European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1287

14.5.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1287 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Bealtaine 2024

lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise chun allmhairí sraithadhmaid beithe arna gcur chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 13 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Na bearta atá ann cheana

(1)

I mí na Samhna 2021, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 (2), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise (‘an Rialachán bunaidh’). Bhí na bearta i bhfoirm ráta dleachta ad valorem ó 14,4 % agus 15,8 %, le dleacht iarmharach 15,8 % ar chuideachtaí Rúiseacha neamh-chomhoibríocha. An t-imscrúdú as ar eascair na dleachtanna sin (‘an t-imscrúdú bunaidh’), tionscnaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020 é (3).

1.2.   Iarraidh

(2)

Fuair an Coimisiún iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) ‘den bhun-Rialachán’ chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise trí allmhairí sraithadhmaid beithe arna gcur chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh, agus na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe (‘Iarraidh’).

(3)

Chuir Woodstock Consortium (‘an t-iarratasóir’) an iarraidh isteach an 10 Iúil 2023.

(4)

Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athrú ar an ngréasán trádála a bhaineann le honnmhairí ón Rúis, ón Tuirc agus ón gCasacstáin agus leis an Aontas a tharla tar éis bearta a fhorchur ar shraithadhmad beithe ón Rúis. Is cosúil gur eascair an t-athrú sin as coinsíneacht sraithadhmaid beithe tríd an Tuirc agus tríd an gCasacstáin chuig an Aontas, cleachtas nach raibh cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis, seachas forchur na dleachta.

(5)

Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh go raibh an cleachtas a thuairiscítear thuas ag baint an bhoinn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá ann cheana i dtéarmaí cainníochta agus praghsanna araon. Tháinig méideanna suntasacha d’allmhairí sraithadhmaid beithe isteach i margadh an Aontais. Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach ann gur ar phraghsanna díobhálacha a rinneadh na hallmhairí sraithadhmaid beithe sin. Ar deireadh, bhí fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh praghsanna sraithadhmaid beithe arna gcur chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin a dhumpáil i ndáil leis an ngnáthluach a suíodh le haghaidh sraithadhmad beithe.

1.3.   An táirge lena mbaineann agus an táirge faoi imscrúdú

(6)

Is éard atá sa táirge a mbaineann an t-imchéimniú féideartha leis sraithadhmad arb é atá ann leatháin adhmaid, nach bhfuil níos mó ná 6 mm ar tiús i ngach sraith díobh, a bhfuil sraitheanna seachtracha adhmaid iontu atá sonraithe faoi fho-cheannteideal 4412 33, ag a bhfuil sraith sheachtrach adhmaid beithe amháin ar a laghad, bídís brataithe nó ná bíodh, a bhí aicmithe dáta theacht i bhfeidhm an bhun-Rialacháin faoi chód AC ex 4412 33 00 (cód TARIC 4412330010) agus de thionscnamh na Rúise (‘an táirge lena mbaineann’). Is é seo an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leis faoi láthair.

(7)

Is ionann an táirge atá faoi imscrúdú agus an táirge a shainítear san aithris roimhe seo, atá faoi chód AC 4412 33 10 (4) faoi láthair ach arna gcur chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh (cóid TARIC 4412331010 agus 4412331020) (‘an táirge faoi imscrúdú’).

(8)

Léirigh an t-imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí céanna, ag sraithadhmad beithe arna n-onnmhairiú ón Rúis agus sraithadhmad beithe arna gcur chun bealaigh ón gCasacstáin agus ón Tuirc, cibé acu de thionscnamh na Casacstáine agus na Tuirce iad, agus go meastar, dá bhrí sin, gur táirgí comhchosúla iad de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

1.4.   Tionscnamh

(9)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, gur ann d’fhianaise leordhóthanach chun imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú an 21 Lúnasa 2023 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1649 (5) ón gCoimisiún (‘an Rialachán tionscnaimh’) agus chuir sé allmhairí sraithadhmaid beithe arna gcur chun bealaigh ón gCasacstáin agus ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Casacstáine agus na Tuirce iad nó ná bíodh, faoi réir a gcláraithe.

1.5.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(10)

Tar éis an tionscnaimh, chuir údaráis na Casacstáine liosta ar fáil de na cuideachtaí a tháirgeann sraithadhmad beithe agus d’iarr siad go mbeadh na cuideachtaí sin díolmhaithe ó raon feidhme na mbeart, ós rud é gur onnmhairigh siad sraithadhmad beithe a táirgeadh sa Chasacstáin. D’áitigh siad gur chomhlíon deimhnithe tionscnaimh sa Chasacstáin caighdeáin idirnáisiúnta agus ceanglais agus rialacha uile an Aontais maidir le tionscnamh na n-earraí, agus go raibh sé sin á rialú ag an Aireacht Trádála agus Lánpháirtíochta. Dá bhrí sin, d’iarr siad ar an gCoimisiún gan na dleachtanna frithdhumpála a leathnú chuig an gCasacstáin, ós rud é nach bhféadfadh na cuideachtaí a bheith páirteach in imchéimniú na mbeart.

(11)

Mheabhraigh an Coimisiún gur breithníodh na hiarrataí ar dhíolúine (a ndearnadh measúnú orthu i Roinn 4) i bhfianaise Airteagal 13 den bhun-Rialachán agus, dá bhrí sin, nárbh iad na deimhnithe tionscnaimh amháin na critéir le haghaidh an mheasúnaithe.

(12)

Tar éis an nochta, mheas Favorit agus Severnyi Fanernyi Kombinat LLP (‘SFK’) go raibh tionscnamh an imscrúdaithe contrártha d’Airteagal 5.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT toisc nár áiríodh sa ghearán fianaise ar dhumpáil, ar dhíobháil, agus ar nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil líomhainte, agus gur theip ar an gCoimisiún ina dhualgas ó thaobh scrúdú a dhéanamh ar chruinneas agus leordhóthanacht na fianaise a soláthraíodh san iarratas chun a chinneadh an bhfuil fianaise leordhóthanach ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.

(13)

D’easaontaigh an Coimisiún leis sin. Ar dtús, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon fhoráil frith-imchéimniúcháin sa Chomhaontú Frithdhumpála. Ina theannta sin, mar a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais in Kolachi Raj, ós rud é nach gcuirtear forálacha an Chomhaontaithe Frithdhumpála chun feidhme le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán, ní féidir foclaíocht Airteagal 13 a léirmhíniú i bhfianaise fhorálacha an bhun-Rialacháin lena gcuirtear forálacha an Chomhaontaithe sin chun feidhme (6). Foráiltear le hAirteagal 13(3) den bhun-Rialachán gur féidir imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh ar bhonn fianaise leordhóthanach maidir leis na tosca a leagtar amach in Airteagal 13(1). Mheas an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh ar na tosca a leagtar amach in Airteagal 13(1). Go háirithe, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athrú ar an ngréasán trádála idir an Rúis, an Chasacstáin agus an Tuirc, athrú a d’eascair as cleachtas, próiseas nó obair nach raibh cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur na dleachta. Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh ar dhumpáil i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin le haghaidh an táirge chomhchosúil. Ar deireadh, thug an Coimisiún dá aire nach ndéantar foráil in Airteagal 13 den bhun-Rialachán maidir le hanailís ar dhíobháil ná ar nasc cúisíoch. Ceanglaítear leis an bhforáil ar bhonn níos leithne fianaise a thaispeáint maidir le díobháil nó go bhfuil an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí an táirge chomhchosúil. I ndáil leis sin, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh. Suíodh cheana féin sa bhun-Rialachán go ndearna allmhairí díobháil do thionscal an Aontais agus go raibh nasc cúisíoch idir na hallmhairí sin agus an díobháil. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh agus, dá bhrí sin, chinn sé go raibh údar le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.6.   Tréimhse imscrúdúcháin agus tréimhse thuairiscithe

(14)

Chumhdaigh an tréimhse imscrúdúcháin an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2023 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Bailíodh sonraí ar feadh na tréimhse imscrúdúcháin chun imscrúdú a dhéanamh, inter alia, ar an athrú líomhainte ar an ngréasán trádála tar éis fhorchur na mbeart ar an táirge lena mbaineann, agus chun féachaint arbh ann do chleachtas, próiseas nó obair nach raibh údar maith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas forchur na dleachta. Bailíodh sonraí níos mionsonraithe le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023 (‘an tréimhse thuairiscithe’ nó ‘RP’) féachaint an raibh allmhairí ag baint an bhoinn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart atá i bhfeidhm ó thaobh praghsanna agus/nó cainníochtaí de agus arbh ann don dumpáil.

1.7.   Imscrúdú

(15)

Chuir an Coimisiún údaráis na Rúise, na Casacstáine agus na Tuirce ar an eolas go hoifigiúil maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, mar aon leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta sna tíortha sin, tionscal an Aontais agus Uachtarán na Comhairle Comhlachais idir an tAontas agus an Tuirc.

(16)

Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Casacstáine chuig an Aontas Eorpach agus ar Bhuanionadaíocht na Tuirce chuig an Aontas Eorpach ainmneacha agus seoltaí táirgeoirí onnmhairiúcháin agus/nó comhlachas ionadaíochta a sholáthar dó, ar táirgeoirí agus comhlachais iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú i dteannta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Tuirce agus na Casacstáine, a bhí sainaitheanta san iarraidh ag an iarratasóir. Chuir údaráis na Casacstáine liosta ar fáil de tháirgeoirí sraithadhmaid beithe, a ndeachaigh an Coimisiún i dteagmháil leo.

(17)

Cuireadh foirmeacha éilimh ar dhíolúine ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála do na táirgeoirí/na honnmhaireoirí sa Chasacstáin agus sa Tuirc, mar aon le ceistneoirí le haghaidh allmhaireoirí san Aontas.

(18)

Chuir na cúig chuideachta seo a leanas sa Chasacstáin foirmeacha éilimh ar dhíolúine isteach:

Favorit LLP

QazFanCom LLP

Semipalatinsk Wood Processing LLP

Severnyi Fanernyi Kombinat LLP (‘SFK’)

VFP LLP

(19)

Chuir na ceithre chuideachta seo a leanas sa Tuirc foirmeacha éilimh ar dhíolúine isteach:

Intur Construction Tourism and Forest

Murat Şahin Orman Ürünleri

Petek Kontrplak San ve Tic A.Ş.

Saglamlar Orman Tarim Urunleri San. Ve. Tic. AS

(20)

Ina theannta sin, chuir na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe seo a leanas freagra isteach ar an gceistneoir:

Aschiero Wood Import SPA

FOREST TRAFIC

CASTELLANA LEGNAMI SNC

IMOLALEGNO spa

ORLIMEX CZ s.r.o.

(21)

Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus éisteacht a iarraidh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa Rialachán tionscnaimh. Cuireadh na páirtithe uile ar an eolas go bhféadfaí Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm mura gcuirfí an fhaisnéis ábhartha uile isteach nó dá gcuirfí faisnéis neamhiomlán, bhréagach nó mhíthreorach isteach agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, na torthaí a bhunú ar na fíorais atá ar fáil. Arna iarraidh sin do na cuideachtaí, tionóladh éisteachtaí le Favorit agus SFK an 8 Feabhra 2024 le seirbhísí an Choimisiúin agus ina dhiaidh sin an 14 Feabhra 2024 leis an Oifigeach Éisteachta. Tháinig an tOifigeach Éisteachta ar an gconclúid nár bhain na saincheisteanna a d’ardaigh an dá chuideachta le cearta nós imeachta mar a shainítear iad le téarmaí tagartha an Oifigigh Éisteachta le haghaidh imeachtaí trádála ach gur bhain siad le saincheisteanna substainteacha an cháis, agus níor eisíodh aon mholadh sonrach.

2.   TORTHAÍ AN IMSCRÚDAITHE

2.1.   An leibhéal comhair

(22)

Mar a luaitear in aithrisí (18) go (19), chuir cúig chuideachta atá bunaithe sa Chasacstáin agus ceithre chuideachta atá bunaithe sa Tuirc foirmeacha éilimh ar dhíolúine ar fáil, agus d’iarr siad go ndéanfaí iad a dhíolmhú ó na dleachtanna, dá ndéanfaí bearta a leathnú chun an Chasacstáin agus an Tuirc a chumhdach.

(23)

Mar sin féin, chuir dhá chuideachta sa Chasacstáin (QazFanCom agus VFP LPP), agus trí chuideachta sa Tuirc (Murat Şahin Orman Ürünleri, Petek Kontrplak San ve Tic. A.Ş. agus Saglamlar Orman Tarim Urunleri San. Ve Tic. AS) foirmeacha éilimh ar díolúine ar fáil a bhí rí-easnamhach. Dá bhrí sin, i litir dar dáta an 13 Deireadh Fómhair 2023 chuig VFP LLP agus chuig na trí chuideachta Thurcacha, agus i litir dar dáta an 17 Samhain 2023 chuig QazFanCom, chuir an Coimisiún na cuideachtaí sin ar an eolas go raibh sé beartaithe aige na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, toisc nár thug na cuideachtaí sin, laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear, an fhaisnéis ba ghá don Choimisiún chun a chinneadh an raibh siad páirteach sna cleachtais imchéimnithe nó nach raibh (‘litir Airteagal 18’). Tugadh an deis do na cuideachtaí a mbarúlacha a thabhairt. Chuir an chuideachta QazFanCom barúlacha isteach. Níor thug aon chuideachta eile barúlacha.

(24)

Mar fhreagairt ar litir Airteagal 18, d’áitigh QazFanCom, murab ionann agus an méid a luadh i litir Airteagal 18, gur chomhoibrigh sé leis an imscrúdú ós rud é go raibh méid mór oibre i gceist leis an bhfaisnéis a chuir sé isteach. Mheas sí freisin gur ghlac sé barraíocht ama an fhaisnéis a chur ar fáil agus a aistriú go Béarla agus go raibh an síneadh le sprioc-amanna chun freagra a thabhairt róghearr, ós rud é gur mhair an nós imeachta naoi mí. Mheas an chuideachta freisin nár soláthraíodh sa bhun-Rialachán an sprioc-am uasta chun síneadh a chur le sprioc-amanna.

(25)

D’áitigh QazFanCom freisin, ina thuairim, go raibh an fhaisnéis uile a d’iarr an Coimisiún a chur ar fáil íogair agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí í a sholáthar. San am céanna, líomhain sé gur sceith an Coimisiún faisnéis rúnda agus gur sháraigh sé Airteagal 19 den bhun-Rialachán ós rud é go raibh a chomhpháirtithe trádála ar an eolas go ndiúltófaí don iarraidh ar dhíolúine a chuir QazFanCom isteach sula bhfuair QazFanCom litir Airteagal 18 ón gCoimisiún.

(26)

Mheabhraigh an Coimisiún gur leagadh amach an sprioc-am 37 lá chun an fhoirm éilimh ar dhíolúine a chur ar fáil in Airteagal 3(2) den Rialachán tionscnaimh agus go raibh sé i gcomhréir le sprioc-am ginearálta 30 lá ar a laghad a luaitear in Airteagal 6(2) den bhun-Rialachán. Féadfar síneadh a thabhairt, agus aird chuí á tabhairt ar theorainneacha ama an imscrúdaithe, ar choinníoll go léiríonn an páirtí go bhfuil údar maith le síneadh den sórt sin, i ngeall ar a imthosca. Sa chás seo, dheonaigh an Coimisiún síneadh seacht lá arbh é an t-uasmhéid a d’fhéadfadh sé a thabhairt i bhfianaise theorainneacha ama an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh go bhféadfaí níos mó ama a thabhairt chun an fhoirm éilimh ar dhíolúine a sholáthar sa chás seo.

(27)

Ina theannta sin, mheas an Coimisiún gur soláthraíodh treoracha mionsonraithe maidir le conas an leagan neamhrúnda den fhoirm éilimh ar dhíolúine a sholáthar do QazFanCom in éineacht leis an bhfoirm éilimh ar dhíolúine. Rinneadh tuairisc mhionsonraithe san fhaisnéis a seoladh ar an gcaoi ar féidir sonraí a chur i láthair chun a áirithiú go n-urramófar rúndacht ach go gcaomhnófar cearta cosanta páirtithe leasmhara eile freisin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh nach bhféadfaí aon fhaisnéis a sholáthar de bharr gur faisnéis de chineál rúnda í.

(28)

Thairis sin, maidir leis an maíomh faoin sárú rúndachta líomhainte, níor thug QazFanCom bunús leis an maíomh; níor tharraing sé aird ar aon fhaisnéis a foilsíodh sa chomhad oscailte ina mbeadh faisnéis faoi stádas na hiarrata ar dhíolúine ó QazFanCom roimh litir Airteagal 18 agus dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(29)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh dhá chuideachta sa Chasacstáin (QazFanCom agus VFP LPP), agus trí chuideachta sa Tuirc (Murat Şahin Orman Ürünleri, Petek Kontrplak San ve Tic A.Ş. agus Saglamlar Orman Tarim Urunleri San. Ve. Tic. AS) nár comhoibrigh de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán agus, dá bhrí sin, nár léirigh nach raibh siad páirteach i ngníomhaíochtaí imchéimnithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh dá n-iarrataí ar dhíolúine.

(30)

Tar éis an nochta, d’áitigh Qazfancom go raibh cur chuige neamhchuiditheach agus neamhthairbhiúil glactha ag an gCoimisiún maidir le comhar Qazfancom agus, ar fhorais nós imeachta amháin, dhiúltaigh sé na doiciméid a cuireadh i láthair a mheas. D’iarr Qazfancom ar an gCoimisiún doiciméid a cuireadh isteach i mí na Nollag 2023 a mheas ós rud é, de réir Qazfancom, go raibh dóthain ama ag an gCoimisiún é sin a dhéanamh, ós rud é nach raibh an spriocdháta chun cinneadh críochnaitheach a dhéanamh ann go dtí mí na Bealtaine 2024. Ina theannta sin, d’iarr Qazfancom an éisteacht le seirbhísí an Choimisiúin chomh maith le héisteacht leis an Oifigeach Éisteachta. Glacadh leis an iarraidh ar éisteacht le seirbhísí an Choimisiúin, cé gur iarradh í lasmuigh den sprioc-am a tugadh sa doiciméad nochta. Tionóladh an éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta an 2 Aibreán 2024 agus an 3 Aibreán 2024 ar lena linn a tháinig an tOifigeach Éisteachta ar an gconclúid nár bhain na saincheisteanna a d’ardaigh an páirtí leasmhar le cearta nós imeachta mar a shainítear le téarmaí tagartha an Oifigigh Éisteachta le haghaidh imeachtaí trádála ach gur bhain siad le soiléirithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18(1), agus níor moladh aon obair leantach shonrach a dhéanamh.

(31)

Mar a mhínítear in aithris (26) thuas, dheonaigh an Coimisiún roinnt síntí sprioc-ama do Qazfancom chun an fhaisnéis uile is gá a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Rialachán tionscnaimh agus le hAirteagal 6(2) den bhun-Rialachán, mar a leagtar amach go mionsonraithe i litir Airteagal 18 an 17 Samhain 2024. Ní fhéadfadh an Coimisiún aon fhaisnéis a cuireadh ar fáil tar éis na spriocdhátaí sin a mheas a thuilleadh i bhfianaise theorainneacha ama an imscrúdaithe agus i bhfianaise nár thíolaic Qazfancom, laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear, an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun a chinneadh an raibh baint ag an gcuideachta le cleachtais imchéimnithe.

(32)

Thionóil an Coimisiún éisteacht le hionadaithe Qazfancom an 20 Márta 2024 inar thug Qazfancom tuilleadh sonraí ar a mbarúlacha tar éis an nochta. Mar sin féin, níor chuir Qazfancom aon mhaíomh réasúnaithe nua i láthair agus d’athdhearbhaigh sé go príomha gur chomhoibrigh sé a mhéid is féidir. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúid mar a leagtar amach in aithris (29) thuas. Tar éis an nochta mhaígh Saglamlar Orman Tarim Urunleri San. Ve. Tic. AS gur sholáthair sé a lán faisnéise i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus an fhaisnéis nár sholáthair siad, is faisnéis í a mheas an lucht bainistíochta go raibh sí rúnda.

(33)

 

(34)

Mar a mhínítear in aithris (27), mheas an Coimisiún gur soláthraíodh treoracha mionsonraithe maidir le conas an leagan neamhrúnda den fhoirm éilimh ar dhíolúine a sholáthar do gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta a dhéanann sraithadhmad beithe agus atá bunaithe sa Chasacstáin agus sa Tuirc. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh nach bhféadfaí aon fhaisnéis a sholáthar de bharr gur faisnéis de chineál rúnda í.

(35)

Thug an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin ar áitreabh na gcuideachtaí seo a leanas:

Favorit LLP (An Chasacstáin)

Semipalatinsk Wood Processing LLP (An Chasacstáin)

Severnyi Fanernyi Kombinat LLP (An Chasacstáin)

Intur Construction Tourism and Forest (An Tuirc)

(36)

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar an bhfaisnéis i bhfreagraí na n-allmhaireoirí comhoibríocha ar an gceistneoir chun cros-seiceáil a dhéanamh leis an bhfaisnéis a bailíodh le linn an fhíorúcháin.

(37)

Tar éis na bhfíorúchán ar an láthair, chinn an Coimisiún na torthaí maidir leis na hiarrataí ar dhíolúine ó chuideachtaí na Casacstáine Favorit LLP, Semipalatinsk Wood Processing LLP, agus Severnyi Fanernyi Kombinat LLP a bhunú ar na fíorais is fearr a bhí ar fáil, faoinar cuireadh na cuideachtaí ar an eolas an 22 Eanáir 2024, an 26 Eanáir 2024, agus an 22 Eanáir 2024 faoi seach, bunaithe ar Airteagal 18 den bhun-Rialachán. Tá anailís mhionsonraithe, chomh maith leis an measúnú ar an gcuideachta Turcach Intur Construction Tourism and Forest le fáil i Roinn 4 thíos.

(38)

I bhfianaise an mhéid thuas (7), mheas an Coimisiún go raibh an comhar sa dá thír íseal, agus gur ghá na torthaí don dá thír a bhunú ar Staitisticí.

2.2.   Breithnithe ginearálta

(39)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ní mór don Choimisiún anailís a dhéanamh féachaint an gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

an raibh athrú ar an ngréasán trádála idir an Rúis, an Chasacstáin, an Tuirc agus an tAontas,

an eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas, as próiseas nó as obair nach raibh cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis, seachas na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a fhorchur,

an bhfuil fianaise maidir le díobháil ann nó an raibh an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm ó thaobh phraghsanna agus/nó chainníochtaí an táirge faoi imscrúdú, agus

an bhfuil fianaise maidir leis an dumpáil ann i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge lena mbaineann.

(40)

Chomh maith leis na cleachtais imchéimnithe arb é atá iontu trasloingsiú sraithadhmaid tríd an gCasacstáin agus tríd an Tuirc, rinne an Coimisiún imscrúdú freisin féachaint an ndeachthas timpeall ar na bearta frithdhumpála trí chleachtais lena mbaineann oibríochtaí cóimeála/bailchríochnaithe. Mheas sé gurbh é a bhí sna cleachtais amhail sraithadhmad beithe a tháirgeadh ó ionchuir Rúiseacha (lomáin beithe agus veinír beithe) ná oibríochtaí cóimeála nó críochnaithe de réir bhrí Airteagal 13(2). Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún anailís shonrach ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 13(2), go háirithe:

ar cuireadh tús leis an oibríocht chóimeála/chríochnaithe, nó ar tháinig méadú mór uirthi, ón tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe, agus an ón tír atá faoi réir na mbeart iad na páirteanna lena mbaineann, agus

an é atá sna páirteanna 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge tar éis a chóimeáilte agus an raibh an breisluach a cuireadh leis na páirteanna a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, níos mó ná 25 % de na costais mhonaraíochta.

2.3.   Athrú ar an ngréasán trádála

2.3.1.   Athrú ar an ngréasán trádála idir an tAontas, an Rúis, agus an Tuirc

(41)

Léirítear i dTábla 1 forbairt allmhairí sraithadhmaid beithe isteach san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin:

Tábla 1

Allmhairí sraithadhmaid beithe ón Rúis, ón gCasacstáin agus ón Tuirc isteach san Aontas (m3)

 

2019

2020

2021

2022

An tréimhse thuairiscithe

An Rúis

809 267

763 783

959 000

503 140

51 398

Innéacs (bonn = 2019)

100

94

119

62

6

Sciar den mhargadh

44,2  %

41,7  %

52,4  %

31,8  %

4,2  %

An Chasacstáin

0

0

0

29 225

97 068

Innéacs (bonn = 2022)

 

 

 

100

332

Sciar den mhargadh

0

0

0

1,8  %

7,9  %

An Tuirc

4 094

3 001

1 536

15 619

33 832

Innéacs (bonn = 2019)

100

73

38

381

826

Sciar den mhargadh

0,2  %

0,2  %

0,1  %

1,0  %

2,8  %

Foinse:

Comext, meastacháin an ghearánaigh ar dhíolacháin AE.

(42)

Léirítear i dTábla 1 gur tháinig laghdú beagnach 40 % ar na hallmhairí ón Rúis chuig an Aontas in 2022, tar éis na dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar allmhairí sraithadhmaid beithe ón Rúis i mí na Samhna 2021, i gcomparáid le 2019, an tréimhse roimh thús an imscrúdaithe bunaidh. Le linn na tréimhse tuairiscithe, tháinig laghdú breise 94 % ar na hallmhairí i gcomparáid le 2019.

(43)

In 2019, in 2020 agus in 2021, ní dhearnadh sraithadhmad beithe ón gCasacstáin a allmhairiú chuig an Aontas. Níor cuireadh tús leis na hallmhairí chuig an Aontas go dtí mí Aibreáin 2022, tar éis na dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar an Rúis i mí na Samhna 2021. Le linn na tréimhse tuairiscithe, tháinig méadú faoi thrí ar na hallmhairí i gcomparáid le 2022 agus baineadh amach breis agus 97 míle m3.

(44)

In 2019, ní raibh ach thart ar 4 000 m3 i gceist le hallmhairí ón Tuirc. Idir 2019 agus 2021, tháinig laghdú níos mó ná 60 % ar mhéid na n-allmhairí. In 2022, tar éis dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar an Rúis i mí na Samhna 2021, tháinig méadú beagnach faoi cheathair ar na hallmhairí i gcomparáid le 2019, agus níos mó ná ocht n-uaire le linn na tréimhse tuairiscithe.

2.3.2.   Athrú ar an ngréasán trádála idir an Rúis agus an Chasacstáin

(45)

Léirítear i dTábla 2 an fhorbairt a tháinig ar allmhairí sraithadhmaid beithe, lomán agus veinírí ón Rúis go dtí an Chasacstáin sa tréimhse imscrúdúcháin (m3):

Tábla 2

 

2019

2020

2021

2022

An tréimhse thuairiscithe

Sraithadhmad beithe

0

0

0

171 277

275 899

Innéacs

 

 

 

100

161

Lomáin

0

0

0

11 120

27 202

Innéacs

 

 

 

100

245

Veinírí

0

0

0

4 480

16 686

Innéacs

 

 

 

100

372

Foinse:

Global Trade Atlas.

(46)

Léirítear i dTábla 2 nár cuireadh tús go dtí 2022 le hallmhairí sraithadhmaid beithe, agus lomán agus veinírí (príomhábhair ionchuir chun sraithadhmad beithe a tháirgeadh) ón Rúis go dtí an Chasacstáin.

(47)

Sa tréimhse thuairiscithe, tháinig méadú níos mó ná 60 % ar allmhairí sraithadhmaid beithe. Idir 2022 agus an tréimhse thuairiscithe, tháinig méadú suntasach freisin ar allmhairí lomán agus veinírí, i gcás veinírí bhí méadú beagnach ceithre oiread i gceist.

2.3.3.   An t-athrú ar an ngréasán trádála idir an Rúis agus an Tuirc

(48)

Léirítear i dTábla 3 forbairt allmhairí sraithadhmaid beithe, lomán agus veinírí ón Rúis chuig an Tuirc sa tréimhse imscrúdúcháin (m3):

Tábla 3

 

2019

2020

2021

2022

An tréimhse thuairiscithe

Sraithadhmad beithe

14 749

21 600

21 620

60 231

120 073

Innéacs

100

146

147

408

814

Lomáin

 

 

1 752

2 012

 

Innéacs

 

 

100

115

 

Veinír

10 462

23 260

40 096

71 672

109 977

Innéacs

100

222

383

685

1 051

Foinse:

Global Trade Atlas.

(49)

Léirítear i dTábla 3 go raibh tús curtha cheana féin in 2019 le sraithadhmad beithe a allmhairiú ón Rúis go dtí an Tuirc ach i gcainníochtaí réasúnta íseal. Idir 2021 in 2022, tháinig méadú faoi thrí ar na hallmhairí. Tharla an méadú is suntasaí idir 2022 agus an tréimhse thuairiscithe, nuair a mhéadaigh na hallmhairí faoi dhó agus nuair a bhain siad níos mó ná 120 míle m3 amach. I dtéarmaí méideanna, i gcomparáid le 2021 (an tréimhse roimh fhorchur na mbeart), tháinig méadú sé huaire ar allmhairí sraithadhmaid.

(50)

I gcomhthráth leis sin, i gcomparáid le 2019, tháinig méadú freisin ar allmhairí lomán agus veiníre. Cé nach raibh aon mhéadú ann i gcás allmhairí lomán idir 2021 agus an tréimhse thuairiscithe, tháinig méadú níos mó ná 10 n-uaire ar allmhairí veiníre idir 2019 agus an tréimhse thuairiscithe. Le linn na tréimhse tuairiscithe, tháinig méadú 2,5 uair ar allmhairí veiníre i gcomparáid le 2021.

2.3.4.   Conclúid

(51)

Léiríonn an forás thuas ar allmhairí ón Rúis, ón gCasacstáin agus ón Tuirc go soiléir go bhfuil athrú tagtha ar an ngréasán trádála tar éis na bearta ar allmhairí sraithadhmaid beithe a bheith forchurtha. Cé go raibh na hallmhairí ón Rúis beagnach imithe i léig, tháinig méadú mór ar allmhairí ón gCasacstáin agus ón Tuirc araon. An tráth céanna, tháinig méadú suntasach ar shreabhadh trádála sraithadhmaid beithe, lomán agus veiníre idir an Rúis agus an Chasacstáin agus an Rúis agus an Tuirc.

(52)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb ionann an laghdú ar allmhairí ón Rúis, an méadú comhthreomhar ar allmhairí ón gCasacstáin agus ón Tuirc, agus athrú ar phatrún trádála idir na tíortha thuasluaite de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán.

2.4.   Cineál na gcleachtas imchéimnithe

(53)

Ceanglaítear le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán go ndéanfar an t-athrú ar an ngréasán trádála mar gheall ar chleachtas, ar phróiseas nó ar obair nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis, seachas forchur na dleachta. Áirítear leis an gcleachtas, leis an bpróiseas oibre, inter alia, coinsíniú an táirge atá faoi réir na mbeart atá ann cheana trí thríú tíortha, agus cóimeáil páirteanna/oibríochtaí críochnaithe i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán.

(54)

De réir na conclúide i Roinn 2.1.4 thuas, mar gheall ar an gcomhar íseal, b’éigean na torthaí maidir leis na cleachtais imchéimnithe a bhí ann agus maidir le cineál na gcleachtas sin a bhunú ar na fíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(55)

Léirigh an fhianaise san iarraidh agus a dheimhnigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gur onnmhairíodh sraithadhmad beithe a táirgeadh sa Rúis chuig an Tuirc nó chuig an gCasacstáin. Rinne páirtí idirghabhálach sa Tuirc nó sa Chasacstáin sraithadhmad beithe a ath-onnmhairiú chuig an Aontas mar bhaisc neamhspleách nó trína mheascadh le sraithadhmad beithe a tháirgtear go háitiúil nó le speiceas adhmaid eile. Ina theannta sin, chuaigh roinnt de na cuideachtaí sa Chasacstáin agus sa Tuirc araon timpeall ar na bearta frithdhumpála ar shraithadhmad beithe ón Rúis, trí shraithadhmad beithe a tháirgeadh as ionchuir ón Rúis ar cinneadh, de réir bhrí choinníollacha Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, gur oibríocht chóimeála/bhailchríochnaithe a bhí ann (féach Roinn 2.7 thíos) (8).

(56)

Thairis sin, bhí méid na n-allmhairí isteach san Aontas ón Tuirc agus ón gCasacstáin araon sa tréimhse thuairiscithe níos mó ná an táirgeacht sa dá thír, a mheastar a bheith thart ar 17 go 20 míle m3, agus thart ar 69 míle m3 faoi seach sa TT (9). Dá bhrí sin, ní fhéadfadh sé gur comhdhéanta go hiomlán de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Casacstáine nó de thionscnamh na Tuirce na hallmhairí sin (10).

(57)

Tugadh tuilleadh fianaise ar chleachtais trasloingsithe sraithadhmaid na Rúise sa tréimhse thuairiscithe tríd an Tuirc agus tríd an gCasacstáin le cuid mhaith ríomhphost agus tairiscintí praghsanna ó allmhaireoirí agus trádálaithe (11). Leis an bhfaisnéis a chuir na hallmhaireoirí comhoibríocha isteach, cruthaíodh freisin gur díoladh sraithadhmad ón Rúis ar mhargadh an Aontais, agus go ndearnadh na díolacháin trí shlabhra trádálaithe iomadúla (12).

(58)

Sa Chasacstáin, rinneadh cleachtais imchéimnithe a éascú trí ghaireacht gheografach na Rúise, agus toisc go raibh naisc ag cuideachtaí le táirgeoirí sraithadhmaid beithe na Rúise nó leis na hábhair ionchuir. Ina theannta sin, rinneadh deimhnithe tionscnaimh na Casacstáine, de réir dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin, a thrádáil agus a mhí-úsáid le haghaidh an tsraithadhmaid de thionscnamh na Rúise.

2.5.   Cúis chuí neamhleor nó bonn cirt eacnamaíoch neamhleor

(59)

Sa bhreis ar na costais mhéadaithe iompair a bhaineann le trasloingsiú sraithadhmaid beithe tríd an gCasacstáin agus tríd an Tuirc, bhí allmhairí sraithadhmaid beithe ón Rúis isteach sa Tuirc le linn na tréimhse tuairiscithe faoi réir ghnáthdhleacht chustaim 7 % agus, ó bhí 2018 ann, bhí siad faoi réir ráta dleachta breise 20 %. Dá bhrí sin, bhí costais bhreise i gceist le sraithadhmad a thrasloingsiú tríd an dá thír, agus fuarthas amach nach raibh aon bhonn cirt eacnamaíoch ann leis an athrú ar an ngréasán trádála ná ar na cleachtais.

(60)

Mheas Favorit agus SFK araon nár shuigh an Coimisiún go n-eascraíonn an t-imchéimniú as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur an dleachta, agus d’áitigh sé nár thosaigh allmhairí ón gCasacstáin ag teacht isteach san Aontas ach amháin tar éis smachtbhannaí a fhorchur ar shraithadhmad na Rúise arb é an t-aon chúis nó bonn cirt eacnamaíoch leis na hallmhairí méadaithe (13).

(61)

Mheas an Coimisiún gur forchuireadh na smachtbhannaí níos lú ná 8 mí tar éis fhorchur na ndleachtanna frithdhumpála agus go bhféadfaí tús a chur leis an athrú ar an ngréasán trádála sular forchuireadh na smachtbhannaí. Cuireadh tús le hallmhairí ón gCasacstáin (agus ón Tuirc) sular forchuireadh na smachtbhannaí. Ina theannta sin, léirigh an t-imscrúdú gur bhunaigh SFK allmhaireoir comhlachaithe san Aontas i mí Aibreáin 2022 go díreach tar éis fhorchur na ndleachtanna frithdhumpála, agus sular tháinig na smachtbhannaí i bhfeidhm (10 Iúil 2022).

(62)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leis an gcoinsíneacht de shraithadhmad beithe tríd an gCasacstáin agus an Tuirc, seachas imchéimniú na ndleachtanna.

2.6.   Tús le cleachtais a shainítear in Airteagal 13(2) nó méadú suntasach orthu

(63)

Ceanglaítear le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán an oibríocht chóimeála/chríochnaithe a bheith tosaithe nó méadú substaintiúil a bheith tagtha uirthi ón tráth a cuireadh tús leis an imscrúdú frithdhumpála, nó go díreach roimhe, agus is ón tír atá faoi réir na mbeart frithdhumpála na páirteanna ábhartha.

(64)

I bhfianaise an chomhair ísil sa dá thír, bhunaigh an Coimisiún a thorthaí maidir le tús nó méadú suntasach na gcleachtas a sainaithníodh mar oibríocht chóimeála nó chríochnaithe, bunaithe ar na fíorais is fearr a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(65)

Leis na sonraí staidrimh, mar a dhéantar achoimre orthu i Roinn 2.3 thuas, léiríodh go soiléir gur thosaigh na hoibríochtaí cóimeála agus críochnaithe agus na hallmhairí ina dhiaidh sin isteach san Aontas tar éis fhorchur na ndleachtanna frithdhumpála i mí na Samhna 2021. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cuireadh tús leis an oibríocht chóimeála tar éis na dleachtanna frithdhumpála a fhorchur.

2.7.   Luach na bpáirteanna agus an breisluach

(66)

Luaitear in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála, coinníoll eile maidir le himchéimniú a shuí, is é sin an choinníoll go gcuimsíonn na páirteanna (ón gCasacstáin agus ón Tuirc, sa chás seo) 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte agus gur lú breisluach na bpáirteanna sin a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, ná 25 % den chostas monaraíochta.

(67)

Cheannaigh roinnt táirgeoirí de chuid na Casacstáine agus na Tuirce na príomhábhair ionchuir ón Rúis le linn na tréimhse tuairiscithe (lomáin beithe, nó veinír beithe a tháirgtear ó lomáin, agus roisín). Is éard atá sna lomáin, sa veinír agus sa roisín 100 % den ábhar ionchuir agus, dá bhrí sin, sháraigh luach an ábhair ionchuir (páirteanna a tugadh isteach) an tairseach 60 %.

(68)

Deimhníodh é sin leis na torthaí maidir leis an táirgeoir comhoibríoch Turcach, a tháirgeann sraithadhmad beithe ó veinír Rúiseach (le haghaidh tuilleadh sonraí, féach Roinn 4 thíos). Léirigh na torthaí don chuideachta sin freisin go raibh an breisluach faoi bhun na tairsí 25 % a leagtar síos in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, measadh ar deireadh gur comhlíonadh an dara critéar freisin a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán.

(69)

D’áitigh SFK nár tionscnaíodh an t-imscrúdú seo ach amháin ar bhonn fianaise leordhóthanach a líomhnaítear maidir le trasloingsiú sraithadhmaid de thionscnamh na Rúise ach nach raibh aon fhianaise sa chomhad a d’eascródh, maidir le hathrú ar an ngréasán trádála, ó oibríocht chóimeála nó chríochnaithe. Mheas SFK nach raibh aon rogha ag an gCoimisiún ach brath ar shonraí SFK mar fhíorais a bhí ar fáil, rud a léirigh, dar leis, go raibh an breisluach i bhfad os cionn 25 % de chostais iomlána na monaraíochta.

(70)

Mheas an Coimisiún, mar a leagtar amach sa Rialachán tionscnaimh (Roinn D), go bhféadfadh sé cleachtais imchéimnithe eile a imscrúdú freisin, dá n-aithneofaí iad le linn an imscrúdaithe. Sa chás sin, agus mar a luaitear i Roinn 2.2 thuas, rinne an Coimisiún imscrúdú freisin ar oibríochtaí cóimeála/críochnaithe agus tháinig sé ar an gconclúid go ndeachthas timpeall ar na bearta maidir le hallmhairí ón Rúis, i measc nithe eile, trí oibríochtaí cóimeála nó críochnaithe sa Chasacstáin agus sa Tuirc araon.

2.8.   An bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála

(71)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain allmhairí an táirge faoi imscrúdú, ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de araon, an bonn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair.

(72)

Maidir le cainníochtaí, bhí 7,9 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse thuairiscithe i gceist leis an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ón gCasacstáin, agus ní raibh aon allmhairí i dtréimhse an imscrúdúcháin bunaidh (14). I gcás na Tuirce, tháinig méadú ar an sciar den mhargadh ó 0,2 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh go 2,8 % le linn na tréimhse tuairiscithe. Mheas an Coimisiún go raibh méid na n-allmhairí suntasach.

(73)

Maidir le praghsanna, rinne an Coimisiún comparáid idir an meánphraghas neamhdhíobhálach mar a suíodh san imscrúdú bunaidh é, arna choigeartú le haghaidh méadú costais idir tréimhse an imscrúdúcháin bunaidh agus an tréimhse tuairiscithe, agus na meánphraghsanna ualaithe onnmhairiúcháin CAL arna gcinneadh ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil i staitisticí Eurostat, arna gcoigeartú go cuí chun gnáthdhleachtanna custaim a chur san áireamh (7 % i gcás na Casacstáine agus ceann ar bith i gcás na Tuirce) agus costais iar-imréitigh, a mheastar a bheith 5 % (15). Léirigh an chomparáid praghsanna sin gur ann do thearcdhíol 66,4 % don Chasacstáin agus 18,9 % don Tuirc.

(74)

Rinne an Coimisiún comparáid freisin idir praghsanna na n-allmhairí mar a suíodh thuas iad agus praghsanna thionscal an Aontais. Léirigh an chomparáid praghsanna sin sladghearradh 36,7 % i gcás na Casacstáine, agus 14,6 % i gcás na Tuirce (16).

(75)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur baineadh an bonn de na bearta atá ann cheana sa tréimhse thuairiscithe i dtéarmaí cainníochtaí agus praghsanna mar gheall ar na hallmhairí ón gCasacstáin agus ón Tuirc.

(76)

Dúirt Favorit agus SFK araon, contrártha d’Airteagail 3.1 go 3.5 den Chomhaontú Frithdhumpála, nár chinn an Coimisiún díobháil ábhartha nó bagairt díobhála ábhartha do thionscal an Aontais.

(77)

Mheas an Coimisiún go gceanglaítear le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán anailís a dhéanamh i dtaobh an mbaineann na hallmhairí an bonn d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta, agus gan díobháil a shuí arís. Mar a luaitear in aithris (13), suíodh cheana féin sa bhun-Rialachán go ndearna na hallmhairí sin díobháil do thionscal an Aontais agus go raibh nasc cúisíoch idir na hallmhairí sin agus an díobháil. Dá bhrí sin, in imscrúdú frith-imchéimniúcháin, níor ghá anailís a dhéanamh ar dhíobháil, ar bhagairt díobhála ná ar an nasc cúisíoch. Dhiúltaigh an Coimisiún, dá bhrí sin, don mhaíomh.

2.9.   Fianaise maidir le dumpáil

(78)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú freisin féachaint an ann d’fhianaise maidir le dumpáil i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge comhchosúil.

(79)

Chuige sin, cinneadh praghsanna onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí in Eurostat agus tugadh leo praghas díreach ón monarcha agus i gcomparáid leis na gnáthluachanna a suíodh le linn an imscrúdúcháin bunaidh, arna gcoigeartú go cuí don bhoilsciú.

(80)

Leis an gcomparáid idir na gnáthluachanna a suíodh roimhe seo le haghaidh an táirge chomhchosúil agus praghsanna onnmhairiúcháin, léiríodh go raibh fianaise ar dhumpáil ann i gcás allmhairí ón gCasacstáin agus ón Tuirc araon.

(81)

Tar éis an nochta, thagair Favorit agus SFK araon don chéad abairt den litir chumhdaigh a ghabhann leis an Doiciméad Ginearálta um Nochtadh, inar luadh an togra chun ‘bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ar allmhairí sraithadhmaid beithe arna gcur chun bealaigh ón gCasacstáin’. Ar an mbonn sin, chuir na cuideachtaí sin in iúl go raibh an cinneadh dumpála neamhdhleathach, toisc gur ghá an corrlach dumpála a ríomh tríd an ngnáthluach a suíodh sa Chasacstáin a chur i gcomparáid le praghsanna onnmhairiúcháin ón gCasacstáin. D’áitigh siad freisin go ndearna an Coimisiún comparáid idir na gnáthluachanna agus na praghsanna onnmhairiúcháin arna gcinneadh ag tréimhsí éagsúla. Dar leo, rinneadh an coigeartú ar an ngnáthluach de réir an bhoilscithe trí thagairt a dhéanamh d’fhoilseacháin maidir le praghsanna sraithadhmaid beithe i dtríú tír, mar atá sa Rúis, agus dá bhrí sin níor léirigh sé dálaí an mhargaidh sa Chasacstáin. D’áitigh an dá chuideachta freisin go ndearna an Coimisiún comparáid idir gnáthluachanna agus praghsanna onnmhairiúcháin ar leibhéal trádála éagsúil. Ar deireadh, d’áitigh siad gur thug an Coimisiún neamhaird ar Uimhreacha Rialaithe Táirgí (‘PCN’) ina ríomhanna dumpála.

(82)

Shoiléirigh an Coimisiún gur luadh ‘forchur’ go hearráideach sa litir chumhdaigh in ionad ‘leathnú’. Mar sin féin, ní raibh ann ach botún cléireachais. Ón doiciméad nochta féin, ba léir gur bhain sé le torthaí ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún na dleachtanna frithdhumpála a forchuireadh ar allmhairí ón Rúis a leathnú chun allmhairí ón gCasacstáin agus ón Tuirc a chumhdach, agus gan dleachtanna frithdhumpála nua a fhorchur. Mar a leagtar amach in Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán, is é an bunchoinníoll gur cheart fianaise ar dhumpáil a bheith ann i ndáil leis na gnáthluachanna a bunaíodh roimhe sin le haghaidh an táirge chomhchosúil. Ar an mbonn sin, bhí an gnáthluach bunaithe ar an ngnáthluach a suíodh san imscrúdú bunaidh maidir le hallmhairí ón Rúis, arna choigeartú go cuí de réir an bhoilscithe, a cuireadh i gcomparáid le praghsanna onnmhairiúcháin ón gCasacstáin, arna choigeartú go dtí an leibhéal díreach ón monarcha. Rinneadh é ar leibhéal na tíre ar fad. Níl aon cheanglas in Airteagal 13 den bhun-Rialachán comparáid den sórt sin a dhéanamh ar leibhéal na gcineálacha táirgí aonair. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh.

3.   BEARTA

(83)

Ar bhonn na dtorthaí thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil imchéimniú á dhéanamh ar na bearta frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí sraithadhmaid de thionscnamh na Rúise le hallmhairí den táirge atá faoi imscrúdú arna gcur chun bealaigh ón gCasacstáin agus ón Tuirc.

(84)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a leathnú chun allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú a chumhdach.

(85)

De bhun Airteagal 13(1), an dara mír den bhun-Rialachán, ba cheart an beart a bhunaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 a bheith ina bheart atá le leathnú i gcás ‘gach cuideachta eile’, ar dleacht frithdhumpála chinntitheach 15,8 % é is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc.

(86)

De bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, lena bhforáiltear gur cheart feidhm a bheith ag aon bheart dá leathnaítear maidir le hallmhairí a tháinig isteach san Aontas faoi chlárú arna fhorchur leis an Rialachán tionscnaimh, tá dleachtanna le bailiú i leith na n-allmhairí cláraithe sin arb allmhairí den táirge atá faoi imscrúdú iad.

(87)

D’iarr Favorit agus SFK araon gur cheart a lua go sonrach in aon Rialachán lena leathnaítear na dleachtanna nár cheart aon fhíoras imchéimnithe mar a bhunaítear faoi chuimsiú an imscrúdaithe seo a thuiscint ná a thabhairt le tuiscint go bhfuil aon teacht timpeall air de réir bhrí bhearta sriantacha an Aontais i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin.

(88)

Dheimhnigh an Coimisiún gurbh é an bun-Rialachán an bunús dlí atá leis an imscrúdú, go háirithe Airteagal 13 de, agus gur bhain na torthaí a shonraítear sa rialachán seo le himchéimniú na ndleachtanna frithdhumpála a forchuireadh ar allmhairí sraithadhmaid beithe ón Rúis i mí na Samhna 2021.

4.   IARRATAÍ AR DHÍOLÚINTÍ

(89)

Mar a luaitear i Roinn 1.7 thuas, rinne an Coimisiún measúnú ar iarrataí ar dhíolúine ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Chasacstáin agus sa Tuirc.

4.1.   An Chasacstáin

4.1.1.   Torthaí maidir le Favorit

(90)

Le linn na cuairte fíorúcháin ar áitreabh Favorit agus a chuideachtaí comhlachaithe, chinn seirbhísí an Choimisiúin nach raibh taifid chuntasaíochta Favorit iontaofa ós rud é nach bhféadfaí a bhfírinneacht a dheimhniú le haon doiciméad ar a ndearnadh iniúchadh neamhspleách. Mar thoradh air sin, ní fhéadfadh an Coimisiún raon feidhme gnó Favorit a shuí go hiontaofa in aghaidh aon doiciméid oifigiúil, in éagmais ráitis airgeadais arna n-iniúchadh go neamhspleách chomh maith leis sin. Leis na taifid chuntasaíochta, ní raibh an Coimisiún in ann ceannacháin iomlána na n-ábhar ionchuir, ceannacháin iomlána an táirge chríochnaithe, an táirgeacht iomlán agus méideanna iomlána na ndíolachán a shuí go hiontaofa. Tá an fhaisnéis sin go léir riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar iarratas ar dhíolúine faoi Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán. Bhain an fhaisnéis nach bhféadfaí a fhíorú le mórchuid de cheannacháin an ábhair ionchuir agus an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear cainníochtaí agus luachanna ceannachán agus athdhíola sraithadhmaid beithe Rúisí agus veiníre beithe Rúisí, chomh maith le faisnéis a bhaineann le costais agus díolacháin. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún iomláine na sonraí maidir le méid agus foinse an tsraithadhmaid beithe a onnmhairíodh chuig an Aontas a shuí agus, dá bhrí sin, a dheimhniú ar athdhíoladh gach sraithadhmad beithe a cheannaigh Favorit sa Rúis go heisiach ar an margadh intíre, mar a mhaígh Favorit.

(91)

Rinne an Coimisiún anailís ansin féachaint arbh fhéidir cuid den fhaisnéis faoi Favorit a úsáid, bunaithe ar Airteagal 18(3) den bhun-Rialachán. Foráiltear le hAirteagal 18(3) den bhun-Rialachán, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis a chuireann páirtí leasmhar isteach oiriúnach ar gach bealach, níor cheart neamhaird a thabhairt uirthi mar sin féin, ar choinníoll nach bhfuil na heasnaimh tromchúiseach a ndóthain le deacracht mhíchuí a chruthú i dteacht ar thoradh a bheadh réasúnta cruinn, go gcuirtear an fhaisnéis chuí isteach in am trátha agus gur féidir í a fhíorú, agus go ndearna an páirtí a dhícheall na coinníollacha a chomhlíonadh. De bhun an chásdlí shocraithe, is léir ó fhoclaíocht na forála sin go bhfuil na ceithre choinníoll le cur i bhfeidhm ar bhonn carnach. Dá réir sin, mura gcomhlíontar oiread agus ceann amháin de na forálacha, ní féidir an fhoráil sin a chur i bhfeidhm agus ní féidir an fhaisnéis atá i gceist a chur san áireamh (17).

(92)

Sa chás i dtrácht, mheas an Coimisiún nach bhféadfaí a mheas go bhfuil an fhaisnéis iomlán a chuir Favorit isteach infhíoraithe. In éagmais cuntasaíocht iontaofa, níorbh fhéidir méid agus foinse an tsraithadhmaid arna dhíol ag Favorit ar mhargadh an Aontais a shuí go hiontaofa. Dá bhrí sin, trí úsáid a bhaint, agus ar bhonn páirteach amháin, as an bhfaisnéis a chuir Favorit isteach, níorbh fhéidir teacht ar chinneadh réasúnta cruinn lena fháil amach an raibh Favorit ag athdhíol an tsraithadhmaid beithe a cheannaigh sé sa Rúis le margadh an Aontais.

(93)

Mheas an Coimisiún tosca eile chomh maith, amhail easpa trádstórais ar leith, nó spásanna atá idirdhealaithe go soiléir agus/nó lipéadú an táirge chríochnaithe, i gcás sraithadhmad beithe féintáirgthe agus ceannaithe, agus toisc nach raibh lipéid ar bith ar shraithadhmad beithe atá ceaptha don mhargadh intíre, agus nach raibh taifid infhíoraithe ar ghluaiseacht stoic ina stórais. Cheannaigh an chuideachta an chuid is mó de shraithadhmad beithe na Rúise trí thrádálaithe intíre agus dá bhrí sin, níorbh fhéidir a mhéid a shuí go hiontaofa ós rud é nár taifeadadh na ceannacháin sin in aon doiciméad oifigiúil. Rinneadh athdhíolacháin trí thrí thrádálaí, dhá thrádálaí sa Chasacstáin, agus ceann lasmuigh den Chasacstáin. Líomhnaíodh nach raibh cuntais iniúchta ag an trádálaí lasmuigh den Chasacstáin, a d’athdhíol an sraithadhmad beithe a cheannaigh sé ó Favorit leis an Aontas agus, dá bhrí sin, níorbh fhéidir an fhaisnéis maidir le méideanna agus sainiúlachtaí na dtáirgí athdhíola a fhíorú in aghaidh aon doiciméid oifigiúil. Mar gheall ar an teaglaim de na tosca sin go léir, mheas an Coimisiún gur ghá an fhaisnéis go léir a chuir Favorit ar fáil a dhiúltú.

(94)

Ar an mbonn sin, chuir seirbhísí an Choimisiúin in iúl do Favorit go bhfuil rún acu Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, agus a chuid torthaí a dhéanamh bunaithe ar ‘na fíorais atá ar fáil’ a úsáidtear don tír ina hiomláine, ar a bhfuil achoimre i Roinn 2.

(95)

Níor aontaigh Favorit leis na torthaí seo. Mheas sé nach raibh aon bhonn le hAirteagal 18(1) ná Airteagal 18(3) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, ós rud é gur chomhoibrigh sé go hiomlán leis an imscrúdú agus gur sholáthair sé na sonraí uile is gá a d’iarr an Coimisiún, agus gur léirigh sé go rathúil nár thrasloingsigh sé sraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise chuig an Aontas.

(96)

D’áitigh Favorit gur fíortháirgeoir é agus go ndearna an chuideachta a lán iarrachtaí chun an freagra ar an gceistneoir a ullmhú, rud a bhí casta toisc nach raibh ráitis airgeadais aige, agus toisc go raibh teorainneacha ag baint lena chóras cuntasaíochta.

(97)

Tar éis an nochta, d’áitigh Favorit arís gur thug an Coimisiún neamhaird ar an bhfíoras go raibh deacrachtaí aige, toisc gur chuideachta bheag a raibh líon teoranta foirne aici a bhí ann, agus go ndearna sé ceanglais a líomhnaítear a bheith neamhréadúil, amhail i gcás ráitis airgeadais iniúchta, laistigh de 37 lá tar éis an tionscnaimh.

(98)

Ina theannta sin, léirigh Favorit nár ceanglaíodh faoi reachtaíocht na Casacstáine ráitis airgeadais a bheith aige agus go raibh an Coimisiún ar an eolas faoi na deacrachtaí a bhí ag Favorit maidir lena chuntasaíocht, agus mar sin féin gur lean sé ar aghaidh leis an imscrúdú agus go ndearna sé an fíorúchán ar an láthair. D’áitigh sé, agus anailís á déanamh ar na sonraí, gur cheart don Choimisiún caighdeán oibiachtúil a chur i bhfeidhm maidir le hiontaofacht na faisnéise cuntasaíochta a shuí, agus thagair sé d’Airteagal 15 den Chomhaontú Frithdhumpála lena bhforáiltear nach mór aird ar leith a thabhairt ar comhaltaí EDT ar tíortha i mbéal forbartha iad, agus dá bhrí sin nach féidir leis an gCoimisiún IFRS ná caighdeáin dhomhanda eile a chur i bhfeidhm. Rinne sé tagairt do chás táirgeora de chuid na hAilgéire ar chuir an Coimisiún an tAirteagal seo i bhfeidhm ina leith toisc nach raibh taifid chuntasaíochta aige le haghaidh leath na tréimhse imscrúdúcháin (18).

(99)

Níor cheistigh an Coimisiún gur tháirg Favorit a shraithadhmad beithe féin freisin, ach bhí cur i bhfeidhm Airteagal 18 bunaithe ar mheascán tosca, mar a shonraítear thuas in aithrisí (90) go (93). Ba é cuspóir an fhíorúcháin ar an láthair ní hamháin iontaofacht na sonraí cuntasaíochta a fhiosrú, ach freisin faisnéis eile a fhíorú nach bhféadfaí a fhíorú ach ar an láthair, amhail, i measc nithe eile, fíortháirgeadh agus arbh nó nárbh ann dó, stoc an ábhair ionchuir, taifid a d’fhéadfadh a bheith ann ach ar fhoirm pháipéir, suíomh fisiciúil an stoic de shraithadhmad beithe, agus deighilt idir an fhéintáirgeacht agus sraithadhmad beithe a ceannaíodh sa Rúis. Chuir an Coimisiún i bhfios go láidir freisin nár chiallaigh an fíoras gur tharla an chuairt fíorúcháin go nglacfaí le sonraí. Dá bhrí sin, d’easaontaigh an Coimisiún, ós rud é nár diúltaíodh na sonraí ón tús, gur fhág sin go raibh ar an gCoimisiún glacadh leis na sonraí sin.

(100)

Thug an Coimisiún dá aire freisin nár chuir sé de cheangal ar chuideachtaí ráitis airgeadais a sholáthar mura raibh siad sin ann agus nuair nár ceanglaíodh leis an reachtaíocht náisiúnta iad sin a ullmhú, ná níor éiligh sé go gcomhlíonfadh an fhaisnéis a bhí le soláthar IFRS nó caighdeáin chuntasaíochta eile, i gcásanna nár éilíodh í le reachtaíocht náisiúnta na tíre atá i gceist. Dá bhrí sin, níorbh é an chúis a bhí le hAirteagal 18 a chur i bhfeidhm neamh-chomhlíonadh na cuntasaíochta maidir le Favorit le caighdeáin chuntasaíochta, ach ní raibh na taifid chuntasaíochta a choinnigh Favorit iontaofa agus go raibh sé dodhéanta fírinneacht na faisnéise a chuir Favorit isteach lena iarraidh ar dhíolúine a fhíorú. Mar thoradh air sin, níorbh fhéidir le Favorit a léiriú nach raibh baint aige le cleachtais imchéimnithe.

(101)

Gan dochar don phrionsabal gur cheart measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na mbeart frithdhumpála faoi threoir an dlí is infheidhme, agus ní faoi threoir an chleachtais riaracháin líomhainte roimhe seo, thug an Coimisiún dá aire freisin, i gcás tháirgeoir na hAilgéire, gur chinn sé ‘sonraí ón gcuideachta a úsáid i gcás inar measadh go raibh siad iontaofa go leor, agus a mhéid nach ndearna siad difear ábhartha don toradh’ (19). Bhí an chonclúid maidir le sonraí Favorit ag teacht salach ar staid tháirgeoir na hAilgéire — níor mheas an Coimisiún go raibh sonraí Favorit le haghaidh aon chuid den tréimhse imscrúdúcháin iontaofa go leor, agus go raibh tionchar díreach ag a bhfírinneacht ar an toradh. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh bunús le hargóint Favorit.

(102)

Mheas Favorit freisin nár sonraíodh i litir Airteagal 18 cad go díreach a ghníomhachtaigh cur i bhfeidhm Airteagal 18(1) agus Airteagal 18(3) den bhun-Rialachán. D’áitigh sé gur sholáthair sé an fhaisnéis uile a iarradh agus, dá bhrí sin, nach raibh feidhm ag Airteagal 18(1). Chomh maith leis sin, mheas sé nach bhféadfadh an Coimisiún Airteagal 18(3) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm toisc nach raibh sonraí Favorit oiriúnach ar gach slí. Ar deireadh, bhí an Coimisiún mícheart a mhéid a cuireadh Airteagal 18(1) i bhfeidhm toisc nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 18(3). Mheas sé go dtugann Airteagal 18(1) agus 18(3) aghaidh ar chásanna éagsúla agus nach bhfuil a gcur i bhfeidhm ag brath ar a chéile.

(103)

Thairis sin, d’áitigh Favorit go bhfuil rún an Choimisiúin neamhaird a dhéanamh ar shonraí Favorit ina n-iomláine contrártha go follasach le mír 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Frithdhumpála. Thagair sé don tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc in US — Hot-Rolled Steel (20), inar sonraíodh go ndírítear ar na húdaráis imscrúdúcháin, de réir mhír 3 d’Iarscríbhinn II, faisnéis a úsáid má chomhlíontar trí choinníoll, is é sin go bhfuil an fhaisnéis sin infhíoraithe, go gcuirtear isteach go hiomchuí í ionas gur féidir í a úsáid san imscrúdú gan deacrachtaí míchuí, agus go soláthraítear ar bhealach tráthúil í. Dá bhrí sin, má chomhlíontar na coinníollacha sin, níl na húdaráis imscrúdúcháin i dteideal an fhaisnéis a cuireadh isteach a dhiúltú, agus cinneadh á dhéanamh acu. D’áitigh Favorit gur comhlíonadh na coinníollacha sin sa chás seo ós rud é gur fhíoraigh an Coimisiún roinnt doiciméad a léirigh nach raibh aon imchéimniú ann. Ós rud é gur iarr an Coimisiún faisnéis a réiteach leis an gcomhardú trialach agus go ndearna Favorit agus a chuideachtaí comhlachaithe é sin, bhí sé d’oibleagáid air an fhaisnéis sin a chur san áireamh, sula ndeachaigh sé i muinín aon fhíorais a bhí ar fáil. D’athdhearbhaigh Favorit argóintí den chineál céanna tar éis an nochta.

(104)

D’athdhearbhaigh an Coimisiún go ndearnadh na cúiseanna le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm a mhionsonrú i litir Airteagal 18. Ina theannta sin, luadh an fhaisnéis a bailíodh le linn na cuairte fíorúcháin sa tuarascáil mhisin a roinneadh leis an gcuideachta tar éis na cuairte fíorúcháin. Ós rud é gur léir nach raibh an fhaisnéis a soláthraíodh infhíoraithe, mar a shonraítear in aithrisí (90) go (93) thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le hAirteagal 18(3) a úsáid (21) agus bhunaigh an Coimisiún a thorthaí ar Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán amháin, seachas ar an dá airteagal (Airteagal 18(1) agus 18(3)), mar a líomhnaíodh le Favorit.

(105)

D’áitigh Favorit freisin gur léirigh sé go leordhóthanach nach raibh imchéimniú i gceist leis, rud a d’fhéadfadh an Coimisiún a fhíorú. Gach an fhaisnéis a mheaitseáil le córas ERP na cuideachta (22), nach bhféadfadh a bheith athraithe go cúlghabhálach, dar le Favorit. Ina theannta sin, mheas sé go bhféadfadh an Coimisiún a dhearbhú ó amharc freisin go raibh an méid a luchtaíodh do mhargadh an Aontais mar an gcéanna leis an méid a chonacthas i stóras na cuideachta in Uralsk. D’athdhearbhaigh Favorit argóintí den chineál céanna tar éis an nochta.

(106)

Mheas an Coimisiún nach mór an fhaisnéis a chuir páirtithe isteach a bheith infhíoraithe, iontaofa agus inúsáidte dá bhrí sin, agus gur cheart í a chur i láthair ar bhealach gur féidir í a sheiceáil in aghaidh leabhair agus taifid iniúchta na cuideachta a chuir isteach í, nó aon doiciméad oifigiúil eile. Mar sin féin, i gcás Favorit fuarthas amach go raibh an fhaisnéis neamh-infhíoraithe, neamhiontaofa, agus neamh-inúsáidte agus nach bhféadfaí a chruthú go raibh sí cruinn. Dá bhrí sin, d’easaontaigh an Coimisiún gur léirigh Favorit nach raibh baint aige leis na cleachtais imchéimnithe agus sa mhéid nach raibh sraithadhmad beithe Rúisí á athdhíol aige leis an Aontas.

(107)

Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh cainníocht shuntasach de shraithadhmad beithe Rúiseach, arna cheannach ag Favorit, agus gurbh é an méid a bhí ann [10-40] % dá dhíolacháin agus go raibh sé gar don mhéid a d’onnmhairigh Favorit chuig an Aontas. Mar sin féin, mar a míníodh thuas, ní raibh an Coimisiún in ann cainníochtaí ná ceann scríbe sraithadhmaid beithe Rúisigh a dheimhniú mar gheall ar easpa cuntais iontaofa agus infhíoraithe ina dtaifeadtar na hathdhíolacháin. D’athdhíol Favorit an sraithadhmad trí thrádálaithe sa Chasacstáin agus trádálaí lasmuigh den Chasacstáin ar mhaígh Favorit nach raibh gá le cuntais iniúchta oifigiúil ina leith. Mar a míníodh le linn na cuairte fíorúcháin, leis na bealaí díolacháin sin trí thrádálaithe bhí Favorit in ann onnmhairiú chuig an Aontas. Mar an gcéanna, ní fhéadfaí ceannacháin ionchuir Rúiseacha chun sraithadhmad a tháirgeadh agus chun sraithadhmad beithe a dhíol nuair a dhéantar é trí thrádálaithe a fhíorú in aghaidh aon doiciméid oifigiúil nó iniúchta go neamhspleách.

(108)

Dá bhrí sin, ní raibh na taifid i gcuntais Favorit iomlán agus níorbh fhéidir iad a fhíorú. Thug an Coimisiún dá aire freisin nach raibh an argóint nach bhféadfaí an córas pleanála acmhainní fiontraíochta a athrú go cúlghabhálach bunaithe ar aon fhianaise nithiúil ach go raibh ráiteas na cuideachta ann nach bhféadfaí a fhíorú. In aon chás, ní raibh an Coimisiún in ann a fhíorú go bhfuil baint ag an méid a bhí sa chóras pleanála acmhainní fiontraíochta le hiomlán idirbheart Favorit.

(109)

Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nach rabhthas in ann le haon taifead ná le haon fhianaise eile a dheimhniú, le linn chuairt an trádstórais in Zubovsk, ar áitreabh na cuideachta agus sa stóras in Uralsk, gur coinníodh ar leithligh sraithadhmad beithe a bhí ceaptha don Aontas agus sraithadhmad beithe atá ceaptha don mhargadh intíre. Tráth na cuairte, níor coimeádadh ach méid an-bheag stoic, agus níor lipéadaíodh ach cuid de. Ní raibh an chuideachta in Zubovsk, ná sa stóras in Uralsk, in ann taifid a thaispeáint le haghaidh gluaiseachtaí stoic a rianaíonn tionscnamh agus ceann scríbe an tsraithadhmaid beithe. Os a choinne sin, in Zubovsk, áitíodh go raibh an t-eolas ag an bhfostaí (an t-aon fhostaí) a bhí ag obair sa stóras ar an sraithadhmad beithe a bhí le luchtú, dá bhrí sin ní raibh gá le taifid ná lipéadú ar an sraithadhmad beithe a bhí réidh le díol. In Uralsk, cé gur roinneadh an trádstóras le cuideachtaí eile, líomhnaítear nár coimeádadh aon taifead ach an oiread. Dá bhrí sin, d’easaontaigh an Coimisiún le hargóint Favorit gur fianaise é gur chomhionann pacáistí a raibh lipéad orthu lenar tugadh le fios go raibh siad le haghaidh an Aontais agus na pacáistí sin a d’fhéadfadh an Coimisiún a fheiceáil ag an stóras in Uralsk ar fianaise é gurbh é Favorit a tháirg an sraithadhmad a díoladh le margadh an Aontais. Os a choinne sin, ós rud é go líomhnaítear nár coimeádadh aon taifead i gceachtar stóras, agus nach raibh spás ar leith ann chun sraithadhmad Favorit agus sraithadhmad Rúiseach a tháirgeadh, níorbh fhéidir leis an gcuideachta a léiriú gurbh é a táirgeadh féin amháin an méid a onnmhairíodh chuig an Aontas.

(110)

D’áitigh Favorit freisin nach raibh ach sraith amháin cuntas aige a eisítear chun na gcríoch uile, lena n-áirítear chun críche cuntasaíochta cánach. D’áitigh sé gur taifeadadh na ceannacháin go léir i gcóras cuntasaíochta Favorit agus gur tuairiscíodh iad sa chuntasaíocht chánach. Thairis sin, d’áitigh Favorit nach raibh na heasnaimh ina chuntasaíocht maidir le hiontaofacht agus le hinfhíoraitheacht na sonraí ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar a iarraidh ar dhíolúine. D’áitigh Favorit gur cheart, de réir na Cúirte Breithiúnais in Maxcom (23), iarrataí ar dhíolúine a dheonú má thacaíonn fianaise leo agus má léiríonn an fhianaise sin nach raibh onnmhaireoirí a chuireann iarraidh isteach páirteach i gcleachtais imchéimnithe. D’áitigh sé nár chuir an Chúirt Bhreithiúnais teorainn le coincheap na fianaise a bhí le cur isteach chun an caighdeán dlíthiúil ábhartha a chomhlíonadh do chineál ar leith. Go háirithe, níor ceanglaíodh, dar leis, ar na hiarratasóirí ráitis airgeadais, ráitis airgeadais iniúchta, ‘cuntais oifigiúla’ a bheith acu agus gur leor aon fhianaise i bprionsabal.

(111)

D’easaontaigh an Coimisiún nár coimeádadh ach sraith amháin cuntas. Os a choinne sin, ní raibh cuntais Favorit a úsáidtear le haghaidh cuntasaíocht chánach iomlán. Ós rud é gur cheart ceannach agus athdhíol sraithadhmaid beithe na Rúise a áireamh sna cuntais de ghnáth, d’easaontaigh an Coimisiún nach raibh a n-iontaofacht ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar a iarraidh ar dhíolúine. Mheabhraigh an Coimisiún go raibh a chonclúid maidir le hAirteagal 18 a chur i bhfeidhm bunaithe ar roinnt tosca, a shonraítear in aithrisí (90) go (93) agus ní ar phíosa amháin d’fhianaise shonrach. Dá bhrí sin, dhiúltaigh sé don mhaíomh nach raibh na heasnaimh ina chuntasaíocht ábhartha.

(112)

D’áitigh Favorit freisin go raibh gá leis an gceistneoir agus leis an litir réamhfhíorúcháin chun gach réiteach a dhéanamh leis an gcomhardú trialach agus le taifid leictreonacha, rud a rinne Favorit. Mheas sé nach ndearna an Coimisiún ‘mionsonrú ’ go raibh Favorit ceaptha na sonraí, ina theannta sin, a cheangal le roinnt ‘cuntais oifigiúla’. D’áitigh sé freisin nár chuir an Coimisiún an chaoi a raibh an fhaisnéis sin le struchtúrú in iúl ach oiread. Dar leis, níor chuir an Coimisiún san áireamh, dá bhrí sin, fíordheacrachtaí a bhí ag Favorit (amhail easpa ráitis airgeadais) agus a chuir sé in iúl don Choimisiún. De réir a thuairime, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún locht a fháil ansin ar Favorit maidir leis an easpa comhair a líomhnaíodh.

(113)

D’easaontaigh an Coimisiún leis sin. Shonraigh sé go mion an fhaisnéis a bhí ag teastáil uaidh agus an bealach ar cheart an fhaisnéis sin a struchtúrú sa cheistneoir. Bhí sé i gcomhréir freisin lena chleachtas caighdeánach chun fírinneacht na faisnéise a fhíorú trína cros-seiceáil le cuntais oifigiúla, dearbhuithe cánach, nó taifid a choimeádtar sa mhonarcha, i measc nithe eile. Mar sin féin, ní fhéadfadh Favorit réiteach a sholáthar le haon doiciméad oifigiúil ná le haon doiciméad a ndearnadh iniúchadh neamhspleách air. D’athdhearbhaigh an Coimisiún freisin nárbh é an chúis a bhí le hAirteagal 18 a chur i bhfeidhm gur dhiúltaigh Favorit aon fhaisnéis a iarradh a sholáthar, ach de bharr na bhfíoras a mhínítear go mion in aithrisí (90) go (93). Dhiúltaigh an Coimisiún, dá bhrí sin, don mhaíomh.

(114)

D’áitigh Favorit, le linn na cuairte fíorúcháin, go ndearna sé réiteach ar an ioncam ina mhodúl cuntasaíochta cánach le hioncam i ndearbhuithe CBL agus gur réitigh sé ioncam leis an modúl bainistíochta agus cuntasaíochta cánach freisin. Léirigh an réiteach sin gur tháinig an dá thacar sonraí ó na cuntais chéanna agus, dá bhrí sin, go raibh siad iontaofa, cruinn agus infhíoraithe. Dá bhrí sin, bhí litir Airteagal 18 mícheart agus neamhréasúnach trína líomhain go raibh aon saincheist ann maidir leis an athmhuintearas agus go raibh sé contrártha freisin le mír 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Frithdhumpála.

(115)

Thug an Coimisiún dá aire nach raibh ach cuid de na cuntais a réitigh le doiciméid oifigiúla agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh sé gurbh fhianaise é gur thuairiscigh an chuideachta an chuid eile den fhaisnéis i gceart. D’easaontaigh an Coimisiún, dá bhrí sin, toisc gurbh ionann cuid den oibríocht agus na cuntais oifigiúla, gur ghá glacadh le sonraí. Mar a míníodh thuas, ós rud é nach bhféadfaí na sonraí go léir a réiteach, cuireadh amhras san fhaisnéis go léir a chuir Favorit isteach. Dhiúltaigh sé, dá bhrí sin, don mhaíomh.

(116)

D’áitigh Favorit freisin nár mhínigh litir Airteagal 18 cé na fíorais a bhí ar fáil a bhí sé beartaithe aige a chur i bhfeidhm agus an raibh na fíorais sin a bhí ar fáil bunaithe ar shonraí Favorit nó aon rud eile. Níor léirigh aon ní ar an taifead go raibh baint ag Favorit le cleachtais trasloingsithe nó le cleachtais imchéimnithe eile. Fiú dá mbeadh Airteagal 18(1) infheidhme, is iad na sonraí a chuir Favorit ar fáil an t-aon fhíoras a d’fhéadfadh teacht in ionad na faisnéise atá in easnamh go réasúnta. Bhí eachtarshuíomh torthaí imchéimnithe ar fud na tíre chuig Favorit míréasúnta, dar leis, ós rud é go mbeadh sé d’aidhm go soiléir ag roghnú fíoras den sórt sin pionós a ghearradh ar pháirtí neamh-chomhoibríoch, rud nach raibh i gceist le Favorit.

(117)

Measadh freisin go raibh aon iarracht chun tátail dhíobhálacha a bhaint as an neamh-chomhoibriú líomhainte neamhdhleathach faoi Airteagal 6.8 den Chomhaontú Frithdhumpála, chomh maith le hAirteagal 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha. D’áitigh sé, i gcomhréir leis an rialú i Meicsiceo-Bearta Frithdhumpála maidir le Rís, agus leis an Tuarascáil ón bPainéal, China-GOES, nach mór don Choimisiún an‘fhaisnéis is fearr atá ar fáil’ a aimsiú nach mór di a bheith ceart ná úsáideach per se ach ‘an ceann is oiriúnaí’ nó ‘is iomchuí’, agus nach dtugann an neamh-chomhoibriú údar le hiarmhairtí díobhálacha a tharraingt (24). Rinne Favorit argóint chéanna arís tar éis an nochta.

(118)

D’athdhearbhaigh an Coimisiún nach bhféadfaí sonraí Favorit a úsáid mar bhonn dá thorthaí. Mar a míníodh thuas, ní raibh na sonraí a sholáthair an chuideachta infhíoraithe agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaí iad a úsáid fiú faoi Airteagal 18(3) den bhun-Rialachán. Mar atá deimhnithe ag an gCúirt Bhreithiúnais, is faoi gach táirgeoir-onnmhaireoir ar leith atá sé a léiriú go dtugann a chás ar leith údar le díolúine de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán. (25) Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár léirigh Favorit gur fíortháirgeoir é nach raibh baint aige le gníomhaíochtaí imchéimnithe. Sna himthosca sin, i gcomhréir leis an gcleachtas a bhí aige roimhe seo, ní raibh aon rogha ag an gCoimisiún ach an chonclúid a bhunú ar thorthaí imchéimnithe ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, foráiltear le hAirteagal 18(6) den bhun-Rialachán, i gcás nár chomhoibrigh páirtí ach i bpáirt ná go hiomlán, ‘go bhféadfadh an toradh a bheith níos diúltaí ... ná mar a bheadh sé dá gcomhoibreodh sé’. Dá réir sin, bíodh nach mbeadh cur i bhfeidhm na dtorthaí ar fud na tíre ar Favorit chomh fabhrach céanna do Favorit, ní raibh sé d’aidhm pionós a ghearradh ar Favorit ach ba é an t-aon rogha agus é mar thoradh air nach bhféadfaí a chuid sonraí a úsáid.

(119)

D’áitigh sé freisin gur sholáthair sé ráiteas brabúis agus caillteanais na dtrádálaithe sa Chasacstáin trínar onnmhairigh sé agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh an Coimisiún fíorúchán agus réiteach iomlán a dhéanamh. Chomh maith leis sin, d’áitigh sé nach raibh aon oibleagáid ar na trádálaithe sin cuntais iniúchta a sholáthar. Chuir Favorit in iúl freisin go raibh an Coimisiún mícheart nuair a mheas sé nár thug sé ráiteas brabúis agus caillteanais an trádálaí lasmuigh den Chasacstáin. D’athdhearbhaigh sé freisin nach raibh sé de cheangal ar an trádálaí lasmuigh den Chasacstáin cuntais iniúchta a bheith aige.

(120)

Thug an Coimisiún dá aire nach raibh i ráitis bhrabúis agus chaillteanais na dtrádálaithe ach cuid de ghnó Favorit agus, dá bhrí sin, níorbh fhianaise iad na ráitis sin go raibh na sonraí uile a sholáthair Favorit ceart. Ar an gcaoi chéanna, níor cuireadh isteach i gcuntais an trádálaí lasmuigh den Chasacstáin ach cuid de dhíolacháin Favorit agus ní fhéadfaí iad a úsáid chun fírinneacht na gcuntas Favorit a shuí. Dhiúltaigh sé, dá bhrí sin, don mhaíomh.

(121)

D’áitigh Favorit freisin, ar bhonn chleachtas comhsheasmhach an Choimisiúin, nach ndearnadh cinneadh gurbh ann d’imchéimniú trí mhainneachtain ná nár tugadh neamhaird go hiomlán ar na sonraí a cuireadh isteach de dheasca neamh-chomhoibriú leis an bhfrith-imchéimniú. Thagair sé don imscrúdú a bhain le Glass Fiber Fabric ó Mharacó inar cinneadh táirgeoir a bheith neamh-chomhoibríoch bunaithe ar sheacht gceist, ach ghlac an Coimisiún lena shonraí (26), agus d’imscrúdú ar Cúmairín ón India (27), áit ar chuir cuideachta an Coimisiún ar míthreoir maidir lena chleamhnacht lena cuideachtaí trádála ach nár cuireadh Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm ina leith. Dá bhrí sin, mheas sé gur sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe é an rún a bhí ag an gCoimisiún na fíorais a bhí ar fáil a chur i bhfeidhm agus go raibh sé ar intinn aige diúltú dá shonraí, ar prionsabal é a chuireann d’oibleagáid air déileáil le cásanna comhchosúla ar an mbealach céanna. D’áitigh Favorit freisin go raibh a staid cosúil leis an staid a bhí i gceist i mbreithiúnas Maxcom agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaí aon chinneadh maidir le himchéimniú ag Favorit a shuí trí thagairt a dhéanamh don imchéimniú ar fud na tíre. Mheas Favorit gur chuir sé fianaise ar fáil nach ndeachaigh sé timpeall ar na bearta agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh an Coimisiún na torthaí ar fud na tíre a chur i bhfeidhm ar a chás.

(122)

Thug an Coimisiún dá aire go ndéantar torthaí ar bhonn cás ar chás, agus sa chás seo, mar a míníodh go cuimsitheach thuas, tugadh aird chuí ar cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí an tacar sonraí ar fad a úsáid nó nach bhféadfaí ach faisnéis shonrach a úsáid, i dtaobh an raibh tionchar suntasach ag an bhfaisnéis a bhí in easnamh ar thoradh an imscrúdaithe, agus i dtaobh an bhféadfadh an Coimisiún toradh réasúnta a fháil gan an fhaisnéis sin. Ina theannta sin, bhí fíorais na gcásanna a luaigh Favorit go hiomlán difriúil ar go leor bealaí. Go háirithe, sna cásanna eile, bhí samhail ghnó na gcuideachtaí lena mbaineann difriúil agus ní raibh aon saincheist ann maidir le heasnamh ráitis airgeadais iniúchta. Dá bhrí sin, níor aontaigh an Coimisiún, toisc nár diúltaíodh na sonraí go hiomlán sna cásanna thuas, gur ghá an cur chuige céanna a ghlacadh ag an gcás faoi chaibidil. Chinn sé dá bhrí sin nach raibh bunús leis an maíomh. Chomh maith leis sin, d’easaontaigh an Coimisiún go raibh fianaise fhíoraithe ann nach ndeachaigh Favorit timpeall ar na bearta — in éagmais sonraí iontaofa infhíoraithe ní raibh an chuideachta in ann a léiriú nach ann do chleachtais imchéimnithe.

(123)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur ghá na torthaí maidir le Favorit a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán agus nár léirigh Favorit gur táirgeoir é nach raibh baint aige le gníomhaíochtaí imchéimnithe de réir bhrí Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún dá iarraidh ar dhíolúine.

(124)

Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh Favorit na maímh chéanna. D’athdhearbhaigh sé gur léirigh sé nár thrasloingsigh sé sraithadhmad beithe na Rúise, agus gur ghníomhaigh an Coimisiún de shárú ar an gComhaontú Frithdhumpála agus ar an mbun-Rialachán. D’áitigh sé den chuid is mó go raibh cuntasaíocht iontaofa aige, go raibh an fhaisnéis a chuir sé isteach infhíoraithe, gur léir go ndearna a stoic idirdhealú idir a tháirgeacht féin agus táirgeacht tríú páirtithe, agus nach raibh ach aon sraith cuntas amháin aici. D’áitigh sé an athuair go ndearna an Coimisiún an fhaisnéis uile a fhíorú.

(125)

D’áitigh Favoirt thairis sin nár chuir an Coimisiún san áireamh na deacrachtaí a bhí aige mar chuideachta bheag atá suite i dtír i mbéal forbartha. D’athdhearbhaigh sé freisin go raibh éifeacht dhíobhálach ag úsáid na bhfíoras a bhí ar fáil ar Cheart, de shárú ar Airteagal 6.8 den Chomhaontú Frithdhumpála.

(126)

Mheas an Coimisiún gur tugadh aghaidh cheana féin in aithrisí (91) go (122) ar na hargóintí uile a d’ardaigh Favorit. Ós rud é nár cuireadh aon bharúlacha nua substainteacha i láthair, deimhníodh an chonclúid in aithris (123).

4.1.2.   Torthaí maidir le Semipalatinsk

(127)

Sa fhreagra ar an gceistneoir, thuairiscigh Semipalatinsk go raibh gach ábhar ionchuir adhmaid brúite nach ábhar Rúiseach é. Le linn na cuairte fíorúcháin, áfach, fuair an Coimisiún amach gur ón Rúis a tháinig an t-adhmad brúite ó sholáthróir amháin agus nárbh fhéidir an tionscnamh a shuí i gcás na gceannachán a rinneadh ón soláthróir is mó a bhí ag Semipalatinsk. Bhí gá leis an bhfaisnéis sin chun a shuí, bunaithe ar Airteagal 13 den bhun-Rialachán, cén céatadán a bhí in ábhar ionchuir de thionscnamh na Rúise i dtáirgeadh sraithadhmaid beithe agus, dá bhrí sin, riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas ar dhíolúine.

(128)

Ina theannta sin, ní fhéadfadh seirbhísí an Choimisiúin costais saothair a shuí chun an breisluach a ríomh mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán toisc nár chuir Semipalatinsk na fostaithe go léir sa tábla maidir le costas monaraíochta mar gur íocadh iad in airgead tirim i.e. níl sé ann sna cuntais oifigiúla.

(129)

Thairis sin, níor thug Semipalatinsk freagraí iomlána ar an gceistneoir dá chuideachtaí comhlachaithe RKD LLP agus RKD Laitvia go tráthúil. Iarradh freagraí na gcuideachtaí comhlachaithe sin ar an gceistneoir a chur isteach sa cheistneoir agus sna litreacha easnaimh ina dhiaidh sin chomh maith le ríomhphost an 27 Samhain 2023, roimh an gcuairt fíorúcháin. Le linn na cuairte fíorúcháin, níor chuir Semipalatinsk ach sonraí páirteacha isteach le haghaidh RKD LLP agus cuireadh roinnt sonraí páirteacha isteach i gcás RKD Laitvia tar éis na cuairte fíorúcháin. Sa dá chás, chuir an tíolacadh neamhthráthúil sonraí maidir lena chuideachtaí comhlachaithe cosc ar oifigigh an Choimisiúin fíorúchán iomlán agus iomchuí a dhéanamh ar an láthair.

(130)

Sa bhreis ar an méid thuas, ar an lá deireanach den chuairt fíorúcháin, ní raibh oifigigh an Choimisiúin in ann na seiceálacha críochnaitheacha a dhéanamh, teagmhálacha le soláthróirí, le custaiméirí agus le cuideachtaí comhlachaithe a fhíorú, cuir i gcás.

(131)

Cé gur iarradh é, níor thug Semipalatinsk forléargas cuimsitheach do sheirbhísí an Choimisiúin ar na teachtaireachtaí lena phríomhsholáthróir. Níor nochtadh cuntas ríomhphoist sonrach a úsáideadh le haghaidh cumarsáide le soláthróirí agus custaiméirí Semipalatinsk le linn na cuairte fíorúcháin. Mar sin féin, d’aimsigh oifigigh an Choimisiúin teachtaireachtaí a chaitheann amhras ar iontaofacht mhaímh Semipalatinsk faoina naisc agus faoina chaidrimh thráchtála.

(132)

Léirigh an t-imscrúdú go raibh trádstórais RKD LLP agus Semipalatinsk san áitreabh céanna. De láimh a cuireadh na lipéid ar na táirgí, agus ní raibh faisnéis aitheantais baisce ná QR/barrachód ar na lipéid a d’fhágfadh go bhféadfaí an táirge a rianú siar go dtí an táirgeadh. Thairis sin, in aice le stóras Semipalatinsk bhí stórais agus spás stórála seachtrach le haghaidh sraithadhmad beithe na Rúise a cheannaigh RKD LLP lena n-athdhíol. Dá bhrí sin, ní raibh oifigigh an Choimisiúin in ann an dearbhú is gá a fháil maidir le gníomhaíochtaí RKD LLP i ngluaiseacht sraithadhmaid beithe Rúisí a thrádáiltear. Chomh maith leis sin, i stóras eile ní raibh an Coimisiún in ann gluaiseachtaí na n-earraí a fhíorú ós rud é nach raibh aon doiciméad tacaíochta ná córais TF i bhfeidhm ar an láthair.

(133)

Le linn na cuairte fíorúcháin, mhínigh Semipalatinsk nach bhfuil a dhóthain adhmaid beithe ag an gCasacstáin chun táirgeadh sraithadhmaid beithe uile-Chasacstánach a dhéanamh ar bhonn fónta eacnamaíoch. Dá bhrí sin, bhí Semipalatinsk ag ceannach ‘adhmad brúite i bhfoirm leac’ Rúiseach mar ábhair ionchuir agus á chur isteach mar veinírí beithe féin-táirgthe ciseal uachtair ó lomáin Chasacstánacha. Ba é an t-ábhar ionchuir seo an príomhábhar ionchuir le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, ní raibh an Coimisiún in ann aon stoc den ábhar ionchuir sin a rianú. Mhaígh Semipalatinsk nach raibh aon ordú nua ann le linn na gcuairteanna fíorúcháin agus, dá bhrí sin, nach raibh aon stoc de na hábhair ionchuir sna trádstórais. Mar sin féin, tháinig sé sin salach ar ráitis Semipalatinsk maidir le tábhacht an ábhair ionchuir shonraigh ina shamhail ghnó.

(134)

Ar bhonn an mhéid thuas, chuir an Coimisiún Semipalatinsk ar an eolas go raibh sé ar intinn aige Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus a thorthaí a bhunú ar na fíorais is fearr a bhí ar fáil de réir bhrí an Airteagail seo.

(135)

Mar fhreagairt ar litir Airteagal 18 Semipalatinsk, mhaígh Semipalatinsk go ndearnadh leaca adhmaid brúite a sholáthar trí sholáthróirí na Casacstáine agus nach raibh aon oibleagáid dhlíthiúil orthu doiciméadacht a sholáthar maidir leis an tionscnamh. Thairis sin, chuir Semipalatinsk i dtábhacht nár iarr an Coimisiún níos luaithe an fhaisnéis maidir le tionscnamh an ábhair ionchuir agus gurbh ionann tuilleadh próiseála a dhéanamh ar an ábhar ionchuir sin agus breisluach 47 % le costais mhonaraíochta chun an táirge deiridh a fháil.

(136)

Mhaígh Semipalatinsk gur nocht sé le linn na cuairte fíorúcháin na teagmhálacha a bhí ann le ceann dá sholáthróirí. Chomh maith leis sin, d’áitigh an chuideachta gur sholáthair táblaí an cheistneora faisnéis iontaofa agus chuimsigh siad gach fostaí lena n-áirítear iad siúd a íoctar in airgead tirim. Thairis sin, d’áitigh Semipalatinsk gur sholáthair siad faisnéis leordhóthanach faoi na cuideachtaí comhlachaithe RKD LLP agus RKD Laitvia. Ar deireadh, mhaígh Semipalatinsk go bhfuil trádstórais éagsúla ag RKD LLP agus Semipalatinsk ós rud é go bhfuil fostaithe éagsúla acu agus comhaontuithe léasa agus saoráidí lódála ar leithligh.

(137)

Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh thuas. D’iarr an Coimisiún tionscnamh na n-ábhar ionchuir sa cheistneoir agus sna litreacha easnaimh a seoladh ina dhiaidh sin. Cé go ndearna Semipalatinsk iarracht teacht ar chruthúnas ar thionscnamh an ábhair ionchuir, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún faisnéis thráthúil agus iontaofa a fháil maidir le tionscnamh don chion mór den ábhar ionchuir. Thairis sin, rinne oifigigh an Choimisiúin athríomh ar an mbreisluach a cuireadh leis na páirteanna a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, a bhí níos lú ná 1 % den chostas monaraíochta.

(138)

Dhiúltaigh an Coimisiún freisin don mhaíomh gur cuireadh in iúl dó, le linn na cuairte fíorúcháin, an cuntas ríomhphoist óna ndearnadh an chumarsáid le soláthróirí áirithe. Chuir Semipalatinsk oifigigh an Choimisiúin ar an eolas nach raibh an cuntas ríomhphoist sin ann ach amháin ag deireadh na cuairte fíorúcháin. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir na seiceálacha ba ghá a dhéanamh, anuas ar neamh-infhaighteacht foirne TF chun na fadhbanna teicniúla a tháinig chun cinn ag deireadh na cuairte fíorúcháin a réiteach.

(139)

Thairis sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh Semipalatinsk gur chuir sé ceistneoirí tráthúla agus iomlána isteach le haghaidh RKD LLP agus RKD Laitvia. Maidir leis an gcéad chuairt, chuir Semipalatinsk roinnt sonraí ilroinnte isteach le linn na cuairte fíorúcháin, agus i gcás na cuairte fíorúcháin, chuir sé roinnt sonraí ilroinnte isteach tar éis na cuairte fíorúcháin. Ní raibh sé sin tráthúil agus ní raibh sé iomlán, agus i bhfad ródhéanach chun an fhaisnéis sin a fhíorú. Ní raibh sé ábhartha go raibh páirtithe leasmhara neamhchomhlachaithe eile ag RKD Laitvia freisin, ós rud é go raibh RKD Laitvia ina chuideachta chomhlachaithe agus, dá bhrí sin, go raibh air an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil. An 27 Samhain 2023, i.e. seachtain amháin roimh thús na cuairte fíorúcháin, chuir an Coimisiún in iúl do Semipalatinsk i litir réamhfhíorúcháin, mar a thugtar uirthi, nach bhféadfadh sé faisnéis nua a chur isteach le linn na cuairte fíorúcháin. Míníodh sa litir sin freisin go bhféadfadh aon athrú ar a shonraí tuairiscithe, a chuirfí ar fáil tar éis an dáta sin, a bheith ina chúis le cur i bhfeidhm Airteagal 18. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh gur sholáthair Semipalatinsk faisnéis iontaofa maidir le costais saothair. Cé go n-aithníonn an Coimisiún go raibh gach fostaí san áireamh sna costais saothair a tuairiscíodh sa tábla ‘Iarscríbhinn 2 - Iarratas ar fhaisnéis faoi thomhaltas costais’, toisc go bhfuil cuid de bunaithe ar airgead tirim, níorbh fhéidir costais saothair a fhíorú i gcuntais airgeadais Semipalatinsk.

(140)

Ar deireadh, dhiúltaigh an Coimisiún mar mhaíomh neamhábhartha do mhaímh Semipalatinsk go bhfuil trádstórais agus fostaithe éagsúla ag an dá chuideachta. D’athdhearbhaigh an Coimisiún, cé go bhféadfadh comhaontuithe léasa, saoráidí lódála agus fostaithe ar leithligh a bheith ag trádstórais an dá chuideachta, nach bhféadfadh sé an dearbhú is gá a fháil maidir le gníomhaíochtaí RKD LLP agus sraithadhmad beithe Rúisí a thrádáiltear á ghluaiseacht acu.

(141)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár léirigh Semipalatinsk gur táirgeoir é nach raibh páirteach i ngníomhaíochtaí imchéimnithe de réir bhrí Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán, agus dá bhrí sin, gur ghá na torthaí maidir le Semipalatinsk a bheith bunaithe ar fhíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán, arbh é a bhí ann na torthaí imchéimnithe ar fud na tíre a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún dá iarraidh ar dhíolúine.

(142)

Tar éis an nochta, mhaígh Semipalatinsk go raibh a ngléasra táirgthe ag feidhmiú ó 2012, tráth sular tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála bunaidh ar allmhairí sraithadhmaid beithe ón Rúis. Mhaígh Semipalatinsk freisin gur léirigh siad ardleibhéal comhair leis an gCoimisiún le linn an imscrúdaithe, agus go raibh conclúid an Choimisiúin nach fíortháirgeoir sraithadhmaid beithe iad earráideach agus neamhfhírinneach.

(143)

Mheas an Coimisiún nach ndearna an dáta tosaigh líomhainte don táirgeadh difear do thorthaí an imscrúdaithe maidir le Semipalatinsk. Thairis sin, d’admhaigh an Coimisiún go raibh roinnt comhair ann ó fhoireann Semipalatinsk le linn an imscrúdaithe agus le linn an fhíoraithe freisin, ach níor chuir an chuideachta an fhaisnéis is gá ar fáil laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, cinneadh nár léirigh Semipalatink gur fíortháirgeoir é nach raibh páirteach sa chleachtas imchéimnithe seanbhunaithe.

(144)

I bhfianaise an mhéid thuas, mheas an Coimisiún nár chuir Semipalatinsk aon mhaíomh réasúnaithe nua isteach ina aighneacht tar éis an nochta agus gur tugadh aghaidh ar gach argóint a d’ardaigh Semipalatinsk go mion in aithrisí (135) go haithrisí (140) thuas.

(145)

Ós rud é nár cuireadh aon bharúlacha nua substainteacha i láthair, deimhníodh an chonclúid a leagtar amach in aithris (141) thuas.

4.1.3.   Torthaí maidir le Severnyi Fanernyi Kombinat LLP

(146)

Le linn na cuairte fíorúcháin ar Severnyi Fanernyi Kombinat LLP agus a chuideachtaí comhlachaithe (‘SFK’), chinn an Coimisiún nár thuairiscigh SFK a chuideachta chomhlachaithe sa Rúis. Tuairiscíodh gur soláthróir lomán neamhchomhlachaithe í an chuideachta. Dá bhrí sin, níor thug SFK freagra ar an gceistneoir don chuideachta sin. Le linn na cuairte fíorúcháin, fuair an Coimisiún amach freisin gur roghnaíodh líon áirithe idirbheart mar shampla le haghaidh fíorú mionsonraithe ina ndearna SFK míthuairisciú ar áit tionscnaimh na lomán Rúiseach (amhail is dá mba lomáin de thionscnamh na Casacstáine iad) (28). Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún gur chuir SFK bac suntasach ar an imscrúdú trí fhaisnéis bhréagach agus mhíthreorach a sholáthar. Thairis sin, agus ós rud é go raibh an fhaisnéis le húsáid chun céatadán an ábhair ionchuir a ceannaíodh sa Rúis a shuí agus chun an breisluach a ríomh, mheas an Coimisiún nach bhféadfadh sé sonraí SFK a úsáid chun a shuí nach raibh baint aige le cleachtais imchéimnithe. Ar an mbonn sin, chuir seirbhísí an Choimisiúin in iúl do SFK go raibh sé beartaithe aige neamhaird a thabhairt ar a chuid sonraí agus Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(147)

Níor aontaigh SFK. D’áitigh sé gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an móriarracht fhoriomlán a rinne SFK i dtéarmaí comhair, gur fostóir mór é ina réigiún agus gur i dtír i mbéal forbartha a bhí sé ag feidhmiú. Tharraing SFK aird freisin ar a iarrachtaí chun freagra mionsonraithe ar an gceistneoir a ullmhú, d’ainneoin a lín foirne theoranta agus gan aon ráiteas airgeadais iniúchta, agus thagair sé don fhaisnéis agus do na réitigh uile a chuir sé ar fáil. Chomh maith leis sin, d’áitigh SFK go ndearna an Coimisiún áibhéil mhór trína líomhain gur sholáthair SFK faisnéis bhréagach nó mhíthreorach agus gur chuir sé bac suntasach ar an imscrúdú mar gheall ar neamhnochtadh an chaidrimh lena chuideachta chomhlachaithe sa Rúis agus ar an mídhearbhú tionscnaimh le haghaidh ceann de na hidirbhearta sampláilte. Mheas sé go raibh an Coimisiún mícheart ó thaobh dlí agus fíoras de, gur sháraigh sé oibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh, go raibh sé idirdhealaitheach agus gur thug sé neamhaird ar an obair chrua a rinne baill foirne an SFK Group. Mheas SFK freisin gur léirigh sé le linn na réiteach éagsúil, agus mar a d’fhíoraigh an Coimisiún le linn an fhíorúcháin ar an láthair, nach raibh baint aige le haon chleachtas imchéimnithe.

(148)

Mheas SFK gur léir go raibh sé contrártha le hAirteagal 6.8 go raibh sé de rún ag an gCoimisiún neamhaird a thabhairt ar shonraí SFK ina n-iomláine. agus mír 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Frithdhumpála. Thagair sé don tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc in SAM — Cruach Theorollta (29), inar sonraíodh go n-ordaítear do na húdaráis imscrúdúcháin, de réir mhír 3 d’Iarscríbhinn II, faisnéis a úsáid má chomhlíontar trí choinníoll, is é sin go bhfuil an fhaisnéis sin infhíoraithe, go gcuirtear isteach go hiomchuí í ionas gur féidir í a úsáid san imscrúdú gan deacrachtaí míchuí, agus go soláthraítear ar bhealach tráthúil í. D’áitigh sé, dá gcomhlíonfaí na coinníollacha sin, nach raibh na húdaráis imscrúdúcháin i dteideal diúltú d’fhaisnéis a cuireadh isteach, agus cinneadh á dhéanamh acu. Ina thuairim, comhlíonadh na coinníollacha sin san imscrúdú seo ós rud é gur fhíoraigh an Coimisiún gach doiciméad a cuireadh isteach go tráthúil, rud a léiríonn nach ndearnadh aon imchéimniú. Mheas SFK go ndearna an Coimisiún a anailís ar na sonraí a chuir SFK isteach in ord mícheart, agus thagair sé do Dhleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh SAM (An Chóiré) (30). Bheadh an t-ord ceart ag breithniú na faisnéise go léir ar dtús mar fhreagairt dhíreach don Choimisiún, agus ós rud é gur chomhlíon an fhaisnéis a soláthraíodh na critéir faoi mhír 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Frithdhumpála, bhí an fhaisnéis go léir ba ghá ag an gCoimisiún dá bhrí sin chun glacadh leis an iarraidh ar dhíolúine ó SFK.

(149)

D’easaontaigh an Coimisiún leis sin. Murab ionann agus líomhaintí SFK, mheas sé gur chuir neamhthuairisciú cuideachta comhlachaithe sa Rúis agus míthuairisciú áit tionscnaimh na lomán ceannaithe bac tromchúiseach ar an imscrúdú. Le linn na tréimhse tuairiscithe, cheannaigh SFK lomáin beithe, veinír, roisín, agus sraithadhmad beithe Rúisí. Sna himthosca sin, bhí ar an gCoimisiún céatadán beacht an ábhair ionchuir ón Rúis a chinneadh chun a shuí an ionann na codanna Rúiseacha agus 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge tar éis a chóimeáilte agus an raibh breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach níos mó ná 25 % den chostas monaraíochta. Dá bhrí sin, bhí tionchar díreach ag an bhfaisnéis maidir le luach agus tionscnamh an ábhair ionchuir ar mheasúnú na hiarrata ar dhíolúine. Toisc nárbh fhéidir freagra na cuideachta comhlachaithe Rúisí ar an gceistneoir a fhíorú, agus toisc gur léirigh cuntais SFK leis an gcuideachta chomhlachaithe idirbhearta airgeadais thar na ceannacháin lomán (a mhínigh an chuideachta mar ‘réamhíocaíochtaí’), ní fhéadfadh an Coimisiún cainníochtaí agus luachanna na lomán a fhíorú, agus dá gceannófaí ábhar ionchuir eile nó an táirge lena mbaineann. Ós rud é nár cuireadh freagra na cuideachta comhlachaithe ar an gceistneoir isteach nuair a iarradh é ag tús an imscrúdaithe ach nár cuireadh isteach é ach ag deireadh na cuairte fíorúcháin, mheas an Coimisiún nárbh fhéidir an fhaisnéis maidir leis na sreafaí airgeadais agus earraí idir SFK agus a chuideachta chomhlachaithe Rúiseach a fhíorú. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí a áitiú gur cuireadh isteach go hiomchuí í, ar bhonn tráthúil, agus go raibh an fhaisnéis infhíoraithe. Dá bhrí sin, níor comhlíonadh na coinníollacha faoi mhír 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Frithdhumpála.

(150)

Ina theannta sin, mheas SFK nach bhféadfadh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis uile a chuir SFK ar fáil. Thagair sé d’Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán ina sonraítear an méid seo a leanas: ‘i gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin agus úsáidfear na fíorais atá ar fáil’. Ar an mbonn sin, mheas sé go bhféadfadh an Coimisiún dul ar aghaidh lena imscrúdú trína fhorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm ina leith sin agus, dá bhrí sin, trí dhéileáil leis an gcuideachta Rúiseach mar chuideachta chomhlachaithe, agus caitheamh leis na lomáin a dearbhaíodh go mícheart a bheith ón Rúis. D’áitigh sé nach raibh aon tionchar ag na fíorais sin a bhí ar fáil, áfach, ar na sonraí a chuir SFK isteach ar shlí eile le linn an imscrúdaithe, rud a léirigh nach raibh aon chleachtas imchéimnithe ann. Ina theannta sin, mheas SFK nach raibh gá ag an gCoimisiún leis an tír óna dtagann páirteanna chun an breisluach a ríomh. Mheas sé nach raibh sé tábhachtach cibé acu a bhí nó nach raibh an soláthróir comhlachaithe, ós rud é, fiú dá mba ghá praghsanna aistrithe ar ionchur a choigeartú, go ndéanfadh sé an difear céanna do chostas iomlán na monaraíochta, sa chaoi is go bhfanfadh an breisluach mar an gcéanna. Dá bhrí sin, bhí litir Airteagal 18 bunaithe ar earráid fhollasach mheasúnaithe agus contrártha le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán.

(151)

D’easaontaigh an Coimisiún, sa chás i dtrácht, mar gheall air gur sholáthraíodh faisnéis bhréagach agus mhíthreorach, ba cheart caitheamh leis an gcuideachta Rúiseach mar chuideachta chomhlachaithe, agus caitheamh leis na lomáin ó idirbheart samplach a dearbhaíodh go mícheart a bheith ag teacht ón Rúis. Leis an bhfaisnéis bhréagach faoi na lomáin agus ós rud é nach bhféadfadh an Coimisiún an soláthróir comhlachaithe a bhaineann leis an Rúis a fhíorú, bhí an tacar sonraí iomlán de SFK neamhiontaofa. Dhearbhaigh SFK gur cheannaigh sé idir [6-10 %] ón soláthróir comhlachaithe Rúiseach. Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún cainníochtaí na lomán a fhíorú ná a fhíorú nár cheannaigh SFK ach lomáin ón gcuideachta seachas ón táirge lena mbaineann go díreach. Thug an Coimisiún dá aire go raibh fiachas gan íoc ag SFK, ag deireadh 2023, don chuideachta Rúiseach, arbh a bhí ann leath an láimhdeachais a bhí aige leis an gcuideachta sin. Chomh maith leis sin, cheannaigh SFK le linn na tréimhse tuairiscithe, táirge lena mbaineann ón Rúis, táirge a dearbhaíodh don Choimisiún ar dtús mar ‘earraí neamhchríochnaithe’. Dá bhrí sin, ós rud é nár chuir SFK an freagra ar an gceistneoir ar fáil don Choimisiún, rinne sé difear díreach do thoradh an imscrúdaithe.

(152)

Thairis sin, bhí céatadán beacht an ábhair ionchuir laistigh de na costais mhonaraíochta ábhartha ní hamháin chun céatadán an ábhair ionchuir ón Rúis a shuí (an tástáil 60 %) ach cuireadh i bhfeidhm é freisin maidir leis an mbreisluach (an tástáil 25 %). Tá líomhaintí SFK go mbeadh an breisluach céanna ann fiú mura raibh 100 % den ábhar ionchuir ón Rúis, dá bhrí sin, mícheart.

(153)

Thairis sin, chuir SFK in iúl, fiú má ghlactar leis go bhféadfaí a mheas nach raibh comhar SFK leis an imscrúdú chomh maith agus a d’fhéadfadh sé a bheith, go raibh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún Airteagal 18(3) den bhun-Rialachán a chomhlíonadh, á rá ‘Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis a thíolacann páirtí leasmhar oiriúnach ar gach bealach, níor cheart neamhaird a thabhairt uirthi mar sin féin, ar choinníoll nach bhfuil na heasnaimh tromchúiseach a ndóthain le deacracht mhíchuí a chruthú i dteacht ar thoradh a bheadh réasúnta cruinn, go gcuirtear an fhaisnéis chuí isteach in am trátha agus gur féidir í a fhíorú, agus go ndearna an páirtí a dhícheall na coinníollacha a chomhlíonadh’. Mheas SFK nach raibh an dá phointe a d’ardaigh an Coimisiún maidir le cruinneas na faisnéise maidir le struchtúr corparáideach agus tionscnamh na lomán de chineál a chruthódh deacracht mhíchuí teacht ar thorthaí atá réasúnta cruinn maidir leis an easpa imchéimnithe trí bhíthin oibríochtaí trasloingsithe nó oibríochtaí cóimeála/críochnaithe. Dá bhrí sin, d’áitigh SFK gur cuireadh an fhaisnéis isteach in am trátha, gur fíoraíodh agus gur léiríodh cumas SFK comhoibriú, agus dá bhrí sin níor cheart neamhaird a dhéanamh uirthi.

(154)

D’athdhearbhaigh an Coimisiún gur shaincheisteanna iad an fhaisnéis a dearbhaíodh go mícheart agus ceistneoir na cuideachta comhlachaithe a bhaineann leis an Rúis nár cuireadh isteach sular tugadh an chuairt fíorúcháin a chuir cosc suntasach ar an gCoimisiún teacht ar thoradh réasúnta cruinn. Bhí tionchar tromchúiseach ag an mídhearbhú ar an imscrúdú agus, mar thoradh air sin, níorbh fhéidir sonraí SFK a úsáid. Dhiúltaigh an Coimisiún, dá bhrí sin, don mhaíomh.

(155)

D’áitigh SFK gurbh é SFK a nocht don Choimisiún den chéad uair gur ann do chleamhnacht leis an gcuideachta chomhlachaithe Rúiseach, agus nárbh é an Coimisiún a thug an fíoras sin ar aghaidh. D’áitigh sé nár thug aon ní ar na taifid le fios go raibh an Coimisiún ar an eolas gur cleamhnaí í an chuideachta chomhlachaithe Rúiseach, agus mar a thuairiscítear sa tuarascáil mhisin, d’iarr an Coimisiún ar SFK an raibh cleamhnaithe aige sa Rúis. Agus mhínigh SFK go raibh cleamhnaí aige sa Rúis a cheannaigh lomáin agus a sholáthair iad do SFK. Rinne SFK an argóint chéanna arís tar éis an nochta. Mheas sé gur bhain an Coimisiún míthuiscint as na fíorais. D’athdhearbhaigh SFK gurbh é an chéad chuideachta a thug an fhaisnéis faoin gcuideachta Rúiseach, a sholáthair an fhaisnéis faoin gcuideachta chomhlachaithe, agus nár shéan sé gur ann di.

(156)

De réir SFK, ba bhotún é a líomhnaítear a bheith intuigthe gur luaigh an t-úinéir gur chuideachta dhíomhaoin í an chuideachta Rúiseach agus nár cheannaigh SFK lomáin ó bhí 2020 ann, ós rud é nárbh eisean a d’ullmhaigh na táblaí, agus nach raibh a fhios ag an duine a d’ullmhaigh na táblaí faoin ngaol, agus ós rud é freisin gurbh ionann ceannacháin na lomán ón gcuideachta Rúiseach le linn na tréimhse tuairiscithe agus idir [6-10 %] amháin d’iomlán cheannachán na lomán. D’áitigh SFK nach raibh a dhóthain foirne aige agus gur ghníomhaigh an fhoireann go léir chomh maith is a bhí ar a gcumas, agus nach bhféadfaí, go bunúsach, botún cléireachais a aicmiú mar fhaisnéis bhréagach agus mhíthreorach. Ba ghníomhaíochtaí neamhbheartaithe iad an chuideachta Rúiseach a fhágáil ar lár i dtáblaí corparáideacha agus a hainmniú mar chuideachta neamhchomhlachaithe i dtáblaí a bhain le ceannach na lomán agus ní raibh ann ach míthuiscint nó earráid chléireachais. Rinne SFK an argóint chéanna arís tar éis an nochta. Níor aontaigh an Coimisiún gurb é SFK a thug an fhaisnéis ar aghaidh maidir leis an gcuideachta Rúiseach neamhthuairiscithe a bheith ann. Os a choinne sin, ba é an Coimisiún a thug aghaidh ar an gcuideachta leis an bhfaisnéis a fuair sé maidir leis an gcuideachta chomhlachaithe sa Rúis, trádálaí i dtáirgí adhmaid a dhíol, i measc nithe eile, lomáin beithe, a dhiúltaigh SFK ar dtús. Chomh luath agus a d’aithin sé an gaol, dúirt SFK ar dtús go raibh an chuideachta seo ‘díomhaoin’ agus dá bhrí sin gur scoir sé de lomáin a cheannach ón gcuideachta seo i bhfad ó shin. Mar sin féin, léirigh an t-imscrúdú go raibh an chuideachta chomhlachaithe seo sa Rúis ina soláthraí tábhachtach lomán do SFK le linn na tréimhse tuairiscithe, agus dá bhrí sin, tháinig sé sin salach ar na míniúcháin a thug an chuideachta nach raibh aon cheannach lomán ann tar éis 2020. D’admhaigh an chuideachta ansin go ndearnadh an t-idirbheart deireanach a bhí aici leis an gcuideachta chomhlachaithe sin i mí Aibreáin 2023. Dá bhrí sin, níorbh é SFK a thug an fhaisnéis ar aghaidh. Chomh maith leis sin, mheas sé nach bhféadfadh mídhearbhú na cuideachta mar chuideachta neamhchomhlachaithe a bheith ina earráid chléireachais ag duine a líon isteach táblaí, ós rud é gur cuireadh an cheist ar úinéir SFK, ar úinéir 100 % den chuideachta Rúiseach é, an tráth céanna, agus a d’admhaigh gurbh ann di ar deireadh. Dá bhrí sin, d’easaontaigh an Coimisiún nach raibh ann ach earráid nó easnamh cléireachais ag an duine a líon isteach na táblaí.

(157)

Mheas SFK freisin go raibh sé mícheart a líomhain nárbh fhéidir an freagra ar cheistneoir na cuideachta Rúisí a fhíorú, agus go ndearna an Coimisiún botún dlíthiúil trína mholadh nach bhféadfaí glacadh leis an bhfaisnéis a soláthraíodh le linn an fhíorúcháin ar an láthair trí réamhshocrú. Chuir SFK in iúl freisin gur cuireadh freagra ar an gceistneoir isteach in am, go raibh sé infhíoraithe agus go raibh sé fós infhíoraithe agus go bhféadfaí é a chros-seiceáil trí thábla cheannachán SFK. Dá bhrí sin, chuir sé in iúl go raibh freagairt an cheistneora infhíoraithe agus go bhféadfaí í a fhíorú, ós rud é gur cuireadh isteach í an oíche dheireanach roimh lá deireanach an fhíorúcháin. Bhí an ceistneoir infhíoraithe go fóill gan gá a bheith leis an bhfíorúchán iarbhír.

(158)

Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh SFK an argóint chéanna. D’áitigh sé nár cuireadh an freagra ar an gceistneoir isteach go míthráthúil, agus, ós rud é go raibh sé mar chuid de na taispeántais, gur cheart don Choimisiún é a mheas ina iomláine. D’áitigh sé freisin gur mheas painéal EDT i SAM – Dleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh (an Chóiré) (31)go raibh sé tráthúil ceistneoir a chur isteach le linn an fhíoraithe, ina luaitear gur cuireadh an ceistneoir ar fáil freisin ‘laistigh de na sprioc-amanna a bhunaigh USDOC, nó ar iarraidh USDOC ar fhíorú.’ Tar éis an nochta, d’áitigh SFK freisin gur cuireadh an freagra ar an gceistneoir ar fáil go tráthúil agus go raibh sé infhíoraithe. Thagair sé don Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc sna Stáit Aontaithe – Bearta Frithdhumpála ar Tháirgí Cruach Teorollta áirithe ón tSeapáin ina luaitear an méid seo a leanas: ‘Agus breithniú á dhéanamh i dtaobh an gcuirtear faisnéis isteach laistigh de thréimhse réasúnta ama, ba cheart do na húdaráis imscrúdúcháin breithniú a dhéanamh, i gcomhthéacs cás ar leith, ar thosca amhail: (i) cineál agus cainníocht na faisnéise a cuireadh isteach; (ii) na deacrachtaí a bhí ag onnmhaireoir a imscrúdaíodh agus an fhaisnéis á fáil aige; (iii) infhíoraitheacht na faisnéise agus cé chomh éasca is atá sé do na húdaráis imscrúdúcháin í a úsáid chun a gcinneadh a dhéanamh; (iv) an dócha go ndéanfar dochar do pháirtithe leasmhara eile má úsáidtear an fhaisnéis; (v) an gcuirfeadh glacadh na faisnéise isteach ar chumas na n-údarás imscrúdúcháin an t-imscrúdú a sheoladh go gasta; agus (vi) líon na laethanta faoinar chaill an t-onnmhaireoir a imscrúdaíodh an teorainn ama is infheidhme (32).’ mheas SFK, i gcás a chuideachta comhlachaithe, gur comhlíonadh na critéir sin. D’áitigh sé, i measc nithe eile, gur sholáthair sé an freagra ar an gceistneoir dhá lá tar éis dó a bheith ar an eolas faoin bhfadhb.

(159)

D’easaontaigh an Coimisiún leis sin. Bhí an phleanáil fíorúcháin bunaithe ar líon na gcuideachtaí a raibh air a fhíorú, agus bunaithe freisin ar an bhfaisnéis a chuir na cuideachtaí isteach roimh ré. An fhaisnéis nach bhféadfadh cuideachtaí faisnéis nua a chur isteach le linn an fhíorúcháin agus nach bhféadfadh an chuideachta ach earráidí cléireachais a cheartú seachtain amháin roimh thús an fhíorúcháin ar a mhéad, cuireadh an fhaisnéis sin in iúl do SFK i litir réamhfhíorchúcáin, mar a thugtar uirthi. An tráth céanna, chuir an litir in iúl do chuideachtaí go bhféadfadh aon athrú ar an bhfreagra ar na ceistneoirí, a chuirfí ar fáil tar éis an dáta, a bheith ina chúis le cur i bhfeidhm Airteagal 18. Níor nochtadh gurbh ann do chuideachta chomhlachaithe de chuid na Rúise ach amháin ag tús an fhíorúcháin agus ní fhéadfaí é a mheas mar earráid chléireachais ach fíoras tábhachtach a raibh tionchar tábhachtach aige ar an imscrúdú. Ós rud é nár tuairiscíodh é, cuireadh cosc ar an gCoimisiún iomláine an fhreagra a fhíorú.

(160)

D’easaontaigh an Coimisiún freisin go bhféadfaí an freagra ar an gceistneoir a fhíorú toisc gur cuireadh isteach go leictreonach é tar éis SFK a fhíorú. Bhí an lá ina dhiaidh sin d’fhíorú Ghrúpa SFK (arb é an lá deireanach den fhíorú é) ina fhíorú ar an láthair ar thrádálaí intíre a bhí comhlachaithe le SFK, agus dá ndéanfadh an Coimisiún an chuideachta Rúiseach chomhlachaithe a fhíorú go cianda, bheadh air gan bacadh go hiomlán nó go páirteach le fíorú an trádálaí chomhlachaithe. Dá bhrí sin, d’easaontaigh an Coimisiún go bhféadfadh sé an freagra ar an gceistneoir a fhíorú, agus toisc gur ainmníodh é mar thaispeántas, chiallaigh sé sin go raibh sé fíoraithe. Thairis sin, mheas an Coimisiún nach bhfuil na torthaí sa Tuarascáil ón bPainéal, SAM – Dleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh (An Chóiré), ar dá réir is féidir glacadh le freagra ceistneora a cuireadh isteach ar iarraidh an údaráis imscrúdúcháin le linn an fhíoraithe, ábhartha sa chás i dtrácht. Mar a tugadh faoi deara in aithris (159) thuas, chuir an Coimisiún SFK ar an eolas nach bhféadfadh sé glacadh le hathruithe substaintiúla ar fhaisnéis a cuireadh isteach roimhe sin le linn an fhíoraithe. In aon chás, níor cuireadh isteach freagra na cuideachta comhlachaithe ar an gceistneoir le linn an fhíoraithe ach cuireadh ar fáil é mar thaispeántas in éineacht le taispeántáin eile nuair a dúnadh an fíorú. Mheabhraigh an Coimisiún gur iarradh cheana féin tráth an tionscnaimh ceistneoirí den chineál sin ar chuideachtaí comhlachaithe agus gur cheart iad a chur ar fáil laistigh de 37 lá tar éis an tionscnaimh, is é sin faoin 5 Deireadh Fómhair 2023 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, níor soláthraíodh dhá lá déanach, mar a mhaígh SFK, ach dhá mhí dhéanacha i gcomhthéacs imscrúdaithe atá teoranta do 9 mí ó thaobh ama de.

(161)

I ndáil leis an Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc thuasluaite, Na Stáit Aontaithe – Bearta Frithdhumpála ar Tháirgí Cruach Teorollta Áirithe ón tSeapáin, rinne an Coimisiún tagairt dá mhínithe mionsonraithe in aithris (149) maidir leis an bhfáth a bhfuil an fhaisnéis faoi chuideachta chomhlachaithe sa tír atá faoi réir beart, is é sin an Rúis a sholáthair ábhar ionchuir do SFK sa Chasacstáin, ríthábhachtach chun a fhíorú an raibh SFK rannpháirteach sna cleachtais imchéimnithe nó nach raibh.

(162)

D’áitigh SFK freisin go raibh na hidirbhearta airgeadais le linn na tréimhse tuairiscithe idir SFK agus an chuideachta chomhlachaithe Rúiseach ar mhéid níos lú ná an méid a líomhain an Coimisiún, agus go raibh ciall fhoirfe leo. D’áitigh sé gur cuideachta dhíomhaoin í a deimhníodh le faisnéis a tuairiscíodh i dtáblaí éagsúla agus toisc go ndearnadh an t-idirbheart deireanach i mí Aibreáin 2023.

(163)

Mheas an Coimisiún nár thacaigh na fíorais leis an argóint go raibh an chuideachta díomhaoin. Cé gur mhaígh SFK nach raibh aon ghnó aige leis an gcuideachta a thuilleadh, agus gur tharla an ceannach deireanach i mí Aibreáin 2023, léirigh cuntais infhála SFK fiachas suntasach gan íoc leis an gcuideachta sin a bhí, i dtéarmaí luacha, suntasach, i gcomparáid le luach ceannaigh na lomán sa tréimhse imscrúdúcháin. Ós rud é gur mhínigh SFK gur réamhíocaíochtaí iad seo as ábhar ionchuir atá le seachadadh, bhréagnaigh sé an maíomh gur stop sé an gnó leis an gcuideachta seo.

(164)

Maidir leis na lomáin, d’áitigh SFK go raibh líomhaintí an Choimisiúin bunaithe ar earráid fhollasach mheasúnaithe agus go raibh siad go hiomlán gan bhunús. D’áitigh sé go ndearna an Coimisiún athbhreithniú ar shé shonrasc, agus ní hamháin trí shonrasc, agus go raibh cúig cinn as na sé shonrasc ceart. Ar an dara dul síos, bhí méid na lomán nár tuairiscíodh a n-áit tionscnamh i gceart an-bheag ([50-100] m3), agus ní fhéadfadh sin difear a dhéanamh do chruinneas an 99,9 % de na cheannacháin a bhí fágtha. D’áitigh SFK freisin gur mhínigh sé gur bhraith sé go príomha ar thír chláraithe an tsoláthróra chun an fhaisnéis a sholáthar sa cheistneoir, mar sin dá mbeadh an soláthróir cláraithe sa Chasacstáin, ghlac SFK leis, má bhí na lomáin de thionscnamh na Casacstáine, gur modh réasúnta cruinn é sin ina thuairim. Dá bhrí sin, níor chuir SFK an Coimisiún ar míthreoir ná níor chuir SFK aon fhaisnéis bhréagach ar fáil. Ní fhéadfaí an tionscnamh a shuí bunaithe ar bhonn idirbheart go hidirbheart mar gheall ar mhéid suntasach ceannachán. Rinne SFK na hargóintí céanna arís tar éis an nochta.

(165)

D’easaontaigh an Coimisiún leis sin. Le linn an fhíorúcháin ar an láthair, bhailigh sé sé shonrasc ar fad le fianaise ar thionscnamh an lomáin. Bhí dhá idirbheart bhreise (sonraisc) ann ón soláthróir céanna a ndearnadh míthuairisciú orthu. Dá bhrí sin, as na hocht sonrasc, ní raibh ach cúig cinn ceart. D’easaontaigh an Coimisiún freisin gur bheag an luach a bhí ar na sonraisc a ndearnadh míthuairisciú orthu. Ní fhéadfaí cruinneas na sonraí a bhunú ar luach iomlán na n-idirbheart (a d’fhéadfadh a bheith ina mílte i gcásanna áirithe) ach ar luach an tsampla. Sa chás i dtrácht, ba é a bhí sna hidirbhearta míchearta níos mó ná 18 % de na lomáin shampláilte. Mheas an Coimisiún freisin nár tuairiscíodh an chuid eile den sampla bunaithe ar fhíorúchán an deimhnithe lomáin ach ar an áit inar cláraíodh an soláthróir agus gur chaith seo níos mó amhrais fós ar iontaofacht na sonraí.

(166)

Tar éis an nochta, d’áitigh SFK freisin gur áibhéiligh an Coimisiún tábhacht na logaí míthuairiscithe, agus gur dheimhnigh 93 % den sampla roghnaithe, de réir méid, an áit tionscnaimh ceart. Chuir SFK in iúl freisin gur luadh i litir Airteagal 18 gur bhain na hidirbhearta míthuairiscithe le ceann de na trí shonrasc, cé gur luaigh an Coimisiún ocht sonrasc ina thorthaí sa Doiciméad Ginearálta um Nochtadh. Dá bhrí sin, dar leis, tháinig an Coimisiún ar fhíorais nua agus ba cheart dó an ceart a thabhairt do SFK barúil a thabhairt. D’athdhearbhaigh sé freisin go ndearna an Coimisiún sampláil ar shé shonrasc, seachas ar ocht sonrasc.

(167)

Go deimhin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar líon na sonrasc a roghnaíodh, tar éis barúlacha a chuir SFK isteach maidir le litir Airteagal 18. Dheimhnigh an Coimisiún na hocht sonrasc, mar a luaitear sa Doiciméad Ginearálta um Nochtadh, toisc go raibh dhá shonrasc breise ón soláthraí céanna de na logaí de bhunadh Rúiseach. Ní dhearna an ceartúchán sin difear ar bith do na conclúidí ar thángthas orthu i litir Airteagal 18. Ina theannta sin, luadh ocht sonrasc sa Doiciméad Ginearálta um Nochtadh, a seoladh chuig gach páirtí le haghaidh barúlacha. Dá bhrí sin, d’easaontaigh an Coimisiún nár tugadh an ceart do SFK barúil a thabhairt.

(168)

Ar an gcaoi chéanna le hargóintí Favorit (féach aithris (121)), chuir SFK in iúl, bunaithe ar chleachtas comhsheasmhach an Choimisiúin, nach raibh an neamh-chomhoibriú leis an bhfrith-imchéimniú ina shiocair go huathoibríoch le himchéimniú a aimsiú mar réamhshocrú ná leis an neamhaird iomlán ar na sonraí a cuireadh isteach agus rinne sé tagairt d’imscrúduithe ar Fabraic Snáithínghloine ó Mharacó, agus ar Cúmairín ón India. Dá bhrí sin, mheas sé gur sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe é an rún a bhí ag an gCoimisiún na fíorais a bhí ar fáil a chur i bhfeidhm agus go raibh sé ar intinn aige diúltú dá shonraí, ar prionsabal é a chuireann d’oibleagáid air déileáil le cásanna comhchosúla ar an mbealach céanna. D’áitigh SFK freisin gur aithin an Coimisiún in aon chás nach raibh baint ag an soláthróir comhlachaithe Rúiseach le táirgeadh ná le díolacháin an táirge lena mbaineann agus nach raibh aon tionchar ag a chleamhnacht ar thoradh an imscrúdaithe.

(169)

D’athdhearbhaigh an Coimisiún go bhfuarthas na torthaí ar bhonn cás ar chás, agus gur tugadh aird chuí i dtaobh an bhféadfaí an tacar sonraí ina iomláine a úsáid nó nach bhféadfaí ach faisnéis shonrach a úsáid, i dtaobh an raibh tionchar suntasach ag an bhfaisnéis a bhí ar iarraidh ar thoradh an imscrúdaithe, agus i dtaobh an bhféadfadh an Coimisiún teacht ar thoradh réasúnach gan an fhaisnéis sin. Ina theannta sin, bhí fíorais agus figiúirí na gcásanna a luaigh SFK go hiomlán difriúil ar go leor bealaí. Go háirithe, sna cásanna eile, bhí samhail ghnó na gcuideachtaí lena mbaineann difriúil agus ní raibh aon cheist ann maidir le míthuairisciú ar thionscnamh an ábhair ionchuir. Dá bhrí sin, níor aontaigh an Coimisiún, toisc nár diúltaíodh na sonraí go hiomlán sna cásanna thuas, gur ghá an cur chuige céanna a ghlacadh ag an gcás faoi chaibidil. Chinn sé dá bhrí sin nach raibh bunús leis an maíomh. Chomh maith leis sin, d’easaontaigh an Coimisiún go raibh fianaise fhíoraithe ann nach ndeachaigh SFK timpeall ar na bearta – in éagmais sonraí iontaofa infhíoraithe ní raibh an chuideachta in ann a léiriú nach ann do chleachtais imchéimnithe.

(170)

D’áitigh SFK freisin, beag beann ar aon neamh-chomhoibriú líomhainte ag SFK, i bhfianaise chinntí na Cúirte Breithiúnais in Maxcom agus i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/28 ón gCoimisiún, (33) nach féidir aon chinneadh maidir le himchéimniú ag SFK a fháil trí thagairt don imchéimniú ar fud na tíre, agus go gcuireann sonraí chuideachta SFK cosc ar chleachtais imchéimniúcháin a bhaineann go sonrach le cuideachta a dhéanamh amach. Sa chomhthéacs sin, níl sé ábhartha cibé acu atá nó nach bhfuil imchéimniú ar fud na tíre trí bhíthin allmhairí ón gCasacstáin ós rud é nach raibh fianaise den sórt sin in ann sárú a dhéanamh ar fhianaise shonrach fhíoraithe a chuir SFK ar fáil nach bhfuil baint aige le haon chleachtas imchéimnithe.

(171)

Mheas an Coimisiún go bhfuil fíorais an cháis seo éagsúil. Sa chás a luaitear san aithris roimhe seo, ní raibh aon saincheist ann maidir le naisc cheilte ná faisnéis mhíthuairiscithe maidir leis an tír atá faoi réir beart. Ní raibh an Coimisiún in ann teacht ar an gconclúid go raibh fianaise fhíoraithe ann nach ndeachaigh SFK timpeall ar na bearta. Shuigh sé dá bhrí sin nach raibh bunús leis an maíomh.

(172)

Ar an gcaoi chéanna le Favorit, mheas SFK freisin go raibh aon iarracht chun tátail dhíobhálacha a bhaint as an neamh-chomhoibriú líomhainte neamhdhleathach faoi Airteagal 6.8 den Chomhaontú Frithdhumpála. D’áitigh sé, i gcomhréir leis an rialú i Meicsiceo - Bearta frithdhumpála maidir le Rís agus leis an Tuarascáil ón bPainéal, China-GOES, nach mór don Choimisiún an ‘fhaisnéis is fearr atá ar fáil’ a aimsiú nach mór di a bheith ceart ná úsáideach per se ach an ceann is ‘oiriúnaí’nó ‘is iomchuí’, agus nach dtugann an neamh-chomhoibriú údar le hiarmhairtí díobhálacha a tharraingt.

(173)

D’athdhearbhaigh an Coimisiún a chonclúid nach bhféadfaí sonraí SFK a úsáid mar bhonn dá thorthaí. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár léirigh SFK gur táirgeoir é nach raibh páirteach i ngníomhaíochtaí imchéimnithe. Sna himthosca sin, i gcomhréir leis an gcleachtas a bhí aige roimhe seo, ní raibh aon rogha ag an gCoimisiún ach an chonclúid a bhunú ar thorthaí imchéimnithe ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, foráiltear le hAirteagal 18(6) den bhun-Rialachán, i gcás nár chomhoibrigh páirtí ach i bpáirt ná go hiomlán, ‘go bhféadfadh an toradh a bheith níos diúltaí ... ná mar a bheadh sé dá gcomhoibreodh sé’. Dá réir sin, os rud é go raibh cur i bhfeidhm torthaí na tíre ar SFK le bheith níos diúltaí do SFK, gurb é sin an t-aon rogha amháin a bhí ann agus, dá dheasca sin, nach bhféadfaí a chuid sonraí a úsáid.

(174)

D’áitigh SFK freisin nach bhfuil aon dlínse ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an imscrúdaithe frith-imchéimnithe atá ar siúl faoi láthair (nó ar shlí eile) chun smachtbhannaí a fhorfheidhmiú agus chun a shuí go bhfuil SFK nó chun na críche sin tar éis dul timpeall ar na smachtbhannaí. Níorbh ann san imscrúdú ach deis síneadh a chur le dleacht 15,8 % ar allmhairí ón gCasacstáin agus gan ar aon sárú ar smachtbhannaí.

(175)

Dá bhrí sin, mhol SFK gur cheart don Choimisiún glacadh le tairiscint gealltanais praghsanna SFK, agus imscrúdú frith-imchéimnithe maidir le SFK a fhoirceannadh, i gcomhréir le hAirteagal 8.5 den bhun-Rialachán agus, ina theannta sin, ba cheart a shonrú in aon chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar le gealltanas praghsanna SFK nár cheart glacadh leis go gciallaíonn sé go bhfuil SFK ag éascú sáruithe ar an toirmeasc in aghaidh imchéimniú fhorálacha an Rialacháin seo, nó na Rialachán ón gComhairle a bhaineann le smachtbhannaí ar chónaidhm na Rúise.

(176)

Mheas an Coimisiún nach bhféadfaí, go ginearálta, gealltanais in imscrúduithe imchéimnithe a mheas. Tá lánrogha ag an gCoimisiún glacadh le gealltanais; sa chás sin, ní fhéadfadh an Coimisiún glacadh le tairiscint ghealltanais ó chuideachta nach bhféadfadh a léiriú nach raibh baint aici le cleachtais imchéimnithe agus ar ina leith ba ghá torthaí a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil. In aon chás, diúltaíodh freisin do ghnóthais san imscrúdú bunaidh maidir le neamh-chomhlíonadh le critéir a shonraítear in Airteagal 8(2) den bhun-Rialachán (34).

(177)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár léirigh SFK gur táirgeoir é nach raibh páirteach i ngníomhaíochtaí imchéimnithe de réir bhrí Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán, agus dá bhrí sin, gur ghá na torthaí maidir le SFK a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán a bhí chun na torthaí imchéimnithe ar fud na tíre a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún dá iarraidh ar dhíolúine.

(178)

Tar éis an nochta, chuir SFK in iúl nár aontaigh sé leis na torthaí a nochtadh do SFK sa Doiciméad Ginearálta um Nochtadh. D’athdhearbhaigh sé go raibh torthaí an Choimisiúin ag sárú an Chomhaontaithe Frithdhumpála agus gur chuir an Coimisiún na fíorais a bhí ar fáil i bhfeidhm go neamhdhleathach. D’athdhearbhaigh SFK nár dhiúltaigh sé rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá agus nár mhainnigh sé ar shlí eile an fhaisnéis is gá a sholáthar laistigh de thréimhse réasúnta, ná nár chuir sé bac suntasach ar an imscrúdú. De réir SFK, contrártha le mír 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Frithdhumpála, theip ar an gCoimisiún an fhaisnéis uile a cuireadh isteach a chur san áireamh chun críoch a chinntí, ionas go bhféadfaí í a úsáid san imscrúdú gan deacrachtaí míchuí, agus a soláthraíodh go tráthúil.

(179)

Mheas an Coimisiún gur tugadh aghaidh ar na hargóintí go léir a d’ardaigh SFK go mion cheana in aithrisí (146) go (176) thuas. Ós rud é nár cuireadh aon bharúil nua shubstainteach i láthair, dheimhnigh an Coimisiún an chonclúid a leagtar amach in aithris (177) thuas.

4.1.4.   Maímh bhreise ag Favorit agus SFK tar éis an nochta

(180)

Tar éis an nochta, d’áitigh Favorit agus SFK freisin nár chinn an Coimisiún a gcorrlaigh dumpála aonair, contrártha le hAirteagal 6.9 den Chomhaontú Frithdhumpála.

(181)

Mheas an Coimisiún nach bhfuil aon fhoráil chomhfhreagrach sa Chomhaontú Frithdhumpála ag Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán agus ceanglaítear ar an gCoimisiún fianaise ar dhumpáil a aimsiú i ndáil leis na gnáthluachanna a bunaíodh roimhe sin le haghaidh an táirge chomhchosúil. Chomhlíon an Coimisiún an oibleagáid sin. An aon chás, thug an Coimisiún dá aire, i bhfianaise chineál neamhiontaofa agus do-fhíoraithe na sonraí a chuir SFK agus Favorit ar fáil, gur ghá na torthaí maidir leis an dá chuideachta sin a bhunú ar fhíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán, arbh é a bhí ann na torthaí imchéimnithe ar fud na tíre a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, theip ar SFK agus Favorit ina n-iarratais faoi Airteagal 13(4) agus ní féidir iad a dhíolmhú ó na dualgais.

(182)

Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh Favorit gur tír i mbéal forbartha a bhí sa Chasacstáin agus gur cheart don Choimisiún Airteagal 15 den Chomhaontú Frithdhumpála a chur i bhfeidhm agus glacadh leis na leigheasanna cuiditheacha amhail gealltanais phraghais, a chuir sé isteach.

(183)

Mheas an Coimisiún nach raibh Airteagal 15 den Chomhaontú Frithdhumpála ábhartha sa chás i dtrácht ós rud é go bhfuil feidhm aige ‘agus cur i bhfeidhm beart frithdhumpála faoin gComhaontú [sin] á mheas aige’. Ós rud é, mar a mhínítear thuas in aithris (13), nach bhforáiltear sa Chomhaontú Frithdhumpála maidir le foráil shonrach frith-imchéimniúcháin, níl Airteagal 15 den Chomhaontú Frithdhumpála ábhartha. Thairis sin, mar a luaitear i Roinn 4.1.2 thuas, ní fhéadfaí gealltanais in imscrúduithe imchéimnithe a mheas, agus ní fhéadfadh an Coimisiún glacadh le tairiscint gealltanais ó chuideachtaí nár léirigh nach raibh baint acu leis na cleachtais imchéimnithe a aimsíodh don tír ina hiomláine agus ar ghá a dtorthaí a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil.

(184)

D’áitigh Favorit agus SFK freisin nár chuir an Coimisiún iad ar an eolas faoi na cúiseanna gan glacadh leis an bhfianaise nó leis an bhfaisnéis a sholáthair siad. Mhaígh siad freisin gur baineadh deis díobh tuilleadh mínithe a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta. Dar leo, bhí na líomhaintí go raibh siad páirteach i ngníomhaíochtaí imchéimnithe bunaithe ar amhantraíocht amháin, agus nach raibh aon fhíorais ag an gCoimisiún, bunaithe ar ‘fhíorais atá ar fáil’ nó ar shlí eile, chun a mhaíomh go raibh siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí den sórt sin.

(185)

D’easaontaigh an Coimisiún nár chuir sé Favorit agus SFK ar an eolas faoi na cúiseanna gan glacadh le fianaise ná le faisnéis agus nach raibh deis ag an dá chuideachta tuilleadh mínithe a thabhairt laistigh den tréimhse réasúnta. Os a choinne sin, chuir an Coimisiún an dá chuideachta ar an eolas faoi na cúiseanna ar diúltaíodh dá n-iarrataí ar dhíolúine i litreacha Airteagal 18. Chuir an Coimisiún mínithe an-mhionsonraithe ar fáil sa Doiciméad Ginearálta maidir le Nochtadh agus sa nochtadh aonair do Favorit, a raibh deis ag Favorit agus SFK araon barúlacha a thabhairt ina leith. D’easaontaigh an Coimisiún freisin go raibh a chinneadh gan Favorit agus SFK a dhíolmhú ó na dleachtanna leathnaithe bunaithe ar amhantraíocht. Go deimhin, mar a mhínítear in aithris (118), is faoi gach táirgeoir-onnmhaireoir aonair atá sé a léiriú go dtugann a chás ar leith údar le díolúine de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán, agus tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár léirigh Favorit ná SFK gur fíortháirgeoirí iad nach raibh páirteach i ngníomhaíochtaí imchéimnithe.

(186)

Chuir Favorit agus SFK araon in iúl an litir chumhdaigh a ghabhann leis an Doiciméad Ginearálta um Nochtadh inar luadh go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún dleachtanna frithdhumpála ‘a fhorchur’ ar allmhairí arna gcur chun bealaigh ón gCasacstáin, agus ar an mbonn sin, mheas siad araon go raibh an Doiciméad Ginearálta maidir le Nochtadh neamhdhleathach agus contrártha d’oibleagáidí EDT an Aontais.

(187)

Mheas an Coimisiún nach raibh amhras ar dhlíthiúlacht an doiciméid ghinearálta ná an imscrúdaithe mar gheall ar an bhfíric go raibh botún cléireachais sa litir chumhdaigh agus gur luadh ‘forchuir’ in ionad ‘síneadh’. Míníodh an bunús dlí agus na conclúidí atá beartaithe ar leibhéal an-mhionsonraithe, agus ní fhéadfaí é a léirmhíniú thar a raon feidhme, rud a sainíodh sa Rialachán tionscnaimh. Ní fhéadfadh aon amhras ná míthuiscint a bheith ann gur bhain na torthaí le síneadh a chur leis an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise chun allmhairí sraithadhmaid beithe arna gcur chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh, agus a bhí bunaithe ar Airteagal 13 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

4.1.5.   Barúlacha ó údaráis na Casacstáine tar éis an nochta

(188)

Mhaígh Aireacht Trádála agus Lánpháirtíochta Phoblacht na Casacstáine (‘an Aireacht’) go ndearna an Coimisiún neamhaird ar phraghsanna díola intíre agus ar chostas táirgthe sa Chasacstáin, rud atá contrártha le hAirteagail 2(1), 2(2), 2(3) agus 2(4) den Chomhaontú Frithdhumpála. De réir na hAireachta, ní raibh cinneadh sa Doiciméad Ginearálta um Nochtadh maidir leis an gcosúlacht idir sraithadhmad beithe a onnmhairíodh ón gCasacstáin chuig an Aontas agus an sraithadhmad a díoladh sa mhargadh intíre, rud atá contrártha le hAirteagail 2(1), 2(2) agus 2(6) den Chomhaontú Frithdhumpála.

(189)

Bhréagnaigh an Coimisiún na maímh sin in aithris (82) thuas.

(190)

Tar éis an nochta, mhaígh an Aireacht go raibh tionscnamh an imscrúdaithe contrártha d’Airteagal 5.2 den Chomhaontú Frithdhumpála toisc nach raibh aon ghearán ag teacht ón tionscal intíre a chomhlíonann ceanglais Airteagal 5(2) den Chomhaontú Frithdhumpála. Thairis sin, murab ionann agus Airteagal 5.3 den Chomhaontú Frithdhumpála, theip ar an gCoimisiún ina dhualgas scrúdú a dhéanamh ar chruinneas agus ar leordhóthanacht na fianaise a cuireadh ar fáil san iarratas chun a chinneadh an bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.

(191)

Bhréagnaigh an Coimisiún an maíomh sin in aithris (13) thuas.

(192)

De réir na hAireachta, ní raibh aon chinneadh sa Doiciméad Ginearálta um Nochtadh maidir le díobháil ábhartha nó bagairt díobhála atá contrártha d’Airteagail 3(1), 3(2), 3(4) agus 3(5) den Chomhaontú Frithdhumpála.

(193)

Mar a mhínítear in aithris (13), ní éilíonn Airteagal 13 den bhun-Rialachán go docht anailís ar dhíobháil ná ar nasc cúisíoch. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(194)

De réir na hAireachta, níor dhiúltaigh roinnt táirgeoirí Casacstáine rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá, agus níor mhainnigh siad í a chur ar fáil ar shlí eile, laistigh de thréimhse réasúnta. Níor chuir siad bac suntasach ar an imscrúdú ach oiread sa chaoi is go bhfuil cinneadh an Choimisiúin na fíorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm, in ionad a gcuid sonraí iarbhír maidir le costas táirgthe agus praghsanna díola, contrártha le hAirteagal 6(8) den Chomhaontú Frithdhumpála.

(195)

Thug an Coimisiún aghaidh go mion ar an mbarúil sin i roinn 2.1. agus i roinn 4.1.2 thuas.

(196)

Mhaígh an Aireacht, murab ionann agus mír 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Frithdhumpála, i gcás táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Casacstáine, gur theip ar an gCoimisiún tar éis an tionscnaimh an fhaisnéis a bhí riachtanach agus an bealach ar cheart an fhaisnéis sin a struchtúrú ina fhreagairt a shonrú go mion.

(197)

Thug an Coimisiún aghaidh ar an mbarúil sin i roinn 2.1. Cuireadh gach táirgeoir onnmhairiúcháin ar an eolas faoin bhfaisnéis ba ghá a chur ar fáil, an fhormáid ina raibh sí le bheith agus na sprioc-amanna is infheidhme. Cuireadh síneadh leis na sprioc-amanna i gcás ina raibh údar leis, agus sholáthair seirbhísí an Choimisiúin freagraí ar aon cheisteanna nós imeachta agus praiticiúla a tarraingíodh anuas.

(198)

Mhaígh an Aireacht, murab ionann agus mír 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Frithdhumpála, nár chuir Coimisiún an fhaisnéis uile san áireamh a bhí infhíoraithe agus a tíolacadh go hiomchuí ionas go bhféadfaí í a úsáid san imscrúdú gan deacrachtaí míchuí agus a soláthraíodh ar bhealach tráthúil. Thairis sin, de réir na hAireachta, níor urramaigh Coimisiún mír 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Frithdhumpála toisc go ndearna sé neamhaird go héagórach ar shonraí onnmhaireoirí comhoibríocha na Casacstáine, cé nach bhfuil aon amhras ann ach gur ghníomhaigh siad chomh fada agus is féidir leo. Mhaígh an Aireacht freisin nár chuir an Coimisiún onnmhaireoirí na Casacstáine ar an eolas faoi na cúiseanna gan glacadh leis an bhfianaise nó leis an bhfaisnéis a sholáthair siad, rud a d’fhág nach raibh deis acu tuilleadh mínithe a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta, rud nach bhfuil i gcomhréir le Mír 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Frithdhumpála. Ar deireadh, mhaígh an Aireacht nár chuir an Coimisiún san áireamh deacrachtaí a bhí ag onnmhaireoirí na Casacstáine a bheith ina gcuideachtaí beaga maidir leis an bhfaisnéis a iarradh a sholáthar agus cúnamh praiticiúil a chur ar fáil, rud nach bhfuil i gcomhréir le hAirteagal 6(13) den Chomhaontú Frithdhumpála.

(199)

Thug an Coimisiún aghaidh go mion ar na barúlacha sin i roinn 2.1. agus i roinn 4.1.2 thuas.

(200)

De réir na hAireachta, tharraing an Coimisiún tagairtí díobhálacha agus mhaígh sé go bhfuil táirgeoirí na Casacstáine páirteach i gcleachtais imchéimnithe agus go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún a thorthaí a bhunú ar fhaisnéis ó fhoinse thánaisteach le himní speisialta. Mhaígh an Aireacht go raibh líomhaintí an Choimisiúin bunaithe ar amhantraíocht amháin agus gur sháraigh siad mír 7 d’Iarscríbhinn II agus Airteagal 6(8) den Chomhaontú Frithdhumpála.

(201)

Mheas an Coimisiún, cé gur fíor gur ar an gCoimisiún atá an dualgas cruthúnais maidir le cleachtais imchéimnithe na mbeart frithdhumpála ar leibhéal na tíre, gur faoi gach táirgeoir onnmhairiúcháin ar leith atá sé a léiriú go bhfuil údar le díolúine de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán ina gcás ar leith. Mar a leagtar amach i roinn 2.1 agus i roinn 4.1.2 thuas, theip ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin é sin a dhéanamh toisc nár léirigh siad gur fhíortháirgeoirí iad nach raibh páirteach i gcleachtais imchéimnithe. Thug an Coimisiún aghaidh ar leibhéal an-mhionsonraithe ar an gconclúid gur measadh gur comhlíonadh na coinníollacha in Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Dá réir sin, ní raibh a leithéid de chonclúid bunaithe ar amhantraíocht. Thairis sin, bhréagnaigh an Coimisiún barúlacha comhchosúla in aithris (118) thuas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(202)

Luaigh an Aireacht nár chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir le corrlach dumpála aonair le haghaidh onnmhaireoirí comhoibríocha na Casacstáine, rud atá contrártha le hAirteagal 6.9. den Chomhaontú Frithdhumpála.

(203)

Bhréagnaigh an Coimisiún an maíomh sin in aithris (181) thuas.

(204)

Mhaígh an Aireacht gur theip ar an gCoimisiún féachaint ar na féidearthachtaí a bhaineann le leigheasanna cuiditheacha sula gcuirfí dleachtanna frithdhumpála i bhfeidhm i gcás ina ndéanfadh siad difear do leasanna na Casacstáine mar thír i mbéal forbartha, rud nach bhfuil i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chomhaontú Frithdhumpála. Sa chomhthéacs sin, chuir an Aireacht in iúl go raibh sí réidh chun córas cuí faireacháin a phlé leis an gCoimisiún le haghaidh na ngnóthas lena n-eisiafaí an fhéidearthacht do tháirgeoirí onnmhairiúcháin Casacstánacha sraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise a thrasloingsiú. Chun go mbeidh an scéim sin indéanta agus i gcomhréir le hAirteagal 8 den bhun-Rialachán, ba cheart foráil a dhéanamh i Rialachán cinntitheach an Choimisiúin go bhféadfaí gealltanais phraghsanna a thairiscint (agus a ghlacadh) tar éis an sprioc-ama chun bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur.

(205)

Tugadh aghaidh ar an mbarúil sin in aithris (176) agus in aithris (183). I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, tar éis breithniú cúramach a dhéanamh orthu, nár tháinig athrú ar na conclúidí mar a leagtar amach sa Doiciméad Ginearálta um Nochtadh iad mar thoradh ar na barúlacha a thug údaráis na Casacstáine.

4.2.   An Tuirc

4.2.1.   Torthaí maidir le Intur Construction Tourism and Forest (‘Intur’)

(206)

Mhaígh Intur go raibh cúis chuí agus bonn cirt eacnamaíoch lena bhunú i Márta 2020. Tar éis blianta fada i dtionscal an adhmaid le fócas ar adhmad na hAfraice, agus tar éis neamhéifeachtúlachtaí gnó faoi stiúir teaghlaigh a bhrath, bunaíodh an chuideachta le haghaidh táirgeadh sraithadhmaid. Ba é an príomhchuspóir a bhí aici ábhair ionchuir a sholáthar le haghaidh táirgeadh sraithadhmaid, ar bhonn intíre agus idirnáisiúnta araon, agus ina dhiaidh sin na hábhair sin a phróiseáil agus a thiontú ina dtáirgí sraithadhmaid críochnaithe lena ndáileadh i margaí intíre agus idirnáisiúnta araon. Léirigh an t-imscrúdú gur thosaigh Intur ag táirgeadh ag deireadh 2019, sular tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála bunaidh ar allmhairí sraithadhmaid beithe ón Rúis.

(207)

Léirigh an t-imscrúdú gur mhéadaigh Intur a dhíolacháin onnmhairiúcháin leis an Aontas agus ceannacháin ábhar ionchuir ón Rúis in 2021 go substaintiúil, tar éis an t-imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur tháinig méadú suntasach ar an oibríocht ó thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála, nó díreach roimhe, agus gur ón tír atá faoi réir beart a tháinig na páirteanna lena mbaineann, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(2)(a) den bhun-Rialachán.

(208)

Is é an príomhábhar ionchuir chun sraithadhmad beithe a tháirgeadh le haghaidh Intur ná veinírí beithe, a ceannaíodh go léir ón Rúis. De réir na faisnéise fíoraithe a chuir Intur isteach, is ón Rúis a tháinig níos mó ná 75 % de luach iomlán cheannacháin na n-ábhar ionchuir. Ba é conclúid an Choimisiúin, dá bhrí sin, gur comhlíonadh an critéar 60 % a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán.

(209)

Ba é conclúid an Choimisiúin gur lú an luach atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, ná 25 % den chostas monaraíochta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán le go mbeidh imchéimniú i gceist leis na hoibríochtaí sin.

(210)

Le teachtaireacht an 30 Eanáir 2024, d’iarr Intur ar an gCoimisiún dhá athbhreithniú eile a chur san áireamh, maidir leis na rátaí malairte a imríonn tionchar ar dhímheas innealra chomh maith le leithdháileadh costas saothair áirithe.

(211)

Chuir an Coimisiún in iúl don chuideachta nárbh fhéidir athbhreithniú a dhéanamh ar na gnéithe costais tar éis na cuairte fíorúcháin toisc nárbh fhéidir na maímh sin a fhíorú a thuilleadh.

(212)

Ar bhonn na dtáblaí arna gcur isteach agus arna bhfíorú ag Intur, ní dhearnadh aon onnmhairiú in 2019 agus d’onnmhairigh sé [2 000-3 000] m3 le linn na tréimhse tuairiscithe. Maidir le praghsanna, rinne an Coimisiún comparáid idir an meánphraghas neamhdhíobhálach mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, arna choigeartú chun an méadú ar an gcostas a léiriú, agus na meánphraghsanna ualaithe onnmhairiúcháin CAL arna gcinneadh ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag Intur, arna gcoigeartú mar is cuí chun costais iar-imréitigh a chur san áireamh. Léiríodh leis an gcomparáid sin idir praghsanna gur díoladh na hallmhairí ó Intur ar phraghas a bhí breis agus 37 % ní b’ísle ná praghsanna an Aontais.

(213)

Rinne an Coimisiún scrúdú freisin féachaint an ann d’fhianaise maidir le dumpáil i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge comhchosúil. Chuige sin, rinneadh comparáid idir praghsanna onnmhairiúcháin Intur ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha, agus na gnáthluachanna a suíodh le linn an imscrúdaithe bunaidh, arna gcoigeartú go cuí de réir boilscithe. Léiríodh leis an gcomparáid idir gnáth-luachanna agus praghsanna onnmhairiúcháin fianaise ar dhumpáil le linn na tréimhse tuairiscithe’.

(214)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuarthas amach go raibh Intur páirteach i gcleachtais imchéimnithe de réir bhrí Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún dá iarraidh ar dhíolúine.

4.3.   Conclúid

(215)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfaí glacadh le haon cheann de na hiarrataí ar dhíolúine.

5.   NOCHTADH

(216)

An 1 Márta 2024, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe uile as ar eascair na conclúidí thuas do na páirtithe leasmhara uile agus d’iarr sé orthu a mbarúil a thabhairt. Tugadh aghaidh thuas ar bharúlacha a fuarthas ó pháirtithe leasmhara. Tugadh aghaidh ar bharúlacha breise a fuarthas ó Chuibhreannas Woodstock, ó Chónaidhm an Phainéil Eorpaigh agus ó Orlimex CZ i roinn 6 thíos.

6.   BARÚLACHA BREISE TAR ÉIS AN NOCHTA

(217)

Chuir cuibhreannas Woodstock barúlacha breise ar fáil maidir le roinnt pointí lenar deimhníodh cleachtais imchéimnithe ar leibhéal na tíre. Leag sí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé dianfhaireachán agus dianbhearta leantacha a dhéanamh ar allmhairí amach anseo.

(218)

D’fhormhuinigh Cónaidhm na bPainéal Eorpach torthaí an Choimisiúin agus d’iarr sí ar an gCoimisiún dul ar aghaidh go pras le Rialachán ceangailteach a dhéanamh de agus leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh chun stop a chur le haon iarrachtaí imchéimnithe.

(219)

Tar éis an nochta, mhaígh Orlimex CZ, allmhaireoir neamhchomhlachaithe, gur mó i bhfad na costais lóistíochtúla agus riaracháin a bhaineann le hidirthuras ón Rúis go dtí an Chasacstáin agus ansin chuig an Aontas ná an coigilteas ó dhleacht 16 % a sheachaint. Dá bhrí sin, measadh go raibh sé neamhréasúnach go heacnamaíoch.

(220)

Mheas an Coimisiún go bhféadfar bearta frithdhumpála a leathnú chun tríú tíortha a chumhdach nuair a bhíonn teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm ag tarlú. Mar a mhínítear sa Rialachán seo, shuigh an Coimisiún gur tharla cleachtais imchéimnithe. Ní raibh an cheist maidir le cé chomh tairbhiúil is atá na cleachtais sin ábhartha chuaigh sí thar raon feidhme an imscrúdaithe seo.

(221)

De réir Orlimex CZ, níor cuireadh san áireamh i gcinneadh an Choimisiúin tionchar suntasach na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis, tionchar a chreideann Orlimex CZ is cúis iarbhír leis na hallmhairí laghdaithe ón Rúis chuig an Aontas, seachas forchur na ndleachtanna frithdhumpála. Leis na toirmisc dhlíthiúla a cuireadh chun feidhme ó mhí Aibreáin 2022, athraíodh an tírdhreach trádála ó bhonn cheana féin, rud a d’fhág nach féidir leanúint de bheith i mbun gnó leis an Rúis, gan beann ar aon dleacht frithdhumpála. Leis na smachtbhannaí, seachas na bearta frithdhumpála, cruthaíodh bearna mhargaidh a d’fhéach táirgeoirí ón gCasacstáin, ón Tuirc, agus ó réigiúin eile lena líonadh.

(222)

Bhréagnaigh an Coimisiún an maíomh sin in aithris (61). Ina theannta sin, mheas an Coimisiún nach raibh míniú Orlimex CZ ar dá réir a rinne na táirgeoirí ón gCasacstáin agus ón Tuirc iarracht neamhní margaidh líomhainte a tharla san Aontas a líonadh, neamhábhartha i bhfianaise nach bhféadfadh aon cheann de na táirgeoirí a léiriú go hiarbhír go raibh sé i dteideal tairbhe a bhaint as díolúine de bhun Airteagal 13(4) sa bhun-Rialachán.

(223)

D’áitigh ORLIMEX CZ freisin gur táirgeoir é SFK a bhí bunaithe le fada ar mhargadh na Casacstáine i bhfad sular forchuireadh smachtbhannaí nó dleachtanna frithdhumpála, agus é ag freastal go príomha ar an éileamh intíre. Tar éis smachtbhannaí a fhorchur, chuaigh táirgeoirí na Rúise isteach i margadh na Casacstáine le táirgí nárbh fhéidir leo a dhíol a thuilleadh san Aontas mar gheall ar na smachtbhannaí, rud a d’fhág gur thit na praghsanna go háitiúil. Os a choinne sin, tháinig borradh faoi phraghsanna ar shraithadhmad beithe san Aontas. Dá bhrí sin, bhí sé go hiomlán loighciúil do mhonaróir a tháirgeacht a atreorú chun an bhearna i margadh an Aontais a líonadh. Ina theannta sin, mhaígh Orlimex CZ go ndearna ginearálú an Choimisiúin grúpáil éagórach ar na honnmhaireoirí uile, rud a rinne neamhaird ar dhifríochtaí soiléire idir oibríochtaí dlisteanacha gnó agus iad siúd a sháraíonn smachtbhannaí.

(224)

Rinneadh na torthaí maidir le SFK a mhionsaothrú i roinn 4.1.3 thuas. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún measúnú ar staid gach táirgeora onnmhairiúcháin a tháinig chun cinn ina aonar agus ar bhonn a fhiúntas, mar sin ní dhearnadh aon ghinearálú ná grúpáil, le linn an imscrúdaithe ná sna conclúidí.

(225)

Dúirt ORLIMEX CZ freisin, i gcás SFK, gur aisiompaigh an Coimisiún an dualgas cruthúnais. De réir Orlimex CZ, bhain an t-aisiompú sin i leith an dualgais cruthúnais an bonn den deimhneacht dhlíthiúil agus den mhuinín as sláine an phróisis imscrúdaithigh.

(226)

Tugadh aghaidh ar an maíomh sin in aithris (118). Is faoi gach táirgeoir onnmhairiúcháin aonair atá sé a léiriú go dtugann a chás ar leith údar le díolúine de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán. Go ginearálta, i gcás ina bhfuil a shaoráid táirgthe féin ag táirgeoir onnmhairiúcháin a bhfuil sé d’acmhainn aige, ar a laghad, an méid a onnmhairíonn sé a tháirgeadh, nach bhfuil iliomad nasc aige leis an tír atá faoi réir beart ó thaobh cuideachtaí comhlachaithe agus/nó soláthairtí de, agus gur féidir é a thabhairt chun cuntais, níl ualach míchuí ná deacair a léiriú nach bhfuil táirgeoir den sórt sin páirteach sa chleachtas imchéimnithe. I bhfianaise an mhéid thuas, diúltaíodh na maímh a chuir Orlimex CZ i láthair.

7.   CONCLÚID

(227)

Ar bhonn an mhéid thuas, d’áitigh an Coimisiún nach mór an dleacht frithdhumpála chinntitheach i gcoinne allmhairí sraithadhmaid beithe ón Rúis, a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930, a leathnú chun allmhairí sraithadhmaid beithe arna gcur chun bealaigh ón gCasacstáin agus ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Casacstáine agus na Tuirce iad nó ná bíodh. D’áitigh an Coimisiún freisin gur cheart na hiarrataí ar dhíolúine a rinneadh a dhiúltú.

(228)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise, leathnaítear an dleacht sin leis seo chun go gcumhdófar allmhairí sraithadhmaid nach bhfuil ach leatháin adhmaid i gceist leo, nach bhfuil níos mó ná 6 mm ar tiús, ag a bhfuil sraitheanna seachtracha adhmaid a shonraítear faoi fho-cheannteideal 4412 33 agus sraith sheachtrach amháin ar a laghad d’adhmad beithe, bíodh siad brataithe nó ná bíodh, atá aicmithe faoi chód AC ex 4412 33 10 faoi láthair, agus a chuirtear chun bealaigh ón gCasacstáin agus ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Casacstáine agus na Tuirce iad nó ná bíodh (cóid TARIC 4412331010 agus 4412331020).

2.   Is í an dleacht a leathnaítear an dleacht frithdhumpála 15,80 % is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’ sa Rúis.

3.   Baileofar an dleacht a leathnaítear le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcás allmhairí arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1649.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1649.

Airteagal 3

Diúltaítear do na hiarrataí ar dhíolúine arna gcur isteach ag Favorit LLP, QazFanCom LLP, Semipalatinsk Wood Processing LLP, Severnyi Fanernyi Kombinat LLP, VFP LLP, Intur Construction Tourism and Forest, Murat Şahin Orman Ürünleri, Petek Kontrplak San ve Tic AS agus Saglamlar Orman Tarim Urunleri San Ve. Tic. AS.

Airteagal 4

1.   Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1 i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine na hiarrataí a shíniú. Ní mór an iarraidh a chur chuig an seoladh seo a leanas:

European Commission

Directorate-General for Trade

Oifig Stiúrthóireacht G:

CHAR 04/39

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

2.   I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, féadfaidh an Coimisiún a údarú, trí chinneadh, go ndíolmhófar allmhairí ó chuideachtaí nach dtéann timpeall ar na bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930, ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1.

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise (IO L 394, 9.11.2021, lch. 7).

(3)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise (IO C 342, 14.10.2020, lch. 2).

(4)  Go dtí an 31 Nollaig 2021, ba é 4412330010 an cód TARIC ab infheidhme. Ón 1 Eanáir 2022, cuireadh cód TARIC 4412331010 ina ionad. Ón 1 Meán Fómhair 2022, cuireadh cód AC 4412 33 10 ina ionad sin.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1649 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2023 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 maidir le hallmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise, trí allmhairí sraithadhmaid beithe arna gcur chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh, agus allmhairí sraithadhmaid beithe arna gcur chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin a chur faoi réir a gcláraithe (IO L 207, 22.8.2023, lch. 77).

(6)  Féach Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, an Coimisiún v Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, EU:C:2019:717, mír 45.

(7)  Sa tréimhse thuairiscithe, Intur Construction Tourism and Forest (an t-aon chuideachta chomhoibríocha amháin) a d’onnmhairigh chuig an Aontas [2 000-3 000] m3 a raibh idir [5-10] % d’iomlán na n-allmhairí ón Tuirc i gceist leis.

(8)  Míreanna 38 go 45 agus míreanna 71 go 77 den iarraidh.

(9)  Rinneadh meastachán ar an táirgeacht sa Tuirc bunaithe ar an acmhainneacht táirgeachta mheasta (mír 32 den iarraidh). Dá bhrí sin, ba dhócha go mbeadh an táirgeacht níos ísle. Bhí an táirgeacht sa Chasacstáin bunaithe ar fhreagraí tháirgeoirí na Casacstáine ar an gceistneoir agus ar an bhfaisnéis san iarraidh (mír 67).

(10)  De réir na faisnéise a chuirtear ar fáil san iarraidh, níl aon táirgeadh a bhaineann le dlús leathan de speicis bheithe a úsáidtear chun sraithadhmad beithe a tháirgeadh sa Tuirc, agus níl ardtáirgiúlacht ag baint leis an éiceachóras beithe sa Tuirc.

(11)  Iarscríbhinní 16 go 24 a ghabhann leis an iarraidh.

(12)  Freagraí oscailte na n-allmhaireoirí ar an gceistneoir.

(13)  An toirmeasc ar allmhairiú tháirgí Chaibidil 44 (lena n-áirítear sraithadhmad beithe) ón Rúis, tháinig sé i bhfeidhm an 10 Iúil 2022 (https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2022/576/oj).

(14)  Suíodh an tomhaltas bunaithe ar mheastacháin díolacháin iomlána an Aontais agus ar allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(15)  Iarscríbhinn 26 den iarraidh.

(16)  Tá praghsanna an Aontais bunaithe ar fhaisnéis ón iarraidh (iarscríbhinn 26).

(17)  Féach breithiúnas an 19 Márta 2015, City Cycle Industries v an Chomhairle, T 413/13, nár foilsíodh, EU:T:2015:164, mír 120 agus an cásdlí a luaitear.

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 617/2000 ón gCoimisiún an 16 Márta 2000 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí tuaslagáin úire agus níotráite amóiniam ar de thionscnamh na hAilgéire, na Bealarúise, na Liotuáine, na Rúise agus na hÚcráine iad agus lena nglactar, ar bhonn sealadach, le gealltanas arna thairiscint ag táirgeoir onnmhairiúcháin san Ailgéir (IO L 75, 24.3.2000, lch. 3), aithris 10.

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 617/2000 ón gCoimisiún, aithris (10).

(20)  Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, na Stáit Aontaithe – Bearta Frithdhumpála ar tháirgí áirithe cruach teorollta ón tSeapáin, WT/DS184/AB/R, mír 80.

(21)  Bhreathnaigh an Coimisiún an ‘raibh easnaimh de chineál a chruthódh deacracht mhíchuí maidir le teacht ar chinneadh réasúnta cruinn ar cuireadh an fhaisnéis isteach go cuí in am trátha agus an raibh sí infhíoraithe, agus ar ghníomhaigh an páirtí go lándícheallach’. Dá réir sin, mura gcomhlíontar oiread is ceann amháin de na coinníollacha, ní féidir an fhoráil sin a chur i bhfeidhm agus ní féidir an fhaisnéis atá i gceist a chur san áireamh (féach breithiúnas an 19 Márta 2015, City Cycle Industries v an Chomhairle, T 413/13, nár foilsíodh, EU:T:2015:164, mír 120 agus an cásdlí dá dtagraítear).

(22)  Seasann ERP do Phleanáil Acmhainní Fiontraíochta agus is bogearraí taifeadta gníomhaíochtaí gnó de chuid cuideachta é.

(23)  Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 26 Eanáir 2017, Cásanna Uamtha C-247/15 P, C-253/15 P agus C-259/15 P, mír 58.

(24)  Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, Meicsiceo — Bearta Frithdhumpála maidir le Rís, WT/DS295/AB/R, mír 289, agus Tuarascáil ón bPainéal, An tSín — GOES, WT/DS414/R, mír 7.302.

(25)  Féach mar shampla an 26 Eanáir 2017, Maxcom v Chin Haur Indonesia, C-247/15 P, C-253/15 P agus C-259/15 P, EU:C:2017:61, mír 59.

(26)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/302 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2022 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (‘GFF’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte, i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (IO L 46, 25.2.2022, lch. 49).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 2272/2004 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán (CE) Uimh. 769/2002 maidir le hallmhairí cúmairín ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad chun allmhairí cúmairín arna gcur chun bealaigh ón India nó ón Téalainn a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na hIndia nó na Téalainne iad nó ná bíodh (IO L 396, 31.12.2004, lch. 18), aithrisí (11) agus (12).

(28)  Míníodh an fhaisnéis mhionsonraithe maidir leis na neamhréireachtaí sa leagan íogair de litir Airteagal 18.

(29)  Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, na Stáit Aontaithe – Bearta Frithdhumpála ar tháirgí áirithe cruach teorollta ón tSeapáin, WT/DS184/AB/R, mír 80.

(30)  Tuarascáil ón bPainéal, SAM — Dleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh (An Chóiré), mír 7.138.

(31)  Tuarascáil ón bPainéal, SAM — Dleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh (An Chóiré), mír 7.138.

(32)  Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, Na Stáit Aontaithe – Bearta Frithdhumpála ar Tháirgí Cruach Teorollta Áirithe ón tSeapáin, WT/DS184/AB/R, arna glacadh an 23 Lúnasa 2001, DSR 2001:X, mír 85.

(33)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/28 ón gCoimisiún an 9 Eanáir 2018 lena n-athfhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Shrí Lanca nó City Cycle Industries iad nó ná bíodh (IO L 5, 10.1.2018, lch. 27), aithrisí (20) agus (21).

(34)  Féach aithrisí (247) go (254) den bhun-Rialachán.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1287/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)