

1.1.2025 go dtí 31.12.2025

2 700

09.1648

ex 1604 19 97

1604209000

10

Filléid tuinnín frigéid ullmhaithe nó leasaithe nó filléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe (Auxis thazard, Auxis rochei)

1.1.2024 go dtí 31.12.2024

600

1.1.2025 go dtí 31.12.2025

600


IARSCRÍBHINN III

Bearta atá le tuairisciú ag údaráis inniúla Cabo Verde de bhun Airteagal 4(4)

Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 4(4), beidh tuairisc mhionsonraithe ar na bearta arna nglacadh ag údaráis inniúla Cabo Verde chun an méid seo a leanas a áirithiú:

a)

go ndéantar fíoruithe ar stádas tionscnaimh na dtáirgí arna iarraidh sin ag údaráis chustaim na mBallstát i gcás gach ceann de na hiarrataí laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagail 108 agus 109 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447;

b)

maidir leis na fíoruithe ar stádas tionscnaimh na dtáirgí iascaireachta mara agus na dtáirgí eile a thógtar ón bhfarraige dá dtagraítear in Airteagal 44 (1), mír 1, pointe (h), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, go n-áirítear orthu seiceáil ar áit na gabhála agus, i gcás ina dtógtar na táirgí in áit lasmuigh de na farraigí teorann dá dtagraítear in Airteagal 44 (1), pointe (h), den Rialachán sin, seiceáil ar choinníollacha úinéireachta an tsoithigh;

c)

go ndéantar na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 108(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2015/2447 ar onnmhaireoirí ag eatraimh a chinntear ar bhonn critéir iomchuí anailíse riosca i gcomhréir le hAirteagal 108(2) den Rialachán sin;

(d)

go gcuirtear onnmhaireoirí agus oifigigh rialtais in Cabo Verde ar an eolas mar is ceart faoi na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach chun críocha an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair (GSP) agus faoi na nósanna imeachta a bhaineann leo trí bhíthin treoracha leormhaithe, cúrsaí oiliúna, seimineár agus/nó faisnéis ghréasánbhunaithe.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil, a mhéid a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a), le haghaidh gach iarrata ar fíorú tionscnaimh a fhaightear ó údaráis chustaim na mBallstát:

tagairt agus dáta an iarrata ar fhíorú tionscnaimh;

an Ballstát atá tar éis an iarraidh a sheoladh (‘an Ballstát iarrthach’);

an dáta a fuair údaráis inniúla Cabo Verde an iarraidh;

na táirgí lena mbaineann (cód CC agus tuairisc ar na táirgí);

an dáta a seoladh an freagra chuig an mBallstát iarrthach;

na cúiseanna atá le haon mhoill ar an iarraidh a fhreagairt, de réir mar is iomchuí;

an measúnú ar an iarraidh a rinne údaráis inniúla Cabo Verde (i.e. cé acu a deimhníodh an tionscnamh a dearbhaíodh sa ráiteas maidir le tionscnamh nó nár deimhníodh).

Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (c), beidh an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil:

an líon rialuithe a rinneadh;

na critéir anailíse riosca a d’úsáid na húdaráis inniúla chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus chun na heatraimh idir na rialuithe tráthrialta ar onnmhaireoirí a chinneadh;

an mhodheolaíocht a úsáideadh le linn na rialuithe;

faisnéis maidir le cé acu a cheangail na húdaráis inniúla ar onnmhaireoirí cóipeanna nó liosta a sholáthar de na ráitis maidir le tionscnamh a rinne siad nó nár cheangail, i gcomhréir le hAirteagal 108(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, d’fhonn rialuithe tráthrialta ar onnmhaireoirí a dhéanamh, i gcomhréir le Airteagal 108(1), pointe (b), den Rialachán sin;

faisnéis maidir le cé acu a léiríodh nó nár léiríodh leis na rialuithe go bhfuil ag na honnmhaireoirí in Cabo Verde tuiscint mhaith ar na rialacha tionscnaimh agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le tionscnamh fabhrach chun críocha Rialachán GSP;

faisnéis maidir le cé acu a rinneadh bearta ceartaitheacha nó nach ndearnadh agus/nó maidir le cé acu a forchuireadh pionóis nó nár forchuireadh i gcásanna ina ndearna an t-onnmhaireoir ráiteas mícheart maidir le tionscnamh.

Áireofar sa tuarascáil, a mhéid a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (d), na treoracha, na doiciméid agus na hábhair oiliúna a úsáidtear chun onnmhaireoirí agus oifigigh rialtais in Cabo Verde a chur ar an eolas faoi na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach chun críocha an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair agus faoi na nósanna imeachta a bhaineann leo.

Leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 4(4), tabharfar cothrom le dáta an fhaisnéis a cuireadh ar fáil sna tuarascálacha roimhe sin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1288/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)